This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Is ionann tuairim agus ceann de na cúig chineál gnímh dhlíthiúil is féidir le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh (AE) a ghlacadh atá liostaithe in Airteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Is iad na ceithre chineál eile gnímh dhlíthiúil a luaitear san airteagal rialacháin, treoracha, cinntí agus moltaí. Tá an chéad trí chineál ceangailteach, ach tá tuairimí agus moltaí neamhcheangailteach.
Áirítear iad seo a leanas ar shamplaí de thuairimí arna n–eisiúint ag institiúidí AE, de réir bhrí Airteagal 288 CFAE.