EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0822

Rialachán (AE) 2023/822 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 461/2010 a mhéid a bhaineann lena thréimhse chur i bhfeidhm (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/2336

IO L 102I, 17/04/2023, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/822/oj

17.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 102/1


RIALACHÁN (AE) 2023/822 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Aibreán 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 461/2010 a mhéid a bhaineann lena thréimhse chur i bhfeidhm

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán Uimh. 19/65/CEE ón gComhairle an 2 Márta 1965 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 85(3) den Chonradh i ndáil le haicmí áirithe comhaontuithe agus cleachtas comhbheartaithe (1), agus go háirithe Airteagal 1 de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Chleachtais Shriantacha agus Riochtaí Ceannasacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Go dtí an 31 Bealtaine 2023, le Rialachán (AE) Uimh. 461/2010 ón gCoimisiún (2), deonaítear blocdhíolúine d’aicmí comhaontuithe ingearacha agus do chleachtais chomhbheartaithe san earnáil mótarfheithiclí ón toirmeasc atá in Airteagal 101(1) den Chonradh, faoi réir coinníollacha áirithe.

(2)

Rinneadh faireachán agus measúnú ar fheidhmiú Rialachán (AE) Uimh. 461/2010 de bhun Airteagal 7 de. Léiríodh sa mheastóireacht sin go nglactar go dearfach, ar an iomlán, le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 461/2010.

(3)

Tairbhe na blocdhíolúine a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 461/2010, ní bhaineann sí ach le comhaontuithe ingearacha agus cleachtais chomhbheartaithe san earnáil mótarfheithiclí ar féidir glacadh leis le deimhneacht leordhóthanach go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 101(3) den Chonradh. I ndáil leis an méid sin, níl aon athrú suntasach ar na dálaí margaidh is bonn le Rialachán (AE) Uimh. 461/2010; dá bhrí sin, maidir leis na comhaontuithe ingearacha agus cleachtais chomhbheartaithe san earnáil mótarfheithiclí a bhfuil feidhm ag an Rialachán sin maidir leo, is féidir glacadh leis le deimhneacht leordhóthanach go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 101(3) den Chonradh go fóill. Dá bhrí sin, ba cheart síneadh ama a chur le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 461/2010.

(4)

Ionas go mbeidh an Coimisiún in ann athruithe a d’fhéadfadh teacht ar na dálaí margaidh a chur san áireamh, ba cheart síneadh 5 bliana a chur le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 461/2010.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 461/2010 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 461/2010 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fheidhmiú an Rialacháin seo agus déanfaidh sé meastóireacht air roimh an 31 Bealtaine 2028.”

;

(2)

In Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara míre:

“Rachaidh sé in éag an 31 Bealtaine 2028.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO 36, 6.3.1965, lch. 533/65.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 461/2010 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le haicmí comhaontuithe ingearacha agus cleachtas comhbheartaithe san earnáil mótarfheithiclí (IO L 129, 28.5.2010, lch. 52).


Top