AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.3.2018
COM(2018) 96 final
2018/0044(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de
{SWD(2018) 52 final}
{SWD(2018) 53 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is é tosaíocht an Choimisiúin geilleagar na hEorpa a neartú tuilleadh agus infheistíocht a spreagadh chun poist a chruthú agus fás a chothabháil. D'fhonn an cuspóir sin a bhaint amach, tá gá le margaí caipitil atá níos láidre, níos doimhne agus níos comhtháite. Is príomhghnéithe de mhargaí caipitil atá ag feidhmiú go maith iad bonneagair iar-thrádála atá éifeachtach agus sábháilte. Ag leanúint ó Phlean Gníomhaíochta 2015 maidir le hAontas na Margaí Caipitil , i mí na Bealtaine 2017, leag Athbhreithniú Meántéarmach an Choimisiúin amach na bearta eile a dhéanfar chun bunchlocha tógála Aontas na Margaí Caipitil a chur i bhfeidhm faoi 2019, agus é mar aidhm leis bacainní ar infheistíocht trasteorann a bhaint agus costais maoinithe a ísliú. Is tosaíocht phráinneach é Aontas na Margaí Caipitil a chur i gcrích.
Mar chuid de Phlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil agus an Athbhreithnithe Lár-Téarma, d'fhógair an Coimisiún gníomhaíocht spriocdhírithe maidir le rialacha ar úinéireacht urrús agus éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de chun éiginnteacht dhlíthiúil a laghdú i gcás idirbhearta trasteorann in urrúis nó in éilimh. Dírithe ar an méid sin a bhaint amach atá an togra seo agus an Teachtaireacht faoin dlí is infheidhme maidir le héifeachtaí dílseánaigh idirbheart urrús, arna gcur i láthair go comhthreomhar leis. Déantar a shoiléiriú sa Teachtaireacht tuairimí an Choimisiúin maidir le gnéithe tábhachtacha d'acquis an Aontais mar atá faoi láthair i dtaca leis an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí dílseánaigh idirbheart urrús agus tá an Teachtaireacht sin ag gabháil leis an togra reachtach seo maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de. Maidir leis na hábhair arna rialú ag an Treoir Comhthaobhachta Airgeadais, an Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta, an Treoir maidir le Foirceannadh agus an Rialachán maidir le Clárlann a bhunú, ní bheidh feidhm ag an togra reachtach seo maidir leo.
Is é cuspóir ginearálta an togra seo, i gcomhréir le cuspóirí Phlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil, infheistíocht trasteorann a chothú san Aontas Eorpach agus, dá réir sin, rochtain ar airgeadas a éascú do ghnólachtaí, lena náirítear FBManna, agus tomhaltóirí. Is é cuspóir sonrach an togra seo cabhrú chun an líon idirbheart trasteorann a mhéadú in éilimh trí dheimhneacht dhlíthiúil a sholáthar trí rialacha aonfhoirmeacha na heasaontachta dlíthe a ghlacadh ar leibhéal an Aontais.
Go deimhin, d'fhonn an líon idirbheart trasteorann a mhéadú in éilimh agus urrúis, is den riachtanas é go bhfuil soiléireacht agus intuarthacht ann maidir le dlí cé acu tír is infheidhme i ndáil le húinéireacht éilimh nó urrúis a chinneadh tar éis idirbheart trasteorann. Ciallaíonn an éiginnteacht dhlíthiúil maidir le cén dlí náisiúnta lena gcinntear úinéireacht sócmhainne tar éis idirbheart trasteorann, ag brath ar cén Ballstát a ndéanann a chúirteanna nó a údaráis an díospóid maidir le húinéireacht éilimh nó urrúis a mheas, go bhféadfaidh sé go mbronnfar nó nach mbronnfar an teideal dlí ionchasach leis an idirbheart trasteorann. I gcás dócmhainneachta, nuair a chuirtear faoi scrúdú breithiúnach ceisteanna na húinéireachta agus in-fhorfheidhmitheacht na gceart a eascraíonn as idirbhearta trasteorann, féadfaidh caillteanais gan choinne a bheith mar thoradh ar rioscaí dlíthiúla a eascraíonn as an éiginnteacht dhlíthiúil.
Ainmneofar sna rialacha aonfhoirmeacha a leagtar síos sa togra seo cé acu dlí náisiúnta ba cheart úinéireacht éilimh a chinneadh tar éis a shannta ar bhonn trasteorann agus, dá réir sin, cuirfear deireadh leis an riosca dlíthiúil agus le hiarmhairtí féideartha sistéamacha. Leis an deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt isteach déanfar infheistíocht trasteorann a chur chun cinn, beidh rochtain ar chreidmheas níos saoire agus beidh comhtháthú an mhargaidh ann dá thoradh.
Is sásra é sannadh éileamh a úsáideann cuideachtaí d'fhonn leachtacht a fháil agus rochtain a fháil dá réir ar chreidmheas, amhail fachtóireacht agus soláthar urrúis chomhthaobhaigh, agus a úsáideann bainc agus cuideachtaí chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as a gcaipiteal, amhail urrúsú.
Is foinse ríthábhachtach leachtachta í an fhachtóireacht do go leor gnólachtaí. Nuair a dhéantar fachtóireacht, sannann (díolann) cuideachta (an sannóir, FBM den chuid is mó) a infháltais d'fhachtóir (an sannaí, banc den chuid is mó) ar phraghas lascainithe mar bhealach don sannóir le hairgead a fháil láithreach. Baileoidh an fachtóir an tairgead atá dlite do na sonraisc agus glacfaidh sé leis an riosca a bhaineann le drochfhiacha. Is fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) iad mórchuid úsáideoirí na fachtóireachta: Úsáideann 76 % d'fhiontar bheaga, 11 % d'fhiontar mheánmhéide agus 13 % d'fhiontair mhóra í. Measann an tionscadal, dá bhrí sin, gur bonn don fhás eacnamaíoch an fhachtóireacht i gcás FBManna, mar féadfaidh sé go mbeidh sé níos deacra ag FBManna teacht ar iasachtaí ó fhoinsí traidisiúnta. Is é an Eoraip an réigiún is mó fachtóireachta ar domhan agus is san Eoraip a dhéantar 66 % d'fhachtóireacht mhargadh an domhain.
|
Sampla den fhachtóireacht
Teastaíonn airgead ó FBM C láithreach chun a sholáthraithe a íoc. Ní gá dó sonraisc na gcustaiméirí a íoc go ceann trí mhí. Cinneann FBM C (an sannóir) a sonraisc a shannadh (a dhíol) le fachtóir (an sannaí), banc B, ar phraghas lascainithe chun airgead a fháil láithreach ó B. Cumhdaíonn an praghas lascainithe ar a ndíolann FBM C a sonraisc le B táillí agus coimisiún B.
|
I gcás soláthar urrúis chomhthaobhaigh, is féidir éilimh ar nós airgead a chreidiúnaítear do chuntas bainc (i gcás gurb é an custaiméir an creidiúnaí agus an banc an féichiúnaí) nó éilimh chreidmheasa (is é sin, iasachtaí bainc) a úsáid mar chomhthaobhacht airgeadais chun comhaontú iasachta a fháil (mar shampla, is féidir le tomhaltóir airgead a chreidiúnaítear do chuntas bainc a úsáid mar chomhthaobhacht chun creidmheas a fháil, agus is féidir le banc iasacht creidmheasa a úsáid mar chomhthaobhacht chun creidmheas a fháil). Tá an-tábhacht le soláthar urrúis chomhthaobhaigh maidir le héilimh chreidmheasa sa tionscal airgeadais. Tá thart ar 22 % d'oibríochtaí athmhaoinithe an Eorachórais urrúsaithe ag éilimh chreidmheasa mar chomhthaobhacht.
|
Sampla de sholáthar urrúis chomhthaobhaigh
Is mian le FBM C (an sannóir) iasacht a fháil ó bhanc A (an sannaí) chun trádstóras níos mó a thógáil, ag baint úsáide as na héilimh atá aige i gcoinne a chustaiméirí mar chomhthaobhacht (nó urrús). Más rud é go ndearbhaítear FBM C ina fhéimheach agus mura féidir leis an creidmheas a íoc ar ais, beidh banc A (glacadóir na comhthaobhachta) in ann a fhiacha a aisghabháil trí na héilimh a bhí ag FBM C i gcoinne a chustaiméirí a fhorfheidhmiú.
|
Cuireann an turrúsú ar chumas an tsannóra, ar a dtugtar "an tionscnóir"' (cuideachta nó banc, mar shampla) sraith éileamh a athmhaoiniú (cíosanna mótarfheithiclí, infháltais cárta creidmheasa, íocaíochtaí iasachta morgáiste, mar shampla) trína sannadh "d'aonán sainchuspóireach". Ansin eisíonn an taonán sainchuspóireach (an sannaí) urrúis fiachais (bannaí, mar shampla) sna margaí caipitil a léiríonn na fáltais ó na héilimh sin. Ós rud é go ndéantar íocaíochtaí faoi na héilimh bhunaidh, úsáideann an taonán sainchuspóireach na fáltais a fhaigheann sé chun íocaíochtaí a dhéanamh ar na hurrúis do na hinfheisteoirí. Is féidir leis an urrúsú an costas maoinithe a laghdú toisc go gceaptar an taonán sainchuspóireach sa chaoi agus go mbeidh sé cosanta ar an dócmhainneacht. I gcás cuideachtaí, is féidir le hurrúsú rochtain a thabhairt ar chreidmheas ar chostas níos ísle ná iasachtaí bainc. I gcás banc, is bealach é an turrúsú chun leas níos fearr a bhaint as cuid dá sócmhainní agus chun a gcláir chomhardaithe a ghlanadh ionas gur féidir iasachtú breise a dhéanamh sa gheilleagar. Mar chuid de Phlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil, ghlac an tAontas reachtaíocht chun margadh sábháilte agus leachtach a chur chun cinn don urrúsú. Tá sé mar aidhm ag na rialacha seo margadh urrúsúcháin sábháilte a athbhunú arís san Aontas Eorpach trí dhifreáil a dhéanamh idir táirgí simplí, trédhearcacha agus caighdeánaithe urrúsúcháin agus táirgí urrúsúcháin níos míshoiléire agus níos costasaí. I gcás gach cineál urrúsaithe, tá ríthábhacht le deimhneacht dhlíthiúil maidir le húinéireacht an éilimh arna shannadh.
|
Sampla d'urrúsú
Sannann slabhra mór miondíola C (sannóir) a infháltais a eascraíonn as an úsáid a bhaineann custaiméirí as a chárta creidmheasa intí chuig aonán sainchuspóireach A (sannaí). Ansin eisíonn A urrúis fiachais chuig infheisteoirí sna margaí caipitil. Déantar na hurrúis fiachais sin a urrú leis an sreabhadh ioncaim a thagann as infháltais an chárta creidmheasa arna sannadh do A. Ós rud é go ndéantar íocaíochtaí faoi na hinfháltais, úsáidfidh A na fáltais a fhaigheann sé chun íocaíochtaí a dhéanamh ar na hurrúis fiachais.
|
Cén fáth a bhfuil an deimhneacht dhlíthiúil tábhachtach?
Tá sé tábhachtach don sannaí (fachtóir, glacadóir comhthaobhachta nó tionscnóir, mar shampla) a áirithiú go bhfaigheann sé an teideal dlí ar an éileamh arna shannadh mar d'fhéadfadh tríú páirtithe teideal dlí a éileamh ar an éileamh céanna. Coinbhleacht tosaíochta a bheadh mar thoradh air sin, is é sin, cás ina mbeadh gá a chinneadh cé acu ceann den dá cheart, ceart an tsannaí nó ceart an éilitheora iomaíoch leis, ar cheart forlámhas a bheith aige. D'fhéadfadh sé go mbeadh coinbhleacht tosaíochta idir sannaí an éilimh/na néileamh agus tríú páirtí in dhá chás go bunúsach:
-
más rud é go ndearna an sannóir an téileamh céanna a shannadh faoi dhó (de thaisme nó d'aon ghnó), d'fhéadfadh dara sannaí teideal dlí a éileamh ar an éileamh céanna. Déanfaidh an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de an choinbhleacht tosaíochta a réiteach idir beirt sannaithe a mbaineann an téileamh céanna leo;
-
más rud é go néiríonn an sannóir de bheith dócmhainneach, beidh creidiúnóirí an tsannóra ag iarraidh a fháil amach má tá an téileamh arna shannadh mar chuid den eastát dócmhainneachta go fóill, is é sin, an raibh éifeacht ag an sannadh nó nach raibh, agus dá bhrí sin, an bhfuil teideal dlí ag an sannaí ar an éileamh. Déanfaidh an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de an choinbhleacht tosaíochta a réiteach idir an sannaí agus creidiúnaithe an tsannóra.
I sannadh intíre éileamh amháin, is léir go gcinnfear leis an dlí substainteach náisiúnta na héifeachtaí tríú páirtí (nó dílseánaigh) a bhaineann le sannadh éileamh, is é sin, na ceanglais a chaithfidh an sannaí a chomhlíonadh chun a áirithiú go bhfaighidh sé teideal dlí ar na héilimh arna sannadh i gcás ina dtarlódh coinbhleacht tosaíochta. I gcás trasteorann, áfach, d'fhéadfadh sé go mbeadh feidhm le roinnt dlíthe náisiúnta agus teastaíonn soiléireacht ó shannaithe maidir le cé na dlíthe a chaithfidh siad a urramú chun teideal dlí a fháil ar na héilimh arna sannadh.
Riosca dlíthiúil
Déantar an dlí is infheidhme, is é sin, an dlí náisiúnta a bhaineann le cás ar leith lena mbaineann gné trasteorann, a chinneadh trí bhíthin na rialacha easaontachta dlíthe. In éagmais rialacha aonfhoirmeacha easaontachta dlíthe a bheith ag an Aontas, déantar an dlí is infheidhme a chinneadh de réir rialacha náisiúnta easaontachta dlíthe.
Faoi láthair leagtar síos rialacha na heasaontachta dlíthe maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de ar leibhéal na mBallstát. Níl rialacha easaontachta dlíthe na mBallstát i gcomhréir lena chéile toisc go bhfuil siad bunaithe ar nascfhachtóirí éagsúla chun an dlí is infheidhme a chinneadh: mar shampla, tá rialacha easaontachta na Spáinne agus na Polainne bunaithe ar dhlí an éilimh arna shannadh, tá rialacha easaontachta na Beilge agus na Fraince bunaithe ar an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra agus tá rialacha easaontachta na hÍsiltíre bunaithe ar dhlí chonradh an tsannta. Tá na rialacha náisiúnta easaontachta dlíthe doiléir freisin, go háirithe i gcás nach bhfuil siad leagtha síos sa dlí reachtúil.
Ciallaíonn neamhréireacht i rialacha easaontachta dlíthe na mBallstát gur féidir leis na Ballstáit dlí tíortha éagsúla a ainmniú mar an dlí ba cheart a úsáid chun éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de a rialú. Cruthaíonn an easpa deimhneacht dhlíthiúil maidir le cén dlí náisiúnta is infheidhme maidir le héifeachtaí tríú páirtí riosca dlíthiúil i sannadh trasteorann nach dtarlaíonn i gcás sanntaí intíre. I bhfianaise an riosca dhlíthiúil sin, tá trí rogha ag an sannaí:
(i)
mura bhfuil an sannaí ar an eolas faoin riosca dlíthiúil nó má roghnaíonn sé neamhaird a dhéanamh de, féadfaidh caillteanais airgeadais gan choinne a bheith ann má tharlaíonn coinbhleacht tosaíochta agus má chailleann sé teideal dlí ar na héilimh arna sannadh. Tháinig an riosca dlíthiúil a eascraíonn as an éiginnteacht dhlíthiúil a bhaineann le cé aige a bhfuil úinéireacht ar éileamh tar éis sannadh trasteorann chun cinn le linn na géarchéime airgeadais in 2008, mar shampla sa tubaiste Lehman Brothers International (an Eoraip), a bhfuil an fiosrúchán ina thaobh fós ar siúl inniu maidir le húinéireacht dhlíthiúil sócmhainní. Féadfaidh torthaí iarmhartacha a bheith ar an éiginnteacht faoi úinéireacht éileamh agus is féidir leis sin tionchar géarchéime airgeadais a dhoimhniú agus a mhéadú, dá bhrí sin;
(ii)
más rud é go gcinneann an sannaí an riosca dlíthiúil a mhaolú trí chomhairle dlí sainiúil a lorg maidir le cé na dlíthe náisiúnta a d'fhéadfadh a bheith infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí an tsannta trasteorann agus na ceanglais faoi na dlite sin ar fad a chomhlíonadh chun teideal dlí a áirithiú ar na héilimh arna sannadh, tabhóidh sé costais idirbheart níos airde idir 25 % agus 60 % nach mbeadh i gceist i gcás sanntaí intíre.
(iii)
más rud é go an riosca dlíthiúil ag cur cosc ar an sannaí agus má roghnaíonn sé é a sheachaint, féadfaidh sé deiseanna gnó a chailleadh agus féadfaidh sé go dtiocfaidh laghdú ar chomhtháthú an mhargaidh. I bhfianaise nach ann faoi láthair do rialacha comhchoiteanna easaontachta dlíthe maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, déantar éilimh a shannadh ar bhonn náisiúnta den chuid is mór seachas ar bhonn trasteorann: mar shampla, is í an fhachtóireacht intíre an príomhchineál fachtóireachta agus, in 2016, b'ionann í agus thart ar 78 % den láimhdeachas iomlán.
Más rud é go gcinneann an sannaí an sannadh a chur i gcrích, ciallaíonn an neamhréireacht idir rialacha easaontachta dlíthe na mBallstát go mbeidh toradh éagsúil ar choinbhleacht tosaíochta maidir le húinéireacht éilimh tar éis sannadh trasteorann, ag brath ar cé acu dlí náisiúnta a chuireann cúirt nó údarás an Bhallstáit a dhéanann measúnú ar an díospóid i bhfeidhm. Ag brath ar cén dlí náisiúnta a chuirfear i bhfeidhm, féadfaidh sé go mbronnfar nó nach mbronnfar an teideal dlí a bhfuiltear ag súil leis a thabhairt d'éilitheoirí, mar thoradh ar an sannadh.
Luach breise rialacha aonfhoirmeacha
Faoi láthair, is le rialacha aonfhoirmeacha easaontachta dlíthe an Aontais a chinntear an dlí is infheidhme i ndáil le hoibleagáidí conarthacha idirbheart in éilimh agus urrúis. Go sonrach, cinntear le Rialachán na Róimhe I an dlí is infheidhme i ndáil leis na gaoil chonarthacha idir na páirtithe atá páirteach i sannadh éileamh (idir an sannóir agus an sannaí agus idir an sannaí agus an féichiúnaí) agus idir an creidiúnaí/an sannóir agus an féichiúnaí. Cinntear le Rialachán na Róimhe I freisin an dlí is infheidhme i ndáil leis an ngaol conarthach idir an díoltóir agus an ceannaitheoir in idirbhearta in urrúis.
Cinntear le rialacha aonfhoirmeacha easaontachta dlíthe an Aontais freisin an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí dílseánaigh idirbheart urrús i gcuntas reatha agus maidir le hionstraimí atá ann nó is féidir a aistriú ach iad a bheith réamhthaifeadta i gclár, i gcuntas nó i gcóras taisce láraithe i dtrí Threoir, eadhon an Treoir Comhthaobhachta Airgeadais, an Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta agus an Treoir maidir le Foirceannadh. Mar sin féin, níor glacadh aon rialacha aonfhoirmeacha easaontachta dlíthe de chuid an Aontais maidir leis an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí dílseánaigh ó thaobh sannadh éileamh de. Tá sé mar aidhm ag an Rialachán atá beartaithe an bhearna seo a líonadh.
Na rialacha comhchoiteanna easaontachta dlíthe a leagtar síos sa Rialachán atá beartaithe, déantar foráil iontu, mar riail ghinearálta, maidir le dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an sannóir rialú a dhéanamh ar éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de. Mar sin féin, leagtar síos freisin sa Rialachán atá beartaithe eisceachtaí faoina gcuirtear sanntaí áirithe faoi réir dhlí an éilimh arna shannadh i gcás nach mbeadh an riail ghinearálta oiriúnach agus freisin féidearthacht maidir le rogha dlí i gcás urrúsuithe atá dírithe ar an margadh urrúsúcháin a leathnú.
Tabharfaidh glacadh rialacha aonfhoirmeacha easaontachta dlíthe ar leibhéal an Aontais maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de breisluach suntasach do mhargaí airgeadais.
Ar an gcéad dul síos, cuirfidh an deimhneacht dhlíthiúil a bhaineann leis na rialacha aonfhoirmeacha ar chumas sannaithe na ceanglais a bhaineann le haon dlí náisiúnta amháin a chomhlíonadh chun an teideal dlí ar na héilimh arna sannadh a áirithiú. Cuirfidh an deimhneacht dhlíthiúil seo deireadh leis an riosca dlíthiúil atá nasctha faoi láthair le sannadh éileamh trasteorann i dtéarmaí caillteanais gan choinne agus éifeachtaí iarmhartacha a d'fhéadfadh a bheith ann, costais mhéadaithe idirbheart, deiseanna gnó a cailleadh agus comhtháthú laghdaithe sa mhargadh. Aithnítear i rialacha aonfhoirmeacha na heasaontachta dlíthe a leagtar síos, go háirithe maidir le hurrúsú, cleachtas oibreoirí móra maidir le dlí an éilimh arna shannadh a chur i bhfeidhm ar éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de ach tá sé mar aidhm leo, san am céanna, oibreoirí níos lú a chumasú le hiontráil sa mhargadh urrúsúcháin nó a láithreacht sa mhargadh a neartú trí éifeachtaí tríú páirtí a sanntaí a chur faoi réir an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra. Éascóidh an tsolúbthacht i rialacha na heasaontachta dlíthe is infheidhme maidir le hurrúsú leathnú an mhargaidh urrúsúcháin toisc go dtabharfar isteach iontrálaithe nua sa mhargadh agus go gcruthú deiseanna nua gnó.
Ar an dara dul síos, áiritheoidh aonfhoirmeacht rialacha na heasaontachta dlíthe i measc na mBallstát go mbeidh feidhm ag an dlí náisiúnta céanna maidir le haon choinbhleacht tosaíochta a thiocfaidh chun cinn idir an sannaí agus an téilitheoir iomaíoch, beag beann ar cén Ballstáit a ndéanann a chúirt nó a údarás an díospóid a mheas.
Ach an deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt isteach ar an mbealach seo, déanfar infheistíocht trasteorann a chur chun cinn, rud is cuspóir deiridh an Rialacháin seo atá beartaithe de bhun Phlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil.
Cad is éileamh ann?
Is éard is éileamh ann an ceart ag creidiúnaí in aghaidh féichiúnaí suim airgid a íoc (infháltais, mar shampla) nó feidhmíocht oibleagáide (oibleagáid seachadta na sócmhainní bunúsacha faoi chonarthaí díorthacha, mar shampla).
Féadfar éilimh a aicmiú i dtrí chatagóir:
(i)
Chumhdódh an chéad chatagóir "éilimh thraidisiúnta" nó infháltais, amhail airgead le fáil ar idirbhearta neamhshocraithe (mar shampla, airgead a bheadh le fáil ag cuideachta ó chustaiméir i leith sonrasc neamhíoctha).
(ii)
Ionstraimí airgeadais mar atá sainmhínithe i MiFID II lena náirítear urrúis agus díorthaigh arna dtrádáil ar mhargaí airgeadais. Cé gur sócmhainní iad urrúis, is conarthaí iad díorthaigh lena náirítear cearta (nó éilimh) agus oibleagáidí ar na páirtithe sa chonradh. Is éard a bheadh sa dara catagóir éileamh na héilimh a eascraíonn as ionstraimí airgeadais (dá ngairtear "éilimh airgeadais" uaireanta), amhail éilimh a eascraíonn as conarthaí díorthacha (an tsuim atá dlite tar éis na tréimhse socraíochta i gconradh díorthach a ríomh, mar shampla).
(iii)
Sa tríú catagóir éileamh tá an tairgead a chreidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa (banc, mar shampla), i gcás inarb é an creidiúnaí sealbhóir an chuntais (tomhaltóir, mar shampla) agus an institiúid chreidmheasa an féichiúnaí.
Baineann an togra seo le héifeachtaí tríú páirtí (nó dílseánaigh) an tsannta a bhaineann leis na héilimh thuasluaite. Ní chumhdaítear leis aistriú na gconarthaí (conarthaí díorthacha, mar shampla), ina bhfuil na cearta (nó na héilimh) agus na hoibleagáidí san áireamh, nó nuachan conarthaí lena náirítear cearta agus oibleagáidí den sórt sin. Ós rud é nach gcumhdaíonn an togra seo aistriú nó nuachan conarthaí, trádáil in ionstraimí airgeadais, ná imréitigh agus socrú na nionstraimí seo, leanfaidh siad de bheith faoi rialú ag an dlí is infheidhme i ndáil le hoibleagáidí conarthacha mar a leagtar síos i Rialachán na Róimhe I é. De ghnáth, is iad na páirtithe sa chonradh a roghnaíonn an dlí nó ainmnítear é le rialacha neamhroghnacha is infheidhme maidir le margaí airgeadais.
Éilimh a eascraíonn as ionstraimí airgeadais mar atá sainmhínithe in MiFID II, amhail éilimh a eascraíonn as conarthaí díorthacha, is ábhartha iad chun go mbeidh na margaí airgeadais ag feidhmiú mar is ceart. Ar an gcaoi chéanna le hurrúis, cruthaíonn trádáil in ionstraimí airgeadais amhail díorthaigh méid mór idirbheart trasteorann. Is minic a thaifeadtar ionstraimí airgeadais amhail díorthaigh i bhfoirm cuntais reatha.
An fhoirm a úsáidtear chun ionstraimí airgeadais amhail díorthaigh, nó aistriú ionstraimí airgeadais den chineál sin, a thaifeadadh, is arna rialú ag dlí an Bhallstáit a bhíonn sé, cibé acu an i bhfoirm cuntais reatha nó ar shlí eile a dhéantar é. I roinnt Ballstát déantar cineálacha áirithe díorthach a thaifeadadh i bhfoirm cuntais reatha agus meastar gur urrúis iad ach i mBallstáit eile, ní hamhlaidh an cás. Ag brath ar cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar, faoin dlí náisiúnta, ionstraim airgeadais amhail conradh díorthach a thaifeadadh i bhfoirm cuntais reatha agus a mheas mar urrús, cuirfidh an túdarás nó an chúirt a dhéileálann le díospóid maidir le cé aige a bhfuil teideal dlí aige ar an ionstraim airgeadais nó ar an éileamh a eascraíonn as an ionstraim airgeadais sin, cuirfidh siad riail na heasaontachta dlíthe i bhfeidhm maidir le héifeachtaí dílseánaigh aistriú na nurrús cuntais reatha nó riail na heasaontachta dlíthe ar na héifeachtaí dílseánaigh a bhaineann le sannadh éileamh.
Baineann an togra seo le rialacha easaontachta dlíthe maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh "éileamh traidisiúnta", "éilimh airgeadais" (is é sin, éilimh a eascraíonn as ionstraimí airgeadais amhail díorthaigh nach dtaifeadtar i bhfoirm cuntais reatha agus nach meastar mar urrúis faoin dlí náisiúnta) agus "airgead a chreidiúnaítear d'institiúid chreidmheasa" de, dá dtagraítear uile mar "éilimh".
Tá éifeachtaí tríú páirtí idirbheart in ionstraimí airgeadais, amhail díorthaigh a thaifeadtar i bhfoirm cuntais reatha agus a mheastar mar urrúis iad faoin dlí náisiúnta, arna rialú ag na rialacha easaontachta dlíthe is infheidhme maidir le héifeachtaí dílseánaigh idirbheart in urrúis cuntais reatha agus ionstraimí atá ann nó is féidir a aistriú ach iad a bheith réamhthaifeadta i gclár, i gcuntas nó i gcóras taisce láraithe a leagtar síos, go háirithe, sa Treoir Comhthaobhachta Airgeadais, sa Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta agus sa Treoir maidir le Foirceannadh. Dá bhrí sin, níl aon fhorluí idir raon feidhme rialacha na heasaontachta dlíthe sa togra seo agus raon feidhme rialacha na heasaontachta dlíthe sna trí Threoir sin mar baineann an togra le héilimh agus baineann na treoracha le hurrúis i gcuntais reatha agus le hionstraimí atá ann nó is féidir a aistriú ach iad a bheith réamhthaifeadta i gclár, i gcuntas nó i gcóras taisce láraithe. Déantar na trí Threoir a shoiléiriú sa Teachtaireacht maidir leis an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí dílseánaigh idirbheart urrús a ghlactar sa lá atá inniu ann.
Cad is sannadh éilimh ann?
I gcás sannadh éilimh, aistríonn creidiúnaí ("an sannóir") a cheart chun éileamh in aghaidh féichiúnaí chuig duine eile ("an sannaí").
Tá tábhacht leis an tsoiléireacht gcás rannpháirtithe sna margaí airgeadais agus i gcás an fhíorgheilleagair freisin maidir le cé aige a bhfuil úinéireacht ar éileamh tar éis sannadh trasteorann. Is amhlaidh atá toisc go mbaineann gnólachtaí úsáid as sannadh éileamh go minic mar shásra chun leachtacht a fháil nó chun rochtain a fháil ar chreidmheas.
San fhachtóireacht, mar shampla, díolann cuideachta (an sannóir) a chuid éileamh ar phraghas lascainithe le fachtóir (an sannaí), banc den chuid is mó, mar mhalairt ar airgead a fháil láithreach. Is iad FBManna is mó a bhaineann úsáid as an bhfachtóireacht (87 %).
Úsáideann tomhaltóirí, cuideachtaí agus bainc sannadh éileamh freisin chun go mbeidh rochtain acu ar chreidmheas, mar shampla i gcás soláthar urrúis chomhthaobhaigh. I gcás soláthar urrúis chomhthaobhaigh, is féidir éilimh ar nós airgead a creidiúnaítear do chuntas bainc nó éilimh chreidmheasa (is é sin, iasachtaí bainc) a úsáid mar chomhthaobhacht airgeadais chun comhaontú iasachta a fháil (is féidir le tomhaltóir airgead a creidiúnaíodh do chuntas bainc a úsáid mar chomhthaobhacht chun creidmheas a fháil, agus is féidir le banc iasacht creidmheasa a úsáid mar chomhthaobhacht chun creidmheas a fháil, mar shampla).
Ar deireadh, úsáideann cuideachtaí agus bainc sannadh éileamh chun airgead a fháil ar iasacht ó mhargaí caipitil freisin trí éilimh iomadúla chosúla a shannadh d'aonán sainchuspóireach agus trí urrúsú a dhéanamh ina dhiaidh sin ar éilimh ar nós urrúis fiachais (bannaí, mar shampla).
Is iasachtaithe iad na páirtithe leasmhara a bhfuil tionchar díreach ag an riosca dlíthiúil in idirbhearta éileamh trasteorann orthu (custaiméirí miondíola agus cuideachtaí, FBManna san áireamh), institiúidí airgeadais (amhail bainc a bhfuil baint acu le hiasachtaí, fachtóireacht, soláthar urrúis chomhthaobhaigh agus urrúsú), idirghabhálaithe airgeadais a dhéanann gnó in éilimh agus infheisteoirí aonair (cistí, infheisteoirí miondíola).
Forbairt ar rialacha easaontachta dlíthe maidir le sannadh éileamh
Agus na margaí náisiúnta ag éirí níos idirnascaithe, bíonn gné thrasteorann i gceist le sannadh éileamh go minic (bíonn an sannóir agus an sannaí nó an sannaí agus an féichiúnaí lonnaithe i dtíortha éagsúla, mar shampla). D'fhéadfadh feidhm a bheith ag dlíthe roinnt tíortha éagsúla maidir leis an sannadh, dá bhrí sin. Ní mór do rialacha na heasaontachta dlíthe a leagtar síos ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal an Bhallstáit a chinneadh cé acu dlí náisiúnta atá i bhfeidhm maidir leis na gnéithe éagsúla a bhaineann le sannadh éileamh trasteorann.
Baineann dhá ghné le rialacha na heasaontachta dlíthe maidir le sannadh éileamh trasteorann: (1) an ghné chonarthach, a thagraíonn d'oibleagáidí na bpáirtithe i leith a chéile; agus (2) an ghné dhílseánaigh, a thagraíonn do aistriú ceart maoine ar an éileamh agus a d'fhéadfadh tionchar a bheith aige ar thríú páirtithe dá bhrí sin.
Le Rialachán na Róimhe I maidir leis an dlí is infheidhme i ndáil le hoibleagáidí conarthacha rinneadh comhchuibhiú ar na rialacha easaontuithe dlíthe ar leibhéal an Aontais maidir le gnéithe conarthacha shannadh na néileamh. Dá bhrí sin, tá rialacha aonfhoirmeacha easaontuithe dlíthe sa Rialachán maidir le (i) an gaol idir na páirtithe i gconradh an tsannta - an sannóir agus an sannaí, agus (ii) an gaol idir an sannaí agus an féichiúnaí. Beidh feidhm freisin ag rialacha easaontachta dlíthe Rialachán na Róimhe I leis an ngaol idir an creidiúnaí bunaidh (an sannóir) agus an féichiúnaí.
Ar an taobh eile de, níl aon rialacha easaontachta dlíthe ar leibhéal an Aontais maidir le gnéithe dílseánaigh shannadh na néileamh. Tagraíonn na gnéithe dílseánaigh nó éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de go ginearálta don té a bhfuil cearta úinéireachta aige ar éileamh agus, go háirithe, do: (i) na ceanglais a chaithfidh an sannaí a chomhlíonadh chun a áirithiú go bhfaigheann sé teideal dlí ar an éileamh tar éis an tsannta (an sannadh a chlárú i gclár poiblí, fógra i scríbhinn faoin sannadh don fhéichiúnaí, mar shampla), agus (ii) an chaoi le coinbhleachtaí tosaíochta a réiteach, is é sin, coinbhleachtaí idir roinnt éilitheoirí iomaíocha maidir le húinéireacht an éilimh tar éis sannadh trasteorann (idir dhá shannaí i gcás gur sannadh an téileamh céanna faoi dhó, nó idir sannaí agus creidiúnaí an tsannóra, mar shampla).
Rinneadh measúnú ar an gceist maidir le cé acu dlí ar cheart éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de a rialú den chéad uair nuair a bhí Coinbhinsiún na Róimhe 1980 á choinbhéartú go Rialachán na Róimhe I agus ansin le linn na caibidlíochta reachtaí ba bhun le glacadh Rialachán na Róimhe I. Sa togra ón gCoimisiún maidir le Rialachán na Róimhe I roghnaíodh an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra mar an dlí ar cheart feidhm a bheith aige i dtaca le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de I ndeireadh na dála, níor áiríodh aon riail easaontachta dlíthe maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de sa Rialachán mar gheall ar chastacht an ábhair agus an easpa ama chun déileáil leis ar an leibhéal mionsonraithe ba ghá.
Aithníodh, áfach, in Airteagal 27(2) de Rialachán na Róimhe I tábhacht na ceiste seo gan réiteach trína cheangal ar an gCoimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir le héifeachtacht shannadh na néileamh in aghaidh tríú páirtithe agus a bheith ag gabháil leis, más iomchuí, togra maidir leis an Rialachán a leasú. Chuige sin, choimisiúnaigh an Coimisiún staidéar seachtrach agus, in 2016, ghlac sé tuarascáil inar cuireadh cineálacha éagsúla cur chuige féideartha ar an ábhar i láthair. Ina thuarascáil, luaigh an Coimisiún gurb é toradh an easpa rialacha aonfhoirmeacha maidir le heasaontacht dlíthe chun a chinneadh cén dlí lena rialaítear éifeachtacht sannta éilimh i gcoinne tríú páirtithe agus na ceisteanna tosaíochta idir éilitheoirí iomaíocha, go mbaintear an bonn den deimhneacht dhlíthiúil, go gcruthaítear fadhbanna praiticiúla dá bharr agus go mbíonn costais dhlíthiúla níos airde ann.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Comhlíonann an togra seo an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 27(2) de Rialachán na Róimhe I gur cheart don Choimisiún tuarascáil agus, más iomchuí, togra a fhoilsiú maidir le héifeachtacht sannta éileamh in aghaidh tríú páirtithe agus tosaíocht an tsannaí ar cheart duine eile. Déanann an togra rialacha easaontachta dlíthe ar na saincheisteanna sin chomh maith le raon feidhme an dlí is infheidhme a chomhchuibhiú, is é sin, na nithe ba cheart a bheith á rialú ag an dlí náisiúnta arna ainmniú mar an dlí is infheidhme de réir an togra.
Tá an togra comhsheasmhach le hionstraimí de chuid an Aontais atá i bhfeidhm cheana maidir leis an dlí is infheidhme in ábhair shibhialta agus tráchtála, go háirithe le Rialachán na Róimhe I maidir leis na héilimh a chumhdaítear le raon feidhme an dá ionstraim.
Tá an togra comhsheasmhach freisin leis an Rialachán Dócmhainneachta maidir leis an nascfhachtóir a ainmníonn an dlí is infheidhme i ndáil le himeachtaí dócmhainneachta. Tagann an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra arna roghnú sa togra mar an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de leis an dlí is infheidhme i ndáil le dócmhainneacht an tsannóra mar, faoin Rialachán Dócmhainneachta, ní mór tús a chur leis na príomhimeachtaí dócmhainneachta sa Bhallstát ina bhfuil lárionad a bpríomhleasanna ag an bhféichiúnaí. Formhór na gceisteanna a bhaineann le héifeachtacht shannadh na néileamh arna ndéanamh ag an sannóir, tagann siad chun cinn i gcás dhócmhainneacht an tsannóra. Beidh eastát dócmhainneachta an tsannóra ag brath ar cibé acu ar aistríodh nó nár aistríodh teideal dlí na néileamh arna sannadh chuig an sannaí agus, dá bhrí sin, ar an bhféadfaí a mheas go bhfuil éifeacht ag sannadh na néileamh arna dhéanamh ag an sannóir in aghaidh tríú páirtithe (a chreidiúnaithe, mar shampla). Tá sé beartaithe dócmhainneacht an tsannóra a réiteach ach na saincheisteanna tosaíochta agus éifeachtacht shannadh na néileamh in aghaidh tríú páirtithe, amhail creidiúnaithe an tsannóra, a chur faoi réir an dlí chéanna a rialaíonn dócmhainneacht an tsannóra.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá aidhmeanna an tionscnaimh comhleanúnach le beartais an Aontais maidir le rialáil an mhargaidh airgeadais.
Chun infheistíocht trasteorann a éascú, beartaítear sa Phlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil gníomh spriocdhírithe a dhéanamh maidir le rialacha ar úinéireacht urrús agus éifeachtaí tríú páirtí sannadh éilimh. Sonraíonn an Plean Gníomhaíochta freisin gur cheart don Choimisiún tionscnamh reachtach a mholadh chun a chinneadh le deimhneacht dhlíthiúil cén dlí náisiúnta ar cheart feidhm a bheith aige maidir le húinéireacht urrús agus éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de.
Tríd an éiginnteacht dhlíthiúil a laghdú, rud a d'fhéadfadh bac a chur le sannadh éileamh trasteorann nó a d'fhéadfadh costais bhreise do na hidirbhearta sin a bheith mar thoradh uirthi, cuirfidh an togra seo leis an gcuspóir chun infheistíocht trasteorann a spreagadh. Trí na caillteanais a laghdú a d'fhéadfadh a bheith ann nuair nach bhfuil na rannpháirtithe sa mhargadh ar an eolas faoin riosca dlíthiúil a eascraíonn as éiginnteacht dhlíthiúil , tá an togra comhsheasmhach ina iomláine leis an gcuspóir a bhaineann le cosaint infheisteoirí a leagtar amach i roinnt rialachán margaidh airgeadais de chuid an Aontais. Ar deireadh, trí na rialacha easaontachta dlíthe maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de a chomhchuibhiú, cuirfidh an togra deimhneacht dhlíthiúil ar fáil do pháirtithe a bhfuil baint acu leis an bhfachtóireacht, an soláthar urrúis chomhthaobhaigh agus an turrúsú agus mar sin éascófar rochtain ar mhaoiniú níos saoire le haghaidh FBManna agus tomhaltóirí.
I gcomhréir le Plean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil, tá tionscnamh neamhreachtach maidir leis an dlí is infheidhme i dtaca le héifeachtaí dílseánaigh idirbheart urrús ina chomhlánú ar an togra seo maidir le héilimh. Faoi láthair, leagtar síos rialacha easaontachta dlíthe i ndáil le héifeachtaí dílseánaigh idirbheart urrús sa Treoir Comhthaobhachta Airgeadais, sa Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta, agus sa Treoir maidir le Foirceannadh. Mar a léiríodh, níl aon fhorluí idir raon feidhme rialacha na heasaontachta dlíthe sa togra seo agus raon feidhme rialacha na heasaontachta dlíthe sna trí Threoir sin mar baineann an togra le héilimh agus baineann na treoracha le hurrúis i gcuntais reatha agus le hionstraimí atá ann nó is féidir a aistriú ach iad a bheith réamhthaifeadta i gclár, i gcuntas nó i gcóras taisce láraithe.
Cé gur glacadh rialacha aonfhoirmeacha easaontachta dlíthe i leith urrús sna trí Threoir thuasluaite, ní úsáideann na rialacha sin an fhoclaíocht chéanna agus déantar iad a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla sna Ballstáit.
Léiríodh sa Mheasúnú Tionchair a rinneadh i ndáil leis na héilimh agus leis na hurrúis go bhfuil an teaspa iomlán rialacha comhchoiteanna easaontachta dlíthe maidir le héifeachtaí dílseánaigh sannadh éileamh ar cheann de na fachtóirí is cúis le héilimh a bheith á sannadh ar bhonn náisiúnta seachas ar bhonn trasteorann. I gcodarsnacht leis sin, i gcás idirbhearta urrús, is cosúil nach gcuireann an éiginnteacht dhlíthiúil iarmharach a eascraíonn as na léirmhínithe éagsúla ar na Treoracha atá ann cheana bac ar fhorbairt margaí suntasacha trasteorann. Thacaigh an méid sin, mar aon leis an mbeagán fianaise inláimhsithe maidir le riosca ábhartha i ndáil le hurrúis, leis an rogha a rinneadh tionscnamh neamhreachtach a roghnú mar rogha bheartais thosaíochta i ndáil le hurrúis.
I mbeagán focal, is é an príomhdhifríocht idir réimsí na néileamh agus na nurrús ná, cé go bhfuil easpa iomlán rialacha easaontachta dlíthe ag am Aontas maidir le héifeachtaí dílseánaigh sannadh éileamh a thugann le tuiscint go bhfuil gá le beart reachtach chun an riosca dlíthiúil a bhaint de shannadh éileamh trasteorann, áirítear i dtrí threoir cheana féin rialacha easaontachta dlíthe maidir le héifeachtaí dílseánaigh idirbheart urrús, nach gceanglaíonn ach bearta boga dlí a ghlacadh, fiú mura núsáidtear foclaíocht aonfhoirmeach.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 81(2)(c) CFAE bunús dlí an togra agus, i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann aige, cumhachtaítear leis go sonrach don Pharlaimint agus don Chomhairle bearta a ghlacadh atá ceaptha comhoiriúnacht na rialacha is infheidhme sna Ballstáit maidir le heasaontacht dlíthe a áirithiú.
De bharr Phrótacal Uimh. 22 a ghabhann le CFAE, ní dhéantar bearta dlíthiúla a ghlacfar i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, amhail rialacha maidir le heasaontacht dlíthe, a cheangal nó a chur i bhfeidhm sa Danmhairg. De bharr Phrótacal Uimh. 21 a ghabhann le CFAE, ní an Ríocht Aontaithe ná Éire faoi cheangal ag na bearta sin ach oiread. Mar sin féin, nuair a thíolacfar togra sa réimse seo, féadfaidh na Ballstáit sin a chur in iúl gur mian leo a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an bhirt agus, nuair a ghlacfar an beart, féadfaidh siad fógra a thabhairt gur mian leo glacadh leis an mbeart sin.
•Coimhdeacht
Is éard is cúis leis an éiginnteacht dhlíthiúil atá ann faoi láthair agus an riosca dlíthiúil a eascraíonn as ná go bhfuil rialacha substainteacha éagsúla ag na Ballstáit chun éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de a rialú. Ní fhéadfadh na Ballstáit ag gníomhú dóibh ina naonar deireadh sásúil a chur leis an riosca dlíthiúil agus na bacainní atá ar shannadh éileamh trasteorann toisc gur ghá na rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta a bheith mar an gcéanna nó ar a laghad comhoiriúnach chun oibriú i gcás trasteorann. Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais lena áirithiú go ndéantar an dlí céanna a ainmniú ar fud an Aontais mar an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, beag beann ar cén Ballstát a ndéanann a chúirteanna nó a údaráis an díospóid ar úinéireacht éilimh arna shannadh a mheas.
•Comhréireacht
Faoi láthair, tá (i) a rialacha substainteacha féin ag gach Ballstát lena rialaítear éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, agus (ii) a rialacha easaontachta dlíthe féin a ainmníonn an dlí substainteach náisiúnta lena rialaítear éifeachtaí tríú páirtí den sórt sin. Tá na rialacha substainteacha agus rialacha easaontachta dlíthe na mBallstát difriúil agus, i roinnt cásanna, níl rialacha na heasaontachta dlíthe soiléir ná níl siad leagtha síos sa reachtaíocht reachtach. Cruthaíonn na difríochtaí sin éiginnteacht dhlíthiúil as a neascraíonn riosca dlíthiúil, toisc go bhféadfadh dlíthe substainteacha tíortha éagsúla feidhm a bheith acu maidir le sannadh trasteorann amháin.
D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar, d'fhéadfadh an tAontas Eorpach a bheartú (i) rialacha substainteacha na mBallstát go léir lena rialaítear éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de a chomhchuibhiú, nó (ii) rialacha na heasaontachta dlíthe is infheidhme maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de a chomhchuibhiú. Is é an réiteach atá beartaithe deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar trí bhíthin na rialacha easaontachta dlíthe a chomhchuibhiú. Is réiteach níos comhréirí é sin atá i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar nach gcuireann sé isteach ar an dlí substainteach náisiúnta agus níl feidhm aige ach maidir le sannadh éileamh a mbaineann gné trasteorann leo.
Tá beart den sórt sin a bhaineann le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de oiriúnach chun an cuspóir a bhaint amach maidir le deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar agus an riosca dlíthiúil a bhaint de shannadh éileamh trasteorann agus, ar an gcaoi sin, infheistíocht trasteorann a éascú, rochtain níos saoire a thabhairt ar chreidiúint agus comhtháthú margaidh a sholáthar, gan dul thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.
•An rogha ionstraime
Ní fhéadfar an aonfhoirmeacht a theastaíonn maidir leis na rialacha easaontachta dlíthe a bhaint amach ach amháin trí Rialachán mar is le Rialachán amháin is féidir léirmhíniú agus cur i bhfeidhm iomlán comhsheasmhach an rialacha a áirithiú. Ag teacht le hionstraimí an Aontais a bhí ann roimhe sin maidir le rialacha easaontachta dlíthe, is é Rialachán an rogha ionstraime dlí, dá bhrí sin.
3.TORTHAÍ Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARASA AGUS ÓN MEASÚNÚ TIONCHAIR
•Comhairliúcháin le páirtithe leasmhara agus bailiú agus úsáid an tsaineolais
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go gníomhach le páirtithe leasmhara agus rinne sé comhairliúcháin chuimsitheacha le linn phróiseas an mheasúnaithe tionchair. Leagadh amach sa straitéis comhairliúcháin roinnt beart a bhí le heagrú ag an gCoimisiún, go háirithe comhairliúchán poiblí ar líne; dhá chruinniú le saineolaithe ó na Ballstáit, cruinniú amháin le saineolaithe ar easaontachtaí dlíthe agus cruinniú eile le saineolaithe ar mhargaí airgeadais; agus sainghrúpa ardleibhéil ina bhfuil lucht acadúil, dlíodóirí agus lucht tionscail a bhfuil saineolas acu ar rialacha easaontachta dlíthe agus ar mhargaí airgeadais araon. Mar chuid den straitéis chomhairliúcháin bhí staidéar a choimisiúnaigh an Coimisiún a rinne Institiúid Dlí Idirnáisiúnta agus Comparáideach na Breataine (BIICL) ar éifeachtacht shannadh na néileamh in aghaidh tríú páirtithe agus coinbhleachtaí tosaíochta idir éilitheoirí iomaíocha. Níor tháinig aon aiseolas ó na páirtithe leasmhara maidir leis an measúnú ar thionchar tionscanta, a foilsíodh an 28 Feabhra 2017, .
Léiríodh sa staidéar a choimisiúnaigh an Coimisiún gurb iad an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra (an Bheilg, an Fhrainc, Lucsamburg i gcás urrúsú, mar shampla), an dlí lena rialaítear an téileamh arna shannadh (an Spáinn agus an Pholainn, mar shampla) agus dlí an chonartha idir an sannóir agus an sannaí (an Ísiltír, mar shampla) na dlíthe is mó a úsáidtear i gcoitinne faoi láthair chun easaontachtaí dlíthe a réiteach maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de.
Cuireadh tús leis an gcomhairliúchán poiblí ar líne an 7 Aibreán 2017 agus tháinig deireadh leis an 30 Meitheamh 2017, tréimhse a chomhlíonann an caighdeán 12 sheachtain ar a laghad do chomhairliúcháin phoiblí an Choimisiúin. Ba é cuspóir an chomhairliúcháin phoiblí ionchur a fháil ó na páirtithe leasmhara uile lena mbaineann, go háirithe iad siúd a bhfuil baint acu le fachtóireacht, urrúsú, soláthar urrúis chomhthaobhaigh agus trádáil ionstraimí airgeadais, agus ó dhlíodóirí agus saineolaithe ar rialacha easaontachta dlíthe i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de.
Fuair an Coimisiún 39 bhfreagra ar an gcomhairliúchán poiblí. I measc na bhfreagróirí bhí 5 rialtas, 15 chumann tionscail, 4 chuideachta, 2 ghnólacht dlí, 2 mheitheal machnaimh agus 5 dhuine príobháideacha. Ón earnáil airgeadais, bhí ionadaíocht ó leasanna bainc, bainisteoirí ciste, margaí rialáilte, contrapháirtithe lárnacha (CCPanna), taiscí lárnacha slándála (CSDanna), eisitheoirí urrús agus infheisteoirí. Ní bhfuarthas aon fhreagraí ó eagraíochtaí tomhaltóirí.
Maidir leis an gcumhdach geografach, tháinig freagairtí ó Bhallstáit éagsúla: 13 fhreagra ó pháirtithe leasmhara atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe, 9 bhfreagra ón bhFrainc agus ón mBeilg, 3 fhreagra ón nGearmáin agus ón Ísiltír, 2 fhreagra ón Spáinn, freagra amháin ón bhFionlainn, freagra amháin ó Phoblacht na Seice agus freagra amháin ón tSualainn.
Go ginearálta, nuair a cuireadh ceist ar pháirtithe leasmhara an raibh deacrachtaí acu, sna cúig bliana roimhe sin, maidir le héifeachtacht sannta éileamh trasteorann in aghaidh tríú páirtithe seachas an féichiúnaí a áirithiú, mhaígh níos mó ná dhá thrian de na páirtithe leasmhara a d'fhreagair go raibh deacrachtaí acu. As measc na bpáirtithe leasmhara a d'fhreagair an cheist an bhféadfadh beart ón Aontas breisluach a thabhairt i dtaobh aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a bhí i gceist, thug 59 % freagra dearfach agus thug 22 % freagra diúltach.
Maidir leis an dlí ba cheart a roghnú i dtionscnamh reachtach de chuid an Aontais, iarradh ar na páirtithe leasmhara a gcuid roghanna tosaíochta a léiriú i dtrí cheist ar leith. As na páirtithe leasmhara a d'fhreagair gach ceann de na trí cheist ar leith, b'fhearr le 57 % de na páirtithe leasmhara an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra, bhí 43 % i bhfabhar dlí an éilimh arna shannadh agus b'fhearr le 30 % dlí chonradh an tsannta. Bhunaigh cuid de na freagróirí a gcuid freagraí ar na rialacha easaontachta dlíthe is infheidhme ina mBallstát féin, agus bhunaigh freagróirí eile a gcuid freagraí ar an dlí a chuireann siad i bhfeidhm ina gcleachtas reatha.
Mar thacaíocht le gnáthchónaí an tsannóra, d'áitigh na páirtithe leasmhara gur féidir an dlí sin a chinneadh go héasca, go soláthródh sé deimhneacht dhlíthiúil níos fearr agus go urramódh sé níos mó ná aon réiteach eile loighic eacnamaíoch na gcleachtas trádála tábhachtach. D'áitigh páirtithe leasmhara a thacaigh le dlí an éilimh arna shannadh go nurramódh an dlí sin prionsabal neamhspleáchas páirtí agus go bhféadfadh sé costais idirbhirt a ísliú.
•Measúnú tionchair
Is iad seo a leanas na roghanna a ndearnadh anailís orthu sa mheasúnú tionchair:
✓ Rogha 1: An dlí is infheidhme maidir le conradh an tsannta
Faoin nascfhachtóir sin, rialóidh an dlí lena rialaítear conradh an tsannta idir an sannóir agus an sannaí éifeachtaí dílseánaigh shannadh na néileamh freisin. Féadfaidh an sannóir agus an sannaí aon dlí a roghnú chun conradh a sannta a rialú.
✓ Rogha 2: An dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra
Faoin nascfhachtóir sin, bheadh éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de á rialú ag dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an sannóir.
✓ Rogha 3: An dlí a rialaíonn an téileamh arna shannadh
Faoin nascfhachtóir sin, is é an dlí lena rialaítear an téileamh arna shannadh a rialódh éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de is é sin, an creidmheas sa chonradh bunaidh idir an creidiúnaí agus an féichiúnaí a shannann an creidiúnaí (an sannóir) ina dhiaidh sin do chreidiúnaí nua (an sannaí). Féadfaidh na páirtithe sa chonradh bunaidh aon dlí a roghnú chun an conradh a rialú lena náirítear an téileamh a shannfar ina dhiaidh sin.
✓ Rogha 4: Cur chuige measctha lena náirítear gnáthchónaí an tsannóra agus dlí an éilimh arna shannadh
Tugtar le chéile sa rogha mheasctha seo cur i bhfeidhm an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra mar riail ghinearálta agus cur i bhfeidhm dhlí an éilimh arna shannadh maidir le heisceachtaí áirithe, is é sin (i) sannadh airgid a chreidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa (amhail banc, i gcás inarb é an tomhaltóir an creidiúnaí agus an institiúid chreidmheasa an féichiúnaí), agus (ii) sannadh éileamh a eascraíonn as ionstraimí airgeadais. Leis an rogha mheasctha seo, leagtar síos an fhéidearthacht don sannóir agus don sannaí dlí an éilimh arna shannadh a roghnú chun a chur i bhfeidhm ar éifeachtaí tríú páirtí sanntaí i gcomhthéacs urrúsú. An fhéidearthacht do pháirtithe in urrúsú fanacht faoi réir na rialacha ginearálta atá bunaithe ar an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra, nó dlí an éilimh arna shannadh a roghnú, tá sé d'aidhm léi freastal ar riachtanais oibreoirí urrúsaithe móra agus beaga.
✓ Rogha 5: Cur chuige measctha lena náirítear dlí an éilimh arna shannadh agus an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra
Tugtar le chéile sa rogha mheasctha seo cur i bhfeidhm dhlí an éilimh arna shannadh mar riail ghinearálta agus cur i bhfeidhm, mar eisceacht, an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra ar shanntaí éileamh iomadúil agus sanntaí éileamh sa todhchaí. Faoin rogha seo, d'fhanfadh éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh infháltas trádála ag cuideachta neamhairgeadais (mar shampla, FBM) de i gcomhthéacs na fachtóireachta, de bheith faoi réir an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra. Bheadh éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh iomadúil ag cuideachta airgeadais (amhail, banc) de i gcomhthéacs urrúsú faoi réir an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra freisin.
Tá an togra seo bunaithe ar rogha 4, a roghnaíonn an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra mar riail ghinearálta ach i gcás sanntaí áirithe, mar eisceacht, bheadh sé faoi réir dhlí an éilimh arna shannadh agus bheadh rogha ann i leith féidearthacht dlí maidir le hurrúsú. Ós rud é nach tugtar aghaidh sa togra ar an ngaol idir na páirtithe i gconradh ach ar chearta tríú páirtithe, is é cur i bhfeidhm an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra mar riail ghinearálta an rogha is oiriúnaí ar na cúiseanna seo a leanas:
-
is é seo an taon dlí is féidir a thuar agus is féidir leis na tríú páirtithe lena mbaineann an sannadh aimsiú, amhail creidiúnaithe an tsannóra. Ar an lámh eile, ní féidir le tríú páirtithe an dlí lena rialaítear an téileamh arna shannadh ná an dlí lena rialaítear conradh an éilimh a thuar go héasca mar formhór an ama is iad na páirtithe sa chonradh a roghnaíonn dlíthe den sórt sin;
-
i gcás sannadh mórchuid éileamh, is é seo an taon dlí a fhreagraíonn do riachtanais fachtóirí agus d'oibreoirí níos lú urrúsaithe, nach bhfuil sé d'achmainn acu i gcónaí riachtanais úinéireachta a sheiceáil faoi dhlíthe na dtíortha éagsúla lena rialaítear na héilimh éagsúla arna sannadh le chéile;
`
-
is é seo an taon dlí a fhágann go bhféadfar an dlí is infheidhme a chinneadh nuair a shannfar éilimh sa todhchaí, cleachtas atá coitianta san fhachtóireacht;
-
is é seo an taon dlí atá i gcomhréir le acquis an Aontais ar an dócmhainneacht, is é sin, an Rialachán Dócmhainneachta. Is éasca dócmhainneacht an tsannóra a réiteach ach an dlí céanna a chur i bhfeidhm maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de agus maidir le dócmhainneacht;
-
is é seo an taon dlí atá comhsheasmhach leis an réiteach idirnáisiúnta atá cumhdaithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 2001 maidir le Sannadh Infháltas i dTrádáil Idirnáisiúnta. Is féidir leis sin sineirgíochtaí a chruthú agus na costais a bhaineann le dícheall cuí dlíthiúil agus dlíthíochta a shábháil ar rannpháirtithe sa mhargadh a oibríonn ar bhonn domhanda.
Ina theannta sin, fiú nuair a roghnaíonn na páirtithe dlí an téileamh arna shannadh a chur i bhfeidhm ar éifeachtaí tríú páirtí a sannta trasteorann, formhór an ama féachann siad freisin ar an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra chun a áirithiú nach gcuirfear bac ar theideal dlí a fháil ar na héilimh arna sannadh de dheasca rialacha sainordaitheacha sáraitheacha na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an sannóir, go háirithe na rialacha lena leagtar síos ceanglais phoiblíochta amhail an oibleagáid chun sannadh éileamh a chlárú i gclár poiblí chun tríú páirtithe a chur ar an eolas faoi agus chun go mbeidh éifeacht aige ina leith.
Ar an lámh eile, toisc gur rogha mheasctha an rogha seo déantar foráil inti maidir le heisceacht atá bunaithe ar dhlí an éilimh arna shannadh a chur i bhfeidhm ar shanntaí áirithe, is é sin sannadh airgid a chreidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa agus sannadh éileamh a eascraíonn as ionstraimí airgeadais, rud a fhreastalaíonn ar riachtanais rannpháirtithe sa mhargadh sna réimsí áirithe sin. Cuireann an rogha mheasctha seo solúbthacht bhreise ar fáil tríd an fhéidearthacht a leagan síos don sannóir agus don sannaí maidir le sannadh éileamh in urrúsú chun an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí an tsannta a roghnú, rud a chuirfidh ar chumas oibreoirí móra agus beaga a bheith rannpháirteach in urrúsuithe trasteorann.
Cuireadh tuarascáil chomhpháirteach um measúnú tionchair lena gcumhdaítear an dlí is infheidhme i ndáil le húinéireacht urrús agus an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála (RSB) an 8 Samhain 2017. D'eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhiúltach ar an measúnú tionchair agus rinne sé roinnt moltaí comhchoiteanna le haghaidh feabhsuithe. Maidir leis na héilimh, d'iarr an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála faisnéis níos mionsonraithe maidir leis na roghanna a bhí á meas i dtaca leis an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éilimh de. Athbhreithníodh an measúnú tionchair agus cuireadh faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála arís é an 18 Eanáir 2018. Ar 1 Feabhra 2018 d'eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach fara agúis áirithe. Maidir leis na héilimh, mhol fara agúis áirithe gcuirfí níos mó faisnéise ar fáil maidir leis na costais aonuaire a thabhódh roinnt rannpháirtithe sa mhargadh mar thoradh ar rialacha aonfhoirmeacha easaontachta dlíthe a ghlacadh. Cuireadh na moltaí le haghaidh feabhsuithe san áireamh sa mheasúnú tionchair a mhéid ab'fhéidir.
•Cearta bunúsacha
Tacaíonn cuspóirí an tionscnaimh seo go hiomlán leis an gceart chun maoine atá cumhdaithe in Airteagal 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Trí shoiléiriú a dhéanamh ar cén dlí lena rialaítear éifeachtaí dílseánaigh sannadh éileamh, chuideodh an togra seo chun an ceart chun maoine a chaomhnú mar go laghdódh sé an riosca go bhféadfaí bac a chur ar úinéireacht infheisteoirí nó glacadóirí comhthaobhachta ar éilimh.
Trí líon na gcásanna um chliseadh agus caillteanais airgeadais de bharr easpa forálacha aonfhoirmeacha maidir le cén dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí dílseánaigh sannadh éileamh a laghdú, bheadh tionchar dearfach ag an togra seo ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh mar a leagtar amach in Airteagal 16 den Chairt.
Trí na rialacha easaontachta dlíthe maidir le héifeachtaí dílseánaigh sannadh éilimh a chomhchuibhiú, chuideodh an togra seo deireadh a chur le tóraíocht fóram mar go ndéanfadh cúirt nó údarás aon Bhallstáit a éisteann díospóid a bhreithiúnas a bhunú ar an dlí substainteach náisiúnta céanna. D'éascódh sé sin an ceart chun leigheas éifeachtach a leagtar amach in Airteagal 47 den Chairt.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bheidh aon tionchar ag an togra ar bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar thionchar an tionscnaimh atá beartaithe trí bhíthin ceistneora a chuirfear chuig na príomhpháirtithe leasmhara. Beidh sé mar aidhm ag an gceistneoir faisnéis a bhailiú maidir le treochtaí i líon na sanntaí trasteorann, treochtaí i gcostais díchill chuí tar éis riail aonfhoirmeach easaontachta dlíthe a ghlacadh, agus na costais aonuaire a bhaineann le hathruithe ar dhoiciméid dhlíthiúla. Déanfar meastóireacht ar thionchar an réitigh atá beartaithe i dtuarascáil a ullmhóidh an Coimisiún cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm na ionstraime atá beartaithe.
Cumhdófar san fhaireachán ar an tionchar a bheadh ag riail aonfhoirmeach easaontachta dlíthe a ghlacadh réimsí na fachtóireachta, an tsoláthair urrúis chomhthaobhaigh, an urrúsaithe agus na sanntaí sonracha airgid a chreidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa agus sannadh éileamh a eascraíonn as ionstraimí airgeadais ar nós conarthaí díorthacha.
Áireofar san anailís go mbíonn tionchar ag roinnt fachtóirí éagsúla eacnamaíocha, dlíthiúla nó rialála ar líon na sanntaí, na costais idirbhirt agus ar chineál na rioscaí folaithe i sanntaí éileamh trasteorann, ach nach mbaineann na fachtóirí sin le deimhneacht dhlíthiúil an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí na sanntaí sin.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Airteagal 1:
Raon feidhme
Sainítear san airteagal seo raon feidhme an Rialacháin agus cuirtear san áireamh reachtaíocht an Aontais atá i bhfeidhm cheana agus, go háirithe, raon feidhme Rialachán na Róimhe I.
In Airteagal 1(2) tá liosta na nithe atá eisiata ó raon feidhme an Rialacháin atá beartaithe. Déanfar na nithe sin a rialú le reachtaíocht atá i bhfeidhm san Aontas cheana nó le rialacha náisiúnta easaontachta dlíthe.
Airteagal 2:
Sainmhínithe
I dtús báire, déantar a shainmhíniú san airteagal seo na príomhchoincheapa ar a bhfuil an Rialachán beartaithe bunaithe, eadhon "sannadh", "éileamh" agus "éifeachtaí tríú páirtí". Tá an sainmhíniú ar "sannadh" ag teacht leis an sainmhíniú atá i Rialachán na Róimhe I. Ní thagraíonn sé ach d'aistriú deonach éilimh, lena náirítear seachaíocht chonarthach. Cumhdaítear leis aistriú iomlán éilimh agus aistriú éilimh mar chomhthaobhacht nó mar urrús freisin.
Tugtar sa sainmhíniú ar "éileamh" sa Rialachán atá beartaithe an tuiscint ghinearálta ar cad is éileamh ann i Rialachán na Róimhe I, is é sin coincheap leathan a thagraíonn d'fhiachas de chineál ar bith, idir fhiachas airgeadaíochta agus fiachas neamh-airgeadaíochta, agus cibé acu a eascraíonn sé as oibleagáid chonarthach arna rialú ag Rialachán na Róimhe I nó as oibleagáid neamhchonarthach arna rialú ag Rialachán na Róimhe II. Déantar an sainmhíniú ar "éifeachtaí tríú páirtí" a chinneadh trí raon feidhme ábhartha an Rialacháin atá beartaithe.
Tugtar sainmhíniú ar "gnáthchónaí" san airteagal i gcomhréir leis an sainmhíniú atá in Airteagal 19(1) de Rialachán na Róimhe I, is é sin, mar áit riaracháin lárnach do chuideachtaí agus mar phríomháit ghnó do dhuine nádúrtha ag gníomhú dó ina ghníomhaíocht ghnó. Ní áirítear sa Rialachán atá beartaithe sainmhíniú ar ghnáthchónaí atá comhionann leis an sainmhíniú in Airteagal 19(2) de Rialachán na Róimhe I, is é sin, mar an áit ina bhfuil brainse lonnaithe, mar gheall ar an éiginnteacht a chruthódh riail den chineál sin dá mba rud é go sannfadh údarás lárbhainistíochta an tsannaí an téileamh céanna le húdarás bainistíochta brainse a bhí lonnaithe i dtír dhifriúil.
Beidh coincheap an "ghnáthchónaithe" ag teacht leis an lárlionad príomhleasa (COMI) a úsáidtear sa Rialachán Dócmhainneachta den chuid is mó.
San airteagal déantar “institiúid chreidmheasa” a shainmhíniú i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais lena rialaítear institiúidí creidmheasa; déantar “airgead” a shainmhíniú i gcomhréir leis an Treoir um Chomhthaobhacht Airgeadais; agus déantar “ionstraim airgeadais” a shainmhíniú i gcomhréir le MiFID II
Airteagal 3:
Cur i bhfeidhm uilíoch
Bunaítear leis an airteagal seo gnéithe uilíocha an Rialacháin atá beartaithe trína fhoráil gur féidir dlí an Bhallstáit nó dlí tríú tír a bheith mar an dlí náisiúnta atá ainmnithe mar an dlí is infheidhme leis an Rialachán atá beartaithe.
Airteagal 4:
An dlí is infheidhme
Déantar foráil san airteagal seo maidir le rialacha aonfhoirmeacha easaontachta dlíthe ar éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de. Leagtar síos i mír 1 den airteagal seo riail ghinearálta atá bunaithe ar an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra, i mír 2 leagtar síos dhá eisceacht bunaithe ar dhlí an éilimh arna shannadh agus, i mír 3, leagtar síos an fhéidearthacht don sannóir agus don sannaí in urrúsú dlí an éilimh arna shannadh a roghnú mar an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí an tsannta. Leagtar síos i mír 4 riail is infheidhme maidir le coinbhleachtaí tosaíochta idir shannaithe a eascraíonn as an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra agus dlí an éilimh arna shannadh a chur i bhfeidhm ar éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh dhá shannadh den éileamh céanna de.
De réir na rialach ginearálta, is é an dlí lena rialaítear éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an sannóir ag an am ábhartha.
Pléitear sa dara fomhír de mhír 1 den airteagal seo freisin leis an conflit mobile, mar a thugtar air, is é sin an cás fánach ina nathraíonn an sannóir gnáthchónaí idir dhá shannadh den éileamh céanna agus, i gcásanna den sórt sin, d'fhéadfadh sanntaí iomaíocha a bheith faoi réir dlíthe náisiúnta éagsúla. Foráiltear leis an riail ar conflit mobile gurb é an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra an dlí is infheidhme nuair a thiocfaidh ceann amháin den dá shannadh i bhfeidhm den chéad uair in aghaidh tríú páirtithe; is é sin le rá, ag an am a chuirfidh duine de na sannaithe na ceanglais i gcrích is gá chun an sannadh a chur i bhfeidhm in aghaidh tríú páirtithe.
Más rud é, mar atá i gcás iasacht shindeacáite (iasacht a thairgeann grúpa iasachtóirí - ar a dtugtar sindeacáit - d'iasachtaí aonair le haghaidh mórthionscadal), gur le gach creidiúnaí laistigh de ghrúpa creidiúnaithe sciar den éileamh céanna, rialóidh an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra éifeachtaí tríú páirtí sannta a dhéanann creidiúnaí i dtaca lena chuid féin den éileamh.
Déantar foráil i mír 2 den airteagal maidir le héifeachtaí tríú páirtí sanntaí áirithe a bheith, mar eisceacht, faoi réir dhlí an éilimh arna shannadh. Tagraíonn dlí an éilimh arna shannadh don dlí lena rialaítear an conradh idir an creidiúnaí /an sannóir bunaidh agus an féichiúnaí óna dtagann an téileamh ina leith. Leis an eisceacht seo leagtar síos sa Rialachán atá beartaithe riail easaontachta dlíthe a dhéantar a oiriúnú do riachtanais rannpháirtithe sa mhargadh atá páirteach sna sanntaí áirithe seo. Is iad seo a leanas na sanntaí a bhfuil a néifeachtaí tríú páirtí faoi réir dhlí an éilimh arna shannadh: (i) sannadh airgid a chreidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa; agus (ii) sannadh éileamh a eascraíonn as ionstraimí airgeadais.
Maidir leis an gcéad eisceacht: I gcás ina gcuireann sealbhóir cuntais (tomhaltóir, mar shampla) airgead i gcuntas in institiúid chreidmheasa (banc, mar shampla), bíonn conradh tosaigh idir sealbhóir an chuntais (an creidiúnaí) agus an institiúid chreidmheasa (an féichiúnaí). Is é an sealbhóir cuntais an creidiúnaí i gcás éileamh in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa, an féichiúnaí, i gcás íocaíocht an airgid a chreidiúnaítear don chuntas san institiúid chreidmheasa. Féadfaidh sé gur mian leis an sealbhóir cuntais an tairgead a chreidiúnaítear dá chuntas a chur i gcuntas in institiúid chreidmheasa eile mar urrús chun creidmheas a fháil. I gcásanna den sórt sin, ní hé an dlí maidir le gnáthchónaí shealbhóir an chuntais (an sannóir) an dlí lena rialófar cé aige a bhfuil teideal úinéireachta aige ar an éileamh tar éis don airgead a bheith sannta mar chomhthaobhacht ach an dlí lena rialaítear an téileamh arna shannadh, is é sin, an dlí lena rialaítear an conradh idir an sealbhóir cuntais agus an chéad institiúid chreidmheasa as a neascraíonn an téileamh. I gcás tríú páirtithe amhail creidiúnaithe an tsannóra agus na sannaithe iomaíocha, bíonn intuarthacht níos fearr ann más é an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí shannadh an airgid a chreidiúnaítear do chuntas in institiúid creidmheasa an dlí is infheidhme i ndáil leis an éileamh airgid. Is amhlaidh atá toisc go nglactar leis go ginearálta go bhfuil an téileamh atá ag sealbhóir cuntais ar airgead a chreidiúnaítear do chuntas arna rialú ag dlí na tíre ina bhfuil an institiúid chreidmheasa lonnaithe. De ghnáth is sa chonradh cuntais idir an sealbhóir cuntais agus an institiúid chreidmheasa a roghnaítear an dlí seo.
Maidir leis an dara heisceacht: Ba cheart éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh a eascraíonn as ionstraimí airgeadais de, amhail conarthaí díorthacha, a bheith faoi réir an dlí lena rialaítear an téileamh arna shannadh, is é sin, an dlí lena rialaítear an ionstraim airgeadais amhail an conradh díorthach. D'fhéadfadh sé, mar shampla, gurb é an téileamh a eascraíonn as ionstraim airgeadais an tsuim atá dlite tar éis na tréimhse socraíochta i gconradh díorthach a ríomh. D'fhonn cobhsaíocht agus feidhmiú rianúil na margaí airgeadais a chaomhnú, chomh maith le hionchais rannpháirtithe sa mhargadh, tá sé ríthábhachtach éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh a eascraíonn as ionstraimí airgeadais de a bheith faoi réir dhlí an éilimh arna shannadh seachas an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra. Déantar iad sin a chaomhnú mar gurb é an dlí lena rialaítear an ionstraim airgeadais as a neascraíonn an téileamh, amhail conradh díorthach, an dlí a roghnaíonn na páirtithe nó an dlí arna chinneadh i gcomhréir leis na rialacha neamhroghnacha is infheidhme maidir leis margaí airgeadais.
Pléitear sa tríú mír den airteagal leis an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de bhun urrúsú de. Cuireann an turrúsú ar chumas an tsannóra, ar a dtugtar "an tionscnóir" (banc nó cuideachta, mar shampla) sraith éileamh atá aige a athmhaoiniú (cíosanna mótarfheithiclí, infháltais cártaí creidmheasa, íocaíochtaí iasachtaí morgáiste, mar shampla) trína sannadh "d'aonán sainchuspóireach" (SPV). Ansin eisíonn an taonán sainchuspóireach (an sannaí) urrúis fiachais (bannaí, mar shampla) sna margaí caipitil a léiríonn na fáltais ó na héilimh sin. Ós rud é go ndéantar íocaíochtaí faoi na héilimh bhunaidh, úsáideann an taonán sainchuspóireach na fáltais a fhaigheann sé chun íocaíochtaí a dhéanamh ar na hurrúis do na hinfheisteoirí. Is féidir leis an urrúsú an costas maoinithe a laghdú toisc go gceaptar an taonán sainchuspóireach sa chaoi agus go mbeidh sé cosanta ar an dócmhainneacht. I gcás corparáidí, is féidir le hurrúsú rochtain a thabhairt ar chreidmheas ar chostas níos ísle ná iasachtaí bainc. Is bealach do na bainc é an turrúsú chun leas níos fearr a bhaint as cuid dá sócmhainní agus chun a gcláir chomhardaithe a ghlanadh ionas gur féidir iasachtú breise a dhéanamh sa gheilleagar.
Faoi láthair, cuireann sannóirí agus sannaithe móra (bainc mhóra, mar shampla) a bhfuil baint acu le hurrúsuithe i bhfeidhm dlí an éilimh arna shannadh ar éifeachtaí tríú páirtí an tsannta. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh an sannaí (an taonán sainchuspóireach) na ceanglais a leagtar síos sa dlí a rialaíonn na héilimh arna sannadh a chomhlíonadh (is é sin, an conradh idir an creidiúnaí/an sannóir bunaidh agus an féichiúnaí) lena áirithiú go bhfaigheann sé teideal dlí ar na héilimh arna sannadh. Laghdaíonn sé sin na costais ar oibreoirí atá in ann a nurrúsuithe a struchtúrú sa chaoi go mbeidh gach éileamh a áirítear sa phacáiste atá le sannadh don aonán sainchuspóireach faoi réir dhlí na tíre céanna. Ní mór don aonán sainchuspóireach na ceanglais a leagtar síos i ndlí aon tír amháin a chomhlíonadh ina dhiaidh sin, lena áirithiú go bhfaighidh sé teideal dlí ar na héilimh arna sannadh le chéile. Ós rud é gur minic a dhéanann oibreoirí móra urrúsuithe ar bhonn trasteorann, is é sin, agus na tionscnóirí lonnaithe i mBallstáit éagsúla, bheadh sé níos deacra don sannaí an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra a chur i bhfeidhm maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de sna cásanna seo mar go gcaithfeadh sé na ceanglais a leagtar síos i ndlíthe na dtíortha éagsúla a chomhlíonadh, is é sin, dlíthe gach ceann de na tíortha ina bhfuil tionscnóir lonnaithe.
I gcodarsnacht leis sin, is minic gur gá d'oibreoirí níos lú (bainc agus corparáidí níos lú, mar shampla) an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra a chur i bhfeidhm ar éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh in urrúsú de mar go mbíonn na héilimh a áirítear sa phacáiste atá le sannadh don aonán sainchuspóireach arna rialú ag dlíthe tíortha éagsúla. I gcásanna den sórt sin, ní fhéadfadh sannaithe níos lú dlí an éilimh arna shannadh a chur i bhfeidhm ar éifeachtaí tríú páirtí an tsannta mar nach mbeadh sé d'acmhainn acu na ceanglais a chomhlíonadh chun teideal dlí a fháil ar na héilimh arna sannadh faoi gach ceann de na dlíthe lena rialaítear gach ceann de na héilimh atá sa phacáiste. Ina áit sin, tá sé níos éasca do shannaithe níos lú na ceanglais faoi dhlí amháin a chomhlíonadh, is é sin an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra.
I mbeagán focal, trí fhoráil a dhéanamh maidir le rogha dlí, tá sé mar aidhm le mír 3 den airteagal seo gan difear a dhéanamh do chleachtas reatha na mbanc mór maidir le dlí an éilimh arna shannadh a chur i bhfeidhm ar éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh in urrúis de i gcás ina mbeidh na héilimh go léir arna sannadh faoi réir dhlí na tíre céanna ach ina mbeidh na sannaithe (tionscnóirí) lonnaithe i mBallstáit éagsúla. San am céanna, tá sé mar aidhm le mír 3 bainc agus corparáidí níos lú a chumasú le hiontráil sa mhargaidh urrúsúcháin nó a seasamh sa mhargadh a neartú trí bheith in ann a bheith ina sannaithe ar éilimh iomadúla atá faoi réir dhlíthe tíortha éagsúla.
I gcás ar bith, cuireann an tsolúbthacht dá bhforáiltear i mír 3 ar chumas oibreoirí urrúsúcháin cinneadh a dhéanamh i dtaobh gach urrúsú maidir le cé acu a roghnóidh siad dlí an éilimh arna shannadh nó an bhfanfaidh siad de bheith faoi réir na rialach ginearálta bunaithe ar an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra ag brath ar struchtúr a nurrúsaithe, go háirithe más rud é go bhfuil na héilimh arna sannadh faoi réir dhlí tír amháin nó tíortha éagsúla, nó más rud é go bhfuil tionscnóir amháin nó níos mó i gceist atá lonnaithe i dtír amháin nó i dtíortha éagsúla. Leagtar síos i mír 4 den airteagal seo riail easaontachta dlíthe chun coinbhleachtaí tosaíochta a réiteach idir sannaithe an éilimh chéanna i gcás ina mbeidh éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de faoi réir dhlí an éilimh arna shannadh i sannadh amháin agus faoi réir an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra i sannadh eile. D'fhéadfadh a leithéid titim amach (de ghnáth trí thimpiste agus gan a bheith in aon ord ar leith) i gcás ina ndéanfar an téileamh a sannadh den chéad uair don fhachtóireacht, do sholáthar urrúis chomhthaobhaigh nó don urrúsú (céad urrúsú) nó i gcás nár roghnaíodh aon dlí ina leith agus, ina dhiaidh sin, in urrúsú (dara urrúsú) ina roghnóidh na páirtithe dlí an éilimh arna shannadh mar an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí an tsannta. Bheadh éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh i bhfachtóireacht, i soláthar urrúis chomhthaobhaigh nó in urrúsú (an chéad cheann) de, nach ndearnadh aon rogha dlí ina dtaobh a bheith faoi réir an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra. I gcodarsnacht leis sin, bheadh éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh i bhfachtóireacht, i soláthar urrúis chomhthaobhaigh nó in urrúsú (an dara ceann) de, inar roghnaigh na páirtithe dlí an éilimh arna shannadh, faoi réir dhlí an éilimh arna shannadh. Leis an Rialachán atá beartaithe déantar foráil maidir le fachtóir oibiachtúil lena chinneadh cén dlí ar cheart feidhm a bheith aige maidir leis an gcoinbhleacht tosaíochta idir sannaithe a réiteach: ba cheart gurb é an dlí is infheidhme an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de a tháinig i bhfeidhm den chéad uair in aghaidh dtríú páirtithe faoina dhlí is infheidhme. Tá an riail sin i gcomhréir leis an riail is infheidhme maidir le conflit mobile faoi mhír 1 den airteagal seo agus, amhail an riail sin, tá sé bunaithe ar an am a mbeidh feidhm ag sannadh éileamh in aghaidh tríú páirtithe den chéad uair toisc go mbaineann an Rialachán atá beartaithe le héifeachtaí tríú páirtí.
Airteagal 5:
Raon feidhme an dlí is infheidhme
Déantar a chomhchuibhiú san airteagal seo liosta neamh-uileghabhálach saincheisteanna ba cheart a bheith á rialú ag an dlí substainteach náisiúnta arna ainmniú mar an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de. Mínítear san airteagal seo, dá bhrí sin, ábhar an choincheapa "éifeachtaí tríú páirtí" (nó éifeachtaí dílseánaigh) maidir le sannadh éileamh. Go ginearálta, is é an dlí is infheidhme a chinnfidh cé aige a bhfuil teideal dlí faighte ar an éileamh arna shannadh. Go sonrach, ba cheart don dlí is infheidhme dhá phríomhcheist a rialú d'fhonn a chinneadh an bhfuil teideal dlí faighte ag duine ar an éileamh arna shannadh:
(i)
éifeachtacht shannadh an éilimh in aghaidh tríú páirtithe: is é sin, na bearta is gá don sannaí a dhéanamh chun a cheart a dhearbhú ar an éileamh i leith tríú páirtithe – mar shampla, an sannadh a chlárú le húdarás poiblí nó le clárlann nó fógra a thabhairt don fhéichiúnaí i scríbhinn maidir leis an sannadh; agus
(ii)
saincheisteanna tosaíochta: is é sin, a chinneadh cé aige a bhfuil ceart tosaíochta i gcásanna coinbhleachta idir éilitheoirí iomaíocha – mar shampla, idir sannaithe iomaíocha i gcás ina sannfar an téileamh céanna níos mó ná uair amháin, nó idir sannaí agus sealbhóir cirt eile, mar shampla, creidiúnaí an tsannóra nó an tsannaí i gcásanna dócmhainneachta.
Ba cheart an téarma "tríú páirtithe" a thuiscint mar thríú páirtithe seachas an féichiúnaí, mar go bhfuil gach gné a dhéanann difear don fhéichiúnaí, de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán na Róimhe I, arna rialú ag dlí an éilimh arna shannadh (is é sin, an dlí a rialaíonn an conradh bunaidh as a neascraíonn an téileamh arna shannadh).
Féadfaidh na rialacha mionsonraithe éagsúla a bheith ann maidir le cearta a chruthú agus cearta a aistriú, ag brath ar orduithe dlíthiúla na mBallstát. I bhfianaise gnéithe uilechoiteanna an Rialacháin seo atá beartaithe agus, dá bhrí sin, gur féidir a ainmniú leis dlí aon tíre mar an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éilimh de, tá sé mar aidhm leis an Rialachán atá beartaithe coinbhleachtaí tosaíochta éagsúla a d'fhéadfadh a bheith ann idir éilitheoirí iomaíocha a chumhdach. Cumhdaíonn an Rialachán atá beartaithe coinbhleachtaí tosaíochta a eascraíonn, ní hamháin ó shannadh éileamh (idir beirt sannaí, mar shampla, i gcás inar sannadh an téileamh céanna faoi dhó) ach freisin ó shásraí dlíthiúla nó sásraí atá coibhéiseach ó thaobh feidhme de, go háirithe aistriú conartha agus nuachan conartha, is féidir a úsáid chun conradh a chur ar aghaidh agus, dá bhrí sin, chun na cearta (an téileamh) agus na hoibleagáidí a eascraíonn as an gconradh sin a chur ar aghaidh freisin. Níor cheart, dá bhrí sin, don dlí a ainmnítear leis an Rialachán atá beartaithe mar dhlí is infheidhme coinbhleachtaí tosaíochta idir sannaithe iomaíocha amháin a rialú, ach freisin coinbhleachtaí tosaíochta idir sannaí agus éilitheoir iomaíoch a d'éirigh ina thairbhí ar éileamh iar-aistriú conartha nó le nuachan conartha. Is ceart a lua nach nainmnítear leis an togra an dlí is infheidhme i ndáil le haistriú conarthaí nó le nuachan conarthaí (an dlí is infheidhme i ndáil le nuachan conarthaí díorthacha, mar shampla), ach díreach an dlí is infheidhme i ndáil le coinbhleachtaí tosaíochta féideartha ar éileamh a sannadh den chéad uair agus a aistríodh arís (an téileamh céanna nó éileamh coibhéiseach ó thaobh na heacnamaíochta de) trí aistriú conartha nó nuachan conartha. Mura gcumhdófar leis an Rialachán atá beartaithe coinbhleachtaí tosaíochta idir sannaí agus tairbhí éilimh tar éis aistriú conartha nó nuachan conartha, d'fhéadfadh éiginnteacht dhlíthiúil a bheith ann áit a dteastódh íocaíocht ón bhfeichiúnaí ón sannaí agus tairbhí iomaíoch an éilimh araon tar éis aistriú nó nuachan conartha agus ní bheadh feidhm ag aon riail chomhchoiteann easaontachta dlíthe chun an choinbhleacht sin a réiteach.
Airteagal 6:
Forálacha sainordaitheacha sáraitheacha / Airteagal 7: Beartas poiblí
Déantar foráil sna hairteagail seo d'fhéidearthachtaí dlí an fhóraim a chur i bhfeidhm in ionad an dlí a ainmnítear faoi Airteagal 4 mar an dlí is infheidhme. Féadfaidh forálacha sainordaitheacha sáraitheacha a bheith ag tagairt, mar shampla, don oibleagáid an sannadh éileamh a chlárú i gclárlann poiblí.
Airteagail 8 go 12:
Saincheisteanna ginearálta maidir le rialacha easaontachta dlíthe a chur i bhfeidhm
Pléitear sna hairteagail le saincheisteanna ginearálta maidir le rialacha easaontachta dlíthe a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hionstraimí eile de chuid an Aontais maidir leis an dlí is infheidhme, go háirithe Rialachán na Róimhe I.
Airteagal 10:
Gaol le forálacha eile de dhlí an Aontais
Tá sé mar aidhm leis an airteagal seo cur i bhfeidhm lex specialis a chosaint, lena leagtar síos rialacha easaontachta dlíthe maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de i ndáil le hábhair áirithe.
2018/0044 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Tá sé leagtha amach mar chuspóir dó féin ag an Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chothabháil agus a fhorbairt. D’fhonn limistéar den sórt sin a bhunú de réir a chéile, tá an tAontas chun bearta a ghlacadh a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta a mbeidh impleachtaí trasteorann acu, a mhéad agus is gá sin d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.
(2)De bhun Airteagal 81 den Chonradh, áireofar sna bearta sin bearta a mbeidh sé mar aidhm leo comhoiriúnacht na rialacha is infheidhme sna Ballstáit maidir le heasaontacht dlíthe a áirithiú.
(3)Chun go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach go cuí, d’fhonn intuarthacht a fheabhsú i dtaca le toradh dlíthíochta, is gá deimhneacht i dtaca le cén dlí is infheidhme agus saorghluaiseacht breithiúnas, chun go nainmneofar le rialacha na heasaontachta dlíthe sna Ballstáit an dlí náisiúnta céanna mar an dlí is infheidhme, beag beann ar cén Ballstát ina bhfuil an chúirt ina dtugtar an chaingean.
(4)Ní chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) na saincheisteanna maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de. Ceanglaítear le hAirteagal 27(2) den Rialachán sin, áfach, go ndéanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le héifeachtacht sannta nó seachaíochta éilimh in aghaidh tríú páirtithe agus tosaíocht an éilimh a shanntar nó a sheachaítear ar cheart duine eile, agus ba cheart togra a bheith ag gabháil leis, más iomchuí, maidir leis an Rialachán sin a leasú mar aon le measúnú ar thionchar na bhforálacha atá le tabhairt isteach.
(5)An 18 Feabhra 2015 ghlac an Coimisiún Páipéar Uaine ar Aontas na Margaí Caipitil a Thógáil inar luadh gur ghné thábhachtach í deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a bhaint amach i gcásanna aistrithe éileamh trasteorann agus i dtaobh ord tosaíochta na naistrithe sin, go háirithe i gcásanna dócmhainneachta, chun margadh uile-Eorpach a fhorbairt in urrúsú agus i socruithe comhthaobhachta airgeadais, agus maidir le gníomhaíochtaí eile amhail an fhachtóireacht.
(6)An 30 Meán Fómhair 2015, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht ina raibh Plean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil a thógáil. Sa Phlean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil a thógáil sonraíodh go gcuireann difríochtaí sa chaoi a bpléitear ar an leibhéal náisiúnta le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh fiachais de le castacht úsáid na nionstraimí sin mar chomhthaobhacht trasteorann, agus thángthas ar an gconclúid go gcuireann an éiginnteacht dhlíthiúil sin bac ar oibríochtaí airgeadais atá suntasach ó thaobh an gheilleagair de, ar nós urrúsuithe. Sa Phlean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil a thógáil fógraíodh go mbeartódh an Coimisiúin rialacha aonfhoirmeacha chun a chinneadh le deimhneacht dhlíthiúil cén dlí náisiúnta ar cheart feidhm a bheith aige maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de.
(7)An 29 Meitheamh 2016 ghlac an Coimisiún tuarascáil maidir le hoiriúnacht Airteagal 3(1) de Threoir 2002/47/CE maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais inar díríodh ar an gceist an oibríonn an Treoir seo go héifeachtach agus go héifeachtúil maidir leis na bearta foirmiúla is gá chun éilimh chreidmheasa a sholáthar mar chomhthaobhacht. Ba é conclúid na tuarascála go bhféadfaí a chinneadh le deimhneacht dhlíthiúil cén dlí náisiúnta ar cheart feidhm a bheith aige maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, dá nglacfaí leis an moladh maidir le rialacha aonfhoirmeacha i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, rud a bheadh ina chuidiú chun deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a bhaint amach i gcásanna úsáide trasteorann éileamh creidmheasa mar chomhthaobhacht.
(8)An 29 Meán Fómhair 2016, ghlac an Coimisiún tuarascáil maidir le héifeachtacht sannta nó seachaíochta éilimh in aghaidh tríú páirtithe agus tosaíocht an éilimh a shanntar nó a sheachaítear ar cheart duine eile. Ba é conclúid na tuarascála go gcuirfeadh rialacha aonfhoirmeacha na heasaontachta dlíthe lena rialófaí éifeachtacht na sanntaí in aghaidh tríú páirtithe chomh maith le ceisteanna tosaíochta idir sannaithe iomaíocha nó idir sannaithe agus sealbhóirí cirt eile feabhas ar an deimhneacht dhlíthiúil agus go laghdófaí deacrachtaí praiticiúla agus na costais dhlíthiúla a bhaineann leis an éagsúlacht sa chur chuige atá sna Ballstáit faoi láthair dá mbarr.
(9)Ba cheart raon feidhme substainteach agus forálacha an Rialacháin seo a bheith comhsheasmhach le Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II), Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I), Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (athmhúnlú), agus Rialachán (AE) Uimh. 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta.. Ba cheart bearnaí rialála idir na ionstraimí sin a sheachaint a oiread is féidir sa léirmhíniú ar an Rialachán seo.
(10)Cuirtear chun feidhme leis an Rialachán seo Plean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil. Comhlíontar leis freisin an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 27(2) de Rialachán na Róimhe I gur cheart don Choimisiún tuarascáil a fhoilsiú agus, más iomchuí, togra maidir le héifeachtacht sannta éilimh in aghaidh tríú páirtithe agus tosaíocht an tsannaí ar cheart duine eile.
(11)Ní ann do rialacha na heasaontachta dlíthe lena rialaítear éifeachtaí tríú páirtí (nó dílseánaigh) ó thaobh sannadh éileamh de ar leibhéal an Aontais faoi láthair. Is ar leibhéal na mBallstát a leagtar síos na rialacha easaontachta dlíthe sin, ach bíonn siad neamhréireach agus doiléir go minic. I gcás sannadh éileamh trasteorann, is é an toradh ar neamhréireacht na rialacha easaontachta dlíthe éiginnteacht dhlíthiúil maidir le cén dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh an tsannta de . Cruthaíonn an easpa deimhneacht dhlíthiúil riosca dlíthiúil i sannadh éileamh trasteorann nach bhfuil ann i gcás sannadh intíre mar is féidir rialacha substainteacha náisiúnta difriúla a chur i bhfeidhm ag brath ar cén Ballstát a ndéanann a chúirteanna nó a údaráis díospóid maidir leis an teideal dlí ar na héilimh a mheas.
(12)Mura bhfuil na sannaithe ar an eolas faoin riosca dlíthiúil nó má roghnaíonn siad neamhaird a dhéanamh de, féadfaidh caillteanais airgeadais gan choinne a bheith ann dóibh. Féadfaidh torthaí iarmhartacha a bheith ar an éiginnteacht maidir le cé aige a bhfuil teideal dlí ar na héilimh arna sannadh ar bhonn trasteorann agus tionchar na géarchéime airgeadais a dhoimhniú agus a mhéadú, dá bhrí sin. Má chinneann na sannaithe an riosca dlíthiúil a mhaolú trí chomhairle dlí sainiúil a lorg, tabhóidh siad costais idirbheart níos airde nach mbeadh i gceist i gcás sanntaí intíre. Má tá na sannaithe á gcosc ag an riosca dlíthiúil agus má roghnaíonn siad é a sheachaint, féadfaidh siad deiseanna gnó a chailleadh agus féadfaidh sé go dtiocfaidh laghdú ar chomhtháthú an mhargaidh.
(13)Is é cuspóir an Rialacháin seo foráil a dhéanamh maidir le deimhneacht dhlíthiúil trí rialacha comhchoiteanna easaontachta dlíthe a leagan síos lena nainmnítear an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de.
(14)Is é is éileamh ann ceart a bheith ag creidiúnaí in aghaidh féichiúnaí ar íocaíocht suim airgid nó ar oibleagáid a chomhlíonadh. Cuireann sannadh éilimh ar chumas an chreidiúnaí (an sannóir) a cheart chun an fiach a éileamh in aghaidh féichiúnaí a aistriú chuig duine eile (an sannaí). Is leis na rialacha easaontachta dlíthe a leagtar síos i Rialachán na Róimhe I a ainmnítear na dlíthe lena rialaítear an gaol conarthach idir an creidiúnaí agus an féichiúnaí, idir an sannóir agus an sannaí, agus idir an sannaí agus an féichiúnaí.
(15)Ba cheart go rialódh na rialacha easaontachta dlíthe a leagtar síos sa Rialachán seo éifeachtaí dílseánaigh ó thaobh sannadh éileamh de idir na páirtithe go léir a bhaineann leis an sannadh (is é sin, idir an sannóir agus an sannaí agus idir an sannaí agus an féichiúnaí) agus i ndáil le tríú páirtithe(creidiúnaí de chuid an tsannóra, mar shampla).
(16)Is infháltais trádála iad na héilimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo, éilimh a eascraíonn as ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus airgead a chreidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa. Áirítear le hionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2014/65/AE urrúis agus díorthaigh arna dtrádáil ar na margaí airgeadais. Cé gur sócmhainní iad urrúis, is conarthaí iad díorthaigh lena náirítear cearta (nó éilimh) agus oibleagáidí ar na páirtithe sa chonradh.
(17)Baineann an Rialachán le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de. Ní chumhdaítear leis aistriú na gconarthaí sin (amhail conarthaí díorthacha), ina bhfuil cearta (nó éilimh) agus oibleagáidí san áireamh, nó nuachan conarthaí ina gcuimsítear cearta agus oibleagáidí den sórt sin. Toisc nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo aistriú ná nuachan conarthaí, leanfar den trádáil in ionstraimí airgeadais, agus imréiteach agus socrú na nionstraimí sin, a bheith arna rialú ag an dlí is infheidhme i ndáil le hoibleagáidí conarthacha mar a leagtar síos i Rialachán na Róimhe I é. De ghnáth, is iad na páirtithe sa chonradh a roghnaíonn an dlí nó ainmnítear é le rialacha neamhroghnacha is infheidhme maidir le margaí airgeadais.
(18)Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear d'ábhair arna rialú ag an Treoir Comhthaobhachta Airgeadais, an Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta, an Treoir maidir le Foirceannadh agus Rialachán na Clárlainne .
(19)Ba cheart an Rialachán seo a bheith uilíoch: ba cheart go mbeadh feidhm ag an dlí arna ainmniú leis an Rialachán seo, fiú amháin mura dlí Ballstáit é.
(20)Tá an intuarthacht riachtanach do thríú páirtithe a bhfuil suim acu teideal dlí a fháil ar an éileamh arna shannadh. Nuair a chuirtear dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an sannóir i bhfeidhm maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, cuireann sé ar chumas na dtríú páirtithe a bheith ar eolas roimh ré maidir le cén dlí náisiúnta lena rialófar a gcearta. Ba cheart feidhm a bheith ag gnáthchónaí an tsannóra mar riail maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, dá bhrí sin. Ba cheart feidhm a bheith ag an riail sin, go háirithe, maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de i dtaca leis an bhfachtóireacht, an chomhthaobhacht agus, i gcás nár roghnaigh na páirtithe dlí an éilimh arna shannadh, i dtaca leis an urrúsú.
(21)Ba cheart go gcumasódh an dlí a roghnaítear mar riail is infheidhme maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, an cinneadh maidir leis an dlí is infheidhme nuair a shannfar éilimh sa todhchaí, cleachtas coitianta ina ndéantar éilimh iomadúla a shannadh, mar shampla i gcás na fachtóireachta. A bhuí le cur i bhfeidhm an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra beifear in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de sa todhchaí.
(22)Is minic a thagann an gá atá le cinneadh a dhéanamh maidir le cé aige a bhfuil teideal dlí ar éileamh arna shannadh chun cinn nuair atá an teastát dócmhainneachta á shainiú i gcás ina bhfuil an sannóir dócmhainneach. Ba mhaith an rud é, dá bhrí sin, comhleanúnachas a bheith idir na rialacha easaontachta dlíthe a leagtar síos leis an Rialachán seo agus na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta. Ba cheart comhleanúnachas a bhaint amach trí chur chun feidhme mar riail an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, mar tagann úsáid ghnáthchónaí an tsannóra mar nascfhachtóir le húsáid lárionad príomhleasa an fhéichiúnaí mar nascfhachtóir chun críocha dócmhainneachta.
(23)Déantar foráil i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 2001 maidir le Sannadh Infháltas i dTrádáil Idirnáisiúnta go bhfuil an tosaíocht atá ag ceart an tsannaí san infháltas arna shannadh ar cheart an éilitheora iomaíoch, go bhfuil an tosaíocht sin arna rialú ag dlí an Stáit ina bhfuil an sannóir lonnaithe. Ba cheart go néascódh an chomhoiriúnacht idir rialacha easaontachta dlíthe an Aontais a leagtar síos leis Rialachán seo agus an réiteach is fearr leis an gCoinbhinsiún ar an leibhéal idirnáisiúnta réiteach díospóidí idirnáisiúnta.
(24)I gcás ina nathraíonn an sannóir a ghnáthchónaí idir sanntaí éagsúla den éileamh chéanna, ba cheart gurb é an dlí is infheidhme, an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra ag an am a dhéanann duine de na sannaithe a chéad sannaí éifeachtach den chéad uair in aghaidh tríú páirtithe trí na ceanglais faoin dlí is infheidhme a chomhlíonadh ar bhonn gnáthchónaí an sannaithe ag an am sin.
(25)I gcomhréir le cleachtas an mhargaidh agus le riachtanais rannpháirtithe sa mhargadh, ba cheart éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh áirithe de, mar eisceacht, a bheith arna rialú ag dlí an éilimh arna shannadh, is é sin, an dlí lena rialaítear an chéad chonradh idir an creidiúnaí agus an féichiúnaí as a neascraíonn an téileamh.
(26)Ba cheart go rialódh dlí an éilimh arna shannadh éifeachtaí tríú páirtí an tsannta arna dhéanamh ag sealbhóir cuntais ar airgead a chreidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa, i gcás inarb é an sealbhóir cuntais an creidiúnaí/an sannóir agus inarb é an institiúid chreidmheasa an féichiúnaí. Bíonn intuarthacht níos fearr ann do thríú páirtithe, amhail creidiúnaithe an tsannóra agus na sannaithe iomaíocha, má bhaineann dlí an éilimh arna shannadh le héifeachtaí tríú páirtí na sanntaí sin toisc go nglactar leis go ginearálta go bhfuil an téileamh atá ag sealbhóir cuntais ar airgead a creidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa arna rialú ag dlí na tíre ina bhfuil an institiúid chreidmheasa lonnaithe (seachas an dlí maidir le gnáthchónaí an tsealbhóra cuntais/an tsannaí). De ghnáth is sa chonradh cuntais idir an sealbhóir cuntais agus an institiúid chreidmheasa a roghnaítear an dlí seo.
(27)Ba cheart go mbeadh na héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de a eascraíonn as ionstraimí airgeadais faoi réir an dlí lena rialaítear an téileamh arna shannadh freisin, is é sin, an dlí lena rialaítear an conradh as a neascraíonn an téileamh (amhail conradh díorthach). D'fhonn cobhsaíocht agus feidhmiú rianúil na margaí airgeadais a chaomhnú, tá sé ríthábhachtach na héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de a eascraíonn as ionstraimí airgeadais a bheith faoi réir dhlí an éilimh arna shannadh seachas an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra. Déantar iad sin a chaomhnú mar gurb é an dlí lena rialaítear an ionstraim airgeadais as a neascraíonn an téileamh, amhail conradh díorthaigh, an dlí a roghnaíonn na páirtithe sa chonradh nó an dlí arna chinneadh i gcomhréir leis na rialacha neamhroghnacha is infheidhme maidir le margaí airgeadais.
(28)Ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an tsolúbthacht i gcinneadh an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de i gcomhthéacs urrúsú chun freastal ar riachtanais na nurrúsóirí uile agus chun leathnú an mhargaidh urrúsúcháin trasteorann a éascú d'oibreoirí beaga. Cé gur cheart go mbeadh feidhm ag an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra mar an riail réamhshocraithe i dtaca le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de i gcomhthéacs urrúsú, ba cheart go mbeadh an sannóir (an tionscnóir) agus an sannaí (an taonán sainchuspóireach) in ann a roghnú gur cheart go mbeadh feidhm ag dlí an éilimh arna shannadh maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de. Ba cheart don sannóir agus don sannaí a bheith in ann a chinneadh go bhfanfaidh éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, i gcomhthéacs urrúsú, de bheith faoi réir na rialach ginearálta maidir le gnáthchónaí an tsannóra nó ba cheart iad a bheith in ann dlí an éilimh arna shannadh a roghnú maidir le feidhm struchtúir agus shaintréithe an idirbhirt, mar shampla líon agus suíomh na dtionscnóirí agus an líon dlíthe lena rialaítear na héilimh arna sannadh.
(29)Féadfaidh coinbhleachtaí tosaíochta tarlú idir sannaithe an éilimh chéanna i gcás ina mbeidh éifeachtaí tríú páirtí an tsannta faoi réir an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra i sannadh amháin agus faoi réir dhlí an éilimh arna shannadh i sannadh eile. I gcásanna den sórt sin, ba cheart gurb é an dlí is infheidhme i ndáil leis an gcoinbhleacht tosaíochta a réiteach an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éilimh de a tháinig de bheith i bhfeidhm den chéad uair in aghaidh tríú páirtithe faoin dlí is infheidhme i ndáil leis.
(30)Ba cheart raon feidhme an dlí náisiúnta arna ainmniú ag an Rialachán seo mar an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de a bheith aonfhoirmeach. Ba cheart a rialú faoin dlí náisiúnta arna ainmniú mar an dlí is infheidhme an méid seo a leanas go háirithe: (i) éifeachtacht shannadh an éilimh in aghaidh tríú páirtithe, is é sin, na bearta is gá don sannaí a dhéanamh chun a áirithiú go bhfaigheann sé teideal dlí ar an éileamh arna shannadh (an sannadh a chlárú le húdarás poiblí nó le clárlann nó fógra a thabhairt don fhéichiúnaí i scríbhinn maidir leis an sannadh, mar shampla); agus (ii) saincheisteanna tosaíochta, is é sin, coinbhleachtaí idir éilitheoirí éagsúla maidir le cé aige a bhfuil teideal dlí ar an éileamh (idir beirt sannaí, mar shampla, i gcás inar sannadh an téileamh céanna faoi dhó, nó idir sannaí agus creidiúnaí de chuid an tsannóra).
(31)I bhfianaise gnéithe uilechoiteanna an Rialacháin seo, féadfar dlíthe tíortha a bhfuil traidisiúin dhlíthiúla éagsúla acu a ainmniú mar an dlí is infheidhme. I gcás ina ndéantar aistriú ar an gconradh as a neascraíonn an téileamh tar éis an téileamh a shannadh, ba cheart an dlí arna ainmniú leis an Rialachán seo mar an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de rialú a dhéanamh chomh maith ar choinbhleacht tosaíochta idir sannaí an éilimh agus tairbhí nua an éilimh chéanna tar éis aistriú an chonartha as a neascraíonn an téileamh. Ar an gcúis chéanna, ba cheart feidhm a bheith ag an dlí arna ainmniú leis an Rialachán seo mar an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, i gcás ina núsáidtear nuachan conartha ar bhealach coibhéiseach le haistriú conartha ó thaobh feidhme de, chun coinbhleacht tosaíochta a réiteach idir sannaí an éilimh agus tairbhí nua an éilimh atá coibhéiseach ó thaobh feidhme de, tar éis nuachan an chonartha as a neascraíonn an téileamh.
(32)Ar mhaithe le leas an phobail bheadh údar leis an deis a thabhairt do chúirteanna na mBallstát, in imthosca eisceachtúla, eisceachtaí a chur i bhfeidhm ar bhonn an bheartais phoiblí agus forálacha sainordaitheacha a sáraitheacha, ach ba cheart an deis sin a bheith srianta.
(33)Ós rud é gur gá gealltanais a rinne na Ballstáit ar an leibhéal idirnáisiúnta a urramú, níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh d'aon choinbhinsiún idirnáisiúnta a bhfuil Ballstát amháin nó níos mó ina pháirtí ann an uair a ghlactar an Rialachán seo. Chun go mbeidh na rialacha níos inrochtana, ba cheart don Choimisiún liosta de na coinbhinsiúin ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar bhonn na faisnéise a chuirfidh na Ballstáit ar fáil.
(34)Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, féachann an Rialachán seo le cur i bhfeidhm Airteagal 17 agus Airteagal 47 a chur chun cinn, airteagail a bhaineann, faoi seach, leis an gceart chun maoine agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil.
(35)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ní féidir aonfhoirmeacht rialacha na heasaontachta dlíthe atá ag teastáil maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de a bhaint amach ach amháin le Rialachán mar nach náiritheofar ach le Rialachán go ndéanfar na rialacha a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar an leibhéal náisiúnta. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
(36)I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, [tá fógra tugtha ag [an Ríocht Aontaithe] [agus] [Éirinn] gur mian léi/leo bheith rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo] [níl [an Ríocht Aontaithe] [agus] [Éire] rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl sé/siad faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm].
(37)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Raon feidhme
1.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo, i gcásanna ina mbeidh easaontacht dlíthe, maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de in ábhair shibhialta agus tráchtála.
Ní bheidh feidhm aige, go háirithe, maidir le hábhair ioncaim, custaim ná riaracháin.
2.
Eisiafar an méid seo a leanas ó raon feidhme an Rialacháin seo:
(a)sannadh éileamh a eascraíonn as gaoil teaghlaigh agus as caidrimh a measann an dlí is infheidhme i ndáil le caidrimh den sórt sin éifeachtaí inchomparáide a bheith acu, lena náirítear oibleagáidí cothabhála;
(b)sannadh éileamh a eascraíonn as réimis maoine pósta, réimis maoine caidreamh a measann an dlí is infheidhme i ndáil le caidrimh den sórt sin éifeachtaí inchomparáide a bheidh acu le pósadh, agus uachtanna agus comharbas;
(c)sannadh éileamh a eascraíonn as billí malairte, seiceanna, nótaí gealltanais agus ionstraimí soshannta eile sa mhéid gur as soshanntacht ionstraimí soshannta eile den chineál sin a eascraíonn na hoibleagáidí ar ann dóibh fúthu;
(d)sannadh éileamh a eascraíonn as ceisteanna arna rialú ag dlí na gcuideachtaí agus comhlachtaí eile, idir chorpraithe agus neamhchorpraithe, amhail bunú, trí chlárú nó ar shlí eile, inniúlacht dhlíthiúil, eagrú inmheánach nó foirceannadh cuideachtaí agus comhlachtaí eile, idir chorpraithe agus neamhchorpraithe, agus dliteanas pearsanta oifigeach agus comhaltaí, sa cháil sin dóibh, i leith oibleagáidí na cuideachta nó an chomhlachta;
(e)sannadh éileamh a eascraíonn as comhdhéanamh iontaobhas agus as an gcaidreamh idir socraitheoirí, iontaobhaithe agus tairbhithe;
(f)sannadh éileamh a eascraíonn as conarthaí árachais a eascraíonn as oibríochtaí a rinne eagraíochtaí seachas na gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus (3) de Threoir 2009/138/CE maidir le dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus leanúint den ghnó sin (Dócmhainneacht II), a bhfuil sé de chuspóir acu sochair a sholáthar do dhaoine atá fostaithe nó do dhaoine atá féinfhostaithe a bhfuil baint acu le gnóthas nó le grúpa gnóthas, nó le ceird nó le grúpa ceirdeanna, i gcás báis nó marthanais nó i gcás scoir nó ciorraithe gníomhaíochta, nó i gcás breoiteachta a bhaineann le hobair nó le tionóiscí ag an obair.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo:
(a)ciallaíonn "sannóir" duine a aistríonn a cheart chun fiach a éileamh in aghaidh féichiúnaí chuig duine eile;
(b)ciallaíonn "sannaí" duine a fhaigheann an ceart fiach a éileamh in aghaidh féichiúnaí ó dhuine eile;
(c)ciallaíonn "sannadh" aistriú deonach ar cheart chun fiach a éileamh in aghaidh féichiúnaí. Áirítear leis sin aistrithe iarbhír ar éilimh, seachaíocht chonarthach, aistrithe éileamh trí urrúis agus gealltanais nó aon chearta eile urrús eile ar éilimh;
(d)ciallaíonn "éileamh" an ceart fiach de chineál ar bith a éileamh, idir fhiacha airgeadaíochta agus neamh-airgeadaíochta, agus cibé acu a eascraíonn sé as oibleagáid chonarthach nó neamhchonarthach;
(e)ciallaíonn "éifeachtaí tríú páirtí" éifeachtaí dílseánaigh, is é sin, ceart an tsannaí a theideal dlí a dhearbhú ar éileamh a shanntar dó i leith sannaithe nó tairbhithe eile ar an éileamh céanna nó ar éileamh atá coibhéiseach ó thaobh feidhme de, creidiúnaithe an tsannóra nó i leith tríú páirtithe eile;
(f)ciallaíonn "gnáthchónaí", i gcás cuideachtaí agus comhlachtaí eile, idir chorpraithe agus neamhchorpraithe, an lárionad riaracháin; agus i gcás duine nádúrtha ag gníomhú dó ina ghníomhaíocht gnó, a phríomháit ghnó;
(g)ciallaíonn "institiúid chreidmheasa" gnóthas mar atá sainmhínithe i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena náirítear brainsí, de réir bhrí phointe (17) d'Airteagal 4(1) den Rialachán sin, institiúidí creidmheasa a bhfuil a gceannoifigí taobh istigh nó, i gcomhréir le hAirteagal 47 de Threoir 2013/36/AE, lasmuigh den Aontas i gcás ina bhfuil na brainsí sin lonnaithe san Aontas;
(h)ciallaíonn "airgead" airgead a chreidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa in aon chineál airgeadra;
(i)ciallaíonn "ionstraim airgeadais" na hionstraimí sin a shonraítear i Roinn C d'Iarscríbhinn I de Threoir 2014/65/AE.
CAIBIDIL II
RIALACHA AONFHOIRMEACHA
Airteagal 3
Cur i bhfeidhm uilíoch
Déanfar aon dlí a shonraítear leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm cibé acu an dlí de chuid Ballstáit é nó nach ea.
Airteagal 4
An dlí is infheidhme
1.
Mura foráiltear a mhalairt san Airteagal seo, is é dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an sannóir ag an am ábhartha an dlí lena rialófar éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de.
I gcás ina athróidh an sannóir áit a ghnáthchónaí idir dhá shannadh den éileamh céanna ar shannaithe éagsúla, beidh tosaíocht cirt sannaí ar cheart sannaí eile arna rialú ag an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra ag am a tháinig an sannadh i bhfeidhm den chéad uair in aghaidh tríú páirtithe faoin dlí a ainmnítear mar an dlí is infheidhme de bhun na chéad fhomhíre.
2.
Rialóidh an dlí is infheidhme i ndáil leis an éileamh arna shannadh éifeachtaí tríú páirtí maidir le sannadh na nithe seo a leanas:
(a)airgead a chreidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa;
(b)éilimh a eascraíonn as ionstraim airgeadais.
3.
Féadfaidh an sannóir agus an sannaí an dlí is infheidhme i ndáil leis an éileamh arna shannadh a roghnú mar an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de i bhfianaise urrúsú.
Luafar an rogha dlí go sainráite i gconradh an tsannta nó i gcomhaontú ar leithligh. Beidh bailíocht shubstaintiúil agus fhoirmiúil an bhirt trína ndearnadh rogha an dlí arna rialú ag an dlí arna roghnú.
4.
Déanfar coinbhleacht tosaíochta idir sannaithe an éilimh chéanna áit a bhfuil éifeachtaí tríú páirtí ceann amháin de na sanntaí arna rialú ag dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an sannóir agus éifeachtaí tríú páirtí sanntaí eile arna rialú ag an dlí is infheidhme i ndáil leis an éileamh arna shannadh, déanfar an choinbhleacht sin a rialú ag an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí an éilimh arna shannadh a raibh feidhm leis den chéad uair in aghaidh tríú páirtithe faoin dlí is infheidhme.
Airteagal 5
Raon feidhme an dlí is infheidhme
Rialóidh an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de bhun an Rialacháin seo de, an méid seo a leanas go háirithe:
(a)
na ceanglais maidir le héifeachtacht an tsannta in aghaidh tríú páirtithe seachas an féichiúnaí a áirithiú, mar shampla foirmiúlachtaí clárúcháin nó foilseacháin;
(b)
tosaíocht chearta an tsannaí ar chearta sannaí eile i dtaca leis an éileamh céanna;
(c)
tosaíocht chearta an tsannaí ar chearta chreidiúnaithe an tsannóra;
(d)
tosaíocht chearta an tsannaí ar chearta an tairbhí maidir le haistriú conartha i leith an éilimh chéanna;
(e)
tosaíocht chearta an tsannaí ar chearta thairbhí na nuachana conartha i gcoinne an fhéichiúnaí i leith an éilimh choibhéisigh.
Airteagal 6
Forálacha sainordaitheacha sáraitheacha
1.
Ní chuirfidh aon ní sa Rialachán seo srian ar chur i bhfeidhm fhorálacha sainordaitheacha sáraitheacha dhlí an fhóraim.
2.
Is forálacha iad forálacha sainordaitheacha sáraitheacha a measann Ballstát é a bheith ríthábhachtach iad a urramú chun a leasanna poiblí a chosaint, amhail a eagrú polaitiúil, sóisialta nó geilleagrach, agus sa mhéid go mbeidh siad infheidhme maidir le haon chás a thagann faoina raon feidhme, beag beann ar an dlí is infheidhme seachas sin maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de bhun an Rialacháin seo de.
CHAPTER III
FORÁLACHA EILE
Airteagal 7
Beartas poiblí (ordre public)
Ní fhéadfar diúltú do chur i bhfeidhm forála dlí aon tíre a shonraítear sa Rialachán seo ach amháin más follas nach bhfuil an cur i bhfeidhm sin ag teacht le beartas poiblí (ordre public) an fhóraim.
Airteagal 8
Renvoi a eisiamh
Is éard atá i gceist le cur i bhfeidhm dhlí aon Stáit a shonraítear sa Rialachán seo cur i bhfeidhm na rialacha dlí atá i bhfeidhm sa Stát sin seachas a rialacha maidir leis an dlí idirnáisiúnta phríobháideach.
Airteagal 9
Stáit a bhfuil níos mó ná córas dlí amháin acu
1.
I gcás ina mbeidh roinnt aonaid chríochacha i Stát agus a rialacha dlí féin ag gach ceann acu i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, breathnófar ar gach aonad críche mar Stát chun críocha an dlí is infheidhme faoin Rialachán seo a shainaithint.
2.
Ní cheanglófar ar Bhallstát ina bhfuil roinnt aonaid chríochacha a bhfuil a rialacha dlí féin ag gach ceann acu i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, ní cheanglófar orthu an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le heasaontachtaí dlíthe a bhaineann leis na haonaid sin amháin.
Airteagal 10
Gaol le forálacha eile de dhlí an Aontais
Ní dhéanfaidh an Rialachán seo dochar do chur i bhfeidhm forálacha de dhlí an Aontais lena leagtar síos, i dtaca le hábhair áirithe, rialacha easaontachta dlíthe a bhaineann le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de.
Airteagal 11
An gaol le coinbhinsiúin idirnáisiúnta atá ann cheana
1.
Ní dhéanfaidh an Rialachán seo dochar do chur i bhfeidhm coinbhinsiún idirnáisiúnta a mbeidh Ballstát amháin nó níos mó ina bpáirtithe iontu tráth a ghlacfar an Rialachán seo agus lena leagtar síos rialacha easaontachta dlíthe a bhaineann le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de.
2.
Beidh tosaíocht ag an Rialachán seo, áfach, amhail idir na Ballstáit, ar choinbhinsiúin idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích go heisiach idir dhá Bhallstát nó níos mó a mhéad a bhaineann na coinbhinsiúin sin le hábhair a rialaítear leis an Rialachán seo.
Airteagal 12
Liosta na gCoinbhinsiún
1.
Faoin [dáta an chur i bhfeidhm], tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na coinbhinsiúin dá dtagraítear in Airteagal 11(1). Tar éis an dáta sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi gach séanadh a dhéantar ar na coinbhinsiúin sin.
2.
Laistigh de shé mhí ón uair a bhfaighidh sé na fógraí dá dtagraítear i mír 1, foilseoidh an Coimisiún an méid seo a leanas in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:
(a)
liosta na gcoinbhinsiún dá dtagraítear i mír 1;
(b)
na séantaí dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 13
Clásal athbhreithnithe
Faoin [cúig bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Más iomchuí, beidh tograí maidir leis an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil.
Airteagal 14
Cur i bhfeidhm i dtaca le ham
1.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le sannadh éileamh arna dtabhairt i gcrích an [dáta an chur i bhfeidhm] nó dá éis.
2.
Cinnfidh an dlí is infheidhme de bhun an Rialacháin seo an bhfuil tosaíocht ag cearta tríú páirtí i leith éileamh arna shannadh tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar chearta tríú duine eile a fuarthas sula raibh an Rialachán seo infheidhme.
Airteagal 15
Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón [18 mí ón dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm].
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán