Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0481

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle, maidir le forálacha áirithe a bhaineann le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe atá i ndeacrachtaí tromchúiseacha nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais

/* COIM/2011/0481 leagan deireanach - 2011/0209 (COD) */

52011PC0481

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle, maidir le forálacha áirithe a bhaineann le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe atá i ndeacrachtaí tromchúiseacha nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais /* COIM/2011/0481 leagan deireanach - 2011/0209 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           Cúlra an togra

· Cúiseanna agus cuspóirí an togra

Tá an ghéarchéim mharthanach airgeadais agus eacnamaíoch ag méadú an bhrú ar acmhainní airgeadais náisiúnta na mBallstát de réir mar atá siad ag laghdú a mbuiséad. Sa chomhthéacs sin is tábhachtach an uirlis é a áirithiú go gcuirtear cláir forbartha tuaithe chun feidhme go rianúil chun cúnamh airgeadais a thabhairt don fhíorgheilleagar.

Mar sin féin, is minic a bhíonn sé deacair na cláir a chur chun feidhme de thoradh na bhfadhbanna leachtachta atá ann de dheasca srianta buiséid. Is amhlaidh an cás go mór mór i gcás na mBallstát sin is mó atá buailte ag an ngéarchéim agus a fuair cúnamh airgeadais faoi chlár faoi shásra Chomhardú na n‑Íocaíochtaí i gcás tíortha nach bhfuil an EURO acu nó faoin Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (ESFM) i gcás tíortha a bhfuil an EURO acu. Tá cúnamh airgeadais faoi na sásraí sin iarrtha go dtí seo ag sé thír agus tá clár de choigeartuithe maicreacnamaíocha aontaithe acu leis an gCoimisiún. Bhí cúnamh airgeadais á fháil ag an Ungáir ó 2009 ach d'fhág sí an sásra tacaíochta in 2010. Is iad na cúig thír atá fágtha an Rómáin agus an Laitvia faoi chuimsiú shásra Chomhardú na n‑Íocaíochtaí agus an Phortaingéil, an Ghréig agus Éire faoin EFSM (gairtear "tíortha cláir" ar na tíortha sin anseo feasta).

Chun cuidiú leis na Ballstáit sin leanúint de na cláir a chur chun feidhme ar bhonn praiticiúil agus de chistí a eisíoc le tionscadail, tá forálacha sa togra seo lena gceadaítear go méadófar an ráta rannchuidithe de chuid an CETFT is infheidhme maidir le cláir forbartha tuaithe na mBallstát sin go 95% ar a mhéad den chaiteachas poiblí incháilithe sna réigiúin atá incháilithe faoin gcuspóir cóineasaithe agus sna réigiúin is forimeallaí agus sna hoileáin bheaga Aeigéacha, agus go 85% den chaiteachas poiblí incháilithe i réigiúin eile fad is atá siad faoi chuimsiú na sásraí tacaíochta. Dá bharr sin, cuirfear acmhainní airgeadais breise ar fáil do na Ballstáit agus is éasca a bheidh sé leanúint de na cláir a chur chun feidhme ar bhonn praiticiúil.

· Comhthéacs ginearálta

Níl aon amhras ach go bhfuil díobháil nach beag á deanamh don fhíorgheilleagar de réir mar a théann an ghéarchéim in olcas i roinnt Ballstát. Is é méid na bhfiach agus an deacracht atá ag na rialtais iasachtaí airgid a fháil ón margadh is cúis leis an díobháil sin.

Bhí an Coimisiún an‑ghníomhach i ndáil le tograí a bheartú maidir leis an gcaoi is fearr chun freagra a thabhairt ar an ngéarchéim airgeadais agus ar na hiarmhairtí socheacnamaíocha a bhaineann léi. Go háirithe, faoi chuimsiú a phacáiste téarnaimh, bheartaigh an Coimisiún roinnt athruithe rialaitheacha i mí na Nollag 2008 chun ráta rannchuidithe an CETFT a mhéadú sa dóigh go mbeadh sé cothrom leis an gcaiteachas arna thabhú ag na cláir forbartha tuaithe sa bhliain 2009. As measc na dtíortha thuasluaite, bhain an Ghréig, an Laitvia agus an Ungáir tairbhe as an tsaoráid sin.

· Forálacha atá i bhfeidhm i réimse beartais an togra

I Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle maidir le tacaíocht d'fhorbairt na tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) sainítear na comhrialacha is infheidhme maidir leis an bpróiseas cláraithe chomh maith le socruithe chun bainistíocht clár, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thionsacadail.

Déanfar cláir forbartha tuaithe a scrúdú arís agus a oiriúnú le haghaidh a bhfuil fágtha den tréimhse cláraithe, i gcás ina mbeadh gá leis sin chun comhsheasmhacht a áirithiú le treoirlínte straitéiseacha an Chomhphobail, leis an bplean straitéise náisiúnta agus le Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, i gcomhréir le hAirteagal 18 agus le hAirteagal 19 den Rialachán sin.

Foráiltear in Airteagal 26(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle go ndéanfar na híocaíochtaí eatramhacha a ríomh tríd an ráta cómhaoinithe i gcomhair gach tosaíochta a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas poiblí deimhnithe a bhaineann léi.

· Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais

Neamhbhainteach.

2.           COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS ANAILÍS AR AN TIONCHAR

· Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Tá an togra comhsheasmhach le tograí agus le tionscnaimh eile arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach mar fhreagairt ar an ngéarchéim airgeadais.

· Bailiú agus úsáid saineolais

Níor ghá saineolas seachtrach a úsáid.

· Anailís ar an tionchar

Cuirfidh an togra ar chumas an Choimisiúin rátaí rannchuidithe de chuid an CETFT atá níos airde a fhormheas i gcomhair na dtíortha lena mbaineann, fad is atá siad faoi chuimsiú na sásraí tacaíochta.

Níl aon ghá le buiséad breise ós rud é nach n‑athrófar an leithdháileadh airgeadais iomlán a thabharfar ó na Cistí do na tíortha agus na cláir le linn na clárthréimhse 2007‑2013.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

· Achoimre ar an togra

· Tá sé beartaithe Airteagal 70 de Rialachán Uimh. 1698/2005 ón gComhairle a mhodhnú ionas gur féidir an ráta rannchuidithe de chuid an CETFT is infheidhme maidir le cláir forbartha tuaithe na mBallstát i dtrácht a mhéadú go 95% den chaiteachas poiblí incháilithe sna réigiúin atá incháilithe faoin gcuspóir cóineasaithe agus sna réigiúin is forimeallaí agus sna hoileáin bheaga Aeigéacha, agus go 85% den chaiteachas poiblí incháilithe i réigiúin eile fad is atá siad faoi chuimsiú na sásraí tacaíochta.

Tar éis don Chomhairle cinneadh a ghlacadh ag deonú cúnaimh do Bhallstát faoi na sásraí tacaíochta, cuirfidh an Ballstát sin togra faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh modhnú ar a chlár forbartha tuaithe chun rátaí cómhaoinithe an CETFT a mhéadú. Gheobhaidh íocaíochtaí a chuirfear isteach tar éis don mhodhnú sin a bheith formheasta tairbhe na tacaíochta níos airde. Beart sealadach a bheidh sa mhéid sin agus cuirfear deireadh leis a luaithe a fhágfaidh an Ballstát an sásra tacaíochta.

I gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, ní fhéadfaidh feidhm a bheith ag na rátaí cómhaoinithe méadaithe ach amháin i gcás íocaíochtaí atá le déanamh tar éis don Choimisiún na cláir forbartha tuaithe faoi seach, lena n‑áirítear na pleananna airgeadais nua, a fhormheas.

· Bunús dlí

I Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht d'fhorbairt na tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) sainítear na comhrialacha is infheidhme maidir leis an bpróiseas cláraithe chomh maith le socruithe chun bainistiú cláir, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thionscadail. Ba cheart an togra le haghaidh mhodhnú Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 a bhunú ar Airteagal 42 agus Airteagal 43 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

· Prionsabal na coimhdeachta

Comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta sa mhéid go ndéantar iarracht ann tacaíocht mhéadaithe a thabhairt, tríd an CETFT, do Bhallstáit áirithe atá i ndeacrachtaí tromchúiseacha nó a bhfuil deacrachtaí den sórt sin ag bagairt orthu, go háirithe fadhbanna lena bhfás eacnamaíoch agus lena gcobhsaíocht airgeadais agus le meathlúchán ar a riocht easnaimh agus fiachais, de dheasca na ndálaí idirnáisiúnta eacnamaíocha agus airgeadais. Sa chomhthéacs sin, is gá sásra sealadach a bhunú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh lena gceadófar don Choimisiún Eorpach caiteachas deimhnithe faoin CETFT a aisíoc ag úsáid ráta cómhaoinithe níos airde.

· Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta:

Go cinnte dearfa, tá an togra seo comhréireach óir is fada a théann sé chun tacaíocht mhéadaithe ón CETFT a thabhairt do na Ballstáit atá i ndeacrachtaí nó a bhfuil géardheacrachtaí ag bagairt orthu de bhun tarluithe eisceachtúla nach bhfuil neart acu orthu agus a thig faoi choinníollacha Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle (lena mbunaítear an sásra Eorpach um chobhsaíocht airgeadais), nó do na Ballstáit atá i ndeacrachtaí nó a bhfuil deacrachtaí ag dianbhagairt orthu maidir le comhardú a n‑íocaíochtaí agus a thig faoi choinníollacha Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle. I gcás na Gréige, tháinig an Comhaontú idir Chreidiúnaithe a tugadh i gcrích leis an nGníomh um Shaoráid Iasachta an Limistéir Euro i bhfeidhm an 11 Bealtaine 2010. Foráiltear ann go rachadh an tréimhse infhaighteachta in éag cothrom trí bliana dháta an chomhaontaithe.

· Rogha ionstraimí

An ionstraim atá beartaithe: rialachán.

Ní bheadh ionstraimí eile iomchuí ar na cúiseanna seo a leanas:

Tá iniúchadh déanta ag an gCoimisiún i dtaobh na ndeiseanna atá ann bearta a dhéanamh faoin gcreat dlí atá ann agus measann sé, i bhfianaise na taithí atá faighte go dtí seo, gur gá modhnuithe ar Rialachán Uimh. 1698/2005 ón gComhairle a mholadh. Is é an cuspóir leis an athbhreithniú seo éascú breise a dhéanamh ar chómhaoiniú tionscadal agus sa dóigh sin luas a chur faoi chur chun feidhme na dtionscadal sin agus faoin tionchar a bheidh ag infheistíochtaí den sórt sin ar an bhfíorgheilleagar.

4.           Tionchar buiséadach

Níl aon tionchar ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí ós rud é nach bhfuil aon mhodhnú beartaithe ar na suimeanna uasta de mhaoiniú an CETFT dá bhforáiltear sna Cláir Oibríochtúla i gcomhair na tréimhse cláraithe 2007‑2013. I gcás na tréimhse i dtrácht, aisíocfaidh an Coimisiún caiteachas deimhnithe ag ráta cómhaoinithe níos airde. Beidh sé sin le sonrú láithreach mar íocaíochtaí breise leis na Ballstáit i dtrácht i gcomhair an chaiteachais arna thuairisciú don Choimisiún ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, tar éis athbhreithniú ar na cláir forbartha tuaithe.

Ar bhonn na réamhaisnéisí caiteachais a chuir na Ballstáit i dtrácht chuig an gCoimisiún go dtí seo, d'fhéadfadh sé go mbeadh gá EUR 90 milliún sa bhreis ó bhuiséad 2011 má fhormheastar an togra in am, agus EUR 470 milliún ó bhuiséad 2012, a íoc amach i gcás ina gcinnfeadh na Ballstáit úsáid a bhaint as an uasráta cómhaoinithe atá ceadaithe.

Ós rud é gur iarr Ballstáit go mbeadh sochar le baint acu as an mbeart agus i bhfianaise an athraithe ar an nós imeachta maidir le híocaíochtaí eatramhacha a chur isteach, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú in 2012 ar an riachtanas atá ann le leithreasaí breise faoi chomhair íocaíochtaí agus molfaidh sé, más gá, na bearta ábhartha don Údarás Buiséadach.

2011/0209 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle, maidir le forálacha áirithe a bhaineann le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe atá i ndeacrachtaí tromchúiseacha nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[1],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[2],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) I ngeall ar an ngéarchéim airgeadais agus ar an gcor chun donais eacnamaíoch, nár tháinig a samhail riamh roimhe, atá ann ar fud an domhain tá díobháil thromchúiseach déanta don fhás eacnamaíoch agus don chobhsaíocht airgeadais agus tá meath mór tagtha ar dhálaí airgeadais agus eacnamaíocha i roinnt Ballstát. Go háirithe, tá Ballstáit áirithe i ndeacrachtaí tromchúiseacha nó tá deacrachtaí den sórt sin ag bagairt orthu, go háirithe fadhbanna lena bhfás eacnamaíoch agus lena gcobhsaíocht airgeadais agus le meathlúchán ar a riocht easnaimh agus fiachais, agus de dheasca na ndálaí idirnáisiúnta eacnamaíocha agus airgeadais freisin.

(2) Cé go ndearnadh gníomhaíochtaí tábhachtacha cheana féin, lena n‑áirítear leasuithe ar an gcreat reachtach, ar mhaithe le héifeachtaí diúltacha na géarchéime a fhrithchothromú, tá tionchar na géarchéime airgeadais ar an bhfíorgheilleagar, ar mhargadh an tsaothair agus ar na saoránaigh le brath go forleathan. Tá an brú ar acmhainní airgeadais náisiúnta ag dul i méid agus ba cheart tuilleadh beart a dhéanamh chun an brú sin a mhaolú tríd an úsáid is mó agus an úsáid is éifeachtaí agus is féidir a bhaint as cistiú ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (dá ngairtear "CETFT" anseo feasta).

(3) Le Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2010 lena mbunaítear sásra Eorpach um chobhsaíocht airgeadais[3] bunaíodh sásra den sórt sin d'fhonn cobhsaíocht airgeadais an Aontais a chaomhnú, rud atá fothaithe ar Airteagal 122(2) den Chonradh lena bhforáiltear go mbeidh deis ann cúnamh airgeadais ón Aontas a dheonú do Bhallstát atá i ndeacrachtaí nó a bhfuil géardheacrachtaí ag dianbhagairt air de bhun tarluithe eisceachtúla nach bhfuil neart aige orthu.

(4) Trí Chinneadh Cur Chun Feidhme 2011/77/AE ón gComhairle an 7 Nollaig 2010[4] agus trí Chinneadh Cur Chun Feidhme 2011/344/AE ón gComhairle an 30 Bealtaine 2011[5] deonaíodh cúnamh airgeadais den sórt sin ón Aontas d'Éirinn agus don Phortaingéil. Bhí an Ghréig i ndeacrachtaí tromchúiseacha maidir lena cobhsaíocht airgeadais sular tháinig Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 i bhfeidhm agus fuair sí cúnamh airgeadais inter alia ó Bhallstáit eile den limistéar euro.

(5) Le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 ag saoráid trína soláthraítear cúnamh meántéarmach i leith iarmhéideanna íocaíochtaí na mBallstát[6] bunaíodh ionstraim lena bhforáiltear go ndeonóidh an Chomhairle cúnamh frithpháirteach i gcás ina mbeidh Ballstát nár ghlac an euro i ndeacrachtaí nó ina mbeidh deacrachtaí ag dianbhagairt air maidir le comhardú a íocaíochtaí.

(6) Trí Chinntí 2009/102/CE an 4 Samhain 2008[7], 2009/290/CE an 20 Eanáir 2009[8] agus 2009/459/CE an 26 Meitheamh 2009[9] ón gComhairle deonaíodh cúnamh airgeadais den sórt sin don Ungáir, don Laitvia agus don Rómáin.

(7) Tá an tréimhse a mbeidh an cúnamh ar fáil d'Éirinn, don Ungáir, don Laitvia, don Phortaingéil agus don Rómáin lena linn leagtha amach sna Cinntí faoi seach ón gComhairle. Chuaigh an cúnamh don Ungáir in éag an 4 Samhain 2010.

(8) I gcás na Gréige, tháinig an Comhaontú idir Chreidiúnaithe a tugadh i gcrích leis an nGníomh um Shaoráid Iasachta an Limistéir Euro i bhfeidhm an 11 Bealtaine 2010. Foráiltear ann go rachadh an tréimhse infhaighteachta in éag cothrom trí bliana dháta an chomhaontaithe.

(9) An 11 Iúil 2011, shínigh airí airgeadais na 17 mBallstát atá i limistéar an euro an Conradh lena mbunaítear an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht (ESM). Tháinig an Conradh i ndiaidh an Chinnidh ón gComhairle Eorpach an 25 Márta 2011. Foráiltear go nglacfaidh an ESM, faoi 2013, na tascanna a chomhlíonann an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF) agus an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSM) faoi láthair.

(10) Cuireann conclúidí an 23 agus an 24 Iúil 2011 ón gComhairle Eorpach fáilte roimh rún an Choimisiúin an tsineirgíocht idir an clár iasachtaí don Ghréig agus cistí an Aontais a fheabhsú, agus ar an gcaoi sin tacú le hiarrachtaí cur le cumas na Gréige cistí an Aontais a ionsú chun fás agus fostaíocht a spreagadh trí athdhíriú ar fheabhas a chur ar iomaíochas agus ar chruthú fostaíochta. Thairis sin, sna conclúidí sin dearbhaíonn an Chomhairle a sásamh agus a tacaíocht maidir leis an gCoimisiún a bheith i mbun ullmhúcháin, in éineacht leis na Ballstáit, ar chlár cuimsitheach de chúnamh teicniúil don Ghréig. Cuireann an Rialachán seo leis na hiarrachtaí sin chun sineirgíochta.

(11) Chun bainistíocht chistiú an Aontais a éascú, le gur féidir infheistíochtaí i mBallstáit agus i réigiúin lena mbaineann a luasghéarú agus chun tionchar an chistithe ar an ngeilleagar a mhéadú is gá a cheadú go méadófar ráta rannchuidithe an CETFT go 95% den chaiteachas poiblí incháilithe sna réigiúin atá incháilithe faoin gcuspóir cóineasaithe agus go 85% den chaiteachas poiblí incháilithe i réigiúin eile atá i ndeacrachtaí tromchúiseacha i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais.

(12) I gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, ní fhéadfaidh feidhm a bheith ag na rátaí cómhaoinithe méadaithe ach amháin i gcás íocaíochtaí atá le déanamh tar éis don Choimisiún na cláir forbartha tuaithe faoi seach, lena n‑áirítear na pleananna airgeadais nua, a fhormheas. Dá bhrí sin, is gá freisin an nós imeachta a chinneadh faoina bhféadfaidh na Ballstáit an deis sin a úsáid chomh maith leis an sásra trína n-áiritheofar í.

(13) Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 an 11 Iúil 2006 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) [10] a leasú dá réir sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 70 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, cuirtear mír 4c isteach mar a leanas i ndiaidh mhír 4b:

"4c.        De mhaolú ar na huasmhéideanna atá leagtha amach i míreanna 3, 4 agus 5, féadfar rannchuidiú an CETFT a mhéadú go 95% ar a mhéid den chaiteachas poiblí incháilithe sna réigiúin atá incháilithe faoin gcuspóir cóineasaithe agus sna réigiúin is forimeallaí agus sna hoileáin bheaga Aeigéacha, agus go 85% den chaiteachas poiblí incháilithe i réigiúin eile. Beidh feidhm ag na rátaí sin maidir leis an gcaiteachas incháilithe arna nua-thuairisciú i ngach ráiteas deimhnithe caiteachais arna chur isteach le linn na tréimhse ina gcomhlíonann Ballstát ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)     tá cúnamh airgeadais curtha ar fáil dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2010 lena mbunaítear sásra Eorpach um chobhsaíocht airgeadais* nó, curtha ar fáil dó ag Ballstáit eile i limistéar an euro sular tháinig an Rialachán sin i bhfeidhm.

(b)     tá cúnamh airgeadais meántéarmach curtha ar fáil dó i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid trína soláthraítear cúnamh meántéarmach i leith iarmhéideanna íocaíochta na mBallstát**;

(c)     tá cúnamh airgeadais curtha ar fáil dó i gcomhréir leis an gConradh lena mbunaítear an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht.

Cuirfidh Ballstát ar mian leis leas a bhaint as an maolú dá bhforáiltear sa chéad fhomhír iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin a chlár forbartha tuaithe a mhodhnú dá réir sin. Beidh feidhm ag an maolú ón uair a bheidh modhnú an chláir formheasta ag an gCoimisiún, agus scoirfidh sé d'fheidhm a bheith aige nuair nach gcomhlíonfaidh an Ballstát aon cheann de na coinníollacha atá leagtha amach i bpointí (a), (b) nó (c) den chéad fhomhír. Cuirfidh an Ballstát togra le haghaidh mhodhnú an chláir chuig an gCoimisiún ansin lena n‑áireofar plean maoinithe nua i gcomhréir leis na rátaí uasta ab infheidhme roimh an maolú.

Mura gcuirfidh Ballstát togra le haghaidh mhodhnú a chláir forbartha tuaithe faoi bhráid an Choimisiúin, lena n‑áireofar plean maoinithe nua, ar an dáta nach gcomhlíonann sé a thuilleadh aon cheann de na coinníollacha atá leagtha amach i bpointí (a), (b) nó (c) den chéad fhomhír den mhír seo a thuilleadh, nó mura mbeidh an plean maoinithe a chuirfear ar aghaidh i gcomhréir leis na rátaí uasta atá leagtha síos i míreanna 3, 4 agus 5 den Airteagal seo, cuirfear na rátaí sin i bhfeidhm ón dáta sin go huathoibríoch.

*          IO L 118, 12.5.2010, lch. 1.

**        IO L 53, 23.2.2002, lch. 1."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

RÁITEAS AIRGEADAIS || AGRI/I1/Ares/2011/880294 Rev 1 (JGS/dz) 6.20.2011.6

|| DÁTA: 26/07/2011

1. || CEANNTEIDEAL BUISÉID: 05 04 05 01 || LEITHREASAÍ 2011: Faoi chomhair oibleagáidí: EUR 14 407 971 311 Faoi chomhair íocaíochtaí: EUR 11 900 560 340

2. || TEIDEAL: Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) i dtaobh rannchuidiú airgeadais ón gCiste i gcomhair Ballstát áirithe

3. || BUNÚS DLÍ: -

4. || AIDHMEANNA: Rialachán Uimh. 1698/2005 a mhodhnú chun a cheadú go méadófar ráta rannchuidithe an CETFT go 95% ar a mhéid den chaiteachas poiblí incháilithe i mBallstáit áirithe atá i ndeacrachtaí tromchúiseacha i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais.

5. || IMPLEACHTAÍ AIRGEADAIS (1) || TRÉIMHSE 12 MHÍ (EUR milliún) || AN BHLIAIN AIRGEADAIS REATHA 2011 (EUR milliún) || AN BHLIAIN AIRGEADAIS INA DHIAIDH SIN 2012 (EUR milliún)

5.0 || CAITEACHAS - ARNA MHUIREARÚ AR BHUISÉAD AN CE (praghsanna reatha) - ÚDARÁIS NÁISIÚNTA -               EILE || - || Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí: - Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí: + 90 || Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí: - Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí: + 470

5.1 || IONCAM -               ACMHAINNÍ DÍLSE AN CE (TOBHAIGH/DLEACHTANNA CUSTAIM) -               NÁISIÚNTA || - || - || -

|| || 2011 || 2012 || 2013

5.0.1 || CAITEACHAS MEASTA (praghsanna reatha) Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí || - +90 || - +470 || - -

5.1.1 || IONCAM MEASTA || - || - || -

5.2 || MODH DON RÍOMH:-

6.0 || AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ Ó LEITHREASAÍ A CUIREADH ISTEACH SA CHAIBIDIL ÁBHARTHA DEN BHUISÉAD REATHA? || IS FÉIDIR NÍ FÉIDIR

6.1 || AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ LE TRASDUL IDIR CAIBIDLÍ AN BHUISÉID REATHA? || IS FÉIDIR NÍ FÉIDIR

6.2 || AN mBEIDH GÁ LE BUISÉAD FORLÍONTACH? || IS FÉIDIR NÍ FÉIDIR

6.3 || AN mBEIDH GÁ LEITHREASAÍ A CHUR ISTEACH I mBUISÉID AMACH ANSEO? || IS FÉIDIR NÍ FÉIDIR

6.4 || EILE ||

BARÚLACHA: (1) Maidir le leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí, ní bhainfidh aon tionchar airgeadais le modhnú Rialachán 1698/2005 toisc nach n-athrófar an t-imchlúdach foriomlán le haghaidh forbartha tuaithe ná a mhiondealú bliantúil. I gcás íocaíochtaí, féadfaidh aisíocaíochtaí níos airde don Bhallstát i gceist a bheith ann de bharr mhéadú an ráta cómhaoinithe. Má fhormheastar an togra luath go leor chun an ráta nua a chur i bhfeidhm ar na hiarrataí íocaíochta a bhaineann leis an tríú ceathrú de 2011, is féidir a mheas go mbeidh EUR 90 milliún i gceist leis na leithreasaí breise faoi chomhair íocaíochtaí a mbeidh gá leo le linn na bliana seo. I gcomhair 2011, déileálfar leis an staid, más gá, san Ollaistriú. Meastar go mbeidh íocaíochtaí breise EUR 470 milliún le déanamh in 2012. Ós rud é gur iarr an Ballstát sochar a bhaint as an mbeart agus i bhfianaise an athraithe ar an nós imeachta maidir le híocaíochtaí eatramhacha a chur isteach, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú in 2012 ar an riachtanas atá le leithreasaí breise faoi chomhair íocaíochtaí agus molfaidh sé, más gá, na bearta riachtanacha don Údarás Buiséadach. Níl aon mheastachán ríofa don bhliain 2013 ós rud é go gcuirfí na hiarmhairtí san áireamh sa nós imeachta buiséid dá mba rud é go leanfadh imthosca eisceachtúla d'údar maith a thabhairt le rátaí cómhaoinithe méadaithe. Ó tharla nach n‑athraíonn imchlúdach iomlán an CETFT, de bharr íocaíochtaí breise in 2011 agus in 2012 beidh laghdú coibhéiseach ar íocaíochtaí ag deireadh na tréimhse.

[1]               IO L , , lch. .

[2]               IO L , , lch. .

[3]               IO L 118, 12.5.2010, lch. 1.

[4]               IO L 30, 4.2.2011, lch. 34.

[5]               IO L 159, 17.6.2011, lch. 88.

[6]               IO L 53, 23.2.2002, lch. 1.

[7]               IO L 37, 6.2.2009, lch. 5.

[8]               IO L 79, 25.3.2009, lch. 39.

[9]               IO L 150, 13.6.2009, lch. 8.

[10]             IO L 210, 31.7.2006, lch. 25.

Top