This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R2782
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/2782 of 14 December 2023 laying down the methods of sampling and analysis for the control of the levels of mycotoxins in food and repealing Regulation (EC) No 401/2006
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2782 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2023 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú a dhéanamh ar na leibhéil míceatocsainí i mbia agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 401/2006
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2782 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2023 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú a dhéanamh ar na leibhéil míceatocsainí i mbia agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 401/2006
C/2023/8401
IO L, 2023/2782, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2782/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version: 24/03/2024
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2782 |
15.12.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2782 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Nollaig 2023
lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú a dhéanamh ar na leibhéil míceatocsainí i mbia agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 401/2006
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 34(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún (2) leagtar síos uasleibhéil le haghaidh míceatocsainí agus scléaróití eargóit áirithe i mbianna. |
(2) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 401/2006 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse atá le húsáid chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar na leibhéil míceatocsainí in earraí bia. |
(3) |
Maidir leis na modhanna samplála, dá ndéantar foráil i Rialachán (CE) Uimh. 401/2006 le haghaidh na mbianna éagsúla, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le rialú a dhéanamh ar na míceatocsainí uile, in ionad míceatocsainí a luaitear go sonrach, sna bianna sin. Thairis sin, tá sé iomchuí an modh samplála d’fhorbhianna a thabhairt cothrom le dáta agus foráil a dhéanamh maidir le modh samplála le haghaidh luibheanna triomaithe, insiltí luibhe agus taenna. |
(4) |
Is féidir rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar bhianna nár bunaíodh aon uasleibhéal sonrach dóibh i ndáil le míceatocsainí agus nár bunaíodh aon nós imeachta samplála sonrach dóibh. Tá sé iomchuí, dá bhrí sin, critéir a sholáthar chun a chinneadh cé acu nós imeachta samplála is ceart a chur i bhfeidhm sna cásanna sin. |
(5) |
Ar bhonn na faisnéise eolaíche is fearr atá ar fáil, thug Saotharlann Tagartha an Aontais Eorpaigh um míceatocsainí agus tocsainí plandaí na critéir feidhmíochta anailíseacha le haghaidh míceatocsainí cothrom le dáta. Dá bhrí sin, is iomchuí na critéir a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 401/2006 a mhodhnú. |
(6) |
Is gá go leor ama a thabhairt do shaotharlanna ina ndéantar an rialú chun na ceanglais nua a thugtar isteach leis an Rialachán seo a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, tá sé iomchuí foráil a dhéanamh maidir le ham réasúnach go dtí go mbeidh feidhm ag an Rialachán seo. |
(7) |
Chun leanúnachas, i ndáil le déanamh na rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí rialála eile maidir le huasleibhéil míceatocsainí, a áirithiú agus chun go leor ama a thabhairt chun modhanna anailíse a athbhailíochtú, tá sé iomchuí foráil a dhéanamh gur féidir modhanna anailíse, a bailíochtaíodh roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, a úsáid fós, go ceann tréimhse shainithe, faoi réir na gceanglas sonrach dá ndéantar foráil i bpointe 4.3 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 401/2006. |
(8) |
Ós rud é go bhfuil na modhnuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 401/2006 substaintiúil, tá sé iomchuí, ar mhaithe le soiléireacht, an Rialachán sin a aisghairm agus rialachán nua a chur ina ionad. |
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn ‘luchtóg’ cainníocht inaitheanta earra bia a sholáthraítear ag aon am amháin agus a gcinneann an t-údarás inniúil go bhfuil saintréithe coiteanna aici, amhail tionscnamh, cineál, cineál pacáiste, pacálaí, coinsíneoir nó marcanna; |
(2) |
ciallaíonn ‘fo-luchtóg’ cuid de luchtóg mhór atá scartha go fisiceach agus atá inaitheanta, agus a ainmnítear chun an modh samplála a chur i bhfeidhm; |
(3) |
ciallaíonn ‘sampla incriminteach’ cainníocht ábhair a thógtar ó áit amháin sa luchtóg nó san fho-luchtóg; |
(4) |
ciallaíonn ‘sampla comhiomlán’ iomlán comhcheangailte na samplaí incriminteacha uile a thógtar ón luchtóg nó ón bhfo-luchtóg; |
(5) |
ciallaíonn ‘foshampla’ cainníocht ábhair arna tabhairt ón sampla comhiomlán le haghaidh rialú scléaróití eargóit le scrúdú amhairc; |
(6) |
ciallaíonn ‘sampla saotharlainne’ cuid ionadaíoch nó cainníocht ionadaíoch den sampla comhiomlán atá beartaithe don tsaotharlann; |
(7) |
ciallaíonn ‘aisghabháil (Rec, %)’ an céatadán arna fháil tríd an bhfoirmle x/xref × 100 % a chur i bhfeidhm i gcás inarb ionann:
|
(8) |
ciallaíonn ‘laofacht’ an difríocht idir an luach tomhaiste agus an tiúchan tagartha |
(9) |
ciallaíonn ‘diall caighdeánach coibhneasta in-atrialltachta (RSDr)’ an diall caighdeánach coibhneasta (%) arna ríomh ó na torthaí arna nginiúint faoi dhálaí in-atrialltachta (beachtas in-atrialltachta): an t-oibreoir céanna ag úsáid an mhodha chéanna ar an ábhar samplach céanna i saotharlann amháin, leis an uirlis chéanna, laistigh d’eatramh gearr ama (1 lá amháin nó 1 seicheamh amháin); |
(10) |
ciallaíonn ‘diall caighdeánach coibhneasta in-atáirgtheachta laistigh de shaotharlann (RSDwR)’ an diall caighdeánach coibhneasta (%) arna ríomh ó na torthaí arna nginiúint faoi dhálaí atá in-atáirgthe laistigh de shaotharlann (beachtas idirmheánach): ag úsáid an mhodha chéanna ar an ábhar samplach céanna i saotharlann amháin ach ar laethanta difriúla (b’fhearr eatramh ama níos faide a bheith i gceist), agus féadfaidh dálaí eile a bheith ann, amhail oibreoirí éagsúla agus/nó uirlisí éagsúla (coibhéiseach) a bheith páirteach; |
(11) |
ciallaíonn ‘diall caighdeánach coibhneasta in-atáirgtheachta (RSDR)’ an diall caighdeánach coibhneasta (%) arna ríomh ó na torthaí arna nginiúint faoi dhálaí in-atáirgtheachta (beachtas idirshaotharlainne), rud a chiallaíonn go ndéantar anailís ar an ábhar ceanna i saotharlanna difriúla. Féadfar an RSDR a dhíorthú ó staidéir chomhoibríocha agus tástálacha inniúlachta go háirithe; |
(12) |
ciallaíonn ‘teorainn chainníochtaithe’ an cion is ísle den anailít is féidir a thomhas le cinnteacht réasúnta staitistiúil. I gcomhthéacs an rialacháin seo, ciallaíonn sé sin an leibhéal is ísle arna bhailíochtú go rathúil: an tiúchan is ísle anailíte arna tástáil in ábhar sampla, dár léiríodh go gcomhlíontar na critéir le haghaidh aisghabhála, beachtais agus aitheantais (4); |
(13) |
ciallaíonn ‘spriocthiúchan scagthástála (STC)’ an tiúchan leasa chun an mhíceatocsain i sampla a bhrath. Nuair is é an aidhm atá ann comhlíonadh na dteorainneacha rialála a thástáil, bíonn an spriocthiúchan scagthástála cothrom leis an uasleibhéal is infheidhme. I gcás cuspóirí eile nó i gcás nár bunaíodh aon uasleibhéal, is í an tsaotharlann a réamhshainíonn an spriocthiúchan scagthástála; |
(14) |
ciallaíonn ‘modh scagthástála’ an modh a úsáidtear chun na samplaí sin, lena ngabhann leibhéil míceatocsainí a sháraíonn an spriocthiúchan scagthástála (STC), a roghnú le deimhneacht faoi leith. Meastar go bhfuil deimhneacht 95 % oiriúnach dá feidhm chun críche scagthástála míceatocsainí. Bíonn toradh na hanailíse scagthástála ‘diúltach’ nó ‘faoi amhras’. Beifear in ann tréchur ard costéifeachtach samplaí a dhéanamh leis na modhanna scagthástála, rud lena méadófar an seans go n-aimseofaí teagmhais nua lena ngabhann rioscaí arda nochta agus sláinte do thomhaltóirí. Beidh na modhanna sin bunaithe ar mhodhanna bithanailíseacha LC-MS nó HPLC. Déanfar torthaí ó shamplaí a sháraíonn an scoithluach a dheimhniú le hathanailís iomlán ón sampla bunaidh le modh deimhniúcháin; |
(15) |
ciallaíonn ‘sampla diúltach’ go bhfuil an cion míceatocsaine sa sampla < STC le cinnteacht 95 % (i.e. tá seans 5 % ann go ndéanfar samplaí a thuairisciú go mícheart mar shampla diúltach); |
(16) |
ciallaíonn ‘sampla bréagdhiúltach’ go bhfuil an cion míceatocsaine sa sampla >STC ach gur sainaithníodh é mar shampla diúltach; |
(17) |
ciallaíonn ‘sampla faoi amhras’ (scagdheimhneach) go sáraíonn an sampla an scoithluach agus go bhféadfadh an mhíceatocsain a bheith ann ar leibhéal níos airde ná an spriocthiúchan scagthástála; |
(18) |
ciallaíonn ‘sampla faoi bhréagamhras’ sampla diúltach a sainaithníodh mar shampla faoi amhras; |
(19) |
ciallaíonn ‘modhanna deimhniúcháin’ modhanna lena soláthraítear faisnéis iomlán nó faisnéis chomhlántach ar féidir an mhíceatocsain a shainaithint agus a chainníochtú go soiléir ar an leibhéal leasa dá barr; |
(20) |
ciallaíonn ‘scoithluach’ an fhreagairt, comhartha nó tiúchan, a fhaightear leis an modh scagthástála, a n-aicmítear sampla mar shampla ‘faoi amhras’ nuair a bhíonn sé os a chionn. Cinntear an scoithluach le linn an bhailíochtaithe agus cuirtear athraitheacht an tomhais san áireamh; |
(21) |
ciallaíonn ‘sampla cóimheasa diúltach’ sampla ar eol go bhfuil sé saor ón míceatocsain a bhfuil scagthástáil le déanamh air lena haghaidh, mar gheall ar chinntiúchán roimhe sin le modh deimhniúcháin lenar ghabh íogaireacht leordhóthanach nó le modh eile nó, i gcás nach féidir sampla den sórt sin a fháil, ábhar lena ngabhann an leibhéal is ísle is féidir a fháil a fhad gur féidir teacht ar an gconclúid, leis an leibhéal sin, go bhfuil an modh scagthástála oiriúnach don fheidhm sin; |
(22) |
ciallaíonn ‘sampla ar eol go bhfuil sé saor’ sampla i gcás nach sáraíonn an méid anailíte atá ann aon chúigiú den spriocthiúchan scagthástála. Más féidir an leibhéal a chainníochtú le modh deimhniúcháin, cuirfear an leibhéal san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe bailíochtaithe; |
(23) |
ciallaíonn ‘sampla cóimheasa deimhneach’ sampla ina bhfuil an mhíceatocsain ar an spriocthiúchan scagthástála, amhail ábhar tagartha deimhnithe, ábhar ar eol a chion (e.g. ábhar tástála tástálacha inniúlachta) nó ábhar a fhaightear amach a shaintréithe go leordhóthanach le modh deimhniúcháin. In éagmais aon cheann de na nithe thuas, is féidir cumasc de shamplaí, lena ngabhann leibhéil éagsúla éilliúcháin nó sampla spíceáilte arna ullmhú laistigh de shaotharlann agus ar eol a shaintréithe go leordhóthanach, a úsáid, ar choinníoll gur féidir a chruthú gur deimhníodh an leibhéal éilliúcháin. |
Airteagal 2
1. Déanfar an tsampláil chun rialú a dhéanamh ar na leibhéil míceatocsainí i mbianna i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
2. I gcás bia nach féidir a aicmiú i gcatagóir bia dá bhfuil nós imeachta samplála bunaithe in Iarscríbhinn I, cinnfear an nós imeachta samplála ag féachaint do mhéid cáithnín an bhia sin nó cosúlacht an bhia sin le táirge is féidir a aicmiú i gceann de na catagóirí bia in Iarscríbhinn I.
3. I gcás bianna nach féidir a aicmiú in aon chatagóir bia a liostaítear in Iarscríbhinn I agus ar choinníoll go bhfuil fianaise ann go bhfuil an mhíceatocsain dáilte go haonfhoirmeach sa bhia sin, déanfar an bia a shampláil ag úsáid an nós imeachta a leagtar síos i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 333/2007 ón gCoimisiún (5).
Airteagal 3
Maidir le hullmhú an tsampla agus modhanna anailíse a úsáidtear chun rialú a dhéanamh ar na leibhéil míceatocsainí in earraí bia, comhlíonfar na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
Airteagal 4
Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 401/2006. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
Mar sin féin, beidh feidhm ag na ceanglais shonracha dá ndéantar foráil i bpointe 4.3 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 401/2006 maidir le modhanna ar bailíochtaíodh iad roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, go dtí an 1 Eanáir 2029.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Aibreán 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Nollaig 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 maidir le huasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbia agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 (IO L 119, 5.5.2023, lch. 103).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 401/2006 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2006 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar na leibhéil míceatocsainí in earraí bia (IO L 70, 9.3.2006, lch. 12).
(4) I gcás measúnú riosca, is gnách go mbíonn teorainneacha cainníochtaithe atá oiriúnach dá bhfeidhm níos ísle ná an méid a bhfuil gá leis le haghaidh rialú oifigiúil chun comhlíonadh ML a sheiceáil, toisc gurb é is aidhm dó sin sonraí uimhriúla a ghiniúint don mhórchuid de shamplaí a ndéantar anailís orthu (i.e. sonraí lena mbaineann cléchinsireacht a sheachaint) chun gur féidir measúnuithe nochta cruinne a dhéanamh. Chun críoch faireacháin, d’fhéadfadh sé a bheith inghlactha leibhéil faoi bhun na teorann cainníochtaithe, mar a shainmhínítear i gcomhthéacs an Rialacháin seo, a thuairisciú.
(5) Rialachán (CE) Uimh. 333/2007 ón gCoimisiún an 28 Márta 2007 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú a dhéanamh ar na leibhéil riandúl agus éilleán próiseála in earraí bia (IO L 88, 29.3.2007, lch. 29).
IARSCRÍBHINN I
MODHANNA SAMPLÁLA CHUN RIALÚ A DHÉANAMH AR NA LEIBHÉIL MÍCEATOCSAINÍ I mBIA (1)
CUID I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
A.1. Forálacha ginearálta
A.1.1. Pearsanra
Déanfaidh duine, arna ainmniú ag údarás inniúil an Bhallstáit, an tsampláil.
A.1.2. An t-ábhar atá le sampláil
Déanfar gach luchtóg atá le scrúdú a shampláil ar leithligh. I gcomhréir leis na forálacha samplála sonracha maidir leis na míceatocsainí difriúla, foroinnfear luchtóga móra ina bhfo-luchtóga lena sampláil ar leithligh.
A.1.3. Réamhchúraimí atá le glacadh
Le linn na samplála agus ullmhú na samplaí, déanfar réamhchúraimí chun go seachnófar aon athrú, rud a dhéanfadh an méid seo a leanas:
— |
difear don ábhar míceatocsaine, difear díobhálach don chinneadh anailíseach nó a d’fhágfadh go mbeadh na samplaí comhiomlána neamhionadaíoch; |
— |
difear do shábháilteacht bia na luchtóg atá le sampláil. |
Ina theannta sin, glacfar na bearta uile is gá chun sábháilteacht na ndaoine a ghlacann na samplaí a áirithiú.
A.1.4. Samplaí incriminteacha
A mhéid is féidir, tógfar samplaí incriminteacha in áiteanna éagsúla scaipthe ar fud na luchtóige nó na fo-luchtóige. Is sa taifead dá bhforáiltear faoi chuid I. pointe A.1.8 den Iarscríbhinn seo a dhéanfar taifeadadh má chuirtear an nós imeachta sin i leataobh.
A.1.5. Ullmhú an tsampla chomhiomláin
Déanfar an sampla comhiomlán trí na samplaí incriminteacha a chur le chéile.
A.1.6. Samplaí macasamhlaithe
Tógfar na samplaí macasamhlaithe chun críoch forfheidhmithe, cosanta agus tagartha ón sampla comhiomlán homaiginithe, mura bhfuil coinbhleacht idir nós imeachta den sórt sin agus rialacha na mBallstát a mhéid a bhaineann le cearta oibreoir an ghnólachta bia.
A.1.7. Pacáistiú agus tarchur samplaí
Cuirfear gach sampla i gcoimeádán glan, támh a thugann cumhdach leordhóthanach ón éilliú agus in aghaidh damáiste le linn idirthurais. Déanfar gach réamhchúram is gá chun go seachnófar aon athrú ar chomhdhéanamh an tsampla, a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn iompair nó stórála.
A.1.8. Séalú agus lipéadú samplaí
Séalófar gach sampla a thógtar le haghaidh úsáid oifigiúil ag áit na samplála agus sainaithneofar é ag leanúint rialacha an Bhallstáit.
Coimeádfar taifead ar gach sampláil, taifead lenar féidir gach luchtóg a shainaithint gan débhrí agus lena dtabharfar dáta agus ionad na samplála mar aon le haon fhaisnéis bhreise ar dócha go gcuideodh sí leis an anailísí.
A.2. Cineálacha difriúla luchtóg
Féadfar tráchtearraí bia a thrádáil i mbulc, i gcoimeádáin, nó i bpacáistí aonair, amhail saic, málaí, pacáistí miondíola/aonair. Féadfar an modh samplála a chur i bhfeidhm ar thráchtearraí a chuirtear ar an margadh i mbulc, i gcoimeádáin, nó i bpacáistí aonair, amhail saic, málaí, pacáistí miondíola/aonair nó aon tráchtearra eile i bhfoirm dhifriúil.
Gan dochar do na forálacha sonracha samplála a leagtar amach i bpáirteanna eile den Iarscríbhinn seo, úsáidfear an fhoirmle seo a leanas mar threoir chun minicíocht samplála na luchtóg a chuirtear ar an margadh i bpacáistí aonair a ríomh, amhail saic, málaí, pacáistí miondíola/aonair.
Minicíocht samplála (SF) n = |
Meáchan na luchtóige x meáchan an tsampla incrimintigh |
Meáchan an tsampla chomhiomláin x Meáchan an phacáiste aonair |
— |
meáchan: in kg |
— |
minicíocht samplála (SF): gach nú pacáiste aonair óna dtógfar sampla incriminteach (slánófar figiúirí deachúlacha go dtí an tslánuimhir is gaire). |
A.3. Sampláil tráchtearraí ag a bhfuil ardchóimheas toirte/meáchain
Cé is moite de na tráchtearraí bia a thagann faoi chodanna L agus M de chuid II den Iarscríbhinn seo, i gcás tráchtearraí bia, a bhfuil ardtoirt acu i gcomparáid lena meáchan, a shampláil (i.e. toirt (dm3)/meáchan (kg) > 5) is féidir na ceanglais mheáchain a ionadú leis an gceanglas toirte coibhéiseach (i.e. is féidir 1 kg a ionadú le 1 dm3).
CUID II
MODHANNA SAMPLÁLA
Leagtar síos sa chuid seo na modhanna samplála le haghaidh na gcatagóirí bia seo a leanas:
A. |
Gránaigh, olashíolta seachas piseanna talún, táirgí gránaigh agus olashíolta seachas táirgí piseanna talún |
B. |
Torthaí triomaithe agus táirgí díorthaithe/próiseáilte, seachas figí triomaithe |
C. |
Figí triomaithe agus táirgí díorthaithe/próiseáilte |
D. |
Piseanna talún, eithní aibreog, cnónna crainn agus spíosraí triomaithe le méid cáithnín mhór agus táirgí díorthaithe/próiseáilte |
E. |
Spíosraí triomaithe seachas spíosraí triomaithe le méid cáithnín mhór agus spíosraí púdraithe |
F. |
Bainne agus táirgí bainne, bainne foirmle do naíonáin, bainne foirmle leantach, bianna chun críoch speisialta míochaine atá ceaptha do naíonáin agus do leanaí óga agus bainne foirmle do leanaí óga |
G. |
Caife, táirgí caife, cócó, táirgí cócó, fréamh liocrais agus táirgí liocrais |
H. |
Deochanna |
I. |
Táirgí torthaí agus glasraí soladacha próiseáilte |
J. |
Bia do naíonáin agus bia gránachbhunaithe próiseáilte do naíonáin agus leanaí óga |
K. |
Olaí plandúla |
L. |
Forbhianna, pailin agus táirgí pailine |
M. |
Luibheanna triomaithe, insiltí luibhe (táirge triomaithe), taenna (táirge triomaithe) agus spíosraí púdraithe |
N. |
Luchtóga an-mhór nó luchtóga arna stóráil nó arna n-iompar ar bhealach a fhágann nach bhfuil sampláil indéanta ar fud na luchtóige |
A. MODH SAMPLÁLA DO GHRÁNAIGH, OLASHÍOLTA SEACHAS PISEANNA TALÚN, TÁIRGÍ GRÁNAIGH AGUS OLASHÍOLTA SEACHAS TÁIRGÍ PISEANNA TALÚN
A.1. Meáchan an tsampla incrimintigh
Beidh meáchan an tsampla incrimintigh timpeall 100 g, mura sainmhínítear a mhalairt sa chuid seo agus seachas olashíolta nó gránaigh i gcás ina bhfuil meáchan 1 000 síol/grán níos lú ná 10 g (‘olashíolta nó gránaigh le cáithníní beaga’)
Maidir leis na holashíolta nó gránaigh seo le cáithníní beaga beidh an sampla timpeall 25 g.
I gcás luchtóga i bpacáistí miondíola/aonair, beidh meáchan an tsampla incrimintigh ag brath ar mheáchan an phacáiste miondíola/aonair.
I gcás pacáistí miondíola/aonair is mó ná 100 g (nó 25 g i gcás gránaigh nó olashíolta le cáithníní beaga), beidh samplaí comhiomlána dá thoradh sin a mheánn níos mó ná an meáchan is gá a léirítear i dtáblaí 1 agus 2 de phointe A.2. Má tá meáchan pacáiste miondíola/aonair aonaraigh i bhfad níos mó ná (i.e. níos mó ná a dhá oiread) 100 g (nó 25 g i gcás olashíolta nó gránaigh le cáithníní beaga), tógfar 100 g (nó 25 g i gcás agus olashíolta nó gránaigh le cáithníní beaga) ó gach pacáiste miondíola/aonair mar shampla incriminteach. Is féidir é sin a dhéanamh nuair a thógtar an sampla nó sa tsaotharlann.
Mar sin féin, i gcásanna ina mbeadh iarmhairtí tráchtála neamh-inghlactha ann mar thoradh ar an modh samplála sin a leanann as damáiste don luchtóg (mar gheall ar fhoirmeacha pacáistíochta, modhanna iompair, nó cúiseanna eile), is féidir modh samplála malartach a chur i bhfeidhm. Go háirithe, i gcás ina ndéantar táirge luachmhar a mhargú i bpacáistí miondíola/aonair atá 500 g nó 1 kg, is féidir an sampla comhiomlán a fháil trí roinnt samplaí incriminteacha a chomhiomlánú atá níos lú ná an líon a léirítear i dtáblaí 1 agus 2, ar choinníoll go bhfuil meáchan an tsampla chomhiomláin cothrom le meáchan riachtanach an tsampla chomhiomláin a luaitear sna táblaí sin.
I gcás ina bhfuil na pacáistí miondíola/aonair níos lú ná 100 g (25 g i gcás olashíolta nó gránaigh le cáithníní beaga) agus nach bhfuil an difríocht an-mhór (i.e. nach lú ná leath 100 gram nó 25 g), measfar mar shampla incriminteach amháin pacáiste miondíola/aonair amháin, arb é an toradh atá air sin sampla comhiomlán is lú ná an meáchan is gá a léirítear i dtáblaí 1 agus 2. Má tá meáchan na bpacáistí miondíola/aonair i bhfad níos lú ná 100 g (nó 25 g i gcás olashíolta nó gránaigh le cáithníní beaga), tá dhá phacáiste miondíola/aonair nó níos mó i sampla incriminteach amháin, ina ndéantar an 100 g (nó 25 g i gcás olashíolta nó gránaigh le cáithníní beaga) a neasú a oiread agus is féidir.
A.2. Suirbhé ginearálta ar mhodh samplála gránach, olashíolta seachas piseanna talún, táirgí gránaigh agus táirgí olashíolta, seachas piseanna talún, táirgí
Tábla 1
Na luchtóga a fhoroinnt ina bhfo-luchtóga ag brath ar mheáchan an táirge agus na luchtóige
Tráchtearra |
Meáchan na luchtóige (ina thonaí) |
Meáchan nó líon na bhfo-luchtóg |
Gan samplaí incriminteacha |
Meáchan comhiomlán an tsampla (kg) |
Gránaigh, olashíolta seachas piseanna talún, táirgí gránaigh agus táirgí olashíolta, seachas piseanna talún, táirgí |
> 300 agus < 1 500 |
3 fho-luchtóg |
100 |
10 2,5 le haghaidh olashíolta nó gránaigh le cáithníní beaga |
≥ 100 agus ≤ 300 |
100 tona |
100 |
10 2,5 le haghaidh olashíolta nó gránaigh le cáithníní beaga |
|
< 100 |
— |
3 -100 (*1) |
1 -10 0,25 – 2,5 le haghaidh olashíolta nó gránaigh le cáithníní beaga |
A.3. Modh samplála gránach, olashíolta seachas piseanna talún, táirgí gránaigh agus táirgí olashíolta, seachas piseanna talún, táirgí le haghaidh luchtóga < 50 tona
— |
Ar choinníoll gur féidir an fo-luchtóg a dheighilt go fisiceach, foroinnfear gach luchtóg i bhfo-luchtóga de réir Tábla 1. Agus é á chur san áireamh nach iolrach cothrom de mheáchan na bhfo-luchtóg é meáchan na luchtóige i gcónaí, féadfaidh meáchan na fo-luchtóige a bheith 20 % ar a mhéad os cionn an mheáchain a luaitear. I gcás nach bhfuil nó nach féidir an luchtóg a dheighilt go fisiceach ina fho-luchtóga, tógtar 100 sampla incriminteach ón luchtóg. Maidir le luchtóga > 500 tona, déantar foráil don líon samplaí incriminteacha i bpointe N.2. |
— |
Déanfar gach fo-luchtóg a shampláil ar leithligh. |
— |
An líon samplaí incriminteacha: 100. Meáchan an tsampla chomhiomláin = 10 kg (nó 2,5 kg i gcás gránaigh agus olashíolta le cáithníní beaga). |
— |
Mura féidir an modh samplála a leagtar amach sa phointe seo a dhéanamh mar gheall ar na hiarmhairtí tráchtála neamh-inghlactha a leagann as damáiste don luchtóg (mar gheall ar fhoirmeacha pacáistíochta, modhanna iompair, etc.) féadfar modh malartach samplála a chur i bhfeidhm ar choinníoll go bhfuil sé chomh ionadaíoch agus is féidir agus go dtugtar tuairisc iomlán air agus go ndéantar é a dhoiciméadú go hiomlán. D’fhéadfaí modh samplála malartach a chur i bhfeidhm freisin i gcásanna ina bhfuil sé beagnach dodhéanta an modh samplála thuasluaite a chur i bhfeidhm. Is amhlaidh an cás i gcás ina stóráiltear go leor gránach i dtrádstórais nó i gcás ina stóráiltear gránaigh i stórtha (2). Déanfar sampláil ar luchtóga den sórt sin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i gcuid N. |
A.4. Modh samplála gránach, olashíolta seachas piseanna talún, táirgí gránaigh agus olashíolta, seachas piseanna talún, táirgí le haghaidh luchtóga < 50 tona
Maidir le luchtóga gránach, olashíolta seachas piseanna talún, táirgí gránaigh agus táirgí olashíolta seachas piseanna talún níos lú ná 50 thona, úsáidfear an plean samplála le 10 go 100 sampla incriminteach, ag brath ar mheáchan na luchtóige, rud a bhféadadh sampla comhiomlán de 1 go 10 kg (nó 0,25 – 2,5 kg i gcás olashíolta nó gránaigh le cáithníní beaga) a bheith dá thoradh. Maidir le luchtóga an-bheag (≤ 0,5 tona) is féidir líon níos ísle samplaí incriminteacha a thógáil, ach sa chás sin beidh an sampla comhiomlán ina meascfar na samplaí incriminteacha uile ar a laghad 1 kg (nó 0,25 kg i gcás gránaigh agus olashíolta le cáithníní beaga) agus chun scléaróití eargóit a chinneadh, 1 kg ar a laghad.
Úsáidfear na figiúirí i dtábla 2 chun an líon samplaí incriminteacha atá le tógáil a chinneadh.
Tábla 2
An líon samplaí incriminteacha le glacadh ag brath ar mheáchan na luchtóige de ghránaigh, olashíolta seachas piseanna talún, táirgí gránaigh agus táirgí olashíolta, seachas táirgí piseanna talún
Meáchan na luchtóige (tonaí) |
An líon samplaí incriminteacha |
Meáchan comhiomlán an tsampla(kg) (*2) |
Meáchan comhiomlán an tsampla(kg) (*2) maidir le holashíolta nó gránaigh le cáithníní beaga |
≤ 0,05 |
3 |
1 |
0,25 |
> 0,05 -≤ 0,5 |
5 |
1 |
0,25 |
> 0,5 -≤ 1 |
10 |
1 |
0,25 |
> 1 -≤ 3 |
20 |
2 |
0,5 |
> 3 -≤ 10 |
40 |
4 |
1,0 |
> 10 -≤ 20 |
60 |
6 |
1,5 |
> 20 -≤ 100 |
100 |
10 |
2,5 |
A.5. Sampláil ag an gcéim mhiondíola
Déanfar sampláil ar earraí bia ag an gcéim mhiondíola nuair is féidir i gcomhréir leis na forálacha samplála a leagtar amach sa chuid A seo.
I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, féadfar modh samplála malartach ag an gcéim mhiondíola a chur i bhfeidhm ar choinníoll go n-áirithítear leis go mbeidh an sampla comhiomlán ionadaíoch go leor ar an luchtóg shampláilte agus go dtabharfar tuairisc iomlán air agus go mbeidh doiciméadú iomlán déanta air. In aon chás, beidh an sampla comhiomlán 1 kg (3) ar a laghad.
A.6. Glacadh le luchtóg nó le fo-luchtóg
Rialú scléaróití eargóit
Ón sampla comhiomlán, tógfar 2 fhoshampla 0,5 Kg ar a laghad lena scrúdú. Scrúdófar foshampla amháin. I gcás ina bhfuil toradh na bhfoshamplaí cothrom le nó níos lú ná 50 % (tairseach anailíseach) den uasleibhéal, tá an sampla i gcomhréir leis an uasleibhéal. Má tá an toradh os cionn 50 % den uasleibhéal, is gá scrúdú a dhéanamh ar fhoshampla eile agus úsáidtear meántoradh an dá fhoshampla chun a sheiceáil an bhfuil an t-uasleibhéal á chomhlíonadh. Beidh an toradh seo a leanas ann:
— |
glacadh má tá níos lú ná 50 % den uasleibhéal scléaróití eargóit sa chéad fhoshampla nó má tá meán an dá fhoshampla i gcomhréir leis an uasleibhéal; |
— |
diúltú má sháraíonn meán an dá fhoshampla an t-uasleibhéal. |
Rialú míceatocsainí
Beidh an toradh seo a leanas ann:
— |
glacadh má tá an sampla saotharlainne i gcomhréir leis an uasleibhéal, agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh; |
— |
diúltú, má tá an sampla saotharlainne níos mó ná an uasleibhéal thar amhras réasúnach agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh. Tá sé sin amhlaidh i gcás ina bhfuil an toradh anailíse (arna cheartú le haghaidh aisghabhála más infheidhme) lúide an éiginnteacht tomhais leathnaithe a eascraíonn as an anailís os cionn an uasleibhéil. |
B. MODH SAMPLÁLA LE hAGHAIDH TORTHAÍ TRIOMAITHE AGUS TÁIRGÍ DÍORTHAITHE/PRÓISEÁILTE, SEACHAS FIGÍ TRIOMAITHE
Baineann an modh samplála seo le cur i bhfeidhm chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar leibhéil míceatocsainí i dtorthaí triomaithe agus i dtáirgí díorthaithe/próiseáilte, seachas figí triomaithe agus táirgí díorthaithe/próiseáilte (cuid II.C den Iarscríbhinn seo).
B.1. Meáchan an tsampla incrimintigh
Beidh meáchan an tsampla incrimintigh timpeall 100 g, mura sainmhínítear a mhalairt sa chuid II.B seo
I gcás luchtóga i bpacáistí miondíola/aonair, braitheann meáchan an tsampla incrimintigh ar mheáchan an phacáiste miondíola/aonair.
I gcás pacáistí miondíola/aonair is mó ná 100 gram, beidh samplaí comhiomlána dá thoradh sin a mheánn níos mó ná an meáchan is gá a léirítear i dtáblaí 1 agus 2 den chuid B seo. Má tá meáchan pacáiste miondíola/aonair aonaraigh i bhfad níos mó (i.e. níos mó ná dhá oiread) ná 100 g, tógfar 300 g ó gach pacáiste miondíola/aonair aonarach mar shampla incriminteach. Is féidir é sin a dhéanamh nuair a thógtar an sampla, nó sa tsaotharlann. Mar sin féin, i gcásanna ina mbeadh iarmhairtí tráchtála neamh-inghlactha ann mar thoradh ar an modh samplála sin a leanann as damáiste don luchtóg (mar gheall ar fhoirmeacha pacáistíochta, modhanna iompair, etc.), is ansin is féidir modh samplála malartach a chur i bhfeidhm. Mar shampla, i gcás ina ndéantar táirge luachmhar a mhargú i bpacáistí miondíola/aonair a mheánn 500 g nó 1 kg, is féidir an sampla comhiomlán a fháil trí roinnt samplaí incriminteacha a chomhiomlánú atá níos lú ná an líon a léirítear i dtáblaí 1 agus 2 den chuid seo, ar choinníoll go gcomhfhreagróidh meáchan an tsampla chomhiomláin do mheáchan riachtanach an tsampla chomhiomláin a luaitear i dtáblaí 1 agus 2 den chuid B seo.
I gcás ina bhfuil na pacáistí miondíola/aonair níos lú ná 100 g agus nach bhfuil an difríocht an-mhór (i.e. nach lú ná leath 100 g), measfar mar shampla incriminteach amháin pacáiste miondíola/aonair amháin, arb é an toradh atá air sin sampla comhiomlán is lú ná an meáchan is gá a léirítear i dtáblaí 1 agus 2 den chuid seo. Má tá meáchan ba bpacáistí miondíola/aonair i bhfad níos lú ná 100 g, beidh dhá phacáiste miondíola/aonair nó níos mó i sampla incriminteach amháin, ina ndéantar an 100 g a neasú chomh gar agus is féidir.
B.2. Suirbhé ginearálta ar mhodh samplála torthaí triomaithe agus táirgí díorthaithe/próiseáilte, seachas figí
Tábla 1
Na luchtóga a fhoroinnt ina bhfo-luchtóga ag brath ar mheáchan an táirge agus na luchtóige
Tráchtearra |
Meáchan na luchtóige (tonaí) |
Meáchan nó líon na bhfo-luchtóg |
An líon samplaí incriminteacha |
Meáchan comhiomlán an tsampla (kg) |
Torthaí triomaithe, seachas figí triomaithe |
≥ 15 |
15 -30 tona |
100 |
10 |
< 15 |
— |
10 -100 (*3) |
1 -10 |
B.3. Modh samplála le haghaidh torthaí triomaithe agus táirgí díorthaithe/próiseáilte (luchtóga ≥ 15 thona), seachas figí triomaithe
— |
Ar choinníoll gur féidir an fo-luchtóg a dheighilt go fisiceach, foroinnfear gach luchtóg i bhfo-luchtóga de réir Tábla 1. Agus é á chur san áireamh nach iolrach cothrom de mheáchan na bhfo-luchtóg é meáchan na luchtóige i gcónaí, féadfaidh meáchan na fo-luchtóige a bheith 20 % ar a mhéad os cionn an mheáchain a luaitear. |
— |
Déanfar gach fo-luchtóg a shampláil ar leithligh. |
— |
An líon samplaí incriminteacha: 100. Meáchan an tsampla chomhiomláin = 10 kg. |
— |
Mura féidir an modh samplála ar a dtugtar tuairisc thuas a dhéanamh mar gheall ar na hiarmhairtí tráchtála a leanann as damáiste don luchtóg (mar gheall ar fhoirmeacha pacáistíochta, modhanna iompair) féadfar modh malartach samplála a chur i bhfeidhm ar choinníoll go bhfuil sé chomh ionadaíoch agus is féidir agus go dtugtar tuairisc iomlán air agus go ndéantar é a dhoiciméadú go hiomlán. |
B.4. Modh samplála le haghaidh torthaí triomaithe agus táirgí díorthaithe/próiseáilte (luchtóga < 15 thona), seachas figí triomaithe
Maidir le luchtóga torthaí triomaithe, seachas figí, faoi bhun 15 thona, úsáidfear an plean samplála le 10 go 100 sampla incriminteach, ag brath ar mheáchan na luchtóige, a mbeidh sampla comhiomlán de 1 go 10 kg dá thoradh.
Is féidir na figiúirí sa tábla a leanas a úsáid chun an líon samplaí incriminteacha atá le tógáil a chinneadh.
Tábla 2
An líon samplaí incriminteacha a bheidh le tógáil ag brath ar mheáchan na luchtóige de thorthaí triomaithe agus táirgí díorthaithe/triomaithe seachas figí triomaithe
Meáchan na luchtóige (tonaí) |
An líon samplaí incriminteacha |
Meáchan comhiomlán an tsampla (kg) |
≤ 0,1 |
10 |
1 |
> 0,1 -≤ 0,2 |
15 |
1,5 |
> 0,2 -≤ 0,5 |
20 |
2 |
> 0,5 -≤ 1,0 |
30 |
3 |
> 1,0 -≤ 2,0 |
40 |
4 |
> 2,0 -≤ 5,0 |
60 |
6 |
> 5,0 -≤ 10,0 |
80 |
8 |
> 10,0 -≤ 15,0 |
100 |
10 |
B.5. Sampláil ag an gcéim mhiondíola
Déanfar sampláil ar earraí bia ag an gcéim mhiondíola nuair is féidir i gcomhréir leis na forálacha samplála a leagtar amach sa chuid B seo.
I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, féadfar modh samplála malartach eile ag an gcéim mhiondíola a úsáid ar choinníoll go n-áirithítear leis go mbeidh an sampla comhiomlán ionadaíoch go leor ar an luchtóg shampláilte agus go dtabharfar tuairisc iomlán air agus go mbeidh doiciméadú iomlán déanta air. In aon chás, beidh an sampla comhiomlán 1 kg (4) ar a laghad.
B.6. Forálacha samplála sonracha le haghaidh torthaí triomaithe agus táirgí díorthaithe/próiseáilte seachas figí triomaithe arna dtrádáil i bhfolúsphacáistí
Maidir le luchtóga atá cothrom le nó níos mó ná 15 thona, tógfar 25 sampla incriminteach ar a laghad, rud a mbeidh sampla comhiomlán 10 kg dá thoradh agus maidir le luchtóga níos lú ná 15 thona, tógfar 25 % den líon samplaí incriminteacha a luaitear i dTábla 2 de phointe B.4, rud a mbeidh sampla comhiomlán dá thoradh a gcomhfhreagraíonn a mheáchan le meáchan na luchtóige sampláilte (féach Tábla 2 de phointe B.4).
B.7. Glacadh le luchtóg nó le fo-luchtóg
Beidh an toradh seo a leanas ann:
— |
glacadh má tá an sampla saotharlainne i gcomhréir leis an uasleibhéal, agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh; |
— |
diúltú, má tá an sampla saotharlainne níos mó ná an uasleibhéal thar amhras réasúnach agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh. Tá sé sin amhlaidh i gcás ina bhfuil an toradh anailíse (arna cheartú le haghaidh aisghabhála más infheidhme) lúide an éiginnteacht tomhais leathnaithe a eascraíonn as an anailís os cionn an uasleibhéil. |
C. MODH SAMPLÁLA LE hAGHAIDH FIGÍ TRIOMAITHE AGUS TÁIRGÍ DÍORTHAITHE/PRÓISEÁILTE
C.1. Meáchan an tsampla incrimintigh
Beidh meáchan an tsampla incrimintigh timpeall 300 g, mura sainmhínítear a mhalairt i gcuid II.C,
I gcás luchtóga i bpacáistí miondíola/aonair, braitheann meáchan an tsampla incrimintigh ar mheáchan an phacáiste miondíola/aonair.
I gcás pacáistí miondíola/aonair is mó ná 300 g, beidh samplaí comhiomlána dá thoradh sin a mheánn níos mó ná an meáchan is gá a léirítear i dtáblaí 1, 2 agus 3. Má tá meáchan pacáiste miondíola/aonair aonaraigh i bhfad níos mó (i.e. níos mó ná dhá oiread) ná 300 g, tógfar 300 g ó gach pacáiste miondíola/aonair aonarach mar shampla incriminteach. Is féidir é sin a dhéanamh nuair a thógtar an sampla, nó sa tsaotharlann. Mar sin féin, i gcásanna ina mbeadh iarmhairtí tráchtála neamh-inghlactha ann mar thoradh ar an modh samplála sin a leanann as damáiste don luchtóg (mar gheall ar fhoirmeacha pacáistíochta, modhanna iompair, etc.), ansin is féidir modh samplála malartach a chur i bhfeidhm. Mar shampla, i gcás ina ndéantar táirge luachmhar a mhargú i bpacáistí miondíola/aonair atá 500 g nó 1 kg, is féidir an sampla comhiomlán a fháil trí roinnt samplaí incriminteacha a chomhiomlánú atá níos lú ná an líon a léirítear i dtáblaí 1, 2 agus 3, ar choinníoll go gcomhfhreagróidh meáchan an tsampla chomhiomláin do mheáchan riachtanach an tsampla chomhiomláin a luaitear i dtáblaí 1, 2 agus 3.
I gcás ina bhfuil na pacáistí miondíola/aonair níos lú ná 300 g agus nach bhfuil an difríocht an-mhór (i.e. nach lú ná leath 300 g), measfar mar shampla incriminteach amháin pacáiste miondíola/aonair amháin, arb é an toradh atá air sin sampla comhiomlán is lú ná an meáchan is gá a léirítear i dtáblaí 1, 2 agus 3. Má tá meáchan ba bpacáistí miondíola/aonair i bhfad níos lú ná 300 g, beidh dhá phacáiste miondíola/aonair nó níos mó i sampla incriminteach amháin, ina ndéantar an 300 g a neasú chomh gar agus is féidir.
C.2. Suirbhé ginearálta ar mhodh samplála figí triomaithe
Tábla 1
Na luchtóga a fhoroinnt ina bhfo-luchtóga ag brath ar mheáchan an táirge agus na luchtóige
Tráchtearra |
Meáchan na luchtóige (ina thonaí) |
Meáchan nó líon na bhfo-luchtóg |
Gan samplaí incriminteacha |
Meáchan comhiomlán an tsampla (kg) |
Figí triomaithe |
≥ 15 |
15 -30 tona |
100 |
30 |
< 15 |
— |
10 -100 (*4) |
≤ 30 |
C.3. Modh samplála le haghaidh figí triomaithe (luchtóga ≥ 15 thona)
— |
Ar choinníoll gur féidir an fo-luchtóg a dheighilt go fisiceach, foroinnfear gach luchtóg i bhfo-luchtóga de réir Tábla 1. Agus é á chur san áireamh nach iolrach cothrom de mheáchan na bhfo-luchtóg é meáchan na luchtóige i gcónaí, féadfaidh meáchan na fo-luchtóige a bheith 20 % ar a mhéad os cionn an mheáchain a luaitear. |
— |
Déanfar gach fo-luchtóg a shampláil ar leithligh. |
— |
An líon samplaí incriminteacha: 100 |
— |
Meáchan an tsampla chomhiomláin = 30 kg, a mheascfar agus a roinnfear ina thrí shampla saotharlainne cothroma 10 kg sula meiltear iad (ní gá an roinnt ina thrí shampla saotharlainne sin a dhéanamh i gcás figí triomaithe faoi réir sórtáil bhreise nó cóireáil fhisiciúil eile agus trealamh a bheith ar fáil atá in ann sampla 30 kg a homaiginiú). |
— |
Déanfar gach sampla saotharlainne 10 kg a mheilt go mion as féin agus a mheascadh go maith chun homaiginiú foriomlán a bhaint amach, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II. |
— |
Mura féidir an modh samplála ar a dtugtar tuairisc thuas a dhéanamh mar gheall ar na hiarmhairtí tráchtála neamh-inghlactha a leanann as damáiste don luchtóg (mar gheall ar fhoirmeacha pacáistíochta, modhanna iompair) féadfar modh malartach samplála a chur i bhfeidhm ar choinníoll go bhfuil sé chomh ionadaíoch agus is féidir agus go dtugtar tuairisc iomlán air agus go ndéantar é a dhoiciméadú go hiomlán. |
C.4. Modh samplála le haghaidh figí triomaithe (luchtóga < 15 thona)
Braitheann an líon samplaí incriminteacha a bheidh le tógáil ar mheáchan na luchtóige, le híoslíon 10 agus uaslíon 100.
Is féidir na figiúirí i dtábla 2 seo a leanas a úsáid chun an líon samplaí incriminteacha atá le tógáil agus roinnt an tsampla chomhiomláin ina dhiaidh sin a chinneadh.
Tábla 2
An líon samplaí incriminteacha a bheidh le tógáil ag brath ar mheáchan na luchtóige agus líon fho-ranna an tsampla chomhiomláin
Meáchan na luchtóige (tonaí) |
Líon na samplaí incriminteacha (maidir le pacáistí miondíola/aonair féach freisin pointe C.1) |
Meáchan comhiomlán an tsampla (kg) (i gcás pacáistí miondíola/aonair, féadfaidh meáchan an tsampla chomhiomláin a bheith difriúil – féach pointe C.1) |
An líon samplaí saotharlainne ón sampla comhiomlán |
≤ 0,1 |
10 |
3 |
1 (gan roinnt) |
> 0,1 – ≤ 0,2 |
15 |
4,5 |
1 (gan roinnt) |
> 0,2 – ≤ 0,5 |
20 |
6 |
1 (gan roinnt) |
> 0,5 – ≤ 1,0 |
30 |
9 (- < 12 kg) |
1 (gan roinnt) |
> 1,0 – ≤ 2,0 |
40 |
12 |
2 |
> 2,0 – ≤ 5,0 |
60 |
18 (- < 24 kg) |
2 |
> 5,0 – ≤ 10,0 |
80 |
24 |
3 |
> 10,0 – ≤ 15,0 |
100 |
30 |
3 |
— |
Meáchan an tsampla chomhiomláin ≤ 30 kg a mheascfar agus a roinnfear ina dhá nó thrí shampla saotharlainne cothroma ≤ 10 kg sula meiltear iad (ní gá an roinnt ina dhá nó thrí shampla saotharlainne sin a dhéanamh i gcás figí triomaithe, faoi réir sórtáil bhreise nó cóireáil fhisiciúil eile agus trealamh a bheith ar fáil atá in ann samplaí suas le 30 kg a homaiginiú). I gcásanna ina bhfuil meáchain an tsampla chomhiomláin níos lú ná 30 kg, roinnfear an sampla comhiomlán ina shamplaí saotharlainne de réir na treoraíochta seo a leanas:
|
— |
Déanfar gach sampla saotharlainne a mheilt go mion as féin agus a mheascadh go maith chun homaiginiú iomlán a bhaint amach, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II. |
— |
Mura féidir an modh samplála ar a dtugtar tuairisc san fhleasc roimhe sin a dhéanamh mar gheall ar na hiarmhairtí tráchtála neamh-inghlactha a leanann as damáiste don luchtóg (mar gheall ar fhoirmeacha pacáistíochta, modhanna iompair) féadfar modh malartach samplála a chur i bhfeidhm ar choinníoll go bhfuil sé chomh ionadaíoch agus is féidir agus go dtugtar tuairisc iomlán air agus go ndéantar é a dhoiciméadú go hiomlán. |
C.5. Modh samplála do tháirgí díorthaithe/próiseáilte agus comhbhianna
C.5.1. Táirgí díorthaithe/próiseáilte le méid cáithnín an-bheag (dáileadh aonchineálach d’éilliú míceatocsaine)
— |
I roinnt mhaith cásanna, níl aon dáileadh aonchineálach d’éilliú míceatocsaine i luchtóga taos fige agus dá bhrí sin i gcás taos fige, cuirtear i bhfeidhm an modh samplála agus glacadh a úsáidtear le haghaidh figí triomaithe (faoi phointí C.3 agus C.4). |
— |
An líon samplaí incriminteacha: 100. Maidir le luchtóga faoi 50 tona beidh an líon samplaí incriminteacha idir 10 agus 100, ag brath ar mheáchan na luchtóige (féach an tábla 3 a leanas). Tábla 3 An líon samplaí incriminteacha a bheidh le tógáil ag brath ar mheáchan na luchtóige
|
— |
Beidh meáchan an tsampla incrimintigh thart ar 100 g. I gcás luchtóga i bpacáistí miondíola/aonair, braitheann meáchan an tsampla incrimintigh ar mheáchan an phacáiste miondíola/aonair. |
— |
Meáchan an tsampla chomhiomláin = 1-10 kg sách measctha. |
C.5.2. Táirgí díorthaithe/próiseáilte eile le méid cáithnín réasúnta mór (dáileadh ilchineálach d’éilliú míceatocsaine)
Modh samplála agus glacadh mar atá i gcás figí triomaithe (pointí C.3 agus C.4).
C.6. Sampláil ag an gcéim mhiondíola
Déanfar sampláil ar earraí bia ag an gcéim mhiondíola nuair is féidir i gcomhréir leis na forálacha samplála a leagtar amach sa chuid C seo.
I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, féadfar modhanna samplála éifeachtacha eile ag an gcéim mhiondíola a úsáid ar choinníoll go n-áirithítear leo go bhfuil an sampla comhiomlán ionadaíoch go leor ar an luchtóg shampláilte agus go dtabharfar tuairisc iomlán air agus go mbeidh doiciméadú iomlán déanta air. In aon chás, beidh an sampla comhiomlán 1 kg (5) ar a laghad.
C.7. Modh samplála sonrach ar fhigí triomaithe agus táirgí díorthaithe/próiseáilte arna dtrádáil i bhfolúsphacáistí
C.7.1. Figí triomaithe
Maidir le luchtóga atá cothrom le nó níos mó ná 15 thona, tógfar 50 sampla incriminteach ar a laghad, rud a mbeidh sampla comhiomlán 30 kg dá thoradh, agus maidir le luchtóga níos lú ná 15 thona, tógfar 50 % den líon samplaí incriminteacha a luaitear i dtábla 2 de, rud a mbeidh sampla comhiomlán dá thoradh a gcomhfhreagraíonn a mheáchan le meáchan na luchtóige sampláilte (féach tábla 2).
C.7.2. Táirgí a dhíorthaítear/a phróiseáiltear ó fhigí triomaithe le méid cáithnín beag
Maidir le luchtóga cothrom le nó níos mó ná 50 tona, tógfar 25 shampla incriminteacha ar a laghad, rud a mbeidh sampla comhiomlán 10 kg dá thoradh, agus maidir le luchtóga níos lú ná 50 tona, tógfar 25 % den líon samplaí incriminteacha a luaitear i dtábla 3 de, rud a mbeidh sampla comhiomlán dá thoradh a gcomhfhreagraíonn a mheáchan le meáchan na luchtóige sampláilte (féach tábla 3).
C.8. Glacadh le luchtóg nó le fo-luchtóg
Beidh an toradh seo a leanas ann:
Maidir le figí triomaithe:
— |
glacadh mura sáraíonn ceann ar bith de na samplaí saotharlainne an t-uasleibhéal, agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh, |
— |
diúltú, má sháraíonn ceann amháin nó níos mó de na samplaí saotharlainne an t-uasleibhéal thar amhras réasúnach agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh. Tá sé sin amhlaidh i gcás ina bhfuil an toradh anailíse (arna cheartú le haghaidh aisghabhála más infheidhme) lúide an éiginnteacht tomhais leathnaithe a eascraíonn as an anailís os cionn an uasleibhéil. |
I gcásanna ina bhfuil an sampla comhiomlán 12 kg nó níos lú
— |
glacadh má tá an sampla saotharlainne i gcomhréir leis an uasleibhéal, agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh, |
— |
diúltú, má tá an sampla saotharlainne níos mó ná an uasleibhéal thar amhras réasúnach agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh. Tá sé sin amhlaidh i gcás ina bhfuil an toradh anailíse (arna cheartú le haghaidh aisghabhála más infheidhme) lúide an éiginnteacht tomhais leathnaithe a eascraíonn as an anailís os cionn an uasleibhéil. |
D. MODH SAMPLÁLA LE hAGHAIDH PISEANNA TALÚN, EITHNÍ AIBREOG, CNÓNNA CRAINN AGUS SPÍOSRAÍ TRIOMAITHE LE MÉID CÁITHNÍN MHÓR AGUS TÁIRGÍ DÍORTHAITHE/PRÓISEÁILTE
Tá feidhm ag an modh samplála seo maidir le rialú oifigiúil a dhéanamh ar na leibhéil míceatocsainí i bpiseanna talún, eithní aibreog, cnónna crainn agus spíosraí triomaithe le méid cáithnín mhór agus táirgí díorthaithe/próiseáilte. Tá feidhm ag an modh samplála seo freisin maidir le rialú oifigiúil a dhéanamh ar na leibhéil míceatocsainí i spíosraí le méid cáithnín réasúnta mór, i.e. méid cáithnín inchomparáide le piseanna talún nó níos mó amhail noitmig.
D.1. Meáchan an tsampla incrimintigh
Beidh meáchan an tsampla incrimintigh timpeall 200 g, mura sainmhínítear a mhalairt sa chuid D seo
I gcás luchtóga i bpacáistí miondíola/aonair, braitheann meáchan an tsampla incrimintigh ar mheáchan an phacáiste miondíola/aonair.
I gcás pacáistí miondíola/aonair is mó ná 200 g, beidh samplaí comhiomlána dá thoradh sin a mheánn níos mó ná an meáchan is gá a léirítear i dtáblaí 1, 2 agus 3. Má tá meáchan pacáiste miondíola/aonair aonaraigh i bhfad níos mó ná 200 g, tógfar 200 g ó gach pacáiste miondíola/aonair aonarach mar shampla incriminteach. Is féidir é sin a dhéanamh nuair a thógtar an sampla, nó sa tsaotharlann. Mar sin féin, i gcásanna ina mbeadh iarmhairtí tráchtála neamh-inghlactha ann mar thoradh ar an modh samplála sin a leanann as damáiste don luchtóg (mar gheall ar fhoirmeacha pacáistíochta, modhanna iompair, etc.), ansin is féidir modh samplála malartach a chur i bhfeidhm. Mar shampla, i gcás ina ndéantar táirge luachmhar a mhargú i bpacáistí miondíola/aonair atá 500 g nó 1 kg, is féidir an sampla comhiomlán a fháil trí roinnt samplaí incriminteacha a chomhiomlánú atá níos lú ná an líon a léirítear i dtáblaí 1, 2 agus 3, ar choinníoll go gcomhfhreagróidh meáchan an tsampla chomhiomláin do mheáchan riachtanach an tsampla chomhiomláin a luaitear i dtáblaí 1, 2 agus 3.
I gcás ina bhfuil na pacáistí miondíola/aonair níos lú ná 200 g agus nach bhfuil an difríocht an-mhór (i.e. nach lú ná leath 200 g), measfar mar shampla incriminteach amháin pacáiste miondíola/aonair amháin, arb é an toradh atá air sin sampla comhiomlán is lú ná an meáchan is gá a léirítear i dtáblaí 1, 2 agus 3. Má tá meáchan ba bpacáistí miondíola/aonair i bhfad níos lú ná 200 g, beidh dhá phacáiste miondíola/aonair nó níos mó i sampla incriminteach amháin, ina ndéantar an 200 g a neasú chomh gar agus is féidir.
D.2. Suirbhé ginearálta ar mhodh samplála le haghaidh piseanna talún, eithní aibreog, cnónna crainn agus spíosraí triomaithe le méid cáithnín mhór
Tábla 1
Na luchtóga a fhoroinnt ina bhfo-luchtóga ag brath ar mheáchan an táirge agus na luchtóige
Tráchtearra |
Meáchan na luchtóige (ina thonaí) |
Meáchan nó líon na bhfo-luchtóg |
Gan samplaí incriminteacha |
Meáchan comhiomlán an tsampla (kg) |
Piseanna talún, eithní aibreog, cnónna crainn agus spíosraí triomaithe le méid cáithnín mhór |
≥ 500 |
100 tona |
100 |
20 |
> 125 agus < 500 |
5 fho-luchtóg |
100 |
20 |
|
≥ 15 agus ≤ 125 |
25 tona |
100 |
20 |
|
< 15 |
— |
10 -100 (*5) |
≤ 20 |
D.3. Modh samplála le haghaidh piseanna talún, eithní aibreog, cnónna crainn agus spíosraí triomaithe le méid cáithnín mhór (luchtóga ≥ 15 thona)
— |
Ar choinníoll gur féidir an fho-luchtóg a dheighilt go fisiceach, foroinnfear gach luchtóg ina bhfo-luchtóga de réir thábla 1. Agus é á chur san áireamh nach iolrach cothrom de mheáchan na bhfo-luchtóg é meáchan na luchtóige i gcónaí, féadfaidh meáchan na fo-luchtóige a bheith 20 % ar a mhéad os cionn an mheáchain a luaitear. |
— |
Déanfar gach fo-luchtóg a shampláil ar leithligh. |
— |
An líon samplaí incriminteacha: 100. |
— |
Meáchan an tsampla chomhiomláin = 20 kg, a mheascfar agus a roinnfear ina dhá shampla saotharlainne cothroma 10 kg sula meiltear iad (ní gá an roinnt ina dhá shampla saotharlainne sin a dhéanamh i gcás piseanna talún, eithní aibreog, cnónna crainn agus spíosraí triomaithe le méid cáithnín mhór faoi réir sórtáil bhreise nó cóireáil fhisiciúil eile agus trealamh a bheith ar fáil atá in ann sampla 20 kg a homaiginiú). |
— |
Déanfar gach sampla saotharlainne 10 kg a mheilt go mion as féin agus a mheascadh go maith chun homaiginiú foriomlán a bhaint amach, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II. |
— |
Mura féidir an modh samplála ar a dtugtar tuairisc thuas a dhéanamh mar gheall ar na hiarmhairtí tráchtála a leanann as damáiste don luchtóg (mar gheall ar fhoirmeacha pacáistíochta, modhanna iompair) féadfar modh malartach samplála a chur i bhfeidhm ar choinníoll go bhfuil sé chomh ionadaíoch agus is féidir agus go dtugtar tuairisc iomlán air agus go ndéantar é a dhoiciméadú go hiomlán. |
D.4. Modh samplála le haghaidh piseanna talún, eithní aibreog, cnónna crainn agus spíosraí triomaithe le méid cáithnín mhór (luchtóga < 15 thona)
Braitheann an líon samplaí incriminteacha a bheidh le tógáil ar mheáchan na luchtóige, le híoslíon 10 agus uaslíon 100.
Is féidir na figiúirí i dtábla 2 seo a leanas a úsáid chun an líon samplaí incriminteacha atá le tógáil agus roinnt an tsampla chomhiomláin ina dhiaidh sin a chinneadh.
Tábla 2
An líon samplaí incriminteacha a bheidh le tógáil ag brath ar mheáchan na luchtóige agus líon fho-ranna an tsampla chomhiomláin
Meáchan na luchtóige (tonaí) |
Líon na samplaí incriminteacha (maidir le pacáistí miondíola/aonair féach freisin pointe D.1) |
Meáchan comhiomlán an tsampla (kg) (i gcás pacáistí miondíola/aonair, féadfaidh meáchan an tsampla chomhiomláin a bheith difriúil – féach pointe D.1) |
An líon samplaí saotharlainne ón sampla comhiomlán |
≤ 0,1 |
10 |
2 |
1 (gan roinnt) |
> 0,1 – ≤ 0,2 |
15 |
3 |
1 (gan roinnt) |
> 0,2 – ≤ 0,5 |
20 |
4 |
1 (gan roinnt) |
> 0,5 – ≤ 1,0 |
30 |
6 |
1 (gan roinnt) |
> 1,0 – ≤ 2,0 |
40 |
8 (- < 12 kg) |
1 (gan roinnt) |
> 2,0 – ≤ 5,0 |
60 |
12 |
2 |
> 5,0 – ≤ 10,0 |
80 |
16 |
2 |
> 10,0 – ≤ 15,0 |
100 |
20 |
2 |
— |
Meáchan an tsampla chomhiomláin ≤ 20 kg, rud a mheascfar agus más gá, a roinnfear ina dhá shampla saotharlainne cothroma ≤ 10 kg sula meiltear iad (ní gá an roinnt ina dhá shampla saotharlainne sin a dhéanamh i gcás piseanna talún, eithní aibreog, cnónna crainn agus spíosraí triomaithe le méid cáithnín mhór faoi réir sórtáil bhreise nó cóireáil fhisiciúil eile agus trealamh a bheith ar fáil atá in ann samplaí suas le 20 kg a homaiginiú). |
— |
I gcásanna ina bhfuil meáchain an tsampla chomhiomláin níos lú ná 20 kg, roinnfear an sampla comhiomlán ina shamplaí saotharlainne de réir na treoraíochta seo a leanas:
|
— |
Déanfar gach sampla saotharlainne a mheilt go mion as féin agus a mheascadh go maith chun homaiginiú iomlán a bhaint amach, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II. |
— |
Mura féidir an modh samplála ar a dtugtar tuairisc thuas a dhéanamh mar gheall ar na hiarmhairtí tráchtála a leanann as damáiste don luchtóg (mar gheall ar fhoirmeacha pacáistíochta, modhanna iompair) féadfar modh malartach samplála a chur i bhfeidhm ar choinníoll go bhfuil sé chomh ionadaíoch agus is féidir agus go dtugtar tuairisc iomlán air agus go ndéantar é a dhoiciméadú go hiomlán. |
D.5. Modh samplála le haghaidh táirgí díorthaithe/próiseáilte, seachas ola glasraí, agus comhbhianna
D.5.1. Táirgí díorthaithe/próiseáilte (seachas ola glasraí) le méid cáithnín bheag, i.e. plúr, im piseanna talún (dáileadh aonchineálach d’éilliú míceatocsaine) agus comhbhianna
— |
An líon samplaí incriminteacha: 100; maidir le luchtóga faoi 50 tona beidh an líon samplaí incriminteacha idir 10 agus 100, ag brath ar mheáchan na luchtóige (féach tábla 3), Tábla 3 An líon samplaí incriminteacha a bheidh le tógáil ag brath ar mheáchan na luchtóige
|
— |
Beidh meáchan an tsampla incrimintigh thart ar 100 g. I gcás luchtóga i bpacáistí miondíola/aonair, braitheann meáchan an tsampla incrimintigh ar mheáchan an phacáiste miondíola/aonair, |
— |
Meáchan an tsampla chomhiomláin = 1-10 kg sách measctha. |
D.5.2. Táirgí díorthaithe/próiseáilte le méid cáithnín réasúnta mór (dáileadh ilchineálach d’éilliú míceatocsaine) agus comhbhianna
Modh samplála agus glactha le haghaidh piseanna talún, eithní aibreog, cnónna crainn agus spíosraí le méid cáithnín mhór (pointí D.3 agus D.4).
D.6. Sampláil ag an gcéim mhiondíola
Déanfar sampláil ar earraí bia ag an gcéim mhiondíola nuair is féidir i gcomhréir leis na forálacha samplála a leagtar amach sa chuid D seo.
I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, féadfar modhanna samplála éifeachtacha eile ag an gcéim mhiondíola a úsáid ar choinníoll go n-áirithítear leo go bhfuil an sampla comhiomlán ionadaíoch go leor ar an luchtóg shampláilte agus go dtabharfar tuairisc iomlán air agus go mbeidh doiciméadú iomlán déanta air. In aon chás, beidh an sampla comhiomlán 1 kg (6) ar a laghad.
D.7. Modh samplála sonrach le haghaidh piseanna talún, eithní aibreog, cnónna crainn agus spíosraí triomaithe le méid cáithnín mhór agus táirgí díorthaithe/próiseáilte arna dtrádáil i bhfolúsphacáistí
D.7.1. Cnónna pistéise, piseanna talún, cnónna Brasaíleacha
Maidir le luchtóga atá cothrom le nó níos mó ná 15 thona, tógfar 50 sampla incriminteach ar a laghad, rud a mbeidh sampla comhiomlán 20 kg dá thoradh, agus maidir le luchtóga atá níos lú ná 15 thona, tógfar 50 % den líon samplaí incriminteacha a luaitear i dtábla 2, rud a mbeidh sampla comhiomlán comhiomlán dá thoradh a gcomhfhreagraíonn a mheáchan le meáchan na luchtóige sampláilte (féach tábla 2).
D.7.2. Eithní aibreog, cnónna crainn seachas cnónna pistéise agus cnónna Brasaíleacha, spíosraí triomaithe le méid cáithnín mhór
Maidir le luchtóga atá cothrom le nó níos mó ná 15 thona, tógfar 25 shampla incriminteacha ar a laghad, rud a mbeidh sampla comhiomlán 20 kg dá thoradh, agus maidir le luchtóga atá níos lú ná 15 thona, tógfar 25 % den líon samplaí incriminteacha a luaitear i dtábla 2, rud a mbeidh sampla comhiomlán dá thoradh a gcomhfhreagróidh a mheáchan le meáchan na luchtóige sampláilte (féach tábla 2).
D.7.3. Táirgí a dhíorthaítear/a phróiseáiltear ó phiseanna talún, eithní aibreog, cnónna crainn agus spíosraí triomaithe le méid cáithnín mhór
Maidir le luchtóga atá cothrom le nó níos mó ná 50 thona, tógfar 25 shampla incriminteacha ar a laghad, rud a mbeidh sampla comhiomlán 10 kg dá thoradh, agus maidir le luchtóga atá níos lú ná 50 thona, tógfar 25 % den líon samplaí incriminteacha a luaitear i dtábla 3, rud a mbeidh sampla comhiomlán dá thoradh a gcomhfhreagróidh a mheáchan le meáchan na luchtóige sampláilte (féach tábla 3).
D.8. Glacadh le luchtóg nó le fo-luchtóg
Maidir le piseanna talún, eithní aibreog agus cnónna crainn faoi réir sórtála nó cóireáil fhisiciúil eile:
— |
glacadh má tá an sampla comhiomlán nó meán na samplaí saotharlainne i gcomhréir leis an uasleibhéal, agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh, |
— |
diúltú má tá an sampla comhiomlán nó meán na samplaí saotharlainne níos mó ná an uasleibhéal thar amhras réasúnach agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh. Tá sé sin amhlaidh i gcás ina bhfuil an toradh anailíse (arna cheartú le haghaidh aisghabhála más infheidhme) lúide an éiginnteacht tomhais leathnaithe a eascraíonn as an anailís os cionn an uasleibhéil. |
Maidir le piseanna talún, eithní aibreog, cnónna crainn agus spíosraí triomaithe le méid cáithnín mhór arna gcur ar an margadh don tomhaltóir deiridh nó lena n-úsáid mar chomhábhar i mbianna
— |
glacadh mura sáraíonn ceann ar bith de na samplaí saotharlainne an t-uasleibhéal, agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh, |
— |
diúltú má sháraíonn sampla amháin saotharlainne nó an dá shampla an t-uasleibhéal thar amhras réasúnach agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh. Tá sé sin amhlaidh i gcás ina bhfuil an toradh anailíse (arna cheartú le haghaidh aisghabhála más infheidhme) lúide an éiginnteacht tomhais leathnaithe a eascraíonn as an anailís os cionn an uasleibhéil. |
I gcásanna ina bhfuil an sampla comhiomlán 12 kg nó níos lú:
— |
glacadh má tá an sampla saotharlainne i gcomhréir leis an uasleibhéal, agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh, |
— |
diúltú, má tá an sampla saotharlainne níos mó ná an uasleibhéal thar amhras réasúnach agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh. Tá sé sin amhlaidh i gcás ina bhfuil an toradh anailíse (arna cheartú le haghaidh aisghabhála más infheidhme) lúide an éiginnteacht tomhais leathnaithe a eascraíonn as an anailís os cionn an uasleibhéil. |
E. MODH SAMPLÁLA LE hAGHAIDH SPÍOSRAÍ TRIOMAITHE SEACHAS SPÍOSRAÍ TRIOMAITHE LE MÉID CHÁITHNÍN MHÓR AGUS SPÍOSRAÍ PÚDRAITHE
Baineann an modh samplála seo le cur i bhfeidhm chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar leibhéil míceatocsainí i spíosraí. Mar sin féin, i gcás spíosraí triomaithe le méid cáithnín réasúnta mór, i.e. méid cáithnín inchomparáide le piseanna talún nó níos mó amhail noitmig le dáileadh ilchineálach d’éilliú míceatocsaine, beidh feidhm ag an modh samplála dá ndéantar foráil i gcuid D den Iarscríbhinn seo. Maidir le spíosraí púdraithe (spíosraí i bpúdar), cuirfear i bhfeidhm an modh samplála dá ndéantar foráil i gcuid M den Iarscríbhinn seo.
E.1. Meáchan an tsampla incrimintigh
Beidh meáchan an tsampla incrimintigh timpeall 100 g, mura sainmhínítear a mhalairt sa chuid E seo
I gcás luchtóga i bpacáistí miondíola/aonair, braitheann meáchan an tsampla incrimintigh ar mheáchan an phacáiste miondíola/aonair.
I gcás pacáistí miondíola/aonair > 100 gram, beidh samplaí comhiomlána dá thoradh sin a mheánn níos mó ná an meáchan is gá a léirítear i dtáblaí 1 agus 2. Má tá meáchan pacáiste miondíola/aonair aonaraigh >> 100 g, tógfar 200 g ó gach pacáiste miondíola/aonair aonarach mar shampla incriminteach. Is féidir é sin a dhéanamh nuair a thógtar an sampla, nó sa tsaotharlann. Mar sin féin, i gcásanna ina mbeadh iarmhairtí tráchtála neamh-inghlactha ann mar thoradh ar an modh samplála sin a leanann as damáiste don luchtóg (mar gheall ar fhoirmeacha pacáistíochta, modhanna iompair, etc.), ansin is féidir modh samplála malartach a chur i bhfeidhm. Mar shampla, i gcás ina ndéantar táirge luachmhar a mhargú i bpacáistí miondíola/aonair atá 500 g nó 1 kg, is féidir an sampla comhiomlán a fháil trí roinnt samplaí incriminteacha a chomhiomlánú atá níos lú ná an líon a léirítear i dtáblaí 1 agus 2, ar choinníoll go gcomhfhreagróidh meáchan an tsampla chomhiomláin don mheáchan riachtanach ón sampla comhiomlán a luaitear i dtáblaí 1 agus 2.
I gcás ina bhfuil na pacáistí miondíola/aonair níos lú ná 100 gram agus nach bhfuil an difríocht an-mhór (i.e; nach lú ná leath de 100 g) measfar mar shampla incriminteach amháin pacáiste miondíola/aonair amháin, arb é an toradh atá air sin sampla comhiomlán is lú ná an meáchan is gá a léirítear i dtáblaí 1 agus 2. Má tá meáchan ba bpacáistí miondíola/aonair i bhfad níos lú ná 100 g, beidh dhá phacáiste miondíola/aonair nó níos mó i sampla incriminteach amháin, ina ndéantar an 100 g a neasú chomh gar agus is féidir.
E.2. Suirbhé ginearálta ar an modh samplála le haghaidh spíosraí triomaithe seachas spíosraí triomaithe le méid cáithnín mhór agus spíosraí púdraithe.
Tábla 1
Na luchtóga a fhoroinnt ina bhfo-luchtóga ag brath ar mheáchan an táirge agus na luchtóige
Tráchtearra |
Meáchan na luchtóige (tonaí) |
Meáchan nó líon na bhfo-luchtóg |
An líon samplaí incriminteacha |
Meáchan comhiomlán an tsampla (kg) |
Spíosraí triomaithe |
≥ 15 |
25 tona |
100 |
10 |
< 15 |
— |
5 -100 (*6) |
0,5 -10 |
E.3. Modh samplála le haghaidh spíosraí triomaithe seachas spíosraí triomaithe le méid cáithnín mhór agus spíosraí púdraithe (luchtóga ≥ 15 thona)
— |
Ar choinníoll gur féidir an fho-luchtóg a dheighilt go fisiceach, foroinnfear gach luchtóg ina bhfo-luchtóga de réir thábla 1. Agus é á chur san áireamh nach iolrach cothrom de mheáchan na bhfo-luchtóg é meáchan na luchtóige i gcónaí, féadfaidh meáchan na fo-luchtóige a bheith 20 % ar a mhéad os cionn an mheáchain a luaitear. |
— |
Déanfar gach fo-luchtóg a shampláil ar leithligh. |
— |
An líon samplaí incriminteacha: 100. Meáchan an tsampla chomhiomláin = 10 kg. |
— |
Mura féidir an modh samplála ar a dtugtar tuairisc thuas a dhéanamh mar gheall ar na hiarmhairtí tráchtála a leanann as damáiste don luchtóg (mar gheall ar fhoirmeacha pacáistíochta, modhanna iompair) féadfar modh malartach samplála a chur i bhfeidhm ar choinníoll go bhfuil sé chomh ionadaíoch agus is féidir agus go dtugtar tuairisc iomlán air agus go ndéantar é a dhoiciméadú go hiomlán. |
E.4. Modh samplála le haghaidh spíosraí triomaithe seachas spíosraí triomaithe le méid cáithnín mhór agus spíosraí púdraithe (luchtóga < 15 thona)
Maidir le luchtóga spíosraí triomaithe níos lú ná 15 thona, úsáidfear an plean samplála le 5 go 100 sampla incriminteach, ag brath ar mheáchan na luchtóige, rud a bhféadadh sampla comhiomlán idir 0,5 agus 10 kg a bheith de thoradh air sin.
Is féidir na figiúirí i dTábla 2 seo a leanas a úsáid chun an líon samplaí incriminteacha atá le tógáil a chinneadh.
Tábla 2
An líon samplaí incriminteacha a bheidh le tógáil ag brath ar mheáchan na luchtóige de spíosraí triomaithe
Meáchan na luchtóige (tonaí) |
An líon samplaí incriminteacha |
Meáchan comhiomlán an tsampla (kg) |
≤ 0,01 |
5 |
0,5 |
> 0,01 -≤ 0,1 |
10 |
1 |
> 0,1 -≤ 0,2 |
15 |
1,5 |
> 0,2 -≤ 0,5 |
20 |
2 |
> 0,5 -≤ 1,0 |
30 |
3 |
> 1,0 -≤ 2,0 |
40 |
4 |
> 2,0 -≤ 5,0 |
60 |
6 |
> 5,0 -≤ 10,0 |
80 |
8 |
> 10,0 -≤ 15,0 |
100 |
10 |
E.5. Sampláil ag an gcéim mhiondíola
Déanfar sampláil ar earraí bia ag an gcéim mhiondíola nuair is féidir i gcomhréir leis na forálacha samplála a leagtar amach sa chuid E seo.
I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, féadfar modh samplála malartach ag an gcéim mhiondíola a úsáid ar choinníoll go n-áirithítear leis go mbeidh an sampla comhiomlán ionadaíoch go leor ar an luchtóg shampláilte agus go dtabharfar tuairisc iomlán air agus go mbeidh doiciméadú iomlán déanta air. In aon chás, beidh an sampla comhiomlán 0,5 kg (7) ar a laghad.
E.6. Modh samplála sonrach le haghaidh spíosraí triomaithe seachas spíosraí triomaithe le méid cáithnín mhór agus spíosraí púdraithe arna dtrádáil i bhfolúsphacáistí
Maidir le luchtóga atá cothrom le nó níos mó ná 15 thona, tógfar 25 shampla incriminteacha ar a laghad, rud a mbeidh sampla comhiomlán 10 kg dá thoradh, agus maidir le luchtóga atá níos lú ná 15 thona, tógfar 25 % den líon samplaí incriminteacha a luaitear i dtábla 2, rud a mbeidh sampla comhiomlán dá thoradh a gcomhfhreagróidh a mheáchan le meáchan na luchtóige sampláilte (féach tábla 2).
E.7. Glacadh le luchtóg nó le fo-luchtóg
— |
glacadh má tá an sampla saotharlainne i gcomhréir leis an uasleibhéal, agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh; |
— |
diúltú, má tá an sampla saotharlainne níos mó ná an uasleibhéal thar amhras réasúnach agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh. Tá sé sin amhlaidh i gcás ina bhfuil an toradh anailíse (arna cheartú le haghaidh aisghabhála más infheidhme) lúide an éiginnteacht tomhais leathnaithe a eascraíonn as an anailís os cionn an uasleibhéil. |
F. MODH SAMPLÁLA LE HAGHAIDH BAINNE AGUS TÁIRGÍ BAINNE, BAINNE FOIRMLE DO NAÍONÁIN, BAINNE FOIRMLE LEANTACH, BIANNA CHUN CRÍOCH SPEISIALTA MÍOCHAINE ATÁ CEAPTHA DO NAÍONÁIN AGUS DO LEANAÍ ÓGA AGUS BAINNE FOIRMLE DO LEANAÍ ÓGA
F.1. Modh samplála le haghaidh bainne agus táirgí bainne, bainne foirmle do naíonáin, bainne foirmle leantach, bianna chun críoch speisialta míochaine atá ceaptha do naíonáin agus do leanaí óga agus bainne foirmle do leanaí óga.
Beidh an sampla comhiomlán 1 kg nó 1 lítear ar a laghad i gcás nach féidir e.g. i gcás ina bhfuil buidéal amháin sa sampla.
Beidh an t-íoslíon samplaí incriminteacha atá le tógáil ón luchtóg mar a thugtar i dTábla 1. Feidhm den ghnáthfhoirm ina ndéantar tráchtálú ar na táirgí lena mbaineann is ea an líon samplaí incriminteacha a chinneadh. I gcás bulc-tháirgí leachtacha, meascfar an luchtóg go han-mhaith a oiread agus is féidir, agus a mhéid nach mbeidh tionchar ag an meascadh ar cháilíocht an táirge, de láimh nó trí mheán meicniúil, díreach roimh an tsampláil. Sa chás seo, glactar le dáileadh aonchineálach míceatocsaine laistigh de luchtóg ar leith. Is leor dá bhrí sin trí shampla incriminteacha a thógáil ó luchtóg chun an sampla comhiomlán a chruthú.
Beidh na samplaí incriminteacha, ar buidéal nó pacáiste a d’fhéadfadh a bheith iontu go minic, thart ar an meáchan céanna. Beidh meáchan sampla incrimintigh 100 g ar a laghad, a mbeidh sampla comhiomlán 1 kg nó 1 lítear ar a laghad dá thoradh. Is sa taifead dá bhforáiltear faoi chuid I pointe A.1.8 den Iarscríbhinn seo a dhéanfar taifeadadh má chuirtear an modh sin i leataobh.
Tábla 1
An t-íoslíon samplaí incriminteacha atá le tógáil ón luchtóg
An cineál tráchtálaithe |
Toirt nó meáchan na luchtóige (i lítear nó kg) |
An t-íoslíon samplaí incriminteacha atá le tógáil |
Íostoirt nó íosmheáchan na luchtóige (i lítear nó kg) |
Bulc |
— |
3 -5 |
1 |
Buidéil/pacáistí |
≤ 50 |
3 |
1 |
Buidéil/pacáistí |
50 go 500 |
5 |
1 |
Buidéil/pacáistí |
> 500 |
10 |
1 |
F.2. Sampláil ag an gcéim mhiondíola
Déanfar sampláil ar earraí bia ag an gcéim mhiondíola nuair is féidir i gcomhréir leis na forálacha samplála a leagtar amach sa chuid F seo.
I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, féadfar modh samplála malartach ag an gcéim mhiondíola a úsáid ar choinníoll go n-áirithítear leis go mbeidh an sampla comhiomlán ionadaíoch go leor ar an luchtóg shampláilte agus go dtabharfar tuairisc iomlán air agus go mbeidh doiciméadú iomlán déanta air (8).
F.3. Glacadh le luchtóg nó le fo-luchtóg
— |
glacadh má tá an sampla saotharlainne i gcomhréir leis an uasleibhéal, agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh; |
— |
diúltú, má tá an sampla saotharlainne níos mó ná an uasleibhéal thar amhras réasúnach agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh. Tá sé sin amhlaidh i gcás ina bhfuil an toradh anailíse (arna cheartú le haghaidh aisghabhála más infheidhme) lúide an éiginnteacht tomhais leathnaithe a eascraíonn as an anailís os cionn an uasleibhéil. |
G. MODH SAMPLÁLA LE hAGHAIDH CAIFE, TÁIRGÍ CAIFE, CÓCÓ, TÁIRGÍ CÓCÓ, FRÉAMH LIOCRAIS AGUS TÁIRGÍ LIOCRAIS
Baineann an modh samplála seo le cur i bhfeidhm chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar leibhéil míceatocsainí i gcaife, táirgí caife, cócó, táirgí cócó, fréamh liocrais agus táirgí liocrais. A mhéid a bhaineann le caife, táirgí caife, cócó agus táirgí cócó, tá an modh samplála dá bhforáiltear sa chuid G seo infheidhme maidir le táirgí (triomaithe) soladacha. A mhéid a bhaineann le deochanna (leacht), tá an modh samplála dá bhforáiltear i gcuid II infheidhme.
G.1. Meáchan an tsampla incrimintigh
Beidh meáchan an tsampla incrimintigh timpeall 100 g, mura sainmhínítear a mhalairt sa chuid G seo
I gcás luchtóga i bpacáistí miondíola/aonair, beidh meáchan an tsampla incrimintigh ag brath ar mheáchan an phacáiste miondíola/aonair.
I gcás pacáistí miondíola/aonair is mó ná 100 g, beidh samplaí comhiomlána dá thoradh sin a mheánn níos mó ná an meáchan is gá a léirítear i dtáblaí 1 agus 2. Má tá meáchan pacáiste miondíola/aonair aonaraigh i bhfad níos mó ná 100 g, tógfar 100 g ó gach pacáiste miondíola/aonair aonarach mar shampla incriminteach. Is féidir é sin a dhéanamh nuair a thógtar an sampla, nó sa tsaotharlann. Mar sin féin, i gcásanna ina mbeadh iarmhairtí tráchtála neamh-inghlactha ann mar thoradh ar an modh samplála sin a leanann as damáiste don luchtóg (mar gheall ar fhoirmeacha pacáistíochta, modhanna iompair, etc.), ansin is féidir modh samplála malartach a chur i bhfeidhm. Mar shampla, i gcás ina ndéantar táirge luachmhar a mhargú i bpacáistí miondíola/aonair atá 500 g nó 1 kg, is féidir an sampla comhiomlán a fháil trí roinnt samplaí incriminteacha a chomhiomlánú atá níos lú ná an líon a léirítear i dtáblaí 1 agus 2, ar choinníoll go gcomhfhreagróidh meáchan an tsampla chomhiomláin don mheáchan riachtanach ón sampla comhiomlán a luaitear i dtáblaí 1 agus 2.
I gcás ina bhfuil na pacáistí miondíola/aonair níos lú ná 100 g agus nach bhfuil an difríocht an-mhór (i.e. nach lú ná leath 100 g), measfar mar shampla incriminteach amháin pacáiste miondíola/aonair amháin, arb é an toradh atá air sin sampla comhiomlán is lú ná an meáchan is gá a léirítear i dtáblaí 1 agus 2. Má tá meáchan ba bpacáistí miondíola/aonair i bhfad níos lú ná 100 g, beidh dhá phacáiste miondíola/aonair nó níos mó i sampla incriminteach amháin, ina ndéantar an 100 g a neasú chomh gar agus is féidir.
G.2. Suirbhé ginearálta ar an modh samplála le haghaidh caife, táirgí caife, cócó, táirgí cócó, fréamh liocrais agus táirgí liocrais
Tábla 1
Na luchtóga a fhoroinnt ina bhfo-luchtóga ag brath ar mheáchan an táirge agus na luchtóige
Tráchtearra |
Meáchan na luchtóige (ina thonaí) |
Meáchan nó líon na bhfo-luchtóg |
Gan samplaí incriminteacha |
Meáchan comhiomlán an tsampla (kg) |
Caife, táirgí caife, cócó, táirgí cócó, fréamh liocrais agus táirgí liocrais |
≥ 15 |
15 -30 tona |
100 |
10 |
< 15 |
— |
10 -100 (*7) |
1 -10 |
G.3. Modh samplála le haghaidh caife, táirgí caife, cócó, táirgí cócó, fréamh liocrais agus táirgí liocrais (luchtóga ≥ 15 thona)
— |
Ar choinníoll gur féidir an fho-luchtóg a dheighilt go fisiceach, foroinnfear gach luchtóg ina bhfo-luchtóga de réir thábla 1. Agus é á chur san áireamh nach iolrach cothrom de mheáchan na bhfo-luchtóg é meáchan na luchtóige i gcónaí, féadfaidh éagsúlacht 20 % ar a mhéad a bheith i meáchan na fo-luchtóige os cionn an mheáchain a luaitear. |
— |
Déanfar gach fo-luchtóg a shampláil ar leithligh, |
— |
An líon samplaí incriminteacha: 100, |
— |
Meáchan an tsampla chomhiomláin = 10 kg, |
— |
Mura féidir an modh samplála ar a dtugtar tuairisc thuas a dhéanamh mar gheall ar na hiarmhairtí tráchtála a leanann as damáiste don luchtóg (mar gheall ar fhoirmeacha pacáistíochta, modhanna iompair) féadfar modh malartach samplála a chur i bhfeidhm ar choinníoll go bhfuil sé chomh ionadaíoch agus is féidir agus go dtugtar tuairisc iomlán air agus go ndéantar é a dhoiciméadú go hiomlán. |
G.4. Modh samplála le haghaidh caife, táirgí caife, cócó, táirgí cócó, fréamh liocrais agus táirgí liocrais (luchtóga < 15 thona)
Maidir le caife, táirgí caife, cócó, táirgí cócó, fréamh liocrais agus táirgí liocrais faoi 15 thona úsáidfear an plean samplála le 10 go 100 sampla incriminteach, ag brath ar mheáchan na luchtóige, a mbeidh sampla comhiomlán de 1 go 10 kg dá thoradh.
Is féidir na figiúirí i dtábla 2 seo a leanas a úsáid chun an líon samplaí incriminteacha atá le tógáil a chinneadh.
Tábla 2
An líon samplaí incriminteacha a bheidh le tógáil ag brath ar mheáchan na luchtóige de chaife, táirgí caife, cócó, táirí cócó, fréamh liocrais agus táirgí liocrais
Meáchan na luchtóige (tonaí) |
Líon na samplaí incriminteacha |
Meáchan comhiomlán an tsampla (kg) |
≤ 0,1 |
10 |
1 |
> 0,1 – ≤ 0,2 |
15 |
1,5 |
> 0,2 – ≤ 0,5 |
20 |
2 |
> 0,5 – ≤ 1,0 |
30 |
3 |
> 1,0 – ≤ 2,0 |
40 |
4 |
> 2,0 – ≤ 5,0 |
60 |
6 |
> 5,0 – ≤ 10,0 |
80 |
8 |
> 10,0 – ≤ 15,0 |
100 |
10 |
G.5. Modh samplála le haghaidh caife, táirgí caife, cócó, táirgí cócó, fréamh liocrais agus táirgí liocrais arna dtrádáil i bhfolúsphacáistí
Maidir le luchtóga atá cothrom le nó níos mó ná 15 thona, tógfar 25 shampla incriminteacha ar a laghad, rud a mbeidh sampla comhiomlán 10 kg dá thoradh, agus maidir le luchtóga atá níos lú ná 15 thona, tógfar 25 % den líon samplaí incriminteacha a luaitear i dtábla 2, rud a mbeidh sampla comhiomlán dá thoradh a gcomhfhreagróidh a mheáchan le meáchan na luchtóige sampláilte (féach tábla 2).
G.6. Sampláil ag an gcéim mhiondíola
Déanfar sampláil ar earraí bia ag an gcéim mhiondíola nuair is féidir i gcomhréir leis na forálacha samplála a leagtar amach sa chuid G seo.
I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, féadfar modh samplála malartach ag an gcéim mhiondíola a úsáid ar choinníoll go n-áirithítear leis go mbeidh an sampla comhiomlán ionadaíoch go leor ar an luchtóg shampláilte agus go dtabharfar tuairisc iomlán air agus go mbeidh doiciméadú iomlán déanta air. In aon chás, beidh an sampla comhiomlán 1 kg (9) ar a laghad.
G.7. Glacadh le luchtóg nó le fo-luchtóg
— |
glacadh má tá an sampla saotharlainne i gcomhréir leis an uasleibhéal, agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh, |
— |
diúltú, má tá an sampla saotharlainne níos mó ná an uasleibhéal thar amhras réasúnach agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh. Tá sé sin amhlaidh i gcás ina bhfuil an toradh anailíse (arna cheartú le haghaidh aisghabhála más infheidhme) lúide an éiginnteacht tomhais leathnaithe a eascraíonn as an anailís os cionn an uasleibhéil. |
H. MODH SAMPLÁLA LE hAGHAIDH DEOCHANNA
Baineann an modh samplála seo le cur i bhfeidhm chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar leibhéil míceatocsainí i ndeochanna, seachas bainne.
H.1. Modh samplála
Beidh an sampla comhiomlán aon lítear amháin ar a laghad ach amháin i gcás nach féidir e.g. i gcás ina bhfuil buidéal amháin sa sampla.
Beidh an t-íoslíon samplaí incriminteacha atá le tógáil ón luchtóg mar a thugtar i dTábla 1. Feidhm den ghnáthfhoirm ina ndéantar tráchtálú ar na táirgí lena mbaineann is ea an líon samplaí incriminteacha a chinneadh. I gcás bulc-tháirgí leachtacha, meascfar an luchtóg go han-mhaith a oiread agus is féidir, agus a mhéid nach mbeidh tionchar ag an meascadh ar cháilíocht an táirge, de láimh nó trí mheán meicniúil, díreach roimh an tsampláil. Sa chás seo, is féidir glacadh le dáileadh aonchineálach míceatocsaine laistigh de luchtóg ar leith. Is leor dá bhrí sin trí shampla incriminteacha a thógáil ó luchtóg chun an sampla comhiomlán a chruthú.
Beidh na samplaí incriminteacha, ar buidéal nó pacáiste a d’fhéadfadh a bheith iontu go minic, thart ar an toirt chéanna. 100 millilítear a bheidh i dtoirt sampla incrimintigh ar a laghad, rud a mbeidh sampla comhiomlán 1 lítear ar a laghad dá thoradh. Is sa taifead dá bhforáiltear faoi chuid I pointe A.1.8 den Iarscríbhinn seo a dhéanfar taifeadadh má chuirtear an modh sin i leataobh.
Tábla 1
An t-íoslíon samplaí incriminteacha atá le tógáil ón luchtóg
An cineál tráchtálaithe |
Toirt na luchtóige (i lítir) |
An t-íoslíon samplaí incriminteacha atá le tógáil |
Íosmhéid an tsampla chomhiomláin (i lítir) |
Bulc |
— |
3 |
1 |
Buidéil/pacáistí (deochanna seachas fíon) |
≤ 50 |
3 |
1 |
Buidéil/pacáistí (deochanna seachas fíon) |
50 go 500 |
5 |
1 |
Buidéil/pacáistí (deochanna seachas fíon) |
> 500 |
10 |
1 |
Buidéil/pacáistí fíona |
≤ 50 |
1 |
1 |
Buidéil/pacáistí fíona |
50 go 500 |
2 |
1 |
Buidéil/pacáistí fíona |
> 500 |
3 |
1 |
H.2. Sampláil ag an gcéim mhiondíola
Déanfar sampláil ar earraí bia ag an gcéim mhiondíola nuair is féidir i gcomhréir leis na forálacha samplála a leagtar amach sa chuid H seo (10).
I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, féadfar modh samplála malartach ag an gcéim mhiondíola a úsáid ar choinníoll go n-áirithítear leis go mbeidh an sampla comhiomlán ionadaíoch go leor ar an luchtóg shampláilte agus go dtabharfar tuairisc iomlán air agus go mbeidh doiciméadú iomlán déanta air.
H.3. Glacadh le luchtóg nó le fo-luchtóg
— |
glacadh má tá an sampla saotharlainne i gcomhréir leis an uasleibhéal, agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh, |
— |
diúltú, má tá an sampla saotharlainne níos mó ná an uasleibhéal thar amhras réasúnach agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh. Tá sé sin amhlaidh i gcás ina bhfuil an toradh anailíse (arna cheartú le haghaidh aisghabhála más infheidhme) lúide an éiginnteacht tomhais leathnaithe a eascraíonn as an anailís os cionn an uasleibhéil. |
I. MODH SAMPLÁLA LE hAGHAIDH TÁIRGÍ TORTHAÍ AGUS GLASRAÍ PRÓISEÁILTE SOLADACHA
Baineann an modh samplála seo le cur i bhfeidhm chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar leibhéil míceatocsainí i dtorthaí próiseáilte soladacha (seachas táirgí próiseáilte ó thorthaí triomaithe a thagann faoi chodanna B agus C den Iarscríbhinn seo) agus táirgí glasraí, lena n-áirítear torthaí próiseáilte soladacha agus táirgí glasraí do naíonáin agus leanaí óga.
I.1. Modh samplála
Beidh an sampla comhiomlán 1 kg ar a laghad, ach amháin i gcás nach féidir e.g. i gcás ina bhfuil pacáiste aonair á shampláil.
Beidh an t-íoslíon samplaí incriminteacha atá le tógáil ón luchtóg mar a thugtar i dTábla 1.
Beidh na samplaí incriminteacha thart ar an meáchan céanna. Beidh meáchan sampla incrimintigh 100 g ar a laghad, a mbeidh sampla comhiomlán 1 kg ar a laghad dá thoradh. Is sa taifead dá bhforáiltear faoi chuid I pointe A.1.8 den Iarscríbhinn seo a dhéanfar taifeadadh má chuirtear an modh sin i leataobh.
Tábla 1
An t-íoslíon samplaí incriminteacha atá le tógáil ón luchtóg
Meáchan na luchtóige (in kg) |
An t-íoslíon samplaí incriminteacha atá le tógáil |
Meáchan comhiomlán an tsampla(kg) |
< 50 |
3 |
1 |
50 go 500 |
5 |
1 |
> 500 |
10 |
1 |
Má tá pacáistí aonair sa luchtóg, tugtar an líon pacáistí, a thógfar chun an sampla comhiomlán a chruthú, i dTábla 2.
Tábla 2
An líon pacáistí (samplaí incriminteacha) a thógfar chun an sampla comhiomlán a chruthú má tá pacáistí aonair sa luchtóg
An líon pacáistí nó aonad sa luchtóg |
An líon pacáistí nó aonad atá le tógáil |
Meáchan comhiomlán an tsampla(kg) |
1 go 25 |
1 phacáiste nó aonad |
1 |
26 go 100 |
tuairim is 5 %, dhá phacáiste nó dhá aonad ar a laghad |
1 |
> 100 |
tuairim is 5 %, 10 bpacáiste nó 10 n-aonad ar a mhéad |
1 |
I.2. Sampláil ag an gcéim mhiondíola
Déanfar sampláil ar earraí bia ag an gcéim mhiondíola nuair is féidir i gcomhréir leis na forálacha samplála a leagtar amach sa chuid I seo.
I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, féadfar modh samplála malartach ag an gcéim mhiondíola a úsáid ar choinníoll go n-áirithítear leis go mbeidh an sampla comhiomlán ionadaíoch go leor ar an luchtóg shampláilte agus go dtabharfar tuairisc iomlán air agus go mbeidh doiciméadú iomlán déanta air (11).
I.3. Glacadh le luchtóg nó le fo-luchtóg
— |
glacadh má tá an sampla saotharlainne i gcomhréir leis an uasleibhéal, agus an ceartú le haghaidh éiginnteacht tomhais agus aisghabhála á gcur san áireamh, |
— |
diúltú má tá an sampla saotharlainne níos mó ná an uasleibhéal thar amhras réasúnach agus éiginnteacht tomhais agus an ceartú le haghaidh aisghabhála á gcur san áireamh. Tá sé sin amhlaidh i gcás ina bhfuil an toradh anailíse (arna cheartú le haghaidh aisghabhála más infheidhme) lúide an éiginnteacht tomhais leathnaithe a eascraíonn as an anailís os cionn an uasleibhéil. |
J. MODH SAMPLÁLA LE hAGHAIDH BIANNA DO NAÍONÁIN AGUS BIANNA GRÁNACHBHUNAITHE DO NAÍONÁIN AGUS DO LEANAÍ ÓGA
Baineann an modh samplála seo le cur i bhfeidhm chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar leibhéil míceatocsainí i mbianna naíonán agus i mbianna gránachbhunaithe do naíonáin agus do leanaí óga, seachas deochanna dá dtagraítear i gcuid H agus táirgí torthaí agus glasraí próiseáilte dá dtagraítear i gcuid I den Iarscríbhinn seo.
J.1. Modh samplála
— |
Beidh feidhm ag an modh samplála do ghránaigh agus táirgí gránaigh mar a leagtar amach i bpointe A.4 i gcuid II den Iarscríbhinn seo maidir le bia atá beartaithe do naíonáin agus leanaí óga. Dá réir sin, braithfidh an líon samplaí incriminteacha a bheidh le tógáil ar mheáchan na luchtóige, le híoslíon 10 agus uaslíon 100, i gcomhréir le Tábla 2 ag pointe A.4 i gcuid II den Iarscríbhinn seo. Maidir le luchtóga an-bheag (≤ 0,5 tona) is féidir líon níos ísle samplaí incriminteacha a thógáil, ach sa chás sin beidh an sampla comhiomlán ina n-aontófar na samplaí incriminteacha uile ar a laghad 1 kg freisin. |
— |
beidh meáchan an tsampla incrimintigh timpeall 100 g. I gcás luchtóga i bpacáistí miondíola/aonair, beidh meáchan an tsampla incrimintigh ag brath ar mheáchan an phacáiste miondíola/aonair agus i gcás luchtóga an-bheag (≤ 0,5 tona) beidh meáchan na samplaí incriminteacha amhail is go mbeidh sampla comhiomlán de 1 kg ar a laghad ann nuair a aontaítear na samplaí incriminteacha. Is sa taifead dá bhforáiltear faoi chuid I pointe A.1.8 den Iarscríbhinn seo a dhéanfar taifeadadh má chuirtear an modh sin i leataobh. |
— |
meáchan an tsampla chomhiomláin = 1-10 kg sách measctha. |
J.2. Sampláil ag an gcéim mhiondíola
Déanfar sampláil ar earraí bia ag an gcéim mhiondíola nuair is féidir i gcomhréir leis na forálacha samplála a leagtar amach sa chuid J seo.
I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, féadfar modh samplála malartach ag an gcéim mhiondíola a úsáid ar choinníoll go n-áirithítear leis go mbeidh an sampla comhiomlán ionadaíoch go leor ar an luchtóg shampláilte agus go dtabharfar tuairisc iomlán air agus go mbeidh doiciméadú iomlán déanta air (12).
J.3. Glacadh le luchtóg nó le fo-luchtóg
— |
glacadh má tá an sampla saotharlainne i gcomhréir leis an uasleibhéal, agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh; |
— |
diúltú, má tá an sampla saotharlainne níos mó ná an uasleibhéal thar amhras réasúnach agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh. Tá sé sin amhlaidh i gcás ina bhfuil an toradh anailíse (arna cheartú le haghaidh aisghabhála más infheidhme) lúide an éiginnteacht tomhais leathnaithe a eascraíonn as an anailís os cionn an uasleibhéil. |
K. MODH SAMPLÁLA LE hAGHAIDH OLAÍ GLASRAÍ
K.1. Modh samplála le haghaidh olaí glasraí
— |
100 g (ml) ar a laghad (ag brath ar chineál na luchtóige e.g. ola glasraí i mbulc, is gá trí shampla incriminteacha timpeall 350 ml ar a laghad a thógáil) a bheidh i meáchan an tsampla incrimintigh, rud a mbeidh sampla comhiomlán 1 kg (lítear) ar a laghad dá thoradh. |
— |
Ar choinníoll gur féidir an fho-luchtóg a dheighilt go fisiceach, foroinnfear gach luchtóg ina bhfo-luchtóga de réir Thábla 1. Agus é á chur san áireamh nach iolrach cothrom de mheáchan na bhfo-luchtóg é meáchan na luchtóige i gcónaí, féadfaidh meáchan na fo-luchtóige a bheith 20 % ar a mhéad os cionn an mheáchain a luaitear. I gcás nach bhfuil nó nach féidir an luchtóg a dheighilt go fisiceach ina fho-luchtóga, tógtar 3 sampla incriminteach ón luchtóg. |
— |
Beidh an t-íoslíon samplaí incriminteacha atá le tógáil ón luchtóg mar a thugtar i dTábla 2. Meascfar an luchtóg go han-mhaith a oiread agus is féidir, de láimh nó trí mheán meicniúil, díreach roimh an tsampláil. Sa chás seo, is féidir glacadh le dáileadh aonchineálach míceatocsainí laistigh de luchtóg ar leith, is leor dá bhrí sin trí shampla incriminteacha a thógáil ó luchtóg chun an sampla comhiomlán a chruthú. Tábla 1 Na luchtóga a fhoroinnt ina bhfo-luchtóga ag brath ar mheáchan na luchtóige
Tábla 2 An t-íoslíon samplaí incriminteacha atá le tógáil ón luchtóg
|
K.2. Modh samplála le haghaidh olaí glasraí ag an gcéim mhiondíola
Déanfar sampláil ar earraí bia ag an gcéim mhiondíola nuair is féidir i gcomhréir leis na forálacha samplála a leagtar amach sa chuid K seo.
I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, féadfar modhanna samplála éifeachtacha eile ag an gcéim mhiondíola a úsáid ar choinníoll go n-áirithítear leo go bhfuil an sampla comhiomlán ionadaíoch go leor ar an luchtóg shampláilte agus go dtabharfar tuairisc iomlán air agus go mbeidh doiciméadú iomlán déanta air. In aon chás, beidh an sampla comhiomlán 1 kg ar a laghad.
K.3. Glacadh le luchtóg nó le fo-luchtóg
— |
glacadh má tá an sampla saotharlainne i gcomhréir leis an uasleibhéal, agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh, |
— |
diúltú, má tá an sampla saotharlainne níos mó ná an uasleibhéal thar amhras réasúnach agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh. Tá sé sin amhlaidh i gcás ina bhfuil an toradh anailíse (arna cheartú le haghaidh aisghabhála más infheidhme) lúide an éiginnteacht tomhais leathnaithe a eascraíonn as an anailís os cionn an uasleibhéil. |
L. MODH SAMPLÁLA LE hAGHAIDH FORLÍONTAÍ BIA, PAILIN AGUS TÁIRGÍ PAILINE
L.1. Meáchan an tsampla incrimintigh agus modh samplála
Tá an nós imeachta samplála a cuireadh ar fáil d’fhorbhianna, pailin agus táirgí pailine mar chapsúil/phiollairí bunaithe ar phacáiste miondíola/aonair ina bhfuil 30 go 120 capsúl/piollaire in aghaidh an phacáiste miondíola/aonair de ghnáth
Méid na luchtóige (an líon pacáistí miondíola/aonair) |
An líon pacáistí miondíola/aonair le tógáil don sampla |
Méid an tsampla (íosmhéid an tsampla chomhiomláin) |
||||||
1 -50 |
1 |
Forbhianna mar chapsúil/phiollairí: Ábhar iomlán an phacáiste miondíola/aonair |
||||||
Foirmeacha eile forbhianna – samplaí incriminteacha de thimpeall 20 g nó 20 ml
|
||||||||
51 -250 |
2 |
Forbhianna mar chapsúil/phiollairí:ábhar iomlán an dá phacáiste miondíola/aonair |
||||||
Foirmeacha eile forbhianna – samplaí incriminteacha de thimpeall 20 g nó 20 ml
|
||||||||
251 -1 000 |
4 |
Forbhianna mar chapsúil/phiollairí: ó gach pacáiste miondíola/aonair tógtha i gcomhair sampla, leath na gcapsúl/piollairí |
||||||
Foirmeacha eile forbhianna – samplaí incriminteacha de thimpeall 20 g nó 20 ml
|
||||||||
> 1 000 |
4 + 1 phacáiste miondíola/aonair in aghaidh gach 1 000 pacáiste miondíola/aonair le huasmhéid 25 phacáiste miondíola/aonair |
Forbhianna mar chapsúil/phiollairí: ≤ 10 bpacáiste miondíola/aonair: ó gach pacáiste miondíola/aonair, leath na gcapsúl/piollairí > 10 bpacáiste miondíola/aonair: ó gach pacáiste miondíola/aonair, tógtar líon capsúl/piollairí cothrom ionas go mbeidh sampla ina bhfuil coibhéis ábhar 5 phacáiste miondíola/aonair |
||||||
Foirmeacha eile forbhianna – samplaí incriminteacha de thimpeall 20 g nó 20 ml ≤ 10 bpacáiste miondíola/aonair:
> 10 bpacáiste miondíola/aonair – in aghaidh gach 5 phacáiste miondíola/aonair:
|
||||||||
Ní fios (infheidhme amháin maidir le ríomhthráchtáil) |
1 |
Forbhianna mar chapsúil/phiollairí: ábhar iomlán an phacáiste |
L.2. Sampláil ag an gcéim mhiondíola
Déanfar sampláil ar fhorbhianna, pailin agus táirgí pailine ag an gcéim mhiondíola nuair is féidir i gcomhréir leis na forálacha samplála a leagtar amach sa chuid L seo.
I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, féadfar modh samplála malartach ag an gcéim mhiondíola a úsáid ar choinníoll go n-áirithítear leis go mbeidh an sampla comhiomlán ionadaíoch go leor ar an luchtóg shampláilte agus go dtabharfar tuairisc iomlán air agus go mbeidh doiciméadú iomlán déanta air. In aon chás, beidh an sampla comhiomlán 0,05 kg ar a laghad.
L.3. Glacadh le luchtóg
— |
glacadh má tá an sampla saotharlainne i gcomhréir leis an uasleibhéal, agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh; |
— |
diúltú, má tá an sampla saotharlainne níos mó ná an uasleibhéal thar amhras réasúnach agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh. Tá sé sin amhlaidh i gcás ina bhfuil an toradh anailíse (arna cheartú le haghaidh aisghabhála más infheidhme) lúide an éiginnteacht tomhais leathnaithe a eascraíonn as an anailís os cionn an uasleibhéil. |
M. MODH SAMPLÁLA LUIBHEANNA TRIOMAITHE, INSILTÍ LUIBHE (TÁIRGE TRIOMAITHE), TAENNA (TÁIRGE TRIOMAITHE) AGUS SPÍOSRAÍ PÚDRAITHE
M.1. Meáchan an tsampla incrimintigh
Beidh meáchan an tsampla incrimintigh timpeall 40 g, mura sainmhínítear a mhalairt sa chuid M seo
I gcás luchtóga i bpacáistí miondíola/aonair, braitheann meáchan an tsampla incrimintigh ar mheáchan an phacáiste miondíola/aonair.
I gcás pacáistí miondíola/aonair > 40 g, beidh samplaí comhiomlána dá thoradh sin a mheánn níos mó ná an meáchan is gá a léirítear i dtáblaí 1 agus 2. Má tá meáchan pacáiste miondíola/aonair aonaraigh >> 40 g, tógfar 40 g ó gach pacáiste miondíola/aonair aonarach mar shampla incriminteach. Is féidir é sin a dhéanamh nuair a thógtar an sampla, nó sa tsaotharlann. Mar sin féin, i gcásanna ina mbeadh iarmhairtí tráchtála neamh-inghlactha ann mar thoradh ar an modh samplála sin a leanann as damáiste don luchtóg (mar gheall ar fhoirmeacha pacáistíochta, modhanna iompair, etc.), ansin is féidir modh samplála malartach a chur i bhfeidhm. Mar shampla, i gcás ina ndéantar táirge luachmhar a mhargú i bpacáistí miondíola/aonair atá 500 g nó 1 kg, is féidir an sampla comhiomlán a fháil trí roinnt samplaí incriminteacha a chomhiomlánú atá níos lú ná an líon a léirítear i dTáblaí 1 agus 2, ar choinníoll go gcomhfhreagróidh meáchan an tsampla chomhiomláin don mheáchan riachtanach ón sampla comhiomlán a luaitear i dTáblaí 1 agus 2.
I gcás ina bhfuil na pacáistí miondíola/aonair níos lú ná 40 g agus nach bhfuil an difríocht an-mhór (i.e. nach lú ná leath 40 g), measfar mar shampla incriminteach amháin pacáiste miondíola/aonair amháin, arb é an toradh atá air sin sampla comhiomlán is lú ná an meáchan is gá a léirítear i dtáblaí 1 agus 2. Má tá meáchan ba bpacáistí miondíola/aonair i bhfad níos lú ná 40 g, beidh dhá phacáiste miondíola/aonair nó níos mó i sampla incriminteach amháin, ina ndéantar an 40 g a neasú chomh gar agus is féidir.
M.2. Suirbhé ginearálta ar mhodh samplála luibheanna triomaithe, insiltí luibhe (táirge triomaithe), taenna (táirge triomaithe) agus spíosraí púdraithe
Tábla 1
Na luchtóga a fhoroinnt ina bhfo-luchtóga ag brath ar mheáchan na luchtóige
Tráchtearra |
Meáchan na luchtóige (tonaí) |
Meáchan nó líon na bhfo-luchtóg |
An líon samplaí incriminteacha |
Meáchan comhiomlán an tsampla (kg) |
luibheanna triomaithe, insiltí luibhe (táirge triomaithe) taenna (táirge triomaithe), spíosraí púdraithe |
≥ 15 |
25 tona |
50 |
2 |
< 15 |
— |
3 – 50 (*9) |
0,1 – 2,0 |
M.3. Modh samplála luibheanna triomaithe, insiltí luibhe (táirge triomaithe), taenna (táirge triomaithe) agus spíosraí púdraithe (luchtóga ≥ 15 thona)
Ar choinníoll gur féidir an fho-luchtóg a dheighilt go fisiceach, foroinnfear gach luchtóg ina bhfo-luchtóga de réir Thábla 1. Agus é á chur san áireamh nach iolrach cothrom de mheáchan na bhfo-luchtóg é meáchan na luchtóige i gcónaí, féadfaidh meáchan na fo-luchtóige a bheith 20 % ar a mhéad os cionn an mheáchain a luaitear.
Déanfar gach fo-luchtóg a shampláil ar leithligh.
50 sampla incriminteach a bheidh sa líon samplaí incriminteacha. Is é 2,0 kg a bheidh i meáchan an tsampla chomhiomláin.
Mura féidir an modh samplála ar a dtugtar tuairisc thuas a dhéanamh mar gheall ar na hiarmhairtí tráchtála neamh-inghlactha a eascraíonn as damáiste don luchtóg (mar gheall ar fhoirmeacha pacáistíochta, modhanna iompair, nó cúiseanna eile) féadfar modh malartach samplála a chur i bhfeidhm ar choinníoll go bhfuil sé chomh ionadaíoch agus is féidir agus go dtugtar tuairisc iomlán air agus go ndéantar é a dhoiciméadú go hiomlán.
M.4. Modh samplála luibheanna triomaithe, insiltí luibhe (táirge triomaithe), agus taenna (táirge triomaithe) agus spíosraí púdraithe (luchtóga < 15 thona)
Maidir le luchtóga luibheanna triomaithe, insiltí luibhe (táirge triomaithe) agus taenna (táirge triomaithe) agus spíosraí púdraithe níos lú ná 15 thona, úsáidfear an plean samplála le 3 go 50 sampla incriminteach, ag brath ar mheáchan na luchtóige, rud a bhféadadh sampla comhiomlán idir 0,1 agus 2,0 kg a bheith de thoradh air sin.
Féadfar na figiúirí i dTábla 2 seo a leanas a úsáid chun an líon samplaí incriminteacha atá le tógáil a chinneadh.
Tábla 2
An t-íoslíon samplaí incriminteacha a bheidh le tógáil ag brath ar mheáchan na luchtóige de luibheanna triomaithe, insiltí luibhe (táirge triomaithe), taenna (táirge triomaithe) agus spíosraí púdraithe
Meáchan na luchtóige (tonaí) |
An t-íoslíon samplaí incriminteacha |
Íosmheáchan comhiomlán an tsampla (kg) |
≤ 0,1 |
3 |
0,1 |
> 0,1 - ≤ 0,5 |
10 |
0,4 |
> 0,5 - ≤ 5,0 |
25 |
1,0 |
> 5,0 - ≤ 10,0 |
35 |
1,4 |
> 10,0 - ≤ 15,0 |
50 |
2,0 |
M.5. Sampláil ag an gcéim mhiondíola
Déanfar sampláil ar earraí bia ag an gcéim mhiondíola nuair is féidir i gcomhréir leis na forálacha samplála a leagtar amach sa chuid M seo.
I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, féadfar modh samplála malartach ag an gcéim mhiondíola a úsáid ar choinníoll go n-áirithítear leis go mbeidh an sampla comhiomlán ionadaíoch go leor ar an luchtóg shampláilte agus go dtabharfar tuairisc iomlán air agus go mbeidh doiciméadú iomlán déanta air. In aon chás, beidh an sampla comhiomlán 0,1 kg ar a laghad.
M.6. Glacadh le luchtóg nó le fo-luchtóg
Glacadh: i gcás ina bhfuil an sampla saotharlainne i gcomhréir leis an uasleibhéal, agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh;
Diúltú: i gcás ina bhfuil an sampla saotharlainne níos mó ná an uasleibhéal thar amhras réasúnach agus an ceartú le haghaidh aisghabhála agus éiginnteacht tomhais á chur san áireamh. Tá sé sin amhlaidh i gcás ina bhfuil an toradh anailíse (arna cheartú le haghaidh aisghabhála más infheidhme) lúide an éiginnteacht tomhais leathnaithe a eascraíonn as an anailís os cionn an uasleibhéil.
N. MODH SAMPLÁLA LE hAGHAIDH LUCHTÓGA AN-MHÓR NÓ LUCHTÓGA ARNA STÓRÁIL NÓ ARNA N-IOMPAR AR BHEALACH A FHÁGANN NACH BHFUIL SAMPLÁIL INDÉANTA AR FUD NA LUCHTÓIGE
N.1. Prionsabail ghinearálta
I gcás nach féidir samplaí incriminteacha a thógáil ar fud na luchtóige iomláine mar gheall ar mhodh iompair nó stórála luchtóige, b’fhearr sampláil a dhéanamh ar na luchtóga sin nuair a bheidh an luchtóg ag sreabhadh (sampláil dhinimiciúil).
I gcás trádstórais mhóra atá ceaptha chun bia a stóráil, spreagfar oibreoirí chun trealamh a shuiteáil sa trádstóras lena gcumasófar sampláil (uathoibríoch) ar fud na luchtóige stóráilte ina hiomláine.
Nuair a dhéanfar nós imeachta samplála dá bhforáiltear sa chuid N seo a chur i bhfeidhm, cuirfear oibreoir an ghnólachta bia nó a ionadaí ar an eolas faoin nós imeachta samplála. Má cheistíonn oibreoir an ghnólachta bia nó a ionadaí an nós imeachta samplála, cuirfidh oibreoir an ghnólachta bia nó a ionadaí ar chumas an údaráis inniúil sampláil a dhéanamh ar fud na luchtóige iomláine ar a chostas féin.
Ceadaítear sampláil ar chuid den luchtóg, ar an gcoinníoll go bhfuil 10 % ar a laghad den luchtóg atá le sampláil i gcion na coda sampláilte. Má rinneadh cuid de luchtóg bhia den aicme chéanna nó den tuairisc chéanna a shampláil agus a shainaithint mar luchtóg nach gcomhlíonann ceanglais an Aontais, glacfar leis go ndéantar difear freisin don luchtóg ina hiomláine, mura léirítear aon fhianaise le measúnú mionsonraithe breise go bhfuil an chuid eile den luchtóg míshásúil.
Na forálacha samplála ábhartha, amhail meáchan an tsampla incrimintigh, dá bhforáiltear sna codanna eile den Iarscríbhinn seo, tá siad infheidhme maidir leis an tsampláil le haghaidh luchtóga an-mhór nó luchtóga arna stóráil nó arna n-iompar ar bhealach a fhágann nach bhfuil sampláil indéanta ar fud na luchtóige.
N.2. An líon samplaí incriminteacha atá le tógáil i gcás luchtóga an-mhór
I gcás codanna móra atá sampláilte (codanna sampláilte > 500 tona), an líon samplaí incriminteacha atá le tógáil = 100 sampla incriminteach + √tona. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil an luchtóg níos lú ná 1 500 tona agus gur féidir í a fhoroinnt i bhfo-luchtóga i gcomhréir le tábla 1 de chuid A agus ar an gcoinníoll gur féidir na fo-luchtóga a dheighilt go fisiceach, ní mór an líon samplaí incriminteacha dá bhforáiltear i gcuid A a thógáil.
N.3. Luchtóga móra arna n-iompar le longa
N.3.1. Sampláil dhinimiciúil ar luchtóga móra arna n-iompar le longa
B’fhearr sampláil a dhéanamh ar luchtóga móra i longa agus an táirge ag sreabhadh (sampláil dhinimiciúil).
Tá an tsampláil le déanamh in aghaidh an bhoilg lasta (eintiteas is féidir a dheighilt go fisiceach). Déantar boilg lasta a fholmhú i bpáirt i ndiaidh a chéile, áfach, ionas nach mbeidh an chéad deighilt fhisiceach ann a thuilleadh tar éis iad a aistriú chuig na saoráidí stórála. Dá bhrí sin, is féidir sampláil a dhéanamh bunaithe ar an gcéad deighilt fhisiceach nó bunaithe ar an deighilt tar éis iad a aistriú chuig na saoráidí stórála.
Is féidir le díluchtú loinge dul ar aghaidh ar feadh roinnt laethanta. De ghnáth, ní mór sampláil a dhéanamh go tráthrialta le linn thréimhse iomlán an díluchtaithe. Ní féidir ná ní iomchuí i gcónaí cigire oifigiúil a bheith i láthair le haghaidh samplála le linn oibriú iomlán an díluchtaithe, áfach. Dá bhrí sin, ceadaítear sampláil a dhéanamh ar chuid den luchtóg (cuid shampláilte). Cinntear an líon samplaí incriminteacha trí mhéid na coda sampláilte a chur san áireamh.
Fiú má thógtar an sampla oifigiúil go huathoibríoch, is gá cigire a bheith i láthair. Mar sin féin, má dhéantar an tsampláil uathoibríoch le paraiméadair réamhshocraithe nach féidir a athrú le linn na samplála agus má bhailítear na samplaí incriminteacha i ngabhdán séalaithe, rud a chuireann cosc ar aon chalaois fhéideartha, ní gá cigire a bheith i láthair ansin ach amháin ag tús na samplála, gach uair is gá gabhdán na samplaí a athrú agus ag deireadh na samplála.
N.3.2. Sampláil ar luchtóga arna n-iompar ar longa trí shampláil statach
I gcásanna ina ndéantar an tsampláil ar bhealach statach, ní mór an nós imeachta céanna dá bhforáiltear maidir le saoráidí stórála (sadhlanna) a bhfuil rochtain orthu ón mbarr a chur i bhfeidhm (féach pointe N.5.1).
Ní mór an tsampláil a dhéanamh ar an gcuid inrochtana (ón mbarr) den luchtóg/bolg lasta. Cinntear an líon samplaí incriminteacha trí mhéid na coda sampláilte a chur san áireamh.
N.4. Sampláil ar luchtóga móra a stóráiltear i dtrádstórais
Ní mór an tsampláil a dhéanamh ar an gcuid inrochtana den luchtóg. Cinntear an líon samplaí incriminteacha trí mhéid na coda sampláilte a chur san áireamh.
N.5. Sampláil ar shaoráidí stórála (sadhlanna)
N.5.1. Sampláil ar shadhlanna atá inrochtana (go héasca) ón mbarr
Ní mór an tsampláil a dhéanamh ar an gcuid inrochtana den luchtóg. Cinntear an líon samplaí incriminteacha trí mhéid na coda sampláilte a chur san áireamh.
N.5.2. Sampláil ar shadhlanna nach bhfuil inrochtana ón mbarr (sadhlanna dúnta)
N.5.2.1. Sadhlanna nach bhfuil inrochtana ón mbarr (sadhlanna dúnta) ag a bhfuil méideanna aonair > 100 tona
Ní féidir bia a stóráiltear i sadhlanna den sórt sin a shampláil ar bhealach statach. Dá bhrí sin, nuair is gá an bia sa tsadhlann a shampláil agus nuair nach féidir an luchtóg a bhogadh, ní mór comhaontú a dhéanamh leis an oibreoir go gcaithfidh sé nó sí an cigire a chur ar an eolas faoin uair a dhíluchtófar an tsadhlann, go páirteach nó go hiomlán, chun an tsampláil a éascú nuair a bheidh an bia ag sreabhadh.
N.5.2.2. Sadhlanna nach bhfuil inrochtana ón mbarr (sadhlanna dúnta) ag a bhfuil méideanna aonair < 100 tona
In ainneoin na forála i bpointe N.1 (cuid shampláilte 10 % ar a laghad), baineann an nós imeachta samplála le cainníocht de 50 go 100 kg a scaoileadh isteach i ngabhdán agus an sampla a thógáil uaidh. Comhfhreagraíonn méid an tsampla chomhiomláin don luchtóg iomlán agus baineann an líon samplaí incriminteacha le cainníocht an bhia ón tsadhlann a scaoiltear isteach sa ghabhdán le haghaidh samplála.
N.6. Sampláil bia scaoilte i gcoimeádáin mhóra dhúnta
Is minic nach féidir na luchtóga sin a shampláil ach amháin nuair a dhíluchtaítear iad. I gcásanna áirithe, ní féidir díluchtú ag an bpointe allmhairiúcháin nó rialaithe agus, dá bhrí sin, ba cheart an tsampláil a dhéanamh nuair a dhíluchtaítear na coimeádáin sin. Ní mór don oibreoir an cigire a chur ar an eolas faoin áit agus faoin am a dhíluchtófar na coimeádáin chun é a chur ar a chumas don chigire a bheith i láthair.
(1) Tá treoirdhoiciméad d’údaráis inniúla chun rialú a dhéanamh ar chomhlíonadh le reachtaíocht an Aontais maidir le haflatocsainí le fáil ag https://food.ec.europa.eu/document/download/5e7138d9-26c5-4f38-900c-9933fe605a92_en?filename=cs_contaminants_sampling_analysis-guidance-2010_en.pdf Tugtar faisnéis phraiticiúil bhreise sa treoirdhoiciméad ach tá an fhaisnéis atá sa treoirdhoiciméad faoi réir na bhforálacha sa Rialachán seo.
(*1) Ag brath ar mheáchan na luchtóige — féach Tábla 2 de Phointe A.4.
(2) Déanfar sampláil ar luchtóga den sórt sin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i gcuid N. Tabharfar treoraíocht maidir le luchtóga móra a shampláil i dtreoirdhoiciméad atá le fáil ar an suíomh gréasáin seo a leanas: https://food.ec.europa.eu/system/files/2016-10/cs_contaminants_sampling_guidance-sampling-final_en.pdf
(*2) I gcás rialú maidir le láithreacht scléaróití eargóit, tá meáchan an tsampla chomhiomláin 1 kg ar a laghad.
(3) I gcás ina bhfuil an chuid atá le sampláil chomh beag go bhfuil sé dodhéanta sampla comhiomlán 1 kg a fháil, b’fhéidir go mbeadh meáchan an tsampla chomhiomláin níos lú ná 1 kg.
(*3) Ag brath ar mheáchan na luchtóige — féach Tábla 2 den chuid B seo
(4) I gcás ina bhfuil an chuid atá le sampláil chomh beag go bhfuil sé dodhéanta sampla comhiomlán 1 kg a fháil, b’fhéidir go mbeadh meáchan an tsampla chomhiomláin níos lú ná 1 kg.
(*4) Ag brath ar mheáchan na luchtóige — féach tábla 2 den chuid C seo.
(5) I gcás ina bhfuil an chuid atá le sampláil chomh beag go bhfuil sé dodhéanta sampla comhiomlán 1 kg a fháil, b’fhéidir go mbeadh meáchan an tsampla chomhiomláin níos lú ná 1 kg.
(*5) Ag brath ar mheáchan na luchtóige — féach Tábla 2 den chuid D seo.
(6) I gcás ina bhfuil an chuid atá le sampláil chomh beag go bhfuil sé dodhéanta sampla comhiomlán 1 kg a fháil, b’fhéidir go mbeadh meáchan an tsampla chomhiomláin níos lú ná 1 kg.
(*6) Ag brath ar mheáchan na luchtóige — féach Tábla 2 den chuid E seo.
(7) I gcás ina bhfuil an chuid atá le sampláil chomh beag go bhfuil sé dodhéanta sampla comhiomlán 0,5 kg a fháil, b’fhéidir go mbeadh meáchan an tsampla chomhiomláin níos lú ná 0,5 kg.
(8) I gcás ina bhfuil an chuid atá le sampláil chomh beag go bhfuil sé dodhéanta sampla comhiomlán 1 kg a fháil, b’fhéidir go mbeadh meáchan an tsampla chomhiomláin níos lú ná 1 kg.
(*7) Ag brath ar mheáchan na luchtóige — féach Tábla 2 den chuid G seo.
(9) I gcás ina bhfuil an chuid atá le sampláil chomh beag go bhfuil sé dodhéanta sampla comhiomlán 1 kg a fháil, b’fhéidir go mbeadh meáchan an tsampla chomhiomláin níos lú ná 1 kg.
(10) I gcás ina bhfuil an chuid atá le sampláil chomh beag go bhfuil sé dodhéanta sampla comhiomlán 1 lítear a fháil, b’fhéidir go mbeadh toirt an tsampla chomhiomláin níos lú ná 1 lítear.
(11) I gcás ina bhfuil an chuid atá le sampláil chomh beag go bhfuil sé dodhéanta sampla comhiomlán 1 kg a fháil, b’fhéidir go mbeadh meáchan an tsampla chomhiomláin níos lú ná 1 kg.
(12) I gcás ina bhfuil an chuid atá le sampláil chomh beag go bhfuil sé dodhéanta sampla comhiomlán 1 kg a fháil, b’fhéidir go mbeadh meáchan an tsampla chomhiomláin níos lú ná 1 kg.
(*8) Ar choinníoll gur féidir an fho-luchtóg a dheighilt go fisiceach, foroinnfear luchtóga móra d’olaí glasraí ina bhfo-luchtóga mar a leagtar amach i dtábla 2 den chuid K seo
(*9) Ag brath ar mheáchan na luchtóige — féach Tábla 2 den chuid M seo.
IARSCRÍBHINN II
CRITÉIR MAIDIR LE hULLMHÚ SAMPLA AGUS MAIDIR LE MODHANNA ANAILÍSE A ÚSÁIDTEAR CHUN RIALÚ A DHÉANAMH AR NA LEIBHÉIL MÍCEATOCSAINÍ I mBIA
1. RÉAMHRÁ
1.1. Réamhchúraimí
Ós rud é go mbíonn dáileadh míceatocsainí neamh-aonfhoirmeach de ghnáth, ullmhófar samplaí, agus déanfar iad a homaiginiú go háirithe, le fíor-chúram.
Déanfar an sampla iomlán mar a gheobhaidh an tsaotharlann é, a homaiginiú, i gcás ina ndéanfaidh an tsaotharlann an homaiginiú.
Chun anailís a dhéanamh ar aflatocsainí, déanfar solas an lae a eisiamh a mhéid is féidir le linn an nós imeachta, ós rud é go mbriseann aflatocsain síos de réir a chéile faoi thionchar solais ultraivialait.
1.2. Cion de bhlaosc/eithne cnónna iomlána/olashíolta a ríomh (piseanna talún agus eile)
Tá feidhm ag na huasleibhéil a bhunaítear i Rialachán (AE) 2023/915 maidir leis an gcuid inite. Is féidir leibhéal na míceatocsainí sa chuid inite a chinneadh tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
— |
is féidir samplaí de chnónna agus d’olashíolta ‘sa bhlaosc’ a scilligeadh agus déantar leibhéal na míceatocsainí a chinneadh sa chuid inite. |
— |
is féidir na cnónna agus olashíolta ‘sa bhlaosc’ a thógáil tríd an nós imeachta ullmhúcháin samplach. Déanfar meáchan eithne sa sampla comhiomlán a mheas leis an modh samplála agus anailíse. Déanfar meáchan eithne sa sampla comhiomlán a mheas tar éis fachtóir oiriúnach a bhunú don chion idir an bhlaosc agus eithne i gcnónna agus olashíolta iomlána. Úsáidtear an cion sin chun an méid eithne sa sampla comhiomlán a thógtar trí ullmhú an tsampla agus tríd an modh anailíse a fháil amach. |
Tógfar thart ar 100 cnó/olashíol iomlán go randamach ar leithligh ón luchtóg nó cuirfear i leataobh ó gach sampla comhiomlán iad. Féadfar an cóimheas a fháil, i gcás gach sampla saotharlainne, trí na cnónna agus olashíolta iomlána a mheá, trí iad a scilleagadh agus trí chodanna na mblaoscanna agus na n-eithní a athmheá.
Mar sin féin, féadfaidh an tsaotharlann cion na mblaoscanna a bhaineann le heithne a bhunú ó roinnt samplaí agus mar sin is féidir glacadh leis le haghaidh obair anailíseach amach anseo. Ach má mheastar go bhfuil sampla saotharlainne áirithe ag sárú aon uasleibhéal, cinnfear an cion don sampla sin ag úsáid an tuairim is 100 cnó/olashíol a cuireadh i leataobh.
2. CÓIREÁIL AN tSAMPLA MAR A FHAIGHTEAR É SA tSAOTHARLANN
Déanfar gach sampla saotharlainne a mheascadh go críochnúil trí úsáid a bhaint as próiseas, lena n-áirítear mínmheilt más gá, ar próiseas é ar léiríodh go mbaintear homaiginiú iomlán amach leis cé is moite de shamplaí chun rialú a dhéanamh ar láithreacht scléaróití eargóit.
I gcás nach mór anailís a dhéanamh ar an sampla saotharlainne chun rialú a dhéanamh ar láithreacht scléaróití eargóit agus míceatocsainí, tógtar an chuid den sampla a úsáidtear chun scléaróití eargóit a chinneadh ón sampla saotharlainne sula ndéantar an sampla saotharlainne a mheilt.
I gcás ina mbeidh feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an ábhar tirim, déanfar an cion ábhair thirim sa táirge a chinneadh ar chuid den sampla homaiginithe, agus úsáid á baint as modh ar léiríodh go gcinntear an cion ábhair thirim go cruinn leis.
3. SAMPLAÍ MACASAMHLAITHE
Tógfar na samplaí macasamhlaithe chun críoch forfheidhmithe, cosanta agus tagartha ón sampla comhiomlán homaiginithe mura bhfuil coinbhleacht idir nós imeachta den sórt sin agus rialacha na mBallstát a mhéid a bhaineann le cearta oibreoir an ghnólachta bia.
4. MODH ANAILÍSE ATÁ LE hÚSÁID AG AN tSAOTHARLANN AGUS NA CEANGLAIS RIALAITHE SAOTHARLAINNE
4,1. Ceanglais ghinearálta
Na modhanna deimhniúcháin anailíse a úsáidtear chun críoch rialaithe bia, comhlíonfaidh siad forálacha phointí 1 agus 2 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/625.
I gcásanna inar féidir, ba cheart fíre an mhodha a fhíorú trí anailís a dhéanamh ar ábhar tagartha deimhnithe agus/nó rannpháirtíocht rathúil i dtástálacha inniúlachta ar bhonn tráthrialta.
4,2. Ceanglais shonracha
4.2.1. Ceanglais shonracha maidir le modhanna deimhniúcháin
4.2.1.1. Critéir feidhmiúcháin
Maidir le modhanna deimhniúcháin, tá feidhm ag na critéir feidhmíochta seo a leanas:
Aisghabháil: ba cheart don mheánluach aisghabhála a bheith idir 70 agus 120 %.
Is é an meánluach aisghabhála an meánluach ó mhacasamhlacha a fhaightear le linn an bhailíochtaithe agus na paraiméadair bheachtais RSDr agus RSDwR á gcinneadh. Tá feidhm ag an gcritéar maidir le gach tiúchan agus gach tocsain aonair, cé is moite d’alcalóidigh eargóit.
Maidir le halcalóidigh eargóit, tá feidhm ag an gcritéar maidir le suim gach péire eipiméir.
I gcásanna eisceachtúla, is féidir le meánluachanna aisghabhála lasmuigh den raon thuas a bheith inghlactha ach beidh siad laistigh de 50-130 %, agus ní bheidh siad inghlactha ach amháin nuair a chomhlíontar na critéir bheachtais le haghaidh RSDr agus RSDwR.
Beachtas
Beidh RSDr |
≤ 20 %. |
Beidh RSDwR |
≤ 20 %. |
Ba cheart RSDR |
a bheith ≤ 25 %. |
Tá feidhm ag na critéir sin maidir le gach tiúchan.
I gcás ina soláthraíonn saotharlann an fhianaise go gcomhlíontar an critéar RSDwR, ní gá an fhianaise sin a sholáthar le haghaidh an chritéir RSDr toisc go ráthaítear le comhlíonadh an RSDwR go gcomhlíontar an critéar RSDr.
I gcás ina bhfuil feidhm ag an uasleibhéal maidir le suim tocsainí, beidh feidhm ag na critéir bheachtais ansin maidir leis an tsuim agus leis na tocsainí aonair araon. Maidir le halcalóidigh eargóit, tá feidhm ag na critéir le haghaidh tocsainí aonair maidir le suim gach péire eipiméir.
Teorainn cainníochtaithe
I gcás ina bhfuil ceanglas sonrach maidir leis an teorainn chainníochtaithe de mhíceatocsain leagtha síos i dtábla 1 thíos, beidh LOQ ag an luach sin nó faoina bhun ag an modh.
Tábla 1
Ceanglas maidir le teorainn chainníochtaithe i ndáil le míceatocsainí áirithe
Míceatocsainí |
Bia |
Ceanglas maidir le teorainn chainníochtaithe (μg/kg) |
Aflatocsainí |
|
|
Aflatocsain B1 |
Bia do naíonáin agus bianna gránachbhunaithe próiseáilte do naíonáin agus leanaí óga, agus bia chun críoch speisialta míochaine a cheaptar do naíonáin agus do leanaí óga |
≤ 0,1 |
Aflatocsain B1, B2, G1, G2, gach ceann de na haflatocsainí |
Gach bia eile |
≤ 1 |
|
|
|
Ócratocsain A |
Milseogra liocrais ina bhfuil eastóscán liocrais ≥ 97 % ar bhonn tirim |
≤ 10,0 |
|
Púdar cócó |
≤ 3,0 |
|
|
|
Alcalóidigh eargóit (gach ceann de na 12 eipiméir a áirítear sa sainmhíniú ar ML) |
Gránaigh agus bianna gránachbhunaithe |
≤ 4 |
|
Bia gránachbhunaithe próiseáilte do naíonáin agus leanaí óga |
≤ 2 |
I ngach cás eile, tá feidhm ag an méid seo a leanas:
Teorainn chainníochtaithe: beidh sé ≤ 0,5*ML agus b’fhearr é a bheith níos ísle más féidir (≤ 0,2*ML).
I gcás ina mbeidh feidhm ag an uasleibhéal maidir le suim tocsainí, beidh teorainn chainníochtaithe na dtocsainí aonair ≤ 0,5*ML/n, agus is ionann n agus an líon tocsainí a áirítear sa sainmhíniú ar ML.
Aitheantas
Chun sainaithint a dhéanamh, déanfar na critéir a leagtar síos sa Treoirdhoiciméad maidir le míceatocsainí agus tocsainí plandaí a shainaithint i mbia agus i mbeatha (1) a chur i bhfeidhm.
4.2.1.2. Raon feidhme an mhodha a leathnú
4.2.1.2.1. An raon feidhme a leathnú chuig míceatocsainí eile:
Nuair a chuirtear anailítí breise le raon feidhme modha deimhniúcháin atá ann cheana, éilítear bailíochtú iomlán chun oiriúnacht an mhodha a léiriú.
4.2.1.2.2. Leathnú chuig tráchtearraí eile:
Más eol an modh deimhniúcháin nó má tá coinne leis go mbeidh sé infheidhme maidir le tráchtearraí eile, fíorófar bailíocht na dtráchtearraí eile sin. Fad a bhaineann an tráchtearra nua le grúpa tráchtearraí (féach Tábla 2 san Iarscríbhinn seo) a ndearnadh bailíochtú tosaigh ina leith cheana féin, is leor bailíochtú breise teoranta.
4.2.2. Ceanglais shonracha maidir le modhanna scagthástála leathchainníochtúla
4.2.2.1. Raon feidhme
Tá feidhm ag an roinn seo maidir le modhanna bithanailíseacha atá bunaithe ar mhodhanna aitheantais imdhíonachta nó nascadh gabhdóirí (amhail ELISA, slata tumtha, feistí sreafa chliathánaigh, braiteoirí imdhíonachta) agus modhanna fisiceimiceacha atá bunaithe ar chrómatagrafaíocht nó brath díreach trí mhais-speictriméadracht (e.g. MS comhthimpeallach). Ní eisiatar modhanna eile (e.g. crómatagrafaíocht chaolchisil) ar choinníoll go mbaineann na comharthaí a ghintear go díreach leis na míceatocsainí spéise agus go bhfágann siad go bhfuil an prionsabal a thuairiscítear thíos infheidhme.
Tá feidhm ag na ceanglais shonracha maidir le modhanna ar luach uimhriúil é toradh an tomhais, mar shampla freagairt (choibhneasta) ó léitheoir slaite tumtha, comhartha ó LC-MS, etc., agus go bhfuil feidhm ag gnáthstaidreamh.
Níl feidhm ag na ceanglais maidir le modhanna nach dtugann luachanna uimhriúla (e.g. líne atá i láthair nó nach bhfuil), a dteastaíonn cuir chuige éagsúla bailíochtaithe ina leith. Soláthraítear ceanglais shonracha maidir leis na modhanna sin i bpointe 4.2.3.
Tugtar tuairisc sa doiciméad seo ar nósanna imeachta maidir le modhanna scagthástála a bhailíochtú trí bhíthin bailíochtú idirshaotharlainne, fíorú ar fheidhmiú modha a bhailíochtaítear trí chleachtadh idirshaotharlainne agus bailíochtú saotharlainne aonair ar mhodh scagthástála.
4.2.2.2. Nós imeachta um bailíochtú
Is é is aidhm don bhailíochtú oiriúnacht fheidhm an mhodha scagthástála a léiriú. Déantar é sin tríd an scoithluach a chinneadh agus ráta na mbréagdhiúltach agus ráta na mbréagamhras a chinneadh. Sa dá pharaiméadar sin tá saintréithe feidhmíochta amhail cumas braite, roghnaíocht, agus beachtas, leabaithe.
Féadfar modhanna scagthástála a bhailíochtú trí bhailíochtú idirshaotharlainne nó trí bhailíochtú saotharlainne aonair. Má tá sonraí bailíochtaithe idirshaotharlainne ar fáil cheana féin le haghaidh meascán áirithe míceatocsain/maitríse/STC, is leor fíorú ar fheidhmíocht an mhodha i saotharlann a chuireann an modh chun feidhme.
4.2.2.2.1. Bailíochtú tosaigh trí bhailíochtú saotharlainne aonair
Míceatocsainí
Déanfar an bailíochtú le haghaidh gach míceatocsaine aonair sa raon feidhme. I gcás modhanna bithanailíseacha lena dtugtar comhfhreagairt do ghrúpa áirithe míceatocsaine (e.g. aflatocsainí B1, B2, G1 & G2; fúmainisiní B1 & B2)), léireofar an infheidhmeacht agus teorainneacha na tástála atá luaite i raon feidhme an mhodha. Ní mheastar go méadaíonn tras-imoibríocht neamh-inmhianaithe (e.g. DON-3-gliocóisíd, 3- nó 15-aicéatáit-DON le haghaidh modhanna imdhíonbhunaithe do DON) ráta diúltach bréagach na sprioc-mhíceatocsainí, ach d’fhéadfadh sí an ráta amhrasta bréagach a mhéadú. Laghdófar an méadú sin nach bhfuil ag teastáil trí anailís deimhniúcháin chun míceatocsainí a shainaithint agus a chainníochtú gan débhrí.
Maitrísí
Déanfar bailíochtú tosaigh le haghaidh gach tráchtearra, nó, nuair is eol go bhfuil an modh infheidhme maidir le tráchtearraí iomadúla, le haghaidh gach grúpa tráchtearraí. Sa chás deireanach sin, roghnófar tráchtearra ionadaíoch agus ábhartha amháin ón ngrúpa sin (féach tábla 2).
Tacar samplach
Is é an t-íoslíon samplaí éagsúla is gá le haghaidh bailíochtaithe ná 20 sampla cóimheasa dhiúltacha aonfhoirmeacha agus 20 sampla cóimheasa dheimhneacha aonfhoirmeacha ina bhfuil an mhíceatocsain ag an spriocthiúchan scagthástála, arna n-anailísiú faoi dhálaí beachtais idirmheánaigh (RSDRi) i gcaitheamh 5 lá éagsúla. Féadfar tacair bhreise de 20 sampla ina bhfuil an mhíceatocsain ar leibhéil eile a chur leis an mbailíochtú chun léargas a fháil ar a mhéid is féidir leis an modh idirdhealú a dhéanamh idir tiúcháin mhíceatocsainí éagsúla.
Tiúchan
Déanfar bailíochtú maidir le gach spriocthiúchan scagthástála a bheidh le húsáid i ngnáthiarratas.
4.2.2.2.2. Bailíochtú tosaigh trí thrialacha comhoibríocha
Déanfar bailíochtú trí thrialacha comhoibríocha i gcomhréir le ISO 5725:1994 nó le Prótacal Comhchuibhithe Idirnáisiúnta IUPAC nó prótacal eile atá aitheanta go hidirnáisiúnta maidir le trialacha comhoibríocha lena n-éilítear sonraí bailí ó ocht saotharlann éagsúla ar a laghad. Is é an t-aon difríocht eile i gcomparáid le bailíochtuithe saotharlainne aonair go bhféadfar ≥ 20 sampla in aghaidh an tráchtearra/leibhéil a roinnt go cothrom thar na saotharlanna rannpháirteacha, agus dhá shampla ar a laghad in aghaidh na saotharlainne.
4.2.2.3. An scoithluach agus ráta na dtorthaí faoi bhréagamhras i ndáil le samplaí bána a chinneadh
Glacfar leis na freagairtí (coibhneasta) le haghaidh na samplaí cóimheasa diúltacha agus na samplaí cóimheasa deimhneacha mar bhonn chun na paraiméadair is gá a ríomh.
Modhanna scagthástála le freagairt atá comhréireach leis an tiúchan míceatocsaine
Maidir le modhanna scagthástála le freagairt atá comhréireach leis an tiúchan míceatocsaine, tá feidhm ag an méid a leanas:
Scoithluach = RSTC - t-luach0.05 *SDSTC
RSTC = freagairt mheánach na samplaí cóimheasa deimhneacha (ag STC)
t-luach:= t-luach aonfhoircneach le haghaidh ráta torthaí bréagdhiúltacha 5 % (féach tábla 3)
SDSTC = diall caighdeánach
Modhanna scagthástála le freagairt atá comhréireach go hinbhéartach leis an tiúchan míceatocsaine
Ar an gcaoi chéanna, le haghaidh modhanna scagthástála le freagairt atá comhréireach go hinbhéartach leis an tiúchan míceatocsaine, déanfar an scoithluach a chinneadh mar a leanas:
Scoithluach = RSTC - t-luach0.05 *SDSTC
Trí úsáid a bhaint as an t-luach sonrach sin chun an scoithluach a chinneadh, socraítear ráta na dtorthaí bréagdhiúltacha ag 5 % mar réamhshocrú.
Measúnú maidir le hoiriúnacht don fheidhm
Úsáidtear torthaí ó na samplaí cóimheasa diúltacha chun meastachán a dhéanamh ar ráta comhfhreagrach na dtorthaí faoi bhréagamhras. Ríomhtar an t-luach a chomhfhreagraíonn don chás ina bhfuil toradh ar shampla cóimheasa diúltach os cionn an scoithluacha, rud a aicmítear go hearráideach mar ábhar faoi amhras.
t-luach = (scoithluach - meánsamplaí bána)/SDsampla bán
le haghaidh modhanna scagthástála le freagairt atá comhréireach leis an tiúchan míceatocsaine
nó
t-luach = (meánsamplaí bána scoithluach)/SDsampla bán
le haghaidh modhanna scagthástála le freagairt atá comhréireach go hinbhéartach leis an tiúchan míceatocsaine.
Ón t-luach a fhaightear, bunaithe ar na céimeanna saoirse arna ríomh ón líon turgnamh, is féidir an dóchúlacht go mbeidh samplaí faoi bhréagamhras le haghaidh dáileadh aonfhoircneach a ríomh (e.g. feidhm scarbhileoige ‘TDIST’) nó a thógáil ó thábla le haghaidh t-dáilte (féach tábla 3).
Sonraítear le luach comhfhreagrach an t-dáilte aonfhoircnigh ráta na dtorthaí faoi bhréagamhras.
Tugtar tuairisc mhionsonraithe ar an gcoincheap sin le sampla in Analytical and Bioanalytical Chemistry DOI 10.1007/s00216-013-6922-1.
4.2.2.4. Raon feidhme an mhodha a leathnú
4.2.2.4.1. An raon feidhme a leathnú chuig míceatocsainí eile:
Nuair a chuirtear anailítí breise le raon feidhme modha scagthástála atá ann cheana, éilítear bailíochtú iomlán chun oiriúnacht an mhodha a léiriú.
4.2.2.4.2. Leathnú chuig tráchtearraí eile:
Más eol an modh scagthástála nó má tá coinne leis go mbeidh an modh scagthástála infheidhme maidir le tráchtearraí eile, fíorófar bailíocht na dtráchtearraí eile sin. Fad a bhaineann an tráchtearra nua le grúpa tráchtearraí (féach Tábla 2 san Iarscríbhinn seo) a ndearnadh bailíochtú tosaigh ina leith cheana féin, is leor bailíochtú breise teoranta. Chuige sin, déanfar anailís ar 10 sampla cóimheasa dhiúltacha aonfhoirmeacha agus 10 sampla cóimheasa dheimhneacha aonfhoirmeacha ar a laghad (ag STC) faoi dhálaí beachtais idirmheánacha. Beidh na samplaí cóimheasa deimhneacha uile os cionn an scoithluacha. I gcás nach gcomhlíontar an critéar sin, éilítear bailíochtú iomlán.
4.2.2.5. Modhanna, ar bailíochtaíodh iad cheana féin trí thrialacha comhoibríocha, a fhíorú
Maidir le modhanna scagthástála, ar bailíochtaíodh iad go rathúil cheana féin trí thriail chomhoibríoch saotharlainne, fíorófar feidhmíocht an mhodha. Chuige sin, déanfar anailís ar 6 shampla cóimheasa dhiúltacha agus 6 shampla cóimheasa dheimhneacha ar a laghad (ag STC). Beidh na samplaí cóimheasa deimhneacha uile os cionn an scoithluacha. I gcás nach gcomhlíontar an critéar sin, ní mór don tsaotharlann anailís a dhéanamh ar na bunchúiseanna chun a shainaithint cén fáth nach féidir an tsonraíocht a fuarthas sa triail chomhoibríoch a chomhlíonadh. Tar éis gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh, agus sa chás sin amháin, déanfar feidhmíocht an mhodha ina shaotharlann a athfhíorú. I gcás nach bhfuil an tsaotharlann in ann na torthaí ón triail chomhoibríoch a fhíorú, beidh uirthi a scoithluach féin a chinneadh in aon bhailíochtú saotharlainne iomlán amháin.
4.2.2.6. Fíorú leanúnach ar an modh/bailíochtú modhanna leanúnach
Tar éis an bhailíochtaithe tosaigh, faightear sonraí bailíochtúcháin breise trí dhá shampla cóimheasa dheimhneacha ar a laghad a áireamh i ngach baisc samplaí a ndéantar scagadh orthu. Sampla aithnid a bheidh i sampla cóimheasa deimhneach amháin (e.g., sampla a úsáideadh le linn bailíochtú tosaigh), tráchtearra difriúil a bheidh sa cheann eile ón ngrúpa tráchtearraí céanna (i gcás nach ndéantar anailís ach ar thráchtearra amháin, úsáidtear sampla difriúil den tráchtearra sin ina ionad). Rud roghnach é sampla cóimheasa diúltach a chur san áireamh. Cuirtear na torthaí a fhaightear le haghaidh an dá shampla cóimheasa dheimhneacha leis an tacar bailíochtúcháin atá ann cheana.
Uair amháin sa bhliain ar a laghad, athchinnfear an scoithluach agus déantar athmheasúnú ar bhailíocht an mhodha (athmheastóireacht ar na sonraí QA/QC atá ar fáil a fuarthas le bliain anuas). Tá roinnt cuspóirí ag baint leis an bhfíorú leanúnach ar an modh, lena n-áirítear:
— |
rialú cáilíochta maidir leis an mbaisc samplaí a ndearnadh scagadh uirthi; |
— |
faisnéis a sholáthar faoi stóinseacht an mhodha ar dhálaí sa tsaotharlann a chuireann an modh i bhfeidhm; |
— |
an t-údar le hinfheidhmeacht an mhodha maidir le tráchtearraí éagsúla; |
— |
cead a thabhairt scoithluachanna a choigeartú i gcás srutha de réir a chéile le himeacht ama. |
4.2.2.7. Tuarascáil bhailíochtaithe
Beidh an méid seo a leanas sa tuarascáil bailíochtúcháin:
— |
ráiteas maidir leis an spriocthiúchan scagthástála; |
— |
ráiteas maidir leis an scoithluach a baineadh amach; Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: Beidh an líon céanna figiúirí suntasacha ag an scoithluach agus atá ag an spriocthiúchan scagthástála. Maidir leis na luachanna uimhriúla a úsáidtear chun an scoithluach a ríomh, beidh gá le figiúr amháin níos suntasaí ná an spriocthiúchan scagthástála ar a laghad. |
— |
ráiteas maidir le ráta na mbréagamhras arna ríomh; |
— |
ráiteas maidir leis an gcaoi ar gineadh ráta na mbréagamhras. Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: Léirítear sa ráiteas maidir le ráta na mbréagamhras arna ríomh an bhfuil an modh oiriúnach don fheidhm mar léiríonn sé an líon samplaí bána (nó éilliú íseal-leibhéil) a bheidh faoi réir fíorú. Tábla 2 Grúpaí tráchtearraí chun modhanna deimhniúcháin agus scagthástála a bhailíochtú
Tábla 3 T-luach aonfhoircneach le haghaidh ráta bréagdhiúltach 5 %
|
4.2.3. Ceanglais maidir le modhanna scagthástála cáilíochtúla (modhanna nach dtugann luachanna uimhriúla)
Tá forbairt na dtreoirlínte bailíochtúcháin le haghaidh modhanna tástála dénártha déanta ag comhlachtaí éagsúla um chaighdeánú faoi láthair (e.g., AOAC, ISO). Dhréachtaigh AOAC treoirlíne maidir le modhanna tástála dénártha a bhailíochtú. Is féidir breathnú ar an doiciméad sin mar an úrscothacht atá ann faoi láthair i réimse an bhailíochtaithe modhanna tástála dénártha. Dá bhrí sin, ba cheart modhanna lena dtugtar torthaí dénártha (e.g., amharc-chigireacht ar thástálacha slaite tumtha) a bhailíochtú de réir Threoirlínte Idirnáisiúnta AOAC maidir le Bailíochtú Modhanna Ceimice Dénártha Cáilíochtúla (2).
Mar sin féin, is féidir treoirlínte bailíochtúcháin aitheanta eile a úsáid amhail an cur chuige dá bhforáiltear in ISO/TS 23758:2021 | Treoirlínte IDF/RM 251 maidir le bailíochtú modhanna scagthástála cáilíochtúla chun iarmhair drugaí tréidliachta a bhrath i mbainne agus i dtáirgí bainne.
4.2.4. Cinneadh cainníochtúil maidir le scléaróití eargóit
Cinnfear scléaróití eargóit i ngránaigh trí scléaróití eargóit agus blúirí scléaróite eargóita shainaithint go físiúil (macrascópach/micreascópach). Déanfar an cainníochtú trí mhéid na scléaróití eargóit sainaitheanta agus na blúirí scléaróití eargóit a bhfuil méid na gcáithníní > 0,5 mm a mheá.
4,3. Meastachán ar éiginnteacht tomhais, ríomh aisghabhála agus tuairisciú torthaí (3)
4.3.1. Modhanna deimhniúcháin
Tuairisceofar an toradh anailíse mar a leanas:
(a) |
Beidh sé ceartaithe le haghaidh aisghabhála, i gcás inarb iomchuí agus inarb ábhartha, agus luafar go bhfuil sé ceartaithe i gcás inarb amhlaidh. Luafar an ráta aisghabhála ach amháin más cuid den nós imeachta é ceartú intreach le haghaidh laofachta. Níl gá leis an gceartú aisghabhála i gcás ina bhfuil an ráta aisghabhála idir 90-110 %. |
(b) |
Mar x +/– U, arb é x an toradh anailíse agus arb é U an éiginnteacht leathnaithe anailíse tomhais, agus fachtóir cumhdaigh 2 á úsáid, rud a thugann leibhéal muiníne de thuairim is 95 %. |
Mar fhéidearthacht, ní fhéadfar éiginnteacht tomhais leathnaithe 50 % a thuairisciú, ar choinníoll go gcomhlíonann an tsaotharlann na ceanglais bheachtais uile a shonraítear i bpointe 4.2. Is féidir le saotharlann aonair é sin a léiriú trí na critéir don in-atrialltacht (RSDR) agus don in-atáirgtheacht sa tsaotharlann (RSDwR) a bhaint amach, arna fhorlíonadh le rannpháirtíocht rathúil i gcláir tástála inniúlachta (ach amháin mura bhfuil aon chlár oiriúnach tástála inniúlachta ar fáil), mar léiríonn z-scór meánach | z| ≤ 2 go gcomhlíontar an RSDR in-atáirgtheachta is gá (bunaithe ar spriocdhiall caighdeánach 25 %).
I gcás inar socraíodh an t-uasleibhéal le haghaidh shuim na dtocsainí (e.g. aflatocsainí, T-2/HT-2-tocsain, fúmainíní, alcalóidigh eargóit), tuairisceofar torthaí anailíse na dtocsainí aonair uile. I gcás alcalóidigh eargóit, ceadaítear freisin suim gach ceann de na sé phéire eipiméir a thuairisciú in ionad na 12 eipiméir aonair.
Déanfar an ceartú aisghabhála, más infheidhme, le haghaidh gach ceann de na tocsainí aonair sula suimítear na tiúchain. Maidir le halcalóidigh eargóit, is féidir an ceartú a dhéanamh freisin bunaithe ar an aisghabháil a fhaightear le haghaidh gach ceann de na péirí eipiméir.
Chun a fhíorú go bhfuiltear ag comhlíonadh an tsuim-ML, cuirfear cur chuige na cuimse íochtair i bhfeidhm, rud a chiallaíonn go gcuirfear nialas in ionad tocsainí aonair atá < teorainn chainníochtaithe chun an tsuim a ríomh.
Tá feidhm ag na rialacha léirmhínithe reatha maidir leis an toradh anailíse d’fhonn glacadh leis an luchtóg nó diúltú don luchtóg maidir leis an toradh anailíse a fhaightear ar an sampla le haghaidh rialú oifigiúil. I gcás anailís chun críoch cosanta nó tagartha, tá feidhm ag na rialacha náisiúnta. Déanfaidh sé an méid seo a leanas, go háirithe
má léirítear le toradh anailíse an tsampla cóimheasa oifigiúil neamhchomhlíonadh thar amhras réasúnach, agus an éiginnteacht tomhais leathnaithe á cur san áireamh agus
má léirítear le toradh anailíse an tsampla cosanta neamhchomhlíonadh ach nach bhfuil thar amhras réasúnach le héiginnteacht tomhais leathnaithe atá níos mó ná ceann an chóimheasa oifigiúil,
ansin ní féidir le toradh anailíse an tsampla cosanta an neamhchomhlíonadh a bunaíodh le haghaidh an tsampla cóimheasa oifigiúil a shárú.
4.3.2. Modhanna scagthástála
Cuirfear in iúl go bhfuil toradh na scagthástála comhlíontach nó go bhfuil amhras ann go bhfuil sé neamhchomhlíontach.
Ciallaíonn ‘meastar go bhfuil sé neamhchomhlíontach’ go bhfuil an sampla níos mó ná an scoithluach agus d’fhéadfadh an mhíceatocsain a bheith ann ar leibhéal níos airde ná an spriocthiúchan scagthástála. Spreagann aon toradh faoi amhras anailís deimhniúcháin chun an mhíceatocsain a shainaithint agus a chainníochtú gan débhrí.
Ciallaíonn ‘comhlíontach’ go bhfuil an cion míceatocsaine sa sampla < STC le leibhéal muiníne 95 % (i.e. tá seans 5 % ann go ndéanfar samplaí a thuairisciú go mícheart mar shampla diúltach). Tuairiscítear an toradh anailíse mar ‘< leibhéal STC’ agus sonraítear an leibhéal STC.
4.4. Caighdeáin cháilíochta saotharlainne
Comhlíonfaidh saotharlann forálacha Airteagal 37(4) agus (5) de Rialachán (AE) 2017/625.
(1) le fáil ag: https://food.ec.europa.eu/document/download/f16cac78-9318-4f1f-b2fa-efb25d2f1880_en
(*1) Má úsáidtear maolán chun na hathruithe pH sa chéim eastósctha a chobhsú, is féidir an grúpa tráchtearraí sin a chumasc in aon ghrúpa tráchtearraí amháin ‘Cion ard uisce’.
(*2) Níor cheart ‘tráchtearraí atá deacair nó uathúil’ a bhailíochtú go hiomlán ach amháin má dhéantar anailís orthu go minic. Mura ndéantar anailís orthu ach ó am go chéile, féadfar an bailíochtú a laghdú agus gan ach na leibhéil tuairiscithe a sheiceáil trí úsáid a bhaint as eastóscáin bhána spíceáilte.
(2) Le fáil ag: https://academic.oup.com/jaoac/article-pdf/97/5/1492/32425003/jaoac1492.pdf
(3) Tá tuilleadh sonraí maidir le nósanna imeachta chun meastachán a dhéanamh ar éiginnteacht tomhais agus ar nósanna imeachta chun measúnú a dhéanamh ar aisghabháil le fáil sa tuarascáil ‘Tuarascáil ar an ngaol idir torthaí anailíse, éiginnteacht tomhais, tosca aisghabhála agus forálacha reachtaíocht an Aontais maidir le bia agus beatha’
https://food.ec.europa.eu/system/files/2016-10/cs_contaminants_sampling_analysis-report_2004_en.pdf
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2782/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)