Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2465

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2465 ón gCoimisiún an 17 Lúnasa 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh uibheacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 589/2008 ón gCoimisiún

    C/2023/5509

    IO L, 2023/2465, 8.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2465/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 08/11/2023

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2465/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2465

    8.11.2023

    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2465 ÓN gCOIMISIÚN

    an 17 Lúnasa 2023

    lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh uibheacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 589/2008 ón gCoimisiún

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 75(2), Airteagal 79, Airteagal 86, pointe (a) agus Airteagal 89 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (2), d’fhógair sé athbhreithniú ar chaighdeáin mhargaíochta chun foráil a dhéanamh maidir le glacadh agus soláthar táirgí talmhaíochta inbhuanaithe agus chun ról na gcritéar inbhuanaitheachta a threisiú agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na caighdeáin sin ar chaillteanas agus cur amú bia á chur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart na caighdeáin mhargaíochta uibheacha atá ann cheana a mhodhnú freisin agus forbairtí teicniúla agus éileamh tomhaltóirí agus éabhlóid an fhliú éanúil á gcur san áireamh mar thoisc riosca le haghaidh táirgeoirí uibheacha saor-raoin.

    (2)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (3) a aisghairm, agus cuireadh Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ina ionad. Le Cuid II, Teideal II, Caibidil I, Roinn 1, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, leagtar síos rialacha maidir le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh uibheacha gan aon athrú substaintiúil a thabhairt isteach agus tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leith sin. Chun feidhmiú rianúil an mhargaidh uibheacha a áirithiú sa chreat dlíthiúil nua, ní mór rialacha áirithe a ghlacadh trí bhíthin na ngníomhartha sin. Ba cheart an Rialachán seo agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2466 (4) ón gCoimisiún a chur in ionad Rialachán (CE) Uimh. 589/2008 ón gCoimisiún (5), Rialachán ar cheart a aisghairm dá bhrí sin.

    (3)

    Chun gur féidir le margadh na n-uibheacha a fheidhmiú go rianúil, is éard ba cheart do na caighdeáin mhargaíochta le haghaidh uibheacha na critéir aicmithe a chumhdach an leasú agus an láimhseáil, na ceanglais mharcála agus phacála, an úsáid téarmaí roghnacha forchoimeádta, na leibhéil lamháltais mar aon leis na coinníollacha maidir le hallmhairí agus onnmhairí. Ós rud é go bhfuil dlúthnasc idir na gnéithe sin go léir, ba cheart na rialacha maidir le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh uibheacha a choimeád ina sraith chomhleanúnach rialacha, agus dá bhrí sin ba cheart iad a leagan síos in aon ghníomh tarmligthe amháin.

    (4)

    Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 (6) agus Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) maidir le huibheacha. Ós rud é go bhfuil siad ábhartha i réimse na gcaighdeán margaíochta uibheacha agus chun comhleanúnachas a áirithiú, ba cheart, a mhéid is féidir, tagairt a dhéanamh do na Rialacháin chothrománacha sin.

    (5)

    Le Treoir 1999/74/CE ón gComhairle (8), leagadh síos prionsabail maidir le cearca a choimeád i gcórais feirmeoireachta éagsúla. Ós rud é go bhfuil nasc idir é agus caighdeáin margaíochta uibheacha, agus chun comhleanúnachas a áirithiú, ba cheart, a mhéid is féidir, tagairt a dhéanamh don Treoir sin.

    (6)

    Ba cheart na saintréithe cáilíochta le haghaidh uibheacha Aicme A a shocrú chun ardcháilíocht na n-uibheacha atá le seachadadh go díreach ar an tomhaltóir deiridh a ráthú agus chun critéir a shocrú ar féidir le seirbhísí cigireachta iad a sheiceáil. Ba cheart saintréithe cáilíochta den sórt sin a bhunú ar Chaighdeán Uimh. 42 de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le margú uibheacha sa bhlaosc agus rialuithe cáilíochta tráchtála ar uibheacha den sórt sin a bhíonn ag gluaiseacht sa trádáil idirnáisiúnta idir balltíortha UNECE agus chucu.

    (7)

    Tríd is tríd, níor cheart uibheacha a ní ná a ghlanadh toisc gur féidir le cleachtais den sórt sin damáiste a dhéanamh don bhlaosc, rud atá ina bhac éifeachtach ar theacht isteach baictéar agus lena ngabhann sraith airíonna frithmhiocróbacha. Thairis sin, níor cheart uibheacha Aicme A a ní mar gheall ar an damáiste a d’fhéadfaí a dhéanamh do na bacainní fisiciúla, amhail an cúitineach, rud a d’fhéadfadh tarlú le linn an níocháin nó ina dhiaidh. D’fhéadfadh damáiste den sórt sin a bheith fabhrach d’éilliú tras-bhlaoisce le baictéir agus do chaillteanas taise agus, ar an mbealach sin, an riosca do thomhaltóirí a mhéadú, go háirithe mura bhfuil na dálaí triomúcháin agus stórála is fearr is féidir ann ina dhiaidh sin.

    (8)

    Mar sin féin, roinnt cleachtas, amhail cóireáil uibheacha le gathanna ultraivialait, níor cheart féachaint orthu mar phróiseas glantacháin. Mar sin féin, úsáidtear córais nite uibheacha atá faoi réir údaraithe agus a oibríonn faoi choinníollacha atá rialaithe go cúramach i roinnt Ballstát agus bíonn torthaí maithe orthu. De réir na tuairime ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, an Painéal Eolaíoch ar Ghuaiseacha Bitheolaíocha, arna iarraidh sin don Choimisiún, maidir leis na rioscaí micribhitheolaíocha a bhaineann le huibheacha boird a ní a glacadh an 7 Meán Fómhair 2005 (9), is féidir an níochán uibheacha a dhéantar in ionaid pacála uibheacha áirithe a sheasamh ó thaobh an tsláinteachais de, ar choinníoll, inter alia, go bhforbrófaí cód cleachtais le haghaidh córais nite uibheacha.

    (9)

    Ba cheart uibheacha Aicme A a ghrádú de réir meáchain. Dá bhrí sin, ba cheart líon teoranta gráduithe de réir meáchain agus téarmaí soiléire comhfhreagracha a shocrú chomh maith le ceanglais íosta lipéadaithe, ceanglais nach gcuirtear lipéadú deonach breise as an áireamh leo, ar choinníoll go gcomhlíonfar ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

    (10)

    Níor cheart a údarú mar ionaid pacála uibheacha chun uibheacha a ghrádú de réir cáilíochta agus meáchain ach gnóthais a bhfuil a n-áitreabh agus a dtrealamh teicniúil oiriúnach do scála agus do chineál a n-oibríochtaí, agus a fhágann, dá bhrí sin, gur féidir uibheacha a láimhseáil i gceart.

    (11)

    Chun úire na n-uibheacha a áirithiú, ba cheart teorainneacha ama uasta a shocrú maidir le huibheacha a ghrádú, a mharcáil agus a phacáil agus maidir le marcáil pacaí.

    (12)

    Sa bhreis ar an oibleagáid ghinearálta inrianaitheacht bia, beatha, bia-ainmhithe agus aon substainte eile a bheartaítear a ionchorprú i mbia nó i mbeatha, nó a bhfuil coinne leis sin ag gach céim den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh a bhunú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), chun seiceálacha a dhéanamh, ba cheart an fhaisnéis atá le léiriú ar phacáistíocht iompair ina bhfuil uibheacha agus ar dhoiciméid tionlacain a leagan síos.

    (13)

    Tá sé fíor-riachtanach an cód táirgeora a mharcáil ar uibheacha ag an láithreán táirgthe i gcás ina seachadtar uibheacha ar Bhallstát eile. Maidir le huibheacha Aicme B go háirithe, ba cheart a shonrú gur i gcás nach léiríonn an cód táirgeora amháin an grádú cáilíochta go soiléir, ba cheart tásc eile a mharcáil ar uibheacha Aicme B.

    (14)

    Ba cheart saintréithe na dtásc eile a d’fhéadfadh a bheith ann chun uibheacha Aicme B a mharcáil dá dtagraítear i gCuid VI, Pointe III(1), an dara fomhír, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a shainiú.

    (15)

    I gcás ina seachadfar uibheacha go díreach ar an tionscal bia lena bpróiseáil agus go bhfuil ráthaíocht leordhóthanach ann maidir lena gceann scríbe deiridh, féadfaidh na Ballstáit eisceachtaí ar an gceanglas marcála a dheonú d’oibreoirí a iarrfaidh amhlaidh ar choinníoll go seachadfar uibheacha go díreach ar an tionscal bia ón láithreán táirgthe.

    (16)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, leagtar síos rialacha de chineál ginearálta is infheidhme maidir leis na táirgí bia go léir a chuirtear ar an margadh. Mar sin féin, ba cheart roinnt ceanglas sonrach marcála a sholáthar le haghaidh pacaí uibheacha.

    (17)

    Ba cheart na téarmaí maidir leis an modh feirmeoireachta a shainaithint chomh maith leis na ceanglais íosta le haghaidh córais táirgthe i gcás na modhanna éagsúla feirmeoireachta uibheacha a leagan síos.

    (18)

    I gcás ina ndíoltar uibheacha i dteannta téarma roghnach forchoimeádta lena gcuirtear i dtábhacht úire ar leith na huibhe, ba cheart uasteorainn ama a shocrú le haghaidh tásca den sórt sin.

    (19)

    I gcás ina ndíoltar uibheacha ar bhealach lena léirítear an fhoirmle bheatha ar leith ar beathaíodh na béaróga léi, ba cheart ceanglais íosta maidir le húsáid na dtásc sin a leagan síos.

    (20)

    I gcás ina ndíoltar uibheacha scaoilte, ba cheart rochtain a bheith ag an tomhaltóir ar fhaisnéis áirithe a bhíonn ar an bpaca de ghnáth.

    (21)

    Sa bhreis ar na ceanglais ghinearálta sláinteachais maidir le cumhdach agus pacáistiú táirgí bia, ba cheart roinnt ceanglas breise a leagan síos chun an riosca meatha nó éillithe uibheacha a íoslaghdú le linn a stórála agus a iompair. Ba cheart caighdeáin den sórt sin a bhunú ar Chaighdeán Uimh. 42 de chuid UNECE.

    (22)

    Tá uibheacha chun críche tionsclaíochta mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine. Dá bhrí sin, ba cheart bandaí nó lipéid speisialta a bheith riachtanach ionas gur féidir pacáistíocht ina bhfuil uibheacha den sórt sin a shainaithint go héasca.

    (23)

    D’fhéadfadh ceanglais a bheith ag tríú tíortha atá éagsúil leis na ceanglais a socraíodh le haghaidh an Aontais chun uibheacha a chur ar an margadh. Chun onnmhairí a éascú, ba cheart a cheadú go ndéanfadh uibheacha a phacáiltear agus a bheartaítear lena n-onnmhairiú lasmuigh den Aontas ceanglais den sórt sin a chomhlíonadh.

    (24)

    Ba cheart mionsonraí a shocrú maidir leis an measúnú ar choibhéis caighdeán margaíochta tríú tíortha le reachtaíocht an Aontais ar measúnú é atá le déanamh ag an gCoimisiún arna iarraidh sin do thríú tíortha. Ba cheart rialacha maidir le ceanglais mharcála agus lipéadaithe le haghaidh uibheacha a leagan síos nuair is uibheacha iad a allmhairítear ó thríú tíortha.

    (25)

    Ba cheart lamháltais áirithe a cheadú agus comhlíonadh na gcaighdeán margaíochta á sheiceáil. Ba cheart na lamháltais sin a bheith éagsúil de réir na gcéimeanna margaíochta éagsúla.

    (26)

    Braitheann soláthar uibheacha lena dtrádáil ar bhonn miondíola sna ranna Francacha thar lear ar an soláthar uibheacha ó mhór-roinn na hEorpa go páirteach ós rud é bhfuil an táirgeadh áitiúil leordhóthanach go fóill chun an t-éileamh a chlúdach. I bhfianaise fhad an iompair agus na ndálaí aeráide, le leasú uibheacha a iompraítear chuig na ranna Francacha thar lear, glactar leis go gcomhlíonfar socruithe soláthair sonracha, lena n-áirítear an fhéidearthacht uibheacha fuaraithe a sheoladh. Is é an t-údar is féidir a thabhairt leis na socruithe speisialta sin nach leordhóthanach an acmhainneacht áitiúil táirgthe uibheacha. Go dtí go mbeidh an acmhainneacht áitiúil táirgthe leordhóthanach, ba cheart na socruithe eisceachtúla sin a choinneáil ar bun.

    (27)

    Chun coinníollacha sonracha margaíochta uibheacha i réigiúin iargúlta áirithe san Fhionlainn a chur san áireamh, ba cheart an díolachán ó tháirgeoirí go hasraonta miondíola sna réigiúin sin a dhíolmhú ó cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus an Rialacháin seo,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leis an Rialachán seo, forlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 le rialacha maidir le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh uibheacha cearca den speiceas Gallus gallus, cé is moite d’uibheacha goir, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

    (a)

    na critéir aicmithe;

    (b)

    an leasú agus an láimhseáil;

    (c)

    na ceanglais mharcála agus phacála;

    (d)

    téarmaí roghnacha forchoimeádta a úsáid;

    (e)

    na leibhéil lamháltais;

    (f)

    na coinníollacha maidir le hallmhairí agus onnmhairí.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2466, beidh feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 agus ag pointí 5.2, 5.3, 5.4 agus 7.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004.

    Ina theannta sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)

    ciallaíonn ‘paca’ cumhdach ina bhfuil uibheacha Aicme A nó Aicme B, cé is moite de phacáistíocht iompair agus coimeádáin uibheacha chun críche tionsclaíochta;

    (b)

    ciallaíonn ‘díolachán uibheacha scaoilte’ uibheacha a thairiscint don tomhaltóir deiridh lena miondíol, seachas i bpacaí;

    (c)

    ciallaíonn ‘bailitheoir’ aon bhunaíocht atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 chun uibheacha a bhailiú ó tháirgeoir lena seachadadh ar ionad pacála uibheacha, ar mhargadh a dhíolann go heisiach le mórdhíoltóirí a bhfuil a ngnóthais formheasta mar ionaid pacála uibheacha, nó ar an tionscadal bia nó neamhbhia;

    (d)

    ciallaíonn ‘tionscal bia’ aon bhunaíocht ina dtáirgtear táirgí uibhe atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine, cé is moite d’oll-lónadóirí;

    (e)

    ciallaíonn ‘tionscal neamhbhia’ aon ghnólacht a tháirgeann táirgí ina bhfuil uibheacha nach bhfuil ceaptha lena gcaitheamh ag an duine;

    (f)

    ciallaíonn ‘oll-lónadóirí’ na bunaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;

    (g)

    ciallaíonn ‘uibheacha’ uibheacha i mblaosc — seachas uibheacha atá briste, gortha nó cócaráilte — a dtáirgeann cearca den speiceas Gallus gallus iad agus atá oiriúnach lena gcaitheamh go díreach ag an duine nó chun táirgí uibhe a ullmhú;

    (h)

    ciallaíonn ‘uibheacha briste’ uibheacha a bhfuil scoilteanna sa bhlaosc agus sna scannáin araon, rud a fhágann a bhfuil iontu gan chosaint;

    (i)

    ciallaíonn ‘uibheacha gortha’ uibheacha ó thráth a gcurtha isteach sa ghoradán ar aghaidh;

    (j)

    ciallaíonn ‘uibheacha chun críche tionsclaíochta’ uibheacha nach bhfuil ceaptha lena gcaitheamh ag an duine;

    (k)

    ciallaíonn ‘baisc’ na huibheacha i bpacaí nó scaoilte a thagann ón láithreán táirgthe nó ón ionad pacála uibheacha céanna atá suite in aon áit amháin, uibheacha ag a bhfuil an dáta breithe nó an dáta ar fearr roimhe nó an dáta pacála céanna, an modh feirmeoireachta céanna agus, i gcás uibheacha grádaithe, an grádú cáilíochta agus meáchain céanna;

    (l)

    ciallaíonn ‘athphacáil’ uibheacha a aistriú go fisiciúil go paca eile nó paca ina bhfuil uibheacha a athmharcáil;

    (m)

    ciallaíonn ‘margú’ uibheacha a choimeád chun iad a dhíol, lena n-áirítear iad a thairiscint lena ndíol, a stóráil, a phacáil, a lipéadú, a sheachadadh, nó aon fhoirm aistrithe eile, bíodh sin saor in aisce nó ná bíodh;

    (n)

    ciallaíonn ‘oibreoir’ táirgeoir agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a bhfuil baint aige le huibheacha a mhargú;

    (o)

    ciallaíonn ‘láithreán táirgthe’ bunaíocht ina gcoimeádtar béaróga, atá cláraithe i gcomhréir le Treoir 2002/4/CE ón gCoimisiún (12);

    (p)

    ciallaíonn ‘ionad pacála uibheacha’ ionad pacála uibheacha de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2466 agus ina ndéantar uibheacha a ghrádú de réir cáilíochta agus meáchain;

    (q)

    ciallaíonn ‘tomhaltóir deiridh’ an tomhaltóir deiridh táirge bia nach n-úsáidfidh an bia mar chuid d’oibríocht gnólachta bia nó de ghníomhaíocht gnólachta bia ar bith;

    (r)

    ciallaíonn ‘cód táirgeora’ sainuimhir an láithreáin táirgthe de réir phointe 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/4/CE.

    Airteagal 3

    Saintréithe cáilíochta na n-uibheacha

    1.   Beidh na saintréithe cáilíochta seo a leanas ag uibheacha Aicme A:

    (a)

    blaosc agus cúitineach: gnáthchruth, glan agus gan damáiste;

    (b)

    aerspás: airde nach mó ná 6 mm, ina stad; mar sin féin, chun uibheacha a mhargú mar uibheacha ‘rí-úr’, ní fhéadfaidh sé a bheith níos mó ná 4 mm;

    (c)

    buíocán: le feiceáil le linn an léasbhraite mar scáth amháin, gan imlíne inaitheanta shoiléir, beagáinín soghluaiste ar chasadh na huibhe, agus filleann sé ar shuíomh lárnach;

    (d)

    gealachán: geal, tréshoilseach;

    (e)

    ginidín: forbairt dhofheicthe;

    (f)

    ábhar eachtrach: ní cheadaítear é;

    (g)

    boladh eachtrach neamhbheartaithe: ní cheadaítear é.

    2.   Is éard a bheidh in uibheacha Aicme B uibheacha nach gcomhlíonann na saintréithe cáilíochta dá bhforáiltear i mír 1. Déanfar uibheacha Aicme A nach bhfuil na saintréithe sin acu a thuilleadh a íosghrádú go hAicme B. Is uibheacha Aicme B a bheidh in uibheacha nach marcáiltear laistigh de 10 lá tar éis a mbreithe.

    Airteagal 4

    Uibheacha a leasú agus a láimhseáil

    1.   Ní dhéanfar uibheacha Aicme A a ní ná a ghlanadh, roimh ghrádú ná ina dhiaidh, ach amháin mar a fhoráiltear i mír 3.

    2.   Ní dhéanfar uibheacha Aicme A a chóireáil lena leasú ná ní fhuarófar iad in áitribh nó i monarchana ina gcoimeádtar an teocht faoi bhun 5 °C go saorga. Mar sin féin, ní mheasfar go bhfuil uibheacha fuaraithe más ea gur coimeádadh iad ag teocht faoi bhun 5 °C le linn iompair ar feadh tréimhse nach faide ná 24 uair an chloig nó in áitribh mhiondíola nó i bhfortithe a ghabhann leo ar feadh tréimhse nach faide ná 72 uair an chloig.

    3.   Na Ballstáit a d’údaraigh, an 1 Meitheamh 2003, ionaid pacála uibheacha chun uibheacha a ní, féadfaidh siad leanúint d’ionaid pacála uibheacha a údarú chun uibheacha a ní, ar choinníoll go n-oibríonn na hionaid sin i gcomhréir leis na treoracha náisiúnta maidir le córais nite uibheacha. Ní fhéadfar uibheacha nite a mhargú ach amháin sna Ballstáit inar eisíodh údaruithe den sórt sin.

    4.   Spreagfaidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 3 forbairt treoracha náisiúnta dea-chleachtais le haghaidh córais nite uibheacha ag oibreoirí gnólachta bia, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004.

    Airteagal 5

    Uibheacha Aicme A a ghrádú de réir meáchain

    1.   Déanfar uibheacha Aicme A a ghrádú de réir meáchain mar a leanas:

    (a)

    XL — an-mhór: meáchan ≥ 73 g;

    (b)

    L — mór: meáchan ≥ 63 g agus < 73 g;

    (c)

    M — meánach: meáchan ≥ 53 g agus < 63 g;

    (d)

    S — beag: meáchan < 53 g.

    2.   Léireofar an grádú meáchain leis na litreacha comhfhreagracha nó leis na téarmaí comhfhreagracha mar a shainmhínítear i mír 1 nó le meascán den dá rud, a fhéadfar a fhorlíonadh leis na raonta meáchain comhfhreagracha.

    3.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina ndéantar uibheacha Aicme A de mhéideanna éagsúla a phacáil le chéile sa phaca céanna, tabharfar glanmheáchan íosta na n-uibheacha i ngraim agus beidh an tásc ‘Uibheacha de mhéideanna éagsúla’ nó téarmaí coibhéiseacha le feiceáil ar dhromchla seachtrach an phaca.

    Airteagal 6

    Teorainn ama chun uibheacha a ghrádú, a mharcáil agus a phacáil agus chun pacaí a mharcáil

    1.   Déanfar uibheacha Aicme A a ghrádú, a mharcáil agus a phacáil laistigh de 10 lá ó lá a mbreithe.

    2.   Déanfar uibheacha a mhargaítear i gcomhréir le hAirteagal 12 a ghrádú, a mharcáil agus a phacáil laistigh de 4 lá ó lá a mbreithe.

    3.   Déanfar an dáta ar fearr roimhe dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (d), den Rialachán seo a mharcáil tráth na pacála i gcomhréir le pointe 1 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

    Airteagal 7

    Faisnéis a thaispeántar ar phacáistíocht iompair

    1.   Gan dochar d’Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, déanfaidh an táirgeoir gach pacáistíocht iompair ina bhfuil uibheacha a shainaithint ag an láithreán táirgthe leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    ainm agus seoladh an táirgeora;

    (b)

    an cód táirgeora;

    (c)

    líon na n-uibheacha agus/nó a meáchan;

    (d)

    an dáta nó an tréimhse bhreithe;

    (e)

    an dáta seolta.

    I gcás ionaid pacála uibheacha a soláthraítear uibheacha neamhphacáilte dóibh óna n-aonaid táirgthe féin atá suite ar an láithreán céanna, féadfar an tsainaithint ar an bpacáistíocht iompair a dhéanamh ag an ionad pacála uibheacha.

    2.   Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar an bpacáistíocht iompair agus beidh sí le fáil ar na doiciméid tionlacain. Coimeádfaidh aon oibreoir idirghabhála ar a seachadtar na huibheacha cóip de na doiciméid sin. Coimeádfaidh an t-ionad pacála uibheacha a ghrádóidh na huibheacha bunchóipeanna na ndoiciméad tionlacain.

    I gcás ina ndéanfar baisceanna a gheobhaidh bailitheoir a fhoroinnt lena seachadadh ar níos mó ná oibreoir amháin, féadfar lipéid iomchuí coimeádán iompair a chur in ionad na ndoiciméad tionlacain, ar choinníoll go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 le fáil ar na lipéid sin.

    3.   An fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chuirfear ar an bpacáistíocht iompair, ní dhéanfar í a mhodhnú agus fanfaidh sí ar an bpacáistíocht iompair go dtí go mbainfear na huibheacha chun aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh láithreach: iad a ghrádú, a mharcáil, a phacáil nó a phróiseáil a thuilleadh.

    Airteagal 8

    Uibheacha a mharcáil chun iad a sheachadadh thar theorainneacha

    1.   Maidir le huibheacha a sheachadfar ó láithreán táirgthe ar bhailitheoir, ionad pacála uibheacha, tionscal bia nó neamhbhia atá suite i mBallstát eile, déanfar iad a mharcáil leis an gcód táirgeora sula bhfágfaidh siad an láithreán táirgthe.

    2.   Féadfaidh Ballstát a bhfuil an láithreán táirgthe suite ar a chríoch díolúine a dheonú ón gceanglas dá bhforáiltear i mír 1, i gcás ina mbeidh conradh seachadta sínithe ag táirgeoir le hionad pacála uibheacha i mBallstát eile ina gceanglaítear an mharcáil i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ní fhéadfar díolúine den sórt sin a dheonú ach amháin arna iarraidh sin do na hoibreoirí lena mbaineann agus le comhaontú i scríbhinn roimh ré an Bhallstáit ina bhfuil an t-ionad pacála uibheacha suite. I gcásanna den sórt sin, gabhfaidh cóip den chonradh seachadta leis an gcoinsíneacht.

    3.   Ní fhéadfaidh tréimhse íosta na gconarthaí seachadta dá dtagraítear i mír 2 a bheith níos lú ná aon mhí amháin.

    4.   Na seirbhísí cigireachta, dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2466, is é sin seirbhísí cigireachta na mBallstát lena mbaineann agus seirbhísí cigireachta aon Bhallstáit idirthurais, cuirfear ar an eolas iad sula ndeonófar díolúine i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

    5.   Uibheacha Aicme B a mhargaítear i mBallstát eile atá marcáilte i gcomhréir le Cuid VI, Pointe III(1), an dara fomhír, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, beidh tásc orthu, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo chun a áirithiú gurb éasca an t-idirdhealú a dhéanamh idir iad agus uibheacha d’Aicme A.

    Airteagal 9

    Tásca ar uibheacha Aicme B

    Is éard a bheidh sa tásc dá dtagraítear i gCuid VI, Pointe III(1), an dara fomhír, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ciorcal ar trastomhas 12 mm ar a laghad thart timpeall ar an litir ‘B’ atá 5 mm ar airde ar a laghad, nó spota datha ar trastomhas 5 mm ar a laghad atá sofheicthe gan dua.

    Airteagal 10

    Marcáil uibheacha a sheachadtar go díreach ar an tionscal bia

    1.   Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an reachtaíocht sláintíochta, féadfaidh na Ballstáit oibreoirí a dhíolmhú, arna iarraidh sin dóibh, ó na hoibleagáidí marcála dá bhforáiltear i gCuid VI, Pointe III(1) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i gcás ina seachadfar uibheacha go díreach ar an tionscal bia ón láithreán táirgthe. Beidh an seachadadh faoi fhreagracht iomlán an oibreora tionscail bia, a gheallann, dá réir sin, nach n-úsáidfidh sé na huibheacha ach amháin lena bpróiseáil.

    2.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 ina seachadfar uibheacha ó láithreán táirgthe i mBallstát amháin ar an tionscal bia i mBallstát eile, cuirfidh an Ballstát ina bhfuil an láithreán táirgthe bunaithe údaráis inniúla an Bhallstáit eile ar an eolas go hiomchuí faoi dheonú an mhaolaithe marcála sula ndéanfar an chéad seachadadh.

    3.   Féadfaidh na Ballstáit uibheacha a allmhaireofar ó thríú tír agus a sheachadfar go díreach ar an tionscal bia a dhíolmhú óna marcáil ar choinníoll go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit a gceann scríbe deiridh chun críoch próiseála a sheiceáil.

    Airteagal 11

    Pacaí a mharcáil

    1.   Beidh an méid seo a leanas le feiceáil i gcló sofheicthe soléite ar dhromchla seachtrach pacaí ina bhfuil uibheacha Aicme A:

    (a)

    cóid na n-ionad pacála uibheacha ina ndearnadh uibheacha a phacáil agus, i gcás inarb iomchuí, a athphacáil;

    (b)

    an grádú cáilíochta; déanfar pacaí a shainaithint leis na focail ‘Aicme A’ nó leis an litir ‘A’, bíodh an méid sin leis féin nó i dteannta na bhfocal ‘úr’ nó ‘uibheacha úra’;

    (c)

    an grádú meáchain i gcomhréir le hAirteagal 5;

    (d)

    an dáta ar fearr roimhe i gcomhréir le hAirteagal 9(1), pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;

    (e)

    an fhoclaíocht ‘uibheacha nite’ i gcás uibheacha a níodh i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán seo;

    (f)

    mar choinníoll speisialta stórála i gcomhréir le hAirteagal 9(1), pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, tásc lena gcuirtear comhairle ar thomhaltóirí uibheacha a choimeád fuaraithe tar éis iad a cheannach.

    2.   Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i mír 1, beidh an modh feirmeoireachta le feiceáil i gcló sofheicthe soléite ar dhromchla seachtrach pacaí ina bhfuil uibheacha Aicme A.

    Chun an modh feirmeoireachta a shainaithint, ní úsáidfear ach na téarmaí seo a leanas:

    (a)

    i gcás na feirmeoireachta traidisiúnta, na téarmaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (b)

    i gcás an táirgthe orgánaigh, na téarmaí a leagtar amach in Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

    Míneofar brí an chóid táirgeora ar an bpaca nó laistigh de.

    3.   Beidh feidhm ag mír 2 gan dochar do bhearta teicniúla náisiúnta a théann thar na ceanglais íosta le haghaidh córais táirgthe i gcás na modhanna éagsúla feirmeoireachta uibheacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II, nach bhféadfaidh feidhm a bheith acu ach amháin maidir le táirgeoirí de chuid an Bhallstáit lena mbaineann agus ar choinníoll go bhfuil siad ag luí le dlí an Aontais.

    4.   Beidh an méid seo a leanas le feiceáil i gcló sofheicthe soléite ar dhromchla seachtrach pacaí ina bhfuil uibheacha Aicme B:

    (a)

    cód an ionaid pacála uibheacha;

    (b)

    an grádú cáilíochta; déanfar pacaí a shainaithint leis na focail ‘Aicme B’ nó leis an litir ‘B’;

    (c)

    an dáta pacála.

    5.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal, i gcás pacaí uibheacha a tháirgfear ar a gcríoch, go ngreamófar na lipéid ar bhealach ina mbrisfear iad agus na pacaí á n-oscailt.

    Airteagal 12

    Téarmaí roghnacha forchoimeádta a bhaineann le cáilíocht

    1.   Féadfar an focal ‘rí-úr’ a úsáid mar thásc cáilíochta breise ar phacaí ina bhfuil uibheacha Aicme A go dtí an 9ú lá tar éis bhreith na n-uibheacha.

    2.   I gcás ina n-úsáidfear tásca dá dtagraítear i mír 1, taispeánfar an dáta breithe agus an teorainn ama 9 lá ar an bpaca ar bhealach sofheicthe soléite.

    Airteagal 13

    Téarmaí roghnacha forchoimeádta a bhaineann le beatha

    I gcás ina n-úsáidfear tásc maidir leis an mbealach a bheathaítear na béaróga, beidh feidhm ag na ceanglais íosta seo a leanas:

    (a)

    ní fhéadfar tagairt a dhéanamh do ghránaigh mar chomhábhar beatha ach amháin i gcás inar 60 % de réir meáchain ar a laghad den fhoirmle bheatha a thabharfar iad, nach bhféadfaidh seachtháirgí gránach a bheith níos mó ná 15 % di;

    (b)

    gan dochar don mhéid íosta 60 % dá dtagraítear i bpointe (a), i gcás ina ndéanfar tagairt do ghránach sonrach, is 30 % ar a laghad den fhoirmle bheatha a úsáidfear a bheidh ann. I gcás ina ndéanfar tagairt shonrach do níos mó ná gránach amháin, is 5 % ar a laghad den fhoirmle bheatha a úsáidfear a bheidh i ngach ceann acu.

    Airteagal 14

    Faisnéis atá le taispeáint i gcás díolachán uibheacha scaoilte

    I gcás díolachán uibheacha scaoilte, tabharfar an fhaisnéis seo a leanas ar chaoi ina mbeidh an tomhaltóir in ann í a fheiceáil agus a léamh gan dua:

    (a)

    an grádú cáilíochta;

    (b)

    an grádú meáchain i gcomhréir le hAirteagal 5;

    (c)

    tásc maidir leis an modh feirmeoireachta mar a leagtar síos in Airteagal 11(2);

    (d)

    míniú ar bhrí an chóid táirgeora;

    (e)

    an dáta ar fearr roimhe.

    Airteagal 15

    Cáilíocht na bpacaí

    Gan dochar do na ceanglais maidir le cumhdach agus pacáistiú táirgí bia a leagtar síos i gCaibidil X d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004, beidh pacaí turraingfhriotaíoch tirim glan, beidh dea-bhail orthu agus déanfar iad as ábhair a chosnaíonn na huibheacha ar bholadh coimhthíoch agus an riosca go dtiocfaidh meath ar an gcáilíocht.

    Airteagal 16

    Uibheacha chun críche tionsclaíochta a phacáil

    Déanfar uibheacha chun críche tionsclaíochta a mhargú i gcoimeádáin phacáistíochta ar a mbeidh banda dearg nó lipéad dearg.

    Taispeánfar an méid seo a leanas ar na bandaí agus na lipéid sin:

    (a)

    ainm agus seoladh an oibreora dá mbeartaítear na huibheacha;

    (b)

    ainm agus seoladh an oibreora a sheol na huibheacha;

    (c)

    na focail ‘uibheacha chun críche tionsclaíochta’ i gceannlitreacha atá 2 cm ar airde, agus na focail ‘neamhoiriúnach lena gcaitheamh ag an duine’ i litreacha atá 8 mm ar airde ar a laghad.

    Airteagal 17

    Athphacáil

    Maidir le huibheacha Aicme A pacáilte, ní fhéadfaidh ach ionaid pacála uibheacha iad a athphacáil. Ní bheidh ach uibheacha de bhaisce amháin i ngach paca.

    Airteagal 18

    Lamháltas le haghaidh lochtanna cáilíochta

    1.   Ceadófar na lamháltais seo a leanas agus baisceanna uibheacha Aicme A á seiceáil:

    (a)

    ag an ionad pacála uibheacha, díreach roimh a seolta: lochtanna cáilíochta ar 5 % d’uibheacha;

    (b)

    le linn na gcéimeanna margaíochta eile: lochtanna cáilíochta ar 7 % d’uibheacha.

    2.   I gcás uibheacha a mhargaítear mar uibheacha ‘rí-úra’, ní cheadófar aon lamháltas le haghaidh airde an aerspáis tráth a bpacála ná a n-allmhairithe.

    3.   I gcás ina mbeidh níos lú ná 180 ubh sa bhaisc a sheiceálfar, déanfar na céatadáin dá dtagraítear i mír 1 a dhúbailt.

    Airteagal 19

    Lamháltas le haghaidh mheáchan na n-uibheacha

    1.   Ach amháin sa chás dá bhforáiltear in Airteagal 5(3) maidir le baisceanna uibheacha Aicme A a sheiceáil, ceadófar lamháltas a mhéid a bhaineann leis an meáchan in aghaidh na huibhe. Ní fhéadfaidh uibheacha a mbaineann gráduithe de réir meáchain atá in aice leis an ngrádú atá marcáilte ar an bpaca a bheith i gceist le níos mó ná 10 % de na baisceanna sin, ach ní fhéadfaidh uibheacha den chéad ghrádú de réir meáchain eile is ísle a bheith i gceist le níos mó ná 5 % díobh.

    2.   I gcás ina mbeidh níos lú ná 180 ubh sa bhaisc a sheiceálfar, déanfar na céatadáin dá dtagraítear i mír 1 a dhúbailt.

    Airteagal 20

    Lamháltas maidir le huibheacha a mharcáil

    Ceadófar lamháltas ar dá réir a bheidh marcanna doléite ar 20 % de na huibheacha agus baisceanna agus pacaí á seiceáil.

    Airteagal 21

    Uibheacha atá le honnmhairiú go tríú tíortha

    Féadfar a cheangal maidir le huibheacha a phacálfar agus a bheartófar lena n-onnmhairiú chuig tríú tíortha go gcomhlíonfaidh siad ceanglais atá éagsúil leis na ceanglais a leagtar síos i gCuid VI d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus sa Rialachán seo a mhéid a bhaineann le cáilíocht, marcáil agus lipéadú, nó ceanglais bhreise.

    Airteagal 22

    Uibheacha allmhairithe

    1.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chaighdeáin mhargaíochta le haghaidh uibheacha is infheidhme i dtríú tíortha is onnmhaireoirí arna iarraidh sin don tír lena mbaineann. Cumhdófar sa mheastóireacht sin na rialacha maidir le marcáil agus lipéadú, modhanna feirmeoireachta agus seiceálacha chomh maith lena gcur chun feidhme. Má fhaightear amach inti go dtugann na rialacha i bhfeidhm ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir lena gcoibhéis le reachtaíocht an Aontais, marcálfar uibheacha a allmhaireofar ón tír lena mbaineann le sainuimhir a bheidh coibhéiseach leis an gcód táirgeora.

    2.   Áireofar in aon mheastóireacht ar choibhéis na rialacha dá dtagraítear i mír 1 measúnú i dtaobh an bhfuil na ceanglais atá sa Rialachán seo á gcomhlíonadh go héifeachtach ag oibreoirí sa tríú tír lena mbaineann. Déanfar í a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. Foilseoidh an Coimisiún toradh na meastóireachta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    3.   Déanfar cód tíre ISO 3166 na tíre tionscnaimh a mharcáil ar uibheacha a allmhaireofar ó thríú tíortha, agus déanfar sin sa tír thionscnaimh ar bhealach soiléir soléite.

    4.   I gcás nach mbeidh ráthaíocht leordhóthanach ann maidir le coibhéis na rialacha dá dtagraítear i mír 1, beidh an méid seo a leanas le feiceáil i gcló sofheicthe soléite ar dhromchla seachtrach pacaí ina bhfuil uibheacha a allmhaireofar ón tríú tír lena mbaineann:

    (a)

    an tír thionscnaimh;

    (b)

    an modh feirmeoireachta: ‘caighdeán neamh-AE’.

    Airteagal 23

    Eisceachtaí le haghaidh na rann Francacha thar lear

    1.   De mhaolú ar Airteagal 4(2), uibheacha atá ceaptha lena dtrádáil ar bhonn miondíola sna ranna Francacha thar lear, féadfar iad a sheoladh — agus iad fuaraithe — chuig na ranna sin.

    2.   Sa chás dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, sa bhreis ar na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagail 11 agus 14, beidh an fhoclaíocht ‘uibheacha fuaraithe’ le feiceáil agus taispeánfar sonraí maidir le cuisniú ar dhromchla seachtrach an phaca. Is é a bheidh sa mharc idirdhealaithe i gcás ‘uibheacha fuaraithe’ triantán comhshleasach atá 10 mm ar a laghad feadh na dtaobhanna.

    Airteagal 24

    Eisceachtaí le haghaidh réigiúin áirithe de chuid na Fionlainne

    Uibheacha a dhíolfaidh an táirgeoir go díreach le hasraonta miondíola sna réigiúin a liostaítear in Iarscríbhinn III, déanfar iad a dhíolmhú ó cheanglais Chuid VI d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus ó cheanglais an Rialacháin seo. Mar sin féin, ní mór an modh feirmeoireachta a shainaithint go cuí i gcomhréir le hAirteagal 11(2) agus le hAirteagal 14, pointe (c), den Rialachán seo.

    Airteagal 25

    Aisghairm

    Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 589/2008.

    Léireofar tagairtí don Rialachán aisghairthe mar thagairtí don Rialachán seo agus do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2466 agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 26

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Lúnasa 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

    (2)  COM(2020) 381 final.

    (3)  Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcomhair táirgí áirithe talmhaíochta (an Rialachán maidir le CEM aonair) (IO L 299, 16.11.2007, lch. 1).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2466 ón gCoimisiún an 17 Lúnasa 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh uibheacha (IO L, 2023/2466, 8.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2466/oj).

    (5)  Rialachán (CE) Uimh. 589/2008 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh uibheacha (IO L 163, 24.6.2008, lch. 6).

    (6)  Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas táirgí bia (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1).

    (7)  Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de thionscnamh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).

    (8)  Treoir 1999/74/CE ón gComhairle an 19 Iúil 1999 lena leagtar síos caighdeáin íosta chun béaróga a chosaint (IO L 203, 3.8.1999, lch. 53).

    (9)   EFSA Journal [Iris EFSA] Uimh. 269, 2005, lch. 1.

    (10)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir leis an soláthar faisnéise bia do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

    (11)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaca le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

    (12)  Treoir 2002/4/CE ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2002 maidir le clárú bunaíochtaí ina gcoimeádtar béaróga, a chumhdaítear le Treoir 1999/74/CE ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2002, lch. 44).

    (13)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN I

    Téarmaí dá dtagraítear in Airteagal 11(2), an dara fomhír, pointe (a)

    Cód teanga

    1

    2

    3

    BG

    ‘Яйца от кокошки – свободно отглеждане на открито’

    ‘Яйца от кокошки – подово отглеждане’

    ‘Уголемени клетки’

    ES

    ‘Huevos de gallinas camperas’

    ‘Huevos de gallinas sueltas en el gallinero’

    ‘Jaulas acondicionadas’

    CZ

    ‘Vejce nosnic ve volném výběhu’

    ‘Vejce nosnic v halách’

    ‘Vejce nosnic v klecích’/

    ‘Obohacené klece’

    DA

    ‘Frilandsæg’

    ‘Skrabeæg’

    ‘Stimulusberigede bure’

    DE

    ‘Eier aus Freilandhaltung’

    ‘Eier aus Bodenhaltung’

    ‘ausgestalteter Käfig’

    ET

    ‘Vabalt peetavate kanade munad’

    ‘Õrrekanade munad’

    ‘Täiustatud puurid’

    EL

    ‘Αυγά ελεύθερης βοσκής’

    ‘Αυγά αχυρώνα ή αυγά στρωμνής’

    ‘Αναβαθμισμένοι/

    Διευθετημένοι κλωβοί’

    EN

    ‘Free range eggs’

    ‘Barn eggs’

    ‘Enriched cages’

    FR

    ‘Œufs de poules élevées en plein air’

    ‘Œufs de poules élevées au sol’

    ‘Cages aménagées’

    HR

    ‘Jaja iz slobodnog uzgoja’

    ‘Jaja iz štalskog (podnog) uzgoja’

    ‘Obogaćeni kavezi’

    GA

    ‘Uibheacha saor-raoin’

    ‘Uibheacha sciobóil’

    ‘Cásanna Saibhrithe’

    IT

    ‘Uova da allevamento all’aperto’

    ‘Uova da allevamento a terra’

    ‘Gabbie attrezzate’

    LV

    ‘Brīvās turēšanas apstākļos dētās olas’

    ‘Kūtī dētas olas’

    ‘Uzlaboti būri’

    LT

    ‘Laisvai laikomų vištų kiaušiniai’

    ‘Ant kraiko laikomų vištų kiaušiniai’

    ‘Pagerinti narveliai’

    HU

    ‘Szabad tartásban termelt tojás’

    ‘Alternatív tartásban termelt tojás’

    ‘Feljavított ketrecek’

    MT

    ‘Bajd tat-tiġieg imrobbija barra’

    ‘Bajd tat-tiġieġ imrobbija ma’ l-art’

    ‘Gaġeg arrikkiti’

    NL

    ‘Eieren van hennen met vrije uitloop’

    ‘Scharreleieren’

    ‘Aangepaste kooi’/

    ‘Verrijkte kooi’

    PL

    ‘Jaja z chowu na wolnym wybiegu’

    ‘Jaja z chowu ściółkowego’

    ‘Klatki ulepszone’

    PT

    ‘Ovos de galinhas criadas ao ar livre’

    ‘Ovos de galinhas criadas no solo’

    ‘Gaiolas melhoradas’

    RO

    ‘Ouă de găini crescute în aer liber’

    ‘Ouă de găini crescute în hale la sol’

    ‘Cuști îmbunătățite’

    SK

    ‘Vajcia z chovu na voľnom výbehu’

    ‘Vajcia z podstielkového chovu’

    ‘Obohatené klietky’

    SL

    ‘Jajca iz proste reje’

    ‘Jajca iz hlevske reje’

    ‘Obogatene kletke’

    FI

    ‘Ulkokanojen munia’

    ‘Lattiakanojen munia’

    ‘Virikehäkit’

    SV

    ‘Ägg från utehöns’

    ‘Ägg från frigående höns inomhus’

    ‘Inredd bur’


    IARSCRÍBHINN II

    Ceanglais íosta le haghaidh córais táirgthe i gcás na modhanna éagsúla feirmeoireachta uibheacha dá dtagraítear in Airteagal 11(3)

    1.   

    Ní mór ‘uibheacha saor-raoin’ a tháirgeadh i gcórais táirgthe a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 1999/74/CE ar a laghad.

    Ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh, go háirithe:

    (a)

    ní mór rochtain leanúnach a bheith ag cearca ar chlóis faoin aer i rith an lae. Mar sin féin, ní chuireann an ceanglas sin cosc ar tháirgeoir srian a chur leis an rochtain sin ar feadh tréimhse teoranta le linn uaireanta na maidine i gcomhréir le gnáth-dhea-chleachtas na feirmeoireachta, lena n-áirítear dea-chleachtas na feirmeoireachta ainmhithe. I gcás inar forchuireadh srianta sealadacha ar bhonn reachtaíocht an Aontais, féadfar uibheacha a mhargú mar ‘uibheacha saor-raoin’ d’ainneoin an tsriain sin;

    (b)

    ní mór clóis faoin aer a bhfuil rochtain ag cearca orthu a bheith cumhdaithe le fásra den chuid is mó agus ní mór gan iad a úsáid chun críocha eile cé is moite d’úlloird, coillearnach agus innilt beostoic. Féadfaidh na húdaráis inniúla úsáid na gclós faoin aer chun críocha eile a údarú, go háirithe suiteáil painéil gréine, nach bhfuil ag teacht salach ar na coinníollacha leasa ainmhithe a leagtar síos i dTreoir 1999/74/CE agus nach gcuireann teorainn le soghluaisteacht na gcearc;

    (c)

    maidir le dlús stocála uasta na gclós faoin aer, ní mór nach mó é ná 2 500 cearc in aghaidh an heicteáir talún atá ar fáil do na cearca nó ná cearc amháin in aghaidh an 4 m2 i gcónaí. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil 10 m2 ar a laghad in aghaidh na circe ar fáil agus i gcás ina ndéantar uainíocht agus ina dtugtar rochtain chothrom ar an limistéar iomlán do na cearca ar feadh shaol na healta, ní mór a áirithiú go bhfuil 2,5 m2 in aghaidh na circe ar a laghad ar fáil i ngach banrach a úsáidtear tráth ar bith;

    (d)

    ní mór nach dtéann clóis faoin aer níos faide ná 150 m ón gcomhla is gaire den fhoirgneamh. Mar sin féin, is ceadmhach síneadh suas le 350 m ón gcomhla is gaire den fhoirgneamh ar choinníoll go bhfuil líon leordhóthanach foscadán dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe 3(b)(ii), de Threoir 1999/74/CE scaipthe go cothrom ar fud an chlóis faoin aer go léir agus go bhfuil ceithre fhoscadán ar a laghad in aghaidh an heicteáir ann.

    2.   

    Ní mór ‘uibheacha sciobóil’ a tháirgeadh i gcórais táirgthe a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 1999/74/CE ar a laghad.

    3.   

    Ní mór uibheacha ó ‘chásanna saibhrithe’ a tháirgeadh i gcórais táirgthe a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6 de Threoir 1999/74/CE ar a laghad.

    4.   

    Féadfaidh na Ballstáit maoluithe ar phointí 1 agus 2 den Iarscríbhinn seo a údarú i gcás bunaíochtaí a bhfuil níos lú ná 350 béaróg acu nó a bhfuil béaróga goir á dtógáil acu a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe 1(d), pointe 1(e), pointe 2, pointe 3(a)(i) agus pointe 3(b)(i), de Threoir 1999/74/CE.


    IARSCRÍBHINN III

    Réigiúin de chuid na Fionlainne dá dtagraítear in Airteagal 24

    Lappi

    Pohjois-Pohjanmaa

    Kainuu

    Pohjois-Karjala

    Pohjois-Savo

    Ahvenanmaa


    IARSCRÍBHINN IV

    Tábla comhghaoil

    Rialachán (CE) Uimh. 589/2008

    An Rialachán seo

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2466

    Airteagal 1

    Airteagal 2

    Airteagal 2

    Airteagal 2(1)

    Airteagal 3(1)

     

    Airteagal 2(2) agus (3)

    Airteagal 4(1) agus (2)

     

    Airteagal 2(4)

    Airteagal 3(2)

     

    Airteagal 3

    Airteagal 4(3) agus (4)

     

    Airteagal 4

    Airteagal 5

     

    Airteagal 5

     

    Airteagal 3

    Airteagal 6

    Airteagal 6

     

    Airteagal 7

    Airteagal 7

     

    Airteagal 8

    Airteagal 8

     

    Airteagal 9

     

    Airteagal 4

    Airteagal 10

    Airteagal 9

     

    Airteagal 11

    Airteagal 10

     

    Airteagal 12

    Airteagal 11

     

    Airteagal 13

    Airteagal 14

    Airteagal 12

     

    Airteagal 15

    Airteagal 13

     

    Airteagal 16

    Airteagal 14

     

    Airteagal 17

    Airteagal 15

     

    Airteagal 18

    Airteagal 16

     

    Airteagal 19

    Airteagal 17

     

    Airteagal 20

     

    Airteagal 5

    Airteagal 21

     

    Airteagal 6

    Airteagal 22

     

    Airteagal 7

    Airteagal 23

     

    Airteagal 8

    Airteagal 24

     

    Airteagal 9

    Airteagal 25

     

    Airteagal 10

    Airteagal 26

    Airteagal 18

     

    Airteagal 27

    Airteagal 19

     

    Airteagal 28

    Airteagal 20

     

    Airteagal 29

    Airteagal 21

     

    Airteagal 30

    Airteagal 22

     

    Airteagal 32

     

    Airteagal 11

    Airteagal 33

    Airteagal 23

     

    Airteagal 34

    Airteagal 24

     

    Airteagal 35

    Airteagal 36

    Airteagal 37

    Airteagal 12

    Iarscríbhinn I

    Iarscríbhinn I

     

    Iarscríbhinn II

    Iarscríbhinn II

     

    Iarscríbhinn III

    Iarscríbhinn III

     


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2465/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top