Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2078

    Cinneadh (CBES) 2023/2078 ón gCoiste polaitiúil agus slándála an 26 Meán Fómhair 2023 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/743 (EUNAVFOR MED IRINI/3/2023)

    ST/12968/2023/INIT

    IO L 239, 28/09/2023, p. 35–36 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 04/04/2024; Arna aisghairm le 32024D1014

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2078/oj

    28.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 239/35


    CINNEADH (CBES) 2023/2078 ÓN GCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

    an 26 Meán Fómhair 2023

    maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/743 (EUNAVFOR MED IRINI/3/2023)

    TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,

    Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/472 ón gComhairle an 31 Márta 2020 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 31 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/472, lenar bunaíodh agus lenar seoladh oibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI).

    (2)

    De bhun Airteagal 8(2) de Chinneadh (CBES) 2020/472, d’údaraigh an Chomhairle don Choiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) cinntí a ghlacadh maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar EUNAVFOR MED IRINI.

    (3)

    An 4 Aibreán 2023, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2023/743 (2) lena gceaptar an Seachaimiréal Valentino RINALDI mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ar EUNAVFOR MED IRINI ón 1 Aibreán 2023.

    (4)

    An 5 Meán Fómhair 2023, mhol údaráis mhíleata na Gréige go ndéanfaí an Ceannasóir Cabhlaigh Konstantinos BAKALAKOS a cheapadh i gcomharbas ar an Seachaimiréal Valentino RINALDI mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ar EUNAVFOR MED IRINI ón 1 Deireadh Fómhair 2023. Thacaigh Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh leis an gceapachán sin.

    (5)

    An 12 Meán Fómhair 2023, thacaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh leis an moladh a rinne údaráis mhíleata na Gréige.

    (6)

    Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an gCeannasóir Cabhlaigh Konstantinos BAKALAKOS a cheapadh mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eopraigh ar EUNAVFOR MED IRINI.

    (7)

    Ba cheart Cinneadh (CBES) 2023/743 a aisghairm,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, ceaptar an Ceannasóir Cabhlaigh Konstantinos BAKALAKOS mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ar oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) ón 1 Deireadh Fómhair 2023.

    Airteagal 2

    Déantar Cinneadh (CBES) 2023/743 a aisghairm.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Deireadh Fómhair 2023.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meán Fómhair 2023.

    Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

    D. PRONK

    An Cathaoirleach


    (1)   IO L 101, 1.4.2020, lch. 4.

    (2)  Cinneadh (CBES) 2023/743 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 4 Aibreán 2023 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais a cheapadh ar oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/1681 (EUNAVFOR MED IRINI/1/2023) (IO L 98, 11.4.2023, lch. 6).


    Top