EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1409

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1409 ón gCoimisiún an 18 Lúnasa 2022 i dtaca leis na rialacha mionsonraithe maidir leis na coinníollacha a bhaineann le hoibriú na seirbhíse gréasáin, agus leis na rialacha cosanta sonraí agus na rialacha slándála is infheidhme maidir leis an tseirbhís gréasáin, mar aon le bearta le haghaidh fhorbairt agus chur chun feidhme teicniúil na seirbhíse gréasáin agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) (2021)1224

C/2022/5850

IO L 216, 19/08/2022, p. 3–19 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1409/oj

19.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 216/3


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1409 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Lúnasa 2022

i dtaca leis na rialacha mionsonraithe maidir leis na coinníollacha a bhaineann le hoibriú na seirbhíse gréasáin, agus leis na rialacha cosanta sonraí agus na rialacha slándála is infheidhme maidir leis an tseirbhís gréasáin, mar aon le bearta le haghaidh fhorbairt agus chur chun feidhme teicniúil na seirbhíse gréasáin agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) (2021)1224

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen agus Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008 agus (AE) Uimh. 1077/2011 (1) a chur chun feidhme, agus go háirithe Airteagal 13(7), Airteagal 13a agus Airteagal 36, an chéad mhír, pointe (h) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) (2)agus maidir le malartú faisnéise idir Ballstáit i ndáil le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe (Rialachán VIS), agus go háirithe Airteagal 45c(3), an ceathrú fomhír, Airteagal 45c(5), an dara mír agus Airteagal 45d(3), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2017/2226, bunaítear an Córas Dul Isteach/Imeachta, chun taifead agus stóráil leictreonach a dhéanamh ar dháta, am, agus áit dul isteach agus imeachta na náisiúnach tríú tír dár tugadh cead isteach le haghaidh gearrfhanacht ar chríoch na mBallstát nó ar diúltaíodh an cead sin dóibh, agus chun fad a bhfanachta údaraithe a ríomh.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 bunaítear an Córas Faisnéise Víosaí chun sonraí a mhalartú idir na Ballstáit maidir le hiarratais ar víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe, agus maidir leis an gcinneadh a rinneadh an víosa a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur léi.

(3)

Is faoi chúram Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (eu-LISA), arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), atá forbairt agus bainistiú oibríochtúil an Chórais Dul Isteach/Imeachta agus bainistiú oibríochtúil an Chórais Faisnéise Víosaí.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) (2021)1224 ón gCoimisiún (4), leagadh síos sonraíochtaí agus coinníollacha maidir le hoibriú na seirbhíse gréasáin dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/2226, lena n-áirítear forálacha sonracha maidir le cosaint sonraí agus slándáil. Áirítear sna sonraíochtaí agus sna coinníollacha sin freisin taistealaithe atá díolmhaithe ón gceanglas víosa de réir bhrí Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ba cheart na sonraíochtaí agus na coinníollacha sin a oiriúnú trí náisiúnaigh tríú tír a chur san áireamh a dteastaíonn víosa ghearrfhanachta, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe uathu de réir bhrí Airteagal 45c de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. Ar mhaithe le soiléireacht, cuirfear Rialachán nua ina ionad sin.

(5)

I gcás náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa ghearrfhanachta ina seilbh acu, ar víosa í a eisíodh le haghaidh dul isteach uair amháin nó faoi dhó, le hAirteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2017/2226, ceanglaítear ar iompróirí an tseirbhís gréasáin a úsáid chun a fhíorú ar úsáid na náisiúnaigh tríú tír sin cheana féin an líon údaraithe babhtaí dul isteach ar an víosa.

(6)

Le hAirteagal 45c(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, ceanglaítear ar aeriompróirí, iompróirí ar muir agus iompróirí idirnáisiúnta a iompraíonn grúpaí thar tír i gcóiste, an geata iompróra a úsáid chun a fhíorú maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir víosa ghearrfhanachta, víosa idirthurais aerfoirt nó a gceanglaítear orthu víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a bheith ina seilbh acu, cibé an bhfuil nó nach bhfuil víosa ghearrfhanachta bhailí, víosa idirthurais aerfoirt, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe ina seilbh acu.

(7)

Chun a chur ar a gcumas d’iompróirí a fhíorú an bhfuil víosa bhailí nó cead cónaithe bailí ag an náisiúnach tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa nó a gceanglaítear air víosa idirthurais aerfoirt, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a bheith ina sheilbh aige, ba cheart rochtain a bheith acu ar an tseirbhís gréasáin. Ba cheart d’iompróirí an tseirbhís gréasáin a rochtain trí bhíthin scéim fíordheimhniúcháin agus ba cheart dóibh a bheith in ann teachtaireachtaí a sheoladh agus a fháil i bhformáid atá le cinneadh ag eu-LISA.

(8)

Ba cheart rialacha teicniúla maidir le formáid na dteachtaireachtaí agus maidir leis an scéim fíordheimhniúcháin a leagan síos chun gur féidir le hiompróirí nascadh leis an tseirbhís gréasáin agus í a úsáid, rud atá le sonrú sna treoirlínte teicniúla ar cuid de na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 37(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 iad agus atá le glacadh ag eu-LISA.

(9)

Ba cheart d’iompróirí a bheith in ann é a chur in iúl má bhíonn paisinéirí ann nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/2226 agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, agus sna cásanna sin, ba cheart don tseirbhís gréasáin freagra uathoibríoch “Ní bhaineann le hábhar” a thabhairt d’iompróirí, gan gá leis an mbunachar sonraí inléite amháin a chuardach ná logáil a dhéanamh.

(10)

Ba cheart don Choimisiún, do eu-LISA agus do na Ballstáit féachaint leis na hiompróirí aitheanta uile a chur ar an eolas faoin mbealach agus faoin am ar féidir leo clárú. Tar éis don iompróir an próiseas clárúcháin a chur i gcrích go rathúil agus, i gcás inarb ábhartha, tar éis dó an tástáil a chur i gcrích go rathúil freisin, ba cheart do eu-LISA an t-iompróir sin a nascadh leis an gcomhéadan iompróra.

(11)

Níor cheart d’iompróirí fíordheimhnithe rochtain ar an tseirbhís gréasáin a thabhairt ach do bhaill foirne chuí-údaraithe amháin.

(12)

Ba cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir leis na rialacha cosanta sonraí agus na rialacha slándála is infheidhme i dtaca leis an scéim fíordheimhniúcháin.

(13)

Chun a áirithiú go mbeidh an t-iarratas fíorúcháin bunaithe ar fhaisnéis atá cothrom le dáta a mhéid is féidir, níor cheart iarratais a chur isteach níos luaithe ná 48 n-uair an chloig roimh an am imeachta sceidealaithe.

(14)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le haeriompróirí, iompróirí ar muir agus iompróirí idirnáisiúnta a iompraíonn grúpaí i gcóistí thar tír, ar iompróirí iad a bhíonn ag teacht isteach ar chríoch na mBallstát. Féadfar seiceálacha teorann maidir le dul isteach ar chríoch na mBallstáit a dhéanamh roimh bhordáil. Sna cásanna sin, ba cheart iompróirí a scaoileadh ón oibleagáid stádas údaraithe taistil na dtaistealaithe a fhíorú.

(15)

Ba cheart rochtain a bheith ag iompróirí ar fhoirm ghréasáin ar shuíomh gréasáin poiblí trínar féidir leo cúnamh a iarraidh. Nuair atá cúnamh á iarraidh acu, ba cheart do na hiompróirí admháil ina bhfuil uimhir ticéid a fháil. Féadfaidh eu-LISA nó Láraonad ETIAS teagmháil a dhéanamh leis na hiompróirí a fuair ticéad trí aon mhodh is gá, lena n-áirítear ar an nguthán, chun freagairt leormhaith a thabhairt dóibh. Is gá rialacha mionsonraithe breise a ghlacadh chun go gcuirfidh Láraonad ETIAS an cúnamh sin ar fáil dá bhforáiltear in Airteagal 13a de Rialachán (AE) 2017/2226.

(16)

Ós rud é go gcuireann Rialachán (AE) 2017/2226 agus Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) le acquis Schengen, thug an Danmhairg fógra i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir le Rialachán (AE) 2021/1134 a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá sí faoi cheangal ag an Rialachán seo.

(17)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu (7). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(18)

A mhéid a bhaineann leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis (8) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A agus B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (9).

(19)

A mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (10) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A agus B de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (11).

(20)

A mhéid a bhaineann le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (12) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A agus B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (13).

(21)

A mhéid a bhaineann leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, i ndáil leis na forálacha faoin ngníomh seo a bhaineann le Rialachán (AE) 2017/2226, cuireadh forálacha acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen i bhfeidhm le Cinneadh (AE) 2018/934 ón gComhairle (14); cuireadh i bhfeidhm forálacha acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí, rud a rinneadh le Cinneadh (AE) 2017/1908 ón gComhairle (15), ó tharla an méid sin amhlaidh, comhlíontar na coinníollacha uile maidir le hoibriú an Chórais Dul Isteach/Imeachta a leagtar amach in Airteagal 66(2)(b) de Rialachán (AE) 2017/2226, agus, dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit sin an Córas Dul Isteach/Imeachta a oibriú ó thús na n-oibríochtaí de réir mar a cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán 2017/2226. Is éard atá sna forálacha faoin ngníomh seo maidir le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005.

(22)

A mhéid a bhaineann leis an gCipir agus leis an gCróit, i ndáil leis na forálacha faoin ngníomh seo a bhaineann le Rialachán (AE) 2017/2226, is éard a cheanglaítear le hoibriú an Chórais Dul Isteach/Imeachta, rochtain éighníomhach ar an gCóras Faisnéise Víosaí a dheonú agus na forálacha uile de acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis na Cinntí ábhartha ón gComhairle. Ní féidir na coinníollacha sin a chomhlíonadh go dtí go ndéanfaí an fíorú go rathúil i gcomhréir leis an nós imeachta meastóireachta Schengen is infheidhme. Dá bhrí sin, na Ballstáit a chomhlíonann na coinníollacha sin ó thús oibríochtaí an Chórais Dul Isteach/Imeachta, is iad na Ballstáit sin amháin ar cheart dóibh an Córas Dul Isteach/Imeachta a oibriú. Maidir leis na Ballstáit nach bhfuil an Córas Dul Isteach/Imeachta i bhfeidhm acu faoi thús na n-oibríochtaí, ba cheart iad a nascadh leis an gCóras Dul Isteach/Imeachta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/2226 a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha sin uile.

(23)

A mhéid a bhaineann leis an gCipir, is éard atá sna forálacha faoin Rialachán seo maidir le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003.

(24)

A mhéid a bhaineann leis an gCróit, is éard atá sna forálacha faoin Rialachán seo maidir le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2011.

(25)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus thug sé tuairim uaidh an 22 Márta 2022.

(26)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Theorainneacha Cliste,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear an méid seo a leanas:

(a)

na rialacha agus na coinníollacha mionsonraithe a bhaineann le hoibriú na seirbhíse gréasáin agus na rialacha cosanta sonraí agus na rialacha slándála is infheidhme maidir leis an tseirbhís gréasáin dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) agus (3) agus Airteagal (36), an chéad mhír, pointe (h), de Rialachán (AE) 2017/2226 agus in Airteagal 45c(3), an ceathrú fomhír de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(b)

scéim fíordheimhniúcháin le haghaidh iompróirí ionas go mbeidh siad in ann a n-oibleagáidí a chomhlíonadh de bhun Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2017/2226 agus Airteagal 45c(5), an dara mír de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus ina theannta sin, rialacha agus coinníollacha mionsonraithe maidir le hiompróirí a chlárú leis an scéim fíordheimhniúcháin;

(c)

sonraí na nósanna imeachta ar gá cloí leo nuair nach mbeidh sé indéanta ag na hiompróirí rochtain a fháil ar an tseirbhís gréasáin ar chúiseanna teicniúla de bhun Airteagal 45d(3) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “comhéadan iompróra” an tseirbhís gréasáin atá le forbairt ag eu-LISA i gcomhréir le hAirteagal 37(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 i gcás ina n-úsáidfear í chun críocha Airteagal 13(3) den Rialachán sin agus an geata iompróra dá dtagraítear in Airteagal 45c (2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus ar comhéadan TF é atá nasctha le bunachar sonraí inléite amháin;

(2)

ciallaíonn “treoirlínte teicniúla” an chuid de na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 37(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 atá ábhartha d’iompróirí maidir le cur chun feidhme na scéime fíordheimhniúcháin agus maidir le formáid na dteachtaireachtaí a fhorbairt le haghaidh an Chomhéadain Feidhmchláir dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (a) den Rialachán seo;

(3)

ciallaíonn “baill foirne chuí-údaraithe” fostaithe de chuid an iompróra nó fostaithe ar conradh ag iompróir nó ag daoine dlítheanacha nó nádúrtha eile atá ag gníomhú faoi threoir nó faoi mhaoirseacht an iompróra sin, ar daoine iad dá sanntar na cúraimí fíorú a dhéanamh maidir le cibé ar úsáideadh nó nár úsáideadh cheana an líon údaraithe babhtaí dul isteach ar an víosa thar ceann an iompróra, i gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2017/2226. agus ó thús oibríochtaí an Chórais Faisnéise Víosaí, a fhíorú maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir víosa ghearrfhanachta, víosa idirthurais aerfoirt nó a gceanglaítear orthu víosa fhadfhanachta nó cead cónaithe a bheith ina seilbh acu, cibé an bhfuil nó nach bhfuil víosa ghearrfhanachta bhailí, víosa idirthurais aerfoirt, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe ina seilbh acu, de réir mar is infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 45c(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

Airteagal 3

Oibleagáidí na n-iompróirí

1.   Ó thús oibríochtaí an Chórais Dul Isteach/Imeachta go dtí tús oibríochtaí an Chórais Faisnéise Víosaí, seolfaidh iompróirí iarratas chun a fhíorú, i gcás víosa dul isteach aonuaire nó víosa dul isteach dúbailte, cibé acu ar úsáideadh nó nár úsáideadh cheana féin an líon údaraithe babhtaí dul isteach ar víosa dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/2226 (“iarratas fíorúcháin”) tríd an gcomhéadan iompróra.

2.   Ó thús oibríochtaí an Chórais Faisnéise Víosaí, seolfaidh iompróirí iarratas tríd an gcomhéadan iompróra chun an méid seo a leanas a fhíorú:

(a)

i gcás víosa ghearrfhanachta, úsáideadh cheana féin an líon údaraithe babhtaí dul isteach ar an víosa nó an bhfuil nó nach bhfuil uasfhad an fhanachta údaraithe bainte amach ag an sealbhóir víosa, dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/2226;

(b)

i gcás víosa fadfhanachta, víosa idirthurais aerfoirt nó cead cónaithe, tá an víosa nó an cead bailí dá dtagraítear in Airteagal 45c(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

3.   Ó thús oibríochtaí an Chórais Faisnéise Víosaí, seolfaidh iompróirí an t-iarratas fíorúcháin le haghaidh na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe i ndáil leis na víosaí fadfhanachta agus na ceadanna cónaithe sin arna n-eisiúint tar éis thús oibríochtaí an Chórais Faisnéise Víosaí. Déanfaidh iompróirí seiceáil de láimh ar víosaí fadfhanachta agus ar cheadanna cónaithe a eisíodh roimh thús oibríochtaí an Chórais Faisnéise Víosaí.

4.   Cuirfear an t-iarratas fíorúcháin isteach 48 n-uair an chloig roimh an am imeachta sceidealaithe ar a luaithe.

5.   Déanfaidh iompróirí a áirithiú nach mbeidh rochtain ar an gcomhéadan iompróra ach ag baill foirne chuí-údaraithe amháin. Cuirfidh na hiompróirí na sásraí seo a leanas ar a laghad i bhfeidhm:

(a)

sásraí fisiceacha agus loighciúla um rialú rochtana chun cosc a chur ar rochtain neamhúdaraithe ar an mbonneagar nó ar na córais a úsáideann na hiompróirí;

(b)

fíordheimhniú;

(c)

logáil isteach chun inrianaitheacht a áirithiú;

(d)

athbhreithniú rialta ar na cearta rochtana.

Airteagal 4

Nascadh agus rochtain ar an gcomhéadan iompróra

1.   Nascfaidh iompróirí leis an gcomhéadan iompróra trí cheann amháin díobh seo a leanas:

(a)

nasc líonra tiomnaithe;

(b)

nasc idirlín.

2.   Déanfaidh iompróirí an comhéadan iompróra a rochtain trí cheann amháin díobh seo a leanas:

(a)

comhéadan córas le córas (Comhéadan Feidhmchláir);

(b)

comhéadan gréasáin (brabhsálaí);

(c)

aip le haghaidh gléasanna móibíleacha.

Airteagal 5

Iarratais

1.   Chun iarratas fíorúcháin a sheoladh, soláthróidh an t-iompróir na sonraí taistealaí seo a leanas:

(a)

sloinne (ainm teaghlaigh); céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste);

(b)

dáta breithe; inscne; náisiúntacht;

(c)

cineál agus uimhir an doiciméid taistil agus cód trí litir na tíre a d’eisigh an doiciméad taistil;

(d)

an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil in éag;

(e)

dáta sceidealaithe an teachta chuig teorainn Ballstáit a bhfuil acquis Schengen i bhfeidhm aige ina iomláine, nó chuig teorainn Ballstáit nach bhfuil acquis Schengen i bhfeidhm aige ina iomláine ach ar Ballstát é a bhfuil an córas Dul Isteach/Imeachta i bhfeidhm aige;

(f)

ceann amháin díobh seo a leanas:

(1)

an Ballstát dul isteach atá sceidealaithe, ar Ballstát é a bhfuil acquis Schengen i bhfeidhm aige ina iomláine;

(2)

aerfort sa Bhallstát dul isteach ar Ballstát é a bhfuil acquis Schengen i bhfeidhm aige ina iomláine, i gcás inar féidir an Ballstát dul isteach atá sceidealaithe a shainaithint;

(3)

an Ballstát dul isteach atá sceidealaithe, ar Ballstát é nach bhfuil acquis Schengen i bhfeidhm aige ina iomláine ach a bhfuil an Córas Dul Isteach/Imeachta i bhfeidhm aige;

(4)

aerfort sa Bhallstát dul isteach ar Ballstát é nach bhfuil acquis Schengen i bhfeidhm aige ina iomláine ach a bhfuil an Córas Dul Isteach/Imeachta i bhfeidhm aige, i gcás inar féidir an Ballstát dul isteach atá sceidealaithe a shainaithint;

(5)

ó thús oibríochtaí an Chórais Faisnéise Víosaí, i gcás idirthuras aerfoirt, Ballstát an idirthurais le haghaidh náisiúnaigh tríú tír a dteastaíonn víosa idirthurais aerfoirt uathu i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón g Comhairle (17), i gcás inarb infheidhme;

(g)

sonraí (dáta áitiúil agus am áitiúil an imeachta sceidealaithe, uimhir aitheantais i gcás ina mbeidh sí ar fáil nó modh eile chun an t-iompar a shainaithint) an mhodh iompair a úsáidfear chun teacht isteach ar chríoch Ballstáit a bhfuil acquis Schengen i bhfeidhm aige ina iomláine nó ar chríoch Ballstáit nach bhfuil acquis Schengen i bhfeidhm aige ina iomláine ach a bhfuil an Córas Dul Isteach/Imeachta i bhfeidhm aige.

Féadfaidh an t-iompróir uimhir na víosa gearrfhanachta, na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe a sholáthar freisin.

2.   Ó thús oibríochtaí an Chórais Dul Isteach/Imeachta, i gcás nach féidir an cúrsa taistil a chur i gcrích le víosa dul isteach aonuaire, cuirfidh an t-iompróir in iúl, agus an t-iarratas fíorúcháin á chur isteach aige, go bhfuil dhá bhabhta dul isteach ar chríoch na mBallstát san áireamh sa chúrsa taistil.

Ó thús oibríochtaí an Chórais Faisnéise Víosaí, i gcás nach féidir an cúrsa taistil a chur i gcrích le víosa dul isteach aonuaire, cuirfidh an t-iompróir in iúl, agus an t-iarratas fíorúcháin á chur isteach aige, go bhfuil dhá bhabhta dul isteach ar chríoch na mBallstát san áireamh sa chúrsa taistil.

3.   Chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (d) a sholáthar, ceadófar d’iompróirí crios meaisín-inléite an doiciméid a scanadh.

4.   Ó thús oibríochtaí an Chórais Dul Isteach/Imeachta, go dtí tús oibríochtaí an Chórais Faisnéise Víosaí, i gcás ina mbeidh an paisinéir díolmhaithe ó raon feidhme Rialachán (AE) 2017/2226 i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán sin nó i gcás ina mbeidh sé ar idirthuras aerfoirt, beidh an t-iompróir in ann an méid sin a shonrú san iarratas fíorúcháin.

Ó thús oibríochtaí an Chórais Faisnéise Víosaí, beidh an t-iompróir in ann na nithe seo a leanas a shonrú san iarratas fíorúcháin:

(a)

tá an paisinéir díolmhaithe ó raon feidhme Rialachán (AE) 2017/2226 i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán sin, ach amháin i gcás sealbhóirí ceada cónaithe de bhun Airteagal 2(3), pointe (c) agus sealbhóirí víosaí fadfhanachta de bhun Airteagal 2(3), pointe (e), nó

(b)

i gcás idirthuras aerfoirt, i gcás nach gceanglaítear ar an bpaisinéir víosa idirthurais aerfoirt a bheith ina sheilbh aige de bhun Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009.

5.   Beidh iompróirí in ann iarratas fíorúcháin a sheoladh maidir le paisinéir amháin nó níos mó. Áireofar sa chomhéadan iompróra an freagra dá dtagraítear in Airteagal 6 maidir le gach paisinéir a áiríodh san iarratas.

Airteagal 6

Freagra

1.   Ó thús oibríochtaí an Chórais Dul Isteach/Imeachta, go dtí tús oibríochtaí an Chórais Faisnéise Víosaí, i gcás ina mbeidh an paisinéir díolmhaithe ó raon feidhme Rialachán (AE) 2017/2226 i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán sin nó i gcás ina mbeidh sé ar idirthuras aerfoirt, nó i gcás ina mbeidh víosa ghearrfhanachta náisiúnta ina sheilbh aige de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe 10 den Rialachán sin, “Ní bhaineann le hábhar” a bheidh sa fhreagra. I ngach cás eile, “CGL” nó “Níl sé CGL” a bheidh sa fhreagra.

2.   Ó thús oibríochtaí an Chórais Faisnéise Víosaí:

(a)

i gcás ina mbeidh an paisinéir díolmhaithe ó raon feidhme Rialachán (AE) 2017/2226 i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán sin, ach amháin i gcás sealbhóirí ceada cónaithe de bhun Airteagal 2(3), pointe (c) agus sealbhóirí víosaí fadfhanachta de bhun Airteagal 2(3), pointe (e) den Rialachán sin, “Ní bhaineann le hábhar” a bheidh sa fhreagra;

(b)

i gcás idirthuras aerfoirt, i gcás nach gceanglaítear ar an bpaisinéir víosa idirthurais aerfoirt a bheith ina sheilbh aige de bhun Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, “Ní bhaineann le hábhar” a bheidh sa fhreagra;

(c)

i ngach cás eile, i gcás inar sealbhóir víosa ghearrfhanachta, víosa fadfhanachta, ceada cónaithe nó víosa idirthurais aerfoirt an paisinéir, “CGL” nó “Níl sé CGL” a bheidh sa fhreagra.

I gcás ina dtabharfar “Níl sé CGL” mar fhreagra ar iarratas fíorúcháin, sonrófar sa chomhéadan iompróra gur ón gCóras Dul Isteach/Imeachta a tháinig an freagra.

3.   Ó thús oibríochtaí an Chórais Dul Isteach/Imeachta go dtí tús oibríochtaí an Chórais Faisnéise Víosaí, cinnfear freagraí ar iarratais fíorúcháin i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a)

i gcás ina mbeidh víosa ghearrfhanachta aonfhoirmeach ina sheilbh ag an taistealaí:

(1)

i gcás nár sroicheadh cheana féin an líon údaraithe babhtaí dul isteach ar an víosa (dul isteach uair amháin nó faoi dhó): CGL;

(2)

i gcás inar sroicheadh cheana féin an líon údaraithe babhtaí dul isteach ar an víosa (dul isteach uair amháin nó faoi dhó): Níl sé CGL;

(3)

i gcás ina mbeidh an víosa imithe in éag, nó ina mbeidh sí cúlghairmthe nó neamhnithe: Níl sé CGL;

(b)

i gcás ina mbeidh an taistealaí faoi réir oibleagáid víosa agus nach mbeidh aon fhaisnéis víosa ar fáil: Níl sé CGL;

(c)

i gcás ina sonróidh an t-iompróir go bhfuil víosa dul isteach dúbailte ag teastáil le haghaidh an turais:

(1)

i gcás ina mbeidh víosa dul isteach dúbailte ina sheilbh ag an taistealaí agus go mbeidh an víosa sin bailí le haghaidh an dáta teachta agus nár úsáideadh aon cheann de na babhtaí dul isteach: CGL;

(2)

i gcás nach bhfuil víosa dul isteach dúbailte ina sheilbh ag an taistealaí: Níl sé CGL;

(3)

i gcás ina mbeidh víosa dul isteach dúbailte ina sheilbh ag an taistealaí ach gur úsáideadh ar a laghad ceann amháin de na babhtaí dul isteach: Níl sé CGL;

(4)

i gcás ina mbeidh víosa dul isteach dúbailte ina sheilbh ag an taistealaí ach nach mbeidh ceann amháin ar laghad de na babhtaí dul isteach bailí le haghaidh an dáta teachta: Níl sé CGL.

4.   Ó thús oibríochtaí an Chórais Faisnéise Víosaí, freagraí ar iarratais fíorúcháin i gcás ina gcuirfidh an t-iompróir Ballstát an idirthurais in iúl i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(f), pointe (5), cinnfear na freagraí sin i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a)

i gcás inar sealbhóir víosa idirthurais aerfoirt é an taistealaí:

(1)

i gcás ina gcomhfhreagróidh an víosa idirthurais aerfoirt do limistéar idirthurais aerfort an Bhallstáit: CGL;

(2)

i gcás ina mbeidh an víosa imithe in éag, nó ina mbeidh sí cúlghairthe nó neamhnithe: Níl sé CGL;

(3)

i gcás inar víosa idirthurais aerfoirt aonair í an víosa agus nár úsáideadh an víosa: CGL;

(4)

i gcás inar víosa idirthurais aerfoirt dúbailte í an víosa agus nár úsáideadh an víosa: CGL; nó

(b)

i gcás inar sealbhóir víosa gearrfhanachta é an taistealaí:

(1)

i gcás nach mbeidh an líon údaraithe babhtaí dul isteach ar an víosa sroichte fós agus ina mbeidh lá amháin ar a laghad den fhanacht údaraithe fágtha: CGL;

(2)

i gcás ina mbeidh an líon údaraithe babhtaí dul isteach ar an víosa sroichte cheana nó ina mbeidh 0 lá den fhanacht údaraithe fágtha; Níl sé CGL;

(3)

i gcás ina mbeidh an víosa imithe in éag, nó ina mbeidh sí cúlghairthe nó neamhnithe: Níl sé CGL; nó

(c)

i gcás inar sealbhóir víosa gearrfhanachta a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aici é an taistealaí:

(1)

i gcás nach mbeidh an líon údaraithe babhtaí dul isteach ar an víosa sroichte fós agus ina mbeidh lá amháin ar a laghad den fhanacht údaraithe fágtha, agus ina mbeidh Ballstát an idirthurais ar cheann de na Ballstáit a bhfuil an víosa ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta bailí ina leith: CGL;

(2)

i gcás nach mbeidh an líon údaraithe babhtaí dul isteach ar an víosa sroichte fós agus ina mbeidh lá amháin ar a laghad den fhanacht údaraithe fágtha, agus nach mbeidh Ballstát an idirthurais ar cheann de na Ballstáit a bhfuil an víosa ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta bailí ina leith: Níl sé CGL;

(3)

I gcás ina mbeidh an líon údaraithe babhtaí dul isteach ar an víosa sroichte cheana agus ina mbeidh 0 lá den fhanacht údaraithe fágtha, agus ina mbeidh Ballstát an idirthurais ar cheann de na Ballstáit a bhfuil an víosa ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta bailí ina leith: Níl sé CGL;

(4)

I gcás ina mbeidh an líon údaraithe babhtaí dul isteach ar an víosa sroichte cheana nó ina mbeidh 0 lá den fhanacht údaraithe fágtha, agus nach mbeidh an Ballstát; ar cheann de na Ballstáit a bhfuil an víosa ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta bailí ina leith: NÍL SÉ CGL;

(5)

I gcás ina mbeidh an víosa imithe in éag, nó ina mbeidh sí cúlghairthe nó a neamhnithe: Níl sé CGL; nó

(d)

i gcás inar sealbhóir víosa fadfhanachta é an taistealaí:

(1)

i gcás ina mbeidh an víosa imithe in éag, nó ina mbeidh sí cúlghairthe nó neamhnithe: Níl sé CGL;

(2)

seachas sin: CGL; nó

(e)

i gcás inar sealbhóir ceada cónaithe é an taistealaí:

(1)

i gcás ina mbeidh an cead cónaithe imithe in éag, nó ina ndearnadh é a chúlghairm nó a neamhniú: Níl sé CGL;

(2)

seachas sin: OK.

5.   Ó thús oibríochtaí an Chórais Faisnéise Víosaí, freagraí ar iarratais fíorúcháin i gcás ina gcuirfidh an t-iompróir an Ballstát cinn scríbe in iúl i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(f), pointe (5)(f)(1)-(4), cinnfear na freagraí sin i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a)

i gcás inar sealbhóir víosa gearrfhanachta é an taistealaí:

(1)

i gcás nach mbeidh an líon údaraithe babhtaí dul isteach ar an víosa sroichte fós agus ina mbeidh lá amháin ar a laghad den fhanacht údaraithe fágtha; CGL;

(2)

i gcás ina mbeidh an líon údaraithe babhtaí dul isteach ar an víosa sroichte cheana nó ina mbeidh 0 lá den fhanacht údaraithe fágtha; Níl sé CGL;

(3)

i gcás ina mbeidh an víosa imithe in éag, nó ina mbeidh sí cúlghairthe nó neamhnithe: Níl sé CGL; nó

(b)

i gcás inar sealbhóir víosa gearrfhanachta a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aici é an taistealaí:

(1)

i gcás nach mbeidh an líon údaraithe babhtaí dul isteach ar an víosa sroichte fós agus ina mbeidh lá amháin ar a laghad den fhanacht údaraithe fágtha, agus ina mbeidh an Ballstát dul isteach ar cheann de na Ballstáit a bhfuil an víosa ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta bailí ina leith: CGL;

(2)

i gcás nach mbeidh an líon údaraithe babhtaí dul isteach ar an víosa sroichte fós agus ina mbeidh lá amháin ar a laghad den fhanacht údaraithe fágtha, agus nach mbeidh an Ballstát dul isteach ar cheann de na Ballstáit a bhfuil an víosa ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta bailí ina leith: Níl sé CGL;

(3)

I gcás ina mbeidh an líon údaraithe babhtaí dul isteach ar an víosa sroichte cheana agus ina mbeidh 0 lá den fhanacht údaraithe fágtha, agus ina mbeidh an Ballstát dul isteach ar cheann de na Ballstáit a bhfuil an víosa ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta bailí ina leith: Níl sé CGL;

(4)

I gcás ina mbeidh an líon údaraithe babhtaí dul isteach ar an víosa sroichte cheana agus ina mbeidh 0 lá den fhanacht údaraithe fágtha, agus nach mbeidh an Ballstát dul isteach ar cheann de na Ballstáit a bhfuil an víosa ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta bailí ina leith: NÍL SÉ CGL;

(5)

i gcás ina mbeidh an víosa imithe in éag, nó ina ndearnadh í a chúlghairm nó a neamhniú: Níl sé CGL;

(c)

i gcás inar sealbhóir víosa fadfhanachta é an taistealaí:

(1)

i gcás ina mbeidh an víosa imithe in éag, nó ina mbeidh sí cúlghairthe nó neamhnithe: Níl sé CGL;

(2)

seachas sin: CGL;

(d)

i gcás inar sealbhóir ceada cónaithe é an taistealaí:

(1)

i gcás ina mbeidh an cead cónaithe imithe in éag, nó ina ndearnadh é a chúlghairm nó a neamhniú: Níl sé CGL;

(2)

seachas sin: CGL;

(e)

i gcás ina mbeidh an taistealaí faoi réir oibleagáid víosa agus nach mbeidh aon fhaisnéis víosa le fáil: Níl sé CGL;

(f)

i gcás ina sonróidh an t-iompróir nach féidir an cúrsa taistil a chur i gcrích le víosa dul isteach aonuaire:

(1)

i gcás ina mbeidh víosa dul isteach dúbailte ina sheilbh ag an taistealaí agus ina mbeidh an víosa sin bailí le haghaidh an dáta teachta agus nach mbeidh aon cheann de na babhtaí dul isteach úsáidte: CGL;

(2)

i gcás nach mbeidh víosa dul isteach aonuaire ina sheilbh ag an taistealaí: Níl sé CGL;

(3)

i gcás ina mbeidh víosa dul isteach dúbailte ina sheilbh ag an taistealaí ach ina mbeidh ceann amháin ar a laghad de na babhtaí dul isteach úsáidte: Níl sé CGL;

(4)

i gcás ina mbeidh víosa dul isteach dúbailte ina sheilbh ag an taistealaí ach nach mbeidh ceann amháin ar laghad de na babhtaí dul isteach bailí le haghaidh an dáta teachta: Níl sé CGL;

(5)

I gcás ina mbeidh víosa dul isteach iolrach ina sheilbh ag an taistealaí: OK.

6.   I gcás ina mbeidh an taistealaí díolmhaithe ón gceanglas víosa nó ina dtiocfaidh an taistealaí faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/1240, beidh feidhm ag na forálacha a shainítear i Rialachán Cur Chun Feidhme C(2022) 4550 (18) ón gCoimisiún.

Airteagal 7

Formáid teachtaireachta

Sna treoirlínte teicniúla, sonróidh eu-LISA formáidí sonraí agus struchtúr na dteachtaireachtaí a úsáidfear chun iarratais fíorúcháin agus freagraí ar na hiarratais sin a tharchur tríd an gcomhéadan iompróra. Déanfaidh eu-LISA foráil maidir le húsáid na bhformáidí sonraí seo a leanas ar a laghad:

(a)

UN/EDIFACT;

(b)

PAXLST/CUSRES;

(c)

XML;

(d)

JSON.

Airteagal 8

Ceanglais asbhainte sonraí maidir leis an gcomhéadan iompróra agus an tseirbhís gréasáin le haghaidh náisiúnaigh tríú tír, agus cáilíocht na sonraí

1.   Sonraí maidir le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta, víosaí idirthurais aerfoirt, ceadanna cónaithe agus údaruithe taistil a eisíodh, a neamhníodh nó a cúlghaireadh, déanfar na sonraí sin a asbhaint go tráthrialta agus go huathoibríoch ón gCóras Faisnéis Víosaí, ón gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil agus ón gCóras Dul Isteach/Imeachta, rud a dhéanfar go laethúil ar a laghad, agus déanfar iad a tharchur chuig an mbunachar sonraí inléite amháin.

2.   Gach asbhaint sonraí a tharchuirfear chuig an mbunachar sonraí inléite amháin de bhun mhír 1, déanfar í a logáil.

3.   Is é eu-LISA a bheidh freagrach as slándáil na seirbhíse gréasáin, as slándáil na sonraí pearsanta atá inti agus as an bpróiseas lena n-asbhaintear na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus lena dtarchuirtear iad chuig an mbunachar sonraí inléite amháin. Díorthófar na mionsonraí teicniúla cur chun feidhme ón bplean slándála tar éis an phróisis measúnaithe riosca.

4.   Ní bheifear in ann sonraí a tharchur ón mbunachar sonraí inléite amháin chuig an gCóras Dul Isteach/Imeachta ná chuig an gCóras Faisnéise Víosaí.

Airteagal 9

An scéim fíordheimhniúcháin

1.   Forbróidh eu-LISA scéim fíordheimhniúcháin, scéim ina gcuirfear san áireamh faisnéis faoi bhainistiú riosca slándála, na prionsabail sonraí a chosaint de réir dearaidh agus sonraí a chosaint de réir réamhshocrú, agus prionsabail rialaithe rochtana, rud lena n-áirítear cuntasacht – is scéim í lena bhfágfar gur féidir tionscnóir an iarratais fíorúcháin a rianú.

2.   Is sna treoirlínte teicniúla a leagfar amach sonraí na scéime fíordheimhniúcháin.

3.   Déanfar an scéim fíordheimhniúcháin a thástáil i gcomhréir le hAirteagal 12.

4.   I gcás ina n-úsáidfidh iompróirí an Comhéadan Feidhmchlár dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (a) chun rochtain a fháil ar an gcomhéadan iompróra, is trí bhíthin fíordheimhniú frithpháirteach a chuirfear an scéim fíordheimhniúcháin chun feidhme.

Airteagal 10

Clárú leis an scéim fíordheimhniúcháin

1.   Na hiompróirí dá dtagraítear in Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2017/2226 agus in Airteagal 45c(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 atá ag oibriú agus a iompraíonn paisinéirí isteach ar chríoch na mBallstát, beidh sé de cheangal orthu clárú roimh ré sula bhfaighidh siad rochtain ar an scéim fíordheimhniúcháin.

2.   Cuirfidh eu-LISA foirm chlárúcháin ar fáil ar shuíomh gréasáin poiblí a bheidh le líonadh isteach ar líne. Ní bheifear in ann an fhoirm chlárúcháin a chur isteach mura mbeidh gach réimse líonta isteach i gceart.

3.   Cuimseoidh an fhoirm chlárúcháin réimsí ina n-éileofar ar iompróirí an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar:

(a)

ainm dlíthiúil an iompróra mar aon lena shonraí teagmhála (seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin agus seoladh poist);

(b)

sonraí teagmhála ionadaí dlíthiúil na cuideachta atá ag iarraidh clárú agus sonraí teagmhála cúltaca (ainmneacha, uimhreacha teileafóin, seoltaí ríomhphoist agus seoltaí poist) mar aon le seoladh ríomhphoist feidhmiúil agus modhanna teagmhála eile a bheartaíonn an t-iompróir a úsáid chun críocha Airteagail 13 agus 14;

(c)

an Ballstát nó an tríú tír a d’eisigh an clárú cuideachta oifigiúil dá dtagraítear i mír 6 agus aon uimhir chlárúcháin atá le fáil;

(d)

na Ballstáit ina n-oibríonn an t-iompróir nó ina bhfuil sé beartaithe aige oibriú le linn na bliana atá romhainn, i gcás ina gcuirfidh an t-iompróir i gceangal, i gcomhréir le mír 6, clárú cuideachta oifigiúil arna eisiúint ag tríú tír.

4.   Leis an bhfoirm chlárúcháin, cuirfear na hiompróirí ar an eolas faoi na híoscheanglais slándála. Áiritheoidh na hiompróirí go gcomhlíonfar na cuspóirí seo a leanas:

(a)

rioscaí slándála a bhaineann le nascadh leis an gcomhéadan iompróra a shainaithint agus a bhainistiú;

(b)

na timpeallachtaí agus na gléasanna atá nasctha leis an gcomhéadan iompróra a chosaint;

(c)

teagmhais chibearshlándála a bhrath, anailís a dhéanamh orthu, dul i ngleic leo agus téarnamh uathu.

5.   Beidh sé de cheangal ar na hiompróirí an méid seo a leanas a dhearbhú san fhoirm chlárúcháin:

(a)

go bhfuil siad ag oibriú agus go n-iompraíonn siad paisinéirí isteach ar chríoch na mBallstát nó go bhfuil sé beartaithe acu déanamh amhlaidh laistigh de na 6 mhí atá romhainn;

(b)

go ndéanfaidh siad an comhéadan iompróra a rochtain agus go mbainfidh siad úsáid as i gcomhréir leis na híoscheanglais slándála a leagtar amach san fhoirm chlárúcháin, i gcomhréir le mír 4;

(c)

nach mbeidh rochtain ar an gcomhéadan iompróra ach ag baill foirne chuí-údaraithe amháin.

6.   Éileoidh an fhoirm chlárúcháin ar iompróirí cóip leictreonach dá n-ionstraimí bunreachta a chur i gceangal, lena n-áirítear reachtanna i gcás inarb infheidhme, mar aon le cóip leictreonach de shliocht as a gclárú cuideachta oifigiúil ó Bhallstát amháin ar a laghad, i gcás inarb infheidhme, sin nó ó thríú tír, sliocht a bheidh i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais nó in Íoslainnis nó Ioruais, nó a bheidh aistrithe go hoifigiúil go dtí ceann de na teangacha sin. Cóip leictreonach d’údarú le hoibriú i mBallstát amháin nó níos mó, amhail Deimhniú Aeroibreora, is féidir sin a chur isteach in ionad an chláraithe cuideachta oifigiúil.

7.   Leis an bhfoirm chlárúcháin, tabharfar fógra do na hiompróirí faoin méid seo a leanas:

(a)

tá sé de cheangal orthu eu-LISA a chur ar an eolas, trí shonraí teagmhála sonraithe de chuid eu-LISA atá le húsáid chun na críche sin, i dtaobh aon athrú maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 3, 4 nó 5 den Airteagal seo, nó sa chás go dtarlódh athruithe teicniúla a dhéanfadh difear dá nasc “córas le córas” leis an gcomhéadan iompróra, athruithe a d’fhéadfadh a fhágáil gur ghá tástáil bhreise a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 12;

(b)

díchlárófar go huathoibríoch ón scéim fíordheimhniúcháin iad má léiríonn na logaí nár bhain an t-iompróir úsáid as an gcomhéadan iompróra le linn tréimhse bliana amháin;

(c)

féadfar iad a dhíchlárú ón scéim fíordheimhniúcháin i gcás sárú ar fhorálacha an Rialacháin seo, ar na ceanglais slándála dá dtagraítear i mír 4 nó ar na treoirlínte teicniúla, lena n-áirítear i gcás mí-úsáid a bheith bainte as an gcomhéadan iompróra;

(d)

tá sé d’oibleagáid orthu eu-LISA a chur ar an eolas faoi aon sárú i ndáil le sonraí pearsanta a d’fhéadfadh tarlú, agus athbhreithniú rialta a dhéanamh ar chearta rochtana a mball foirne tiomnaithe.

8.   I gcás ina mbeidh an fhoirm chlárúcháin curtha isteach i gceart, cláróidh eu-LISA an t-iompróir agus tabharfaidh sé fógra don iompróir go bhfuil sé cláraithe. I gcás nach mbeidh an fhoirm chlárúcháin curtha isteach i gceart, diúltóidh eu-LISA an clárú agus tabharfaidh sé fógra don iompróir faoi na cúiseanna atá leis sin.

Coinneoidh eu-LISA clár cothrom le dáta de na hiompróirí cláraithe. Sonraí pearsanta atá i gclár na n-iompróirí, déanfar iad a scriosadh bliain amháin ar a dhéanaí tar éis dhíchlárú an iompróra.

Airteagal 11

Díchlárú ón scéim fíordheimhniúcháin

1.   I gcás ina gcuirfidh iompróir in iúl do eu-LISA nach bhfuil sé ag oibriú a thuilleadh nó nach n-iompraíonn sé paisinéirí isteach ar chríoch na mBallstát a thuilleadh, déanfaidh eu-LISA an t-iompróir a dhíchlárú.

2.   I gcás ina léireoidh na logaí nár úsáid an t-iompróir an comhéadan iompróra le linn tréimhse bliana amháin, déanfar é a dhíchlárú go huathoibríoch.

3.   I gcás nach mbeidh na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 10(5) á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an iompróir nó ina mbeidh forálacha an Rialacháin seo, na ceanglais slándála dá dtagraítear in Airteagal 10(4) nó na treoirlínte teicniúla sáraithe aige ar bhealach eile, lena n-áirítear i gcás mhí-úsáid an chomhéadain iompróra, féadfaidh eu-LISA an t-iompróir a dhíchlárú.

4.   Cuirfidh eu-LISA in iúl don iompróir go bhfuil sé beartaithe aige an t-iompróir a dhíchlárú de bhun mhíreanna 1, 2 nó 3, in éineacht leis an gcúis leis an díchlárú, aon mhí amháin roimh an díchlárú. Roimh an díchlárú, tabharfaidh eu-LISA deis don iompróir barúlacha i scríbhinn a chur isteach.

5.   I gcás ábhair imní phráinneacha maidir le TF, lena n-áirítear i gcás nach mbeidh na ceanglais slándála dá dtagraítear in Airteagal 10(4) ná na treoirlínte teicniúla á gcomhlíonadh ag an iompróir, féadfaidh eu-LISA iompróir a dhínascadh láithreach. Cuirfidh eu-LISA an dínascadh in iúl don iompróir, in éineacht leis an gcúis atá leis an dínascadh.

6.   A mhéid is iomchuí, iompróirí a fuair fógra faoi dhíchlárú nó dínascadh, cuideoidh eu-LISA leo na heasnaimh ba chúis leis an bhfógra a leigheas agus, más féidir, ar feadh tréimhse theoranta agus faoi choinníollacha dochta, tabharfaidh sé an deis d’iompróirí dínasctha iarratais fíorúcháin a sheoladh ar bhealaí eile seachas na bealaí dá dtagraítear in Airteagal 4.

7.   Féadfar iompróirí dínasctha a nascadh arís leis an gcomhéadan iompróra nuair a éireoidh leo deireadh a chur leis na hábhair imní slándála ba chúis leis an dínascadh. Féadfaidh iompróirí díchláraithe iarratas nua ar chlárú a chur isteach.

8.   Tráth ar bith tar éis iompróirí a chlárú de bhun Airteagal 10, agus go háirithe i gcás ina mbeidh amhras réasúnaithe ann go bhfuil iompróir amháin nó níos mó ag baint mí-úsáid as an gcomhéadan iompróra nó nach bhfuil siad ag comhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 10(4), féadfaidh eu-LISA fiosrúcháin ina leith sin a dhéanamh leis na Ballstáit nó le tríú tíortha.

9.   I gcás nach mbeidh an fhoirm chlárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2) le fáil ar feadh tréimhse fhada, áiritheoidh eu-LISA go bhféadfar clárú ar bhealaí eile i gcomhréir leis an Airteagal sin.

Airteagal 12

Forbairt, tástáil agus nascadh an chomhéadain iompróra

1.   Cuirfidh eu-LISA na treoirlínte teicniúla ar fáil do na hiompróirí chun gur féidir leo an comhéadan iompróra a fhorbairt agus a thástáil.

2.   I gcás ina roghnóidh iompróirí nascadh tríd an gComhéadan Feidhmchláir dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (a), déanfar cur chun feidhme na formáide teachtaireachta dá dtagraítear in Airteagal 7 agus na scéime fíordheimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9 a thástáil.

3.   I gcás ina roghnóidh iompróirí nascadh tríd an gcomhéadan gréasáin (brabhsálaí) nó tríd an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointí (b) agus (c) faoi seach, tabharfaidh siad fógra do eu-LISA gur éirigh leo a nasc leis an gcomhéadan iompróra a thástáil agus gur éirigh leo oiliúint a chur ar a mbaill foirne chuí-údaraithe maidir le húsáid an chomhéadain iompróra.

4.   Chun críoch mhír 2, forbróidh eu-LISA plean tástála, timpeallacht tástála agus ionsamhlóir agus cuirfidh sé ar fáil iad chun gur féidir le eu-LISA agus na hiompróirí nasc na n-iompróirí leis an gcomhéadan iompróra a thástáil. Chun críoch mhír 3, déanfaidh eu-LISA timpeallacht tástála a fhorbairt agus a chur ar fáil chun gur féidir le hiompróirí oiliúint a chur ar a mbaill foirne.

5.   Tar éis don iompróir an próiseas clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10 a chur i gcrích go rathúil, agus tar éis dó an tástáil dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh go rathúil, sin nó an admháil dá dtagraítear i mír 3 a fháil, déanfaidh eu-LISA an t-iompróir sin a nascadh leis an gcomhéadan iompróra.

Airteagal 13

Dodhéantacht theicniúil

1.   I gcás inar dodhéanta ar chúiseanna teicniúla iarratas fíorúcháin a sheoladh, toisc gur chlis comhpháirt den Chóras Dul Isteach/Imeachta nó comhpháirt den Chóras Faisnéise Víosaí, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

i gcás ina mbraithfidh an t-iompróir an cliseadh, a luaithe agus a bheidh sé ar an eolas faoi, tabharfaidh sé fógra do Láraonad ETIAS trí na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 14;

(b)

i gcás ina mbraithfidh nó ina ndeimhneoidh eu-LISA an cliseadh, cuirfidh Láraonad ETIAS an cliseadh sin in iúl do na hiompróirí agus do na Ballstáit trí ríomhphost nó trí mhodhanna cumarsáide eile, a luaithe a bheidh sé ar an eolas faoi, agus cuirfidh sé in iúl dóibh freisin go bhfuil deireadh tagtha leis an gcliseadh ach a mbeidh leigheas faighte air.

2.   I gcás inar dodhéanta iarratas fíorúcháin a sheoladh, ar chúiseanna teicniúla nach mbaineann le cliseadh comhpháirte den Chóras Dul Isteach/Imeachta nó den Chóras Faisnéise Víosa, tabharfaidh an t-iompróir fógra do Láraonad ETIAS trí na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 14.

3.   Cuirfidh an t-iompróir Láraonad ETIAS ar an eolas, trí na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 14, a luaithe a réiteofar an fhadhb.

Cuirfidh Láraonad ETIAS na Ballstáit ar an eolas nach féidir leis an iompróir sin an t-iarratas fíorúcháin a sheoladh.

4.   Chun críoch an Airteagail seo agus Airteagal 14, cuirfidh eu-LISA uirlis ticéadaithe ar fáil do Láraonad ETIAS. Leis an uirlis sin, tabharfar rochtain ar chlár na n-iompróirí.

5.   Cuirfidh Láraonad ETIAS in iúl go bhfuarthas na fógraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Airteagal 14

Cúnamh do na hiompróirí

1.   Mar chuid den uirlis ticéadaithe, cuirfear foirm ghréasáin ar fáil do na hiompróirí ar shuíomh gréasáin poiblí ionas gur féidir leis na hiompróirí cúnamh a iarraidh.

Cuirfidh an fhoirm ghréasáin ar chumas na n-iompróirí an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a sholáthar:

(a)

sonraí aitheantais an iompróra;

(b)

achoimre ar an iarratas;

(c)

más iarratas de chineál teicniúil é agus, más ea, an dáta agus an t-am a thosaigh an fhadhb theicniúil.

2.   Tabharfaidh Láraonad ETIAS admháil do na hiompróirí lena chur in iúl go bhfuarthas an t-iarratas. Beidh uimhir thicéid ag gabháil leis an admháil sin.

3.   I gcás ina mbeidh iarratas de chineál teicniúil i gceist, cuirfidh Láraonad ETIAS an t-iarratas chuig eu-LISA. Is é eu-LISA a bheidh freagrach as cúnamh teicniúil a thabhairt do na hiompróirí.

4.   I gcás nach iarratas de chineál teicniúil atá i gceist, cuideoidh Láraonad ETIAS leis na hiompróirí trína dtreorú chuig faisnéis ábhartha.

5.   I gcás inar dodhéanta ar chúiseanna teicniúla cúnamh a iarraidh i gcomhréir le mír 1 tríd an bhfoirm ghréasáin, beidh an t-iompróir in ann líne theileafóin éigeandála atá nasctha le Láraonad ETIAS nó le eu-LISA a úsáid.

6.   An cúnamh a thabharfaidh Láraonad ETIAS agus eu-LISA, beidh sé le fáil de ló agus d’oíche, seacht lá na seachtaine, agus is i mBéarla a thabharfar é.

7.   Cuirfidh Láraonad ETIAS liosta ceisteanna coitianta agus freagraí atá ábhartha d’iompróirí ar fáil ar líne. Beidh an liosta sin le fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais. Ní cuid den liosta ceisteanna agus freagraí atá ábhartha do thaistealaithe a bheidh ann, ach liosta ar leith.

Airteagal 15

Rochtain ar an tseirbhís gréasáin ag náisiúnaigh tríú tír

1.   Nuair a bheidh náisiúnaigh tríú tír ag fíorú na laethanta atá fágtha den fhanacht údaraithe tríd an tseirbhís gréasáin a rochtain trí nasc idirlín slán, cuirfidh siad an Ballstát cinn scríbe in iúl.

2.   Cuirfidh an náisiúnach tríú tír na sonraí seo a leanas isteach sa tseirbhís gréasáin:

(a)

cineál agus uimhir an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil agus cód trí litir na tíre a d’eisigh an doiciméad taistil nó na doiciméid taistil;

(b)

go roghnach, an dáta dul isteach atá beartaithe nó an dáta imeachta atá beartaithe nó an dá dháta sin, iad socraithe de réir Am Lár na hEorpa mar réamhshocrú, agus inchurtha in eagar ag an úsáideoir;

(c)

an Ballstát cinn scríbe.

3.   Tabharfaidh an tseirbhís gréasáin ceann amháin de na freagraí seo a leanas:

(a)

“CGL” agus an líon laethanta atá fágtha den fhanacht údaraithe;

(b)

“NÍL SÉ CGL” agus 0 lá fágtha den fhanacht údaraithe;

(c)

“Níl an fhaisnéis le fáil”.

4.   I gcás ina dtabharfar an líon laethanta atá fágtha den fhanacht údaraithe, léireoidh an tseirbhís gréasáin gur ar bhonn an dáta imeachta beartaithe arna sholáthar ag an náisiúnach tríú tír a ríomhadh an líon laethanta, agus go bhféadfadh líon iarbhír na laethanta atá fágtha a bheith éagsúil i bhfianaise an dáta dul isteach iarbhír.

5.   I gcás nach mbeidh aon dáta dul isteach beartaithe luaite ag an náisiúnach tríú tír, is ar bhonn dháta féilire an chuardaigh a ríomhfar an fanacht údaraithe atá fágtha. Sa chás sin, léireoidh an tseirbhís gréasáin gur ar bhonn dháta féilire an chuardaigh a ríomhadh an líon laethanta atá fágtha den fhanacht údaraithe.

6.   Le linn na hidirthréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2017/2226, i gcás nach ann d’aon sonraí maidir leis an náisiúnach tríú tír sa Chóras Dul Isteach/Imeachta, is i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas a chinnfear na freagraí ar na hiarratais fíorúcháin:

(a)

Fanacht údaraithe: CGL;

(b)

Laethanta fágtha: níl an fhaisnéis le fáil, agus nóta san áireamh ina sonrófar nár cuireadh san áireamh na fanachtaí a tharla roimh thús oibríochtaí an Chórais Dul Isteach/Imeachta.

7.   Tar éis na hidirthréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2017/2226, is i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas a chinnfear na freagraí ar na hiarratais fíorúcháin:

(a)

i gcás inar leor na laethanta atá fágtha den fhanacht údaraithe ag an náisiúnach tríú tír, is éard a bheidh sa fhreagra:

(i)

Fanacht údaraithe: CGL;

(ii)

Laethanta fágtha: laethanta den fhanacht údaraithe atá fágtha, arna ríomh ag an gCóras Dul Isteach/Imeachta;

(b)

i gcás ina mbeidh cuid den fhanacht údaraithe curtha isteach ag an náisiúnach tríú tír agus ina mbeidh sé beartaithe aige fanacht níos faide ná an fanacht údaraithe, is éard a bheidh sa fhreagra:

(i)

Fanacht údaraithe: NÍL SÉ CGL;

(ii)

Laethanta fágtha: 0;

(c)

i gcás ina mbeidh na laethanta uile den fhanacht údaraithe curtha isteach ag an náisiúnach tríú tír, is éard a bheidh sa fhreagra:

(i)

Fanacht údaraithe: NÍL SÉ CGL;

(ii)

Laethanta fágtha: 0;

(d)

i gcás ina mbeidh an náisiúnach tríú tír faoi réir oibleagáid víosa agus ina mbeidh sé gan víosa bhailí, sin nó ina mbeidh an víosa atá aige imithe in éag, cúlghairthe, nó neamhnithe, nó ina mbeidh víosa ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige agus gan í ag freagairt don Bhallstát cinn scríbe a sonraíodh, is éard a bheidh sa fhreagra:

(i)

Fanacht údaraithe: NÍL SÉ CGL;

(ii)

Laethanta fágtha: 0;

(e)

i gcás nach mbeidh an náisiúnach tríú tír faoi réir oibleagáid víosa agus ina mbeidh sé gan údarú taistil bailí, sin nó ina mbeidh an t-údarú taistil atá aige imithe in éag, cúlghairthe, nó neamhnithe, is éard a bheidh sa fhreagra:

(i)

Fanacht údaraithe: NÍL SÉ CGL;

(ii)

Laethanta fágtha: 0;

(f)

i gcás nach mbeidh aon iontráil sa Chóras Dul Isteach/Imeachta maidir le náisiúnach tríú tír ar sealbhóir víosa gearrfhanachta atá ann, cuirfear uasteorainn leis an líon laethanta atá fágtha de réir dháta dul in éag na víosa gearrfhanachta. I gcás náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa, tar éis theacht i bhfeidhm an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil, cuirfear uasteorainn leis an líon laethanta atá fágtha de réir dháta dul in éag an údaraithe taistil, agus an idirthréimhse agus an tréimhse chairde dá dtagraítear in Airteagal 83 de Rialachán (AE) 2018/1240 á gcur san áireamh.

8.   Is mar seo a leanas a chuirfear faisnéis bhreise ar fáil don náisiúnach tríú tír ar an tseirbhís gréasáin:

(a)

in áit fheiceálach: na Ballstáit arb infheidhme ríomh an fhanachta ina leith;

(b)

gar don réimse ina n-iontrálfar uimhir an doiciméid taistil: an doiciméad taistil a úsáidfear chun críocha na seirbhíse gréasáin, is gá gur ceann de na doiciméid taistil a úsáideadh le haghaidh fanachtaí roimhe sin a bheidh ann;

(c)

liosta na mBallstát;

(d)

gach cúis a d’fhéadfadh a bheith leis an bhfreagra seo a fháil: “Níl an fhaisnéis le fáil”;

(e)

séanadh ginearálta ina sonrófar go soiléir nach féidir a mheas gurb éard atá sa fhreagra “CGL/NÍL SÉ GCL” cinneadh dul isteach i limistéar Schengen a dheonú nó a dhiúltú;

(f)

an córas is infheidhme maidir le náisiúnaigh tríú tír ar baill teaghlaigh iad le saoránach den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE (19) ina leith, nó ar baill teaghlaigh iad le náisiúnach tríú tír ag a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas, faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar an taobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile, agus nach bhfuil cárta cónaithe de bhun Threoir 2004/38/CE nó cead cónaithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle ina seilbh acu (20).

Airteagal 16

Coimeád logaí maidir le hoibríochtaí próiseála sonraí

Chun críocha Airteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2017/2226 agus Airteagal 45c(8) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, beidh rochtain ag Aonad Náisiúnta ETIAS ar na logaí riachtanacha um réiteach díospóidí a choimeádann eu-LISA.

Airteagal 17

Aisghairm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1224

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1224.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, cé is moite de na forálacha seo a leanas a mbeidh feidhm acu ó dháta tosaigh oibríochtaí VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/:

(a)

Airteagal 1 a mhéid a bhaineann sé le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(b)

Airteagal 2 a mhéid a bhaineann sé le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(c)

Airteagal 3(2), (3);

(d)

Airteagal 5(1)(f)(5);

(e)

Airteagal 5(1) an dara fomhír; (2) an dara fomhír; (4) an dara fomhír;

(f)

Airteagal 6(2), (4), (5);

(g)

Airteagal 8(1), (4) a mhéid a bhaineann sé le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(h)

Airteagal 10(1) a mhéid a bhaineann sé le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(i)

Airteagal 13(1) a mhéid a bhaineann sé le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(j)

Airteagal 16 a mhéid a bhaineann sé le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit uile i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 327, 9.12.2017, lch. 20.

(2)  IO L 218, 13.8.2008, lch. 60.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 286, 1.11.2011, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1224 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2021 i dtaca leis na rialacha mionsonraithe maidir leis na coinníollacha a bhaineann le hoibriú na seirbhíse gréasáin, agus leis na rialacha cosanta sonraí agus na rialacha slándála is infheidhme maidir leis an tseirbhís gréasáin, mar aon le bearta le haghaidh fhorbairt agus chur chun feidhme teicniúil na seirbhíse gréasáin dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2019)1230 ón gCoimisiún (IO L 269, 28.7.2021, lch. 46).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lch. 11).

(7)  Ní thagann an Rialachán seo faoi raon feidhme na mbeart dá bhforáiltear i gCinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(8)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(9)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(10)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(11)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).

(12)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(13)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(14)  Cinneadh 2018/934/AE ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha de acquis Schengen atá fágtha, ar forálacha iad a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 165, 2.7.2018, lch. 37).

(15)  Cinneadh 2017/1908/AE ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 maidir le cur i bhfeidhm forálacha áirithe de acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 269, 19.10.2017, lch. 39).

(16)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán(CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(17)  Rialachán (CE) 2018/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).

(18)  Rialachán Cur Chun Feidhme C(2022) 4550 ón gCoimisiún lena leagtar síos na rialacha agus na coinníollacha maidir le hiarratais fíorúcháin ó iompróirí, forálacha i ndáil le cosaint sonraí agus slándáil le haghaidh scéim fíordheimhniúcháin na n-iompróirí, mar aon le nósanna imeachta cúltaca i gcás dodhéantacht theicniúil.

(19)  (IO L 158, 30.4.2003, lch. 77).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír (IO L 157 15.6.2002, lch. 1).


Top