Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0817

    Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    PE/32/2021/INIT

    IO L 189, 28/05/2021, p. 1–33 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/817/oj

    28.5.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 189/1


    RIALACHÁN (AE) 2021/817 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 20 Bealtaine 2021

    lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 165(4) agus Airteagal 166(4) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is den tábhacht é go n-infheisteofaí i soghluaisteacht foghlama do chách, gan beann ar chúlra ná ar acmhainn, agus i gcomhar agus i bhforbairtí nuálacha beartais i réimsí an oideachais agus na hoiliúna, na hóige agus an spóirt, má táthar chun sochaithe cuimsitheacha comhtháite athléimneacha a fhorbairt agus iomaíochas an Aontais a bhuanú, agus rud ar thábhachtaí ná riamh é anois i gcomhthéacs na n-athruithe tapa doimhne arna dtiomáint ag an réabhlóid theicneolaíoch agus an domhandú. Ina theannta sin, rannchuidíonn infheistíocht den sórt sin freisin le féiniúlacht Eorpach agus luachanna Eorpacha a neartú agus Aontas níos daonlathaí a bhaint amach don Aontas.

    (2)

    Ina theachtaireacht an 14 Samhain 2017 dar teideal “an Fhéiniúlacht Eorpach a Neartú trí Oideachas agus Cultúr”, chuir an Coimisiún a fhís i láthair arb í go n-oibreofaí chun Limistéar Oideachais Eorpach a bhunú faoi 2025, ina mbeadh an fhoghlaim saor ó bhac teorainneacha. Leagadh amach sa teachtaireacht sin fís d’Aontas ina mbeadh sé ina ghnáthnós seal a chaitheamh i mBallstát eile, chun críocha staidéir, foghlama agus oibre, agus inarb é an norm dhá theanga eile a labhairt anuas ar an teanga dhúchais agus ina mbeadh braistint láidir ag daoine ar a bhféiniúlacht féin mar Eorpaigh, agus ar oidhreacht chultúrtha na hEorpa agus an éagsúlacht a bhaineann léi. Sa chomhthéacs sin, chuir an Coimisiún béim ar a riachtanaí a bhí sé Clár Erasmus+, a bhfuil seantaithí againn air, a neartú do gach catagóir foghlaimeoirí atá cuimsithe leis cheana agus é mar aidhm leis lámh a shíneadh chuig foghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu.

    (3)

    Léirítear tábhacht an oideachais, na hoiliúna agus na hóige do thodhchaí an Aontais i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2018 dar teideal “Creat Airgeadais Ilbhliantúil nua-aimseartha nua d’Aontas Eorpach lena mbaintear amach a thosaíochtaí don tréimhse iar-2020 go héifeachtúil”. Leagadh béim sa teachtaireacht sin ar an ngá na gealltanais a rinne na Ballstáit ag an gCruinniú Mullaigh Sóisialta do Phoist Chóra agus d’Fhás a tionóladh in Göteborg an 17 Samhain 2017 a chur i gcrích, lena n-áirítear trí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta arna fhógairt go sollúnta agus arna shíniú ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún an 17 Samhain 2017 (4) a chur chun feidhme go hiomlán i dteannta le Prionsabal 1 de, a bhaineann le hoideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil. Leag an teachtaireacht sin béim ar a riachtanaí atá sé cur le soghluaisteacht agus le malartuithe, lena n-áirítear trí Chlár Erasmus+ cuimsitheach sínte mórneartaithe, mar a d’iarr an Chomhairle Eorpach ina conclúidí an 14 Nollaig 2017.

    (4)

    Foráiltear i bPrionsabal 1 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil an ceart ag cách ar oideachas, ar oiliúint agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil atá ar ardcháilíocht agus cuimsitheach d’fhonn scileanna a chothabháil agus a fháil ionas gur féidir leo a bheith lán-rannpháirteach sa tsochaí agus aistrithe sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil. Léirítear freisin i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta a thábhachtaí atá an t-oideachas agus an cúram luath-óige ar ardchaighdeán agus a thábhachtaí atá sé comhdheiseanna a áirithiú do chách.

    (5)

    I nDearbhú na Bratasláive, a síníodh an 16 Meán Fómhair 2016, leag ceannairí 27 mBallstát béim ar a dtiomantas deiseanna níos fearr a chur ar fáil don óige. I nDearbhú na Róimhe, a síníodh an 25 Márta 2017, gheall ceannairí 27 mBallstát agus ceannairí na Comhairle Eorpaí, Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin go n-oibreoidís i dtreo Aontais ina gcuirfí scoth an oideachais agus na hoiliúna ar dhaoine óga agus ina bhféadfaidís staidéar a dhéanamh agus poist a aimsiú ó cheann ceann na mór-roinne agus a chaomhnóidh ár n-oidhreacht chultúrtha agus a chuirfidh an éagsúlacht chultúrtha chun cinn.

    (6)

    Dearbhaíodh sa tuarascáil ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2018 maidir leis an mheastóireacht meántéarma ar chlár Erasmus+ (2014-2020) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (“Clár 2014-2020”) go raibh simpliú, cuíchóiriú agus sineirgí nach beag i dtaca le bainistiú an Chláir sin tagtha mar thoradh ar chlár aonair um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt a bheith cruthaithe ach tháinig sí ar an tátal gur gá tuilleadh feabhsúchán chun gnóthachain éifeachtúlachta Chlár 2014-2020 a chomhdhlúthú a thuilleadh. Sna comhairliúcháin don mheastóireacht mheántéarma sin agus don chlár a bheidh ann amach anseo, ba go tréan a d’iarr na Ballstáit agus na geallsealbhóirí go mbeadh leanúnachas i raon feidhme, ailtireacht agus sásraí seachadta Chlár Erasmus+, agus d’iarr siad roinnt feabhsúchán freisin, amhail cuimsitheacht Chlár Erasmus+ a mhéadú agus é a shimpliú agus a dhéanamh níos inbhainistithe do thairbhithe. Léirigh na Ballstáit agus geallsealbhóirí lántacaíocht freisin le haghaidh Chlár Erasmus+ a choimeád comhtháite agus paraidím na foghlama ar feadh an tsaoil mar bhonn taca leis. Ina rún an 2 Feabhra 2017 maidir le cur chun feidhme Erasmus+ (6), dhearbhaigh Parlaimint na hEorpa gur dhíol sásaimh di struchtúr comhtháite Chlár 2014-2020 agus d’iarr sí ar an gCoimisiún gné na foghlama ar feadh an tsaoil an chláir sin a shaothrú go hiomlán trí chomhar trasearnálach a chothú agus a spreagadh i gClár Erasmus+. Leag na Ballstáit agus na geallsealbhóirí béim freisin ar an ngá atá le gné idirnáisiúnta Chlár Erasmus+ a neartú a thuilleadh.

    (7)

    Dearbhaíodh príomhthorthaí na tuarascála ar an meastóireacht mheántéarma ar Chlár 2014-2020 de bhun chomhairliúchán poiblí oscailte 2018 faoi mhaoiniú ón Aontas sna réimsí maidir le luachanna agus soghluaisteacht agus cuireadh béim ar an ngá go mbeadh an Clár a bheidh ann amach anseo níos cuimsithí, go leanfaí de thús áite a thabhairt go nuachóiriú na gcóras oideachais agus oiliúna agus go neartófaí maidir le féiniúlacht Eorpach, saoránacht ghníomhach agus rannpháirtíocht sa saol daonlathach a chothú.

    (8)

    Ina theachtaireacht an 2 Bealtaine 2018 dar teideal “Buiséad Nua-aimseartha le haghaidh Aontas a Chumhdaíonn, a Chumhachtaíonn agus a Chosnaíonn – an Creat Airgeadais Ilbhliantúil don tréimhse 2021-2027”, d’iarr an Coimisiún go ndéanfaí infheistíocht mhéadaithe i ndaoine agus go gcuirfí fócas níos láidre ar “an óige” sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile. Sa teachtaireacht sin d’aithin an Coimisiún go bhfuil Clár Erasmus+ ar cheann de na scéalta ratha is infheicthe de chuid an Aontais. Ina theachtaireacht an 27 Bealtaine 2020 dar teideal “The EU budget powering the recovery plan for Europe” [Buiséad an Aontais Eorpaigh: ag cumhachtú an phlean téarnaimh don Eoraip], d’aithin an Coimisiún an ról atá ag Clár Erasmus+ chun an tAontas a dhéanamh níos athléimní agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shocheacnamaíocha. Dhearbhaigh sé freisin a thiomantas do Chlár Erasmus+ neartaithe. Leis sin, ba cheart go mbeadh níos mó daoine in ann bogadh chuig tír eile chun foghlaim nó obair a dhéanamh agus ligfeadh sé don Chlár díriú ar an gcuimsitheacht agus tadhall níos mó daoibh siúd is lú deis.

    (9)

    Sa chomhthéacs seo, tá sé riachtanach “Erasmus+” clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt (an “Clár”) a bhunú a thiocfaidh i gcomharbas ar Chlár 2014-2020. Ba cheart cineál comhtháite Chlár 2014-2020 lena gclúdaítear foghlaim i ngach comhthéacs, más foirmiúil, seachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil í, agus ag gach céim den saol a athneartú chun rianta foghlama solúbtha a threisiú lena ligfeadh do dhaoine, ar an gcaoi sin, a bheith in ann an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí sin a fháil atá riachtanach chun forbairt mar dhaoine aonair, chun dul i ngleic le dúshláin an 21ú haois agus chun an leas is fearr a bhaint as deiseanna na haoise sin.

    (10)

    Ba cheart an Clár a bhunú ar feadh tréimhse seacht mbliana chun go mbeidh a ré ag teacht le ré an chreata airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (7) (“CAI 2021-2027”).

    (11)

    Ba cheart don Chlár a bheith in ann a bheith ina rannchuiditheoir níos mó fós le cur chun feidhme chuspóirí agus thosaíochtaí beartais an Aontais i réimsí an oideachais agus na hoiliúna, na hóige agus an spóirt. Is den tábhacht cur chuige comhleanúnach foghlama ar feadh an tsaoil, má táthar chun na haistrithe éagsúla a bhainistiú a mbeidh ar dhaoine dul i ngleic leo i gcaitheamh a saoil. Ba cheart cur chuige den sórt sin a spreagadh trí chomhar trasearnálach éifeachtach. Chun cur chuige den sórt sin a fhorbairt, ba cheart don Chlár a bheith i ndlúthchomhréir le creat straitéiseach foriomlán an chomhair idir bheartais an Aontais i réimsí an oideachais agus na hoiliúna agus na hóige, lena n-áirítear na cláir oibre beartais do scoileanna, don ardoideachas, don ghairmoideachas agus an ghairmoiliúint, agus don fhoghlaim aosach, agus sineirgí nua á n-atreisiú agus á bhforbairt le cláir agus le réimsí beartais eile de chuid an Aontais atá gaolmhar.

    (12)

    Is príomh-chomhpháirt é an Clár chun Limistéar Oideachais Eorpach a fhorbairt. Tar éis a theachtaireacht an 14 Samhain 2017 dar teideal “An Fhéiniúlacht Eorpach a neartú trí Oideachas agus Cultúr”, mheabhraigh an Coimisiún, ina theachtaireacht an 30 Meán Fómhair 2020 dar teideal “An Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025”, go leanann Clár Erasmus+ de bheith ríthábhachtach chun na cuspóirí i ndáil le hoideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil a bheadh ar ardcháilíocht agus cuimsitheach a bhaint amach, agus chun an tAontas a ullmhú le haghaidh a thabhairt ar an aistriú digiteach agus an aistriú glas. Ba cheart go mbeadh an Clár in ann rannchuidiú le comharba an chreata straitéisigh maidir le comhar Eorpach in oideachas agus in oiliúint agus leis an leagan nuashonraithe den Chlár Oibre Scileanna don Eoraip maidir le hiomaíochas inmharthana, cothroime shóisialta agus athléimneacht a bunaíodh i dteachtaireacht an 1 Iúil 2020 ón gCoimisiún trí thiomantas comhroinnte do thábhacht straitéiseach scileanna, príomhinniúlachtaí agus eolais chun poist a choinneáil agus chun tacú le fás, iomaíochas, nuálaíocht agus comhtháthú sóisialta, i gcomhréir le Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 (8). Ba cheart don Chlár rannchuidiú le cuspóirí an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach a bunaíodh i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fomhair 2020 dar teideal “An Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027 - An t-oideachas agus an oiliúint a athshocrú don aois dhigiteach” a chur i gcrích. Ba cheart don Chlár freagairt don athrú digiteach is gá i réimse an oideachais agus na hoiliúna, na hóige agus an spóirt. Ba cheart don Chlár tacú freisin leis na Ballstáit chun spriocanna Dhearbhú Pháras an 17 Márta 2015 a bhaint amach i ndáil leis an tsaoránacht, agus chun luachanna coiteanna na saoirse, na caoinfhulaingthe agus an neamh-idirdhealaithe a chur chun cinn tríd an oideachas.

    (13)

    I gcomhréir le Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir leis an Óige 2019-2027 (9) agus leis an gcreat um chomhar Eorpach i réimse na hóige don tréimhse 2019-2027, bunaithe ar an teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2018 dar teideal “Ról, gaol agus cumhacht a thabhairt do dhaoine óga: Straitéis nua an Aontais i leith na hÓige”, ba cheart don Chlár tacú le hobair ardcháilíochta don aos óg, uirlisí agus córais chun oibrithe don óige a oiliúint, bailíochtú na foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla agus cuir chuige ardcháilíochta chun eagraíochtaí don óige a chumhachtú. Ba cheart don Chlár tacú le hIdirphlé Óige de chuid an Aontais a bheadh cuimsitheach agus leathan agus a mbeadh a chuid tosaíochtaí faoi stiúir riachtanais na óg.

    (14)

    Ba cheart don Chlár Plean Oibre ábhartha an Aontais Eorpaigh le haghaidh Spóirt a chur san áireamh sa chlár, plean ar chreat comhair é ar leibhéal an Aontais i réimse an spóirt. Ba cheart comhleanúnachas agus comhlántacht a áirithiú idir Plean Oibre ábhartha an Aontais Eorpaigh le haghaidh Spóirt agus na gníomhaíochtaí arna dtacú faoin gClár i réimse an spóirt. Go háirithe, ní mór díriú ar spóirt an phobail, agus ar an ról tábhachtach a bhíonn ag an spórt chun gníomhaíocht fhisiciúil agus stíl bheatha shláintiúil, cuimsiú sóisialta agus comhionannas a chur chun cinn. Ba cheart go dtacódh an Clár le soghluaisteacht foghlama d’fhoireann spóirt, go príomha i spórt an phobail. Baill foirne i spórt nach spórt an phobail é, lena n-áirítear iad siúd atá ag gabháil do ghairm dhéach a bhfuil gné spóirt agus gné nach mbaineann le spórt inti, féadfaidh siad an tionchar foghlama agus an t-aistriú eolais d’fhoirne agus eagraíochtaí spórt an phobail a fheabhsú. Dá bhrí sin, ba cheart don Chlár a bheith in ann tacú le deiseanna soghluaisteachta foghlama do bhaill foirne i spórt nach spórt an phobail é i gcás ina bhféadfaidh spórt an phobail tairbhiú do rannpháirtíocht na mball foirne sin. Ba cheart don Chlár rannchuidiú le luachanna comhchoiteanna Eorpacha a chur chun cinn tríd an spórt, an dea-rialachas agus an ionracas i spórt, an fhorbairt inbhuanaithe, agus oideachas, oiliúint agus scileanna sa spórt agus tríd an spórt. Imeachtaí neamhbhrabúsacha spóirt arna dtacú leis an gClár, ba cheart gné agus tionchar Eorpach a bheith acu.

    (15)

    Ba cheart don Chlár bheith in ann tacú le haon réimse staidéir agus go háirithe ba cheart dó rannchuidiú le hacmhainn nuálaíochta an Aontais a neartú trí thacú le gníomhaíochtaí a chuidíonn le daoine eolas, scileanna, inniúlachtaí agus dearcthaí a fhorbairt a bheidh ag teastáil i réimsí staidéir nó i ndisciplíní réamhbhreathnaitheacha amhail an eolaíocht, an teicneolaíocht, an innealtóireacht, na healaíona agus an mhatamaitic (STEAM), an t-athrú aeráide, cosaint an comhshaoil, an fhorbairt inbhuanaithe, an fuinneamh glan, intleacht shaorga, róbataic, dearadh agus ailtireacht, agus litearthacht dhigiteach agus meán. Féadfar an nuálaíocht a chothú trí na gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama agus comhair uile, bíodh siad á mbainistiú go díreach nó go hindíreach.

    (16)

    Leis na sineirgí le Clár na Físe Eorpaí arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) (“Fís Eorpach”), ba cheart a áirithiú go n--úsáidfí na hacmhainní comhcheangailte ón gClár agus ó Chlár na Físe Eorpaí chun tacú le gníomhaíochtaí chun institiúidí ardoideachais Eorpacha a neartú agus a nuachóiriú. Comhlánfaidh Fís Eorpach, i gcás inarb iomchuí, tacaíocht ón gClár do thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha, mar chuid den obair chun straitéisí nua comhpháirteacha, comhtháite fadtéarma inbhuanaithe a fhorbairt maidir le hoideachas, taighde agus nuálaíocht. Cuideoidh na sineirgí le Fís Eorpach chun comhtháthú oideachais agus taighde a chothú, go háirithe in institiúidí ardoideachais.

    (17)

    Cuireann na teicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn deiseanna suntasacha foghlama agus malartuithe ar fáil agus tá an tábhacht ar leith a bhaineann leo léirithe le linn phaindéim COVID-19. Sa bhreis ar an tsoghluaisteacht fhisiciúil foghlama, arb í príomhghníomhaíocht an Chláir i gcónaí í, ba cheart formáidí fíorúla, amhail an fhoghlaim fhíorúil, a chur chun cinn chun an tsoghluaisteacht foghlama fhisiciúil a chomhlánú nó chun tacú léi, chun deiseanna fiúntacha foghlama a chur ar fáil dóibh siúd nach bhfuil in ann bogadh go fisiciúil chuig tír eile seachas a dtír chónaithe nó chun malartuithe a chothú trí fhormáidí nuálacha foghlama. I gcás inarb ábhartha, ba cheart comhar fíorúil a chur chun cinn faoin gClár. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, i gcás inar indéanta agus inarb iomchuí, go gcuirfear uirlisí foghlama fíorúla arna bhforbairt faoin gClár ar fáil don phobal i gcoitinne.

    (18)

    Agus a chuid cuspóirí á gcomhlíonadh ag an gClár, ba cheart dó a bheith níos cuimsithí trí fheabhas a chur ar an rannpháirtíocht ina measc siúd ag a mbíonn níos lú deiseanna. D’fhéadfadh cuidiú le méadú ar an rannpháirtíocht sa Chlár dóibh siúd ag a mbíonn níos lú deiseanna dá ndéanfaí réimse beart lena n-áirítear for-rochtain, cumarsáid, comhairle agus cúnamh níos fearr agus níos dírithe, nósanna imeachta simplithe, formáidí soghluaisteachta foghlama níos solúbtha, agus caidreamh méadaithe le heagraíochtaí beaga, go háirithe eagraíochtaí nuathagtha agus eagraíochtaí pobalbhunaithe a oibríonn go díreach le foghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste idir óg agus aosta. Tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil cúiseanna éagsúla le leibhéil ísle rannpháirtíochta ina measc siúd ag a mbíonn níos lú deiseanna agus go mbraitheann na leibhéil sin ar chomhthéacsanna éagsúla. Ar an ábhar sin, laistigh de chreat uile-Aontais na mbeart sin arb é is aidhm dóibh rannpháirtíocht a mhéadú ina measc siúd ag a mbíonn níos lú deiseanna, ba cheart pleananna gníomhaíochta cuimsiúcháin a chruthú agus a oiriúnú do na spriocghrúpaí agus do na himthosca sonracha i ngach Ballstát.

    (19)

    Tá cásanna ann inar lú, ar chúiseanna airgeadais, an seans a bheidh acu siúd ag a mbíonn níos lú deiseanna a bheith rannpháirteach sa Chlár, bíodh sin mar gheall ar a staid eacnamaíoch nó mar gheall ar na costais is airde a éireoidh, ina gcás sonrach féin, as a rannpháirtíocht sa Chlár, agus minic gur cás acu sin cás na ndaoine faoi mhíchumas. Sna cásanna sin, d’fhéadfaí a rannpháirtíocht a éascú trí bhíthin tacaíocht airgeadais dhírithe. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, a áirithiú go gcuirfear na bearta tacaíochta airgeadais sin i bhfeidhm, lena n-áirítear trí choigeartuithe deontais a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta. Níor cheart go mbeadh costais bhreise a bhaineann le bearta a dhéanamh chun cuimsiú a éascú ina bhforas riamh le hiarratas a dhiúltú.

    (20)

    Chun an Clár a dhéanamh níos inrochtana d’eagraíochtaí nuathagtha agus d’eagraíochtaí ar lú a n-acmhainneacht riaracháin agus chun an Clár a dhéanamh níos inláimhsithe dá thairbhithe, ba cheart réimse beart a dhéanamh chun nósanna imeachta an Chláir a shimpliú ar an leibhéal cur chun feidhme. Ina leith sin, ba cheart é a bheith éasca do dhuine córais teicneolaíochta faisnéise an Chláir a úsáid agus ba cheart dóibh rochtain shimplí a sholáthar ar na deiseanna atá ar fáil faoin gClár. Ar an dóigh chéanna, ba cheart na nósanna imeachta a chuirfear ar bun chun an Clár a chur chun feidhme a bheith comhsheasmhach agus simplí, agus ba cheart bearta tacaíochta agus faisnéis a bheidh ar ardchaighdeán a bheith ag gabháil leo. Chuige sin, ba cheart cruinnithe rialta líonra na ngníomhaireachtaí náisiúnta a bheith á n-eagrú.

    (21)

    Thug an Coimisiún chun suntais sa teachtaireacht uaidh an 14 Samhain 2017 dar teideal “Strengthening European identity through education and culture” [An Fhéiniúlacht Eorpach a neartú trí Oideachas agus Cultúr], ról lárnach atá ag an oideachas, an cultúr agus an spórt chun saoránacht ghníomhach agus luachanna comhchoiteanna a chur chun cinn i measc na nglún is óige. Tá sé ríthábhachtach do thodhchaí na hEorpa agus do shochaithe daonlathacha an fhéiniúlacht Eorpach a neartú agus rannpháirtíocht ghníomhach daoine aonair agus na sochaí sibhialta i bpróisis dhaonlathacha a chothú. Rannchuidítear leis an fhéiniúlacht Eorpach sin, ina héagsúlacht uile, a neartú nuair a théitear thar lear chun bheith ag staidéar, ag foghlaim, ag traenáil agus ag obair nó chun bheith páirteach i ngníomhaíochtaí óige agus spóirt. Atreisítear an muintearas le pobal cultúrtha é agus cothaítear an fhoghlaim idirchultúrtha, an smaointeoireacht chriticiúil agus an tsaoránacht ghníomhach ar fud an phobail, idir óg agus aosta. Ba cheart dóibh siúd a bheidh páirteach i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama a bheith rannpháirteach ina bpobail áitiúla féin agus caidreamh a chothú freisin le pobail áitiúla na tíre óstaí chun a dtaithí a roinnt. Ba cheart don Chlár tacaíocht a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí a bhaineann le gnéithe uile na cruthaitheachta a atreisiú san oideachas, san oiliúint agus san óige, agus do phríomhinniúlachtaí aonair a fheabhsú.

    (22)

    Níor cheart don Chlár tacú ach le gníomhaíochtaí agus gníomhaíochtaí lena mbaineann breisluach Eorpach féideartha. Tá coincheap an bhreisluacha Eorpaigh le tuiscint ar bhealach leathan agus is féidir é a léiriú ar bhealaí éagsúla, amhail i gcás gníomhaíochtaí nó gníomhaíochtaí lena ngabhann gné thrasnáisiúnta, go háirithe maidir le soghluaisteacht foghlama agus comhar darb aidhm tionchar sistéamach inbhuanaithe a bhaint amach, gníomhaíochtaí a chomhlánaíonn nó a chothaíonn sineirgí le cláir agus beartais eile ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, nó a rannchuidíonn le húsáid éifeachtach uirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais.

    (23)

    Ba cheart gné idirnáisiúnta an Chláir a threisiú agus é a bheith mar aidhm aige tuilleadh deiseanna a chur ar fáil maidir le soghluaisteacht foghlama, comhar agus idirphlé beartais le tríú tíortha nach comhpháirtithe sa Chlár iad. Ag cur le cur chun feidhme rathúil na ngníomhaíochtaí ardoideachais agus óige idirnáisiúnta sna cláir a reáchtáladh roimhe seo sna réimsí maidir le hoideachas agus le hoiliúint agus leis an óige, ba cheart gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama idirnáisiúnta a dhéanamh in earnálacha eile freisin, amhail gairmoideachas agus gairmoiliúint agus spórt. Chun tionchar na ngníomhaíochtaí sin a mhéadú, tá sé tábhachtach sineirgí a fheabhsú idir an Clár agus ionstraimí an Aontais le haghaidh gníomhaíocht sheachtrach, amhail an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, arna bunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena mbunaítear an Ionstraim Comharsanachta, Forbartha agus Comhoibrithe Idirnáisiúnta chomh maith le Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus agus Ráthaíocht Gníomhaíochta Seachtraí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III), arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunófar an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III). Le hionstraimí an Aontais le haghaidh gníomhaíocht sheachtrach ba cheart a bheith ag iarraidh deiseanna a mhéadú, go háirithe do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí as tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, a bheith ag tacú, go háirithe, le fothú acmhainneachta sna tíortha sin, forbairt scileanna agus malartuithe duine le duine, agus tuilleadh deiseanna á gcur ar fáil ag an am céanna le haghaidh comhair, soghluaisteacht foghlama agus idirphlé beartais.

    (24)

    Ba rathúil an toradh a bhí ar ollstruchtúr bunúsach Chlár 2014-2020 arna roinnt i dtrí chaibidil, eadhon oideachas agus oiliúint, an óige, agus spórt – agus a tógadh ar thrí phríomhghníomhaíocht, agus dá réir sin ba cheart cloí leis an ollstruchtúr sin. Ba cheart feabhsuithe a thabhairt isteach chun na bearta arna dtacú faoin gClár a chuíchóiriú agus a réasúnú ar bhealach níos fearr. Ba cheart cobhsaíocht agus leanúnachas a áirithiú ó thaobh modhanna bainistithe agus cur chun feidhme. Ar an iomlán, ba cheart do na gníomhaireachtaí náisiúnta 75 % de bhuiséad an Chláir ar a laghad a chur chun feidhme faoi bhainistiú indíreach. Áirítear leis sin na gníomhaíochtaí amhail soghluaisteacht foghlama i réimsí uile an oideachais agus na hoiliúna, na hóige agus an spóirt, chomh maith le comhpháirtíochtaí comhair, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí mionscála i réimsí an oideachais agus na hoiliúna agus na hóige. I gcás inarb iomchuí, ba cheart socruithe sonracha a chur i bhfeidhm maidir le bainistiú dhíreach le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le líonraí uile-Aontais agus eagraíochtaí Eorpacha faoi phríomhghníomhaíochtaí 2 agus 3, cé is moite de chomhpháirtíochtaí mionscála..

    (25)

    Ba cheart don Chlár sraith beart a chur chun feidhme chun tacú le soghluaisteacht foghlama, comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí, forbairt agus comhar beartais, agus gníomhaíochtaí Jean Monnet. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin agus cur síos orthu, a leagan amach sa Rialachán seo, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a chur chun feidhme faoi na gníomhaíochtaí sin i gcaitheamh na clárthréimhse.

    (26)

    Ba cheart don Chlár na deiseanna soghluaisteachta foghlama atá ann cheana a atreisiú, go háirithe sna hearnálacha sin ina bhféadfadh na gnóthuithe éifeachtúlachta is mó a bheith ag an gClár, chun a fhor-rochtain ar na deiseanna sin a leathnú agus chun freastal ar an ardéileamh nach ndearnadh freastal air go fóill. Go háirithe, ba cheart é sin a dhéanamh trí shoghluaisteacht foghlama do mhic léinn ardoideachais, do dhaltaí scoile, d’fhoghlaimeoirí san oideachas aosach, agus d’fhoghlaimeoirí sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint, amhail printísigh agus oiliúnaithe, a mhéadú agus a éascú, chun críoch uas-scilithe agus ath-scilithe. Ba cheart do chéimithe nua agus daoine a fuair cáilíocht ghairmoideachais agus ghairmoiliúna le gairid a bheith in ann páirt a ghlacadh sa soghluaisteacht foghlama. Ba cheart rannpháirtíocht na gcéimithe nua sa soghluaisteacht foghlama a bheith bunaithe ar chritéir oibiachtúla, agus ba cheart cóir chomhionann a bheith á áirithiú leis an rannpháirtíocht sin. Ba cheart deiseanna soghluaisteacht foghlama do dhaoine óga a rannpháirtíonn i ngníomhaíochtaí foghlama neamhfhoirmiúla a fhairsingiú chun for-rochtain a fháil ar thuilleadh daoine óga. Ba cheart soghluaisteacht foghlama foirne maidir le réimsí an oideachais, na hoiliúna, na n-óg agus an spóirt a atreisiú, ag tabhairt a héifeacht ghiarála san áireamh. Ba cheart do dheiseanna soghluaisteachta a bheith i bhfoirmeacha éagsúla lena n-áirítear tréimhsí oiliúna, printíseachtaí, malartuithe óige, malartuithe scoile, teagasc nó rannpháirtíocht i ngníomhaíocht ghairmiúil, agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar riachtanais shonracha na n-earnálacha éagsúla. Ba cheart an Clár tacú le cáilíocht na soghluaisteacht foghlama lena n-áirítear cáilíocht bunaithe ar na prionsabail a leagtar síos i Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 (11) agus na Moltaí ón gComhairle an 28 Meitheamh 2011 (12), an 20 Nollaig 2012 (13) , an 15 Márta 2018 (14) an 26 Samhain 2018 (15) an 24 Samhain 2020 (16).

    (27)

    Ina theannta sin, i gcomhréir leis an bhfís go gcuirfí ar bun Limistéar Oideachais Eorpach iarbhír, ba cheart don Chlár cuidiú le soghluaisteacht foghlama agus malairtí agus rannpháirtíocht na mac léinn ardoideachais a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí oideachasúla agus cultúrtha agus i ngníomhaíochtaí spóirt trí thacú le próisis a dhigiteáil tríd an tionscnamh arb é Cárta Mac Léinn Eorpach, mar shampla. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún tionscnamh arb é Cárta Mac Léinn Eorpach a fhorbairt, go háirithe le haghaidh mic léinn ardoideachais atá rannpháirteach sa Chlár. D’fhéadfadh an Tionscnamh arb é Cárta Mac Léinn Eorpach sin a bheith ina chéim thábhachtach ionsar shoghluaisteacht foghlama do chách a fhíorú, ar dtús trí institiúidí ardoideachais a chumasú tuilleadh mac léinn ardoideachais a mhalartú amach agus isteach agus cáilíocht soghluaisteachta foghlama na mac léinn ardoideachais á feabhsú ag an am céanna agus trína rochtain ar sheirbhísí éagsúla a éascú, mar shampla leabharlanna, iompar agus cóiríocht) sula sroichfidh siad go fisiciúil an institiúid ar an gcoigríoch.

    (28)

    Ba cheart don Chlár rannpháirtiú na ndaoine óga i saol daonlathach na hEorpa a spreagadh, lena n-áirítear trí thacú le gníomhaíochtaí lena rannchuidítear le hoideachas saoránachta agus tionscadail rannpháirtíochta ina bhféadfaidh daoine óga páirt a ghlacadh sa tsochaí shibhialta agus foghlaim faoin dóigh le bheith rannpháirteach inti, rud a mhúsclaíonn feasacht faoi luachanna Eorpacha comhchoiteanna lena n-áirítear cearta bunúsacha, stair agus cultúr na hEorpa, chun daoine óga agus lucht déanta cinntí a thabhairt le chéile ar leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus rannchuidiú leis an bpróiseas Eorpach lánpháirtithe freisin.

    (29)

    Ag tógáil ar mheastóireacht agus forbairt bhreise thionscadal DiscoverEU a seoladh mar réamhghníomh in 2018, ba cheart don Chlár tuilleadh deiseanna a cur ar fáil do dhaoine óga spéis a chur i ngach ceann scríbe ar fud na hEorpa trí eispéiris foghlama ar an gcoigríoch. Ba cheart an seans a thabhairt do dhaoine óga, go háirithe iad siúd ag a mbíonn níos lú deiseanna, eispéireas aonair nó eispéireas gearrthéarma den chéad uair i ngrúpa a bheith acu ar a bheith ag taisteal ar fud na hEorpa mar chuid de ghníomhaíocht oideachasúil sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil arb é is aidhm léi an mothú muintearas a bheith ag duine leis an Aontas a chothú agus iad a chumasú maidir le léargas a fháil ar an éagsúlacht chultúrtha agus teanga atá ann. Ba cheart na rannpháirtithe a roghnú bunaithe ar chritéir shoiléire thrédhearcacha. Ba cheart do chomhlachtaí cur chun feidhme bearta a chur chun cinn chun a áirithiú go mbeidh tionscadal DiscoverEU cuimsitheach, cothrom ó thaobh na geografaíochta de maidir leis na pasanna taistil a leithdháilfear agus na Ballstáit ar a dtabharfar cuairt, agus chun tacú le gníomhaíochtaí ag a mbíonn gné láidir foghlama. I ndáil leis sin, trí bhíthin bearta spriocdhírithe, amhail gníomhaíochtaí for-rochtana, seisiúin faisnéise réamhimeachta, agus imeachtaí do dhaoine óga, ba cheart don Chlár an rogha a chur chun cinn freisin cuairt a thabhairt ar na Ballstáit agus ar na réigiúin fhorimeallacha nach minic a thugann daoine cuairt orthu. Ba cheart breathnú ar mhodhanna eile iompair sa chás nach bhfuil iompar d’iarnród ar fáil nó má tá sé thar a bheith neamhphraiticiúil, agus cás sonrach an chinn scríbe, go háirithe, á chur san áireamh. Ba cheart do thionscadal DiscoverEU féachaint le naisc a chruthú le tionscnaimh ábhartha bídís áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó Eorpach, amhail Tionscnamh an Aontais dar teideal “Príomhchathracha Chultúir na hEorpa”, Príomhchathracha Óige na hEorpa, Príomhchathracha Saorálaíochta na hEorpa agus Príomhchathracha Glasa na hEorpa.

    (30)

    Rannchuidíonn foghlaim teangacha le tuiscint fhrithpháirteach agus soghluaisteacht laistigh den Aontas agus lasmuigh de, agus is scileanna bunriachtanacha saoil agus poist iad inniúlachtaí teanga. Dá bhrí sin, ba cheart don Chlár foghlaim teangacha a fheabhsú, lena n-áirítear i dteannta teangacha náisiúnta comharthaíochta, i gcás inarb ábhartha, lena n-áirítear trí úsáid fhorleathnaithe uirlisí ar líne, ós rud é go bhféadfaidh an ríomhfhoghlaim buntáistí breise ó thaobh rochtana agus solúbthachta de a chur ar fáil maidir le foghlaim teanga. San am céanna, chun rochtain leathan agus chuimsitheach ar an gClár a áirithiú, tá sé tábhachtach gur príomhphrionsabal é an t-ilteangachas i gcur chun feidhme an Chláir.

    (31)

    Ba cheart don Chlár tacú le bearta a chuirfidh feabhas ar chomhar idir institiúidí agus eagraíochtaí atá gníomhach i réimsí an oideachais agus na hoiliúna, na n-óige agus an spóirt, ag tabhairt aitheantas dá ról lárnach na n-institiúidí agus na n-eagraíochtaí i bhfeistiú daoine aonair leis an eolas, na scileanna agus leis na hinniúlachtaí is gá i ndomhan athraitheach agus chun cabhrú leis na hinstitiúdí agus na heagraíochtaí a bhféidearthacht le haghaidh nuálaíochta, cruthaitheachta agus fiontraíochta a chomhlíonadh go cuí, go háirithe laistigh den gheilleagar digiteach.

    (32)

    D’iarr an Chomhairle Eorpach, i gconclúidí an 14 Nollaig 2017 uaithi, ar na Ballstáit, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún roinnt tionscnamh a chur ar aghaidh chun comhar Eorpach a chur ar leibhéal níos airde i réimse an oideachais agus na hoiliúna, lena n-áirítear trí theacht chun cinn na “Ollscoileanna Eorpacha” faoi 2024 a spreagadh, lena gcuimsítear líonraí ollscoileanna ón mbun aníos ar fud an Aontais. I gconclúidí an 28 Meitheamh 2018 uaithi, d’iarr an Chomhairle Eorpach comhar idir réimsí an taighde, na nuálaíochta agus an oideachais a chur chun cinn, lena n-áirítear trí bhíthin thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha. Ba cheart don Chlár tacaíocht a thabhairt do na hOllscoileanna Eorpacha sin agus comhstraitéisí fadtéarmacha um oideachas, taighde agus nuálaíochta ardcháilíochta agus um sheirbhís don tsochaí á bhforbairt acu.

    (33)

    Iarradh in Communiqué Bruges an 7 Nollaig 2010 maidir le Comhar Eorpach feabhsaithe sa Ghairmoideachas agus sa Ghairmoiliúint do thréimhse 2011-2020 go dtabharfaí tacaíocht do bharrfheabhas gairme ar mhaithe le fás cliste inbhuanaithe. Tá sé intuigthe óna Theachtaireacht an 18 Iúil 2017 dar teideal “An Nuálaíocht i Réigiúin na hEorpa a Neartú: Straitéisí don fhás cuimsitheach, inbhuanaithe a mbeidh teacht aniar ann”, d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit go ndéanfar gairmoideachas agus gairmoiliúint a nascadh le córais nuálaíochta, mar chuid de na straitéisí speisialaithe cliste ar leibhéal réigiúnach. Ba cheart go gcuirfeadh an Clár na hacmhainní ar fáil chun freagairt ar na hiarrataí seo agus tacú le forbairt ardáin trasnáisiúnta d’Ionaid um barrfheabhas gairme a bheadh leabaithe i straitéisí áitiúla agus réigiúnacha don fhás, nuálaíocht agus iomaíochas. Ba cheart go bhfeidhmeodh na hionaid um barrfheabhas sin mar spreagthóirí scileanna gairmiúla cáilíochta i gcomhthéacs de dhúshláin earnála, agus iad ag tacú san am céanna le hathruithe struchtúrtha ar an bhforiomlán agus le beartais shocheacnamaíocha san Aontas.

    (34)

    Tig le hardáin agus uirlisí ar líne um chomhar fíorúil atá áisiúil don úsáideoir ról tábhachtach a bheith acu maidir le tacú le soláthar an oideachais agus na hoiliúna agus an bheartais óige san Aontas. Chun úsáid gníomhaíochtaí um chomhar fíorúil a úsáid, ba cheart go dtacódh an Clár le húsáid níos córasaí agus níos comhleanúnaí d’ardáin ar líne amhail eTwinning, an Tairseach Oideachais Scoile, an Ríomh-Ardán don Fhoghlaim Aosach san Eoraip, Tairseach Eorpach na hÓige agus ardáin ar líne don ardoideachas agus, i gcás inar gá, aon ardán ar líne eile a fhéadfar a chur ar bun i réimsí an oideachais agus na hoiliúna agus na hóige.

    (35)

    I gcomhréir le creataí agus uirlisí ábhartha an Aontais, ba cheart go rannchuideodh an Clár le héascú trédhearcachta agus aithint inniúlachtaí, scileanna agus cáilíochtaí, agus aistriú creidiúintí nó aonaid torthaí foghlama, chun dearbhú cáilíochta a chothú agus chun tacú le bailíochtú na foghlama neamhfhoirmeálta agus neamhfhoirmiúla, le bainistiú scileanna agus le treoir. Maidir leis seo, ba cheart go gcuirfeadh an Clár tacaíocht ar fáil do phointí teagmhála agus do líonraí ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais lena n-éascaítear malairtí tras-Eorpacha agus forbairt bealaí foghlama solúbtha idir réimsí éagsúla oideachais agus oiliúna agus óige agus ar fud socruithe foirmiúla agus neamhfhoirmiúla. Ba cheart don Chlár tacaíocht a thabhairt do phróiseas Bologna freisin.

    (36)

    Ba cheart go gcuirfeadh an Clár acmhainneacht iar-rannpháirtithe i gClár Erasmus+ i gceann oibre agus go dtacódh sé go háirithe le gníomhaíochtaí gaolmhara de chuid líonraí alumni Erasmus+, d’ambasadóirí Erasmus+ agus d’Eora-Phiaraí Erasmus+, trí iad a spreagadh chun an Clár a chur chun cinn d’fhonn rannpháirtíocht a mhéadú.

    (37)

    Mar bhealach chun comhar a áirithiú le hionstraimí eile de chuid an Aontais agus chun tacú le beartais eile de chuid an Aontais, ba cheart deiseanna soghluaisteachta a thairiscint do dhaoine in earnálacha éagsúla gníomhaíochta, amhail an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach, talmhaíocht agus fiontar, ionas go mbeadh eispéireas foghlama thar lear acu a ligfeadh dóibh, ag céim ar bith dá saol, fás agus forbairt a dhéanamh ar bhonn pearsanta, go háirithe trí fheasacht ar a bhféiniúlacht Eorpach a fhorbairt agus tuiscint a fháil ar éagsúlacht chultúrtha na hEorpa, agus ar bhonn gairmiúil, lena n-áirítear trí scileanna atá ábhartha don mhargadh saothair a fháil. Ba cheart go dtairgfeadh an Clár pointe iontrála do scéimeanna soghluaisteachta trasnáisiúnta an Aontais lena mbaineann gné láidir foghlama, ag simpliú na tairisceana de scéimeanna dá leithéid le haghaidh tairbhithe agus dóibh siúd a bhíonn rannpháirteach sna gníomhaíochtaí sin. Ba cheart uas-scálú ar thionscadail an Chláir a éascú; ba cheart bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun cuidiú le tionscnóirí thionscadail an Chláir iarratas a chur isteach ar dheontais nó sineirgí a fhorbairt le tacaíocht ó Chistí an Bheartais Comhtháthaithe agus ó na cláir a bhaineann le himirce, slándáil, ceartas agus saoránacht, sláinte, na meáin agus cultúr, agus obair dheonach. Ba cheart go bhféadfaí lipéad an tSéala Barr Feabhais a bhronnadh ar thograí le haghaidh tionscadail, atá ar ardcháilíocht nach féidir a mhaoiniú faoin gClár i ngeall ar shrianta buiséadacha, bunaithe ar shraith theoranta critéar. A bhuí le lipéad an tSéala Barr Feabhais, tugtar aitheantas do cháilíocht an togra agus simplítear an cuardach ar mhaoiniú malartach faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe (“Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa”) nó faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (ESF+) (“Ciste Sóisialta na hEorpa Plus”).

    (38)

    Tá sé tábhachtach teagasc, foghlaim agus taighde a spreagadh i gcúrsaí um lánpháirtiú Eorpach lena n-áirítear na dúshláin agus deiseanna a bheidh ag an Aontas, agus chun díospóireacht a chur chun cinn i dtaobh na gcúrsaí sin le tacaíocht ó ghníomhaíochtaí Jean Monnet i réimsí an ardoideachais agus i réimsí eile de chuid an oideachais agus na hoiliúna, go háirithe trí oiliúint múinteoirí agus foirne. Tá sé thar a bheith tábhachtach, i bhfianaise na ndúshlán atá roimh na luachanna comhchoiteanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe agus atá ina gcuid d’fhéiniúlacht Eorpach chomhchoiteann, agus i bhfianaise leibhéil ísle rannpháirtíochta na saoránach, go ndéanfaí braistint Eorpach ar na rudaí is muintearas agus tiomantas ann a chothú. Ba cheart go leanfadh an Clár ar aghaidh ag rannchuidiú chun barrfheabhas i léann an chomhtháthaithe Eorpaigh a fhorbairt. Is iomchuí go ndéanfar faireachán agus meastóireacht rialta ar dhul chun cinn na n-institiúidí arna maoiniú faoi ghníomhaíochtaí Jean Monnet ionsar cuspóirí an Chláir a bhaint amach. Ba cheart malartú idir na hinstitiúidí sin agus institiúidí eile ar an leibhéal náisiúnta agus trasnáisiúnta a spreagadh, agus lánurraim á tabhairt dá saoirse acadúil.

    (39)

    Tá tábhacht ag baint le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha ag an Aontas Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (17) agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, agus léiriú air sin is ea é go bhfuil an Clár beartaithe chun príomhshruthú na mbeart a dhéantar ar son na haeráide agus le baint amach na sprice arb é atá ann 30 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. I gcomhréir le Margadh Glas na hEorpa ina cháil mar threoirphlean don fhás inbhuanaithe, ba cheart do ghníomhaíochtaí a dhéantar faoin Rialachán seo an prionsabal dá ngairtear “gan dochar a dhéanamh” a urramú ach gan buntréith an Chláir a athrú. Le linn an Clár a chur chun feidhme, ba cheart go sainaithneofaí agus go gcuirfí ar bun na gníomhaíochtaí ábhartha, agus déanfar athmheasúnú orthu i gcomhthéacs na meastóireachtaí agus an athbhreithnithe ábhartha. Is iomchuí freisin tomhas a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ábhartha a rannchuidíonn le cuspóirí aeráide, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin atá beartaithe chun tionchar an Chláir ar an gcomhshaol a laghdú.

    (40)

    Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chlár arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí Phointe 18 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (18), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. Imchlúdach airgeadais dar luach EUR 0,5 billiún i bpraghsanna tairiseacha 2018 atá i gceist agus é i gcomhréir leis an gcomhdhearbhú ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 maidir le cláir shonracha a atreisiú agus maidir le hoiriúnú gníomhartha bunúsacha (19).

    (41)

    Laistigh de bhunchlúdach le haghaidh bearta atá le bainistiú ag na gníomhaireachtaí náisiúnta i réimse an oideachais agus na hoiliúna, ba cheart miondealú a leagan amach ar an leithdháileadh íosta in aghaidh na hearnála chun mais chriticiúil leithreasuithe sin a chinntiú chun an t-aschur agus na torthaí atá beartaithe a bhaint amach i ngach ceann de na hearnálacha sin: ardoideachas, gairmoideachas agus gairmoiliúint, oideachas scoile agus oideachas aosaigh.

    (42)

    Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) (an “Rialachán Airgeadais”) maidir leis an gClár. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha.

    (43)

    Roghnófar na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo ar bhonn a fhónta agus atá siad cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a chur ar fáil, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar riosca an neamhchomhlíonta a mheastar a bheith ann. Ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as costais aonaid agus rátaí comhréidhe, agus as maoiniú nach mbaineann le costais, mar a thagraítear dó in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais, agus an rogha á dhéanamh. Maidir leis na gníomhaíochtaí arna mbainistiú ag na gníomhaireachtaí náisiúnta, ba cheart tacaíocht leordhóthanach do chostas oibriúcháin na ngníomhaireachtaí náisiúnta a bheith ag gabháil leis na leithdháiltí buiséadacha, i bhfoirm táille bhainistíochta, chun cur chun feidhme éifeachtach inbhuanaithe na gcúraimí tarmligthe bainistíochta a áirithiú. Ba cheart prionsabail na trédhearcachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe mar a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais a urramú agus an Clár á chur chun feidhme.

    (44)

    Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a bheith páirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (21), ina ndéantar foráil do chur chun feidhme na gclár ar bhonn cinneadh a ghlacadh faoin gComhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach freisin ar bhonn ionstraimí dlí eile. Ba cheart foráil ar leith a thabhairt isteach leis an Rialachán seo lena gcuirfear de cheangal ar na tríú tíortha na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, don Oifig Eorpach Fhrith-Chalaoise (OLAF) agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach. Ba cheart rannpháirtíocht iomlán tríú tíortha sa Chlár a bheith faoi réir ag na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontuithe sonracha a chlúdaíonn rannpháirtíocht na tríú tíre a bhaineann leis an gClár. Cuimsíonn rannpháirtíocht iomlán, ina theannta sin, an oibleagáid gníomhaireacht náisiúnta a chur ar bun agus bainistíocht de chuid de ghníomhaíochtaí an Chláir faoi bhainistíocht indíreach. Ba cheart eintitis dhlítheanacha ó thríú tíortha nach bhfuil bainteach leis an gClár a bheith in ann a bheith rannpháirteach i gcuid de ghníomhaíochtaí an Chláir, mar a shainítear iad sa chlár oibre agus sna glaonna ar thograí a d’fhoilsigh an Coimisiún. Agus an Clár á chur chun feidhme, d’fhéadfaí socruithe sonracha a chur san áireamh maidir le heintitis dhlítheanacha ó mhicreastáit Eorpacha a bheith rannpháirteach.

    (45)

    I bhfianaise Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fomhair 2017 dar teideal “Comhpháirtíocht straitéiseach níos láidre agus athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí den Aontas Eorpaigh”, ba cheart staid shonrach na réigiún is foirmeallaí sin dá dtagraítear san Airteagal sin a chur san áireamh sa Chlár. Ba cheart go ndéanfaí bearta chun rannpháirtíocht na réigiún is forimeallaí a mhéadú i ngach gníomhaíocht, lena n-áirítear trí bhithín thacaíocht airgeadais, i gcás inarb ábhartha, le haghaidh soghluaisteacht foghlama. Ba cheart malairtí agus comhar soghluaisteachta idir daoine agus eagraíochtaí ó na réigiúin sin agus ó thríú tíortha, go háirithe a gcomharsana, a chothú. Ba cheart go ndéanfaí faireachán agus meastóireacht ar bhearta dá leithéid ar bhonn rialta.

    (46)

    De bhun Chinnidh 2013/755/AE ón gComhairle (22), tá daoine aonair agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear. Ba cheart na srianta a bhíonn ann mar gheall ar iargúltacht na dtíortha nó na gcríoch sin a chur san áireamh agus an Clár á chur chun feidhme. Ba cheart go ndéanfaí faireachán agus meastóireacht ar bhonn rialta ar rannpháirtíocht na dtíortha sin agus na gcríoch sin sa Chlár.

    (47)

    I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ba cheart go nglacfadh an Coimisiún cláir oibre agus Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas fúthu. Ba cheart a leagan amach sa Chláir oibre bliantúil na bearta is gá dá gcur chun feidhme i gcomhréir le cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir, leis na critéir roghnúcháin agus dhámhachtana le haghaidh deontas agus na gnéithe eile go léir a éilítear. Ba cheart cláir oibre agus aon leasú a dhéantar iontu trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin.

    (48)

    Ionas gur féidir an dul chun cinn i gcur chun feidhme an Chláir a mheasúnú agus feabhsuithe féideartha a chur ar an gcur chun feidhme sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht eatramhach a dhéanamh ar Chlár 2014-2020. Ba cheart an mheastóireacht sin a bheith ag gabháil leis an meastóireacht eatramhach a dhéanfar agus ceachtanna ábhartha ón meastóireacht sin a chur isteach sa mheastóireacht eatramhach freisin. Chomh maith le measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar fheidhmíocht fhoriomlán an Chláir, tá sé tábhachtach, go háirithe, go ndéanfaí measúnú críochnúil sa mheastóireacht eatramhach ar chur chun feidhme na dtionscnamh nua agus ar na bearta cuimsithe agus simplithe a cuireadh i bhfeidhm. I gcás inarb iomchuí, agus ar bhonn na meastóireachta eatramhaí, ba cheart don Choimisiún togra reachtach a chur ar aghaidh chun an Rialachán seo a leasú. Ba cheart don Choimisiún aon mheastóireachtaí a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus chuig Coiste na Réigiún.

    (49)

    De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (23), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gClár ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Níor cheart, dá bhrí sin, go gcuirfeadh forálacha arna nglacadh trí ghníomhartha tarmligthe gaolmhara ualach suntasach breise ar na Ballstáit. Ba cheart a áireamh ar cheanglais faireacháin táscairí sonracha intomhaiste réalaíocha, ar féidir iad a thomhas le himeacht ama mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an talamh.

    (50)

    Ba cheart for-rochtain iomchuí, poiblíocht agus scaipeadh na ndeiseanna agus torthaí na ngníomhaíochtaí a dtacaíonn an Clár leo a áirithiú ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus Eorpach, agus ba cheart a chur san áireamh leo na príomh-spriocghrúpaí i réimsí an oideachais agus na hoiliúna, óige agus spóirt agus, i gcás inarb ábhartha, raon leathan spriocghrúpaí eile, amhail seirbhísí gairmthreorach agus fostaíochta, eagraíochtaí cultúrtha, fiontair agus fondúireachtaí. Ba cheart go mbraithfeadh na gníomhaíochtaí for-rochtana, poiblíochta agus scaipthe ar chomhlachtaí cur chun feidhme an Chláir, agus ba cheart i gcás inarb ábhartha, tacaíocht a bheith ann ó gheallsealbhóirí ábhartha eile. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún dul i dteagmháil le raon leathan geallsealbhóirí go tráthrialta, lena n-áirítear eagraíochtaí a ghlacann páirt sa Chlár., feadh shaolré an Chláir, chun comhroinnt dea-chleachtas agus torthaí tionscadal a éascú agus aiseolas ar an gClár a bhailiú. Ba cheart cuireadh a thabhairt do na gníomhaireachtaí náisiúnta páirt a ghlacadh sa phróiseas sin.

    (51)

    Chun an chumarsáid leis an phobal i gcoitinne a dhéanamh níos éifeachtaí agus chun sineirgí idir gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar ar thionscnamh an Choimisiúin a threisiú, ba cheart do na hacmhainní airgeadais a leithdháiltear ar ghníomhaíochtaí cumarsáide faoin Rialachán seo rannchuidiú freisin le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid go mbeidh na tosaíochtaí sin bainteach le cuspóirí an Chláir.

    (52)

    Chun a áirithiú go gcuirfear an Rialacháin seo a chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil, ba cheart don Chlár an úsáid is mó is féidir a bhaint as socruithe bainistíochta atá i bhfeidhm cheana. Ba cheart cur chun feidhme an Chláir a chur faoi iontaoibh an Choimisiúin, agus faoi iontaoibh gníomhaireachtaí náisiúnta. I gcás inarb indéanta, agus chun éifeachtúlacht a uasmhéadú, ba cheart gurbh ionann na gníomhaireachtaí náisiúnta agus an ceann a ainmneofar chun bainistiú a dhéanamh ar Chlár 2014-2020. Ba cheart go mbeadh raon feidhme na meastóireachta ar chomhlíonadh ex-ante teoranta do na ceanglais atá nua agus sonrach don Chlár, ach amháin má tá údar maith leis ar shlí eile, amhail i gcás easnaimh thromchúiseacha nó tearcfheidhmíochta ar thaobh na gníomhaireachta náisiúnta lena mbaineann.

    (53)

    Chun bainistíocht fhónta airgeadais agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i ngach Ballstát nó tríú tír atá bainteach leis an gClár, ba cheart do gach údarás náisiúnta comhlacht neamhspleách iniúchóireachta a ainmniú. I gcás inarb indéanta, agus chun éifeachtúlacht a uasmhéadú, ba cheart gurbh ionann na comhlachtaí neamhspleácha iniúchóireachta agus na cinn a ainmneofar faoi Chlár 2014-2020.

    (54)

    Ba cheart do na Ballstáit féachaint le gach beart iomchuí a ghlacadh chun deireadh a chur le bacainní dlí agus riaracháin a d’fhéadfadh rochtain ar fheidhmiú ceart an Chláir a chosc nó bac a chur ar fheidhmiú ceart an Chláir. Áirítear leis sin teacht ar réiteach, nuair is féidir, agus gan dochar do dhlí an Aontais maidir le hiontráil agus cónaí náisiúnach tríú tíortha, ar fhadhbanna riaracháin a chruthaíonn deacrachtaí víosaí agus ceadanna cónaithe a fháil.

    (55)

    Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir agus chun meastóireacht a dhéanamh ar an gclár ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach, tráthúil agus ar leibhéal iomchuí an mhionsonraithe. Ba cheart sonraí dá leithéid a chur in iúl don Choimisiún ar shlí a gcomhlíonann na rialacha cosanta sonraí ábhartha.

    (56)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24).

    (57)

    Chun na ceanglais ar thairbhithe a shimpliú, ba cheart úsáid a bhaint a mhéid is féidir as deontais shimplithe i bhfoirm cnapshuimeanna, costais aonaid agus rátaí comhréidhe. Ba cheart a chur san áireamh sna deontais shimplithe chun tacú le soghluaisteacht foghlama faoin gClár, de réir mar a shainíonn an Coimisiún iad, costais mhaireachtála agus chothaithe sa tír óstaí. Ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ag an gCoimisiún agus ag gníomhaireachtaí náisiúnta na dtíortha seolta na deontais sin a choigeartú ar bhonn na gcritéar oibiachtúil, go háirithe le háirithiú go mbeadh rochtain ar fáil do dhaoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu. I gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chomh maith chun na deontais sin a dhíolmhú ó aon chánacha agus tobhaigh shóisialta; ba cheart an chóir chéanna a thabhairt do dheontais a dhámhann eintitis phoiblí nó phríobháideacha dhlíthiúla ar dhaoine aonair.

    (58)

    I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (26), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (27) ón gComhairle agus (AE) 2017/1939 (28), táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag OLAF imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (29). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistiú ón Aontas comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí ón Aontas cearta coibhéiseacha.

    (59)

    Tá sé riachtanach comhlántacht agus comhsheasmhacht ghníomhaíochtaí an Chláir, lena n-áirítear iad siúd gan carachtar trasnáisiúnta nó idirnáisiúnta, le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit agus le gníomhaíochtaí eile an Aontais a áirithiú, go háirithe iad siúd a bhaineann le hoideachas agus oiliúint, cultúr, na meáin, an óige agus dlúthpháirtíocht, fostaíocht agus cuimsiú sóisialta, taighde agus nuálaíocht, tionscal agus fiontar, polasaí dhigiteach, talmhaíocht agus forbairt tuaithe atá béim acu ar fheirmeoirí óga, ar an dtimpeallacht agus an aeráid, ar chomhtháthú, ar bheartas réigiúnach, ar imirce, ar shlándáil agus ar chomhar agus forbairt idirnáisiúnta.

    (60)

    Cé gur lig an creat rialála atá ann faoi Chlár 2014-2020 do na Ballstáit agus do na réigiúin sineirgí a bhunú sa chlárthréimhse 2014-2020 idir an Clár sin agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, amhail Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, a thacaíonn freisin le forbairt cháilíochtúil na gcóras oideachais, oiliúna agus óige san Aontas, níor baineadh go leor tairbhe as an bhféidearthacht sin go dtí seo, a chuir teorainn le héifeachtaí córasacha tionscadal agus tionchair ar bheartas. Ba cheart go dtarlódh cumarsáid agus comhar éifeachtach ar leibhéal náisiúnta idir na comhlachtaí náisiúnta atá i gceannas ar bhainistiú na n-ionstraimí éagsúla chun a dtionchar faoi seach a uasmhéadú. De thairbhe an chláir, ba cheart go mbeadh comhar gníomhach leis na hionstraimí sin ann, go háirithe chun a áirithiú, i gcás inarb ábhartha, go gcuirfear bearta tacaíochta airgeadais leordhóthanacha i bhfeidhm chun tacú le daoine ar bheagán deiseanna.

    (61)

    Chun an breisluach is fearr a fháil ó infheistíochtaí a mhaoinítear go hiomlán nó i bpáirt ó bhuiséad an Aontais, ba cheart sineirgí a lorg, go háirithe, idir an Clár agus cláir eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear na Cistí arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. Chun an leas is mó is féidir a bhaint as na sineirgí sin, ba cheart príomhshásraí cumasúcháin a áirithiú, lena n-áirítear maoiniú carnach i ngníomhaíocht ón gClár agus ó chlár eile de chuid an Aontais, chomh fada agus nach mó an maoiniú carnach sin ná costais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Chun na críche sin, ba cheart rialacha iomchuí a leagan amach sa Rialachán seo, go háirithe maidir leis an bhféidearthacht an costas nó an caiteachas céanna a dhearbhú ar bhonn pro rata don Chlár agus do chlár eile de chuid an Aontais.

    (62)

    Chun dul in oiriúint, i gcás inar gá, do na forbairtí sna réimsí ábhartha, agus chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Chláir maidir le gnóthú a chuspóirí, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún chun Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú trí chur leis an tuairisc ar ghníomhaíochtaí an Chláir, agus chun Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú maidir le táscairí feidhmíochta an Chláir, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (63)

    Is iomchuí a áirithiú go gcuirfear clabhsúr ceart leis an gclár 2014-2020, go háirithe maidir lena bheith ag leanúint de shocruithe ilbhliantúla a mhéid a bhaineann lena bhainistiú, amhail cúnamh teicniúil agus riaracháin a mhaoiniú. Amhail ón 1 Eanáir 2021 amach, ba cheart, más gá, a áirithiú leis an gcúnamh teicniúil agus riaracháin go mbainisteofaí na gníomhaíochtaí nach bhfuil tugtha chun críche faoin 31 Nollaig 2020 faoi Chlár 2014-2020.

    (64)

    Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”). Go háirithe, is sprioc é de chuid an Rialacháin seo urraim iomlán a áirithiú do cheart an chomhionannais idir mhná agus fir agus don cheart an neamh-idirdhealaithe bunaithe ar inscne, ar bhunadh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach, agus chun feidhmiú Airteagal 21 agus Airteagal 23 den Chairt a chur chun cinn. I gcomhréir le hAirteagal 13 den Chairt, ba cheart a áirithiú freisin go n-urramóidh na tíortha a fhaigheann cistí faoin gClár an tsaoirse acadúil.

    (65)

    Beidh feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Tá na rialacha sin leagtha síos sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta chun an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, sholáthar, dhuaiseanna agus chur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo chun freagracht gníomhaithe airgeadais a sheiceáil. I gcás ina mbeidh ranníocaíocht an Aontais i bhfoirm cnapshuimeanna, costas aonaid nó rátaí comhréidhe, ba cheart na leibhéil tacaíochta airgeadais a athbhreithniú go tráthrialta agus, más gá, iad a choigeartú i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, agus na costais mhaireachtála agus chothaithe sa tír óstach agus na costais taistil á gcur san áireamh, i gcás inarb iomchuí. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE, córas ginearálta coinníollachta le buiséad an Aontais a chosaint.

    (66)

    I gcomhréir le hAirteagal 193(2) de Rialachán Airgeadais, is féidir deontas a dhámhachtain i gcomhair gníomhaíocht atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, níl na costais arna dtabhú roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas incháilithe do mhaoiniú ón Aontas, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. I gcomhréir le hAirteagal 193(4) den Rialachán sin, níl na costais arna dtabhú roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas incháilithe do mhaoiniú ón Aontas ach oiread i gcás deontais oibriúcháin agus i gcás den sórt sin, tá an comhaontú deontais le síniú faoi cheann ceithre mhí ó thús bhliain airgeadais an tairbhí. Chun aon chur isteach ar thacaíocht ón Aontas a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais a sheachaint, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann foráil a dhéanamh sa chinneadh maoiniúcháin, le linn tréimhse teoranta ama ag tús CAI 2021-2027, agus i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, agus sna cásanna sin amháin, d’incháilitheacht gníomhaíochtaí agus costas ón 1 Eanáir 2021, fiú más rud é gur cuireadh na gníomhaíochtaí sin chun feidhme agus gur tabhaíodh na costais sular cuireadh isteach an t-iarratas ar dheontas.

    (67)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach ach gur fearr is féidir, mar gheall ar charachtar trasnáisiúnta an Chláir, méid mór agus forleathan raon feidhme geografach na ngníomhaíochtaí soghluaisteacht foghlama agus comhair arna gcistiú, a éifeachtaí maidir le rochtain ar shoghluaisteacht foghlama agus i gcoitinne ar lánpháirtiú an Aontais, agus gné idirnáisiúnta atreisithe an Chláir, iad a bhaint amach ar bhealach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán sin thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    (68)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

    (69)

    Chun leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus ionas go bhféadfar tús a chur leis an gcur chun feidhme ó thús CAI 2021-2027, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar

    Bunaítear leis an Rialachán seo Erasmus+, an clár do ghníomhaíocht an Aontais i réimsí an oideachais agus na hoiliúna, na hóige agus spóirt (an “Clár”) do thréimhse CAI 2021-2027.

    Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse ó 2021 go dtí 2027, foirmeacha an chistithe ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn “foghlaim ar feadh an tsaoil” foghlaim i ngach foirm, bíodh sí foirmiúil, seachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil a tharlaíonn ag gach céim den saol agus as a dtagann feabhas nó nuashonrú ar eolas, scileanna, inniúlachtaí agus dearcthaí nó rannpháirtíocht sa tsochaí ó thaobh pearsanta, sibhialta, cultúrtha, sóisialta nó atá bainteach le fostaíocht, lena n-áirítear seirbhísí comhairliúcháin agus treorach a chur ar fáil; airítear leis sin oideachas agus cúram na luath-óige, oideachas ginearálta, gairmoideachas agus gairmoiliúint, ardoideachas, oideachas aosach, obair óige agus dálaí foghlama eile a tharlaíonn lasmuigh d’oideachas agus d’oiliúint fhoirmiúil agus go hiondúil cuireann sé comhar trasearnála agus conair foghlama solúbtha chun cinn;

    (2)

    ciallaíonn “soghluaisteacht foghlama” bogadh go fisiceach go tír eile nach í an tír chónaithe í chun staidéar, oiliúint nó foghlaim sheachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil a ghabháil ar láimh;

    (3)

    ciallaíonn “foghlaim fhíorúil” eolas, scileanna agus inniúlachtaí a shealbhú trí úsáid a bhaint as uirlisí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide a ligeann do rannpháirtithe taithí foghlama fóinteach trasnáisiúnta nó idirnáisiúnta a bheith acu;

    (4)

    ciallaíonn “foghlaim sheachfhoirmiúil” foghlaim a bhíonn ar siúl lasmuigh den oideachas agus den oiliúint fhoirmiúil trí ghníomhaíochtaí pleanáilte i dtéarmaí cuspóirí foghlama agus am foghlama agus i gcás ina mbíonn foirm éigin de thacaíocht foghlama ann;

    (5)

    ciallaíonn “foghlaim neamhfhoirmiúil” foghlaim mar thoradh ar ghníomhaíochtaí laethúla agus ar thaithí laethúil nach bhfuil eagraithe ná struchtúraithe i dtéarmaí cuspóirí, ama nó tacaíochta foghlama; d’fhéadfadh sé a bheith neamhbheartaithe ó thaobh an fhoghlaimeora;

    (6)

    ciallaíonn “daoine óga” daoine atá idir trí bliana déag d’aois agus tríocha bliain d’aois;

    (7)

    ciallaíonn “spórt an phobail” gníomhaíochtaí fóillíochta fisiciúla arna gcleachtadh go rialta ar an leibhéal neamhghairmiúil ag daoine de gach aois, chun críocha sláinte, oideachais nó sóisialta;

    (8)

    ciallaíonn “mac léinn ardoideachais” duine atá cláraithe ag institiúid ardoideachais, lena n-áirítear ar leibhéal gearr-timthriallach, baitsiléara, máistreachta nó dochtúireachta nó a choibhéis, nó duine a bhfuil céim bainte amach le gairid acu ó institiúid den sórt sin ;

    (9)

    ciallaíonn “ball foirne” duine atá bainteach leis an oideachas, an oiliúint nó an oideachas sheachfhoirmiúil, bíodh sé ar bhonn gairmiúil nó deonach ar gach leibhéal, agus áirítear leis ollúna, múinteoirí, múinteoirí réamhscoile san áireamh, oiliúnóirí, ceannairí scoile, oibrithe don óige, baill foirne spóirt, baill foirne in oideachas agus i gcúram na luath-óige, baill foirne nach baill foirne oideachasúla iad agus cleachtóirí eile atá rannpháirteach ar bhonn rialta i gcur chun cinn na foghlama;

    (10)

    ciallaíonn “ball foirne spóirt” duine atá bainteach le teagasc, oiliúint agus bainistiú foirne spóirt nó lucht spóirt aonair, ar bhonn íoctha nó ar bhonn deonach;

    (11)

    ciallaíonn “foghlaimeoir gairmoideachais agus gairmoiliúna” duine atá cláraithe ar chlár gairmoideachais agus oiliúna tosaigh nó leanúnach ar aon leibhéal ó leibhéal na meánscoile go dtí leibhéal iar-mheánscoile nó duine a bhain céim amach nó a fuair cáilíocht le déanaí as clár den sórt sin;

    (12)

    ciallaíonn “dalta scoile” duine atá cláraithe i gcáil foghlama ag institiúid a sholáthraíonn oideachas ginearálta ar aon leibhéal ó oideachas agus cúram na luath-óige go dtí oideachas meánscoile uachtaraí, nó duine a fhaigheann a chuid scolaíochta nó a cuid scolaíochta lasmuigh de shuíomh institiúideach agus a mheasann na húdaráis inniúla a bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Chlár ina gcríocha faoi seach;

    (13)

    ciallaíonn “oideachas aosach” aon chineál oideachais nach gairmoideachas é d’aosaigh i ndiaidh an oideachais tosaigh, is cuma é a bheith de chineál foirmiúil, seachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil;

    (14)

    ciallaíonn “tríú tír” tír nach Ballstát í;

    (15)

    ciallaíonn “comhpháirtíocht” comhaontú idir grúpa institiúidí nó eagraíochtaí chun gníomhaíochtaí agus tionscadail chomhpháirteacha a chur i gcrích;

    (16)

    ciallaíonn “Comhchéim Mháistreachta Erasmus Mundus” clár comhtháite staidéir a chuireann dhá institiúid ardoideachais ar a laghad ar fáil a bhfuil teastas céime amháin nó níos mó mar thoradh air arna eisiúint agus arna shíniú ag gach ceann de na hinstitiúidí rannpháirteacha le chéile agus a aithnítear go hoifigiúil sna tíortha ina bhfuil na hinstitiúidí rannpháirteacha lonnaithe;

    (17)

    baineann “idirnáisiúnta” le haon ghníomhaíocht lena mbaineann tríú tír amháin ar a laghad nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár;

    (18)

    ciallaíonn “comhar fíorúil” aon fhoirm comhair lena n-úsáidtear uirlisí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide chun aon ghníomhaíochtaí ábhartha de chuid an Chláir a éascú agus chun tacú leo;

    (19)

    ciallaíonn “institiúid ardoideachais” institiúid ina dtairgtear, i gcomhréir le dlí nó cleachtadh náisiúnta, céimeanna aitheanta nó cáilíochtaí aitheanta eile ar leibhéal an oideachais threasaigh, beag beann ar an ainm a chuirtear ar an bhforas sin, nó institiúid inchomparáide tríú leibhéal eile a measann na húdaráis náisiúnta a bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Chlár ina gcríocha faoi seach;

    (20)

    baineann “trasnáisiúnta” le haon ghníomhaíocht lena mbaineann dhá thír ar a laghad ar Ballstáit nó ar tríú tíortha iad atá comhlachaithe leis an gClár;

    (21)

    ciallaíonn “gníomhaíocht um rannpháirtíocht óige” gníomhaíocht lasmuigh den oideachas foirmiúil agus den oiliúint fhoirmiúil arna déanamh ag grúpaí neamhfhoirmiúla daoine óga nó ag eagraíochtaí don óige, agus a bhfuil cur chuige um fhoghlaim sheachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil mar thréithe aici;

    (22)

    ciallaíonn “oibrí don óige” duine, ar bhonn gairmiúil nó deonach, atá páirteach san fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus a thacaíonn le daoine óga maidir lena bhforbairt shochoideachasúil agus ghairmiúil phearsanta agus lena n-inniúlachtaí a fhorbairt; áirítear leis sin daoine a dhéanann gníomhaíochtaí i réimse na hóige a phleanáil, a stiúradh, a chomhordú agus a chur chun feidhme;

    (23)

    Ciallaíonn “Idirphlé Óige an Aontais” an t-idirphlé idir daoine óga agus eagraíochtaí don óige agus lucht ceaptha beartais agus cinnteoireachta, chomh maith le saineolaithe, taighdeoirí agus gníomhaithe eile na sochaí sibhialta, de réir mar is iomchuí; fónann sé mar fhóram le haghaidh machnamh leanúnach comhpháirteach agus comhairliúchán maidir le tosaíochtaí, agus gach réimse atá ábhartha do dhaoine óga.

    (24)

    ciallaíonn “eintiteas dlítheanach” duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bunaíodh mar eintiteas dlítheanach agus a aithnítear mar eintiteas dlítheanach faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige agus a fhéadfaidh, ag gníomhú dó ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige faoi mar a thagraítear dó i bpointe (c) d’Airteagal 197(2) den Rialachán Airgeadais;

    (25)

    ciallaíonn “daoine ar lú na deiseanna atá acu” daoine, ar chúiseanna eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha, geografacha nó sláinte, mar gheall ar a gcúlra imirceach, nó ar chúiseanna amhail míchumas nó deacrachtaí oideachais nó ar aon chúis eile, lena n-áirítear cúis a bhféadadh idirdhealú faoi Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh eascairt aisti, a mbíonn bacainní rompu a chuireann cosc orthu rochtain éifeachtach a bheith acu ar dheiseanna faoin gClár;

    (26)

    ciallaíonn “údarás náisiúnta” údarás amháin nó níos mó atá i gceannas, ar an leibhéal náisiúnta, ar fhaireachán agus ar mhaoirseacht a dhéanamh ar bhainistiú an Chláir i mBallstát nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár;

    (27)

    ciallaíonn “gníomhaireacht náisiúnta” comhlacht amháin nó níos mó a bhfuil bainistiú chur chun feidhme an Chláir ar leibhéal náisiúnta de chúram air i mBallstát nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár.

    (28)

    ciallaíonn “eagraíocht nuathagtha” eagraíocht nó institiúid nach bhfuil tacaíocht faighte aici roimhe seo i ngníomhaíocht de chineál áirithe arna thacú faoin gClár nó faoi Chlár 2014-2020, bíodh sin mar chomhordaitheoir nó mar chomhpháirtí.

    Airteagal 3

    Cuspóirí an Chláir

    1.   Is é aidhm an Chláir tacú, trí fhoghlaim ar feadh an tsaoil, le forbairt oideachasúil, ghairmiúil agus phearsanta daoine i réimsí an oideachais agus na hoiliúna, na hóige agus spóirt, san Eoraip agus lastall di, agus rannchuidiú ar an gcaoi sin le fás inbhuanaithe, le poist mhaithe agus le comhtháthú sóisialta, leis an nuálaíocht a spreagadh, agus le féiniúlacht Eorpach agus rannpháirtíocht ghníomhach a neartú. Beidh an Clár ina phríomhionstraim le haghaidh Limistéar Oideachais Eorpach a fhorbairt, a thacóidh le cur chun feidhme an chomhair straitéisigh Eorpaigh i réimse an oideachais agus na hoiliúna, lena n-áirítear a chláir oibre earnála bhunúsacha, comhar um beartas óige a chur chun cinn faoi Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 agus an ghné Eorpach sa spórt a fhorbairt.

    2.   Is iad na cuspóirí sonracha seo a leanas atá le cur chun cinn ag an gClár:

    (a)

    soghluaisteacht foghlama daoine aonair agus grúpaí, agus comhar, cáilíocht, cuimsiú agus cothromas, barr feabhais, cruthaitheacht agus nuálaíocht ar leibhéal eagraíochtaí agus beartas i réimse an oideachais agus na hoiliúna;

    (b)

    soghluaisteacht foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla agus rannpháirtíocht ghníomhach i measc daoine óga, agus comhar, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuálaíocht ar leibhéal eagraíochtaí agus beartas i réimse na hóige;

    (c)

    soghluaisteacht foghlama baill foirne spóirt agus comhar, cáilíocht, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuálaíocht ar leibhéal eagraíochtaí spóirt agus beartais spóirt.

    3.   Saothrófar cuspóirí an Chláir trí na trí phríomhghníomh seo a leanas ag a bhfuil carachtar trasnáisiúnta nó idirnáisiúnta den chuid is mó:

    (a)

    soghluaisteacht foghlama (“príomhghníomhaíocht 1”);

    (b)

    comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí (“príomhghníomhaíocht 2”); agus

    (c)

    tacaíocht d’fhorbairt beartas agus do chomhar (“príomhghníomhaíocht 3”);

    Saothrófar cuspóirí an Chláir freisin trí ghníomhaíochtaí Jean Monnet de réir mar a leagtar amach in Airteagal 8.

    Leagtar amach na gníomhaíochtaí arna dtacú faoin gClár i gCaibidlí II (oideachas agus oiliúint), III (an óige) agus IV (spórt). Tá an tuairisc ar na gníomhaíochtaí sin leagtha amach in Iarscríbhinn I. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 chun an Iarscríbhinn sin a leasú trí chur le tuairiscí na ngníomhaíochtaí, i gcás inar gá, chun dul in oiriúint do na forbairtí sna réimsí ábhartha.

    Airteagal 4

    Breisluach Eorpach

    1.   Ní thacóidh an Clár ach leis na gníomhaíochtaí agus na gníomhaíochtaí sin a d’fhéadfadh breisluach Eorpach a chur ar fáil agus a rannchuidíonn le cuspóirí an Chláir a leagtar síos in Airteagal 3 a bhaint amach.

    2.   Áiritheofar breisluach Eorpach a bhaineann le gníomhaíochtaí agus gníomhaíochtaí an Chláir, mar shampla trí na nithe seo a leanas dá gcuid:

    (a)

    an ghné thrasnáisiúnta, go háirithe maidir le soghluaisteacht foghlama agus comhar atá dírithe ar thionchar sistéamach inbhuanaithe a bhaint amach;

    (b)

    comhlántacht agus sineirgí le cláir agus beartais eile ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;

    (c)

    an méid a rannchuidíonn siad le huirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais a úsáid go héifeachtach.

    CAIBIDIL II

    OIDEACHAS AGUS GAIRMOILIÚINT

    Airteagal 5

    Príomhghníomhaíocht 1 Soghluaisteacht foghlama

    1.   I réimse an oideachais agus na hoiliúna, tacóidh an Clár leis na gníomhaíochtaí seo a leanas faoi phríomhghníomhaíocht 1:

    (a)

    soghluaisteacht foghlama san ardoideachas idir mhic léinn agus bhaill foirne;

    (b)

    soghluaisteacht foghlama i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint idir fhoghlaimeoirí agus bhaill foirne;

    (c)

    soghluaisteacht foghlama ar scoil idir dhaltaí agus bhaill foirne;

    (d)

    soghluaisteacht foghlama na bhfoghlaimeoirí san oideachas aosach agus na mball foirne san oideachas aosach.

    2.   Féadfaidh an fhoghlaim fhíorúil agus bearta amhail tacaíocht teanga, cuairteanna ullmhúcháin, oiliúint agus comhar fíorúil a bheith ag gabháil leis an tsoghluaisteacht foghlama faoin Airteagal seo. Féadfar an fhoghlaim fhíorúil a chur in ionad na soghluaisteachta foghlama do na daoine sin nach bhfuil in ann páirt a ghlacadh sa tsoghluaisteacht foghlama.

    Airteagal 6

    Príomhghníomhaíocht 2 Comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí

    I réimse an oideachais agus na hoiliúna, tacóidh an Clár leis na gníomhaíochtaí seo a leanas faoi phríomhghníomhaíocht 2:

    (a)

    comhpháirtíochtaí le haghaidh comhair agus malartú cleachtas, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí ar mhionscála, chun rochtain níos leithne agus níos cuimsithí ar an gClár a chothú;

    (b)

    comhpháirtíochtaí barr feabhais, go háirithe Ollscoileanna Eorpacha, ardáin le haghaidh ionaid bharr feabhais gairme agus Comhchéimeanna Máistreachta Erasmus Mundus;

    (c)

    comhpháirtíochtaí um nuálaíocht chun acmhainneacht nuálaíochta na hEorpa a neartú;

    (d)

    ardáin agus uirlisí ar líne atá furasta le húsáid le haghaidh comhar fíorúil lena n-áirítear seirbhísí tacaíochta le haghaidh Ríomhnasctha agus an Ardáin Leictreonaigh le haghaidh Foghlaim Aosach san Eoraip, agus uirlisí chun soghluaisteacht foghlama a éascú, lena n-áirítear tionscnamh an Chárta Mic Léinn Eorpaigh.

    Airteagal 7

    Príomhghníomhaíocht 3 Tacaíocht d’fhorbairt beartas agus do chomhar

    I réimse an oideachais agus na hoiliúna, tacóidh an Clár leis na gníomhaíochtaí seo a leanas faoi phríomhghníomhaíocht 3:

    (a)

    ullmhú agus cur chun feidhme chláir oibre beartais ghinearálta earnála an Aontais i réimsí an oideachais agus na hoiliúna, lena n-áirítear le tacaíocht ó líonra Eurydice nó ó ghníomhaíochtaí eagraíochtaí ábhartha eile agus an tacaíocht do Phróiseas Bologna;

    (b)

    uirlisí agus bearta an Aontais lena gcothaítear an cháilíocht, an trédhearcacht agus aitheantas ar inniúlachtaí, ar scileanna agus ar cháilíochtaí (30);

    (c)

    caidreamh beartais agus comhar le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear líonraí uile-Aontais, eagraíochtaí Eorpacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta i réimse an oideachais agus na hoiliúna;

    (d)

    bearta lena rannchuidítear le cur chun feidhme ardcháilíochta agus cuimsitheach an Chláir;

    (e)

    comhar le hionstraimí eile de chuid an Aontais mar aon le tacaíocht do bheartais eile de chuid an Aontais;

    (f)

    gníomhaíochtaí scaipthe agus múscailte feasachta faoi thorthaí agus tosaíochtaí na mbeartas Eorpach agus faoin gClár.

    Airteagal 8

    Gníomhaíochtaí Jean Monnet

    Tacóidh an Clár le teagasc, foghlaim, taighde agus díospóireachtaí maidir le cúrsaí a bhaineann le lánpháirtiú Eorpach, lena n-áirítear na dúshláin agus na deiseanna a bheidh ann don Aontas amach anseo, trí na gníomhaíochtaí seo a leanas:

    (a)

    gníomhaíocht Jean Monnet i réimse an ardoideachais;

    (b)

    gníomhaíocht Jean Monnet i réimsí eile oideachais agus oiliúna;

    (c)

    tacaíocht do na hinstitiúidí seo a leanas a bhfuil aidhm leasa Eorpaigh á saothrú acu: an Institiúid Ollscoile Eorpach, Flórans, lena n-áirítear Scoil Rialachais Thrasnáisiúnaigh na hOllscoile; Coláiste na hEorpa (campais Bruges agus Natolin); an Institiúid Eorpach um Riarachán Poiblí, Maastricht; Acadamh an Dlí Eorpaigh, Trier; an Ghníomhaireacht Eorpach um Oideachas i dtaca le Riachtanais Speisialta agus um Oideachas Cuimsitheach, Odense; agus an tIonad Idirnáisiúnta d’Oiliúint Eorpach, Nice.

    CAIBIDIL III

    AN ÓIGE

    Airteagal 9

    Príomhghníomhaíocht 1 Soghluaisteacht foghlama

    1.   I réimse na hóige, tacóidh an Clár leis na gníomhaíochtaí seo a leanas faoi phríomhghníomhaíocht 1:

    (a)

    soghluaisteacht foghlama daoine óga;

    (b)

    gníomhaíochtaí rannpháirtíochta don óige;

    (c)

    gníomhaíochtaí DiscoverEU;

    (d)

    soghluaisteacht foghlama oibrithe don óige.

    (2)   Féadfaidh an fhoghlaim fhíorúil agus bearta amhail tacaíocht teanga, cuairteanna ullmhúcháin, oiliúint agus comhar fíorúil a bheith ag gabháil le gníomhaíochtaí faoi mhír 1. Féadfar foghlaim fhíorúil a chur in ionad na soghluaisteachta foghlama do na daoine sin nach bhfuil in ann páirt a ghlacadh sa soghluaisteacht foghlama.

    Airteagal 10

    Príomhghníomhaíocht 2 Comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí

    I réimse na hóige, tacóidh an Clár leis na gníomhaíochtaí seo a leanas faoi phríomhghníomhaíocht 2:

    (a)

    comhpháirtíochtaí le haghaidh comhair agus malartú cleachtas, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí ar mhionscála chun rochtain níos leithne agus níos cuimsithí ar an gClár a chothú;

    (b)

    comhpháirtíochtaí um nuálaíocht chun acmhainneacht nuálaíochta na hEorpa a neartú;

    (c)

    ardáin agus uirlisí soláimhsithe ar líne le haghaidh comhar fíorúil.

    Airteagal 11

    Príomhghníomhaíocht 3 Tacaíocht d’fhorbairt beartas agus do chomhar

    I réimse na hóige, tacóidh an Clár leis na gníomhaíochtaí seo a leanas faoi phríomhghníomhaíocht 3:

    (a)

    clár oibre beartas an Aontais maidir leis an óige a ullmhú agus a chur chun feidhme, le tacaíocht, mar is ábhartha, ó líonra Youth Wiki;

    (b)

    uirlisí agus bearta an Aontais lena gcothaítear cáilíocht, trédhearcacht agus aitheantas ar inniúlachtaí agus ar scileanna, go háirithe trí Youthpass;

    (c)

    idirphlé beartais agus comhar le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear líonraí uile-Aontais, eagraíochtaí Eorpacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta i réimse na hóige, Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh agus tacaíocht d’Fhóram Eorpach na nÓg;

    (d)

    bearta lena rannchuidítear le cur chun feidhme ardcháilíochta cuimsitheach an Chláir, lena n-áirítear tacaíocht do Líonra Eurodesk;

    (e)

    comhar le hionstraimí eile de chuid an Aontais mar aon le tacaíocht do bheartais eile de chuid an Aontais;

    (f)

    gníomhaíochtaí scaipthe agus múscailte feasachta faoi thorthaí agus tosaíochtaí na mbeartas Eorpach agus faoin gClár.

    CAIBIDIL IV

    SPÓRT

    Airteagal 12

    Príomhghníomhaíocht 1 Soghluaisteacht foghlama

    1.   I réimse an spóirt, tacóidh an Clár le soghluaisteacht foghlama na foirne spóirt faoi phríomhghníomhaíocht 1.

    2.   Féadfaidh an fhoghlaim fhíorúil agus bearta amhail tacaíocht teanga, cuairteanna ullmhúcháin, oiliúint agus comhar fíorúil a bheith ag gabháil leis an tsoghluaisteacht foghlama faoin Airteagal seo. Féadfar an fhoghlaim fhíorúil a chur in ionad na soghluaisteachta foghlama do na daoine sin nach bhfuil in ann páirt a ghlacadh sa tsoghluaisteacht foghlama.

    Airteagal 13

    Príomhghníomhaíocht 2 Comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí

    Sa réimse spóirt, tacóidh an Clár leis na gníomhaíochtaí a leanas faoi phríomhghníomhaíocht 2:

    (a)

    comhpháirtíochtaí le haghaidh comhair agus malartú cleachtas, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí ar mhionscála chun rochtain níos leithne agus níos cuimsithí ar an gClár a chothú;

    (b)

    imeachtaí neamhbhrabúis spórt arb é is aidhm leo gné Eorpach an spóirt a fhorbairt a fhorbairt thuilleadh agus saincheisteanna a bhaineann le spórt an phobail a chur chun cinn.

    Airteagal 14

    Príomhghníomhaíocht 3 Tacaíocht d’fhorbairt beartas agus do chomhar

    I réimse an spóirt, tacóidh an Clár leis na gníomhaíochtaí a leanas faoi phríomhghníomhaíocht 3:

    (a)

    clár oibre beartas an Aontais maidir le spórt agus gníomhaíocht fhisiciúil a ullmhú agus a chur chun feidhme;

    (b)

    idirphlé beartais agus comhar le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear eagraíochtaí Eorpacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta sa réimse spóirt;

    (c)

    bearta lena rannchuidítear le cur chun feidhme ardcháilíochta agus cuimsitheach an Chláir;

    (d)

    comhar le hionstraimí eile de chuid an Aontais mar aon le tacaíocht do bheartais eile de chuid an Aontais;

    (e)

    gníomhaíochtaí scaipthe agus múscailte feasachta faoi thorthaí agus tosaíochtaí na mbeartas Eorpach agus faoin gClár.

    CAIBIDIL V

    CUIMSIÚ

    Airteagal 15

    Straitéis maidir le cuimsiú

    Déanfaidh an Coimisiún, faoin 29 Samhain 2021, creat a fhorbairt i ndáil le bearta maidir le cuimsiú chun rátaí rannpháirtíochta a mhéadú i measc daoine ar lú na deiseanna atá acu, chomh maith le treoir maidir le cur chun feidhme na mbeart sin. Déanfar an treoir sin a nuashonrú de réir mar is gá le linn thréimhse an Chláir. Bunaithe ar an gcreat maidir le bearta cuimsithe, agus aird ar leith á tabhairt ar dhúshláin shonracha maidir le rochtain ar an gClár sna comhthéacsanna náisiúnta, forbrófar pleananna gníomhaithe maidir le cuimsiú agus beidh siad mar chuid lárnach de chláir oibre na ngníomhaireachtaí náisiúnta. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta sin maidir le cuimsiú ar bhonn rialta.

    Airteagal 16

    Bearta tacaíochta airgeadais um chuimsiú

    1.   Áiritheoidh an Coimisiún, i gcás inarb ábhartha, go ndéanfar bearta tacaíochta airgeadais, lena n-áirítear réamh-mhaoiniú, a chur ar bun chun rannpháirtíocht daoine ar lú na deiseanna atá acu a éascú, go háirithe iad siúd a gcuirtear bac ar a rannpháirtíocht ar chúiseanna airgeadais. Beidh leibhéal na tacaíochta bunaithe ar chritéir oibiachtúla.

    2.   Chun rochtain a fheabhsú do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu agus chun cur chun feidhme rianúil an Chláir a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, na deontais a choigeartú nó na gníomhaireachtaí náisiúnta a údarú chun iad a choigeartú chun tacú le soghluaisteacht foghlama faoin gClár.

    3.   Maidir le costais na mbeart chun cuimsiú a éascú nó chun tacú leis, ní bheidh siad ina n-údar maith le diúltú d’iarratas faoin gClár.

    CAIBIDIL VI

    FORÁLACHA AIRGEADAIS

    Airteagal 17

    Buiséad

    1.   Is é EUR 24 574 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ó 2021 go dtí 2027.

    2.   Mar thoradh ar an gcoigeartú a bhaineann go sonrach leis an gClár dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, déanfar an méid a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a mhéadú le leithdháileadh breise de EUR 1 700 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 mar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

    3.   Maidir leis an méid a leagtar amach i mír 1, seo a leanas a dháileadh táscach:

    (a)

    EUR 20 396 420 000, arb ionann é agus 83 % den mhéid a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, do ghníomhaíochtaí i réimse an oideachais agus na hoiliúna faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagail 5 go 8, arna leithdháileadh mar a leanas:

    (i)

    EUR 7 057 161 320, ar a laghad, arb ionann é agus 34,6 % den mhéid iomlán a leagtar amach i bpointe (a) den mhír seo, ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 5(1) agus do ghníomhaíochtaí mar a thagraítear dóibh i bpointe (a) d’Airteagal 6 a dhéantar i réimse an ardoideachais;

    (ii)

    EUR 4 385 230 300, ar a laghad, arb ionann é agus 21,5 % den mhéid iomlán a leagtar amach i bpointe (a) den mhír seo, do ghníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5(1) agus do ghníomhaíochtaí mar a thagraítear dóibh i bpointe (a) d’Airteagal 6 a dhéantar i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna;

    (iii)

    EUR 3 100 255 840, ar a laghad, arb ionann é agus 15,2 % den mhéid iomlán a leagtar amach i bpointe (a) den mhír seo, do ghníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 5(1) agus do ghníomhaíochtaí mar a thagraítear dóibh i bpointe (a) d’Airteagal 6 a dhéantar i réimse an oideachais scoile;

    (iv)

    EUR 1 182 992 360, ar a laghad, arb ionann é agus 5,8 % den mhéid iomlán a leagtar amach i bpointe (a) den mhír seo, do ghníomhaíochtaí ardoideachais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 5(1) agus do ghníomhaíochtaí mar a thagraítear dóibh i bpointe (a) d’Airteagal 6 a dhéantar i réimse an ardoideachais;

    (v)

    EUR 367 135 560, ar a laghad, arb ionann é agus 1,8 % den mhéid iomlán a leagtar amach i bpointe (a) den mhír seo, do ghníomhaíochtaí Jean Monnet mar a thagraítear dóibh in Airteagal 8;

    (vi)

    EUR 3 467 391 400, ar a laghad, arb ionann é agus 17 % den mhéid iomlán a leagtar amach i bpointe (a) den mhír seo, do ghníomhaíochtaí a bhainistítear go díreach den chuid is mó agus do ghníomhaíochtaí cothrománacha mar a thagraítear dóibh in Airteagal 5(2), i bpointí (b), (c) agus (d) d’Airteagal 6 agus in Airteagal 7;

    (vii)

    EUR 836 253 220, arb ionann é agus 4,1 % den mhéid iomlán a leagtar amach i bpointe (a) den mhír, do chorrlach solúbthachta is féidir a úsáid chun tacú le haon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i gCaibidil II.

    (b)

    EUR 2 531 122 000, arb ionann é agus 10,3 % den mhéid a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, do ghníomhaíochtaí i réimse na hóige mar a thagraítear dóibh in Airteagail 9, 10 agus 11;

    (c)

    EUR 466 906 000, arb ionann é agus 1,9 % den mhéid a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, do ghníomhaíochtaí i réimse an spóirt mar a thagraítear dóibh in Airteagail 12, 13 agus 14;

    (d)

    EUR 810 942 000, arb ionann é agus 3,3 % den mhéid a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, mar ranníocaíocht do chostas oibríochtúil na ngníomhaireachtaí náisiúnta; agus

    (e)

    EUR 368 610 000, arb ionann é agus 1,5 % den mhéid a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, do thacaíocht don Chlár.

    4.   Cuirfear an leithdháileadh breise i mír 2 chun feidhme i gcomhréir leis an dáileadh táscach a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, ar bhonn pro-rata.

    5.   Anuas ar na méideanna a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, agus chun gné idirnáisiúnta an Chláir a chur chun cinn, cuirfear rannchuidiú airgeadais breise ar fáil ó Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta -an Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle agus ó Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim le haghaidh Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) chun tacú le gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme agus a bhainistítear i gcomhréir leis an Rialachán seo. Maoineofar an ranníocaíocht sin i gcomhréir leis na Rialacháin lena mbunaítear na hionstraimí sin.

    6.   Leithdháilfear na cistí atá le bainistiú ag gníomhaireachtaí náisiúnta ar bhonn an daonra agus an chostais mhaireachtála sa Bhallstát lena mbaineann, an fhaid idir príomhchathracha na mBallstát agus feidhmíochta. Déanfaidh an Coimisiún na critéir agus na foirmlí bunúsacha a shonrú a thuilleadh sa chlár oibre, dá dtagraítear in Airteagal 22. A mhéid is féidir, déanfar laghduithe móra ar an mbuiséad bliantúil a leithdháiltear ar na Ballstáit ó bhliain go chéile a sheachaint leis na foirmlí sin agus déanfar neamhchothromaíochtaí iomarcacha i leibhéal na gcistí a leithdháiltear a íoslaghdú leo. Is ar bhonn na feidhmíochta a leithdháilfear na cistí chun úsáid éifeachtúil agus éifeachtach acmhainní a chur chun cinn. Is ar na sonraí is déanaí atá ar fáil a bhunófar na critéir as a mbaintear feidhm chun feidhmíocht a thomhas.

    7.   Féadfar na méideanna a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

    8.   Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an gClár, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 26 de Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste um Aistriú Cóir, leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus na rialacha airgeadais dóibh siúd agus don Chiste Tearmainn, Imirce agus Lánpháirtíochta, don Chiste Slándála Inmheánaí agus don Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (“Rialachán na bhForálacha Coiteanna do 2021-2027”). Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann.

    Airteagal 18

    Foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus modhanna cur chun feidhme

    1.   Cuirfear an Clár chun feidhme, ar bhealach comhsheasmhach, faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó faoi bhainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán sin.

    2.   Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe i bhfoirm deontais, duaiseanna agus soláthair.

    3.   Féadfaidh ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh an baol a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag Airteagal 37(7) de Rialachán (AE) 2021/695.

    CAIBIDIL VII

    RANNPHÁIRTÍOCHT SA CHLÁR

    Airteagal 19

    Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

    1.   Féadfaidh na tríú tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach sa Chlár:

    (a)

    comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

    (b)

    tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach, nó i gcomhaontuithe comhchosúla, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

    (c)

    tíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach, nó i gcomhaontuithe comhchosúla, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

    (d)

    tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:

    (i)

    go n-áirithítear leis an gcomhaontú sin cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá páirteach i gcláir an Aontais;

    (ii)

    go leagtar síos leis an gcomhaontú sin coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí le cláir aonair agus lena gcostais riaracháin.

    (iii)

    nach dtugtar leis an gcomhaontú aon chumhacht cinnteoireachta don tríú tír i leith chlár an Aontais;

    (iv)

    go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

    Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (d)(ii) den chéad fhomhír.

    2.   Ní fhéadfaidh na tíortha a liostaítear i mír 1 a bheith rannpháirteach sa Chlár ach ina iomláine agus ar choinníoll go gcomhlíonann siad na hoibleagáidí uile a fhorchuirtear ar na Ballstáit leis an Rialachán seo.

    Airteagal 20

    Tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár

    I gcásanna a bhfuil údar cuí leo chun leas an Aontais, féadfaidh eintitis dhlítheanacha ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Chláir dá dtagraítear in Airteagail 5 go 7, i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 8 agus in Airteagail 9 go 14 chomh maith.

    Airteagal 21

    Rialacha is infheidhme maidir le bainistiú díreach agus bainistiú indíreach

    1.   Féadfaidh eintitis dhlítheanacha phoiblí agus phríobháideacha atá gníomhach i réimsí an oideachais agus na hoiliúna, na hóige agus spóirt a bheith rannpháirteach sa Chlár.

    2.   Le haghaidh roghnúchán faoi bhainistíocht dhíreach agus neamhdhíreach araon, féadfaidh saineolaithe seachtracha a bheith ina gcomhaltaí den choiste meastóireachta dá bhforáiltear sa tríú fomhír d’Airteagal 150(3) den Rialachán Airgeadais,

    3.   Eintitis dhlítheanacha phoiblí, agus institiúidí agus eagraíochtaí i réimsí an oideachais agus na hoiliúna, na hóige agus spóirt a bhfuil os cionn 50 % dá n-ioncam bliantúil faighte acu ó fhoinsí poiblí le dhá bhliain anuas, measfar go bhfuil an acmhainneacht airgeadais, gairmiúil agus riaracháin riachtanach acu chun gníomhaíochtaí faoin gClár a chur i gcrích. Ní bheidh sé de cheangal orthu doiciméid eile a chur ar fáil chun an acmhainneacht sin a léiriú.

    4.   Féadfaidh an Coimisiún iarraidh i gcomhar le tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár nó lena gcuid eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí a sheoladh chun tionscadail a mhaoiniú ar bhonn cistí comhfhreagracha. Féadfar meastóireacht a dhéanamh ar thionscadail agus iad a roghnú trí nósanna imeachta comhpháirteacha meastóireachta agus roghnúcháin atá le comhaontú ag na heagraíochtaí nó ag na gníomhaireachtaí cistiúcháin lena mbaineann, i gcomhlíonadh na bprionsabal a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais.

    CAIBIDIL VIII

    CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT

    Airteagal 22

    Clár oibre

    Cuirfear an Clár chun feidhme trí bhíthin clár oibre mar a thagraítear dóibh in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais. Tabharfar le fios sna cláir oibre an méid a leithdháilfear ar gach gníomhaíocht agus maidir le dáileadh na gcistí idir na Ballstáit agus tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár i gcás na ngníomhaíochtaí atá le bainistiú ag an ngníomhaireacht náisiúnta. Glacfaidh an Coimisiún cláir oibre trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34.

    Airteagal 23

    Faireachán agus tuairisciú

    1.   Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir i dtreo na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.

    2.   Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Chláir i dtreo a chuspóirí a bhaint amach, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 chun Iarscríbhinn II a leasú, i gcás inar gá, i dtaca leis na táscairí, i gcomhréir le cuspóirí an Chláir, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

    3.   Áiritheoidh an córas tuairiscithe feidhmíochta go mbeidh na sonraí chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chláir agus ar an meastóireacht a dhéanfar ar an gClár á mbailiú go héifeachtúil, go héifeachtach, go tráthúil agus ar leibhéal mionsonraí cuí.

    Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar thairbhithe cistí ón Aontas, agus, i gcás inarb iomchuí, ar Bhallstáit.

    Airteagal 24

    Meastóireacht

    1.   Déanfar meastóireachtaí go tráthúil ionas go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

    2.   A luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2024 déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach ar an gClár. Beidh meastóireacht deiridh ar Chlár 2014-2020 ag gabháil leis an meastóireacht eatramhach, agus cuirfidh sé sin leis an meastóireacht eatramhach. Sa mheastóireacht eatramhach ar an gClár, déanfar measúnú ar éifeachtacht agus feidhmíocht fhoriomlán an Chláir, lena n-áirítear maidir le tionscnaimh nua, agus cur i gcrích na mbeart cuimsiúcháin agus simpliúcháin.

    3.   Gan dochar do na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil IX agus do na hoibleagáidí atá ar na ngníomhaireachtaí náisiúnta a leagtar amach in Airteagal 27, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Bealtaine 2024 maidir le cur chun feidhme agus tionchar an Chláir ina gcríocha faoi seach.

    4.   I gcás inarb iomchuí, agus ar bhonn na meastóireachta eatramhaí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach ar aghaidh chun an Rialachán seo a leasú.

    5.   Ag deireadh thréimhse chur chun feidhme an Chláir, ach, i gcás ar bith tráth nach déanaí 31 Nollaig 2031, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar thorthaí agus ar thionchar an Chláir.

    6.   Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí a dhéantar faoin Airteagal seo, lena n-áirítear an mheastóireacht eatramhach, chomh maith lena bharúlacha féin, in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

    CAIBIDIL IX

    FAISNÉIS, CUMARSÁID AGUS SCAIPEADH

    Airteagal 25

    Faisnéis, cumarsáid agus scaipeadh

    1.   I gcomhar leis an gCoimisiún, déanfaidh na gníomhaireachtaí náisiúnta straitéis chomhsheasmhach a fhorbairt maidir le for-rochtain éifeachtach agus maidir le scaipeadh agus saothrú thorthaí na ngníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoi na gníomhaíochtaí ar a ndéanann siad bainistiú laistigh den Chlár. Tabharfaidh na gníomhaireachtaí náisiúnta cúnamh don Choimisiún ina chúram ginearálta maidir le faisnéis faoin gClár a scaipeadh, lena n-áirítear faisnéis i dtaca le gníomhaíochtaí agus gníomhaíochtaí arna mbainistiú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus i dtaca lena thorthaí. Cuirfidh gníomhaireachtaí náisiúnta na spriocghrúpaí ábhartha ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí agus na gníomhaíochtaí a dhéantar ina dtíortha faoi seach.

    2.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe sin ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

    3.   Is é “Erasmus+” an t-ainm branda a mbainfidh na heintitis dhlítheanacha sna hearnálacha a chumhdaítear leis an gClár feidhm as chun críche an fhaisnéis a bhaineann leis an gClár a chur in iúl agus a scaipeadh.

    4.   Cuirfidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun feidhme a bhaineann leis an gClár, leis na gníomhaíochtaí a dhéantar de bhun an Chláir seo agus leis na torthaí a fhaightear. Áiritheoidh an Coimisiún, i gcás inarb ábhartha, go mbeidh torthaí an Chláir ar fáil don phobal agus go scaipfear go forleathan iad, chun malartú na gcleachtas is fearr a chur chun cinn i measc geallsealbhóirí agus thairbhithe an Chláir.

    5.   Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3.

    CAIBIDIL IX

    CÓRAS BAINISTÍOCHTA AGUS INIÚCHÓIREACHTA

    Airteagal 26

    Údarás náisiúnta

    1.   Faoin 29 Meitheamh 2021, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, trí fhógra fhoirmiúil arna sheachadadh ag a mBuanionadaíocht, an duine nó na daoine atá údaraithe de réir an dlí chun gníomhú thar a gceann mar an údarás náisiúnta chun críoch an Rialacháin seo. I gcás chur in ionad údaráis náisiúnta le linn an Chláir, tabharfaidh an Ballstát ábhartha fógra láithreach don Choimisiún faoin méid sin i gcomhréir leis an nós imeachta céanna.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá agus is iomchuí chun deireadh a chur le haon bhacainní dlí agus riaracháin ar fheidhmiú cuí an Chláir, lena n-áirítear, i gcás inar féidir sin, bearta a bheidh dírithe ar réiteach saincheisteanna as a n-eascraíonn deacrachtaí le víosaí nó ceadanna cónaithe a fháil.

    3.   Faoin 29 Lúnasa 2021, ainmneoidh an t-údarás náisiúnta gníomhaireacht náisiúnta do thréimhse an Chláir. Ní dheanfaidh údarás náisiúnta aireacht a ainmniú mar ghníomhaireacht náisiúnta. Féadfaidh údaráis náisiúnta níos mó ná gníomhaireacht náisiúnta amháin a ainmniú. I gcásanna inarb ann do níos mó ná gníomhaireacht náisiúnta amháin, bunóidh na Ballstáit sásra cuí chun an bainistiú ar chur chun feidhme an Chláir ar an leibhéal náisiúnta a chomhordú, go háirithe d’fhonn cur chun feidhme comhleanúnach costéifeachtúil an Chláir a áirithiú chomh maith le teagmháil éifeachtach leis an gCoimisiún i ndáil leis sin, agus d’fhonn a éascú go bhféadfaí cistí a aistriú idir gníomhaireachtaí náisiúnta, agus ar an gcaoi sin solúbthacht agus úsáid níos fearr a bhaint as na cistí a leithdháiltear ar na Ballstáit a cheadú. Cinnfidh gach Ballstát conas a eagróidh sé an caidreamh atá aige idir a údarás náisiúnta agus an ghníomhaireacht náisiúnta, lena n-áirítear cúraimí amhail clár oibre bliantúil na gníomhaireachta náisiúnta a bhunú. Cuirfidh an t-údarás náisiúnta measúnú ex-ante ar chomhlíonadh oiriúnach ar fáil don Choimisiún lena gcuirfear in iúl go gcomhlíonann an t-údarás náisiúnta pointe (c)(v) nó (vi) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) agus Airteagal 154(1) go (5) den Rialachán Airgeadais chomh maith le ceanglais an Aontais i ndáil le caighdeáin rialála inmheánacha do ghníomhaireachtaí náisiúnta agus rialacha le haghaidh bhainistiú cistí an Chláir do thacaíocht deontais.

    4.   Ainmneoidh an t-údarás náisiúnta comhlacht neamhspleách iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 29.

    5.   Bunóidh an t-údarás náisiúnta a mheasúnú ar chomhlíonadh ex-ante ar a rialuithe agus ar a iniúchtaí féin nó ar rialuithe agus ar iniúchtaí arna ndéanamh ag an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 29. I gcás inarb ionann an t-údarás náisiúnta a ainmnítear i dtaca leis an gClár agus an t-údarás náisiúnta a ainmníodh i dtaca le Clár 2014-2020, beidh raon feidhme an mheasúnaithe ex-ante ar chomhlíonadh teoranta do na ceanglais atá nua agus is sonrach don Chlár, mura bhfuil údar cuí lena mhalairt.

    6.   Sa chás go ndiúltaíonn an Coimisiún d’ainmniú na gníomhaireachta náisiúnta bunaithe ar a meastóireacht ar an measúnú ex-ante ar chomhlíonadh, nó mura gcomhlíonann an ghníomhaireacht náisiúnta na ceanglais íosta atá leagtha síos ag an gCoimisiún, áiritheoidh an t-údarás náisiúnta go nglacfar na céimeanna feabhais atá riachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an ghníomhaireacht náisiúnta na ceanglais íosta, nó ainmneoidh sé comhlacht eile mar ghníomhaireacht náisiúnta.

    7.   Déanfaidh an t-údarás náisiúnta faireachán agus maoirseacht ar bhainistíocht an Chláir ar an leibhéal náisiúnta. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas agus rachaidh sé i gcomhairle leis in am trátha sula nglacfaidh sé aon chinneadh a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar bhainistiú an Chláir, go háirithe maidir lena ghníomhaireacht náisiúnta.

    8.   Soláthróidh an t-údarás náisiúnta cómhaoiniú leormhaith i gcomhair oibríochtaí a ghníomhaireachta náisiúnta lena áirithiú go ndéanfar an Clár a bhainistiú i dtaca leis na rialacha Aontais is infheidhme.

    9.   Bunaithe ar dhearbhú bliantúil bhainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta, ar an tuairim neamhspleách iniúchóireachta ina thaobh agus ar anailís an Choimisiúin ar chomhlíonadh agus ar fheidhmíocht an údaráis náisiúnta, soláthróidh an t-údarás náisiúnta faisnéis maidir lena ghníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta i dtaca leis an gClár don Choimisiún gach bliain.

    10.   Glacfaidh an t-údarás náisiúnta freagracht as bainistíocht chuí chistí an Aontais a aistríonn an Coimisiún chuig an ngníomhaireacht náisiúnta i gcreat an Chláir.

    11.   I gcás aon neamhrialtachta, faillí nó calaoise atá inchurtha i leith na gníomhaireachta náisiúnta nó aon easnamh tromchúiseach nó thearcfheidhmíochta ar pháirt na gníomhaireachta náisiúnta, agus sa chás ina ndéanann an Coimisiún éilimh i gcoinne na gníomhaireachta náisiúnta dá bharr sin, aisíocfaidh an t-údarás náisiúnta na cistí nár gnóthaíodh leis an gCoimisiúin.

    12.   Sna himthosca a thuairiscítear i mír 11, féadfaidh an t-údarás náisiúnta, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ón gCoimisiún, sainordú na gníomhaireachta náisiúnta a chúlghairm. I gcás inar mian leis an údarás náisiúnta an sainordú sin a chúlghairm ar aon chúis a bhfuil údar maith léi, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoin gcúlghairm sé mhí ar a laghad roimh an dáta ar a bhfuil sé beartaithe sainordú na gníomhaireachta náisiúnta a fhoirceannadh. Sa chás sin, déanfaidh an t-údarás náisiúnta agus an Coimisiún bearta sainiúla agus uainithe maidir le trasdul a chomhaontú go foirmiúil.

    13.   I gcás cúlghairme dá dtagraítear i mír 12, déanfaidh an t-údarás náisiúnta na rialuithe riachtanacha maidir le cistí an Aontais a bhí curtha de chúram ar an ngníomhaireacht náisiúnta a bhfuil a sainordú chúlghairthe agus áiritheoidh sé go n-aistreofar na cistí sin agus na doiciméid agus na huirlisí bainistíochta uile a theastaíonn chun an Clár a bhainistiú go dtí an ghníomhaireacht náisiúnta nua gan bhacainn. Soláthróidh an t-údarás náisiúnta an tacaíocht airgeadais riachtanach don ghníomhaireacht náisiúnta a bhfuil a sainordú cúlghairthe chun leanúint dá hoibleagáidí conarthacha vis-à-vis tairbhithe an Chláir agus vis-à-vis an Coimisiún a chomhlíonadh go dtí go n-aistreofar na hoibleagáidí sin go dtí gníomhaireacht náisiúnta nua.

    14.   Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, ainmneoidh an t-údarás náisiúnta na hinstitiúidí nó na heagraíochtaí, nó cineálacha na n-institiúidí nó na n-eagraíochtaí sin, chun bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí sonracha de chuid an Chláir ina chríoch.

    Airteagal 27

    An ghníomhaireacht náisiúnta

    1.   Maidir leis an ngníomhaireacht náisiúnta:

    (a)

    beidh pearsantacht dhlítheanach aici nó beidh sí mar chuid d’eintiteas dhlítheanach ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach, agus rialófar í de réir dhlí an Bhallstáit lena mbaineann;

    (b)

    beidh acmhainneacht bhainistíochta, foireann agus bonneagar leordhóthanach aici chun a cúraimí a chomhlíonadh go sásúil, lena n-áiritheofar bainistíocht éifeachtúil agus éifeachtach ar an gClár agus bainistíocht fhónta airgeadais ar chistí an Aontais;

    (c)

    beidh sé de chumas dlíthiúil agus oibríochtúil aici na rialacha bainistíochta riaracháin, conarthacha agus airgeadais atá leagtha síos ar leibhéal an Aontais a chur chun feidhme;

    (d)

    cuirfidh sí ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha ar fáil, arna n-eisiúint más féidir ag údarás poiblí, a fhreagraíonn do leibhéal chistí an Aontais a n-iarrtar uirthi a bhainistiú;

    2.   Beidh an ghníomhaireacht náisiúnta freagrach as bainistiú ar gach céim de thimthriall tionscadail na ngníomhaíochtaí atá á bhainistiú aige faoi mar a leagtar amach iad sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 22 den Rialachán seo, i gcomhréir le pointí (c)(v) agus (vi) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais.

    3.   Beidh an saineolas is gá ag an ngníomhaireacht náisiúnta chun earnálacha uile an Chláir a chumhdach. I gcás ina bhfuil níos mó ná gníomhaireacht náisiúnta amháin ag Ballstát nó tríú tír atá comhlachaithe leis an gClár, beidh an saineolas is gá ag na gníomhaireachtaí náisiúnta sin i dteannta a chéile chun earnálacha uile an Chláir a chumhdach.

    4.   Eiseoidh an ghníomhaireacht náisiúnta tacaíocht do thairbhithe de réir bhrí phointe (5) d’Airteagal 2 den Rialachán Airgeadais trí chomhaontú deontais de réir mar atá sonraithe ag an gCoimisiún don ghníomh Cláir lena mbaineann.

    5.   Tuairisceoidh an ghníomhaireacht náisiúnta gach bliain dá húdarás náisiúnta agus don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 155 den Rialachán Airgeadais. Beidh an ghníomhaireacht náisiúnta i gceannas ar chur chun feidhme na mbarúlacha arna n-eisiúint ag an gCoimisiún tar éis dó anailís a dhéanamh ar dhearbhú bliantúil bhainistíochta, agus ar an tuairim neamhspleách iniúchóireachta ina thaobh.

    6.   Ní dhéanfaidh an ghníomhaireacht náisiúnta aon chúram a bhaineann le cur chun feidhme an Chláir ná an bhuiséid a tugadh di a tharmligean do thríú páirtí gan cead i scríbhinn a fháil roimh ré ón údarás náisiúnta agus ón gCoimisiún. Is í an ghníomhaireacht náisiúnta agus ise amháin a bheidh freagrach as na cúraimí arna dtarmligean chuig tríú páirtí.

    7.   I gcás ina ndéantar sainordú gníomhaireachta náisiúnta a chúlghairm, beidh an ghníomhaireacht náisiúnta sin fós freagrach ó thaobh an dlí de as a hoibleagáidí conartha a chomhlíonadh i leith tairbhithe an Chláir agus an Choimisiúin go dtí go n-aistreofar na hoibleagáidí sin chuig gníomhaireacht náisiúnta nua.

    8.   Beidh an ghníomhaireacht náisiúnta i gceannas ar bhainistiú agus ar fhoirceannadh na gcomhaontuithe airgeadais a bhaineann le Clár 2014-2020 a bheidh fós oscailte ag tús an Chláir.

    Airteagal 28

    An Coimisiún Eorpach

    1.   Ar bhonn na gceanglas maidir le comhlíonadh do ghníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 26(3), déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na córais bhainistíochta agus rialaithe, go háirithe bunaithe ar mheasúnú ex-ante ar chomhlíonadh an údaráis náisiúnta, ar dhearbhú bliantúil bhainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta agus ar thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta ina leith, agus an fhaisnéis bhliantúil ón údarás náisiúnta maidir lena ghníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta ar an gClár á cur san áireamh go cuí.

    2.   Laistigh de dhá mhí tar éis dó an measúnú exante ar chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) a fháil ón údarás náisiúnta, glacfaidh an Coimisiún le hainmniú na gníomhaireachta náisiúnta, glacfaidh sé leis ar bhonn coinníollach nó diúltóidh sé don ainmniú sin. Ní rachaidh an Coimisiún i ngaol conarthach leis an ngníomhaireacht náisiúnta go dtí go nglacfar leis an measúnú ex-ante ar chomhlíonadh. I gcás ina nglactar leis go coinníollach, féadfaidh an Coimisiún bearta réamhchúraim comhréireacha a chur i bhfeidhm maidir lena ghaol conarthach leis an ngníomhaireacht náisiúnta.

    3.   Gach bliain, cuirfidh an Coimisiún na cistí seo a leanas de chuid an Chláir ar fáil don ghníomhaireacht náisiúnta:

    (a)

    cistí maidir le tacaíocht deontais sa Bhallstát lena mbaineann do ghníomhaíochtaí an Chláir ar cuireadh de chúram ar an ngníomhaireacht náisiúnta iad a bhainistiú;

    (b)

    socrófar ranníocaíocht airgeadais le tacú le cúraimí bainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta i leith an Chláir, ar ranníocaíocht í a bunófar ar bhonn mhéid na gcistí ón Aontas do thacaíocht deontais atá curtha faoi chúram na gníomhaireachta náisiúnta;

    (c)

    más ábhartha, cistí breise do bhearta faoi phointe (d) d’Airteagal 7, faoi phointe (d) d’Airteagal 11 agus faoi phointe (c) d’Airteagal 14.

    4.   Socróidh an Coimisiún na ceanglais maidir le clár oibre na gníomhaireachta náisiúnta. Ní chuirfidh an Coimisiún cistí an Chláir ar fáil don ghníomhaireacht náisiúnta go dtí go mbeidh an clár oibre ábhartha den ghníomhaireacht náisiúnta formheasta go foirmiúil ag an gCoimisiún.

    5.   Nuair a bheidh measúnú déanta aige ar an dearbhú bliantúil bhainistíochta agus ar thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta ina leith, cuirfidh an Coimisiún a thuairim agus a bharúlacha ina leith in iúl don ghníomhaireacht náisiúnta agus don údarás náisiúnta.

    6.   I gcás nach féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an dearbhú bliantúil bhainistíochta nó leis an tuairim neamhspleách iniúchóireachta ina leith, nó i gcás ina gcuireann an ghníomhaireacht náisiúnta barúlacha an Choimisiún chun feidhme go míshásúil, féadfaidh an Coimisiún aon bhearta réamhchúraim agus ceartaitheacha is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 131 den Rialachán Airgeadais.

    7.   Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na gníomhaireachtaí náisiúnta, go bhfuil na nósanna imeachta arna gcur ar bun chun an Clár a chur chun feidhme comhsheasmhach agus simplí, agus go bhfuil an fhaisnéis ar ardcháilíocht. Ina leith sin, eagrófar cruinnithe go rialta le líonra na ngníomhaireachtaí náisiúnta chun cur chun feidhme comhsheasmhach an Chláir a áirithiú ar fud na mBallstát agus na dtríú tíortha go léir atá comhlachaithe leis an gClár.

    8.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar na córais teicneolaíochta faisnéise is gá chun cuspóirí an Chláir a leagtar síos in Airteagal 3 a chur chun feidhme, go háirithe faoi bhainistíocht indíreach, a fhorbairt ar bhealach iomchuí agus tráthúil, agus ar bhealach lena soláthrófar rochtain éasca agus soláimhsithe. Tacóidh an Clár le forbairt, le hoibriú agus le cothabháil na gcóras teicneolaíochta faisnéise sin.

    Airteagal 29

    Comhlacht neamhspleách iniúchóireachta

    1.   Eiseoidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta maidir leis an dearbhú bliantúil bhainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 155(1) den Rialachán Airgeadais. Is é sin a bheidh mar bhunús leis an dearbhú ar an iomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

    2.   Maidir leis an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta:

    (a)

    beidh na hinniúlachtaí gairmiúla is gá aige chun iniúchtaí san earnáil phoiblí a dhéanamh;

    (b)

    áiritheoidh sé go gcuirfear caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta san áireamh sna hiniúchtaí;

    (c)

    ní bheidh coinbhleacht leasa ag baint leis maidir leis an eintiteas dlítheanach a bhfuil an ghníomhaireacht náisiúnta mar chuid de. Beidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta go háirithe, i dtaca lena chuid feidhmeanna, neamhspleách ar an eintiteas dlítheanach a bhfuil an ghníomhaireacht náisiúnta mar chuid de.

    3.   Cuirfidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta ar fáil don Choimisiún agus dá ionadaithe agus don Chúirt Iniúchóirí rochtain iomlán ar gach doiciméad agus tuarascáil mar thaca leis an tuairim iniúchóireachta a eisíonn sé maidir le dearbhú bliantúil bhainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta.

    Airteagal 30

    Prionsabail an chórais rialaithe

    1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun a áirithiú, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí rialuithe éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.

    2.   Beidh an Coimisiún freagrach as na rialuithe maoirseachta maidir le gníomhaíochtaí agus gníomhaíochtaí an Chláir a bhainistíonn na gníomhaireachtaí náisiúnta. Socróidh sé na híoscheanglais do na rialuithe arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht náisiúnta agus ag an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta.

    3.   Beidh an ghníomhaireacht náisiúnta freagrach as na rialuithe príomhúla ar thairbhithe deontais i gcomhair na ngníomhaíochtaí atá á mbainistiú aige mar a leagtar amach sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 22. Tabharfaidh na rialuithe sin dearbhú réasúnach go mbaintear úsáid as na deontais arna mbronnadh de réir mar a bhí beartaithe agus i gcomhlíonadh rialacha an Aontais is infheidhme.

    4.   Maidir le cistí an Chláir a aistrítear chuig na gníomhaireachtaí náisiúnta, áiritheoidh an Coimisiún comhordú cuí ar a rialuithe leis na húdaráis náisiúnta agus leis na gníomhaireachtaí náisiúnta, ar bhonn phrionsabal na hiniúchóireachta aonair agus tar éis anailís a dhéanamh bunaithe ar riosca. Ní bhaineann an mhír sin le himscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF.

    Airteagal 31

    Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

    I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áiritheofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

    CAIBIDIL XI

    COMHLÁNTACHT

    Airteagal 32

    Maoiniú carnach agus maoiniú malartach

    1.   Cuirfear an Clár chun feidhme d’fhonn a chomhsheasmhacht agus a chomhlántacht fhoriomlán le beartais, cláir agus cistí ábhartha eile an Aontais a áirithiú, go háirithe sna réimsí sin a bhaineann le hoideachas agus oiliúint, cultúr agus na meáin, an óige agus dlúthpháirtíocht, fostaíocht agus cuimsiú sóisialta, taighde agus nuálaíocht, tionscal agus fiontar, beartas digiteach, talmhaíocht agus forbairt tuaithe, an comhshaol agus an aeráid, comhtháiteacht, beartas réigiúnach, imirce, slándáil agus comhar agus forbairt idirnáisiúnta.

    2.   Beart a bhfuil ranníocaíocht faighte aici faoin gClár, féadfaidh sé ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, ar an gcoinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha an chláir ábhartha de chuid an Aontais lena mbaineann maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

    3.   Féadfaidh tograí le haghaidh tionscadal tacaíocht a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nó ó Chiste Sóisialta na hEorpa+ i gcomhréir le hAirteagal 73(4) de Rialachán na bhForálacha Coiteanna do 2021-2027, i gcás inar bronnadh lipéad an tSéala Barr Feabhais orthu faoin gClár seo de bhua na coinníollacha carnacha seo a leanas uile a chomhlíonadh:

    (a)

    rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin gClár;

    (b)

    comhlíonann siad na ceanglais íosta cháilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí; agus

    (c)

    ní féidir iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha.

    CAIBIDIL XII

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 33

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.   An chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 23, tabharfar í don Choimisiún ar feadh ré an Chláir.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 23 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra faoi, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 3 agus 23 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 34

    Nós imeachta coiste

    1.   Tabharfaidh an coiste sin cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   Féadfaidh an coiste teacht le chéile i bhfoirmíochtaí sonracha chun déileáil le saincheisteanna earnála. I gcás inarb iomchuí, agus i gcomhréir lena rialacha nós imeachta agus ar bhonn ad hoc, féadfar cuireadh a thabhairt do shaineolaithe seachtracha, lena n-áirítear ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta, chun a bheith rannpháirteach ina chruinnithe i gcáil breathnóirí.

    3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 35

    Aisghairm

    Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

    Airteagal 36

    Forálacha idirthréimhseacha

    1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí arna dtionscnamh de bhun Rialacháin (AE) Uimh. 1288/2013, a mbeidh feidhm aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

    2.   Leis an imchlúdach airgeadais don Chlár féadfar na speansais is gá maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach freisin chun an t-aistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh de bhun Rialacháin (AE) Uimh. 1288/2013 a áirithiú.

    3.   I gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 193(2) de Rialachán Airgeadais, agus de mhaolú ar Airteagal 193(4) den Rialachán sin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus atá sonraithe sa chinneadh maoiniúcháin, féadfar a mheas go bhfuil gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin Rialachán seo agus na costais bhunúsacha a tabhaíodh in 2021 incháilithe amhail ón 1 Eanáir 2021, fiú má cuireadh na gníomhaíochtaí chun feidhme agus má tabhaíodh na costais sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas. Féadfar, go heisceachtúil, na comhaontuithe deontais do dheontais oibriúcháin bhliain airgeadais 2021 a shíniú laistigh de 6 mhí ó thús bhliain airgeadais an tairbhí.

    4.   Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 17(5) a chumhdach, chun go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nó na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

    5.   Áiritheoidh na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nach gcuirfear bac ar aistriú idir na gníomhaíochtaí a cuireadh chun feidhme faoi Chlár 2014-2020 agus na cinn atá le cur chun feidhme faoin gClár.

    Airteagal 37

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2021.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    D. M. SASSOLI

    Thar ceann an Comhairle

    An tUachtarán

    A. P. ZACARIAS


    (1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 194.

    (2)  IO C 168, 16.5.2019, lch. 49.

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019 (IO C 108, 26.3.2021, lch. 965) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 13 Aibreán 2021 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

    (4)  IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch 50).

    (6)  IO C 252, 18.7.2018, lch. 31.

    (7)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

    (8)  Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le hinniúlachtaí lárnacha d'fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO C 189, 4.6.2018, lch. 1).

    (9)  IO C 456, 18.12.2018, lch 1.

    (10)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach - An Creatchlár um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013, (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

    (11)  Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir leis an soghluaisteacht thrasnáisiúnta laistigh den Chomhphobal chun críche oideachais agus oiliúna: an Chairt Eorpach Cháilíochta don tSoghluaisteacht (IO L 394, 30.12.2006, lch. 5).

    (12)  Moladh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2011 - 'An Óige faoi bhorradh' –soghluaisteacht foghlama daoine óga a chur chun cinn (IO C 199, 7.7.2011, lch. 1).

    (13)  Moladh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir le foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú (IO C 398, 22.12.2012, lch. 1).

    (14)  Moladh ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le Creat Eorpach do Phrintíseachtaí Ardchaighdeáin agus Éifeachtacha (IO C 153, 2.5.2018, lch. 1).

    (15)  Moladh ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach uathoibríoch a chur chun cinn do cháilíochtaí ardoideachais agus meánoideachais shinsearaigh agus do thorthaí tréimhsí foghlama thar lear (IO C 444, 10.12.2018, lch. 1).

    (16)  Moladh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 leis an ghairmoideachas agus an ghairmoiliúint (VET) don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht (OJ C 417, 2.12.2020, lch 1).

    (17)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

    (18)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

    (19)  IO C 444 I, 22.12.2020, lch. 1.

    (20)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (21)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

    (22)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le tíortha agus críocha thar lear a chomhlachú leis an Aontas Eorpach ('Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear') (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

    (23)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

    (24)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (25)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Euratom) Uimh. 1074/1999 (IO L 248 18.9.2013, lch. 1).

    (26)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

    (27)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

    (28)  Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

    (29)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

    (30)  Go háirithe: an creat comhchoiteann chun seirbhísí níos fearr le haghaidh scileanna agus cáilíochtaí a chur ar fáil (Europass); an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF); an Creat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas agus i nGairmoiliúint (EQAVET); an Córas Creidiúna Eorpach don Ghairmoideachas agus don Ghairmoiliúint (ECVET); an Córas Eorpach Aistrithe agus Carntha Creidiúna (ECTS); an Clár Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas (EQAR); an Cumann Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas (ENQA); Líonra Eorpach na Lárionad Faisnéise sa Réigiún Eorpach agus Lárionaid Náisiúnta Faisnéise um Aitheantas Acadúil san Aontas Eorpach; agus na líonraí Euroguidance.


    IARSCRÍBHINN I

    TUAIRISC AR NA GNÍOMHAÍOCHTAÍ A LEAGTAR AMACH I gCAIBIDLÍ II, III AGUS IV

    1.   PRÍOMHGHNÍOMHAÍOCHT 1 – SOGHLUAISTEACHT FOGHLAMA

    1.1.

    Soghluaisteacht foghlama – soghluaisteacht ghearrthéarmach, fhadtéarmach, ghrúpa nó aonair maidir le réimsí téamacha agus ábhair staidéir éagsúla, lena n-áirítear réimsí réamhbhreathnaitheacha amhail an réimse digiteach, athrú aeráide, fuinneamh glan, agus intleacht shaorga;

    1.2.

    Gníomhaíochtaí um rannphairtíocht na hóige – gníomhaíochtaí atá mar aidhm acu cabhair a thabhairt do dhaoine óga ról a imirt agus foghlaim conas a bheith rannpháirteach sa tsochaí shibhialta, feasacht a mhúscailt faoi luachanna coiteanna Eorpacha agus idirphlé a chothú idir daoine óga agus cinnteoirí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach;

    1.3

    DiscoverEU – gníomhaíocht oideachais neamhfhoirmiúil agus sheachfhoirmiúil lena ngabhann comhpháirt láidir foghlama agus gné chuimsitheach ina bhfuil taithí foghlama agus taisteal ar fud na hEorpa chun muintearas leis an Aontas a chothú ann agus chun a chur ar chumas na rannpháirtithe éagsúlacht chultúrtha agus teanga na hEorpa a aimsiú.

    2.   PRÍOMHGHNÍOMHAÍOCHT 2 – COMHAR I MEASC EAGRAÍOCHTAÍ AGUS INSTITIÚIDÍ

    2.1

    Comhpháirtíochtaí le haghaidh comhair : gníomhaíochtaí comhair éagsúla, a dhéanann eagraíochtaí agus institiúidí ó thíortha éagsúla ar bhonn comhpháirteach, agus é mar aidhm acu smaointe agus cleachtais nua a mhalartú agus a fhorbairt, cleachtais agus modhanna a chomhroinnt agus dul i ngleic leo mar aon le comhpháirtithe líonraí a fhorbairt agus a threisiú. Áirítear leis an ngníomhaíocht seo comhpháirtíochtaí ar mhionscála atá ceaptha go sonrach chun rochtain níos leithne agus níos cuimsithí ar an gclár a chothú trí ghníomhaíochtaí lena mbaineann méideanna deontais níos ísle, tréimhse níos giorra agus ceanglais riaracháin níos simplí;

    2.2.

    Comhpháirtíochtaí le haghaidh barr feabhais: tionscadail comhpháirtíochta éagsúla agus líonraí institiúidí oideachais agus oiliúna agus soláthraithe a bhfuil sé d’aidhm acu barr feabhais agus gné idirnáisiúnta atreisithe a chothú agus straitéisí fadtéarmacha a fhorbairt chun cáilíocht a fheabhsú ar leibhéal sistéamach sna réimsí uile a bhaineann le hoideachas agus oiliúint, go háirithe trí chleachtais agus oideolaíochtaí nuálacha arna bhforbairt go comhpháirteach, ardleibhéil soghluaisteachta leabaithe agus béim láidir ar idirdhisciplíneacht, eadhon:

    2.2.1.

    comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais (Ollscoileanna Eorpacha) a fhorbraíonn straitéisí fadtéarmacha comhpháirteacha le haghaidh oideachas ardcháilíochta, taighde agus nuálaíocht, agus le haghaidh seirbhís don tsochaí, bunaithe ar fhís chomhchoiteann agus ar luachanna comhroinnte, ardleibhéil soghluaisteachta agus béim láidir ar idirdhisciplíneacht agus cláir staidéir oscailte lena gcomhcheanglaítear modúil i dtíortha éagsúla;

    2.2.2

    comhpháirtíochtaí soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna (ardáin ionad barr feabhais gairme) atá leabaithe i straitéisí áitiúla agus réigiúnacha le haghaidh fás inbhuanaithe, nuálaíochta agus iomaíochais a bhíonn ag obair i gcomhar le chéile ar ghairmchláir thrasnáisiúnta atá ann chun freastal ar na riachtanais scileanna atá san earnáil faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn;

    2.2.3

    cláir staidéir chomhtháite (Comhchéimeanna Máistreachta Erasmus Mundus) arna dtairiscint ag institiúidí ardoideachais atá bunaithe san Eoraip agus i dtíortha eile ar domhan lena gcothaítear barr feabhais san ardoideachas agus idirnáisiúnú ar fud an domhain;

    Féadfar tacú le tionscadail chomhpháirtíochta agus le comhghuaillíochtaí chun barr feabhais a chur chun cinn i réimsí an oideachais scoile agus an oideachais aosaigh leis an ngníomhaíocht dá dtagraítear i bpointe 2.2.

    2.3

    Comhpháirtíochtaí le haghaidh nuálaíochta: comhpháirtíochtaí i réimsí an oideachais agus na hoiliúna agus i gcleachtais nuálacha ar mhaithe le forbairt na hóige, eadhon:

    2.3.1.

    comhghuaillíochtaí – comhar straitéiseach idir príomhghníomhaithe i réimse an oideachais agus na hoiliúna, agus i ngnó agus taighde lena gcothaítear nuálaíocht agus nuachóiriú na gcóras oideachais agus oiliúna;

    2.3.2.

    tionscadail lena gcothaítear nuálaíocht, cruthaitheacht, r-rannpháirtíocht agus fiontraíocht shóisialta i réimsí an oideachais agus na hoiliúna agus na hóige;

    2.4.

    Imeachtaí spóirt neamhbhrabúis: imeachtaí arna reáchtáil i dtír amháin nó go comhuaineach i roinnt tíortha chun feasacht a mhúscailt faoi ról an spóirt i réimsí éagsúla amhail cuimsiú sóisialta, comhionannas deiseanna agus gníomhaíochtaí coirp ar mhaithe le feabhsú sláinte;

    2.5.

    Ardáin agus uirlisí ar líne le haghaidh comhar fíorúil i réimsí an oideachais agus na hoiliúina agus na hóige.

    3.   PRÍOMHGHNÍOMHAÍOCHT 3 – TACAÍOCHT D’FHORBAIRT BEARTAS AGUS DO CHOMHAR

    3.1.

    Cláir oibre beartas ghinearálta agus earnála an Aontais a ullmhú agus a chur chun feidhme: lena ngabhann réimse éagsúil gníomhaíochtaí lena bhféachtar chun beartais agus straitéisí i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt a spreagadh agus chun tacú leo, lena n-áirítear cláir oibre agus straitéisí beartas Eorpacha sna hearnálacha éagsúla maidir le hoideachas, an óige agus spórt, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a thacaíonn le comhar beartais ar an leibhéal Eorpach. Áirítear leis an ngníomhaíocht seo tacaíocht do thástáil beartais ar an leibhéal Eorpach, tacaíocht do ghníomhaíochtaí atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn i réimsí téamacha éagsúla, agus tacaíocht do bhailiú eolais lena n-áirítear suirbhéanna agus staidéir;

    3.2.

    Tacaíocht d’uirlisí agus do bhearta an Aontais lena gcothaítear cáilíocht, trédhearcacht agus aitheantas inniúlachtaí, scileanna agus cáilíochtaí lena n-áirítear na gníomhaíochtaí arb é is aidhm leo: aistriú creidiúintí a éascú, dearbhú cáilíochta a chothú, bailíochtú na foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla a chur chun cinn, lena n-áirítear bainistiú scileanna agus treoir, agus tacú le comhlachtaí, líonraí agus uirlisí ábhartha lena n-éascaítear malartuithe i réimse na trédhearcachta agus an aitheantais;

    3.3.

    Idirphlé beartais i réimsí an oideachais agus na hoiliúna, na hóige agus an spóirt agus comhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear réimse leathan gníomhaíochtaí amhail comhdhálacha agus cineálacha eile imeachtaí, tacaíocht do chomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta mar aon leis an tacaíocht d’fheidhmiú Idirphlé Óige an Aontais, do líonraí uile-Aontais agus d’eagraíochtaí Eorpacha a fhéachann le leas ginearálta an Aontais a bhaint amach;

    3.4.

    Bearta lena rannchuidítear le cur chun feidhme ardcháilíochta cuimsitheach an Chláir, lena n-áirítear tacaíocht do ghníomhaíochtaí agus do chomhlachtaí, amhail ionaid acmhainní, na líonraí faisnéise agus na gníomhaíochtaí oiliúna agus comhair lena gcuirtear feabhas ar chur chun feidhme an Chláir, lena méadaítear acmhainneacht na ngníomhaireachtaí náisiúnta agus lena bhfeabhsaítear an cur chun feidhme straitéiseach, agus leas á bhaint as poitéinseal iar-rannpháirtithe i gChlár Erasmus+ agus iolraitheoirí eile mar eiseamláirí dearfacha;

    3.5.

    Comhar le hionstraimí eile an Aontais mar aon le tacaíocht do bheartais eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear tacaíocht do ghníomhaíochtaí chun sineirgí agus comhlántachtaí a chothú le hionstraimí eile de chuid an Aontais agus le hionstraimí náisiúnta agus chun comhar a chur chun cinn leis na struchtúir lena gcuirtear na hionstraimí sin chun feidhme;

    3.6.

    Gníomhaíochtaí scaipthe agus múscailte feasachta atá dírithe ar shaoránaigh agus eagraíochtaí a chur ar an eolas faoin gClár agus faoi bheartais an Aontais i réimsí an oideachais agus na hoiliúna, na hóige agus an spóirt.

    4.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ JEAN MONNET

    4.1.

    Gníomhaíocht Jean Monnet i réimse an ardoideachais: tacaíocht d’institiúidí ardoideachais laistigh agus lasmuigh den Aontas trí mhodúil, ollúnachtaí agus ionaid barr feabhais Jean Monnet agus trí thionscadail agus gníomhaíochtaí líonraithe Jean Monnet;

    4.2.

    Gníomhaíocht Jean Monnet i réimsí eile oideachais agus oiliúna: gníomhaíochtaí atá dírithe ar eolas a chur chun cinn faoi chúrsaí an Aontais in institiúidí oideachais agus oiliúna, amhail scoileanna agus institiúidí gairmoideachais agus oiliúna;

    4.3.

    Tacaíocht do na hinstitiúidí ainmnithe dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 8.


    IARSCRÍBHINN II

    TÁSCAIRÍ

    Beidh tomhais na dtáscairí cainníochtúla imdhealaithe, i gcás inarb iomchuí, de réir tíre, inscne agus cineáil gníomhaíochta agus gníomhaíochta.

    1.

    Réimsí a bhfuil faireachán le déanamh orthu

    Rannpháirtíocht i soghluaisteacht foghlama;

    Eagraíochtaí agus institiúidí le gné Eorpach agus idirnáisiúnta neartaithe;

    2.

    Eilimintí atá le tomhas?

    2.1.

    Príomhghníomhaíocht 1 -Soghluaisteacht foghlama:

    2.1.1.

    Líon na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama faoi phríomhghníomhaíocht 1;

    2.1.2.

    Líon na n-eagraíochtaí agus na n-institiúidí atá rannpháirteach sa Chlár faoi phríomhghníomhaíocht 1;

    2.1.3.

    Líon na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí foghlama fíorúla faoi phríomhghníomhaíocht 1;

    2.1.4.

    Sciar na rannpháirtithe a mheasann go ndeachaigh a rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama faoi phríomhghníomhaíocht 1 chun tairbhe dóibh;

    2.1.5.

    Sciar na rannpháirtithe a mheasann gur mó an bhraistint Eorpach atá acu ar an rud is muintearas ann i ndiaidh dóibh páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí faoi phríomhghníomh 1;

    2.2.

    Príomhghníomhaíocht 2 - Comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí;

    2.2.1.

    Líon na n-eagraíochtaí agus na n-institiúidí atá rannpháirteach sa Chlár faoi phríomhghníomh 2;

    2.2.2.

    Sciar na n-eagraíochtaí agus na n-institiúidí a mheasann go bhfuil cleachtais ardcháilíochta forbartha acu mar thoradh ar a rannpháirtíocht i bpríomhghníomhaíocht 2;

    2.2.3.

    Líon úsáideoirí na n-ardán comhair fhíorúil dá dtugtar tacaíocht faoi phríomhghníomhaíocht 2;

    2.3.

    Príomhghníomhaíocht 3 - Tacaíocht d’fhorbairt beartais agus do chomhar:

    2.3.1.

    Líon na n-eagraíochtaí agus na n-institiúidí atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí deontais faoi phríomhghníomhaíocht 3;

    2.4.

    Cuimsiú:

    2.4.1.

    Líon na ndaoine ar lú na deiseanna atá acu atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí faoi phríomhghníomhaíocht 1;

    2.4.2.

    Líon na n-eagraíochtaí agus na n-institiúidí nuathagtha atá rannpháirteach sa Chlár faoi phríomhghníomhaíochtaí 1 agus 2;

    2.5.

    Simpliú:

    2.5.1.

    Líon na gcomhpháirtíochtaí ar mhionscála a fhaigheann tacaíocht faoi phríomhghníomhaíocht 2;

    2.5.2.

    Sciar na n-eagraíochtaí agus na n-institiúidí a mheasann go bhfuil na nósanna imeachta chun páirt a ghlacadh sa Chlár comhréireach agus simplí;

    2.6.

    Rannchuidiú aeráide:

    2.6.1.

    Sciar na ngníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar chuspóirí aeráide faoi phríomhghníomhaíocht 1;

    2.6.2.

    Sciar na dtionscadal lena dtugtar aghaidh ar chuspóirí aeráide faoi phríomhghníomhaíocht 2.


    Top