Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D1637

    Cinneadh (AE) 2020/1637 ón gComhairle an 3 Samhain 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 0, 13, 16, 17, 44, 55, 83, 93, 94, 95, 100, 115, 137, 144, 151, 152 agus 153 ó na Náisiúin Aontaithe, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda Uimh. 7, 15 agus 18, a mhéid a bhaineann leis an togra le haghaidh leasuithe ar Rún Frithpháirteach R.F.3, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh dhá rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le córais faisnéise i dtaobh cúlghluaiseachta agus gluaiseacht ar aghaidh, agus a mhéid a bhaineann le togra le haghaidh Rialachán Teicniúil Domhanda nua maidir le cumhacht feithicle leictrí a chinneadh

    IO L 369, 05/11/2020, p. 3–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1637/oj

    5.11.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 369/3


    CINNEADH (AE) 2020/1637 ÓN gCOMHAIRLE

    an 3 Samhain 2020

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 0, 13, 16, 17, 44, 55, 83, 93, 94, 95, 100, 115, 137, 144, 151, 152 agus 153 ó na Náisiúin Aontaithe, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda Uimh. 7, 15 agus 18, a mhéid a bhaineann leis an togra le haghaidh leasuithe ar Rún Frithpháirteach R.F.3, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh dhá rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le córais faisnéise i dtaobh cúlghluaiseachta agus gluaiseacht ar aghaidh, agus a mhéid a bhaineann le togra le haghaidh Rialachán Teicniúil Domhanda nua maidir le cumhacht feithicle leictrí a chinneadh

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle (1), d’aontaigh an tAontas Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CENAE) maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus maidir leis na coinníollacha le haghaidh aitheantas frithpháirteach i gcás ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (an “Comhaontú Athbhreithnithe 1958”). Tháinig an Comhaontú Athbhreithnithe 1958 i bhfeidhm an 24 Márta 1998.

    (2)

    Le Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle (2), d’aontaigh an tAontas don Chomhaontú maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (an “Comhaontú Comhthreomhar”). Tháinig an Comhaontú Comhthreomhar i bhfeidhm an 15 Feabhra 2000.

    (3)

    Leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú agus chun gach feithicil nua, gach córas nua, gach comhpháirt nua agus gach aonaid theicniúil ar leithligh nua a chur ar an margadh. Ionchorpraíonn an Rialachán sin rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 (“Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe”) i gcóras cineálcheadaithe an Aontais, mar cheanglais maidir le cineálcheadú nó mar roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais.

    (4)

    De bhun Airteagal 1 den Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus Airteagal 6 den Chomhaontú Comhthreomhar, féadfaidh Fóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí (UNECE WP.29) tograí a ghlacadh le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, Rialacháin Theicniúla Dhomhanda ó na Náisiúin Aontaithe (RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe) agus Rúin ó na Náisiúin Aontaithe chomh maith le tograí le haghaidh Rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, Rialacháin Theicniúla Dhomhanda nua ó na Náisiúin Aontaithe agus Rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le feithiclí a cheadú. Thairis sin, de bhun na bhforálacha sin, féadfaidh UNECE WP.29 tograí a ghlacadh le haghaidh údaruithe chun leasuithe a dhéanamh ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe nó chun RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt, agus féadfaidh sé tograí a ghlacadh le haghaidh sainorduithe le haghaidh RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe a shíneadh.

    (5)

    Féadfaidh UNECE WP.29, le linn an 182ú seisiún den Fhóram Domhanda a thionólfar an 10 Samhain 2020, na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 0, 13, 16, 17, 44, 55, 83, 93, 94, 95, 100, 115, 137, 144, 151, 152 agus 153 ó na Náisiúin Aontaithe, ar an togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le formheas gaireas le haghaidh cúlghluaiseachta agus mótarfheithiclí maidir le feasacht an tiománaí i dtaobh feithicil úsáideoirí soghonta bóithre taobh thiar, ar an togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le mótarfheithiclí a cheadú i ndáil leis an gcóras faisnéise i dtaobh gluaiseacht ar aghaidh chun coisithe agus rothaithe a bhrath, ar na tograí le haghaidh modhnuithe ar RTDanna ó na Náisiún Aontaithe Uimh. 7, 15 agus 18, ar an togra le haghaidh Rialachán Teicniúil Domhanda nua maidir le cumhacht feithicle leictrí a chinneadh agus ar an togra le haghaidh leasuithe ar Rún Frithpháirteach R.F.3 maidir le Cáilíocht Aeir Laistigh Feithicle. Thairis sin tá UNECE WP.29 le togra a ghlacadh le haghaidh údaruithe chun leasú ar RTD Uimh. 8 ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt agus chun RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt maidir le marthanacht ceallraí infheithicle.

    (6)

    Is iomchuí an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais in UNECE WP.29 a leagan síos a mhéid a bhaineann leis na tograí sin a ghlacadh, ós rud é go mbeidh na Rialacháin sin ó na Náisiúin Aontaithe ina gceangal ar an Aontas agus go bhféadfaidh siad, in éineacht leis na RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe agus an Rún Frithpháirteach, tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais i réimse an chineálcheadaithe feithicle.

    (7)

    I bhfianaise taithí agus forbairtí teicniúla, is gá na ceanglais a bhaineann le heilimintí nó gnéithe áirithe a chumhdaítear le Rialacháin Uimh. 0, 13, 16, 17, 44, 55, 83, 93, 94, 95, 100, 115, 137, 144, 151, 152 agus 153 ó na Náisiúin Aontaithe, chomh maith le Rún Frithpháirteach R.F.3., a leasú nó a fhorlíonadh.

    (8)

    Ina theannta sin, is gá forálacha áirithe in RTDanna Uimh. 7, 15 agus 18 ó na Náisiúin Aontaithe a leasú.

    (9)

    Chun dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh agus chun sábháilteacht feithiclí agus tástáil astaíochtaí a fheabhsú, is gá dhá Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe a ghlacadh: rialachán maidir le formheas gaireas le haghaidh cúlghluaiseachta agus le haghaidh mótarfheithiclí maidir le feasacht an tiománaí i dtaobh úsáideoirí soghonta bóithre taobh thiar dá fheithicil, agus rialachán maidir le mótarfheithiclí a cheadú i ndáil leis an gcóras faisnéise i dtaobh gluaiseacht ar aghaidh chun coisithe agus rothaithe a bhrath. I gcomhthráth, is gá Rialachán Teicniúil Domhanda nua maidir le cumhacht feithicle leictrí a ghlacadh.

    (10)

    Chun go bhféadfar tuilleadh forbartha a dhéanamh ar cheanglais theicniúla, is gá na tograí a ghlacadh lena n‐údaraítear leasú ar RTD Uimh. 8 ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt agus RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le marthanacht ceallraí infheithicle a fhorbairt bunaithe ar na hiarrataí ó Pháirtithe Conarthacha UNECE a urraíonn an obair ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe nó ó fhochomhlachtaí tiomanta UNECE WP.29.

    (11)

    Chun comhsheasmhacht maidir le léirthuiscint ar Rialacháin Uimh. 155 agus 156 ó na Náisiúin Aontaithe, ba cheart na tograí le haghaidh doiciméid léirthuisceana ar an dá rialachán, chomh maith leis an togra le haghaidh treoirlíne maidir le húsáid an Bhunachair Sonraí le haghaidh Malartú Cineálcheadaithe de réir Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe a ghlacadh.

    (12)

    An 16 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/848 (4) maidir leis an seasamh atá le glacadh maidir le RTD Uimh. 7 ó na Náisiúin Aontaithe agus maidir leis na tograí chun leasú a fhorbairt ar RTD Uimh. 8 ó na Náisiúin Aontaithe agus forbairt RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le marthanacht ceallraí infheithicle a údarú don 181ú seisiún de chuid UNECE WP.29, a tionóladh an 24 Meitheamh 2020. Mar sin féin, ní raibh WP.29 in ann vóta a chaitheamh sa seisiún sin agus chinn sé na tograí a atíolacadh le haghaidh vóta ag seisiún mhí na Samhna,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Is éard atá sa seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn an 182ú seisiún d’Fhóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí a thionólfar an 10 Samhain 2020 a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 0, 13, 16, 17, 44, 55, 83, 93, 94, 95, 100, 115, 137, 144, 151, 152 agus 153 ó na Náisiúin Aontaithe, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda Uimh. 7, 15 agus 18, a mhéid a bhaineann leis an togra le haghaidh leasuithe ar Rún Frithpháirteach R.F.3, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh dhá rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le córais faisnéise i dtaobh cúlghluaiseachta agus gluaiseacht ar aghaidh, agus a mhéid a bhaineann le togra le haghaidh Rialachán Teicniúil Domhanda nua maidir le cumhacht feithicle leictrí a chinneadh (5), go vótálfar ina bhfabhar.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Samhain 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. ROTH


    (1)  Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 d’fhonn go n‐aontóidh an Comhphobal Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus maidir leis na coinníollacha le haghaidh aitheantas frithpháirteach i gcás ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (“Comhaontú Athbhreithnithe 1958”) (IO L 346, 17.12.1997, lch. 78).

    (2)  Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle an 31 Eanáir 2000 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (“Comhaontú Comhthreomhar”) (IO L 35, 10.2.2000, lch. 12).

    (3)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n‐aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

    (4)  Cinneadh (AE) 2020/848 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 13, 14, 16, 22, 30, 41, 78, 79, 83, 94, 95, 101, 108, 109, 117, 129, 137, 138, 140 agus 152 ó na Náisiúin Aontaithe, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda Uimh. 3, 6, 7, 16 agus 19, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh leasuithe a dhéanamh ar Rialachán Comhdhlúithe R.E.3 agus a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh cúig rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le sábháilteacht, astaíochtaí agus uathoibriú i réimse na mótarfheithiclí (IO L 196, 19.6.2020, lch. 5).

    (5)  Féach doiciméad ST 11850/20 ar http://register.consilium.europa.eu.


    Top