This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D0949
Council Decision (EU) 2020/949 of 26 June 2020 on the conclusion, on behalf of the European Union and its Member States, of a Protocol amending the Common Aviation Area Agreement between the European Union and its Member States, of the one part, and Georgia, of the other part, to take account of the accession to the European Union of the Republic of Croatia
Cinneadh (AE) 2020/949 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2020 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstáit, Prótacail lena leasaítear an Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh
Cinneadh (AE) 2020/949 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2020 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstáit, Prótacail lena leasaítear an Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh
ST/12227/2014/INIT
IO L 212, , p. 5–5
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/949/oj
|
3.7.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 212/5 |
CINNEADH (AE) 2020/949 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Meitheamh 2020
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstáit, Prótacail lena leasaítear an Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,
Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais na Cróite, agus go háirithe don dara fomhír d’Airteagal 6(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh 2014/928/AE ón gComhairle (2), síníodh an Prótacal lena leasaítear an Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (3), chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (“an Prótacal”), faoi réir a thabhairt i gcrích. |
|
(2) |
Ba cheart an Prótacal a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An Prótacal lena leasaítear an Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (4), formheastar é leis seo thar ceann an Aontais agus a Bhallstáit.
Airteagal 2
Déantar Uachtarán na Comhairle a údarú leis seo chun an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh de chumhacht aige nó aici nó acu an ionstraim formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 3 den Phrótacal a thaisceadh thar ceann an Aontais agus a Bhallstáit.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Meitheamh 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A.METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Toiliú an 28 Aibreán 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Cinneadh 2014/928/AE ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais agus a Bhallstáit, agus cur i bhfeidhm sealadach Prótacail lena leasaítear an Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (IO L 365, 19.12.2014, lch. 1).
(3) Tá téacs an Chomhaontaithe foilsithe in IO L 321, 20.11.2012, lch. 3.
(4) Foilsíodh téacs an Phrótacail in IO L 365, 19.12.2014, lch. 3, in éineacht leis an gcinneadh maidir lena shíniú.