EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019L0883

Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/59/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/85/2018/REV/1

IO L 151, 07/06/2019, p. 116–142 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/883/oj

7.6.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

116


TREOIR (AE) 2019/883 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/59/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm do bheartas muirí an Aontais ardleibhéal sábháilteachta agus cosanta comhshaoil a áirithiú. Is féidir an méid sin a bhaint amach trí choinbhinsiúin, cóid agus réitigh idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus an tsaoirse loingseoireachta dá bhforáiltear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (“UNCLOS”) á coinneáil.

(2)

Tarraingíonn Sprioc 14 de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe aird ar mhuir-thruailliú, ídiú acmhainní agus athrú aeráide, ar bagairtí iad a eascraíonn go príomha as gníomhaíocht dhaonna. Cuireann na bagairtí sin brú breise ar chórais chomhshaoil amhail an bhithéagsúlacht agus bonneagar nádúrtha, agus ag an am céanna cruthaíonn siad fadhbanna socheacnamaíocha, lena n-áirítear rioscaí sábháilteachta, airgeadais agus sláinte. Ní mór don Aontas oibriú chun speicis mhuirí a chosaint agus chun tacú leis na daoine a bhíonn ag brath ar na haigéin, bíodh sé don fhostaíocht, d’acmhainní nó don fhóillíocht.

(3)

Sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (“Coinbhinsiún MARPOL”) déantar foráil maidir le toirmisc ghinearálta ar sceitheadh ó longa ar muir, ach ina theannta sin rialáiltear leis na coinníollacha faoinar féidir cineálacha áirithe dramhaíola a sceitheadh sa mhuirthimpeallacht. Le Coinbhinsiún MARPOL cuirtear ceangal ar na Páirtithe conarthacha a áirithiú go soláthraítear saoráidí glactha leordhóthanacha i gcalafoirt.

(4)

Chuir an tAontas codanna de Choinbhinsiún MARPOL chun feidhme trí bhíthin Threoir 2000/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), trí chur chuige calafortbhunaithe a leanúint. Is é is aidhm do Threoir 2000/59/CE comhréiteach a fháil idir na leasanna a bhaineann le hoibriú réidh an iompair mhuirí agus caomhnú na muirthimpeallachta.

(5)

Le linn 20 bliain, rinneadh leasuithe tábhachtacha ar Choinbhinsiún MARPOL agus ar na Iarscríbhinní a ghabhann leis, leasaithe lenar cuireadh caighdeáin níos déine agus toirmisc níos déine i bhfeidhm maidir le sceitheadh dramhaíola ó longa ar muir.

(6)

Le hIarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL, tugadh isteach noirm sceite do chatagóirí dramhaíola nua, go háirithe na hiarmhair ó chórais glantacháin gáis sceite, ina bhfuil idir shloda agus uisce sceite. Ba cheart na catagóirí dramhaíola sin a chur san áireamh i raon feidhme na Treorach seo.

(7)

Ba cheart go leanfadh na Ballstáit den obair ar leibhéal na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (“EMI”) chun breathnú go cuimsitheach ar na tionchair chomhshaoil a bhíonn ann nuair a sceitear fuíolluisce as sciúrthóirí lúboscailte, lena n-áirítear breathnú ar bhearta chun cur i gcoinne tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann.

(8)

Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun na bearta iomchuí a ghlacadh i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), lena n-áirítear cosc ar fuíolluisce a sceitheadh as sciúrthóirí lúboscailte agus iarmhair lasta áirithe a shileadh ina n-uiscí críochacha féin.

(9)

An 1 Márta 2018, ghlac an EMI an Treoir Chomhdhlúite athbhreithnithe do sholáthraithe agus d’úsáideoirí saoráidí glactha calafoirt (MEPC.1/Ciorclán 834/Rev.1) (“Treoir Chomhdhlúite an EMI”), lena n-áirítear formáidí caighdeánacha maidir le fógra dramhaíola a thabhairt, admháil sheachadta dramhaíola, agus easnaimh líomhnaithe sna saoráidí glactha calafoirt a thuairisciú, chomh maith leis na ceanglais tuairiscithe maidir le saoráidí glactha dramhaíola.

(10)

In ainneoin na bhforbairtí rialála sin, sceitear dramhaíl ar muir go fóill, rud lena mbaineann costais shuntasacha chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha. Is de bharr roinnt cúiseanna é sin, eadhon ní bhíonn saoráidí glactha calafoirt ar fáil i gcalafoirt i gcónaí, is minic nach ndéantar forfheidhmiú leordhóthanach agus bíonn easpa dreasachtaí ann an dramhaíl a thabhairt i dtír.

(11)

Le Treoir 2000/59/CE, cuireadh leis na méideanna dramhaíola a sheachadtar chuig saoráidí glactha calafoirt, inter alia trína áirithiú go rannchuidíonn longa le costais na saoráidí sin, beag beann ar an úsáid iarbhír a bhaineann siad as na saoráidí sin, agus bhí ról tábhachtach an Treoir sin dá réir sin maidir leis an sceitheadh dramhaíola ar muir a laghdú, rud a tháinig chun solais sa mheastóireacht a rinneadh ar an Treoir sin mar chuid den chlár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (“Meastóireacht REFIT”).

(12)

Léiríodh i Meastóireacht REFIT freisin nach raibh éifeacht iomlán le Treoir 2000/59/CE de dheasca neamhréireachtaí le creat Choinbhinsiún MARPOL. Sa bhreis air sin, tá léirithe éagsúla ag na Ballstáit ar na príomhchoincheapa sa Treoir sin, amhail leordhóthanacht na saoráidí, réamhfhógra dramhaíola, seachadadh éigeantach dramhaíola go saoráidí glactha calafoirt, agus díolúintí do longa i dtrácht sceidealaithe. Éilíodh i Meastóireacht REFIT go ndéanfaí na coincheapa sin a chomhchuibhiú a thuilleadh agus iad a ailíniú go hiomlán le Coinbhinsiún MARPOL chun ualach riaracháin nach gá ar na calafoirt agus ar úsáideoirí an chalafoirt araon a sheachaint.

(13)

D’fhonn Treoir 2005/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a ailíniú le forálacha ábhartha Coinbhinsiún MARPOL maidir le noirm sceite, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a inmhianaithe atá sé athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir sin, go háirithe trína raon feidhme a leathnú.

(14)

Ba cheart a bheith mar aidhm le beartas muirí an Aontais ardleibhéal cosanta a áirithiú don mhuirthimpeallacht agus éagsúlacht limistéir mhuirí an Aontais á cur san áireamh. Ba cheart an beartas a bhunú ar na prionsabail gur cheart bearta coisctheacha a dhéanamh, gur cheart é a bheith mar thosaíocht damáiste don mhuirthimpeallacht a cheartú chomh luath agus is féidir agus gur cheart d’údar an truaillithe íoc as.

(15)

Ba cheart ról lárnach a bheith ag an Treoir seo freisin maidir leis an bpríomhreachtaíocht chomhshaoil agus na príomhphrionsabail chomhshaoil a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs na gcalafort agus bainistiú dramhaíola ó longa. Go háirithe, is ionstraimí ábhartha ina leith sin iad Treoir 2008/56/CE (7) agus Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(16)

I dTreoir 2008/98/CE, leagtar síos na príomhphrionsabail maidir le bainistiú dramhaíola, lena n-áirítear an prionsabal ‘údar an truaillithe a íocfaidh as’ agus ord na réiteach dramhaíola, éilítear inti go ndéanfaí dramhaíl a athúsáid agus a athchúrsáil in ionad cineálacha eile aisghabhála agus diúscartha dramhaíola a úsáid agus ceanglaítear léi go mbunófaí córais le haghaidh bailiú ar leithligh na dramhaíola. Ina theannta sin, is treoirphrionsabal de dhlí an Aontais maidir le dramhaíl é coincheap na freagrachta leathnaithe táirgeora, ar ar a bhonn a bheidh táirgeoirí freagrach as tionchar a dtáirgí ar an gcomhshaol i rith saolré na dtáirgí sin. Tá feidhm ag na hoibleagáidí sin freisin maidir le bainistiú dramhaíola ó longa.

(17)

Tá gá le bailiú ar leithligh na dramhaíola ó longa, lena n-áirítear trealamh iascaireachta tréigthe, chun a áirithiú go n-aisghabhfar arís í d’fhonn í a chumasú a bheith ullmhaithe d’athúsáid nó d’athchúrsáil sa slabhra bainistithe dramhaíola iartheachtach, agus chun nach ndéanfaidh sí damáiste d’fhiadhúlra muirí agus do mhuirthimpeallachtaí. Is minic a scartar dramhaíl ar bord long i gcomhréir leis na noirm agus caighdeáin idirnáisiúnta agus ba cheart a áirithiú le dlí an Aontais nach mbainfear an bonn ó na hiarrachtaí sin dramhaíl ar bord a scaradh cheal socruithe maidir le bailiú ar leithligh ar tír.

(18)

Gach bliain ligtear do líon shuntasach plaistigh dul isteach i bhfarraigí agus in aigéin an Aontais. Cé go dtagann an chuid is mó de bhruscar muirí as gníomhaíochtaí talamhbhunaithe i bhformhór na limistéar farraige, is rannchuiditheoir suntasach é tionscal na loingseoireachta, lena n-áirítear na hearnálacha iascaireachta agus áineasa, a sceitheann dramhaíl, lena n-áirítear plaisteach agus trealamh iascaireachta tréigthe, go díreach san fharraige.

(19)

Iarrtar le Treoir (AE) 2008/98 ar na Ballstáit stop a chur le giniúint an bhruscair mhuirí mar rannchuidiú ionsar Sprioc na Náisiún Aontaithe maidir le Forbairt Inbhuanaithe chun gach cineál truaillithe muirí a chosc agus a laghdú go suntasach.

(20)

Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Closing the Loop – An EU Action Plan for the Circular Economy” [Deireadh a chur leis an lúb ar lár – plean gníomhaíochta ó AE don Gheilleagar Ciorclach], tugtar aitheantas don ról sonrach a bhí le himirt ag Treoir 2000/59/CE ina leith sin, trína áirithiú go mbeidh fáil ar shaoráidí leordhóthanacha chun dramhaíl a ghlacadh, agus trí fhoráil a dhéanamh maidir leis an leibhéal ceart dreasachtaí agus seachadadh na dramhaíola go saoráidí ar tír a fhorfheidhmiú.

(21)

Tá suiteálacha amach ón gcósta ar cheann d’fhoinsí muirbhunaithe an bhruscair mhuirí. Ar an gcúis sin, ba cheart do na Ballstáit bearta a ghlacadh mar is iomchuí maidir le dramhaíl a sheachadadh ó shuiteálacha amach ón gcósta a bhfuil a mbratach ar foluain acu nó atá ag oibriú in uiscí na mBallstát, nó sa dá áit, agus ba ceart dóibh a áirithiú go gcomhlíonfar na noirm sceite dhiana is infheidhme maidir le suiteálacha amach ón gcósta mar a leagtar síos i gCoinbhinsiún MARPOL.

(22)

Tá dramhaíl, go háirithe dramhaíl phlaisteach, ó aibhneacha ar cheann de phríomhfhoinsí an bhruscair mhuirí, lena n-áirítear sceitheadh ó shoithí uiscebhealaí intíre. Ba cheart na soithí sin a bheith faoi réir noirm sceite agus seachadta dhiana dá bhrí sin. Sa lá atá inniu ann, is é an Coimisiún Abhann ábhartha a leagann síos na rialacha sin. Mar sin féin, cumhdaítear calafoirt intíre le dlí an Aontais maidir le dramhaíl. Iarrtar ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chóras an Aontais do noirm sceite agus seachadta le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, d’fhonn leanúint de na hiarrachtaí an creat reachtaíochta d’uiscebhealaí intíre an Aontais a chomhchuibhiú agus an Coinbhinsiún maidir le bailiú, taisceadh agus glacadh dramhaíl a tháirgtear le linn loingseoireachta ar an Réin agus ar na huiscebhealaí intíre an 9 Meán Fómhair 1996 (CDNI) a chur san áireamh.

(23)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (9), ceanglaítear ar shoitheach iascaireachta an trealamh a bheith ar bord aici chun trealamh caillte a aisghabháil. I gcásanna ina gcailltear trealamh, ba cheart do mháistir an tsoithigh iarracht a dhéanamh é a aisghabháil chomh luath agus is féidir. Murar féidir an trealamh caillte a fháil ar ais, ceanglaítear ar mháistir soithigh iascaireachta údaráis a Stáit bhrataí a chur ar an eolas laistigh de 24 uair an chloig. Tá ar an Stát brataí údarás inniúil an Stáit cósta ábhartha a chur ar an eolas ina dhiaidh sin. Áirítear ar an bhfaisnéis sin uimhir aitheantais seachtrach agus ainm an tsoithigh iascaireachta, cineál agus suíomh an trealaimh chaillte, chomh maith leis na bearta arna ndéanamh chun an trealamh a aisghabháil. Féadfar soithí iascaireachta faoi 12 mhéadar a dhíolmhú. Leis an Rialachán sin, ceanglaítear faoin togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, déanfaidh an soitheach iascaireachta an tuairisciú i logleabhar leictreonach, agus ceanglaítear ar na Ballstáit an fhaisnéis maidir le trealamh caillte a bhailiú agus a thaifead agus é a chur faoi bhráid an Choimisiúin arna iarraidh sin air. D’fhéadfaí an fhaisnéis a bhailítear i gcomhréir leis an Treoir seo agus atá ar fáil sna hadmhálacha seachadta dramhaíola maidir le dramhaíl a iascadh go héighníomhach a thuairisciú ar an gcaoi sin freisin.

(24)

I gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Rialú agus Bainistiú Uisce Ballasta agus Dríodar Long ó EMI, a glacadh an 13 Feabhra 2004 agus a tháinig i bhfeidhm an 8 Meán Fómhar 2017, tá sé d’oibleagáid ar gach long nósanna imeachta bainistíochta uisce ballasta a dhéanamh de réir caighdeáin EMI, agus tá sé d’oibleagáid ar chalafoirt agus críochfoirt a ainmnítear chun umair uisce ballasta a ghlanadh agus a dheisiú, saoráidí leordhóthanacha a sholáthar chun dríodar a ghlacadh.

(25)

Meastar go bhfuil saoráid glactha calafoirt leordhóthanach más féidir léi freastal ar riachtanais na long a úsáideann an calafort de ghnáth gan moill mhíchuí a chruthú, mar a sonraíodh freisin i dTreoir Chomhdhlúite EMI agus i dTreoirlínte EMI maidir le leordhóthanacht shaoráidí glactha dramhaíola na gcalafort a áirithiú (Rún MEPC.83(44)). Baineann leordhóthanacht le dálaí oibriúcháin na saoráide i bhfianaise riachtanais an úsáideora, mar aon le bainistiú comhshaoil na saoráidí i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le dramhaíl. D’fhéadfadh sé a bheith deacair, i gcásanna áirithe, a mheas an gcomhlíonann saoráid glactha calafoirt atá suite lasmuigh den Aontas coinníollacha den sórt sin.

(26)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) ceanglaítear go ndéanfaí dramhaíl lónadóireachta idirnáisiúnta a loscadh nó a dhiúscairt trína cur sa talamh i láithreán líonta talún údaraithe, lena n-áirítear dramhaíl ó longa a thagann isteach go calafoirt an Aontais a bhfuil seans ann go raibh sí i dteagmháil le seachtháirgí ainmhithe ar bord. Chun nach gcuirfear teorainn le hullmhúchán na hathúsáide agus na hathchúrsála a dhéantar ar dhramhaíl ó longa de thoradh an cheanglais sin, ba cheart iarrachtaí a dhéanamh i gcomhréir le Treoir Chomhdhlúite an EMI d’fhonn an dramhaíl a scaradh ar bhealach níos fearr chun gur féidir an baol a sheachaint go ndéanfaí dramhaíl, amhail dramhaíl phacáistíochta, a éilliú.

(27)

Mar a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1069/2008, i gcomhar le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún (11), ní mheasfar gur “iompar a oibríonn go hidirnáisiúnta” iad aistir a dhéantar laistigh den Aontas, agus ní gá an dramhaíl lónadóireachta ó na haistir sin a loscadh. Measfar, áfach gur “aistir idirnáisiúnta” iad na haistir sin laistigh den Aontas faoi reachtaíocht mhuirí idirnáisiúnta (an Coinbhinsiún MARPOL agus an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS)). Chun comhchuibheas dhlí an Aontais a áirithiú, ba cheart na sainmhínithe i Rialachán (CE) 1069/2009 a leanúint agus raon feidhme agus cóireáil na dramhaíola lónadóireachta idirnáisiúnta á sainmhíniú faoin Treoir seo, i gcomhar le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

(28)

Chun leordhóthanacht saoráidí glactha calafoirt a áirithiú, is gá forbairt, cur chun feidhme agus athmheasúnú a dhéanamh ar an bplean le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil, bunaithe ar an gcomhairliúchán leis na páirtithe ábhartha ar fad. Ar chúiseanna praiticiúla agus eagraíochtúla, d’fhéadfadh sé go dteastódh ó na calafoirt chomharsanacha sa réigiún geografach céanna comhphlean a fhorbairt ina gcumhdófaí go mbeadh fáil ar shaoráidí glactha calafoirt i ngach ceann de na calafoirt a chumhdaítear faoin bplean sin agus ina ndéanfaí foráil maidir le comhchreat riaracháin.

(29)

Maidir le calafoirt bheaga neamhthráchtála, amhail bearta feistithe agus muiríní, nach dtagann mórán tráchta eile chucu seachas árthaí áineasa amháin, nó nach mbíonn in úsáid ach cuid den bhliain, féadfaidh sé a bheith dúshlánach pleananna a ghlacadh le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil iontu agus faireachán a dhéanamh ar na pleananna sin. Is gnách gurb é an córas bainistithe dramhaíola bardasach a láimhseálann an dramhaíl ó na calafoirt bheaga sin, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i dTreoir (AE) 2008/98/CE. Chun ró-ualach ar na húdaráis áitiúla a sheachaint agus bainistiú dramhaíola a éascú i gcalafoirt bheaga mar sin, ba cheart gur leor go n-áireofaí dramhaíl ó chalafoirt den sórt sin sa sruth dramhaíola bardasach agus go ndéanfaí í a bhainistiú dá réir sin, go gcuirfeadh an calafort faisnéis maidir le glacadh dramhaíola ar fáil d’úsáideoirí an chalafoirt, agus go ndéanfaí calafoirt a bheidh díolmhaithe a thuairisciú i gcóras leictreonach chun íosleibhéal faireacháin a éascú.

(30)

Chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb an bhruscair mhuirí ar bhealach éifeachtach, ní mór an leibhéal ceart dreasachtaí a chur ar fáil do sheachadadh dramhaíola go saoráidí glactha calafoirt, go háirithe dramhaíl mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL (“dramhaíol Iarscríbhinn V a ghabhann le MARPOL”). Is féidir é sin a bhaint amach trí chóras gnóthaithe costas, ina mbeadh gá le táille indíreach a chur i bhfeidhm, a bheadh dlite gan beann ar sheachadadh na dramhaíola agus lena dtabharfaí an ceart dramhaíl a sheachadadh gan aon mhuirir dhíreacha bhreise. Ba cheart an earnáil iascaireachta agus áineasa, i bhfianaise an méid bruscair mhuirí a chruthaíonn siad, a chur san áireamh sa chóras seo freisin. Bíodh sin mar atá, i gcás ina dtugann long méid ollmhór dramhaíola MARPOL Iarscríbhinn V i dtír ag calafort, go háirithe dramhaíl oibríochtúil, a théann os cionn an uastoillte stórála tiomnaithe mar a luaitear san fhoirm um réamhfhógra maidir le dramhaíl a sheachadadh, ba cheart go bhféadfaí táille dhíreach sa bhreis a ghearradh uirthi le cinntiú nach gcuirfeadh na costais a bhaineann lena leithéid de mhéid ollmhór dramhaíola a ghlacadh ualach míréireach ar chóras gnóthaithe costas an chalafoirt. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh freisin i gcás ina bhfuil an t-uastoilleadh stórála tiomnaithe iomarcach nó míréasúnta.

(31)

I mBallstáit áirithe, cuireadh scéimeanna ar bun chun foinsí malartacha maoiniúcháin do na costais a bhaineann le dramhaíl ó threalamh iascaireachta nó dramhaíl a iascadh go héighníomhach i dtír a bhailiú agus a bhainistiú, lena n-áirítear do scéimeanna ‘ag iascaireacht bruscair’. Ba cheart fáilte a chur roimh na tionscnaimh den sórt sin, agus ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun na córais gnóthaithe costas a cuireadh ar bun i gcomhréir leis an Treoir seo a chomhlánú leis na scéimeanna iascaireachta bruscair chun costais na dramhaíola a iascadh go héighníomhach a chumhdach. Dá bhrí sin, leis na córais gnóthaithe costas sin, atá bunaithe ar chur i bhfeidhm táille indíreach 100 % do dhramhaíl MARPOL Iarscríbhinn V, seachas iarmhair lasta, níor cheart dídhreasú a chruthú do phobail calafoirt iascaireachta páirt a ghlacadh i scéimeanna seachadta do dhramhaíl a iascadh go héighníomhach atá ann cheana féin.

(32)

gus critéir áirithe á leanúint a fhorbrófar le cumhachtaí cur chun feidhme a tugadh don Choimisiún, i gcomhréir le treoirlínte EMI d’Iarscríbhinn V MARPOL a chur i bhfeidhm agus le caighdeáin a d’fhorbair an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú, ba cheart táillí longa a laghdú i gcás soithí a dearadh, a feistíodh nó atá á n-oibriú chun dramhaíl a íoslaghdú. Is féidir dramhaíl a laghdú agus athchúrsáil éifeachtúil a dhéanamh uirthi go príomha trí dhramhaíl ar bord a scaradh go héifeachtach i gcomhréir leis na treoirlínte agus na caighdeáin sin.

(33)

I ngeall ar a cineál trádála, lena mbaineann stadanna minice i gcalafort faoi bhealach, tá costais shuntasacha ag baint le loingseoireacht ghearrthurais laistigh den chóras atá ann faoi láthair chun dramhaíl a sheachadadh go saoráidí glactha calafoirt, ós rud é gur gá táille a íoc ag gach stad calafoirt. Ag an am céanna, níl sceideal ná rialtacht leordhóthanach ag baint leis an trácht go mbeadh díolúine ann ó íocaíochtaí agus ó dhramhaíl a sheachadadh ar na forais sin. Chun an t-ualach airgeadais ar an earnáil a theorannú, ba cheart táille laghdaithe a ghearradh ar shoithí bunaithe ar an gcineál tráchta a bhíonn ar siúl acu.

(34)

Fanann na hiarmhair lasta i seilbh úinéir an lasta tar éis dhíluchtú an lasta go dtí an críochfort, agus d’fhéadfaí luach eacnamaíoch a bheith iontu. Ar an gcúis sin, níor cheart iarmhair lasta a chur san áireamh sna córais gnóthaithe costas agus i gcur i bhfeidhm na táille indírí. Ba cheart d’úsáideoir na saoráide glactha calafoirt muirir atá ar sheachadadh na n-iarmhar lasta a íoc, mar a shonraítear sna socruithe conarthacha idir na páirtithe lena mbaineann nó i socruithe áitiúla eile. Áirítear freisin sna hiarmhair lasta fuílleach lastais leachta olach nó díobhálach tar éis oibríochtaí glantacháin, a mbeidh feidhm ag noirm sceite Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún MARPOL maidir leo, agus ní gá, d’fhonn costais oibríochtúla neamhriachtanacha do longa agus plódú i gcalafoirt a sheachaint, i gcásanna áirithe mar a leagtar amach sna hIarscríbhinní sin, iad a sheachadadh chuig calafort.

(35)

Ba cheart do na Ballstáit a mholadh go ndéanfar iarmhair ó uisce glantacháin umair, ina bhfuil substaintí leanúnacha ardslaodachta snámhacha, a sheachadadh, rud ab fhéidir a dhéanamh trí bhíthin dreasachtaí airgeadais iomchuí.

(36)

Is seirbhís é soláthar na saoráidí glactha calafoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Cuirtear rialacha ar fáil sa Rialachán sin maidir le trédhearcacht na struchtúr muirearaithe a chuirtear i bhfeidhm i ndáil le húsáid seirbhísí calafoirt, dul i gcomhairle le húsáideoirí calafoirt agus nósanna imeachta um ghearáin a láimhseáil. Téann an Treoir seo thar an gcreat dá bhforáiltear sa Rialachán sin trí cheanglais níos mionsonraithe a leagan síos maidir le leagan amach agus oibriú na gcóras gnóthaithe costas le haghaidh saoráidí glactha calafoirt do dhramhaíl ó longa agus trédhearcacht an struchtúir costais.

(37)

Sa bhreis ar dhreasachtaí a sholáthar don seachadadh dramhaíola, tá sé fíorthábhachtach go ndéanfaí an oibleagáid seachadta a fhorfheidhmiú go héifeachtach agus go leanfaí cur chuige rioscabhunaithe, ar cheart sásra um spriocdhíriú rioscabhunaithe de chuid an Aontais a bhunú ina leith.

(38)

Ar cheann de na constaicí is mó atá roimh oibleagáid an tseachadta éigeantaigh a fhorfheidhmiú go héifeachtach tá na léirithe éagsúla atá ag na Ballstáit ar an eisceacht atá bunaithe ar leorthoilleadh stórála agus na bealaí éagsúla a gcuirtear an eisceacht sin chun feidhme. Ionas nach mbainfear an bonn ó phríomhchuspóir na Treorach seo de thoradh chur i bhfeidhm na heisceachta sin, ba cheart tuilleadh sonraí a thabhairt faoi, go háirithe maidir leis an gcéad calafort cuarda eile, agus ba cheart leorthoilleadh stórála a chinneadh ar bhealach comhchuibhithe, bunaithe ar mhodheolaíocht chomhchoiteann agus ar chritéir chomhchoiteanna. I gcásanna ina bhfuil sé deacair a fháil amach an bhfuil fáil ar shaoráidí glactha calafoirt leordhóthanacha i gcalafoirt lasmuigh den Aontas, tá sé ríthábhachtach go ndéanfadh an t-údarás inniúil machnamh géar ar chur i bhfeidhm na heisceachta.

(39)

Maidir le longa i mbun trácht sceidealaithe a thagann isteach go minic agus go rialta i gcalafort faoi bhealach, is gá córas na n-eisceachtaí do na longa sin a chomhchuibhiú a thuilleadh, go háirithe soiléiriú a thabhairt ar na téarmaí a úsáidtear agus na coinníollacha lena rialaítear na heisceachtaí sin. Léiríodh i Meastóireacht REFIT agus sa mheasúnú tionchair go bhfuil ualach riaracháin nach gá ar longa agus ar chalafoirt mar gheall nach ndearnadh coinníollacha agus cur i bhfeidhm na n-eisceachtaí a chomhchuibhiú.

(40)

Ba cheart faireachán agus forfheidhmiú a éascú trí chóras atá bunaithe ar thuairisciú leictreonach agus ar mhalartú faisnéise. Chuige sin, ba cheart tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcóras faisnéise agus faireacháin atá ann cheana agus a bunaíodh faoi Threoir 2000/59/CE, agus ba cheart leanúint dá oibriú ar bhonn na gcóras sonraí leictreonacha atá ann cheana, go háirithe Córas an Aontais um Malartú Faisnéise Muirí (SafeSeaNet) a bunaíodh le Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus an Bunachar Sonraí Cigireachta (THETIS) a bunaíodh le Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Ba cheart an fhaisnéis faoi na saoráidí glactha calafoirt atá le fáil i gcalafoirt éagsúla a áireamh i gcóras den sórt sin freisin.

(41)

Le Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) déantar nósanna imeachta riaracháin arna gcur i bhfeidhm ar iompar muirí a shimpliú agus a chomhchuibhiú trí tharchur leictreonach na faisnéise a dhéanamh níos ginearálta agus foirmiúlachtaí tuairiscithe a chuíchóiriú. Le Dearbhú Vaileite a bhaineann le tosaíochtaí do Bheartas Iompair Muirí an AE go dtí 2020, a d’fhormhuinigh an Chomhairle sna Conclúidí uaithi an 8 Meitheamh 2017, iarradh ar an gCoimisiún obair leantach iomchuí a mholadh chun an Treoir sin a athbhreithniú. D’eagraigh an Coimisiún comhairliúchán poiblí a bhí ar siúl ón 25 Deireadh Fómhair 2017 go dtí an 18 Eanáir 2018 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe do longa. Ar an 17 Bealtaine 2018, chuir an Coimisiún Eorpach togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle le haghaidh Rialachán lena mbunaítear Ionad Ilfhreastail Eorpach Muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/65/AE.

(42)

Le Coinbhinsiún MARPOL ceanglaítear ar na Páirtithe conarthacha faisnéis atá cothrom le dáta a choinneáil faoina gcuid saoráidí glactha calafoirt agus an fhaisnéis sin a chur in iúl do EMI. Chuige sin, tá bunachar sonraí saoráidí glactha calafoirt bunaithe ag EMI laistigh dá Chóras Comhtháite Domhanda le haghaidh Faisnéis i dtaca leis an Loingseoireacht (“GISIS”).

(43)

I dTreoir Chomhdhlúite EMI, déanann EMI foráil d’easnaimh líomhnaithe sna saoráidí glactha calafoirt a thuairisciú. Faoin nós imeachta sin, ba cheart do long easnaimh den sórt sin a thuairisciú do rialtas Stát brataí, a chuirfidh an t-easnamh in iúl do EMI agus do Stát an chalafoirt tar a éis sin. Déanfaidh Stát an chalafoirt scrúdú ar an tuairisc agus freagróidh sé go hiomchuí dó trí EMI agus an Stát bratach tuairiscithe a chur ar an eolas. Dá ndéanfaí an fhaisnéis sin maidir le heasnaimh líomhnaithe a thuairisciú go díreach isteach sa chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá bhforáiltear sa Treoir seo, d’éascófaí tarchur na faisnéise sin go GISIS, agus scaoilfí na Ballstáit óna n-oibleagáidí tuairiscithe don EMI mar Stáit bhrataí agus Stáit chalafoirt.

(44)

I mí na Nollag 2017, i bhfianaise thús na caibidlíochta idirinstitiúideacha, cuireadh ar atráth an Foghrúpa maidir le Saoráidí Glactha Calafoirt, foghrúpa a bunaíodh faoi Fhóram Eorpach na Loingseoireachta Inbhuanaithe agus inar tháinig raon leathan saineolaithe i réimse an truaillithe ó longa agus an bhainistithe dramhaíola ó longa le chéile. Ós rud é gur thug an Foghrúpa sin treoir agus saineolas luachmhar don Choimisiún, bheadh sé inmhianaithe grúpa saineolaithe comhchosúil a bhunú ag a mbeadh sainordú taithí maidir le cur chun feidhme na Treorach seo a mhalartú.

(45)

Tá sé tábhachtach go ndéanfaí aon phionóis a leagfaidh na Ballstáit síos a chur chun feidhme i gceart agus go mbeidís éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(46)

Tá sé ríthábhachtach go mbeidh dálaí oibre maithe ag pearsanra calafoirt atá ag obair i saoráidí glactha calafoirt chun earnáil mhuirí a chur ar bun atá slán, éifeachtúil agus cuntasach ó thaobh na sochaí de, lenar féidir oibrithe cáilithe a mhealladh agus lena n-áireofar cothrom na Féinne ar fud na hEorpa. Tá ríthábhacht le hoiliúint thosaigh agus thréimhsiúil chun cáilíocht na seirbhísí agus cosaint na foirne a áirithiú. Ba cheart d’údaráis na calafoirt agus d’údaráis saoráidí glactha calafoirt a áirithiú go gcuirfear an oiliúint is gá ar na baill foirne uile le go mbeidh an t-eolas is gá acu ar a gcuid oibre, agus aird ar leith á tabhairt ar ghnéithe sláinte agus slándála a bhaineann le bheith ag déileáil le hábhair ghuaiseacha, agus go dtabharfar na ceanglais oiliúna cothrom le dáta go minic chun freastal ar dhúshláin na nuálaíochta teicneolaíche.

(47)

Ba cheart na cumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún chun Treoir 2000/59/CE a chur chun feidhme a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(48)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo agus na tagairtí d’ionstraimí idirnáisiúnta a leasú a mhéid is gá chun iad a chur i gcomhréir le dlí an Aontais nó chun na forbairtí atá déanta ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh, go háirithe ag IMO; na hIarscríbhinní a leasú nuair is gá sin chun feabhas a chur ar na socruithe cur chun feidhme agus faireacháin a bhunaítear leis an Treoir seo, go háirithe i ndáil le fógra faoi dhramhaíl a thabhairt agus go seachadfar í ar bhealach éifeachtach, agus chun a áirithiú go gcuirfear na díolúintí i bhfeidhm mar is ceart; agus in imthosca eisceachtúla, i gcás ina dtugtar údar cuí leis trí anailís iomchuí arna déanamh ag an gCoimisiún agus chun bagairt thromchúiseach dho-ghlactha ar an muirthimpeallacht a sheachaint, an Treoir seo a leasú a mhéid is gá chun bagairt den sórt sin a sheachaint, chun feidhmiú na n-athruithe ar na hionstraimí idirnáisiúnta sin a chosc, más gá, chun críocha na Treorach seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (16). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(49)

Chun foráil a dhéanamh maidir leis na modhanna do ríomh na leorthoillte stórála thiomnaithe; chun critéir chomhchoiteanna a cheapadh, chun críocha táille laghdaithe dramhaíola a dheonú do longa, le haithint go léirítear le dearadh, trealamh agus oibriú na loinge go dtagann méid laghdaithe dramhaíola ón long agus go mbainistíonn sí a cuid dramhaíola ar bhealach inbhuanaithe agus ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de; chun modheolaíochtaí a shainiú maidir le sonraí monatóireachta i dtaca le líon agus cainníocht na dramhaíola a iascadh go héighníomhach agus an an fhormáid chun na sonraí a thuairisciú; chun na gnéithe mionsonraithe maidir le sásra um spriocdhíriú rioscabhunaithe an Aontais a shainiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(50)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon an mhuirthimpeallacht a chosaint ar sceitheadh dramhaíola ar muir, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach é in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(51)

Tá éagsúlachtaí réigiúnacha ar leibhéal na gcalafort le fáil san Aontas, mar a léirítear freisin sa mheasúnú tionchair chríochaigh arna déanamh ag an gCoimisiún. Tá an éagsúlacht sin sna calafoirt bunaithe ar shuíomh geografach, ar mhéid, ar leagan amach riaracháin agus ar úinéireacht, agus cineálacha na long a thagann isteach de ghnáth iontu. Sa bhreis air sin, is léiriú iad na córais bainistithe dramhaíola ar na héagsúlachtaí ar an leibhéal bardasach agus ar an mbonneagar bainistithe dramhaíola iartheachtach.

(52)

Ceanglaítear le hAirteagal 349 CFAE go dtabharfaí aird chuí ar shaintréithe speisialta na réigiún is forimeallaí san Aontas, eadhon Guadalúip, Guáin na Fraince, Martinique, Mayotte, La Réunion, Saint-Martin, na hAsóir, Maidéara agus na hOileáin Chanáracha. Chun leordhóthanacht agus infhaighteacht na saoráidí glactha calafoirt a áirithiú, d’fhéadfadh sé a bheith iomchuí go gcuirfeadh na Ballstáit cabhair oibriúcháin réigiúnach ar fáil d’oibreoirí saoráidí glactha calafoirt nó d’údaráis calafoirt sna réigiúin sin den Aontais d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na constaicí buana dá dtagraítear san Airteagal sin. Maidir le cabhair oibriúcháin réigiúnach arna cur ar fáil ag na Ballstáit sa chomhthéacs sin, tá sí díolmhaithe ón oibleagáid fógra a thabhairt a leagtar síos in Airteagal 108(3) CFAE, más rud é, tráth a deonaithe, go gcomhlíonfar léi na coinníollacha a leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (18) arna ghlacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 994/98 ón gComhairle (19).

(53)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2000/59/CE a aisghairm,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Roinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Is é is aidhm don Treoir seo an mhuirthimpeallacht a chosaint ar na héifeachtaí diúltacha a thagann as sceitheadh dramhaíola ó longa a úsáideann calafoirt atá lonnaithe san Aontas, mar aon le dea-oibriú an tráchta mhuirí a áirithiú, trí fheabhas a chur ar an bhfáil agus ar an úsáid atá ar shaoráidí glactha calafoirt leordhóthanacha agus trí fheabhas a chur ar sheachadadh dramhaíola go dtí na saoráidí sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “long” soitheach farraige d’aon chineál a bhíonn ag oibriú sa mhuirthimpeallacht, lena n-áirítear soithí iascaireachta, árthaí áineasa, duillárthaí, feithiclí aerchúisín, tumadóirí agus árthaí ar snámh;

(2)

ciallaíonn “Coinbhinsiún MARPOL” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, ina leagan cothrom le dáta;

(3)

ciallaíonn “dramhaíl ó longa” gach cineál dramhaíola, lena n-áirítear iarmhair lasta, a ghintear le linn do long a bheith i seirbhís nó le linn luchtú, díluchtú agus oibríochtaí glantacháin, agus a thagann laistigh de raon feidhme Iarscríbhinní I, II, IV, V agus VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL mar aon le dramhaíl a iascadh go héighníomhach;

(4)

ciallaíonn “dramhaíl a iascadh go héighníomhach” dramhaíl a bhailítear i líonta le linn oibríochtaí iascaireachta;

(5)

ciallaíonn “iarmhair lasta” fuílleach aon ábhair lasta ar bord atá fágtha ar an deic nó sna boilg nó sna humair tar éis luchtú agus díluchtú, lena n-áirítear luchtú agus díluchtú farasbairr nó doirte, bídís fliuch nó tirim nó leachtiompartha in uisce níocháin, gan an deannach lasta atá fágtha ar an deic tar éis a scuabtha nó an deannach ar dhromchlaí seachtracha na loinge a chur san áireamh;

(6)

ciallaíonn “saoráid glactha calafoirt” aon saoráidatá fosaithe, ar snámh nó gluaisteach agus ar féidir léi an tseirbhís maidir leis an dramhaíl ó longa a ghlacadh a chur ar fáil;

(7)

ciallaíonn “soitheach iascaireachta” aon long atá feistithe nó a úsáidtear ar bhonn tráchtála chun iasc nó acmhainní beo eile ón bhfarraige a ghabháil;

(8)

ciallaíonn “árthach áineasa” long d’aon chineál, ag a bhfuil cabhail atá 2.5 méadar nó níos faide, gan beann ar an modh tiomána, atá beartaithe do chuspóirí spóirt nó áineasa, agus nach mbíonn i mbun trádála;

(9)

ciallaíonn “calafort” áit nó limistéar geografach atá leagtha amach agus feistithe go príomha sa chaoi gur féidir longa a ghlacadh, lena n-áirítear an limistéar ancaireachta laistigh de dhlínse an chalafoirt;

(10)

ciallaíonn “leorthoilleadh stórála” toilleadh leordhóthanach chun an dramhaíl a stóráil ar bord ón bpointe imeachta go dtí an chéad chalafort cuarda eile, lena n-áirítear an dramhaíl ar dócha go nginfear í le linn an aistir;

(11)

ciallaíonn “trácht sceidealaithe” trácht bunaithe ar liosta foilsithe nó pleanáilte de na hamanna imeachta agus sroichte idir calafoirt shainaitheanta nó trasnuithe athfhillteacha arb ionann iad agus sceideal aitheanta;

(12)

ciallaíonn “stadanna calafoirt rialta” turais a dhéanann an long chéanna arís agus arís eile, rud a chruthaíonn patrún leanúnach idir calafoirt shainaitheanta nó sraith aistear ón gcalafort céanna agus go dtí é gan aon stadanna idirmheánacha;

(13)

ciallaíonn “stadanna calafoirt minice” na cuairteanna a thugann long ar an gcalafort céanna a tharlaíonn uair sa choicís ar a laghad;

(14)

ciallaíonn “GISIS” an Córas Comhtháite Domhanda le haghaidh Faisnéis i dtaca leis an Loingseoireacht a bhunaigh an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta;

(15)

ciallaíonn “cóireáil” oibríochtaí aisghabhála nó diúscartha, lena n-áirítear ullmhú don aisghabháil nó don diúscairt;

(16)

ciallaíonn “táille indíreach” táille a íoctar as seirbhísí saoráidí glactha calafoirt a sholáthar, beag beann ar sheachadadh iarmhír dramhaíola ó longa.

Maidir le “dramhaíl ó longa” dá dtagraítear i bpointe (3), measfar gur dramhaíl de réir bhrí phointe 1 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE í.

Airteagal 3

Raon Feidhme

1.   Tá feidhm ag an Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

gach long, gan beann ar a bratach, a stadann ag calafort Ballstáit, nó a oibríonn laistigh de, cé is moite d’aon long a bhíonn i mbun seirbhísí calafoirt de réir bhrí Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2017/352, agus cé is moite d’aon long chogaidh, aon inneall cúnta cabhlaigh nó aon long eile ar le Stát í nó a oibríonn Stát agus nach n-úsáidtear ach ar bhonn neamhthráchtála rialtais de thráth na huaire;

(b)

calafoirt uile na mBallstát a dtugann longa a thagann laistigh de raon feidhme phointe (a) cuairt orthu de ghnáth.

Chun críche na Treorach seo, agus chun moill mhíchuí ar longa a sheachaint, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach gcuimseofar an limistéar ancaireachta faoina gcalafoirt chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8.

2.   Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú, nuair is féidir le réasún é, go seachadfaidh na longa sin nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach seo a gcuid dramhaíola ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis an Treoir seo.

3.   Maidir leis na Ballstáit sin nach bhfuil calafoirt acu ná longa acu a bhfuil a mbratach ar foluain orthu agus a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, féadfaidh siad maolú a dhéanamh ar fhorálacha na Treorach seo cé is moite den oibleagáid a leagtar amach sa tríú fomhír den mhír seo.

Maidir leis na Ballstáit sin nach bhfuil calafoirt acu agus a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, féadfaidh siad maolú a dhéanamh ar fhorálacha na Treorach seo a thugann aghaidh ar chalafoirt amháin.

Maidir leis na Ballstáit sin a bhfuil rún acu úsáid a bhaint as na maoluithe sin a leagtar amach sa mhír seo, cuirfidh siad scéala chuig an gCoimisiún faoin 28 Meitheamh 2021, an bhfuil na coinníollacha ábhartha comhlíonta, agus cuirfidh siad aon athrú a dhéantar ina dhiaidh sin in iúl don Choimisiún go bliantúil as sin amach. Nó go mbeidh an Treoir seo trasuite agus curtha chun feidhme ag na Ballstáit sin ní bheidh aon chalafort dá gcuid ag teacht laistigh de raon feidhme na Treorach seo agus ní cheadófar do longa, lena n-áirítear árthaí, a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a mbratach a chur ar foluain orthu.

Roinn 2

Saoráidí glactha calafoirt leordhóthanacha a sholáthar

Airteagal 4

Saoráidí glactha calafoirt

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh fáil ar shaoráidí glactha calafoirt a bheidh leordhóthanach chun freastal ar riachtanais na long a úsáideann an calafort de ghnáth gan moill mhíchuí a chur ar longa.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

go mbeidh sé d’acmhainn ag na saoráidí glactha calafoirt na cineálacha agus na cainníochtaí dramhaíola a ghlacadh ó longa a úsáideann an calafort sin de ghnáth, agus aird á tabhairt:

(i)

ar riachtanais oibriúcháin úsáideoirí an chalafoirt;

(ii)

ar mhéid agus ar shuíomh geografach an chalafoirt sin;

(iii)

ar chineál na long a stadann ag an gcalafort sin: agus

(iv)

ar na heisceachtaí dá bhforáiltear faoi Airteagal 9;

(b)

go mbeidh na foirmiúlachtaí agus na socruithe praiticiúla a bhaineann le húsáid na saoráidí glactha calafoirt simplí agus gasta chun nach gcuirfear moill mhíchuí ar longa;

(c)

nach gcruthófar dídhreasacht do longa na saoráidí glactha calafoirt a úsáid i ngeall ar na táillí seachadta; agus

(d)

gur féidir leis na saoráidí glactha calafoirt dramhaíl ó longa a bhainistiú ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE agus le dlí ábhartha eile an Aontais maidir le dramhaíl agus leis an dlí náisiúnta maidir le dramhaíl.

Chun críche phointe (d) den chéad fhomhír, áiritheoidh na Ballstáit bailiúchán ar leithligh d’fhonn athúsáid agus athchúrsáil i dtaca le dramhaíl ó longa i gcalafoirt a éascú, mar a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais maidir le dramhaíl, go háirithe Treoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), Treoir 2008/98/CE agus Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21). Chun an bealach a réiteach don phróiseas seo, féadfaidh saoráidí glactha calafoirt codáin dramhaíola ar leithligh a bhailiú i gcomhréir le catagóirí dramhaíola a shainmhínítear i gCoinbhinsiún MARPOL, ag cur san áireamh treoirlínte an Choinbhinsiúin sin.

Beidh feidhm ag pointe (d) den chéad fhomhír gan dochar do na ceanglais níos déine a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 maidir le bainistiú dramhaíola lónadóireachta ó iompar idirnáisiúnta.

3.   Bainfidh na Ballstáit, ina gcáil mar bhratstáit, úsáid as foirmeacha agus nósanna imeachta de chuid EMI chun fógra a thabhairt do EMI mar aon le húdaráis stáit an chalafoirt maidir le heasnaimh líomhnaithe sna saoráidí glactha calafoirt.

Déanfaidh na Ballstáit, ina gcáil mar stáit an chalafoirt, imscrúdú ar gach cás tuairiscithe ina bhfuil easnaimh líomhnaithe agus bainfidh siad úsáid as foirmeacha agus nósanna imeachta de chuid EMI chun fógra a thabhairt do EMI agus don bhratstát atá ag tuairisciú maidir le toradh an imscrúdaithe.

4.   Áiritheoidh na húdaráis calafoirt lena mbaineann nó, má theipeann orthu siúd, áiritheoidh na húdaráis ábhartha go ndéanfar seachadadh dramhaíola nó oibríochtaí glactha le bearta sábháilteachta leordhóthanach chun an baol don duine agus don chomhshaoil ag calafoirt a sheachaint a chumhdaítear leis an Treoir seo.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon pháirtí atá bainteach le seachadadh nó glacadh dramhaíola ó longa in ann cúiteamh a éileamh as damáiste a thagann as an moill mhíchuí.

Airteagal 5

Pleananna le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh plean iomchuí le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil i bhfeidhm agus cuirfear chun feidhme é le haghaidh gach calafoirt tar éis comhairliúcháin a dhéanamh leis na páirtithe ábhartha, lena n-áirítear, go háirithe, le húsáideoirí calafoirt nó a gcuid ionadaithe, agus, i gcás inarb iomchuí le húdaráis inniúla áitiúla, oibreoirí saoráidí glactha calafoirt, eagraíochtaí a chuireann na hoibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora chun feidhme agus le hionadaithe den tsochaí shibhialta. Ba cheart na comhairliúcháin sin a dhéanamh le linn dhréachtú tosaigh an phlean le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil agus tar éis a ghlactha, go háirithe i gcás ina bhfuil athruithe suntasach tarluithe, i ndáil leis na ceanglais in Airteagal 4, Airteagal 6 agus Airteagal 7.

Leagtar amach na ceanglais mhionsonraithe maidir le forbairt an phlean le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil in Iarscríbhinn 1.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear in iúl go soiléir an fhaisnéis seo a leanas ón bplean le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil maidir leis an bhfáil atá ar shaoráidí glactha calafoirt leordhóthanacha ina gcuid calafort agus struchtúr na gcostas d’oibreoirí na long agus go mbeidh fáil shorochtana ag an bpobal ar an bhfaisnéis sin i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit sin ina bhfuil an calafort lonnaithe agus, i gcás inarb ábhartha, i dteanga a úsáidtear go hidirnáisiúnta:

(a)

suíomh na saoráidí glactha calafoirt is infheidhme maidir le gach beart feistithe, agus, i gcás inarb ábhartha, na huaireanta oscailte;

(b)

liosta na dramhaíola ó longa a bhainistíonn an calafort de ghnáth;

(c)

liosta de phointí teagmhála, de na hoibreoirí saoráidí glactha calafoirt agus de na seirbhísí a chuirtear ar fáil;

(d)

tuairisc ar na nósanna imeachta maidir leis an dramhaíl a sheachadadh;

(e)

tuairisc ar na córas gnóthaithe costas, lena n-áirítear na scéimeanna bainistithe dramhaíola agus na cistí dá dtagraítear in Iarscríbhinn 4, i gcás inarb infheidhme.

Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chur ar fáil go leictreonach agus coinneofar cothrom le dáta í sa chuid sin den chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 13.

3.   Más gá ar chúiseanna éifeachtúlachta, féadfar na pleananna le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil a fhorbairt i gcomhar le dhá chalafort chomharsanachta nó níos mó sa réigiún geografach céanna, agus gach calafort rannpháirteach go hiomchuí, ar choinníoll go sonrófar an gá atá le saoráidí glactha calafoirt agus an fháil atá orthu le haghaidh gach calafoirt.

4.   Déanfaidh na Ballstáit an plean le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil a mheasúnú agus a fhormheas agus áiritheoidh siad go bhformheasfar an athuair é gach 5 bliana, ar a laghad, tar éis a fhormheasta nó tar éis a fhormheasta an athuair, agus tar éis athruithe suntasacha a bheith déanta ar oibriú an chalafoirt. Leis na hathruithe sin féadfar athruithe struchtúracha ar thrácht sa chalafort a bheith san áireamh, forbairt bonneagair nua, athruithe ar an éileamh ar shaoráidí glactha calafoirt agus ar a soláthar, agus teicnící cóireála nua ar bord, ach ní bheidh na hathruithe teoranta dóibhsean.

Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar phlean an chalafoirt le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil a chur chun feidhme. Más rud é nach bhfuil aon athrú suntasach tarlaithe i rith na tréimhse 5 bliana dá dtagraítear sa chéad fhomhír déanfar bailíochtú ar na pleananna atá ann faoi láthair a athcheadú.

5.   Féadfar calafoirt bheaga neamhthráchtála, nach mbíonn ag tarraingt orthu ach líon beag árthaí áineasa, a dhíolmhú ó mhír 1 go mír 4 más rud é go mbíonn saoráidí glactha an chalafoirt sin comhtháite le córas láimhseála dramhaíola, a ndéanann an bhardais ábhartha iad a bhainistiú ar a son, agus go n-áiritheoidh na Ballstáit san áit ina bhfuil na calafoirt seo lonnaithe go mbeidh fáil ag úsáideoirí na gcalafort sin ar an bhfaisnéis i dtaca leis an gcóras láimhseála dramhaíola.

Cuirfidh na Ballstáit ina bhfuil na calafoirt sin lonnaithe in iúl go leictreonach ainm agus lonnaíocht na gcalafort sin atá i dtrácht sa chuid sin den chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 13.

Roinn 3

Seachadadh dramhaíola ó longa

Airteagal 6

Réamhfhógra dramhaíola

1.   Déanfaidh oibreoir, gníomhaire nó máistir loinge a thagann faoi raon feidhme Threoir 2002/59/CE atá ag triall ar chalafort de chuid an Aontais an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Treoir seo (“faisnéis réamhfhógra dramhaíola”) a chomhlánú go beacht agus go cruinn agus cuirfidh sé an fhaisnéis go léir atá inti in iúl don údarás nó don chomhlacht atá ainmnithe chun na críche sin ag an mBallstát ina bhfuil an calafort sin lonnaithe:

(a)

ar a laghad 24 uair an chloig sula sroichfear an calafort cuarda, más eol dó an calafort staid;

(b)

a luaithe is eol dó an calafort cuarda, má tá an fhaisnéis sin ar fáil níos lú ná 24 uair an chloig sula sroichfear an calafort; nó

(c)

ar a dhéanaí tráth an imeachta ón gcalafort roimhe sin, más rud é go mairfidh an t-aistear níos lú ná 24 uair an chloig.

2.   Déanfar an fhaisnéis ón réamhfhógra dramhaíola a thuairisciú go leictreonach sa chuid sin den chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 13 den Treoir seo, i gcomhréir le Treoir 2002/59/CE agus Treoir 2010/65/AE.

3.   Beidh an fhaisnéis ón réamhfhógra dramhaíola le fáil ar bord, go leictreonach más féidir, go dtí an chéad chalafort cuarda eile, ar a laghad, agus cuirfear ar fáil í d’údaráis na mBallstát ábhartha arna iarraidh sin dóibh.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis a dtugtar fógra fúithi de bhun an Airteagail seo a scrúdú agus a chomhroinnt leis na húdaráis forfheidhmithe ábhartha gan mhoill.

Airteagal 7

Seachadadh dramhaíola ó longa

1.   Déanfaidh máistir loinge a stadann ag calafort san Aontas, sula bhfágfaidh sé an calafort sin, an dramhaíl ar fad a iompraíodh ar bord a sheachadadh go saoráid glactha calafoirt i gcomhréir leis na noirm sceite iomchuí a leagtar síos i gCoinbhinsiún MARPOL.

2.   Tar éis a seachadta, déanfaidh oibreoir na saoráide glactha calafoirt nó údarás an chalafoirt inar seachadadh an dramhaíl an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn 3 (“admháil sheachadta dramhaíola”) a chomhlánú go beacht agus go cruinn agus déanfaidh sé an admháil sheachadta dramhaíola a eisiúint agus a sholáthar, gan moill mhíchuí, don mháistir loinge.

Ní bheidh feidhm ag na ceanglais sin, a leagtar amach sa chéad fhomhír, i gcalafoirt bheaga ina bhfuil saoráidí gan foireann ná i gcalafoirt iargúlta, ar choinníoll go ndearna an Ballstát ina bhfuil na calafoirt sin lonnaithe ainmneacha agus lonnaíochtaí na gcalafort sin a chur in iúl go leictreonach sa chuid sin den chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 13.

3.   Déanfaidh oibreoir, gníomhaire nó máistir loinge a thagann faoi raon feidhme Threoir 2002/59/CE roimh imeacht dó, nó a luaithe a fuarthas an admháil sheachadta dramhaíola, an fhaisnéis atá inti a thuairisciú go leictreonach sa chuid sin den chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 13 den Treoir seo, i gcomhréir le Treoir 2002/59/CE agus Treoir 2010/65/AE.

Beidh an fhaisnéis ón admháil sheachadta dramhaíola seo le fáil ar bord ar feadh 2 bhliain, ar a laghad, i gcás inarb ábhartha, mar aon leis an Leabhar Taifid Ola, an Leabhar Taifid Lasta, an Leabhar Taifid Dramhaíola nó an Plean bainistithe dramhaíola iomchuí, agus cuirfear ar fáil é d’údaráis na mBallstát ábhartha arna iarraidh sin dóibh.

4.   Gan dochar do mhír 1, féadfaidh long dul ar aghaidh go dtí an chéad chalafort cuarda eile gan an dramhaíl a sheachadadh sna cásanna seo a leanas:

(a)

má léirítear san fhaisnéis arna cur ar fáil i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 agus Iarscríbhinn 3 gurb ann do leorthoilleadh stórála thiomnaithe le haghaidh na dramhaíola ar fad atá carntha agus a charnfar le linn aistear beartaithe na loinge go dtí an chéad chalafort cuarda eile; nó

(b)

má léirítear san fhaisnéis atá ar fáil ar bord long atá lasmuigh de raon feidhme Threoir 2002/59/CE gurb ann do leorthoilleadh stórála thiomnaithe le haghaidh na dramhaíola ar fad atá carntha agus a charnfar le linn aistear beartaithe na loinge go dtí an chéad chalafort cuarda eile; nó

(c)

má théann an long ar ancaire ar feadh níos lú ná 24 uair an chloig nó le linn drochaimsire, murar eisiadh limistéar den sórt sin i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 3(1).

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na heisceachta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na modheolaíochtaí atá le húsáid chun an leoracmhainn stórála thiomnaithe a ríomh a leagan amach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2).

5.   Cuirfidh an Ballstát ceangal ar an long a cuid dramhaíola ar fad a sheachadadh, roimh imeacht di, sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach féidir a shuí bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, lena n-áirítear an fhaisnéis sin atá le fáil go leictreonach sa chuid sin den chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 13 nó in GISIS, go bhfuil saoráidí glactha calafoirt leordhóthanacha le fáil sa chéad chalafort cuarda eile; nó

(b)

mura fios an chéad chalafort cuarda eile.

6.   Beidh feidhm ag mír 4 gan dochar do cheanglais níos déine le haghaidh long arna nglacadh i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

Airteagal 8

Córais gnóthaithe costas

1.   Maidir leis na costais atá ar shaoráidí glactha calafoirt a oibriú chun dramhaíl ó longa, seachas iarmhair lasta, a ghlacadh agus a chóireáil, áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdófar iad trí tháille a bhailiú ó longa. Áirítear sna costais sin na gnéithe a liostaítear in Iarscríbhinn 4.

2.   Ní bheidh aon dreasacht le fáil do longa sna córais gnóthaithe costas a gcuid dramhaíola a sceitheadh ar muir. Chuige sin, agus na córais gnóthaithe costas á gceapadh agus á n-oibriú ag na Ballstáit, cuirfidh siad na prionsabail seo ar fad a leanas i bhfeidhm:

(a)

íocfaidh na longa táille indíreach, beag beann ar sheachadadh na dramhaíola go saoráid glactha calafoirt;

(b)

cumhdófar sa táille indíreach an méid seo a leanas:

(i)

na costais riaracháin indíreacha;

(ii)

cuid shuntasach de na costais oibriúcháin dhíreacha, arna gcinneadh in Iarscríbhinn 4, arb ionann iad agus 30 %, ar a laghad, de na costais dhíreacha iomlána a bhí ar sheachadadh iarbhír na dramhaíola le linn na bliana roimhe sin; I dteannta na féidearthachta na costais a bhainfidh leis an méid tráchta iomlán a bhfuiltear ag súil leis don bhliain dár gcionn a chur san áireamh freisin;

(c)

chun foráil a dhéanamh maidir le huasdreasacht do sheachadadh na dramhaíola Iarscríbhinn V a ghabhann le MARPOL, seachas iarmhair lasta, ní ghearrfar aon táille dhíreach ar dhramhaíl den sórt sin, chun ceart seachadta gan aon mhuirir bhreise a áirithiú, bunaithe ar an méid dramhaíola a seachadadh, ach amháin sa chás go dtéann an méid dramhaíola a seachadadh thar uasthoilleadh stórála thiomnaithe mar a luaitear san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Treoir seo; cuimseoidh an córas seo an dramhaíl a iascadh go héighníomhach, lena n-áirítear ceart seachadta;

(d)

ionas nach bhfágfar costas an bhailithe agus an chóireála a bhaineann le dramhaíl a iascadh go héighníomhach faoi úsáideoirí an chalafoirt amháin, cuimseoidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, na costais sin ó ioncaim a ghintear le córais mhaoinithe malartacha, lena n-áirítear scéimeanna bainistithe dramhaíola agus le maoiniú an Aontais, náisiúnta nó réigiúnach atá ar fáil;

(e)

ionas go seachadfar iarmhair a eascraíonn as umarghlantachán ina mbíonn substaintí leanúnacha ardslaodachta snámhacha, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le dreasachtaí airgeadais iomchuí chun go dtarlódh sin;

(f)

Ní chumhdófar sa táille indíreach an dramhaíl ó chórais glanta gáis sceite; cumhdófar na costais sin ar bhonn chineálacha agus chainníochtaí na dramhaíola arna seachadadh.

3.   Maidir leis an gcuid de na costais nach gcumhdófar sa táille indíreach, más ann di, cumhdófar í ar bhonn chineálacha agus chainníochtaí na dramhaíola arna seachadadh ag an long.

4.   Féadfar na táillí a dhifreáil ar an mbonn seo a leanas:

(a)

catagóir, cineál agus méid na loinge;

(b)

na seirbhísí a sholáthraítear do longa lasmuigh de na gnáthuaireanta oibriúcháin sa chalafort; nó

(c)

an chontúirt a bhaineann leis an dramhaíl.

5.   Laghdófar na táillí ar an mbonn seo a leanas:

(a)

an cineál trádála ina mbíonn an long páirteach ann, go háirithe nuair a bhíonn long páirteach i dtrádáil loingseoireacht ghearrthurais;

(b)

más féidir a léiriú, de thoradh dhearadh, threalamh agus oibriú na loinge, go dtagann méid laghdaithe dramhaíola ón long agus go mbainistíonn sí a cuid dramhaíola ar bhealach inbhuanaithe agus ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh faoin 28 Meitheamh 2020, ina saineofar na critéir chun a chinneadh an bhfuil na ceanglais a shonraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír comhlíonta aici maidir le bainistiú dramhaíola na loinge ar bord. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2).

6.   Chun a áirithiú go bhfuil na táillí cothrom, trédhearcach, inaitheanta, neamh-idirdhealaitheach, agus go léiríonn siad costais na saoráidí agus na seirbhísí arna gcur ar fáil, agus, más iomchuí, arna n-úsáid, déanfar méid na dtáillí agus an bonn ar ar ríomhadh iad a chur ar fáil d’úsáideoirí an chalafoirt i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an calafort lonnaithe, agus i gcás inarb ábhartha, i dteanga a úsáidtear go hidirnáisiúnta sa phlean le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbaileofar na sonraí monatóireachta i dtaca le líon agus cainníocht na dramhaíola a iascadh go héighníomhach, agus go ndéanfaidh na Ballstáit na sonraí monatóireachta sin a thuairisciú don Choimisiún. Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil, bunaithe ar na sonaí monatóireachta sin, faoin 31 Nollag 2022 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina saineofar modheolaíochtaí na sonraí monatóireachta agus an fhormáid don tuairisciú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2).

Airteagal 9

Díolúintí

1.   Féadfaidh na Ballstáit long a stadann ag a gcalafoirt a dhíolmhú ó na hoibleagáidí in Airteagal 6, Airteagal 7(1) agus Airteagal 8 (“an díolúine”), i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach ann go bhfuil na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a)

go bhfuil an long páirteach i dtrácht sceidealaithe ina stadtar go minic agus go rialta ag calafoirt;

(b)

go bhfuil socrú ann chun a áirithiú go seachadtar an dramhaíl agus go n-íoctar na táillí i gcalafort feadh bhealach na loinge:

(i)

léirithe le conradh a síníodh le calafort nó conraitheoir dramhaíola agus le hadmhálacha seachadta dramhaíola;

(ii)

gur cuireadh gach calafort feadh bhealach na loinge ar an eolas; agus

(iii)

gur ghlac an calafort ina dtarlaíonn an seachadadh agus an íocaíocht, a d’fhéadfaí a bheith ina gcalafort de chuid an Aontais nó i gcalafort eile a bhfuil, bunaithe ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh go leictreonach sa chuid sin den chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in GISIS, saoráidí leordhóthanacha ar fáil;

(c)

nach mbeidh tionchar diúltach ag an díolúine ar shábháilteacht agus ar shláinte mhuirí, ar shlí mhaireachtála ná ar dhálaí oibre ar bord loinge ná ar an muirthimpeallacht.

2.   Má thugtar an díolúine, eiseoidh an Ballstát ina bhfuil an calafort lonnaithe deimhniú díolúine, a bheidh bunaithe ar an bhformáid a leagtar amach in Iarscríbhinn 5, ina ndearbhófar go gcomhlíonann an long na coinníollacha agus na ceanglais is gá chun an díolúine a chur i bhfeidhm agus ina gcuirfear tréimhse na díolúine in iúl.

3.   Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis ón deimhniú díolúine a thuairisciú go leictreonach sa chuid den chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 13.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán éifeachtach ar na socruithe maidir le seachadadh agus íocaíocht a bheidh ann do longa díolmhaithe a thugann cuairt ar a gcalafoirt, agus go ndéanfar na socruithe sin a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

5.   D’ainneoin an díolúine a dheonú, ní fhéadfaidh long dul ar aghaidh go dtí an chéad chalafort cuarda eile murab ann do leorthoilleadh stórála thiomnaithe le haghaidh na dramhaíola ar fad atá carntha agus a charnfar le linn aistear beartaithe na loinge go dtí an chéad chalafort cuarda eile.

Roinn 4

Forfheidhmiú

Airteagal 10

Cigireachtaí

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar aon long a chur faoi réir cigireachta, lena n-áirítear cigireachtaí randamacha, chun a fhíorú go gcomhlíonann sí an Treoir seo.

Airteagal 11

Gealltanais cigearachta

1.   Déanfaidh gach Ballstát cigireachtaí ar longa a thug cuairt ar a chalafoirt a bheidh comhfhreagrach do 15 %, ar a laghad, do líon iomlán na long aonair a sheas ag a chalafoirt go bliantúil.

Mar seo a leanas a dhéanfar líon na long aonair a sheasfaidh sa Bhallstát a ríomh: meánlíon na long a sheas sa Bhallstát le 3 bliana roimhe sin, de réir an chórais faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 13.

2.   Déanfaidh na Ballstáit mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh trí longa a roghnú bunaithe ar shásra um spriocdhíriú rioscabhunaithe an Aontais.

D’fhonn a áirithiú go ndéanfar cigireachtaí a chomhchuibhiú agus chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú agus longa á roghnú le haghaidh cigearachtaí, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na gnéithe mionsonraithe maidir le sásra um spriocdhíriú rioscabhunaithe an Aontais a shainaithint. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2).

3.   Bunóidh na Ballstáit nósanna imeachta le haghaidh cigireachtaí ar longa atá lasmuigh de raon feidhme Threoir 2009/59/CE, chun comhréireacht leis an Treoir seo a áirithiú, a mhéid is féidir.

Féadfaidh na Ballstáit, le bunú na nósanna imeachta seo, sásra um spriocdhíriú rioscabhunaithe an Aontais a chur san áireamh dá dtagraítear i mír 2.

4.   Mura mbeidh údarás ábhartha an Bhallstáit sásta le torthaí na cigireachta, áiritheoidh sé, gan dochar do chur i bhfeidhm na bpionós dá dtagraítear in Airteagal 16, nach bhfágfaidh an long an calafort go dtí go mbeidh a cuid dramhaíola seachadta aici go saoráid glactha calafoirt i gcomhréir le hAirteagal 7.

Airteagal 12

Córas faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe

Déanfar cur chun feidhme agus forfheidhmiú na Treorach seo a éascú le tuairisciú agus le malartú faisnéise ar bhonn leictreonach idir na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 13 agus Airteagal 14.

Airteagal 13

Faisnéis a thuairisciú agus a mhalartú

1.   Beidh an fhaisnéis a thuairiscítear agus a mhalartaítear bunaithe ar Chóras an Aontais um Malartú Faisnéise Muirí (“SafeSeaNet”), dá dtagraítear in Airteagal 22a(3) agus in Iarscríbhinn III de Threoir 2002/59/CE.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis seo a leanas a thuairisciú go leictreonach agus laistigh de thréimhse réasúnta i gcomhréir le Treoir 2010/65/AE:

(a)

an fhaisnéis faoi am sroichte agus am imeachta iarbhír gach loinge, a thagann laistigh de raon feidhme Threoir 2002/59/CE, a stadann ag calafort de chuid an Aontais, mar aon le haitheantóir don chalafort lena mbaineann;

(b)

an fhaisnéis ón réamhfhógra dramhaíola mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 2;

(c)

an fhaisnéis ón admháil sheachadta dramhaíola mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 3;

(d)

an fhaisnéis ón deimhniú díolúine mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 5.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 5(2), ar fáil go leictreonach trí SafeSeaNet.

Airteagal 14

Cigireachtaí a thaifeadadh

1.   Déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí cigireachta a fhorbairt, a chothabháil agus a thabhairt cothrom le dáta lena mbeidh na Ballstáit uile nasctha agus ina mbeidh an fhaisnéis uile atá de dhíth chun an córas cigireachta dá bhforáiltear sa Treoir seo (“an bunachar sonraí cigireachta”) a chur chun feidhme. Is ar an mbunachar sonraí cigireachta dá dtagraítear in Airteagal 24 de Threoir 2009/16/CE a bheidh an bunachar sonraí cigireachta sin bunaithe agus beidh feidhmiúlachtaí aige atá comhchosúil le feidhmiúlachtaí an bhunachair sonraí úd.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis a bhaineann le cigireachtaí faoin Treoir seo, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le neamhchomhlíonadh agus le horduithe um thoirmeasc imeachta a eisíodh, a aistriú gan mhoill chuig an mbunachar sonraí cigireachta, a luaithe a bheidh:

(a)

an tuarascáil chigireachta críochnaithe;

(b)

a bheidh an t-ordú um thoirmeasc imeachta bainte; nó

(c)

nó a bheidh díolúine tugtha.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeifear in ann, de thoradh an bhunachair sonraí cigireachta, aon sonraí ábhartha arna dtuairisciú ag na Ballstáit a fháil chun gur féidir faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach seo.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear faisnéis ar fáil leis an mbunachar sonraí cigireachta maidir le sásra um spriocdhíriú rioscabhunaithe an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú go rialta ar an mbunachar sonraí cigireachta chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach seo agus chun aird a thabhairt ar aon amhrais maidir le cur chun feidhme cuimsitheach agus é mar aidhm gníomh ceartaitheach a thionscain.

4.   Beidh rochtain ag na Ballstáit i gcónaí ar an bhfaisnéis arna taifeadadh sa bhunachar sonraí cigireachta.

Airteagal 15

Oiliúint a chur ar phearsanra

Áiritheoidh údaráis na gcalafort agus údaráis saoráidí glactha calafoirt go gcuirfear an oiliúint is gá ar iomlán an phearsanra le go mbeidh an t-eolas is gá acu ar a gcuid oibre maidir le bheith ag déileáil le dramhaíl, agus aird ar leith á tabhairt ar ghnéithe sláinte agus slándála a bhaineann le bheith ag déileáil le hábhair ghuaiseacha, agus go dtabharfar na ceanglais oiliúna cothrom le dáta go minic chun freastal ar dhúshláin na nuálaíochta teicneolaíche.

Airteagal 16

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Roinn 5

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 17

Malartú taithí

Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartuithe taithí a eagrú idir údaráis náisiúnta na mBallstát agus saineolaithe, lena n-áirítear iad siúd ón earnáil phríobháideach, ón tsochaí shibhialta agus ó na ceardchumainn, maidir leis an Treoir seo a chur i bhfeidhm i gcalafoirt an Aontais.

Airteagal 18

Nós imeachta maidir le leasuithe

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo agus na tagairtí d’ionstraimí EMI sa Treoir seo a leasú a mhéid is gá chun iad a thabhairt i gcomhréir le dlí an Aontais nó chun ar thit amach ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe ag leibhéal EMI, a chur san áireamh.

2.   Ina theannta sin, tugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19, na hIarscríbhinní a leasú nuair is gá sin chun feabhas a chur ar na socruithe cur chun feidhme agus faireacháin a bhunaítear leis an Treoir seo, go háirithe iad siúd dá bhforáiltear in Airteagal 6, in Airteagal 7 agus in Airteagal 9, chun a áirithiú go dtabharfar fógra faoi dhramhaíl agus go seachadfar í ar bhealach éifeachtach, agus chun a áirithiú go gcuirfear na díolúintí i bhfeidhm mar is ceart.

3.   In imthosca eisceachtúla, i gcás ina dtugtar údar cuí leis trí anailís iomchuí arna déanamh ag an gCoimisiún agus chun bagairt thromchúiseach dho-ghlactha ar an muirthimpeallacht a sheachaint, tugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19, a mhéid is gá chun an bhagairt sin a sheachaint, ar gníomhartha iad lena leasaítear an Treoir seo ionas nach gcuirfear leasú i bhfeidhm, chun críocha na Treorach seo, ar Choinbhinsiún MARPOL.

4.   Déanfar na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear san Airteagal seo a ghlacadh trí mhí ar a laghad roimh dhul in éag na tréimhse arna bunú go hidirnáisiúnta do ghlacadh intuigthe an leasaithe ar Choinbhinsiún MARPOL nó roimh dháta theacht i bhfeidhm beartaithe an leasaithe sin.

Sa tréimhse sula dtiocfaidh gníomh tarmligthe den sórt sin i bhfeidhm, staonfaidh na Ballstáit ó aon tionscnamh a bheartaítear chun an leasú sin a chomhtháthú sa dlí náisiúnta nó chun an leasú a chur i bhfeidhm ar an ionstraim idirnáisiúnta lena mbaineann.

Airteagal 19

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 18(1), (2) agus (3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 27 Meitheamh 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 18 (1), (2) agus (3) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun mhír (1), mhír (2) agus mhír (3) d’Airteagal 18 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle faoi cheann tréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go bhfuil sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 20

Nós imeachta coiste

1.   Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (COSS), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 21

Leasú ar Threoir 2010/65/AE

I bpointe A den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2010/65/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4:

“4.

Fógra a thabhairt faoi dhramhaíl ó longa, lena n-áirítear iarmhair

Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 9 de Threoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa (IO L 151, 20.5.2019, Ich. 116)”.

Airteagal 22

Aisghairm

Déantar Treoir 2000/59/CE a aisghairm.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo.

Airteagal 23

Athbhreithniú

1.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus cuirfidh sé torthaí na meastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle 28 Meitheamh 2026. Áireofar leis an meastóireacht freisin tuarascáil ina sonrófar na cleachtais is fearr maidir le dramhaíl a chosc agus a bhainistiú ar bord long.

2.   I gcomhthéacs Rialachán (AE) 2016/1625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, nuair a bheidh an chéad athbhreithniú eile ar shainordú na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) le déanamh, measfaidh an Coimisiún cé acu is ceart nó nach ceart inniúlachtaí breise a thabhairt do EMSA chun an Treoir seo a fhorfheidhmiú.

Airteagal 24

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 28 Meitheamh 2021. Cuirfidh siad sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh an tagairt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar na tagairtí sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 25

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 26

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg an 17 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 283, 10.8.2018, lch. 61.

(2)  IO C 461, 21.12.2018, lch. 220.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Aibreán 2019.

(4)  Treoir 2000/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2000 maidir le saoráidí glactha calafoirt le haghaidh dramhaíola a ghintear ar bord loinge agus iarmhar lasta (IO L 332, 28.12.2000, lch. 81).

(5)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(6)  Treoir 2005/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le truailliú ó longa agus pionóis, lena n-áirítear pionóis choiriúla, a thabhairt isteach do chionta an truaillithe (IO L 255, 30.9.2005, lch. 11).

(7)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(8)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil beartaithe le caitheamh ag an duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/EC ón gComhairle maidir le samplaí áirithe agus míreanna atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin, Téacs atá ábhartha maidir le LEE, (IO L 54, 26.2.2011, lch. 1)

(12)  Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (IO L 57, 3.3.2017, lch. 1).

(13)  Le Treoir 2002/59/CE an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí de chuid an Chomhphobail agus lena n-aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).

(14)  Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).

(15)  Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long atá ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ag imeacht ó chalafoirt na mBallstát agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/6/CE (IO L 283, 29.10.2010, lch. 1).

(16)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 994/98 ón gComhairle an 7 Bealtaine 1998 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i leith catagóirí áirithe Státchabhrach cothromaí (IO L 142, 14.5.1998, lch. 1).

(20)  Treoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le ceallraí agus taisc-cheallraí agus ceallraí dramhaíola agus taisc-cheallraí dramhaíola, agus lena leasaítear Treoir 91/157/CEE (IO L 266, 26.9.2006, lch. 1).

(21)  Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).

(22)  Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 lena mbunaítear Coiste um Fharraigí Sábháilte agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS) agus lena leasaítear na Rialacháin maidir le sábháilteacht mhuirí agus truailliú ó longa a chosc (IO L324, 29.11.2002, lch. 1).

(23)  Rialachán (AE) 2016/1625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 251, 16.9.2016, lch. 77).


IARSCRÍBHINN 1

CEANGLAIS MAIDIR LE GLACADH DRAMHAÍOLA AGUS PLEANANNA LÁIMHSEÁLA I gCALAFOIRT

Cumhdófar leis na pleananna le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil gach cineál dramhaíola a thagann ó longa a thagann isteach go dtí an calafort de ghnáth agus déanfar iad a fhorbairt de réir mhéid an chalafoirt agus de réir chineálacha na long a thagann i dtír ag an gcalafort sin.

Áireofar sna pleananna le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil na heilimintí seo a leanas:

(a)

measúnú ar an ngá atá le saoráidí glactha calafoirt, i bhfianaise na riachtanais atá ag longa a thagann isteach go dtí an calafort de ghnáth;

(b)

tuairisc ar chineál agus ar thoilleadh na saoráidí glactha calafoirt;

(c)

tuairisc ar na nósanna imeachta maidir le dramhaíl ó longa a ghlacadh agus a bhailiú;

(d)

tuairisc ar an gcóras um ghnóthú costas;

(e)

tuairisc ar na nósanna imeachta maidir le heasnaimh líomhnaithe sna saoráidí glactha calafoirt a thuairisciú;

(f)

tuairisc ar an nós imeachta maidir le comhairliúcháin leanúnacha le húsáideoirí calafort, le conraitheoirí dramhaíola, le hoibreoirí críochfoirt agus le páirtithe leasmhara eile; agus

(g)

forléargas ar chineál agus ar chainníochtaí na dramhaíola a fhaightear ó longa agus a láimhseáiltear sna saoráidí.

Féadfar sna pleananna le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáilan méid seo a leanas a áireamh:

(a)

achoimre ar dhlí náisiúnta ábhartha agus ar an nós imeachta agus ar na foirmiúlachtaí maidir leis an dramhaíl a sheachadadh go saoráidí glactha calafoirt;

(b)

pointe teagmhála sa chalafort a shainaithint;

(c)

tuairisc ar an trealamh réamhchóireála agus ar na próisis le haghaidh sruthanna sonracha dramhaíola sa chalafort, más ann dóibh;

(d)

tuairisc ar na modhanna chun úsáid iarbhír na saoráidí glactha calafoirt a thaifeadadh;

(e)

tuairisc ar na modhanna chun méideanna na dramhaíola a sheachadann longa a thaifeadadh;

(f)

tuairisc ar an gcaoi a ndéantar na sruthanna dramhaíola éagsúla a bhainistiú sa chalafort.

Maidir leis na nósanna imeachta don ghlacadh, don bhailiú, don stóráil, don chóireáil agus don diúscairt, ba cheart go mbeidís i gcomhréir, ar gach bealach, le scéim bainistíochta comhshaoil atá oiriúnach chun tionchar na ngníomhaíochtaí sin ar an gcomhshaol a laghdú de réir a chéile. Toimhdítear an chomhréireacht sin a bheith ann má tá na nósanna imeachta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinneadh 2001/681/CE ón gCoimisiún agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún (IO L 342, 22.12.2009, lch. 1).


IARSCRÍBHINN 2

FORMÁID CHAIGHDEÁNACH NA FOIRME UM RÉAMHFHÓGRA MAIDIR LE DRAMHAÍL A SHEACHADADH GO DTÍ SAORÁIDÍ GLACTHA CALAFOIRT

Fógra faoi sheachadadh na dramhaíola chuig: (cuir isteach ainm an chalafoirt cuarda, dá dtagraítear in Airteagal 6 de Threoir (AE) 2019/883)

Ba cheart an fhoirm seo a choinneáil ar bhord na loinge mar aon leis an Leabhar Taifid Ola, an Leabhar Taifid Lasta, an Leabhar Taifid Bruscair nó Plean Bainistithe Dramhaíola iomchuí mar a cheanglaítear le Coinbhinsiún MARPOL.

Image 1 Téacs an íomhá Image 2 Téacs an íomhá Image 3 Téacs an íomhá

IARSCRÍBHINN 3

AN FHORMÁID CHAIGHDEÁNACH DON ADMHÁIL SHEACHADTA DRAMHAÍOLA

Is é an t-ionadaí arna ainmniú ag an soláthraí saoráide glactha calafoirt a chuirfidh an fhoirm seo a leanas ar fáil don mháistir loinge a rinne dramhaíl a sheachadadh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir (AE) 2019/883.

Coinneofar an fhoirm seo ar bhord na loinge mar aon leis an Leabhar Taifid Ola, an Leabhar Taifid Lasta, an Leabhar Taifid Dramhaíola nó Plean Bainistithe Dramhaíola iomchuí, mar a cheanglaítear leis an gCoinbhinisiún MARPOL.

Image 4 Téacs an íomhá Image 5 Téacs an íomhá

IARSCRÍBHINN 4

CATAGÓIRÍ NA GCOSTAS AGUS GLANIONCAIM A BHAINEANN LE HOIBRIÚ AGUS RIARACHÁN NA SAORÁIDÍ GLACTHA CALAFOIRT

Costais dhíreacha

Costais oibriúcháin dhíreacha a eascraíonn as seachadadh iarmhír dramhaíola ó longa, lena n-áirítear na míreanna costais a liostaítear thíos.

Costais indíreacha

Costais riaracháin indíreacha a eascraíonn as bainistiú ar an gcóras sa chalafort, lena n-áirítear na míreanna costais a liostaítear thíos.

Glanioncaim

Liostaítear thíos na glanfháltais ó scéimeanna bainistithe dramhaíola agus ó mhaoiniú náisiúnta/réigiúnach, lena n-áirítear na nithe ioncam.

Bonneagar a chur ar fáil le haghaidh saoráidí glactha calafoirt, lena n-áirítear na coimeádáin, na humair, na huirlisí próiseála, na báirsí, na trucailí, glacadh dramhaíola, suiteálacha coireála;

Lamháltais atá dlite ar mhaithe le suíomh a léasú, más infheidhme, nó chun an trealamh a léasú atá riachtanach ionas go n-oibreoidh na saoráidí glactha calafoirt;

dramhaíl a bhailiú ón long, an dramhaíl a iompar ó na saoráidí glactha calafoirt don choireáil deiridh, na saoráidí glactha calafoirt a chothabháil agus a ghlanadh, costais don fhoireann, lena n-áirítear ragobair, soláthar leictreachais, anailís ar an dramhaíl agus árachas;

Ullmhú d’athúsáid, d’athchúrsáil nó do dhiúscairt na dramhaíola ó longa, lena n-áirítear an dramhaíl a bhailiú ar leithligh;

Riarachán: sonrascadh, admhálacha seachadta dramhaíola a eisiúint don long, tuairisciú.

An plean maidir le dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil a fhorbairt agus a fhormheas, lena n-áirítear aon iniúchadh ar an bplean sin agus cur chun feidhme an phlean;

An plean maidir le dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil a nuashonrú, lena n-áirítear costais saothair agus costais chomhairliúcháin, i gcás inarb infheidhme;

Na nósanna imeachta comhairliúcháin a eagrú maidir le meastóireacht/athmheastóireacht a dhéanamh ar an bplean maidir le dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil;

Bainistiú a dhéanamh ar an gcóras fógartha agus ar an gcóras um ghnóthú costas, lena n-áirítear táillí laghdaithe a chur i bhfeidhm do “longa glasa”, córais TF a sholáthar ar leibhéal an chalafoirt, anailís staidrimh agus costais saothair ghaolmhara;

Nósanna imeachta um sholáthar poiblí a eagrú maidir le saoráidí glactha calafoirt a sholáthar, mar aon leis na húdaruithe riachtanacha a thabhairt chun saoráidí glactha calafoirt a sholáthar i gcalafoirt;

Faisnéis a thabhairt d’úsáideoirí calafort trí fhógráin a dháileadh, fógraí agus póstaeir a chur in airde sa chalafort, nó an fhaisnéis atá ar shuíomh gréasáin an chalafoirt a fhoilsiú, agus an fhaisnéis a tharchur go leictreonach, mar a cheanglaítear in Airteagal 5;

Scéimeanna bainistithe dramhaíola a bhainistiú: scéimeanna Freagrachta Leathnaithe Táirgeora (FLT) athchúrsáil agus iarratas ar chistí náisiúnta/réigiúnacha agus iad a chur chun feidhme;

Costais riaracháin eile: costais a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar dhíolúintí, mar a cheanglaítear in Airteagal 9.

Glansochair airgeadais a thagann as scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora;

Glanioncaim eile ó bhainistiú dramhaíola amhail scéimeanna athchúrsála;

Maoiniú faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI);

Maoiniú eile nó fóirdheontais atá ar fáil do chalafoirt le haghaidh bainistiú dramhaíola agus iascaigh.


IARSCRÍBHINN 5

DEIMHNIÚ DÍOLÚINE DE BHUN AIRTEAGAL 9 MAIDIR LEIS NA CEANGLAIS FAOI AIRTEAGAL 6, FAOI AIRTEAGAL 7(1) AGUS FAOI AIRTEAGAL 8 DE THREOIR (AE) 2019/883 AG CALAFORT/CALAFOIRT [CUIR ISTEACH AN CALAFORT] IN [CUIR ISTEACH AN BALLSTÁT]  (1).

Image 6

Téacs an íomhá

(1)  Scrios murab iomchuí.


Top