Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32015R0755

    Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (athmhúnlú)

    IO L 123, 19/05/2015, p. 33–49 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 19/05/2017

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/755/oj

    19.5.2015   

    GA

    Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

    33


    RIALACHÁN (AE) 2015/755 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 29 Aibreán 2015

    maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe

    (athmhúnlú)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 ón gComhairle (3) a leasú go substaintiúil (4). Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh air, ba cheart an Rialachán sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

    (2)

    Ba cheart an comhbheartas tráchtála a bheith bunaithe ar phrionsabail aonfhoirmeacha.

    (3)

    Ba cheart aonfhoirmeacht a áirithiú sna rialacha maidir le hallmhairí trí fhorálacha a leagan síos, a mhéid is féidir i bhfianaise gnéithe sainiúla an chórais eacnamaíoch sna tríú tíortha atá i gceist, atá cosúil leis na forálacha sin a chuirtear i bhfeidhm faoi na comhrialacha maidir le tríú tíortha eile.

    (4)

    Na comhrialacha is infheidhme maidir le hallmhairí, tá feidhm acu freisin maidir le táirgí guail agus cruach, gan dochar d'aon bhearta lena gcuirtear comhaontú chun feidhme a bhaineann go sonrach le táirgí den sórt sin.

    (5)

    Dá bhrí sin, ba cheart léirscaoileadh allmhairithe, is é sin gan aon srianta cainníochtúla a bheith orthu, a bheith ar an bpointe tosaigh le haghaidh rialacha an Aontais.

    (6)

    I gcás roinnt táirgí, ba cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar théarmaí agus ar choinníollacha an allmhairiúcháin, treochtaí in allmhairiú, gnéithe éagsúla na staide eacnamaíche agus tráchtála, agus na bearta, más ann dóibh, atá le glacadh.

    (7)

    I gcás na dtáirgí sin, d'fhéadfadh sé teacht chun solais gur cheart don Aontas faireachas a dhéanamh ar roinnt áirithe de na hallmhairí sin.

    (8)

    Is faoin gCoimisiún atá sé na bearta cosanta a ghlacadh is gá chun leasa an Aontais agus aird chuí á tabhairt ar na hoibleagáidí idirnáisiúnta atá ann cheana.

    (9)

    D'fhéadfadh sé gurbh oiriúnaí bearta faireachais nó cosanta atá teoranta do réigiún amháin nó níos mó den Aontas ná bearta a mbeadh feidhm acu maidir leis an Aontas ina iomláine. Níor cheart bearta den sórt sin a údarú ach go heisceachtúil, áfach, agus i gcás nach ann d'aon rogha mhalartach. Is gá a áirithiú go bhfuil bearta den sórt sin sealadach agus go ndéanann siad a laghad suaite is féidir ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

    (10)

    I gcás ina gcuirfear faireachas Aontais i bhfeidhm, is faoi réir doiciméad faireachais a thíolacadh a chomhlíonann critéir aonfhoirmeacha ba cheart na táirgí lena mbaineann a scaoileadh chun saorchúrsaíochta. Ba cheart d'údaráis na mBallstát an doiciméad sin a eisiúint laistigh de thréimhse áirithe, ar iarratas simplí an allmhaireora, ach gan an t-allmhaireoir aon cheart allmhairiúcháin a fháil tríd sin. Dá bhrí sin, níor cheart an doiciméad faireachais a bheith bailí ach amháin ar feadh cibé tréimhse a bhfanann na rialacha allmhairiúcháin gan athrú.

    (11)

    Ar mhaithe le dea-bhainistíocht riaracháin agus chun cabhrú le hoibreoirí de chuid an Aontais, ba cheart ábhar agus leagan amach an doiciméid faireachais a ailíniú chomh fada agus is féidir leis na comhfhoirmeacha ceadúnais allmhairithe dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 738/94 ón gCoimisiún (5), Rialachán (CE) Uimh. 3168/94 ón gCoimisiún (6), agus Rialachán (CE) Uimh. 3169/94 ón gCoimisiún (7), agus saintréithe teicniúla an doiciméid faireachais á gcur san áireamh.

    (12)

    Tá sé chun leasa an Aontais gur cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún malartú faisnéise chomh hiomlán agus is féidir a eascraíonn as faireachas Aontais a dhéanamh..

    (13)

    Is gá critéir bheachta a ghlacadh chun measúnú a dhéanamh ar dhíobháil fhéideartha agus chun imscrúdú a thabhairt isteach ach a ligean don Choimisiún fós bearta iomchuí a thabhairt isteach i gcásanna práinneacha.

    (14)

    Chun na críche sin, ba cheart forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir le himscrúduithe a thosú, maidir leis na seiceálacha agus na cigireachtaí is gá, maidir le héisteacht a thabhairt dóibh siúd lena mbaineann, maidir le cóireáil na faisnéise a fhaightear agus maidir leis na critéir chun díobháil a mheasúnú.

    (15)

    Tá na forálacha maidir le himscrúduithe atá leagtha síos sa Rialachán seo gan dochar do rialacha an Aontais ná do rialacha náisiúnta a bhaineann le rúndacht ghairmiúil.

    (16)

    Ní mór freisin teorainneacha ama a shocrú maidir le himscrúduithe a thionscnamh agus maidir le cinntí a dhéanamh cé acu is iomchuí nó nach iomchuí bearta, d'fhonn a áirithiú go ndéanfar na cinntí sin go tapa chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann.

    (17)

    Ar mhaithe le haonfhoirmeacht i rialacha d'allmhairí, ba cheart do na foirmiúlachtaí atá le déanamh ag allmhaireoirí a bheith simplí agus comhionann beag beann ar an áit ina dtéann na hearraí trí chustaim. Is inmhianaithe dá bhrí sin a fhoráil gur cheart aon fhoirmiúlachtaí a chur i gcrích trí úsáid a bhaint as foirmeacha a fhreagraíonn don eiseamal atá i gceangal leis an Rialachán seo.

    (18)

    Doiciméid faireachais arna n-eisiúint i dtaca le bearta faireachais an Aontais, ba cheart dóibh a bheith bailí ar fud an Aontais, is cuma cén Ballstát a d'eisigh iad.

    (19)

    Na táirgí teicstíle a thagann faoi Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle (8), tá siad faoi réir cóireála sonraí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Ba cheart, dá bhrí sin, iad a eisiamh go hiomlán ó raon feidhme an Rialacháin seo.

    (20)

    An chumhacht chun an liosta de thríú tíortha in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 a leasú, cuireadh san áireamh i Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 ón gComhairle (9) í. Ós rud é go ndeachaigh forálacha Theideal I de Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 maidir leis an sásra cosanta idirthréimhseach atá sonrach ó thaobh an táirge de in éag an 11 Nollaig 2013, agus go bhfuil forálacha Theideal II den Rialachán sin imithe i léig anois, is iomchuí, ar mhaithe le comhleanúnachas, soiléireacht agus le réasúntacht, Airteagal 14a agus Airteagal 14b den Rialachán sin a thabhairt isteach sa Rialachán seo. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 a aisghairm.

    (21)

    Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) d'fhonn Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, chun tíortha a bhaint den liosta de thríú tíortha atá san Iarscríbhinn sin nuair a thiocfaidh siad chun bheith ina gcomhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT).

    (22)

    Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta sealadacha agus cinntitheacha a ghlacadh, agus chun bearta réamhfhaireachais a fhorchur. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

    (23)

    Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun bearta faireachais agus bearta sealadacha a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí beart den sórt sin agus a loighce seicheamhaí i ndáil le glacadh na mbeart cosanta cinntitheach. I gcás ina ndéanfadh moill ar fhorchur na mbeart dochar ba dheacair a leigheas, is gá a cheadú don Choimisiún bearta sealadacha atá infheidhme láithreach a ghlacadh.

    (24)

    Nuair a leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 625/2009, rinneadh an dara fomhír d'Airteagal 18(2) a scriosadh go hearráideach. Ba cheart an fhoráil sin a chur isteach arís.

    (25)

    Toisc go bhfuil an Airméin, an Rúis, An Táidsíceastáin agus Vítneam tagtha chun bheith ina gcomhaltaí de EDT, ní mór na tíortha sin a scriosadh ó Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 trí ghníomh tarmligthe de chuid an Choimisiúin. Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ní áirítear iad sa liosta tríú tíortha a leagtar amach anois in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    PRIONSABAIL GHINEARÁLTA

    Airteagal 1

    1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hallmhairiú táirgí de thionscnamh na dtríú tíortha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, cé is moite de tháirgí teicstíle a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 517/94.

    2.   Déanfar na táirgí dá dtagraítear i mír 1 a allmhairiú isteach san Aontas faoi shaoirse, agus, dá réir sin, ní bheidh siad faoi réir aon srianta cainníochtúla, gan dochar do na bearta cosanta a fhéadfar a ghlacadh faoi Chaibidil V.

    CAIBIDIL II

    NÓS IMEACHTA FAISNÉISE AGUS COMHAIRLIÚCHÁIN AN AONTAIS

    Airteagal 2

    Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas má dhealraíonn sé ó threochtaí in allmhairiú gur gá bearta faireachais nó cosanta. Beidh san eolas sin an fhianaise atá ar fáil ar bhonn na gcritéar arna leagan síos in Airteagal 6. Cuirfidh an Coimisiún an t-eolas sin ar aghaidh chuig na Ballstáit uile láithreach bonn.

    CAIBIDIL III

    NÓS IMEACHTA AN AONTAIS UM IMSCRÚDÚ

    Airteagal 3

    1.   I gcás inar léir don Choimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann chun bonn cirt a thabhairt d'imscrúdú, tionscnóidh an Coimisiún imscrúdú laistigh d'aon mhí amháin ó fhaisnéis a fháil ó Bhallstát agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Déanfar na nithe seo a leanas san fhógra sin:

    (a)

    achoimreofar an fhaisnéis a fuarthas agus ceanglófar leis nach mór an fhaisnéis ábhartha uile a chur chuig an gCoimisiún;

    (b)

    luafar ann an tréimhse ar laistigh di a fhéadfaidh páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus faisnéis a thíolacadh, más rud é go bhfuil na tuairimí agus an fhaisnéis sin le cur san áireamh le linn an imscrúdaithe;

    (c)

    luafar ann an tréimhse ar laistigh di a fhéadfaidh páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh ar éisteacht ó bhéal a fháil os comhair an Choimisiúin i gcomhréir le mír 4.

    Cuirfidh an Coimisiún tús leis an imscrúdú, ag gníomhú dó i gcomhar leis na Ballstáit.

    Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit maidir lena anailís ar an bhfaisnéis de ghnáth laistigh de 21 lá ón dáta ar a gcuirtear an fhaisnéis ar fáil don Choimisiún.

    2.   Iarrfaidh an Coimisiún an fhaisnéis uile a mheasann sé is gá agus, má mheasann sé gurb iomchuí é, féachfaidh sé leis an fhaisnéis sin a sheiceáil le hallmhaireoirí, trádálaithe, gníomhairí, táirgeoirí, agus le comhlachais agus eagraíochtaí trádála.

    Déanfaidh foireann ón mBallstát a mbeidh na seiceálacha sin á ndéanamh ina chríoch cúnamh a thabhairt don Choimisiún sa chúram seo, ar choinníoll gur mian leis an mBallstát sin déanamh amhlaidh.

    Páirtithe leasmhara a chuir iad féin in aithne i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de mhír 1, chomh maith le hionadaithe na tíre onnmhairithe, féadfaidh siad iniúchadh a dhéanamh ar an bhfaisnéis uile a chuirtear ar fáil don Choimisiún faoi chuimsiú an imscrúdaithe, seachas doiciméid inmheánacha a d'ullmhaigh údaráis an Aontais nó a Bhallstáit, ar choinníoll í a bheith ábhartha do chosaint a leasanna agus gan a bheith rúnda de réir bhrí Airteagal 5 agus go bhfuil sí in úsáid ag an gCoimisiún san imscrúdú. Chun na críche sin, seolfaidh siad iarraidh i scríbhinn chuig an gCoimisiún, a léiríonn an fhaisnéis atá ag teastáil.

    3.   Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún, arna iarraidh sin dó agus nósanna imeachta a leag sé síos á leanúint acu, an fhaisnéis atá ar fáil dóibh faoi chora i margadh an táirge atá á imscrúdú.

    4.   Féadfaidh an Coimisiún éisteacht a thabhairt do na páirtithe leasmhara. Ní mór éisteacht a thabhairt do na páirtithe sin má bhíonn iarratas i scríbhinn déanta acu laistigh den tréimhse a bheidh leagtha síos san fhógra arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, iarratas ina léireofar gur dócha go hiarbhír go n-imreoidh toradh na n-imscrúduithe tionchar orthu agus go bhfuil cúiseanna ar leith ann le héisteacht ó bhéal a thabhairt dóibh.

    5.   I gcás nach gcuirtear faisnéis ar fáil laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos ag an Rialachán seo nó ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo, nó go bhfuil bac suntasach á chur ar an imscrúdú, féadfar na torthaí a chinneadh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil. I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún gur thug páirtí leasmhar nó tríú páirtí faisnéis bhréagach nó mhíthreorach, déanfaidh sé neamhshuim den fhaisnéis sin agus féadfaidh sé úsáid a bhaint as fíorais atá le fáil.

    6.   I gcás inandealraíonn sé don Choimisiún nach bhfuil dóthain fianaise ann go bhfuil bonn cirt le himscrúdú, cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas faoina chinneadh laistigh d'aon mhí amháin ón bhfaisnéis a fháil ó na Ballstáit.

    Airteagal 4

    1.   Ag deireadh an imscrúdaithe, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar na torthaí faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 22(1) (“an Coiste”).

    2.   I gcás ina measann an Coimisiún, laistigh de naoi mí ó thionscnamh an imscrúdaithe, nach gá aon bhearta faireachais Aontais a dhéanamh ná aon bhearta cosanta Aontais a dhéanamh, foirceannfar an t-imscrúdú laistigh d'aon mhí amháin. Foirceannfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 22(2). Foilseofar cinneadh an t-imscrúdú a fhoirceannadh, agus príomhchonclúidí an imscrúdaithe luaite ann chomh maithe le hachoimre ar na cúiseanna leo sin, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    3.   Má mheasann an Coimisiún gur gá bearta faireachais Aontais nó bearta cosanta Aontais, glacfaidh sé na cinntí is gá i gcomhréir le Caibidil IV agus V, tráth nach déanaí ná naoi mí ó thionscnamh an imscrúdaithe. In imthosca eisceachtúla, féadfar an teorainn ama sin a shíneadh ar feadh tréimhse uasta breise dhá mhí. Ansin foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina leagfar amach fad an tsínte agus achoimre ar na cúiseanna atá leis.

    4.   Ní choiscfidh forálacha na Caibidle seo, aon tráth, bearta faireachais a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 7 go hAirteagal 12 ná, i gcás staid chriticiúil a éilíonn idirghabháil láithreach agus ina mbeadh aon mhoill ina cúis le díobháil ba dheacair a leigheas, bearta cosanta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 13, 14 agus 15.

    Déanfaidh an Coimisiún na bearta imscrúdaithe gan mhoill a mheasfaidh sé a bheith riachtanach fós. Déanfar torthaí an imscrúdaithe a úsáid chun athscrúdú a dhéanamh ar na bearta a rinneadh.

    Airteagal 5

    1.   Ní dhéanfar faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a úsáid ach amháin chun na críche ar ina leith a iarradh í.

    2.   Ní nochtfaidh an Coimisiún ná na Ballstáit, lena n-áirítear a gcuid oifigeach araon, aon fhaisnéis de chineál rúnda a gheofar de bhun an Rialacháin seo, ná aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda, gan cead sonrach a fháil ó sholáthróir na faisnéise sin.

    3.   I ngach iarraidh ar rúndacht, luafar na cúiseanna leis an bhfaisnéis a bheith rúnda.

    Má dhealraíonn sé, áfach, nach bhfuil bonn cirt le hiarraidh ar rúndacht agus mura dteastaíonn ó sholáthróir na faisnéise é a phoibliú ná nochtadh na faisnéise a cheadú, bíodh substaint ghinearálta na faisnéise nó achoimre di i gceist, féadfar neamhshuim a dhéanamh den fhaisnéis lena mbaineann.

    4.   Ar chaoi ar bith, measfar go bhfuil faisnéis faoi rún más dócha go ndéanfadh nochtadh na faisnéise sin dochar suntasach do sholáthróir nó d'fhoinse na faisnéise sin.

    5.   Ní choiscfidh mír 1 go mír 4 ar údaráis an Aontais tagairt a dhéanamh d'fhaisnéis ghinearálta agus, go háirithe, do chúiseanna ar ar bunaíodh cinntí arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo. Mar sin féin, cuirfidh na húdaráis sin san áireamh leasanna dlisteanacha na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha lena mbaineann ar mian leo nár cheart a gcuid rún a gnó a nochtadh.

    Airteagal 6

    1.   Scrúdú ar an treocht in allmhairiú, ar na coinníollacha ina ndéantar é agus ar an mórdhíobháil nó bagairt mórdhíobhála do tháirgeoirí an Aontais a eascraíonn ó allmhairí den sórt sin, déanfaidh sé na tosca seo a leanas, go háirithe, a chumhdach:

    (a)

    méid na n-allmhairithe, go háirithe nuair a bhí méadú suntasach ann, bíodh sé sin mar ghlanfhigiúr nó i gcoibhneas le táirgeacht nó le tomhaltas san Aontas;

    (b)

    praghas na n-allmhairí, go háirithe i gcás inar gearradh go suntasach faoi phraghasanna i gcomparáid le praghas táirge chomhchosúil san Aontas;

    (c)

    an tionchar atá aige dá éis sin ar tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó iomaíocha go díreach, mar atá léirithe ag treochtaí i dtosca eacnamaíocha áirithe amhail:

    táirgeacht,

    úsáid an chumais táirgthe,

    stoic,

    díolacháin,

    sciar den mhargadh,

    praghsanna (i.e. ísliú ar phraghsanna nó cosc ar mhéaduithe praghsanna a bheadh tar éis tarlú de ghnáth),

    brabúis,

    toradh ar chaipiteal arna úsáid,

    sreabhadh airgid,

    fostaíocht.

    2.   Agus é i mbun an imscrúdaithe, cuirfidh an Coimisiún san áireamh córas eacnamaíoch sonrach na dtíortha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.

    3.   I gcás ina líomhnaítear gurb ann do bhagairt mórdhíobhála, déanfaidh an Coimisiún scrúdú freisin an bhfuil sé intuartha go soiléir gur dócha go dtiocfaidh díobháil iarbhír as staid ar leith. Maidir leis seo, is féidir tosca amhail na cinn seo a leanas a chur san áireamh:

    (a)

    ráta méadaithe na n-onnmhairithe chuig an Aontas;

    (b)

    an cumas onnmhairithe sa tír thionscnaimh nó sa tír onnmhairithe, ar cumas é atá ann cheana féin nó a bheidh ag feidhmiú sa todhchaí intuartha, agus an dóchúlacht gur chuig an Aontas a rachaidh na honnmhairí a bheidh mar thoradh air sin.

    CAIBIDIL IV

    FAIREACHAS

    Airteagal 7

    1.   Más gá é ar mhaithe le leasanna an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin:

    (a)

    cinneadh a dhéanamh faireachas cúlghabhálach Aontais a thabhairt isteach ar allmhairithe áirithe, i gcomhréir leis an nós imeachta a leag an Coimisiún síos;

    (b)

    cinneadh a dhéanamh, chun críocha faireachán a dhéanamh ar threocht na n-allmhairithe sin, allmhairithe áirithe a chur faoi réir réamhfhaireachais an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 8.

    2.   Maidir le cinntí a ghlactar de bhun mhír 1, glacfaidh an Coimisiún iad i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

    3.   Beidh tréimhse theoranta bailíochta ag na bearta faireachais. Mura bhforáiltear dá mhalairt, scoirfidh siad de bheith bailí ag deireadh an dara tréimhse sé mhí tar éis na sé mhí inar tugadh na bearta isteach.

    Airteagal 8

    1.   Ní fhéadfar táirgí atá faoi réamhfhaireachas Aontais a chur i saorchúrsaíocht ach amháin ar dhoiciméad faireachais a thabhairt ar aird. Déanfaidh an t-údarás inniúil arna ainmniú ag na Ballstáit an doiciméad sin a eisiúint, saor in aisce, le haghaidh aon chainníochta a iarradh agus laistigh de chúig lá oibre ar a mhéid tar éis don údarás inniúil náisiúnta iarratas a fháil ó aon allmhaireoir de chuid an Aontais, is cuma cén áit ghnó san Aontas atá aige. Measfar go bhfuair an t-údarás inniúil náisiúnta an t-iarratas sin tráth nach déanaí ná trí lá oibre tar éis é a sheoladh, ach amháin má chruthaítear a mhalairt.

    2.   Déanfar an doiciméad faireachais ar fhoirm a fhreagraíonn don mhúnla in Iarscríbhinn II.

    Ach amháin i gcás ina bhforáiltar a mhalairt leis an gcinneadh faireachas a fhorchur, ní bheidh in iarratas an allmhaireora le haghaidh doiciméad faireachais ach an méid seo a leanas:

    (a)

    ainm agus seoladh iomlán an iarratasóra (lena n-áirítear uimhreacha teileafóin agus facs agus aon uimhir lena sainaithníonn an t-údarás inniúil náisiúnta an t-iarratasóir), móide uimhir chláraithe CBL an iarratasóra má tá sé faoi dhliteanas i leith CBL;

    (b)

    más iomchuí, ainm agus seoladh iomlán an dearbhóra nó aon ionadaí arna cheapadh ag an iarratasóir (lena n-áirítear uimhreacha teileafóin agus facs);

    (c)

    tuairisc ar na hearraí lena dtabharfar na nithe seo a leanas ina leith:

    an t-ainm trádála,

    an cód ainmníochta comhcheangailte,

    an áit tionscnaimh agus an áit choinsínithe,

    (d)

    an chainníocht arna dearbhú, i gcileagraim agus, más iomchuí, aon aonaid bhreise eile (péirí, míreanna, etc.);

    (e)

    luach na n-earraí, CAL ag teorainn an Aontais, in euro;

    (f)

    an ráiteas seo a leanas, dátaithe agus sínithe ag an iarratasóir, agus ainm an iarratasóra litrithe i gceannlitreacha:

    “Déanaimse, a bhfuil m'ainm leis seo thíos, a dheimhniú go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha fíor agus go bhfuilim á tabhairt de mheon macánta, agus go bhfuilim bunaithe san Aontas.”

    3.   Beidh an doiciméad faireachais bailí ar fud an Aontais, beag beann ar Bhallstát a eisiúna.

    4.   I gcás cinnidh go sáraíonn an praghas aonaid ag a ndéantar an t-idirbheart an praghas a léirítear sa doiciméad faireachais de níos lú ná 5 %, nó gur mó luach iomlán nó cainníocht iomlán na dtáirgí a thíolactar le haghaidh allmhairiú ná an luach nó an chainníocht a thugtar sa doiciméad faireachais de níos lú ná 5 %, ní choiscfidh an cinneadh sin scaoileadh an táirge atá i gceist le haghaidh saorchúrsaíochta. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis éisteacht a thabhairt do na tuairimí a thug an Coiste agus ag cur san áireamh cineál na dtáirgí agus gnéithe speisialta eile de chuid na n-idirbheart lena mbaineann, céatadán difriúil a shocrú, ar céatadán é nár cheart a bheith níos mó ná 10 % de ghnáth.

    5.   Ní fhéadfar doiciméid faireachais a úsáid ach amháin ar feadh cibé tréimhse a fhanfaidh socruithe le haghaidh léirscaoileadh allmhairí i bhfeidhm i leith na n-idirbheart lena mbaineann. Ní fhéadfar doiciméid faireachais den sórt sin a úsáid i gcás ar bith thar an tréimhse dhul in éag a bheidh leagtha síos ag an am céanna agus trí bhíthin an nós imeachta céanna lenar forchuireadh faireachas, agus cuirfidh siad san áireamh cineál na dtáirgí agus gnéithe speisialta eile na n-idirbheart.

    6.   I gcás ina n-éilíonn cinneadh a glacadh faoi Airteagal 7 é sin, ní mór áit tionscnaimh na dtáirgí atá faoi fhaireachas Aontais a chruthú le deimhniú tionscnaimh. Ní dhéanfaidh an mhír seo dochar d'fhorálacha eile a bhaineann le haon deimhniú den sórt sin a thabhairt ar aird.

    7.   I gcás ina bhfuil an táirge atá faoi réamhfhaireachas Aontais faoi réir beart cosanta réigiúnach i mBallstát, féadfar an t-údarú ar allmhairiú a dheonaigh an Ballstát sin a chur in ionad an doiciméid faireachais.

    8.   Déanfar foirmeacha doiciméid faireachais agus sleachta astu a tharraingt suas i ndúblach, cóip amháin, í marcáilte “Cóip an tsealbhóra” agus a mbeidh an uimhir 1 uirthi, le heisiúint chuig an iarratasóir, agus an chóip eile, í marcáilte “Cóip don údarás inniúil” agus a mbeidh an uimhir 2 uirthi, lena choimeád ag an údarás a d'eisigh an doiciméad. Chun críocha riaracháin, féadfaidh an t-údarás inniúil cóipeanna breise a chur le foirm 2.

    9.   Déanfar foirmeacha a phriontáil ar pháipéar bán a bheidh saor ó laíon meicniúil, cóirithe don scríobh agus a mheánn idir 55 agus 65 gram in aghaidh an mhéadair chearnaigh. Is é 210 × 297 mm an mhéid a bheidh iontu. Is é 4,24 mm a bheidh mar spás idir na línte (an séú cuid d'orlach). Beidh leagan amach na bhfoirmeacha le leanúint go beacht. Ar an dá thaobh de chóip Uimh. 1, arb é an doiciméad faireachais é féin, beidh de bhreis cúlra patrúin giolóise clóite buí chun aon fhalsú trí mheán meicniúil nó ceimiceach a nochtadh.

    10.   Beidh na Ballstáit freagrach as na foirmeacha a chur á gcló.Féadfaidh clódóirí arna gceapadh ag an mBallstát ina bhfuil siad bunaithe na foirmeacha a phriontáil freisin. Sa chás deireanach sin, caithfear tagairt don cheapachán ag an mBallstát a bheith le feiceáil ar gach foirm. Ar gach foirm beidh léiriú ar ainm agus seoladh an chlódóra nó marc chun an clódóir a aithint.

    Airteagal 9

    Nuair a éilíonn leasanna an Aontais é, féadfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh, dá thionscnamh féin nó ar iarraidh ó Bhallstát, más dócha go dtiocfaidh an staid dá dtagraítear in Airteagal 13(1) chun cinn:

    teorainn a chur le tréimhse bhailíochta aon doiciméid faireachais a bheidh ag teastáil,

    eisiúint an doiciméid sin a chur faoi réir coinníollacha áirithe agus, mar bheart eisceachtúil, faoi réir clásal cúlghairme a chur isteach.

    Airteagal 10

    I gcás nach mbeidh allmhairiú táirge curtha faoi réir réamhfhaireachas Aontais, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 22(2) agus i gcomhréir le hAirteagal 15, faireachas a thabhairt isteach a bheidh teoranta d'allmhairiú isteach i réigiún amháin nó i níos mó ná réigiún amháin de chuid an Aontais, agus sa chás sin amháin.

    Airteagal 11

    1.   Ní féidir táirgí atá faoi fhaireachas réigiúnach a chur i saorchúrsaíocht sa réigiún lena mbaineann ach amháin le doiciméad faireachais a thabhairt ar aird. Déanfaidh an t-údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát/na Ballstáit lena mbaineann an sórtsin doiciméad a eisiúint, saor in aisce, le haghaidh aon chainníochta a iarradh agus laistigh d'uasmhéid cúig lá oibre tar éis don údarás inniúil náisiúnta iarratas a fháil ó aon allmhaireoir de chuid an Aontais, beag beann ar a áit ghnó san Aontas. Measfar go bhfuair an t-údarás inniúil náisiúnta an t-iarratas sin tráth nach déanaí ná trí lá oibre tar éis é a sheoladh, mura gcruthaítear a mhalairt. Ní fhéadfar doiciméid faireachais a úsáid ach amháin ar feadh cibé tréimhse a fhanfaidh socruithe le haghaidh léirscaoileadh allmhairí i bhfeidhm i leith na n-idirbheart lena mbaineann.

    2.   Beidh feidhm ag Airteagal 8(2).

    Airteagal 12

    1.   Cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas in iúl don Choimisiún laistigh de na chéad deich lá de gach mí i gcás fhaireachas Aontais nó faireachais réigiúnaigh:

    (a)

    i gcás réamhfhaireachais, mionsonraí maidir le suimeanna airgid (arna ríomh ar bhonn na bpraghsanna CAL) agus cainníochtaí earraí ar ina leith a eisíodh doiciméid faireachais le linn na tréimhse roimhe sin;

    (b)

    i ngach cás, mionsonraí na n-allmhairí i rith na tréimhse roimh an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a).

    Miondealófar an fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit de réir táirge agus de réir tíre.

    Féadfar forálacha éagsúla a leagan síos an tráth céanna agus leis an nós imeachta céanna leis na socruithe faireachais.

    2.   Má éilíonn cineál na dtáirgí nó imthosca speisialta an méid sin, féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, na tráthchláir do chur isteach na faisnéise a leasú.

    3.   Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas.

    CAIBIDIL V

    BEARTA COSANTA

    Airteagal 13

    1.   I gcás táirge a allmhairítear isteach san Aontas i gcainníochtaí a bhfuil méadú chomh mór sin tagtha orthu nó faoi théarmaí nó coinníollacha de shórt go ndéanann sé, nó gur baol go ndéanfaidh sé, mórdhíobháil do tháirgeoirí an Aontais a dhéanann táirgí atá cosúil nó in iomaíocht dhíreach leis, féadfaidh an Coimisiún, chun leasanna an Aontais a chosaint, ag gníomhú dó arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, na rialacha allmhairithe don táirge sin a athrú trína fhoráil nach bhféadfar é a chur i saorchúrsaíocht ach amháin le húdarú allmhairithe a thabhairt ar aird, agus beidh deonú an údaraithe sin faoi rialú cibé forálacha agus faoi réir cibé teorainneacha a leagfaidh an Coimisiún síos.

    2.   Cuirfear na bearta a ghlacfar in iúl do na Ballstáit gan mhoill agus gabhfaidh éifeacht leo láithreach.

    3.   Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo maidir le gach táirge a chuirtear i saorchúrsaíocht tar éis theacht i bhfeidhm na mbeart sin. I gcomhréir le hAirteagal 15, féadfaidh siad a bheith teoranta do réigiún amháin nó níos mó de chuid an Aontais.

    Mar sin féin, ní choiscfidh bearta den sórt sin scaoileadh táirgí le haghaidh saorchúrsaíochta má tá na táirgí cheana féin ar a mbealach chuig an Aontas ar choinníoll nach féidir ceann scríbe na dtáirgí sin a athrú agus go bhfuil, i gcás na dtáirgí sin nach bhféadfar, faoi Airteagal 8 agus Airteagal 11, iad a chur i saorchúrsaíocht ach amháin le doiciméad faireachais a thabhairt ar aird, an doiciméad sin ag gabháil leo iarbhír.

    4.   I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3), nó i gcásanna éigeandála, i gcomhréir le hAirteagal 22(4), laistigh de chúig lá oibre ar a mhéid ó iarraidh den sórt sin a fháil.

    Airteagal 14

    1.   Féadfaidh an Coimisiún, go háirithe sa staid dá dtagraítear in Airteagal 13(1), bearta cosanta iomchuí a ghlacadh, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3).

    2.   Beidh feidhm ag Airteagal 13(3).

    Airteagal 15

    Más rud é, go háirithe, ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 6, gur léir go bhfuil na coinníollacha atá leagtha síos chun bearta a ghlacadh faoi Chaibidil IV agus Airteagal 13 á gcomhlíonadh i réigiún amháin nó níos mó de chuid an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, tar éis réitigh mhalartacha a scrúdú, cur i bhfeidhm beart faireachais nó beart cosanta a bheidh teoranta don réigiún/do na réigiúin lena mbaineann a údarú go heisceachtúil má mheasann sé go bhfuil bearta den sórt sin arna gcur i bhfeidhm ag an leibhéal sin níos iomchuí ná bearta arna gcur i bhfeidhm ar fud an Aontais.

    Ní mór na bearta sin a bheith sealadach agus a laghad suaite is féidir a dhéanamh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

    Glacfar na bearta sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos in Airteagal 7 agus Airteagal 13 faoi seach.

    Airteagal 16

    1.   Fad a bheidh aon bheart faireachais nó aon bheart cosanta a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le Caibidil IV agus le Caibidil V, i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, na nithe a leanas a dhéanamh:

    (a)

    éifeachtaí an bhirt a scrúdú;

    (b)

    déanamh amach an bhfuil cur i bhfeidhm an bhirt sin fós riachtanach.

    I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil cur i bhfeidhm an bhirt fós riachtanach, cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas dá réir sin.

    2.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur cheart aon bheart faireachais nó aon bheart cosanta dá dtagraítear i gCaibidil IV agus i gCaibidil V a chúlghairm nó a leasú, déanfaidh sé an beart a chúlghairm nó a leasú ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3).

    Nuair a bhaineann cinneadh den sórt sin le bearta faireachais réigiúnaigh, beidh feidhm aige ón séú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    CAIBIDIL VI

    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 17

    1.   Ní choiscfidh an Rialachán seo comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as rialacha speisialta atá i gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha.

    2.   Gan dochar d'fhorálacha eile de chuid an Aontais, ní choiscfidh an Rialachán seo ar na Ballstáit an méid seo a leanas a ghlacadh nó a chur i bhfeidhm:

    (a)

    toirmisc, srianta cainníochtúla ná bearta faireachais ar mhaithe leis an moráltacht phoiblí, leis an mbeartas poiblí nó leis an tslándáil phoiblí, le cosaint sláinte agus saol daoine, ainmhithe nó plandaí, le cosaint seod náisiúnta ina bhfuil luach ealaíne, staire nó seandálaíoch, nó maoin tionscail agus tráchtála a chosaint;

    (b)

    foirmiúlachtaí speisialta a bhaineann le malairt eachtrach;

    (c)

    foirmiúlachtaí a tugadh isteach de bhun comhaontuithe idirnáisiúnta i gcomhréir le CFAE.

    Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta nó na foirmiúlachtaí atá le tabhairt isteach nó le leasú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.

    I gcás fíorphráinne, cuirfear na bearta nó na foirmiúlachtaí náisiúnta atá i gceist in iúl don Choimisiún láithreach ar iad a ghlacadh.

    Airteagal 18

    Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme a thíolacann sé chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (11).

    Airteagal 19

    1.   Beidh an Rialachán seo gan dochar d'fheidhmiú na n-ionstraimí lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta ná d'fheidhmiú forálacha riaracháin Aontais nó náisiúnta a dhíorthaítear astu ná d'fheidhmiú na n-ionstraimí sonracha arna nglacadh faoi Airteagal 352 CFAE is infheidhme maidir le hearraí ar toradh próiseála táirgí talmhaíochta iad. Feidhmeoidh sé mar chomhlánú ar na hionstraimí sin.

    2.   I gcás táirgí atá cumhdaithe ag na hionstraimí dá dtagraítear i mír 1den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 7 go hAirteagal 12 ná ag Airteagal 16 maidir leis táirgí sin a gceanglaítear ina leith i rialacha an Aontais maidir le trádáil le tríú tíortha ceadúnas nó doiciméad allmhairithe eile a thabhairt ar aird.

    Ní bheidh feidhm ag Airteagail 13, 15 agus 16 maidir leis na táirgí sin a bhforálann rialacha den sórt sin go gcuirfí srianta cainníochtúla ar allmhairiú i bhfeidhm ina leith.

    Airteagal 20

    Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 a bhaineann le leasuithe ar Iarscríbhinn I, chun tíortha a bhaint den liosta de thríú tíortha atá san Iarscríbhinn sin nuair a thiocfaidh siad chun bheith ina gcomhaltaí den EDT.

    Airteagal 21

    1.   Is faoi réir nagcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 20 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 20 Feabhra 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 20 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

    4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

    5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 20 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 22

    1.   Déanfaidh an Coiste um Choimircí arna bhunú le Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

    2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

    Airteagal 23

    Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 625/2009.

    Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn IV.

    Airteagal 24

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 29 Aibreán 2015.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    M. SCHULZ

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


    (1)  Tuairim an 10 Nollaig 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2015 (nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Aibreán 2015.

    (3)  Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 185, 17.7.2009, lch. 1).

    (4)  Féach Iarscríbhinn III.

    (5)  Rialachán (CE) Uimh. 738/94 ón gCoimisiún an 30 Márta 1994 lena leagtar síos rialacha áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 520/94 lena mbunaítear nós imeachta Comhphobail chun cuótaí cainníochta a riaradh (IO L 87, 31.3.1994, lch. 47).

    (6)  Rialachán (CE) Uimh. 3168/94 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 1994 lena mbunaítear ceadúnas Comhphobail allmhairíochta i raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle maidir le comhrialacha d'allmhairí táirgí teicstíle ó thríú tíortha nach bhfuil cumhdaithe ag comhaontaithe, prótacail ná socruithe déthaobhacha eile, ná ag rialacha sonracha Comhphobail eile ar allmhairí (IO L 335, 23.12.1994, lch. 23).

    (7)  Rialachán (CE) Uimh. 3169/94 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 1994 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha agus ag bunú ceadúnas allmhairithe Comhphobail i réimse chur i bhfeidhm an Rialacháin (IO L 335, 23.12.1994, lch. 33).

    (8)  Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle an 7 Márta 1994 maidir le comhrialacha d'allmhairí táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach bhfuil cumhdaithe ag comhaontaithe, prótacail ná socruithe déthaobhacha eile, ná ag rialacha sonracha Comhphobail eile ar allmhairí (IO L 67, 10.3.1994, lch. 1).

    (9)  Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 ón gComhairle an 3 Márta 2003 maidir le sásra cosanta idirthréimhseach atá sonrach ó thaobh an táirge de d'allmhairí atá de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 519/94 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 65, 8.3.2003, lch. 1).

    (10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (11)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).

    (12)  Rialachán (AE) 2015/478 an 11 Márta 2015 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhrialacha d'allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).


    IARSCRÍBHINN I

    Liosta na dTríú tíortha

     

    An Asarbaiseáin

     

    An Bhealarúis

     

    An Chasacstáin

     

    An Chóiré Thuaidh

     

    An Tuircméanastáin

     

    An Úisbéiceastáin


    IARSCRÍBHINN II

    Image

    Téacs an íomhá

    AN tAONTAS EORPACH

    DOICIMÉAD FAIREACHAIS

    1

    1. An coinsíní

    (ainm, seoladh iomlán, tír, uimhir CBL)

    2. Uimhir eisiúna

    Cóip an tsealbhóra

    3. An áit agus an dáta allmhairithe atá beartaithe

    4. An t-údarás atá freagrach as an eisiúint

    (ainm, seoladh agus uimhir theileafóin)

    5. Dearbhóir/ionadaí, de réir mar is infheidhme

    (ainm agus seoladh iomlán)

    6. An tír thionscnaimh

    (agus an cód geo-ainmníochta)

    7. Tír an choinsínithe

    (agus an cód geo-ainmníochta)

    8. Lá deiridh bailíochta

    1

    9. Tuairisc ar na hearraí

    10. Cód agus catagóir AC

    11. Cainníocht i gcileagraim (glanmhais) nó i srait-heanna breise

    12. Luach in euro, cal ag teorainn an Aontais

    13. Barúlacha breise

    14. Formhuiniú an údaráis inniúil

    Dáta:

    Síniú:

    (Stampa)

    Image

    Téacs an íomhá

    15. SANNADH

    Léirigh an chainníocht atá ar fáil i gcuid 1 de cholún 17 agus an chainníocht atá sannta i gcuid 2 de

    16. Cainníocht ghlan (an ghlanmhais nó aonad eile tomhais agus an t-aonad á lua)

    19. Doiciméad custaim (foirm agus uimhir) nó Uimh. sleachta agus dáta an tsannta

    20. Ainm, Ballstát, stampa agus síniú an údaráis a shann

    17. I bhfigiúirí

    18. I bhfocail don chain-níocht a sannadh

    1.

    2.

    1.

    2.

    1.

    2.

    1.

    2.

    1.

    2.

    1.

    2.

    1.

    2.

    Leathanaigh bhreise lena gcur i gceangal leis seo.

    Image

    Téacs an íomhá

    AN tAONTAS EORPACH

    DOICIMÉAD FAIREACHAIS

    2

    1. An coinsíní

    (ainm, seoladh iomlán, tír, uimhir CBL)

    2. Uimhir eisiúna

    Cóip don údarás inniúil

    3. An áit agus an dáta allmhairithe atá beartaithe

    4. An t-údarás atá freagrach as an eisiúint

    (ainm, seoladh agus uimhir theileafóin)

    5. Dearbhóir/ionadaí, de réir mar is infheidhme

    (ainm gaus seoladh iomlán)

    6. An tír thionscnaimh

    (agus an cód geo-ainmníochta)

    7. Tír an choinsínithe

    (agus an cód geo-ainmníochta)

    8. Lá deiridh bailíochta

    2

    9. Tuairisc ar na hearraí

    10. Cód agus catagóir AC

    11. Cainníocht i gcileagraim (glanmhais) nó i srait-heanna breise

    12. Luach in euro, cal ag teorainn an Aontais

    13. Barúlacha breise

    14. Formhuiniú an údaráis inniúil

    Dáta:

    Síniú:

    (Stampa)

    Image

    Téacs an íomhá

    15. SANNADH

    Léirigh an chainníocht atá ar fáil i gcuid 1 de cholún 17 agus an chainníocht atá sannta i gcuid 2 de

    16. Cainníocht ghlan (an ghlanmhais nó aonad eile tomhais agus an t-aonad á lua)

    19. Doiciméad custaim (foirm agus uimhir) nó Uimh. sleachta agus dáta an tsannta

    20. Ainm, Ballstát, stampa agus síniú an údaráis a shann

    17. I bhfigiúirí

    18. I bhfocail don chain-níocht a sannadh

    1.

    2.

    1.

    2.

    1.

    2.

    1.

    2.

    1.

    2.

    1.

    2.

    1.

    2.

    Leathanaigh bhreise lena gcur i gceangal leis seo.


    IARSCRÍBHINN III

    An Rialachán aisghairthe mar aon leis an leasú a rinneadh air

    Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 ón gComhairle

    (IO L 185, 17.7.2009, lch. 1).

     

    Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (IO L 18, 21.1.2014, lch. 1).

    Pointe 20 den Iarscríbhinn,agus é sin amháin

    Rialachán (CE) Uimh 427/2003 ón gComhairle

    (IO L 65, 8.3.2003, lch. 1)

     

    Rialachán (CE) Uimh 1985/2003 ón gComhairle

    (IO L 295, 13.11.2003, lch. 43)

     

    Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

    Pointe 9 den Iarscríbhinn, agus é sin amháin


    IARSCRÍBHINN IV

    An Tábla Comhghaoil

    Rialachán (CE) Uimh. 625/2009

    Rialachán (CE) Uimh. 427/2003

    An Rialachán seo

    Airteagal 1

     

    Airtegal 1

    Airtegal 2

     

    Airtegal 2

    Airtegal 4

     

    Airtegal 22

    Airtegal 5

     

    Airtegal 3

    Airtegal 6

     

    Airtegal 4

    Airtegal 7

     

    Airtegal 5

    Airtegal 8

     

    Airtegal 6

    Airtegal 9(1)

     

    Airtegal 7(1)

    Airtegal 9(1a)

     

    Airtegal 7(2)

    Airtegal 9(2)

     

    Airtegal 7(3)

    Airtegal 10

     

    Airtegal 8

    Airtegal 11

     

    Airtegal 9

    Airtegal 12

     

    Airtegal 10

    Airtegal 13

     

    Airtegal 11

    Airtegal 14

     

    Airtegal 12

    Airtegal 15

     

    Airtegal 13

    Airtegal 16

     

    Airtegal 14

    Airtegal 17

     

    Airtegal 15

    Airtegal 18

     

    Airtegal 16

    Airtegal 19

     

    Airtegal 17

    Airtegal 19a

     

    Airtegal 18

    Airtegal 20

     

    Airtegal 19

     

    Airteagail 1 go 14

     

    Airtegal 14a

    Airtegal 20

     

    Airtegal 14b

    Airtegal 21

     

    Airteagail 15 go 24

    Airtegal 21

     

    Airtegal 23

    Airtegal 22

     

    Airtegal 24

    Iarscríbhinn I

     

    Iarscríbhinn I

    Iarscríbhinn II

     

    Iarscríbhinn II

    Iarscríbhinn III

     

    Iarscríbhinn III

    Iarscríbhinn IV

     

    Iarscríbhinn IV

     

    Iarscríbhinn I

     

    Iarscríbhinn II


    Top