EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0331

Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár “Pericles 2020” ) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2001/923/CE, 2001/924/CE, 2006/75/CE, 2006/76/CE, 2006/849/CE agus 2006/850/CE ón gComhairle

IO L 103, 05/04/2014, p. 1–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2020; Arna aisghairm le 32021R0840

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/331/oj

5.4.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 331/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2014

lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár “Pericles 2020”) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2001/923/CE, 2001/924/CE, 2006/75/CE, 2006/76/CE, 2006/849/CE agus 2006/850/CE ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 133 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá an cuspóir curtha rompu ag an Aontas agus ag na Ballstáit na bearta is gá a leagan síos chun an euro a úsáid mar airgeadra aonair. Tá cosaint an euro ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar ar cheann de na bearta sin, a chumhachtóidh ar an tslí sin d’éifeachtacht gheilleagar an Aontais agus a áiritheoidh inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle (3), foráiltear do mhalartuithe faisnéise, do chomhar agus do chúnamh frithpháirteach, lena mbunófar ar an dóigh sin creat comhchuibhithe chun an euro a chosaint. Leathnaíodh éifeachtaí an Rialacháin sin le Rialachán (CE) Uimh. 1339/2001 ón gComhairle (4) ionas go gcumhdófaí na Ballstáit sin nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair, ionas go mbeadh leibhéal coibhéiseach cosanta ag an euro ar fud an Aontais.

(3)

Gníomhaíochtaí arb é is aidhm leo malartuithe faisnéise agus foirne, cúnaimh theicniúil agus eolaíoch agus oiliúna speisialaithe a chur chun cinn, is cuidiú mór iad chun airgeadra aonair an Aontais a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar agus, ar an dóigh sin, ardleibhéal de chosaint choibhéiseach a áirithiú ar fud an Aontais, agus cumas an Aontais á léiriú chun dul i ngleic le coireacht thromchúiseach eagraithe.

(4)

Cuireann an clár um an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár Pericles) le feasacht saoránach de chuid an Aontais a ardú, feabhas a chur ar chosaint an euro, go háirithe trí shíorscaipeadh thorthaí na ngníomhaíochtaí arna dtacú ag an gclár sin.

(5)

A bhuí le tacaíocht a tugadh san am a caitheadh do ghníomhaíochtaí den sórt sin, trí Chinneadh 2001/923/CE ón gComhairle (5) agus Cinneadh 2001/924/CE ón gComhairle (6), arna leasú agus arna leathnú ina dhiaidh sin le Cinntí 2006/75/CE (7), 2006/76/CE (8), 2006/849/CE (9) agus 2006/850/CE ón gComhairle (10), bhíothas in ann feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát i réimse an euro a chosaint ar ghóchumadh. Baineadh amach cuspóirí chlár Pericles go rathúil don tréimhse 2002-2006 agus don tréimhse 2007-2013 araon.

(6)

Ina mheasúnú tionchair, a rinneadh in 2011, ina ndearnadh meastóireacht i dtaobh cé acu ar cheart nó nár cheart clár Pericles a choinneáil ar bun, bhain an Coimisiún de thátal as gur cheart clár Pericles a athnuachan le cuspóirí feabhsaithe agus le modheolaíocht fheabhsaithe.

(7)

Is é an chomhairle a bhí sa mheasúnacht tionchair ná gur cheart gníomhaíochtaí a choinneáil ar bun agus a fhorbairt tuilleadh ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát i réimse an euro a chosaint ar ghóchumadh, agus na dúshláin nua i gcomhthéacs déine buiséadaí á gcur san áireamh. Faoin gclár nua, clár Pericles 2020, féadfaidh rannpháirtithe ó thríú tíortha a áireamh i dtograí arna dtíolacadh ag na Ballstáit rannpháirteacha, más rud é go bhfuil a rannpháirtíocht tábhachtach chun an euro a chosaint.

(8)

Ba cheart a áirithiú go bhfuil clár Pericles 2020 i gcomhréir le cláir agus gníomhaíochtaí ábhartha eile agus ina chomhlánú orthu. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún gach comhairliúchán is gá a dhéanamh leis na príomhpháirtithe ábhartha (go háirithe leis na húdaráis náisiúnta inniúla arna n-ainmniú ag na Ballstáit, leis an mBanc Ceannais Eorpach agus le Europol) chun meastóireacht a dhéanamh ar na riachtanais atá ann ó thaobh an euro a chosaint, laistigh den choiste dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001, go háirithe maidir le malartuithe, cúnamh agus oiliúint, chun críche clár Pericles 2020 a chur i bhfeidhm.

(9)

Ba cheart clár Pericles 2020 a chur chun feidhme agus é i gcomhréir iomlán le forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). I gcomhréir leis an Rialachán sin, ní fhéadfaidh ceannach trealaimh a bheith ina chuspóir aonair ag deontas. Is é atá i gceist le deontas tacaíocht airgeadais a thabhairt do ghníomhaíocht a bheartaítear chun cabhrú le cuspóir beartais de chuid an Aontais a bhaint amach.

(10)

Éilíonn tábhacht an euro mar airgeadra ar fud an domhain leibhéal leordhóthanach cosanta ar an leibhéal idirnáisiúnta, is féidir a bhaint amach trí chistí a chur ar fáil chun trealamh a cheannach, ar trealamh é a úsáidfidh gníomhaireachtaí tríú tíortha agus góchumadh euro á imscrúdú acu.

(11)

Leis an meastóireacht a rinneadh ar chlár Pericles i gcomhar leis na geallsealbhóirí, léirítear breisluach an chláir sin, i dtéarmaí ardleibhéal an chomhair i measc na mBallstát agus le tríú tíortha, mar aon le comhlántacht le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ar an leibhéal náisiúnta, arb é an toradh atá orthu ná éifeachtacht a mhéadú. Meastar go mbeidh an leanúint le clár Pericles ar leibhéal an Aontais ina chuidiú mór ó thaobh an t-ardleibhéal cosanta atá ag an euro a choinneáil ar bun agus tuilleadh feabhais a chur air trí bhíthin comhar trasteorann, malartú agus cúnamh a dhiansaothrú. San am céanna, déanfar coigilteas iomlán de bharr gníomhaíochtaí agus soláthair arna n-eagrú go comhpháirteach, i gcomparáid le tionscnaimh aonair náisiúnta ionchasacha.

(12)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil mheastóireachta meántéarma neamhspleách maidir le cur chun feidhme chlár Pericles 2020 agus tuarascáil mheastóireachta deiridh maidir le baint amach chuspóirí an chláir a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

(13)

Comhlíonann an Rialachán seo prionsabal an bhreisluacha agus prionsabal na comhréireachta. Ba cheart go n-éascódh clár Pericles 2020 comhar i measc na mBallstát agus comhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit d’fhonn an euro a chosaint ar ghóchumadh, gan cur isteach ar fhreagrachtaí na mBallstát, agus úsáid á baint aige as acmhainní ar bhealach níos éifeachtúla ná mar a d’fhéadfaí úsáid a bhaint astu ar an leibhéal náisiúnta. Is gá gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus tá údar leis toisc gur léir go gcuidíonn sé leis na Ballstáit an euro a chosaint go comhpháirteach agus go spreagann sé úsáid struchtúr coiteann de chuid an Aontais chun comhar agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla a mhéadú.

(14)

Ba cheart go mairfeadh clár Pericles 2020 ar feadh tréimhse seacht mbliana chun a fhad a ailíniú le fad an chreata airgeadais ilbhliantúil a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (12).

(15)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun clár Pericles 2020 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart don Choimisiún cláir oibre bhliantúla a ghlacadh lena leagtar amach na tosaíochtaí, an miondealú buiséid agus na critéir mheastóireachta maidir le deontais le haghaidh gníomhaíochtaí. Ba cheart don Choimisiún plé leis na Ballstáit maidir leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, faoi chuimsiú an choiste dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001. Ba cheart go mbeadh na cásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, ina bhfuil méadú ar chómhaoiniú riachtanach d’fhonn níos mó solúbthachta eacnamaíche a thabhairt do na Ballstáit, rud a chuirfidh ar a gcumas tionscadail a chur i gcrích agus a chríochnú chun an euro a chosaint agus a chumhdach ar bhealach sásúil, mar chuid de na cláir oibre bhliantúla.

(16)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do thréimhse iomlán chlár Pericles 2020, arb ionann é a bheidh ann an méid príomhthagartha, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (13), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i rith an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(17)

Chun foráil a dhéanamh maidir le leibhéal solúbthachta i dtaca le leithdháileadh na gcistí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasuithe ar leithdháileadh táscach na gcistí sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(18)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla chaiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh.

(19)

Ba cheart Cinntí 2001/923/CE, 2001/924/CE, 2006/75/CE, 2006/76/CE, 2006/849/CE agus 2006/850/CE a aisghairm. Ba cheart bearta idirthréimhseacha a chur ar fáil chun oibleagáidí airgeadais a bhaineann le gníomhaíochtaí arna saothrú faoi na Cinntí sin a chomhlánú.

(20)

Is iomchuí trasdul rianúil gan briseadh a áirithiú idir clár Pericles agus clár Pericles 2020 agus is iomchuí ré chlár Pericles 2020 a ailíniú le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013. Mar sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag Clár Pericles 2020 amhail ón 1 Eanáir 2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis seo an clár gníomhaíochta ilbhliantúil chun gníomhaíochtaí a chur chun cinn chun an euro a chosaint agus a chumhdach ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar, “Pericles 2020” (“an Clár”), don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2

Breisluach

Déanfaidh an Clár méadú ar chomhar trasnáisiúnta maidir le cosaint an euro a spreagadh go gníomhach agus beidh méadú ar chomhar trasnáisiúnta maidir le cosaint an euro ag baint go gníomhach leis laistigh agus lasmuigh den Aontas agus le comhpháirtithe trádála an Aontais, agus aird á tabhairt freisin ar na Ballstáit nó na tríú tíortha sin ag a bhfuil na rátaí is airde ghóchumadh an euro, mar a léiríonn na tuarascálacha ábhartha arna n-eisiúint ag na húdaráis inniúla. Rannchuideoidh comhar den sórt sin le héifeachtacht níos fearr an euro a chosaint trí na cleachtais is fearr, comhchaighdeáin agus comhoiliúint speisialaithe a mhalartú.

Airteagal 3

Cuspóir ginearálta

Is é an cuspóir ginearálta a bheidh ag an gClár góchumadh agus calaois ghaolmhar a chosc agus a chomhrac sa dóigh is go bhfeabhsófar iomaíochas gheilleagar an Aontais agus go ndaingneofar inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí.

Airteagal 4

Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach a bheidh ag an gClár nótaí bainc agus monaí euro a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar, trí thacú leis na bearta arna ngabháil de láimh ag na Ballstáit agus trí chur leo, agus trí chúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla náisiúnta agus d’údaráis inniúla an Aontais agus iad ag iarraidh dlúthchomhar tráthrialta agus malartú an chleachtais is fearr a fhorbairt eatarthu féin agus leis an gCoimisiún lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Déanfar an cuspóir sin a thomhas, inter alia, trí éifeachtacht na gníomhaíochta a dhéanann údaráis airgeadais, theicniúla, fhorghníomhaithe dlí agus bhreithiúnacha, arna tomhas trí líon na nótaí agus monaí góchumtha a bhraithfear, líon na saotharlann a dhíchóimeálfar, líon na ndaoine a ghabhfar agus líon na bpionós a fhorchuirfear.

Airteagal 5

Comhlachtaí atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin

Is iad na húdaráis inniúla náisiúnta, arna sainiú i bpointe (b) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001, a bheidh ina gcomhlachtaí atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoin gClár.

Airteagal 6

Rannpháirtíocht sa Chlár

1.   Is iad na Ballstáit a bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair na tíortha rannpháirteacha.

2.   Féadfar rannpháirtithe ó thríú tíortha a áireamh sna tograí arna dtíolacadh ag na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1, más rud é go bhfuil sé sin tábhachtach chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 faoi seach a chomhlíonadh.

Airteagal 7

Spriocghrúpaí agus comhghníomhaíochtaí

1.   Beidh an Clár dírithe ar rannpháirtíocht na ngrúpaí seo a leanas:

(a)

foireann gníomhaireachtaí a bhíonn ag gabháil do ghóchumadh a bhrath agus a chomhrac, go háirithe fórsaí póilíneachta agus riaracháin airgeadais, de réir a bhfeidhmeanna sonracha ar an leibhéal náisiúnta;

(b)

pearsanra faisnéise;

(c)

ionadaithe de chuid na mbanc ceannais náisiúnta, na miontaí, na mbanc tráchtála agus idirghabhálaithe airgeadais eile, go háirithe maidir le hoibleagáidí institiúidí airgeadais;

(d)

oifigigh bhreithiúnacha, saindlíodóirí agus comhaltaí den bhreithiúnacht sa réimse seo;

(e)

aon ghrúpa eile saineolaithe lena mbaineann, amhail comhlachais tráchtála agus tionscail nó struchtúir inchomparáide a bheadh in ann rochtain a sholáthar ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, miondíoltóirí agus cuideachtaí iompair airgid.

2.   Féadfaidh an Coimisiún agus comhpháirtithe eile a bhfuil taithí ábhartha acu, amhail na comhpháirtithe seo a leanas, gníomhaíochtaí a eagrú i gcomhpháirt faoin gClár:

(a)

na bainc cheannais náisiúnta agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE);

(b)

na Lárionaid Náisiúnta um Anailísiú (LNAanna) agus na Lárionaid Náisiúnta um Anailísiú Monaí (LNAManna);

(c)

an Lárionad Eorpach Teicniúil agus Eolaíoch (LETE) agus na miontaí;

(d)

Europol, Eurojust agus Interpol;

(e)

na lároifigí náisiúnta frith-ghóchumtha dá bhforáiltear in Airteagal 12 den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Deireadh a Chur le Góchumadh Airgeadra a síníodh sa Ghinéiv an 20 Aibreán 1929 (14) agus gníomhaireachtaí eile arb é góchumadh a chosc, a bhrath agus an dlí a fhorfheidhmiú ina leith a speisialtacht;

(f)

sainchomhlachtaí a mbíonn baint acu le réimse na dteicneolaíochtaí macasamhlaithe agus deimhnithe, clódóirí agus greanadóirí;

(g)

comhlachtaí seachas na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (f) a thairgeann saineolas sonrach, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhlachtaí den sórt sin ó thríú tíortha agus go háirithe ó Stáit aontacha agus ó thíortha is iarrthóirí; agus

(h)

eintitis phríobháideacha a d’fhorbair agus a sholáthair fianaise ar eolas teicniúil agus ar fhoirne a speisialaíonn i nótaí bainc agus monaí góchumtha a bhrath.

Airteagal 8

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.   Déanfaidh an Clár gnéithe trasnáisiúnta agus ildisciplíneacha an chomhraic i gcoinne góchumtha a chur san áireamh agus déanfaidh sé an cleachtas is fearr atá oiriúnaithe do shainiúlachtaí náisiúnta gach Ballstáit a chur chun cinn.

2.   Déanfaidh an Clár, faoi na coinníollacha a leagtar amach sna cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 11, tacaíocht airgeadais a sholáthar do na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

malartú agus scaipeadh faisnéise, go háirithe trí cheardlanna, cruinnithe agus seimineáir, lena n-áirítear oiliúint, socrúcháin spriocdhírithe agus malartú foirne de chuid údarás inniúil náisiúnta agus gníomhaíochtaí eile comhchosúla, a eagrú. Beidh an malartú faisnéise dírithe ar na nithe seo a leanas, inter alia:

modheolaíochtaí chun faireachán agus anailís a dhéanamh ar an tionchar eacnamaíoch agus airgeadais atá ag góchumadh,

bunachair shonraí agus córais réamhrabhaidh a fheidhmiú,

uirlisí braith a bhfuil cúltaca ríomhaire acu a úsáid,

modhanna fiosrúcháin agus imscrúdaithe,

cúnamh eolaíoch, go háirithe bunachair shonraí eolaíocha agus faire/faireachán teicneolaíochta ar fhorbairtí nua,

an euro a chosaint lasmuigh den Aontas,

gníomhaíochtaí taighde,

saineolas oibríochtúil sonrach a sholáthar;

(b)

cúnamh teicniúil, eolaíoch, agus oibríochtúil is cosúil a bheith riachtanach mar chuid den Chlár, lena n-áirítear an méid seo a leanas go háirithe:

aon bheart iomchuí a bhunaíonn acmhainní teagaisc ar leibhéal an Aontais, amhail lámhleabhar maidir le reachtaíocht an Aontais, bullaitíní eolais, lámhleabhair phraiticiúla, gluaiseanna agus foclóirí, bunachair shonraí, go háirithe i réimse an chúnaimh eolaíoch nó na faire teicneolaíochta nó feidhmchláir thacaíochta ríomhaire, amhail bogearraí,

staidéir ábhartha a bhfuil gné ildisciplíneach agus trasnáisiúnta ag baint leo,

uirlisí agus modhanna tacaíochta teicniúla a fhorbairt chun gníomhaíochtaí braith a éascú ar leibhéal an Aontais,

tacaíocht airgeadais le haghaidh comhair i gcás oibríochtaí ina bhfuil dhá Stát ar a laghad páirteach nuair nach bhfuil tacaíocht den sórt sin ar fáil ó chláir eile de chuid institiúidí agus comhlachtaí Eorpacha;

(c)

deontais chun ceannach trealaimh a mhaoiniú, ar trealamh é atá le húsáid ag údaráis frith-ghóchumtha speisialaithe chun an euro a chosaint ar ghóchumadh, i gcomhréir le hAirteagal 10(3).

CAIBIDIL II

CREAT AIRGEADAIS

Airteagal 9

Imchlúdach airgeadais

1.   Is é EUR 7 344 000 (i bpraghsanna reatha) a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

2.   Laistigh den imchlúdach airgeadais don Chlár, leithdhálfar méideanna ar ghníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Airteagal 8(2) i gcomhréir le leithdháileadh táscach na gcistí a leagtar síos san Iarscríbhinn.

Ní imeoidh an Coimisiún ó leithdháileadh táscach sin na gcistí le níos mó ná 10 %. I gcás inar gá an teorainn sin a shárú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun leithdháileadh táscach na gcistí a leagtar síos san Iarscríbhinn a mhodhnú.

3.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Airteagal 10

Cineálacha tacaíochta airgeadais agus cómhaoiniú

1.   Déanfaidh an Coimisiún an Clár a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

2.   Is i bhfoirmeacha aon cheann den méid seo a leanas a bheidh tacaíocht airgeadais faoin gClár le haghaidh gníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Airteagal 8(2):

(a)

deontais; nó

(b)

soláthar poiblí.

3.   Ní ceannach trealaimh an t-aon chomhpháirt amháin a bheidh sa chomhaontú deontais.

4.   Ní sháróidh an ráta cómhaoinithe do dheontais arna ndámhachtain faoin gClár 75 % de na costais incháilithe. In imthosca eisceachtúla atá cuí-réasúnaithe, arna sainiú sna cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 11, ní sháróidh an ráta cómhaoinithe 90 % de na costais incháilithe.

5.   I gcás ina mbeidh gníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Airteagal 8(2) á n-eagrú i gcomhpháirt leis an gCoimisiún agus le BCE, le Eurojust, le Europol nó le Interpol, déanfar na caiteachais dá éis a roinnt eatarthu. In aon chás, iompróidh gach ceann díobh costais taistil agus lóistín a chuid aoichainteoirí féin.

Airteagal 11

Cláir oibre bhliantúla

Glacfaidh an Coimisiún cláir oibre bhliantúla d’fhonn an Clár a chur chun feidhme.

Le gach clár bliantúil oibre, cuirfear na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 faoi seach chun feidhme tríd an méid seo a leanas a leagan amach:

(a)

na gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh i gcomhréir le cuspóirí ginearálta agus sonracha den sórt sin, lena n-áirítear leithdháileadh táscach na gcistí agus an modh cur chun feidhme;

(b)

i ndáil le deontais: na critéir roghnúcháin sár-riachtanacha agus an ráta cómhaoinithe is mó is féidir.

Rannchuideoidh cistí a leithdháiltear ar ghníomhaíochtaí cumarsáide faoin gClár freisin le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais a chumhdach, a mhéid a bhaineann siad leis an gcuspóir ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3.

Airteagal 12

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Glacfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a bhfuil cistí de chuid an Aontais faighte acu faoin gClár.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (16) d’fhonn a shuí an ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfaidh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh a mhaoinítear faoin gClár.

4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do mhír 3, beidh forálacha sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais a eascróidh as an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena gcumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.

CAIBIDIL III

FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE

Airteagal 13

Faireachán agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún an Clár a chur chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit, trí chomhairliúcháin rialta a chur ar bun ag céimeanna éagsúla le linn chur chun feidhme an Chláir, laistigh den choiste dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001, agus na bearta ábhartha atá déanta ag eintitis eile inniúla, go háirithe ag BCE agus ag Europol, á gcur san áireamh.

2.   Féachfaidh an Coimisiún lena áirithiú go mbeidh an Clár comhsheasmhach agus comhlántach le cláir agus gníomhaíochtaí ábhartha eile ar leibhéal an Aontais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún faisnéis maidir le torthaí an Chláir a sholáthar go bliantúil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Áireofar inti faisnéis faoi chomhsheasmhacht agus faoi chomhlántacht le cláir agus gníomhaíochtaí ábhartha eile ar leibhéal an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún torthaí na ngníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gClár a scaipeadh ar bhonn leanúnach. Déanfaidh gach tír rannpháirteach agus tairbhí eile na sonraí uile agus an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don Choimisiún chun go bhféadfar faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gClár.

4.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an gClár. Faoin 31 Nollaig 2017, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta mheántéarma neamhspleách maidir le baint amach chuspóirí na mbeart ar fad (ó thaobh torthaí agus iarmhairtí de), agus maidir le húsáid éifeachtúil agus chostéifeachtach acmhainní agus leis an mbreisluach a bhaineann léi don Aontas. Déanfar an tuarascáil mheastóireachta a ullmhú d’fhonn cuidiú le cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta a athnuachan, a mhodhnú nó a fhionraí. Chomh maith leis sin, tabharfaidh an mheastóireacht aghaidh ar an raon feidhme maidir le simpliú, ar a comhsheasmhacht inmheánach agus sheachtrach, ar ábharthacht leanúnach gach cuspóra, agus ar an méid a rannchuidíonn na bearta le tosaíochtaí an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach. Cuirfear san áireamh inti torthaí meastóireachta ar thionchar fadtéarmach na mbeart réamhtheachtaí.

5.   Déanfar meastóireacht freisin ar thionchar fadtéarmach agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach éifeachtaí an Chláir d’fhonn cuidiú le cinneadh a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht clár a bheidh ann ina dhiaidh sin a athnuachan, a mhodhnú nó a fhionraí.

6.   Ina theannta sin, faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta deiridh maidir le baint amach chuspóirí an Chláir a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Airteagal 14

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9 a thabhairt don Choimisiún ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 15

Aisghairm

Déantar Cinntí 2001/923/CE, 2001/924/CE, 2006/75/CE, 2006/76/CE, 2006/849/CE agus 2006/850/CE a aisghairm.

Mar sin féin, leanfaidh oibleagáidí airgeadais a bhaineann le gníomhaíochtaí a shaothraítear faoi na Cinntí sin de bheith faoi rialú ag na Cinntí sin go dtí go gcomhlíonfar na hoibleagáidí sin.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Márta 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 137, 12.5.2012, lch. 7.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 11 Márta 2014.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 lena leagtar síos na bearta is gá chun an euro a chosaint ar ghóchumadh, (IO L 181, 4.7.2001, lch. 6).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1339/2001 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 lena síntear éifeachtaí Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 lena leagtar síos na bearta is gá chun an euro a chosaint ar ghóchumadh do na Ballstáit sin nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair (IO L 181, 4.7.2001, lch. 11).

(5)  Cinneadh 2001/923/CE ón gComhairle an 17 Nollaig 2001 lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár “Pericles”) (IO L 339, 21.12.2001, lch. 50).

(6)  Cinneadh 2001/924/CE ón gComhairle an 17 Nollaig 2001 lena síntear éifeachtaí an Chinnidh lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár “Pericles”) do na Ballstáit nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair (IO L 339, 21.12.2001, lch. 55).

(7)  Cinneadh 2006/75/CE ón gComhairle an 30 Eanáir 2006 lena leasaítear agus lena síntear Cinneadh 2001/923/CE lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár Pericles) (IO L 36, 8.2.2006, lch. 40).

(8)  Cinneadh 2006/76/CE ón gComhairle an 30 Eanáir 2006 lena síntear cur i bhfeidhm Chinneadh 2006/75/CE lena leasaítear agus lena síntear Cinneadh 2001/923/CE lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár Pericles) go dtí na Ballstáit neamh-rannpháirteacha (IO L 36, 8.2.2006, lch. 42).

(9)  Cinneadh 2006/849/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2006 lena leasaítear agus lena síntear Cinneadh 2001/923/CE lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár Pericles) (IO L 330, 28.11.2006, lch. 28).

(10)  Cinneadh 2006/850/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2006 lena síntear cur i bhfeidhm Chinneadh 2006/849/CE lena leasaítear agus lena síntear Cinneadh 2001/923/CE lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár Pericles) go dtí na Ballstáit neamh-rannpháirteacha (IO L 330, 28.11.2006, lch. 30).

(11)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(13)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(14)  Conradh na Náisiún, Sraith Conarthaí Uimh. 2623 (1931), lch. 372.

(15)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(16)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN

Leithdháileadh táscach cistí maidir le gníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Airteagal 8(2)

Laistigh den imchlúdach airgeadais don Chlár mar a leagtar amach in Airteagal 9 é, déanfar ar a laghad 90 % den bhuiséad a leithdháileadh ar na gníomhaíochtaí incháilithe seo a leanas a liostaítear in Airteagal 8(2):

Malartú agus scaipeadh faisnéise;

Cúnamh teicniúil, eolaíoch agus oibríochtúil;

Deontais chun ceannach trealaimh a mhaoiniú, ar trealamh é atá le húsáid ag údaráis frith-ghochumtha speisialaithe.


Top