This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22025A00491
AISTRIÚCHÁN Comhaontú maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite sa Limistéar Eorpach Eacanamaíoch agus trí chomhaontú ghaolmhara
AISTRIÚCHÁN Comhaontú maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite sa Limistéar Eorpach Eacanamaíoch agus trí chomhaontú ghaolmhara
ST/6696/2014/INIT
OV L, 2025/491, 18.3.2025., ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2025/491/oj (GA)
ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2025/491/oj
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/491 |
18.3.2025 |
AISTRIÚCHÁN
Comhaontú maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite sa Limistéar Eorpach Eacanamaíoch agus trí chomhaontú ghaolmhara
COMHAONTUITHE
TRÍ MHALARTÚ LITREACHA A BHAINEANN LE CUR I bhFEIDHM SEALADACH AN CHOMHAONTAITHE MAIDIR LE RANNPHÁIRTÍOCHT PHOBLACHT NA CRÓITE SA LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH AGUS CUR I bhFEIDHM SEALADACH AN PHRÓTACAIL BHREISE A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ IDIR RÍOCHT NA hIORUA AGUS AN tAONTAS EORPACH MAIDIR LE SÁSRA AIRGEADAIS NA hIORUA LE hAGHAIDH NA TRÉIMHSE Ó 2009 GO 2014
A. LITIR ÓN AONTAS EORPACH CHUIG AN ÍOSLAINN
A chara,
I dtaca leis an gComhaontú maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú maidir le Méadú ar LEE’) agus trí chomhaontú ghaolmhara, tá sé d’onóir agam a chur in iúl duit go bhfuil an tAontas Eorpach sásta an Comhaontú maidir le Méadú ar LEE a chur i bhfeidhm ón lá tar éis an dáta a tugadh i gcrích an ceann deireanach de na Malartuithe Litreacha maidir le cur i bhfeidhm sealadach idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua, ar bhonn sealadach, ar choinníoll go bhfuil an Íoslainn sásta déanamh amhlaidh.
Bheinn faoi chomaoin agat ach a dheimhniú go n-aontaíonn an Íoslainn leis an gcur i bhfeidhm sealadach sin.
A dhuine uasail, glac, le do thoil, deimhne mo mhodha fhíormhóir duit.
Thar ceann an Aontais Eorpaigh
B. LITIR ÓN ÍOSLAINN CHUIG AN AONTAS EORPACH
A chara,
Tá sé d’onóir agam a chur in iúl duit go bhfuarthas do litir dar dáta an lae inniu agus a dheimhniú go gcomhaontaíonn an Íoslainn leis an litir sin, atá mar seo a leanas:
‘I dtaca leis an gComhaontú maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú maidir le Méadú ar LEE”) agus trí chomhaontú ghaolmhara, tá sé d’onóir agam a chur in iúl duit go bhfuil an tAontas Eorpach sásta an Comhaontú maidir le Méadú ar LEE a chur i bhfeidhm ón lá tar éis an dáta a tugadh i gcrích an ceann deireanach de na Malartuithe Litreacha maidir le cur i bhfeidhm sealadach idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua, ar bhonn sealadach, ar choinníoll go bhfuil an Íoslainn sásta déanamh amhlaidh.’
A dhuine uasail, glac, le do thoil, deimhne mo mhodha fhíormhóir duit.
Thar ceann Rialtas na hÍoslainne
A. LITIR ÓN AONTAS EORPACH CHUIG PRIONSACHT LICHTINSTÉIN
A chara,
I dtaca leis an gComhaontú maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú maidir le Méadú ar LEE’) agus trí chomhaontú ghaolmhara, tá sé d’onóir agam a chur in iúl duit go bhfuil an tAontas Eorpach sásta an Comhaontú maidir le Méadú ar LEE a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, ón lá tar éis an dáta a tugadh i gcrích an ceann deireanach de na Malartuithe Litreacha maidir le cur i bhfeidhm sealadach idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua, ar choinníoll go bhfuil Prionsacht Lichtinstéin sásta déanamh amhlaidh.
Bheinn faoi chomaoin agat ach a dheimhniú go n-aontaíonn Prionsacht Lichtinstéin leis an gcur i bhfeidhm sealadach sin.
A dhuine uasail, glac, le do thoil, deimhne mo mhodha fhíormhóir duit.
Thar ceann an Aontais Eorpaigh
B. LITIR Ó PHRIONSACHT LICHTINSTÉIN CHUIG AN AONTAS EORPACH
A chara,
Tá sé d’onóir agam a chur in iúl duit go bhfuarthas do litir dar dáta an lae inniu agus a dheimhniú go gcomhaontaíonn Prionsacht Lichtinstéin lena bhfuil sa litir sin, atá mar seo a leanas:
‘I dtaca leis an gComhaontú maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú maidir le Méadú ar LEE”) agus trí chomhaontú ghaolmhara, tá sé d’onóir agam a chur in iúl duit go bhfuil an tAontas Eorpach sásta an Comhaontú maidir le Méadú ar LEE a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, ón lá tar éis an dáta a tugadh i gcrích an ceann deireanach de na Malartuithe Litreacha maidir le cur i bhfeidhm sealadach idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua, ar choinníoll go bhfuil Prionsacht Lichtinstéin sásta déanamh amhlaidh.’
A dhuine uasail, glac, le do thoil, deimhne mo mhodha fhíormhóir duit.
Thar ceann Phrionsacht Lichtinstéin
A. LITIR ÓN AONTAS EORPACH CHUIG PRIONSACHT LICHTINSTÉIN
A chara,
I dtaca leis an gComhaontú maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú maidir le Méadú ar LEE’) agus trí chomhaontú ghaolmhara, tá sé d’onóir agam a chur in iúl duit go bhfuil an tAontas Eorpach sásta an Comhaontú maidir le Méadú ar LEE agus an prótacal gaolmhar seo a leanas a chur i bhfeidhm, ar bhonn sealadach:
|
— |
Prótacal breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Ríocht na hIorua agus an tAontas Eorpach maidir le Sásra Airgeadais na hIorua le haghaidh na tréimhse ó 2009 go 2014, |
ón lá tar éis an dáta a tugadh i gcrích an ceann deireanach de na Malartuithe Litreacha maidir le cur i bhfeidhm sealadach idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua, ar choinníoll go bhfuil Ríocht na hIorua sásta déanamh amhlaidh.
Bheinn faoi chomaoin agat ach a dheimhniú go n-aontaíonn Ríocht na hIorua leis an gcur i bhfeidhm sealadach sin.
A dhuine uasail, glac, le do thoil, deimhne mo mhodha fhíormhóir duit.
Thar ceann an Aontais Eorpaigh
B. LITIR Ó RÍOCHT NA hIORUA CHUIG AN AONTAS EORPACH
A chara,
Tá sé d’onóir agam a chur in iúl duit go bhfuarthas do litir dar dáta an lae inniu agus a dheimhniú go gcomhaontaíonn Ríocht na hIorua lena bhfuil sa litir sin, atá mar seo a leanas:
‘I dtaca leis an gComhaontú maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú maidir le Méadú ar LEE”) agus trí chomhaontú ghaolmhara, tá sé d’onóir agam a chur in iúl duit go bhfuil an tAontas Eorpach sásta an Comhaontú maidir le Méadú ar LEE agus an prótacal gaolmhar seo a leanas a chur i bhfeidhm, ar bhonn sealadach:
|
— |
Prótacal breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Ríocht na hIorua agus an tAontas Eorpach maidir le Sásra Airgeadais na hIorua le haghaidh na tréimhse ó 2009 go 2014, |
ón lá tar éis an dáta a tugadh i gcrích an ceann deireanach de na Malartuithe Litreacha maidir le cur i bhfeidhm sealadach idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua, ar choinníoll go bhfuil Ríocht na hIorua sásta déanamh amhlaidh.’
A dhuine uasail, glac, le do thoil, deimhne mo mhodha fhíormhóir duit.
Thar ceann Rialtas Ríocht na hIorua
COMHAONTÚ
MAIDIR LE RANNPHÁIRTÍOCHT PHOBLACHT NA CRÓITE SA LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH
TÁ AN tAONTAS EORPACH,
RÍOCHT NA BEILGE,
POBLACHT NA BULGÁIRE,
POBLACHT NA SEICE,
RÍOCHT NA DANMHAIRGE,
POBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE,
POBLACHT NA hEASTÓINE,
ÉIRE,
AN PHOBLACHT HEILLÉANACH,
RÍOCHT NA SPÁINNE,
POBLACHT NA FRAINCE,
POBLACHT NA hIODÁILE,
POBLACHT NA CIPIRE,
POBLACHT NA LAITVIA,
POBLACHT NA LIOTUÁINE,
ARD-DIÚCACHT LUCSAMBURG,
AN UNGÁIR,
POBLACHT MHÁLTA,
RÍOCHT NA hÍSILTÍRE,
POBLACHT NA hOSTAIRE,
POBLACHT NA POLAINNE,
POBLACHT NA PORTAINGÉILE,
AN RÓMÁIN,
POBLACHT NA SLÓIVÉINE,
POBLACHT NA SLÓVAICE,
POBLACHT NA FIONLAINNE,
RÍOCHT NA SUALAINNE,
RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN,
dá ngairtear ‘Ballstáit an Aontais Eorpaigh’ anseo feasta,
AN ÍOSLAINN,
PRIONSACHT LICHTINSTÉIN,
RÍOCHT NA hIORUA,
dá ngairtear ‘Stáit CSTE’ anseo feasta,
dá ngairtear le chéile ‘na Páirtithe Conarthacha Reatha’ anseo feasta,
agus
POBLACHT NA CRÓITE,
DE BHRÍ gur síníodh an Conradh maidir le haontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach (dá ngairtear ‘an Conradh Aontachais’ anseo feasta) sa Bhruiséil an 9 Nollaig 2011;
DE BHRÍ, de bhun Airteagal 128 den Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, a síníodh in Oporto an 2 Bealtaine 1992, go ndéanfaidh aon Stát Eorpach a thiocfaidh chun bheith ina chomhalta den Chomhphobal iarratas chun bheith ina Pháirtí sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (dá ngairtear ‘Comhaontú LEE’ anseo feasta);
DE BHRÍ go bhfuil iarratas déanta ag Poblacht na Cróite chun bheith ina Páirtí Conarthach i gComhaontú LEE;
DE BHRÍ go mbeidh na téarmaí agus na coinníollacha don rannpháirtíocht sin ina n-ábhar do Chomhaontú idir na Páirtithe Conarthacha Reatha agus an stát iarrthach,
TAR ÉIS CINNEADH A DHÉANAMH an Comhaontú seo a leanas a thabhairt i gcrích:
Airteagal 1
1. Leis seo, déantar Páirtí Conarthach i gComhaontú LEE de Phoblacht na Cróite agus gairfear ‘an Páirtí Conarthach Nua’ di anseo feasta.
2. Ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, beidh forálacha Chomhaontú LEE, arna leasú le Cinntí ó Chomhchoiste LEE a glacadh roimh an 30 Meitheamh 2011, ina gceangal ar an bPáirtí Conarthach Nua faoi na coinníollacha céanna a bhaineann leis na Páirtithe Conarthacha Reatha agus faoi na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú seo.
3. Cuid dhílis den Chomhaontú seo atá sna hIarscríbhinní a ghabhann leis.
Airteagal 2
1. COIGEARTUITHE AR PHRÍOMHTHÉACS CHOMHAONTÚ LEE
|
(a) |
Brollach:
|
|
(b) |
Airteagal 2:
|
|
(c) |
Airteagal 117: Cuirfear an méid seo a leanas in ionad théacs Airteagal 117: ‘Leagtar amach forálacha lena rialaítear na Sásraí Airgeadais i bPrótacal 38, i bPrótacal 38a, san Aguisín a ghabhann le Prótacal 38a, i bPrótacal 38b agus san Aguisín a ghabhann le Prótacal 38b.’ ; |
|
(d) |
Airteagal 129:
|
2. COIGEARTUITHE AR PHRÓTACAIL A GHABHANN LE COMHAONTÚ LEE
|
(a) |
Leasaítear Prótacal 4 maidir le rialacha tionscnaimh mar a leanas:
|
|
(b) |
Cuirfear an méid seo a leanas le Prótacal 38b: ‘AGUISÍN A GHABHANN LE PRÓTACAL 38B MAIDIR LE SÁSRA AIRGEADAIS LEE LE hAGHAIDH PHOBLACHT NA CRÓITE Airteagal 1
Airteagal 2 EUR 5 mhilliún a bheidh i méid breise na ranníocaíochta airgeadais i gcás Phoblacht na Cróite le linn na tréimhse ón 1 Iúil 2013 go dtí an 30 Aibreán 2014, na dátaí sin san áireamh; cuirfear ar fáil iad le haghaidh gealltanais i dtráinse aonair ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le Rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó ó dháta comhaontaithe chun an Comhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach.’ |
|
(c) |
Cuirfear an méid seo a leanas in ionad théacs Phrótacal 44: ‘MAIDIR LE SÁSRAÍ COIMIRCE DE BHUN MÉADUITHE AR AN LIMISTÉAR EACNAMAÍOCH EORPACH 1. Cur i bhfeidhm Airteagal 112 den Chomhaontú maidir leis an gClásal um Choimirce Eacnamaíoch Ghinearálta agus na sásraí coimirce atá i socruithe idirthréimhseacha áirithe i réimse na saorghluaiseachta daoine agus an iompair de bhóthar Beidh Airteagal 112 den Chomhaontú infheidhme freisin maidir leis na cásanna a shonraítear nó dá dtagraítear sa mhéid a leanas:
2. Clásal Coimirce an Mhargaidh Inmheánaigh Beidh an nós imeachta cinnteoireachta ginearálta dá bhforáiltear sa Chomhaontú infheidhme freisin maidir le cinntí arna ndéanamh ag Coimisiún na gComhphobal Eorpach, agus Airteagal 38 d’Ionstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003, Airteagal 37 d’Ionstraim Aontachais an 25 Aibreán 2005, agus Airteagal 38 d’Ionstraim Aontachais an 9 Nollaig 2011 á gcur i bhfeidhm.’. |
Airteagal 3
1. Corpraítear leis seo i gComhaontú LEE, agus déantar cuid den Chomhaontú sin, na leasuithe uile ar ghníomhartha arna nglacadh ag institiúidí an Aontais Eorpaigh agus a corpraíodh i gComhaontú LEE, ar leasuithe iad arna ndéanamh leis an Ionstraim a bhaineann le coinníollacha aontachais Phoblacht na Cróite agus na coigeartuithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach, ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (dá ngairtear ‘Ionstraim Aontachais an 9 Nollaig 2011’ anseo feasta).
2. Chuige sin, tugtar isteach an fhleasc seo a leanas i bpointí na nIarscríbhinní agus na bPrótacal a ghabhann le Comhaontú LEE ina bhfuil na tagairtí do na gníomhartha arna nglacadh ag institiúidí an Aontais Eorpaigh lena mbaineann:
|
‘– |
1 2012 J003: Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Cróite agus na n-oiriúnuithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach, ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, arna glacadh an 9 Nollaig 2011 (IO L 112, 24.4.2012, lch. 21).’. |
3. Más í an fhleasc dá dtagraítear i mír 2 an chéad fhleasc sa phointe i dtrácht, cuirfear na focail ‘, arna leasú le:’ roimhe.
4. Liostaítear in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú seo na pointí sna hIarscríbhinní agus sna Prótacail a ghabhann le Comhaontú LEE ina dtabharfar isteach an téacs dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3.
5. I gcás inar gá oiriúnuithe a dhéanamh ar ghníomhartha a corpraíodh i gComhaontú LEE roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo mar gheall ar an bPáirtí Conarthach Nua a bheith rannpháirteach, agus nár foráladh do na hoiriúnuithe is gá sa Chomhaontú seo, tabharfar aghaidh ar na hoiriúnuithe sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i gComhaontú LEE.
Airteagal 4
1. Corpraítear leis seo i gComhaontú LEE agus déantar cuid den Chomhaontú sin na socruithe atá in Ionstraim Aontachais an 9 Nollaig 2011 dá dtagraítear in Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú seo.
2. Tabharfar aghaidh, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i gComhaontú LEE, ar aon cheann de na socruithe atá ábhartha do Chomhaontú LEE dá dtagraítear in Ionstraim Aontachais an 9 Nollaig 2011 nó a glacadh ar bhonn na hIonstraime sin agus nach léirítear in Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú seo.
Airteagal 5
Féadfaidh aon Pháirtí sa Chomhaontú seo aon ábhar a bhaineann lena léirmhíniú nó lena chur i bhfeidhm a chur faoi bhráid Chomhchoiste LEE. Scrúdóidh Comhchoiste LEE an t-ábhar d’fhonn teacht ar réiteach inghlactha chun dea-fheidhmiú Chomhaontú LEE a choinneáil ar bun.
Airteagal 6
1. Daingneoidh nó formheasfaidh na Páirtithe Conarthacha Láithreacha agus an Páirtí Conarthach Nua an Comhaontú seo i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin nó formheasa le hArdrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
2. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis thaisceadh na hionstraime deireanaí daingniúcháin nó formheasa don Pháirtí Conarthach Láithreach nó don Pháirtí Conarthach Nua, ar choinníoll go dtiocfaidh na prótacail ghaolmhara seo a leanas i bhfeidhm an lá céanna:
|
(a) |
Prótacal breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Ríocht na hIorua agus an tAontas Eorpach maidir le Sásra Airgeadais na hIorua le haghaidh na tréimhse ó 2009 go 2014 de dhroim Poblacht na Cróite a bheith rannpháirteach sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch; |
|
(b) |
Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Íoslainn de dhroim aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach; agus |
|
(c) |
Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua de dhroim aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach. |
Airteagal 7
Taiscfear an Comhaontú seo, a tarraingíodh suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Ollainnis, sa Bhéarla, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Ungáiris, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSlóvaicis, sa tSlóivéinis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Íoslainnis agus san Ioruais, agus comhúdarás ag gach téacs acu sin, taiscfear é le hArdrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, a chuirfidh cóip dheimhnithe chuig rialtas gach ceann eile de na Páirtithe sa Chomhaontú seo.
IARSCRÍBHINN A
Liosta dá dtagraítear in Airteagal 3 den Chomhaontú
CUID I
NA hIONSTRAIMÍ DÁ dTAGRAÍTEAR I gCOMHAONTÚ LEE ARNA LEASÚ LE HIONSTRAIM AONTACHAIS AN 9 Nollaig 2011
Cuirfear an fhleasc dá dtagraítear in Airteagal 3(2) isteach sna suíomhanna seo a leanas sna hIarscríbhinní agus sna Prótacail a ghabhann le Comhaontú LEE:
I gCaibidil XXVII (Deochanna biotáilleacha) d’Iarscríbhinn II (Rialacháin Theicniúla, Caighdeáin, Tástáil agus Deimhniú):
|
— |
Pointe 3 (Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle) |
In Iarscríbhinn VII (Cáilíochtaí Gairmiúla a aithint):
Pointe 1 (Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle)
In Iarscríbhinn XVII (Maoin Intleachtúil):
Pointe 6a (Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle)
In Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais):
Pointe 14 (Treoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle)
In Iarscríbhinn XX (Comhshaol):
Pointe 21al (Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle)
CUID II
LEASUITHE EILE AR NA hIARSCRÍBHINNÍ A GHABHANN LE COMHAONTÚ LEE
Déanfar na leasuithe seo a leanas ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Comhaontú LEE:
In Iarscríbhinn II (Rialacháin Theicniúla, Caighdeáin, Tástáil agus Deimhniú – Cuid II):
I gCaibidil XV, pointe 12a (Treoir 91/414/CEE ón gComhairle), scriostar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’;
I gCaibidil XVII, pointe 7 (Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), scriostar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’;
I gCaibidil XVII, pointe 8 (Treoir 94/63/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), scriostar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’;
I gCaibidil XXV, pointe 3 (Treoir 2001/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), scriostar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’.
In Iarscríbhinn V (Saorghluaiseacht Oibrithe):
Faoin gceannteideal ‘IDIRTHRÉIMHSE’, scriostar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’.
In Iarscríbhinn VIII (Ceart Bunaíochta):
Faoin gceannteideal ‘IDIRTHRÉIMHSE’, scriostar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’.
In Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais):
I bpointe 31b (Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), scriostar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’.
In Iarscríbhinn XI (Cumarsáid Leictreonach, Seirbhísí Closamhairc agus an tSochaí Faisnéise):
I bpointe 5cm (Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), scriostar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’.
In Iarscríbhinn XII (Saorghluaiseacht Caipitil):
Faoin gceannteideal ‘IDIRTHRÉIMHSE’, scriostar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’.
In Iarscríbhinn XIII (Iompar):
I bpointe 15a (Treoir 96/53/CE ón gComhairle), scriostar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’;
I bpointe 18a (Treoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), scriostar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’;
I bpointe 19 (Treoir 96/26/CE ón gComhairle), scriostar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’;
I bpointe 26c (Rialachán (CEE) Uimh. 3118/93 ón gComhairle), scriostar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’.
In Iarscríbhinn XV (Státchabhair):
Faoin gceannteideal ‘LEASAITHE EARNÁLACHA’, scriostar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’;
Faoin gceannteideal ‘IDIRTHRÉIMHSE’, scriostar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’.
In Iarscríbhinn XVII (Maoin Intleachtúil):
Faoin gceannteideal ‘LEASAITHE EARNÁLACHA’, scriostar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’.
In Iarscríbhinn XVIII (Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Dlí an tSaothair agus Cóir Chomhionann d’Fhir agus do Mhná):
I bpointe 30 (Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), scriostar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’.
In Iarscríbhinn XX (Comhshaol):
I bpointe 1f (Treoir 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), scriostar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’;
I bpointe 7a (Treoir 98/83/CE ón gComhairle), scriostar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’;
I bpointe 13 (Treoir 91/271/CEE ón gComhairle), scriosfar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’;
I bpointe 19a (Treoir 2001/80/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), scriosfar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’;
I bpointe 21ad (Treoir 1999/32/CE ón gComhairle), scriosfar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’;
I bpointe 32d (Treoir 1999/31/CE ón gComhairle), scriosfar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’;
I bpointe 32f (Treoir 2000/76/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), scriosfar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’;
I bpointe 32fa (Treoir 2002/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), scriosfar na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, a ghabhann le Prótacal Aontachais an 25 Aibreán 2005 ’.
IARSCRÍBHINN B
Liosta dá dtagraítear in Airteagal 4 den Chomhaontú
Na hIarscríbhinní agus na Prótacail a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar iad mar a leanas:
|
|
Iarscríbhinn I (Cúrsaí Tréidliachta agus Fíteashláintíochta):
|
|
|
Iarscríbhinn II (Rialacháin Theicniúla, Caighdeáin, Tástáil agus Deimhniú):
|
|
|
Iarscríbhinn V (Saorghluaiseacht Oibrithe): Faoin gceannteideal ‘IDIRTHRÉIMHSE’, cuirfear an méid seo a leanas isteach idir na míreanna maidir leis na socruithe idirthréimhseacha agus an mhír maidir leis na sásraí coimirce: ‘Beidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le hIonstraim Aontachais an 9 Nollaig 2011 don Chróit (Iarscríbhinn V, Caibidil 2).’ |
|
|
Iarscríbhinn VIII (Ceart Bunaíochta): Faoin gceannteideal ‘IDIRTHRÉIMHSE’, cuirfear an méid seo a leanas isteach idir na míreanna maidir leis na socruithe idirthréimhseacha agus an mhír maidir leis na sásraí coimirce: ‘Beidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le hIonstraim Aontachais an 9 Nollaig 2011 don Chróit (Iarscríbhinn V, Caibidil 2).’ |
|
|
Iarscríbhinn XII (Saorghluaiseacht Caipitil): Cuirfear an méid seo a leanas isteach tar éis na míreanna faoin gceannteideal ‘IDIRTHRÉIMHSE’: ‘Beidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le hIonstraim Aontachais an 9 Nollaig 2011 don Chróit (Iarscríbhinn V, Caibidil 3).’ |
|
|
Iarscríbhinn XIII (Iompar): I bpointe 53a (Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle), cuirfear na míreanna seo a leanas isteach roimh an téacs oiriúnúcháin: ‘Beidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le hIonstraim Aontachais an 9 Nollaig 2011 don Chróit (Iarscríbhinn V, Caibidil 7, Pointe 1). Maidir leis na sásraí coimirce atá sna socruithe idirthréimhseacha dá dtagraítear sna míreanna roimhe seo, beidh feidhm ag PRÓTACAL 44 MAIDIR LE SOCRUITHE COIMIRCE DE BHUN MÉADUITHE AR AN LIMISTÉAR EACNAMAÍOCH EORPACH.’ |
|
|
Iarscríbhinn XV (Státchabhair): Cuirfear an méid seo a leanas isteach faoin gceannteideal ‘LEASUITHE EARNÁLACHA’: ‘Na socruithe maidir leis na scéimeanna cabhrach atá ann cheana a leagtar amach i gCaibidil 2 (Beartas iomaíochta) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le hIonstraim Aontachais an 9 Nollaig 2011, beidh feidhm acu idir na Páirtithe Conarthacha.’ |
|
|
Iarscríbhinn XVII (Maoin Intleachtúil): Cuirfear an méid seo a leanas isteach faoin gceannteideal ‘LEASUITHE EARNÁLACHA’: ‘Na sásraí sonracha a leagtar amach i gCaibidil 1 (Dlí maoine intleachtúla) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le hIonstraim Aontachais an 9 Nollaig 2011, beidh feidhm acu idir na Páirtithe Conarthacha.’ |
|
|
Iarscríbhinn XVIII (Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Dlí an tSaothair agus Cóir Chomhionann d’Fhir agus do Mhná): I bpointe 30 (Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), cuirfear an méid seo a leanas isteach idir na míreanna maidir leis na socruithe idirthréimhseacha agus an mhír maidir leis na sásraí coimirce: ‘Beidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le hIonstraim Aontachais an 9 Nollaig 2011 don Chróit (Iarscríbhinn V, Caibidil 2).’ |
|
|
Iarscríbhinn XX (Comhshaol):
|
AN IONSTRAIM CHRÍOCHNAITHEACH
Tá na lánchumhachtaigh:
AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas Eorpach’ anseo feasta,
agus:
TÁ RÍOCHT NA BEILGE,
POBLACHT NA BULGÁIRE,
POBLACHT NA SEICE,
RÍOCHT NA DANMHAIRGE,
POBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE,
POBLACHT NA hEASTÓINE,
ÉIRE,
AN PHOBLACHT HEILLÉANACH,
RÍOCHT NA SPÁINNE,
POBLACHT NA FRAINCE,
POBLACHT NA hIODÁILE,
POBLACHT NA CIPIRE,
POBLACHT NA LAITVIA,
POBLACHT NA LIOTUÁINE,
ARD-DIÚCACHT LUCSAMBURG,
AN UNGÁIR,
POBLACHT MHÁLTA,
RÍOCHT NA hÍSILTÍRE,
POBLACHT NA hOSTAIRE,
POBLACHT NA POLAINNE,
POBLACHT NA PORTAINGÉILE,
AN RÓMÁIN,
POBLACHT NA SLÓIVÉINE,
POBLACHT NA SLÓVAICE,
POBLACHT NA FIONLAINNE,
RÍOCHT NA SUALAINNE,
RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN,
Páirtithe Conarthacha sa Chonradh ag bunú an AONTAIS EORPAIGH, dá ngairtear ‘Ballstáit an Aontais Eorpaigh’ anseo feasta,
na lánchumhachtaigh:
AN ÍOSLAINN,
PRIONSACHT LICHTINSTÉIN,
RÍOCHT NA hIORUA,
dá ngairtear ‘Stáit CSTE’ anseo feasta,
na Páirtithe Conarthacha uile sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch arna dhéanamh in Oporto an 2 Bealtaine 1992 (dá ngairtear ‘Comhaontú LEE’ anseo feasta), dá ngairtear le chéile ‘na Páirtithe Conarthacha Reatha’ anseo feasta, agus
na lánchumhachtaigh:
POBLACHT NA CRÓITE,
dá ngairtear an ‘Páirtí Conarthach Nua’ anseo feasta,
ag teacht le chéile dóibh sa Bhruiséil, tá an [DÁTA] seo sa bhliain [BLIAIN] chun an Comhaontú maidir le Rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a shíniú, tar éis na téacsanna seo a leanas a ghlacadh:
|
I. |
Comhaontú maidir le Rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (dá ngairtear an ‘Comhaontú’ anseo feasta); |
|
II. |
Na téacsanna a liostaítear thíos agus atá i gceangal leis an gComhaontú: Iarscríbhinn A: Liosta dá dtagraítear in Airteagal 3 den Chomhaontú, Iarscríbhinn B: Liosta dá dtagraítear in Airteagal 4 den Chomhaontú. |
Tá lánchumhachtaigh na bPáirtithe Conarthacha Reatha agus lánchumhachtaigh an Pháirtí Chonarthaigh Nua tar éis na Dearbhuithe Comhpháirteacha agus na Ráitis Chomhpháirteacha a liostaítear thíos agus atá i gceangal leis an Ionstraim Chríochnaitheach seo a ghlacadh:
|
1. |
Dearbhú Comhpháirteach maidir le teacht i bhfeidhm luath nó cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir le Rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch; |
|
2. |
Dearbhú Comhpháirteach maidir le dáta éagtha na socruithe idirthréimhseacha; |
|
3. |
Ráitis chomhpháirteacha a bhaineann le cur i bhfeidhm na rialacha tionscnaimh tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le Rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch; |
|
4. |
Dearbhú Comhpháirteach maidir le leasuithe earnálacha Lichtinstéin i réimse na saorghluaiseachta daoine; |
|
5. |
Ráiteas Comhpháirteach maidir leis na hearnálacha tosaíochta a luaitear i bPrótacal 38b; |
|
6. |
Ráiteas Comhpháirteach maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais. |
Tá lánchumhachtaigh na bPáirtithe Conarthacha Reatha agus lánchumhachtaigh an Pháirtí Chonarthaigh Nua tar éis an Dearbhú a liostaítear thíos agus atá i gceangal leis an Ionstraim Chríochnaitheach seo a ghlacadh:
Dearbhú Comhpháirteach Ginearálta Stáit CSTE.
Chomhaontaigh siad freisin nach mór d’ionadaithe na bPáirtithe Conarthacha Reatha agus an Pháirtí Chonarthaigh Nua Comhaontú LEE, arna leasú leis an bPrótacal lena gcoigeartaítear an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus téacsanna iomlána gach ceann de na Cinntí ó Chomhchoiste LEE, a tharraingt suas agus a fhíordheimhniú sa Chróitis, faoi theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe ar a dhéanaí.
Tugann siad dá n-aire an Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Ríocht na hIorua agus an tAontas Eorpach maidir le Sásra Airgeadais na hIorua le haghaidh na tréimhse ó 2009 go 2014 de dhroim Poblacht na Cróite a bheith rannpháirteach sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, atá i gceangal leis an Ionstraim Chríochnaitheach seo freisin.
Tugann siad dá n-aire freisin an Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Íoslainn de dhroim aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an Ionstraim Chríochnaitheach seo.
Thairis sin, tugann siad dá n-aire an Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua de dhroim aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an Ionstraim Chríochnaitheach seo.
Cuireann siad i dtreis gur thángthas ar chomhaontú maidir leis na prótacail thuasluaite agus iad ag glacadh leis nach dtiocfaidh aon athrú ar an rannpháirtíocht sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.
DEARBHUITHE COMHPHÁIRTEACHA AGUS RÁITIS CHOMHPHÁIRTEACHA Ó NA PÁIRTITHE CONARTHACHA AGUS ÓN bPÁIRTÍ CONARTHACH NUA SA CHOMHAONTÚ
DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE TEACHT I bhFEIDHM LUATH NÓ CUR I bhFEIDHM SEALADACH AN CHOMHAONTAITHE MAIDIR LE RANNPHÁIRTÍOCHT PHOBLACHT NA CRÓITE SA LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH
Cuireann na Páirtithe i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go dtiocfaidh an Comhaontú maidir le Rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch i bhfeidhm go luath nó go gcuirfear i bhfeidhm go sealadach é chun dea-fheidhmiú an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch a áirithiú agus chun go mbeidh an Chróit in ann tairbhe a bhaint as a rannpháirtíocht sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.
DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE DÁTA ÉAGA NA SOCRUITHE IDIRTHRÉIMHSEACHA
Deimhníonn na Páirtithe go ndéantar na socruithe idirthréimhseacha ón gConradh Aontachais a ghlacadh ar láimh i gComhaontú LEE agus go rachaidh siad in éag ar an dáta céanna rachaidís in éag dá dtarlódh méadú an Aontais Eorpaigh agus LEE ag an am céanna an 1 Iúil 2013.
RÁITEAS COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM NA RIALACHA TIONSCNAIMH TAR ÉIS THEACHT I bhFEIDHM AN CHOMHAONTAITHE MAIDIR LE RANNPHÁIRTÍOCHT PHOBLACHT NA CRÓITE SA LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH
1.
Cruthúnas tionscnaimh arna eisiúint ag Stát CSTE nó ag an bPáirtí Conarthach Nua faoi chuimsiú comhaontú fabhrach arna thabhairt i gcrích idir Stáit CSTE agus an Páirtí Conarthach Nua nó faoi chuimsiú reachtaíocht náisiúnta aontaobhach Stát CSTE nó Páirtí Chonarthaigh Nua, measfar é a bheith ina chruthúnas ar thionscnaimh fabhrach LEE, ar choinníoll:|
(a) |
go n-eiseofar an cruthúnas tionscnaimh agus na doiciméid iompair tráth nach déanaí ná an lá roimh aontachas an Pháirtí Chonarthaigh Nua leis an Aontas Eorpach; |
|
(b) |
go dtíolacfar an cruthúnas tionscnaimh do na húdaráis chustaim laistigh de 4 mhí ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe. |
I gcás inar dearbhaíodh earraí le haghaidh allmhairiú ó Stát CSTE nó ón bPáirtí Conarthach Nua sa Pháirtí Conarthach Nua nó i Stát CSTE, faoi seach, roimh dháta aontachais an Pháirtí Chonarthaigh Nua leis an Aontas Eorpach, faoi shocruithe fabhracha a bhí i bhfeidhm idir Stát CSTE agus an Páirtí Conarthach Nua an tráth sin, féadfar glacadh freisin i Stáit CSTE nó sa Pháirtí Conarthach Nua leis an gcruthúnas tionscnaimh arna eisiúint go cúlghabhálach faoi na socruithe sin ar choinníoll go gcuirfear faoi bhráid na n-údarás custaim é laistigh de thréimhse 4 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe.
2.
Údaraítear do Stáit CSTE, ar thaobh amháin, agus do Phoblacht na Cróite, ar an taobh eile, na húdaruithe lenar deonaíodh an stádas ‘onnmhaireoirí formheasta’ a choinneáil faoi chuimsiú comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir Stáit CSTE, ar thaobh amháin, agus Poblacht na Cróite, ar an taobh eile, ar choinníoll go gcuirfidh na honnmhaireoirí formheasta rialacha tionscnaimh LEE i bhfeidhm.Déanfaidh Stáit CSTE agus Poblacht na Cróite údaruithe nua arna n-eisiúint faoi na coinníollacha a leagtar síos i bPrótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a chur in ionad na n-údaruithe sin tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe.
3.
Go ceann tréimhse 3 bliana tar éis an cruthúnas tionscnaimh lena mbaineann a eisiúint, glacfaidh údaráis inniúla Stáit CSTE agus an Pháirtí Chonarthaigh Nua le hiarrataí ar fhíorú iardain maidir le cruthúnas tionscnaimh arna eisiúint faoi na comhaontuithe agus na socruithe fabhracha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 thuas agus féadfaidh na húdaráis sin na hiarrataí sin a dhéanamh go ceann tréimhse 3 bliana tar éis glacadh leis an gcruthúnas tionscnaimh.
DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH AR LEASUITHE EARNÁLACHA LICHTINSTÉIN I RÉIMSE NA SAORGHLUAISEACHTA DAOINE
Comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha láithreacha agus an Páirtí Conarthach Nua,
|
— |
Ag tagairt do na leasuithe earnálacha do Lichtinstéin i réimse na saorghluaiseachta daoine faoi Iarscríbhinní V agus VIII a ghabhann le Comhaontú LEE arna thabhairt isteach le Cinneadh Uimh. 191/1999 ó Chomhchoiste Parlaiminteach LEE agus arna leasú leis an gComhaontú maidir le Rannpháirtíocht Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch an 14 Deireadh Fómhair 2003, |
|
— |
Agus aird á tabhairt ar éileamh ard leanúnach ó náisiúnaigh de chuid an Aontais agus Stáit CSTE chun cónaí i Lichtinstéin, lena sáraítear an glanráta inimirce a leagtar amach sna leasuithe earnálacha thuasluaite, |
|
— |
De bhrí gurb é an toradh atá ar rannpháirtíocht na Cróite in LEE go bhfuil líon níos airde náisiúnach ann a bhfuil an ceart acu saorghluaiseacht daoine a agairt mar a chumhdaítear i gComhaontú LEE, |
An staid fhíorasach sin a chur san áireamh go cuí chomh maith le hacmhainneacht ionsúcháin Lichtinstéin gan athrú agus athbhreithniú á dhéanamh ar na leasuithe earnálacha in Iarscríbhinní V agus VIII a ghabhann le Comhaontú LEE.
RÁITEAS COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LEIS NA hEARNÁLACHA TOSAÍOCHTA A LUAITEAR bPRÓTACAL 38B
Meabhraíonn na Páirtithe Conarthacha láithreacha agus an Páirtí Conarthach Nua nach gá gach earnáil tosaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Phrótacal 38b a chumhdach i gcás na Cróite.
RÁITEAS COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LEIS NA RANNÍOCAÍOCHTAÍ AIRGEADAIS
Comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha láithreacha agus an Páirtí Conarthach Nua nach fasach don tréimhse tar éis dóibh dul in éag an 30 Aibreán 2014 iad na socruithe ranníocaíochta airgeadais a comhaontaíodh i gcomhthéacs mhéadú LEE.
DEARBHUITHE EILE Ó CHEANN AMHÁIN NÓ NÍOS MÓ DE NA PÁIRTITHE CONARTHACHA SA CHOMHAONTÚ
DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH GINEARÁLTA Ó STÁIT CSTE
Tugann Stáit CSTE dá n-aire na Dearbhuithe, atá ábhartha do Chomhaontú LEE, atá i gceangal leis an Ionstraim Chríochnaitheach a ghabhann leis an gConradh idir Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, an Ungáir, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (Ballstáit an Aontais Eorpaigh) agus Poblacht na Cróite, maidir le haontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach.
Cuireann Stáit CSTE i bhfios go láidir nach féidir na Dearbhuithe, atá ábhartha maidir le Comhaontú LEE, atá i gceangal leis an Ionstraim Chríochnaitheach a ghabhann leis an gConradh dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, a léirmhíniú ná a chur i bhfeidhm ar bhealach atá contrártha d’oibleagáidí na bPáirtithe Conarthacha láithreacha agus an Pháirtí Chonarthaigh Nua a eascraíonn as an gComhaontú seo nó as Comhaontú LEE.
PRÓTACAL BREISE
A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ IDIR RÍOCHT NA hIORUA AGUS AN tAONTAS EORPACH MAIDIR LE SÁSRA AIRGEADAIS NA hIORUA LE hAGHAIDH NA TRÉIMHSE Ó 2009 GO 2014 DE DHROIM POBLACHT NA CRÓITE A BHEITH RANNPHÁIRTEACH SA LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH
TÁ AN tAONTAS EORPACH
agus
RÍOCHT NA hIORUA
AG FÉACHAINT don Chomhaontú idir Ríocht na hIorua agus an tAontas Eorpach maidir le Sásra Airgeadais na hIorua le haghaidh na tréimhse ó 2009 go 2014,
AG FÉACHAINT don Chomhaontú maidir le Rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch,
TAR ÉIS CINNEADH A DHÉANAMH Poblacht na Cróite a áireamh i Sásra Airgeadais na hIorua 2009-2014 mar atá,
AGUS AN PRÓTACAL SEO A THABHAIRT I gCRÍCH,
Airteagal 1
1. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an gComhaontú idir Ríocht na hIorua agus an tAontas Eorpach maidir le Sásra Airgeadais na hIorua le haghaidh na tréimhse ó 2009 go 2014, dá ngairtear an ‘Comhaontú’ anseo feasta, maidir le Poblacht na Cróite.
2. D’ainneoin mhír 1, ní bheidh feidhm ag míreanna 2 agus 3 d’Airteagal 3 den Chomhaontú.
3. D’ainneoin mhír 1, ní bheidh feidhm ag Airteagal 6 den Chomhaontú. Ní bheidh aon ath-leithdháileadh ar aon Stát is Tairbhí infheidhme i gcás chistí Phoblacht na Cróite atá ar fáil agus nár gealladh.
Airteagal 2
EUR 4.6 milliún a bheidh i méid breise na ranníocaíochta airgeadais i gcás Phoblacht na Cróite le linn na tréimhse ón 1 Iúil 2013 go dtí an 30 Aibreán 2014, na dátaí sin san áireamh; cuirfear ar fáil iad le haghaidh gealltanais i dtráinse aonair ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le Rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó ó dháta comhaontaithe chun an Comhaontú sin agus an Prótacal seo a chur i bhfeidhm go sealadach.
Airteagal 3
Déanfaidh na Páirtithe an Prótacal seo a dhaingniú nó a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin nó formheasa le hArdrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis thaisceadh na hionstraime deireanaí daingniúcháin nó formheasa ar choinníoll go mbeidh ionstraim dhaingniúcháin nó formheasa an Chomhaontaithe maidir le Rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch taiscthe freisin.
Airteagal 4
Tarraingíodh an Prótacal seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, san Ioruais, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag gach téacs acu sin; taiscfear é le hArdrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus cuirfidh sí sin cóip dheimhnithe chuig gach ceann de na Páirtithe.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an … lá de …
Thar ceann an Aontais Eorpaigh
Thar ceann Ríocht na hIorua
PRÓTACAL BREISE
A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ IDIR COMHPHOBAL EACNAMAÍOCHTA NA hEORPA AGUS AN ÍOSLAINN DE DHROIM AONTACHAS PHOBLACHT NA CRÓITE LEIS AN AONTAS EORPACH
TÁ AN tAONTAS EORPACH
agus
AN ÍOSLAINN
AG FÉACHAINT don Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Íoslainn a síníodh sa Bhruiséil an 22 Iúil 1972, dá ngairtear an ‘Comhaontú’ anseo feasta, agus do na socruithe atá ann cheana le haghaidh trádáil éisc agus táirgí iascaigh idir an Íoslainn agus an Comhphobal,
AG FÉACHAINT don Phrótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Íoslainn maidir le forálacha speisialta is infheidhme don tréimhse 2009 go 2014 i dtaca le hiasc agus táirgí iascaigh áirithe a allmhairiú isteach san Aontas Eorpach,
AG FÉACHAINT d’aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach,
AG FÉACHAINT don Chomhaontú maidir le Rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch,
AG FÉACHAINT don chóras atá ann cheana le haghaidh trádáil éisc agus táirgí iascaigh idir an Íoslainn agus Poblacht na Cróite,
TAR ÉIS CINNEADH A DHÉANAMH na coigeartuithe ar an gComhaontú de dhroim aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a leagan síos de chomhthoil,
AGUS AN PRÓTACAL SEO A THABHAIRT I gCRÍCH,
Airteagal 1
Déanfar téacs an Chomhaontaithe, na hIarscríbhinní agus na Prótacail, ar cuid dhílis den Chomhaontú sin iad, an Ionstraim Chríochnaitheach agus na dearbhuithe atá i gceangal léi a tharraingt suas sa Chróitis agus beidh na téacsanna sin údarásach ar an mbealach céanna agus atá na téacsanna bunaidh. Formheasfaidh an Comhchoiste an téacs Cróitise.
Airteagal 2
1. Leagtar síos sa Phrótacal seo na forálacha speisialta is infheidhme i dtaca le hiasc agus táirgí iascaigh áirithe de thionscnamh na hÍoslainne a allmhairiú isteach san Aontas Eorpach.
2. Cumhdóidh méideanna na dtaraif-chuótaí dá bhforáiltear in Airteagal 3 den Phrótacal seo an tréimhse 10 mí atá fágtha ó aontachas na Cróite leis an Aontas Eorpach go dtí deireadh Shásra Airgeadais LEE 2009-2014 (an 1 Iúil 2013 go dtí an 30 Aibreán 2014). Déanfar méideanna na gcuótaí a athbhreithniú faoi dheireadh na tréimhse sin agus na leasanna ábhartha uile á gcur san áireamh.
3. Beidh feidhm ag na taraif-chuótaí ón lá a thiocfaidh cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail seo i bhfeidhm, de réir na nósanna imeachta a leagtar síos i mír 3 d’Airteagal 4 agus beidh siad ar fáil go ceann 12 mhí ón dáta sin.
Airteagal 3
Osclóidh an tAontas na taraif-chuótaí breise seo a leanas atá saor ó dhleacht do tháirgí de thionscnamh na hÍoslainne:
|
— |
Gliomaigh reoite na hIorua (Nephrops norvegicus) (cód AC 0306 15 90) arb é atá iontu 60 tona glanmheáchain. |
|
— |
Filléid péirsí mara (Sebastes spp.), iad úr nó fuaraithe (cód AC 0304 49 50) atá 100 tona glanmheáchain. |
Airteagal 4
1. Déanfaidh na Páirtithe an Prótacal seo a dhaingniú nó a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin nó formheasa le hArdrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
2. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis thaisceadh na hionstraime deireanaí daingniúcháin nó formheasa ar choinníoll go mbeidh ionstraimí daingniúcháin nó formheasa na gcomhaontuithe gaolmhara seo a leanas taiscthe freisin:
|
(i) |
Comhaontú maidir le Rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch; |
|
(ii) |
Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le Sásra Airgeadais na hIorua le haghaidh na tréimhse ó 2009 go 2014 de dhroim Poblacht na Cróite a bheith rannpháirteach sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch; |
|
(iii) |
Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua de dhroim aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach. |
3. Go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, cuirfear an Prótacal seo i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón gcéad lá den tríú mí tar éis thaisceadh an fhógra deiridh dá réir sin.
Airteagal 5
Tarraingíodh an Prótacal seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, san Íoslainnis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag gach téacs acu sin; taiscfear é le hArdrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus cuirfidh sí sin cóip dheimhnithe chuig gach ceann de na Páirtithe.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an … lá de …
Thar ceann an Aontais Eorpaigh
Thar ceann na hÍoslainne
PRÓTACAL BREISE
A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ IDIR COMHPHOBAL EACNAMAÍOCHTA NA hEORPA AGUS RÍOCHT NA hIORUA DE DHROIM AONTACHAS PHOBLACHT NA CRÓITE LEIS AN AONTAS EORPACH
TÁ AN tAONTAS EORPACH
agus
RÍOCHT NA hIORUA
AG FÉACHAINT don Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua a síníodh an 14 Bealtaine 1973, dá ngairtear an ‘Comhaontú’ anseo feasta, agus do na socruithe atá ann cheana le haghaidh trádáil éisc agus táirgí iascaigh idir an Iorua agus an Comhphobal,
AG FÉACHAINT don Phrótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua maidir le forálacha speisialta is infheidhme don tréimhse 2009 go 2014 i dtaca le hiasc agus táirgí iascaigh áirithe a allmhairiú isteach san Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 1 de,
AG FÉACHAINT d’aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach,
AG FÉACHAINT don Chomhaontú maidir le Rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch,
AG FÉACHAINT don chóras atá ann cheana le haghaidh trádáil éisc agus táirgí iascaigh idir an Iorua agus Poblacht na Cróite,
TAR ÉIS CINNEADH A DHÉANAMH na coigeartuithe ar an gComhaontú de dhroim aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a leagan síos de chomhthoil,
AGUS AN PRÓTACAL SEO A THABHAIRT I gCRÍCH,
Airteagal 1
Déanfar téacs an Chomhaontaithe, na hIarscríbhinní agus na Prótacail, ar cuid dhílis den Chomhaontú sin iad, an Ionstraim Chríochnaitheach agus na dearbhuithe atá i gceangal léi a tharraingt suas sa Chróitis agus beidh na téacsanna sin údarásach ar an mbealach céanna agus atá na téacsanna bunaidh. Formheasfaidh an Comhchoiste an téacs Cróitise.
Airteagal 2
1. Leagtar síos sa Phrótacal seo na forálacha speisialta is infheidhme i dtaca le hiasc agus táirgí iascaigh áirithe de thionscnamh na hIorua a allmhairiú isteach san Aontas Eorpach.
2. Cumhdóidh méid an taraif-chuóta dá bhforáiltear in Airteagal 3 den Phrótacal seo an tréimhse 10 mí atá fágtha ó aontachas na Cróite leis an Aontas Eorpach go dtí deireadh Shásra Airgeadais LEE 2009-2014 (an 1 Iúil 2013 go dtí an 30 Aibreán 2014). Déanfar méid an chuóta a athbhreithniú faoi dheireadh na tréimhse sin agus na leasanna ábhartha uile á gcur san áireamh.
3. Beidh feidhm ag an taraif-chuóta ón lá a thiocfaidh cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail seo i bhfeidhm, de réir na nósanna imeachta a leagtar síos i mír 3 d’Airteagal 4 agus beidh sé ar fáil go ceann 12 mhí ón dáta sin.
4. Is iad na rialacha tionscnaimh a leagtar amach i bPrótacal Uimh. 3 a ghabhann leis an gComhaontú na rialacha tionscnaimh is infheidhme maidir leis an taraif-chuóta in Airteagal 3.
Airteagal 3
Osclóidh an tAontas an taraif-chuóta breise nua seo a leanas atá saor ó dhleacht:
|
— |
Scadáin, spíosraithe agus / nó fínéagar leasaithe, faoi sháile (cóid AC ex 1604 12 91, ex 1604 12 99) atá 1400 tona glanmheáchain shilte. |
Airteagal 4
1. Déanfaidh na Páirtithe an Prótacal seo a dhaingniú nó a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin nó formheasa le hArdrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
2. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis thaisceadh na hionstraime deireanaí daingniúcháin nó formheasa ar choinníoll go mbeidh ionstraimí daingniúcháin nó formheasa na gcomhaontuithe gaolmhara seo a leanas taiscthe freisin:
|
(i) |
Comhaontú maidir le Rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch; |
|
(ii) |
Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Ríocht na hIorua agus an tAontas Eorpach ar Shásra Airgeadais na hIorua le haghaidh na tréimhse ó 2009 go 2014 de dhroim Poblacht na Cróite a bheith rannpháirteach sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch; |
|
(iii) |
Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Íoslainn de dhroim aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach. |
3. Go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, cuirfear an Prótacal seo i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón gcéad lá den tríú mí tar éis thaisceadh an fhógra deiridh dá réir sin.
Airteagal 5
Tarraingíodh an Prótacal seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, san Ioruais, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag gach téacs acu sin; taiscfear é le hArdrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus cuirfidh sí sin cóip dheimhnithe chuig gach ceann de na Páirtithe.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an … lá de …
Thar ceann an Aontais Eorpaigh
Thar ceann Ríocht na hIorua
ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2025/491/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)