This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0829
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/829 of 25 May 2022 amending Regulation (EC) No 31/96 as regards the institutions eligible for exemption from excise duty
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/829 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 31/96 a mhéid a bhaineann leis na hinstitiúidí atá incháilithe do dhíolúine ó dhleacht mháil
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/829 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 31/96 a mhéid a bhaineann leis na hinstitiúidí atá incháilithe do dhíolúine ó dhleacht mháil
C/2022/3315
IO L 147, 30.5.2022, p. 28–32
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 12/02/2023; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32022R1637
30.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 147/28 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/829 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Bealtaine 2022
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 31/96 a mhéid a bhaineann leis na hinstitiúidí atá incháilithe do dhíolúine ó dhleacht mháil
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na socruithe ginearálta le haghaidh dleacht mháil agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE (1), agus go háirithe Airteagal 13(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leasaíodh Treoir 2008/118/CE le Treoir (AE) 2019/2235 ón gComhairle (2), lenar tugadh isteach díolúintí ó cháin bhreisluacha agus ó dhleacht mháil a íoc i leith iarrachtaí cosanta a dhéantar laistigh de chreat an Aontais. |
(2) |
Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 31/96 ón gCoimisiún (3) an deimhniú díolúine atá le húsáid chun a dheimhniú go bhfuil idirbheart áirithe incháilithe do dhíolúine ó dhleacht mháil a íoc faoi Airteagal 12 de Threoir 2008/118/CE. Chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit an díolúine ó dhleacht mháil a íoc a chur i bhfeidhm maidir le hiarrachtaí cosanta mar a leagtar amach in Airteagal 12(1), pointe (ba), de Threoir 2008/118/CE, ba cheart an deimhniú sin a leasú. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 31/96 a leasú dá réir. |
(4) |
Ós rud é go bhfuil feidhm ón 1 Iúil 2022 ag Airteagal 12(1), pointe (ba), de Threoir 2008/118/CE, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí an dáta sin. |
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Dhleacht Mháil, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 31/96.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 9, 14.1.2009, lch. 12.
(2) Treoir (AE) 2019/2235 ón gComhairle an 16 Nollaig 2019 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha agus Treoir 2008/118/CE maidir leis na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil a mhéid a bhaineann le hiarrachtaí cosanta laistigh de chreat an Aontais (IO L 336, 30.12.2019, lch. 10).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 31/96 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 1996 maidir leis an deimhniú díolúine ó dhleacht mháil (IO L 8, 11.1.1996, lch. 11).
IARSCRÍBHINN
Nótaí míniúcháin
1. |
Fónann an doiciméad seo don choimeádaí stórais údaraithe mar dhoiciméad tacaíochta i ndáil leis an díolúine chánach i leith na gcoinsíneachtaí earraí a fhaigheann na hinstitiúidí/daoine aonair incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Threoir 2008/118/CE. Dá réir sin, déanfar deimhniú amháin a tharraingt suas le haghaidh gach coimeádaí stórais. Thairis sin, ní mór don choimeádaí stórais an deimhniú sin a choimeád mar chuid dá thaifid i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla is infheidhme ina Bhallstát. |
2. |
|
3. |
Leis an dearbhú i mbosca 3 den deimhniú, cuireann an institiúid/duine aonair incháilithe an fhaisnéis ar fáil a bhfuil gá léi le haghaidh na meastóireachta ar an iarraidh ar dhíolúine sa Bhallstát óstach. |
4. |
Leis an dearbhú i mbosca 4 den deimhniú, deimhníonn an institiúid na mionsonraí i mbosca 1 agus i mbosca 3(a) den doiciméad agus deimhníonn sí gur ball foirne den institiúid é an duine aonair incháilithe. |
5. |
|
6. |
Maidir leis an dearbhú thuasluaite ón institiúid/duine aonair incháilithe, déanfar é a fhíordheimhniú ag bosca 6 le stampa údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh. Is féidir don údarás a shocrú go mbraithfidh a fhormheas féin ar chomhaontú údaráis eile ina Bhallstát. Is faoin údarás inniúil cánach é an comhaontú sin a fháil. |
7. |
Chun an nós imeachta a shimpliú, is féidir don údarás inniúil scaoileadh leis an oibleagáid a bhíonn ar an institiúid incháilithe an stampa a iarraidh i gcás díolúine le haghaidh úsáid oifigiúil. Ba cheart don institiúid incháilithe an dispeansáid sin a lua i mbosca 7 den deimhniú. |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 (IO L 121, 8.5.2012, lch. 1).