AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.3.2025
JOIN(2025) 130 final
TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
maidir leis an Straitéis Eorpach um Aontas na hUllmhachta
Réamhrá
Tá an tsíocháin agus an chobhsaíocht ina ndlúthchuid den tionscadal Eorpach. Mar sin féin, tá réaltacht nua os comhair na hEorpa, réaltacht a bhfuil rioscaí atá ag dul i méid agus éiginnteacht mhór ag baint léi. Cogadh foghach neamhdhleathach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, teannas geopholaitiúil atá ag dul i méid, ionsaithe hibrideacha agus cibirionsaithe stát‑tionscanta, sabaitéireacht atá dírithe ar shócmhainní criticiúla, ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis, agus cogaíocht leictreonach, is gnéithe buana de réaltacht an lae inniu iad anois. Tá an méid sin ina oscailt súl don Eoraip.
Mar gheall ar phaindéim COVID‑19, ba mheasa fós na héagothromaíochtaí a bhí ann cheana agus léiríodh gur féidir cur isteach go mór ar sheirbhísí sláinte agus ar shlabhraí soláthair an Aontais, lena n‑áirítear slabhraí soláthair fuinnimh, bia agus amhábhar criticiúil. I gcomhthéacs reatha na hiomaíochta agus na coinbhleachta geopholaitiúla agus eacnamaíche géire, tá siad ag éirí níos leochailí i leith ionramháil agus comhéigean eacnamaíoch.
Thairis sin, an neamhchosaint atá ag an Aontas ar iarmhairtí an athraithe aeráide, ar dhíghrádú leanúnach an chomhshaoil agus ar an riosca go mbeidh paindéimí eile ann, is rud é sin atá ag dul i méid i rith an ama. Is í an Eoraip an mhór‑roinn a bhfuil an ráta téimh is tapa aici ar domhan. Tharla tubaistí nádúrtha tubaisteacha inti, ó thuilte go triomaigh agus dóiteáin foraoise, creimeadh cósta, tonnta teasa agus fuachta agus stoirmeacha. Mura dtabharfar aghaidh air trí fheabhas a chur ar acmhainneacht struchtúrach ár sochaí rioscaí a bhainistiú ní thiocfaidh ach méadú ar chostais dhaonna, eacnamaíocha agus shóisialta an athraithe aeráide sna blianta amach romhainn lena n‑áirítear brú méadaitheach ó thionchar diúltach an athraithe aeráide i gcodanna eile den domhan, mar shampla cineálacha cur isteach ar bhealaí trádála agus ar shlabhraí soláthair domhanda. Tá an aeráid, an comhshaol agus an tslándáil fite fuaite ina chéile.
D’fhreagair an Eoraip do na géarchéimeanna sin le luas agus diongbháilteacht nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, agus léirigh sí dlúthpháirtíocht agus athléimneacht. Bhunaigh sí go tapa Údarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte, d’fhorbair sí beartas chun vacsaíní in aghaidh COVID‑19 a sholáthar go comhpháirteach agus chruthaigh sí na cláir SURE agus NextGenerationEU chun aghaidh a thabhairt ar a thionchar eacnamaíoch agus sóisialta. Bhí an Coimisiún ar thús cadhnaíochta maidir le réitigh chun an méadú tobann ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú agus chun slándáil an tsoláthair a áirithiú, réitigh nuálacha iompair san áireamh. Tugadh dídean do na milliúin dídeanaithe ón Úcráin san Aontas agus cuireadh fáilte rompu ann. Léiríodh an breisluach a bhaineann le huirlisí an Aontais amhail Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (SACS) agus cúltaca straitéiseach an Aontais de chumais agus stoc‑chairn na hEorpa maidir le freagairt i gcás tubaistí (rescEU).
Ní raibh aon cheann de na géarchéimeanna móra le blianta beaga anuas ina gcásanna ar leith ná ina ngéarchéimeanna gearrthréimhseacha. Is cuid de threocht níos leithe iad arb é is cúis léi athruithe fadtéarmacha polaitiúla, eacnamaíocha, aeráide, comhshaoil agus teicneolaíochta. Ní féidir leis an Eoraip a bheith frithghníomhach i gcónaí.
Thángthas ar an gconclúid i dTuarascáil Niinistö maidir le hUllmhacht an Aontais gur ábhar práinne é ullmhacht shibhialta agus mhíleata na hEorpa a neartú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an lae inniu atá ag dul i méid agus ar ghéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo. Iarradh sa tuarascáil go mbeadh athrú mór meoin ann agus aithníodh inti nach freagracht náisiúnta amháin atá san ullmhacht ach comhiarracht Eorpach ar ina leith a theastaíonn ról níos láidre don Aontas maidir le comhordú a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit. Leis an Straitéis sin, cuirtear le Tuarascáil Niinistö agus soláthraítear plean gníomhaíochta i dtreo Aontas Ullmhachta.
An fáth a dteastaíonn Aontas Ullmhachta uainn
Le himeacht ama, tá a uirlisí éagsúla forbartha agus treisithe ag an Aontas chun athléimneacht struchtúrach a fhorbairt chun dul i ngleic le cineálacha áirithe rioscaí agus chun freagairt do ghéarchéimeanna i roinnt earnálacha. Mar sin féin, is léir ón taithí a fuarthas go bhfuil roinnt easnamh i gcreat ullmhachta an Aontais.
Ar an gcéad dul síos, tá bainistiú géarchéime an Aontais frithghníomhach den chuid is mó, seachas réamhghníomhach. Is é is cúis leis sin freisin nach leor an úsáid a bhaintear as fadbhreathnaitheacht straitéiseach, réamhaíocht, agus uirlisí luathrabhaidh. Tá measúnú comhtháite ar rioscaí, ar bhagairtí agus ar a n‑éifeachtaí cascáideacha, lena n‑áirítear rioscaí agus bagairtí ó lasmuigh den Aontas, in easnamh.
Ar an dara dul síos, tá bosca uirlisí bainistithe géarchéime an Aontais ilroinnte ar fud institiúidí, seirbhísí agus gníomhaireachtaí éagsúla, agus tá bearnaí comhordúcháin earnála agus trasteorann ann. Is ann d’easnamh sa chomhordú míleata sibhialta, agus is gá an nasc idir gníomhaíocht inmheánach an Aontais agus gníomhaíocht sheachtrach an Aontais a neartú.
Ar an tríú dul síos, tá teorainneacha scála agus acmhainní ag baint leis na struchtúir agus na sásraí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais. Bíonn an fhreagairt i gcás géarchéime ag brath ar rannpháirtíocht uile‑shochaí atá teoranta, lena n‑áirítear rannpháirtíocht leis an earnáil phríobháideach. Tá easpa solúbthachta i sásraí cistiúcháin an Aontais agus ní dhéantar ailíniú straitéiseach ar bhuiséid náisiúnta go leormhaith.
Leis an Aontas Ullmhachta, tabharfar breisluach do ghníomhaíochtaí na mBallstát, go háirithe trí iarrachtaí náisiúnta a chomhlánú, comhordú agus éifeachtúlacht a fheabhsú agus cultúr ullmhachta agus athléimneachta a chothú, agus an tráth céanna, urraim a thabhairt go hiomlán do choimhdeacht, d’inniúlachtaí náisiúnta agus do shainiúlachtaí na mBallstát. Tacaíonn sé leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit gníomhú de mheon dlúthpháirtíochta agus cuidiú le chéile i ngach cineál géarchéime, i gcomhréir le hAirteagal 222 CFAE.
Is é sprioc fhoriomlán an Aontais Ullmhachta Aontas Eorpach slán athléimneach a chruthú ag a mbeidh na cumais is gá chun bagairtí agus guaiseacha a réamh‑mheas agus a bhainistiú, gan beann ar a gcineál nó ar a dtionscnamh, chun a áirithiú go mbeidh cosaint agus ullmhacht leordhóthanach ag saoránaigh an Aontais, agus chun feidhmeanna ríthábhachtacha na sochaí a chaomhnú i ngach imthoisc. Chuige sin, tá gá le meon nua ullmhachta. Tá sé criticiúil feasacht a mhúscailt agus na páirtithe leasmhara uile, lena n‑áirítear saoránaigh, a chumhachtú chun aire a thabhairt dá n‑ullmhacht aonair agus chomhchoiteann.
Chun Eoraip níos ullmhaithe a bhaint amach, tá gá le comhordú níos láidre i measc na mBallstát, agus i measc páirtithe leasmhara eile agus comhpháirtithe idirnáisiúnta eile, go háirithe comhpháirtithe um méadú agus comhpháirtithe comharsanachta, a bhfuil a n‑ullmhacht agus a n‑athléimneacht criticiúil dár slándáil féin. Tá tionchar ríthábhachtach le himirt ag earnáil taighde agus nuálaíochta an Aontais, rud a fhágfaidh gur féidir freagairtí atá oiriúnaithe, barrfheabhsaithe agus úrscothach a thabhairt ar ghéarchéimeanna ar bhonn leanúnach. Ba cheart don earnáil taighde agus nuálaíochta infheistíocht a dhéanamh i múscailt feasachta agus in athléimneacht in aghaidh rioscaí slándála agus bagairtí hibrideacha, agus í ag obair i gcomhar ar an leibhéal idirnáisiúnta freisin.
An chaoi a dtógfaimid Aontas Ullmhachta
Chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh atá ann cheana i ngníomhaíocht an Aontais agus chun bogadh i dtreo fíor‑Aontas Ullmhachta, cuirtear leis na prionsabail seo a leanas leis an Straitéis:
=Cur chuige uile‑ghuaise comhtháite, lena gcumhdaítear réimse iomlán na rioscaí agus na mbagairtí nádúrtha agus na rioscaí agus na mbagairtí arb é an duine is cúis leo, agus lena dtugtar le chéile na huirlisí uile atá ar fáil.
=Le cur chuige uile‑rialtais, lena dtugtar le chéile na gníomhaithe ábhartha uile, ar gach leibhéal rialtais (áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus AE), déantar comhar, comhleanúnachas beartas agus comhroinnt acmhainní a chur chun cinn. Is é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar bhealach cuimsitheach ar rioscaí agus bagairtí méadaithe, ar a n‑idirghníomhaíocht, agus ar a n‑éifeachtaí cascáideacha. Áirítear leis sin comhar éifeachtach idir na húdaráis shibhialtacha agus chosanta, agus comhtháthú comhleanúnach na ngnéithe inmheánacha agus seachtracha.
=Cur chuige uile‑shochaí, lena gcothaítear cultúr cuimsitheach ullmhachta agus athléimneachta ina mbeidh saoránaigh, pobail áitiúla agus an tsochaí shibhialta, gnólachtaí agus comhpháirtithe sóisialta chomh maidir leis na pobail eolaíocha agus acadúla rannpháirteach.
Níl ullmhacht láidir saor in aisce. Bíonn costais i gceist le hinfheistíochtaí san ullmhacht, ach is mó na gnóthachain fhadtéarmacha maidir le hathléimneacht, suaitheadh laghdaithe, caiteachas téarnaimh níos ísle, agus iomaíochas fadtéarmach ná na costais sin. Ní mór maoiniú ar leibhéal an Aontais a bheith solúbtha, ní mór a bheith in ann cur leis, agus ní mór é a bheith spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar gach guais, ionas go mbeidh an tAontas in ann gníomhú go tráthúil agus i ndlúthpháirtíocht le linn gach céime de ghéarchéim, agus freagrachtaí an Aontais agus na mBallstát faoi seach á n‑urramú go hiomlán. I ndáil leis sin, trí bhreithnithe ullmhachta agus athléimneachta a chur san áireamh i gcláir bhuiséadacha an Aontais ón tús, d’fhéadfaí cuidiú le leochaileachtaí agus neamhchosaint ar rioscaí a laghdú, rud a laghdódh costas na gníomhaíochta feabhais.
Chun Aontas Ullmhachta a thógáil i gcomhréir leis na prionsabail sin, cuireann an Straitéis leis na Spriocanna maidir le hAthléimneacht ó Thubaistí chun iad a réamh‑mheas, ullmhú dóibh, foláireamh a thabhairt ina leith, freagairt dóibh agus iad a dhaingniú. Moltar inti gníomhaíochtaí a bhaineann leis na seacht réimse seo a leanas:
·Fadbhreathnaitheacht agus réamhaíocht
·Athléimneacht feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha
·Ullmhacht an daonra
·Comhar poiblí príobháideach
·Comhar sibhialta‑míleata
·Comhordú freagartha i gcás géarchéime
·Athléimneacht trí chomhpháirtíochtaí seachtracha
Leagtar amach sa Straitéis 30 príomhghníomhaíocht lena dtugtar aghaidh ar chuspóir amháin nó níos mó faoi na réimsí thuasluaite agus tá plean gníomhaíochta ag gabháil léi (féach an Iarscríbhinn).
Is comhlánú í an Straitéis sin ar phríomhthionscnaimh eile de chuid an Aontais agus comhlánaítear an Straitéis leis na príomhthionscnaimh sin, go háirithe an Straitéis um an tSlándáil Inmheánach, an Páipéar Bán maidir le Todhchaí Chosaint na hEorpa 2030, an Plean Eorpach um Oiriúnú don Athrú Aeráide, an Gníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla, an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, an Comhshocrú Eorpach um na hAigéin, an Sciath Eorpach don Daonlathas, Aontas na Scileanna, agus Aontas an Chomhionannais.
1.Fadbhreathnaitheacht agus Réamhaíocht
Is den ríthábhacht é deifir a dhéanamh i ngéarchéimeanna tromchúiseacha, agus iad a réamh‑mheas go luath freisin. Tá an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach, an fheasacht staide, agus an luathrabhadh ríthábhachtach agus ní mór iad a neartú a thuilleadh. Is féidir tuilleadh ama a fháil trí rioscaí agus bagairtí a shainaithint agus is cuidiú é sin le géarchéimeanna a sheachaint nó é a dhéanamh níos éasca iad a bhainistiú agus a dtionchar a íoslaghdú. Is rud fíor‑riachtanach é measúnuithe riosca trasearnála a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, ar measúnuithe iad atá bunaithe ar chomhairle eolaíochta, agus a mbíonn tástálacha struis agus measúnuithe tráthrialta ar bhagairtí ag gabháil leo.
Ní mór a áireamh le cumais an Aontais córais luathrabhaidh atá idir‑inoibritheach, ó cheann go ceann, agus ilghuaiseach, a chothófar le sonraí tráthúla agus iontaofa chun cinnteoirí a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr faoi rioscaí agus faoi na héifeachtaí idirghaolmhara a d’fhéadfadh a bheith acu.
Le cur chuige uile‑ghuaise chun measúnuithe ar rioscaí agus ar bhagairtí a thabhairt le chéile, ní mór léargais inghníomhaithe a sholáthar don chinnteoireacht, lena gcumasófar gníomhaíocht mharthanach ón Aontas chun bagairtí a dhíspreagadh agus freagairt dóibh ar bhealach níos éifeachtaí. Ní mór measúnuithe riosca ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a ailíniú leis sin, agus sonraí agus anailís ó shaineolaithe a chomhtháthú i gcur chuige trasearnála agus trasteorann.
Ba cheart creat le haghaidh meastóireacht chórasach, tástálacha struis agus oiliúint a bheith ina bhunchloch faoi chultúr ina gcothaítear feabhas leanúnach. Ní mór tástálacha oiriúnachta tráthrialta a dhéanamh ar shásraí, uirlisí agus ionstraimí bainistithe géarchéime an Aontais chun an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) a n‑oiriúnacht agus a gcomhleanúnachas a áirithiú; (ii) a fhágáil gur féidir dea‑chleachtais, chomh maith le bearnaí agus iomarcaíochtaí, a shainaithint; agus (iii) cuidiú le sineirgí agus éifeachtúlacht a uasmhéadú.
Príomhghníomhaíochtaí
1)Measúnú cuimsitheach AE ar rioscaí agus ar bhagairtí a fhorbairt
Chun cur chuige lán‑chomhtháite a áirithiú, forbróidh an Coimisiún agus an tArdionadaí, le tacaíocht ó Ghníomhaireachtaí an Aontais, measúnú cuimsitheach (trasearnála, uile‑ghuaise) AE ar rioscaí agus ar bhagairtí. Comhtháthófar leis léargais ón iliomad réimsí beartais, lena n‑áirítear slándáil inmheánach agus sheachtrach, agus beidh sé bunaithe ar anailís eolaíoch, taighde agus nuálaíocht arna gcistiú ag an Aontas, córais luathrabhaidh fíor‑ama, faireachán satailíte agus sonraí geospásúla, amhail Seirbhís Bainistithe Práinne Copernicus, mar aon le measúnuithe agus léargais ghnó atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Leis an gcleachtadh sin, déanfar oibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú, agus seachnófar ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo agus, an tráth céanna, cuirfear feabhas ar an éifeachtúlacht. Maidir le ról na hAcmhainneachta Aonair Anailíse Faisnéise mar an pointe iontrála aonair d’fhaisnéis na mBallstát, is rud é sin a bheidh fíor‑riachtanach. Neartófar an Acmhainneacht Aonair Anailíse Faisnéise faoi dheireadh 2025 trí threisithe agus acmhainní breise, i gcomhréir leis an bPáipéar Comhpháirteach ón Ardionadaí agus ó na Ballstáit.
Cuirfear an measúnú sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcás inarb ábhartha.
2)‘Deais ghéarchéime’ a bhunú do chinnteoirí
Forbróidh an Coimisiún agus an tArdionadaí, i gcomhar leis na Ballstáit agus le tacaíocht ó Ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, ‘deais ghéarchéime’, lena dtabharfar le chéile córais mhear‑rabhaidh earnála agus lena gcuirfear feabhas ar chomhordú do chinnteoirí.
Leis an measúnú cuimsitheach AE sin ar rioscaí agus ar bhagairtí agus leis an ‘deais ghéarchéime’, cuirfear le hidirphlé Choláiste na gCoimisinéirí, go háirithe i bhformáid Coláiste Slándála, chun tuiscint níos doimhne a fháil ar thimpeallacht slándála agus straitéiseach na hEorpa agus chun treoir pholaitiúil a thabhairt do ghníomhaíocht an Choimisiúin maidir le hullmhacht agus athléimneacht.
3)An Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (LCPF) a neartú
Chun bheith níos réamhghníomhaí maidir le héigeandálaí agus géarchéimeanna a bhainistiú, is fearr a bheidh LCPF in ann an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) seisiúin faisnéise thráthrialta ó thaobh oibríochtaí de a chur ar fáil maidir le rioscaí trasearnála uile‑ghuaise; (ii) a n‑éifeachtaí cascáideacha a shainaithint agus anailís a dhéanamh orthu; agus (iii) cásanna a chruthú.
4)Catalóg AE um oiliúint agus ardán um cheachtanna foghlamtha a fhorbairt
Chun ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus freagairt i gcás géarchéime atá comhordaithe agus éifeachtach a áirithiú, forbróidh an Coimisiún agus an tArdionadaí catalóg de mhodhanna agus treoirlínte do na Ballstáit chun oiliúint ullmhachta a fheabhsú. Ina theannta sin, ceapfaidh siad plean cuimsitheach uile‑Aontais um oiliúint agus forbairt scileanna lena gcumhdófar slándáil, cosaint, agus bainistiú géarchéime, chun an saineolas is gá a thabhairt do ghairmithe, saorálaithe agus cinnteoirí ó earnáil agus ó Bhallstát go chéile. Cruthófar ardán malartaithe um ‘cheachtanna foghlamtha’ ar leibhéal an Aontais, lena gcomhtháthófar léargais ó ghéarchéimeanna agus ó chleachtaí roimhe seo in iarrachtaí freagartha amach anseo.
5)Seirbhís Rialtais an Aontais um Fhaire na Cruinne (SRFC) a bhunú
Forbróidh an tAontas Seirbhís Rialtais um Fhaire na Cruinne (SRFC) lena soláthrófar brath satailíte atá slán, iontaofa, tráthúil, leanúnach agus spriocdhírithe, lena dtreiseofar na cumais atá ann cheana agus atá beartaithe, agus lena gcuirfear leis an taithí fhada a bhaineann le Copernicus a úsáid chun tacú le bainistiú éigeandálaí agus slándáil.
2.Athléimneacht Feidhmeanna Sochaíocha Ríthábhachtacha
Is córais agus struchtúir bhunúsacha iad feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha a chuireann ar a cumas don tsochaí feidhmiú, agus ár sochaí, ár ngeilleagair, ár gcultúir agus ár n‑institiúidí daonlathacha á gcosaint an tráth céanna in aon imthoisc. Áirítear leis na feidhmeanna sin, thar aon ní eile, sábháilteacht dhaonra an Aontais, lena n‑áirítear cosaint ar thubaistí nádúrtha, leanúnachas agus cinnteoireacht rialtais, próisis dhaonlathacha, comhtháthú sóisialta agus cobhsaíocht eacnamaíoch, agus slándáil inmheánach agus sheachtrach. Is iad an bhunchloch faoi shochaí atá cobhsaí agus slán.
Le creat dlíthiúil an Aontais atá ann cheana
, cumhdaítear an chuid is mó de na réimsí (féach an graf thíos) lena n‑áirithítear feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha. Áirítear leis sin reachtaíocht thrasearnálach maidir le géarchéimeanna mar aon le pleananna teagmhasacha earnála agus reachtaíocht lena méadaítear athléimneacht ár sochaí amhail reachtaíocht maidir le slándáil bia, uisce óil, soláthar fuinnimh, teileachumarsáid agus iompar, bainistiú dramhaíola, córais cúraim sláinte, caighdeáin tógála, cosaint an dúlra, pleananna um thuilte, seirbhísí airgeadais, agus eile.
Chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha a choinneáil ar bun i ngach imthoisc, ní mór creat iomchuí a bheith i bhfeidhm: Ar an gcéad dul síos, ní mór uirlisí iomchuí a bheith ag an Aontas chun rialachas daonlathach agus próisis chinnteoireachta a chosaint, rud lena n‑áiritheofar maolú riosca éifeachtach agus freagairt i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais. Ar an dara dul síos, is rud fíor‑riachtanach don chobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais agus don athléimneacht í sláine an Mhargaidh Aonair, le tacaíocht ó shaorghluaiseacht daoine, earraí, caipitil agus seirbhísí, agus le beartais fhónta shóisialta, eacnamaíocha agus fhioscacha. Ar an tríú dul síos, ní mór don Aontas an comhshaol a chosaint, mar aon le réitigh dhúlrabhunaithe agus bainistiú acmhainní nádúrtha inbhuanaithe a chur chun cinn. Ar an gceathrú dul síos, chun uathriail straitéiseach a neartú agus leochaileachtaí a laghdú, ní mór don Aontas feabhas a chur ar chiorclaíocht, ar shlándáil fhadtéarmach an tslabhra soláthair, agus ar athléimneacht in aghaidh comhéigean seachtrach, rud lena n‑áiritheofar rochtain ar amhábhair, ar earraí bunriachtanacha, agus ar sholáthairtí criticiúla, agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as sócmhainní agus seirbhísí spáis agus infheistíocht á déanamh i dtaighde agus nuálaíocht an tráth céanna chun iomaíochas tionsclaíoch agus ceannaireacht theicneolaíoch a chothú.
Príomhghníomhaíochtaí
6)Ullmhacht trí dhearadh a leabú i mbeartais agus gníomhaíochtaí an Aontais
Déanfar breithnithe ullmhachta agus slándála a chomhtháthú agus a phríomhshruthú ar fud reachtaíocht, bheartais agus chláir an Aontais. Déanfar beartais, reachtaíocht agus cláir nua a ullmhú nó a athbhreithniú agus aird á tabhairt ar an ullmhacht agus ar an tslándáil, agus na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag an rogha beartais ab fhearr ar an ullmhacht agus ar an tslándáil á sainaithint go comhsheasmhach. Beidh oiliúint thráthrialta don lucht ceaptha beartas sa Choimisiún ina bonn taca faoi sin.
Tá beartais fhónta eacnamaíocha agus shóisialta a chomhordaítear faoin Seimeastar Eorpach ríthábhachtach don athléimneacht agus don ullmhacht. I gcás inarb ábhartha, déanfar measúnú i bpróiseas an tSeimeastair ar an dul chun cinn atá déanta maidir le hathchóirithe struchtúracha a chur chun feidhme atá ábhartha freisin don ullmhacht. Féadfar beartais eacnamaíocha agus shóisialta atá ríthábhachtach don ullmhacht a léiriú a thuilleadh sna Moltaí Tírshonracha agus, ar an gcaoi sin, tabharfar dreasacht do na Ballstáit na hathchóirithe sin a chur i gcrích agus a chur chun feidhme.
Tríd an ualach riaracháin gaolmhar a laghdú agus trí nósanna imeachta a chuíchóiriú, éascófar gníomhaíochtaí ullmhachta níos solúbtha agus níos éifeachtaí. Leagfaidh an Coimisiún amach na gníomhaíochtaí simpliúcháin is gá i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le Dlí AE maidir le hUllmhacht a thabhairt isteach agus ar a indéanta atá sé é sin a dhéanamh chun athléimneacht na bhfeidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha a neartú trí chaighdeáin chomhpháirteacha agus spriocanna fadtéarmacha intomhaiste a leagan síos.
7) Íoscheanglais ullmhachta a ghlacadh
Is é an tosaíocht is práinní creat dlíthiúil an Aontais a thrasuí agus a chur chun feidhme go práinneach agus go hiomlán, go háirithe an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil agus an Treoir maidir le Slándáil na gCóras Gréasáin agus Faisnéise, mar a mhíneofar é freisin sa Straitéis um an tSlándáil Inmheánach atá ar na bacáin. Ar bhonn chur chun feidhme na dTreoracha sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an bhféadfadh gá a bheith le bearta breise.
I gcomhthráth, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil leis na Ballstáit chun tuilleadh earnálacha agus seirbhísí a shainaithint nach gcumhdaítear leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair agus a bhféadfadh gá a bheith le gníomhú ina leith. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, cuirfidh an Coimisiún moltaí chun cinn maidir le híoscheanglais ullmhachta, lena n‑áirítear sásra faireacháin. Beidh an sásra sin ailínithe leis na Spriocanna maidir le hAthléimneacht ó Thubaistí agus beidh sé comhlántach le ceanglais bhonnlíne Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) maidir le hathléimneacht.
Déanfaidh institiúidí an Aontais gníomhaíochtaí chun a n‑ullmhacht inmheánach féin a fheabhsú, go háirithe trí chumarsáid shlán idir institiúidí an Aontais agus na Ballstáit a uasghrádú.
8)Athbhreithniú a dhéanamh ar Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chreat reachtach SACS chun tuilleadh feabhais a chur ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht le linn éigeandálaí agus géarchéimeanna ardtionchair ar ina leith a theastaíonn freagair láidir agus comhordú ar leibhéal an Aontais.
9)Straitéis Stoc‑charntha de chuid an Aontais a mholadh
Molfaidh an Coimisiún straitéis stoc‑charntha uile‑Aontais lena gcomhtháthófar na hiarrachtaí stoc‑charntha earnála uile atá ann cheana. Neartófar léi an rochtain ar acmhainní criticiúla ar fud an Aontais, mar shampla acmhainní maidir leis bhfreagairt i gcás éigeandála agus tubaistí, frithbhearta leighis, amhábhair chriticiúla, trealamh fuinnimh, dídean, agus táirgí agraibhia agus uisce, b’fhéidir. Tá sé i gceist aici cúlchistí láraithe ar leibhéal an Aontais a chomhcheangal le ranníocaíochtaí ó na Ballstáit, le tacaíocht ó chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí chun éifeachtúlacht, inscálaitheacht agus costéifeachtacht a áirithiú.
Cuirfidh an Coimisiún Straitéis i láthair freisin chun tacú le frithbhearta leighis in aghaidh bagairtí ar an tsláinte phoiblí chun slándáil sláinte an Aontais a neartú, iomaíochas an Aontais a dhaingniú, agus an pobal a chosaint ar bhagairtí sláinte trasteorann, lena n‑áirítear bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha (CBRN). Chomhlánófaí é sin le bearta maidir le stoic theagmhasacha faoin nGníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla a moladh le déanaí.
10)Plean um Oiriúnú don Athrú Aeráide a mholadh
Cuirfidh an Coimisiún Plean Eorpach um Oiriúnú don Athrú Aeráide i láthair chun tacú leis na Ballstáit ullmhú do rioscaí aeráide agus athléimneacht an Aontais a neartú. Ach cur leis an Measúnú Eorpach ar Riosca Aeráide, déanfar ‘ullmhacht trí dhearadh’ a leabú sa Phlean ar feadh bheartais agus infheistíochtaí earnála ábhartha an Aontais agus neartófar bainistiú réamhghníomhach riosca aeráide, comhshaoil agus uisce ar fud an Aontais. Tacóidh sé le daoine, le gnólachtaí agus le lucht ceaptha beartas trí chásanna tagartha aeráide coiteanna a úsáid.
11)Soláthar uisce agus acmhainní nádúrtha criticiúla eile a áirithiú
Tá uisce, ithir agus acmhainní nádúrtha eile ríthábhachtach nach amháin don soláthar bia, ach do dhea‑fheidhmiú ár ngeilleagair freisin. De réir an Bhainc Ceannais Eorpaigh, deonaítear beagnach 75 % d’iasachtaí bainc do chuideachtaí sa limistéar euro do chuideachtaí atá ag brath go mór ar sheirbhísí éiceachórais amháin ar a laghad, go háirithe ar uisce. Molfaidh an Coimisiún straitéis Eorpach maidir le hathléimneacht i réimse an uisce ina leagfar amach bealach i dtreo na slándála agus na hathléimneachta i réimse an uisce trí infhaighteacht uisce ghlain a áirithiú agus tríd an Aontas a chosaint, ar bhealach níos fearr, ar rioscaí a bhaineann le huisce. Cuirfear chun cinn inti freisin réitigh dhúlrabhunaithe chun feabhas a chur ar an ullmhacht agus ar an athléimneacht, lena n‑áirítear an ullmhacht agus an athléimneacht in aghaidh tubaistí nádúrtha. Mar chuid de straitéis bhithgheilleagair de chuid an Aontais agus de Ghníomh um an nGeilleagar Ciorclach, déanfaidh an Coimisiún beart chun ábhair chiorclacha agus bhithbhunaithe inár slabhraí luacha a mhéadú chun feabhas a chur ar ár neamhspleáchas ar allmhairí amhábhar criticiúil.
3.Ullmhacht an Daonra
Is freagracht chomhchoiteann í an ullmhacht. Tá ról ríthábhachtach ag údaráis phoiblí, ag na meáin, ag institiúidí oideachais, oiliúna agus cultúrtha, ag eagraíochtaí óige agus sochaí sibhialta, ag comhpháirtithe sóisialta, ag gnólachtaí, ag líonraí agus pobail áitiúla, agus ag saoránaigh ó aois óg. Léirítear i suirbhéanna Eorabharaiméadair a rinneadh le déanaí nár mhothaigh beagnach leath de mhuintir na hEorpa (49 %) in 2024 go raibh siad ar an eolas faoi rioscaí tubaiste a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dóibh, agus léirítear freisin go bhfuil tuilleadh faisnéise de dhíth ar 65 % díobh chun ullmhú do thubaistí nó d’éigeandálaí.
Tá feasacht ar rioscaí agus bagairtí ríthábhachtach chun a áirithiú go mbeidh saoránaigh agus pobail an Aontais ina rannpháirtithe gníomhacha in iarrachtaí um ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus um fhreagairt i gcás géarchéime. Is toisc riosca é an neamhionannas maidir le hullmhacht. Bíonn tionchar díréireach ag géarchéimeanna ar mhná agus ar ghrúpaí ar leochaileach a gcás, amhail leanaí, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas, iad siúd atá thíos le hidirdhealú, bochtaineacht agus/nó eisiamh sóisialta, rud a chuireann go minic le míbhuntáistí agus neamhionannais a bhí ann cheana. Dá bhrí sin, ní mór breithnithe comhionannais a phríomhshruthú san ullmhacht, i gcomhréir le creat Aontas an Chomhionannais agus go háirithe leis an Treochlár um Chearta na mBan. Tá an bhréagaisnéis agus ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis thar a bheith díobhálach toisc go ndéanann siad dochar do mhuinín an phobail agus gur féidir leo tionchar géarchéimeanna a ghéarú. Ar an gcaoi chéanna, déanann an easpa faisnéise inrochtana ullmhacht na sochaí a chreimeadh.
Tá gá le haistriú paraidíme chun meon a chruthú lena gcothófar cultúr na hullmhachta agus na hathléimneachta.
Cultúr ullmhachta cuimsithí agus athléimneachta sochaí idirghlúine a chothú
Ní mór na codanna uile den tsochaí a chuimsiú leis an ullmhacht. Ba cheart tacú le tógáil pobail agus le hobair dheonach. Ba cheart a áirithiú le seirbhísí sóisialta agus le cosaint shóisialta leordhóthanach nach bhfágfar aon duine ar lár san iarracht ullmhachta. Agus leas á bhaint as dea‑chleachtais, lena n‑áirítear dea‑chleachtais ó Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit féintuilleamaí agus athléimneacht shíceolaíoch a spreagadh, agus ullmhacht mhéadaithe don duine aonair, do theaghlaigh, agus ullmhacht mhéadaithe ó ghlúin go glúin a áirithiú.
Oibreoidh an Coimisiún i dtreo Sásra Eorpach um Chosaint Shibhialta, ag féachaint ar gach gné de bhainistiú géarchéime agus tubaistí chun tacú le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar fheasacht na sochaí agus chun infheistíocht a dhéanamh in oideachas riosca na saoránach.
Saoránaigh níos athléimní a chumhachtú
Ní mór saoránaigh agus pobail ar fud an Aontais a chumhachtú chun rochtain a fháil ar fhaisnéis ardcháilíochta iontaofa, chun na scileanna is gá a bheith acu chun meastóireacht a dhéanamh uirthi, chun páirt ghníomhach a ghlacadh chun géarchéimeanna a chosc, agus chun bheith ullmhaithe go leor chun freagairt dóibh. Tá ról lárnach ag scoileanna, múinteoirí, oibrithe óige agus oiliúnóirí maidir le litearthacht dhigiteach, litearthacht sna meáin agus smaointeoireacht chriticiúil a chothú, rannpháirtíocht saoránach a chur chun cinn, agus saoránacht dhaonlathach a theagasc, mar a chuirtear i dtábhacht in Aontas na Scileanna. Is féidir le comhpháirtithe sóisialta rannchuidiú go cinntitheach leis na hiarrachtaí ullmhachta sin, trí oibrithe a chur ar an eolas agus oiliúint a chur orthu, chomh maith le rudaí eile. Chun ionramháil eachtrach ar fhaisnéis agus bréagaisnéis a chomhrac ar bhealach níos córasaí, ba cheart leas iomlán a bhaint as bosca uirlisí an Aontais maidir le hionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis, as an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus as an Sciath Eorpach don Daonlathas atá ar na bacáin.
Feabhas a chur ar an rabhadh poiblí agus ar an gcumarsáid le linn géarchéime
An rabhadh poiblí ar fud an Aontais roimh ghéarchéim (cumarsáid faoi riosca) agus lena linn (cumarsáid le linn géarchéime), agus córais chumarsáide inrochtana chuimsitheacha le linn géarchéime, ní mór feabhas a chur orthu chun gach duine a chumhdach i ngach cás, gan beann ar aois, teanga, míchumas, stádas dlíthiúil, etc. A bhuí leis an taithí ar ghéarchéimeanna a tharla le déanaí, léirítear gur gá díriú ar phobail atá an‑leochaileach, orthu siúd atá thíos le hidirdhealú, bochtaineacht agus eisiamh sóisialta, ar dhaoine aonair as tíortha eile (idir thaistealaithe, oibrithe séasúracha agus imircigh), agus gur gá bréagaisnéis a chosc. D’fhéadfaí feidhmiúlacht rabhaidh phoiblí a fhorbairt laistigh de Thiachóg na Céannachta Digití ón Aontas le haghaidh fógraí éigeandála. Leis sin, bheadh bealach simplí fíordheimhnithe ag na rialtais cumarsáid dhíreach a dhéanamh le saoránaigh, chun rabhaidh agus foláirimh a thabhairt.
Príomhscileanna a chur ar fáil agus soghluaisteacht an lucht saothair a áirithiú le linn géarchéimeanna
Beartais éifeachtacha san oideachas agus san oiliúint a chuimsítear le haghaidh feidhmeanna criticiúla, mar a chuirtear i dtábhacht in Aontas na Scileanna, tá siad fíor‑riachtanach chun a áirithiú go mbeidh na hinniúlachtaí cuí ag oibrithe agus gur féidir iad a shlógadh ar fud an Aontais le linn éigeandálaí.
Oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta chun an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) infhaighteacht agus soghluaisteacht pearsanra oilte a áirithiú le linn éigeandálaí, trí chreataí a tharraingt suas chun oibrithe agus saorálaithe a imlonnú go mear ar fud an Aontais; agus (ii) mealltacht conairí gairme a mhéadú i réimsí na cosanta sibhialta, na seirbhísí éigeandála, lena n‑áirítear cúram sláinte, agus na slándála.
Príomhghníomhaíochtaí
12) Feabhas a chur ar chórais luathrabhaidh
Forbróidh an Coimisiún treoirlínte i gcomhar leis na Ballstáit chun tacú lena gcumarsáid maidir le rioscaí agus cásanna éagsúla roimh ghéarchéim agus lena linn, mar chuid den tionscnamh ‘PreparEU’. Le Seirbhís Bainistithe Práinne Copernicus agus Seirbhís Satailíte Rabhaidh Éigeandála Galileo atá ar na bacáin, beidh na húdaráis náisiúnta um chosaint shibhialta in ann rochtain thráthúil a bheith acu ar fhaisnéis luathrabhaidh spásbhunaithe chun teachtaireachtaí foláirimh a scaipeadh go díreach ar an bpobal.
13)Feasacht a mhéadú maidir le rioscaí agus bagairtí
Molfaidh an Coimisiún Lá Ullmhachta bliantúil an Aontais chun aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí na n‑údarás agus na bpobal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil feabhas a chur ar ullmhacht agus feasacht a mhúscailt maidir le riachtanais ullmhachta sa phobal. Comhlánófar é sin le gníomhaíochtaí cumarsáide eile amhail treoirlínte maidir le conas cumarsáid a dhéanamh faoi na rioscaí agus na cásanna éagsúla, lena n‑áirítear riachtanais na bpobal leochaileach, a fhorbrófar i gcomhar leis na Ballstáit. Cláir múscailte feasachta, amhail na painéil saoránach, tairseach EUvsDisinfo, feachtais ar líne, agus sraith straitéisí maidir le cumarsáid straitéiseach agus ionramháil ar fhaisnéis a chomhrac, beidh siad sin ríthábhachtach freisin.
14)Treoirlínte a fhorbairt chun neamhthuilleamaíocht daonra 72 uair an chloig ar a laghad a bhaint amach
I gcás cineálacha tromchúiseacha cur isteach, is í an tréimhse tosaigh an tréimhse is criticiúla. Molfaidh an Coimisiún treoirlínte do na Ballstáit chun neamhthuilleamaíocht daonra 72 uair an chloig ar a laghad a bhaint amach. Mar chuid den tionscnamh ‘PreparEU’, cumhdófar leis na treoirlínte sin stóráil soláthairtí fíor‑riachtanacha, pleanáil géarchéime, infhaighteacht dídine, bearta chun infhaighteacht talún agus spáis criticiúil a áirithiú, agus bearta eile chun daoine, ainmhithe agus maoin a chosaint i gcás géarchéime agus beidh feachtais agus gníomhaíochtaí spriocdhírithe ag gabháil leo. Ar ardán nua ar líne de chuid an Aontais, soláthrófar faisnéis shaincheaptha inrochtana do shaoránaigh agus do thaistealaithe maidir leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith rompu agus maidir le céimeanna praiticiúla chun na rioscaí sin a mhaolú.
15)Ullmhacht a chuimsiú i gcuraclaim oideachais na scoileanna agus oiliúint a chur ar bhaill foirne oideachais
I gcomhréir le hAontas na Scileanna, forbróidh an Coimisiún treoirlínte maidir le forbairt curaclaim, ag tosú le hoideachas luath‑óige, chun tacú le sealbhú bunscileanna maidir le hullmhacht, lena n‑áirítear litearthacht sna meáin, mar eochair do shaoránacht ghníomhach agus eolasach agus chun bréagaisnéis agus ionramháil ar fhaisnéis a chomhrac. Beidh rochtain ag múinteoirí ar acmhainní agus ar dheiseanna forbartha gairmiúla ar an Ardán Eorpach um Oideachas Scoile.
16)Ullmhacht a chur chun cinn i gcláir óige
Cruthófar tosaíocht ullmhachta nua i gcláir óige an Aontais, amhail an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus Erasmus+, chun ullmhacht, athléimneacht, rannpháirtíocht sa saol daonlathach agus rannpháirtíocht shibhialta a chur chun cinn. Beidh sé sin bunaithe ar chur chuige ón mbun aníos, lena spreagfar eagraíochtaí agus institiúidí (ollscoileanna, scoileanna, eagraíochtaí gairmoideachais agus gairmoiliúna, ionaid oideachais aosaigh, eagraíochtaí óige agus spóirt, etc.) chun iarratas a dhéanamh ar chistiú.
17)Tallann a mhealladh chun ullmhacht an Aontais a dhaingniú
Deis is ea é an tallann taighde is fearr a mhealladh chun na hEorpa, ach is riachtanas é freisin chun athléimneacht agus ullmhacht fhadtéarmach an Aontais a áirithiú. Sa chomhthéacs sin, féachfaidh an tAontas go práinneach ar bhearta nithiúla chun taighdeoirí a mhealladh.
Éascóidh Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh earcaíocht cuardaitheoirí poist ó lasmuigh den Aontas, rud a d’fhéadfadh é a dhéanamh níos éasca d’oibrithe oilte in earnálacha criticiúla a bhaineann le hullmhacht, i gcás ganntanas, iarratas a dhéanamh ar phoist san Aontas. D’fhéadfaí Comhpháirtíochtaí Tallainne a úsáid freisin chun díriú ar oibrithe oilte in earnálacha criticiúla a bhaineann le hullmhacht, agus infheistíocht á déanamh freisin i scileanna gaolmhara sna tíortha comhpháirtíochta.
4.Comhar Poiblí Príobháideach
Is colún criticiúil d’ullmhacht an Aontais é an comhar poiblí príobháideach, lena n‑áirithítear go n‑úsáidtear acmhainní, saineolas agus nuálaíocht ó gach earnáil go héifeachtach agus go héifeachtúil. Tá ról lárnach ag an bhfeirmeoireacht agus ag an iascaireacht, ag earnáil na tionsclaíochta agus ag gnólachtaí maidir le feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha agus seirbhísí riachtanacha a choinneáil ar bun. An tráth céanna, tá an earnáil phríobháideach níos neamhchosanta ná a bhí riamh ar rioscaí aeráide agus comhshaoil agus ar na costais mhéadaitheacha a bhaineann leo (e.g., costais árachais, caillteanais sócmhainní agus damáiste eacnamaíoch mar gheall ar theagmhais adhaimsire) agus ar bhagairtí slándála amhail cur isteach ar shlabhraí soláthair agus cibirionsaithe. Trí chomhar poiblí príobháideach a chothú, is fearr is féidir leis an Aontas rioscaí a réamh‑mheas, soláthairtí fíor‑riachtanacha a fháil agus a neamhspleáchas straitéiseach a chosaint.
Dlús a chur le rannpháirtíocht struchtúrtha phoiblí phríobháideach maidir le hullmhacht
Ba cheart don Aontas, d’údaráis phoiblí agus d’earnáil na tionsclaíochta sásraí a dhaingniú le haghaidh an mhéid seo a leanas: (i) comhroinnt faisnéise spriocdhírithe dhá threo; (ii) rannpháirtíocht i dtionscnaimh fadbhreathnaitheachta straitéisí nó i dtionscnaimh réamhbheartaitheacha; (iii) oiliúint chomhpháirteach; agus (iv) freagairt chomhordaithe do ghéarchéimeanna. Agus an tAontas ag cur leis na socruithe atá ann cheana, ba cheart dó comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha a dhaingniú chun soláthairtí agus seirbhísí criticiúla a fháil trí stoc‑chairn straitéiseacha, soláthar comhpháirteach, creatchonarthaí, éagsúlú foinsí agus réitigh chiorclacha, rud a dhéanfadh rioscaí ó chineálacha cur isteach agus suaitheadh sa mhargadh domhanda á laghdú. Ina theannta sin, ní mór réitigh phoiblí agus phríobháideacha a chruthú chun dul i ngleic leis an dúshlán méadaitheach a bhaineann le tubaistí nádúrtha a árachú san Aontas. Meastar go dtiocfaidh tuilleadh méadaithe ar an mbearna cosanta árachais mar gheall ar an riosca méadaitheach a bhaineann leis an athrú aeráide. Féachfaidh an Coimisiún ar réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann chun an bhearna cosanta árachais sin a laghdú, trí obair leantach a dhéanamh, más gá, ar na tograí ón mBanc Ceannais Eorpach agus ón Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde.
Le cláir infheistíochta agus fothaithe acmhainneachta an Aontais atá ann cheana, ba cheart breithnithe ullmhachta a leabú sa tacaíocht a thugann na cláir sin do ghnólachtaí agus do na Ballstáit, agus rud a dhéanfadh bearta beartais a chomhlánú chun ullmhacht trí dhearadh a fhréamhú i gcinntí eacnamaíocha
I gcomhréir le hAontas na Scileanna, ní mór don Aontas comhar a chur chun cinn idir eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha in earnálacha straitéiseacha amhail an chibearshlándáil chun a áirithiú go ndéanfar riachtanais an lucht saothair agus an tairiscint oideachais a ailíniú.
Príomhghníomhaíochtaí
18)Tascfhórsa um Ullmhacht phoiblí phríobháideach a bhunú
Cruthóidh an Coimisiún Tascfhórsa um Ullmhacht ag tarraingt ar an bhFóram Tionsclaíoch, ar an Líonra Fiontar Eorpach, ar líonra na mbraislí Eorpacha agus ar struchtúir eile atá ann cheana. Baileoidh sé príomhpháirtithe leasmhara ó údaráis phoiblí, ó earnáil na tionsclaíochta, ón earnáil gnó, ó sheirbhísí airgeadais, ón bpobal eolaíochta, ó chomhpháirtithe sóisialta agus ón tsochaí shibhialta. Tá sé d’aidhm ag an Tascfhórsa (i) comhoibriú maidir le bainistiú leanúnachais feidhmeanna ríthábhachtacha agus seirbhísí fíor‑riachtanacha a neartú; (ii) faisnéis a mhalartú maidir le leochaileachtaí agus cineálacha cur isteach sa slabhra soláthair; (iii) treoir, creataí agus dreasachtaí a sholáthar chun cuidiú le heintitis phríobháideacha íoscheanglais ullmhachta a áirithiú; (iv) gníomhaíochtaí maolaithe a chomhordú ar fud na n‑earnálacha criticiúla ina soláthraítear seirbhísí fíor‑riachtanacha lena n‑áirithítear na feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha, agus (v) tacú le hiarrachtaí cumarsáide le linn géarchéime.
19)Prótacail éigeandála phoiblí phríobháideacha a fhorbairt
Déanfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit, athbhreithniú ar na creataí ábhartha reachtacha agus oibríochtúla chun a áirithiú go mbeidh solúbthacht éigeandála spriocdhírithe ann, idir sholúbthacht dhlíthiúil agus sholúbthacht airgeadais, lena n‑áirítear rialacha soláthair phoiblí i gcás inar gá. Cuimseofar leis sin eisceachtaí a bhfuil údar cuí leo agus atá faoi cheangal ama chun a áirithiú go mbeidh ábhair, earraí agus seirbhísí criticiúla ar fáil go tapa agus chun línte táirgthe criticiúla a dhaingniú. Trí phrótacail éigeandála agus mar chuid den Tascfhórsa um Ullmhacht Phoiblí Phríobháideach, forbróidh an Coimisiún agus na Ballstáit creat rannpháirtíochta comhordaithe ullmhachta le haghaidh gníomhaithe ríthábhachtacha san earnáil phríobháideach.
20)Athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat soláthair phoiblí
Déanfaidh an Coimisiún togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat Soláthair Phoiblí chun cur leis an gcreat atá ann faoi láthair agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh le linn géarchéimeanna roimhe seo, lena n‑áirítear an taithí a fuarthas ó COVID‑19. Beidh sé d’aidhm ag an athbhreithniú ullmhacht a neartú, is é sin trí shlándáil an tsoláthair feadh príomhshlabhraí luacha a threisiú, go háirithe le linn géarchéimeanna. Tá forálacha sonracha maidir le staid éigeandála i bhfeidhm cheana féin; mar shampla, is féidir le húdaráis chonarthacha spriocdhátaí a laghdú chun dlús a chur le nósanna imeachta.
21)Lárionad Eorpach um Saineolas maidir le Slándáil Taighde
Tá Taighde agus Nuálaíocht (T&N) an‑leochaileach i leith cur isteach eachtrach, rioscaí slándála agus bagairtí hibrideacha. I gcomhréir leis an moladh ón gComhairle maidir le slándáil taighde a fheabhsú, bunóidh an Coimisiún Lárionad Eorpach Saineolais maidir le Slándáil Taighde ina mbaileofar fianaise agus ina dtabharfar tacaíocht do na Ballstáit agus do ghníomhaithe T&F.
5.Comhar míleata sibhialta
Ní mór dúinn ullmhú do theagmhais agus géarchéimeanna mórscála trasearnála, lena n‑áirítear an fhéidearthacht go ndéanfaí ionsaí armtha, a dhéanfadh difear do Bhallstát amháin nó níos mó. I bhformhór na gcásanna géarchéime, is ar na húdaráis shibhialtacha náisiúnta a bhíonn an phríomhfhreagracht. I líon méadaitheach cásanna (e.g. éigeandálaí sláinte, teagmhais adhaimsire, ionsaithe hibrideacha agus cibirionsaithe), tá tacaíocht mhíleata de dhíth ar údaráis shibhialtacha. I gcás ionsaí armtha, bheadh tacaíocht shibhialta ag teastáil ó na fórsaí armtha chun oibriú leanúnach an stáit agus na sochaí a áirithiú. Dá bhrí sin, ní mór dúinn feabhas a chur ar an idirghníomhaíocht idir gníomhaithe sibhialta agus míleata, gan amhras a chaitheamh ar a n‑inniúlachtaí faoi seach agus i gcomhar iomlán leis na Ballstáit. Ina theannta sin, is minic a bhíonn freachnaimh mhórscála ilroinnte agus tearcúsáidte, agus is minic nach mbíonn na páirtithe leasmhara ábhartha sibhialta agus míleata uile rannpháirteach go comhsheasmhach iontu.
Díspreagadh straitéiseach agus marthanach a fhorbairt
Chun teagmhais slándála agus géarchéimeanna a chosc, a dhíspreagadh agus freagairt dóibh ar bhealach níos éifeachtaí, agus chun gníomhaithe mailíseacha a dhíspreagadh, ní mór don Aontas leas a bhaint as raon iomlán a chuid uirlisí, lena n‑áirítear: (i) cibearthaidhleoireacht; (ii) an bosca uirlisí maidir le hionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis; (iii) boscaí uirlisí hibrideacha agus (iv) ailtireacht an tsásra maidir le freagairt do bhagairtí spáis; chomh maith le (v) cumais chosanta atá ar fáil do na pobail shibhialtacha agus mhíleata, lena n‑áirítear, nuair is iomchuí, bearta cosanta réamhghníomhacha, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.
Forbróidh an tArdionadaí agus an Coimisiún straitéisí chun gníomhaithe sonracha bagartha a chosc, a dhíspreagadh agus chun freagairt dóibh, ar gníomhaithe iad a dhíríonn ar an Aontas trí ghníomhaíochtaí hibrideacha, cibirghníomhaíochtaí agus gníomhaíochtaí maidir le hionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis. Tá gá le dlúthchomhar le ECAT agus le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn chun an tionchar a mhéadú agus chun gníomhaithe bagartha a dhíspreagadh.
Idir‑inoibritheacht mhíleata shibhialta níos dlúithe a áirithiú
Déanfaidh an tAontas na clásail maidir le Cúnamh Frithpháirteach (Airteagal 42(7) CAE) agus Dlúthpháirtíocht (Airteagal 222 CFAE) a oibríochtú a thuilleadh agus neartóidh sé an comhar idir an tAontas agus ECAT, i gcás ina ndéanfar Airteagal 5 de Chonradh an Atlantaigh Thuaidh a ghníomhachtú, mar shampla. Ina theannta sin, chun gníomhú go comhpháirteach de mheon dlúthpháirtíochta, dá bhforáiltear in Airteagal 222 CFAE, ní mór don Aontas a bheith in ann leas a bhaint as na modhanna agus na sócmhainní uile atá ar fáil chun tacú leis na Ballstáit. D’fhéadfaí a áireamh leis sin acmhainní míleata a chuireann na Ballstáit ar fáil go coitianta.
Dé‑úsáid trí dhearadh a chur chun cinn
Ní mór don Aontas breithnithe dé‑úsáide a chomhtháthú ina infheistíochtaí bonneagair uile agus ina phleanáil uile maidir le cumas (i gcás ina gciallaíonn ‘dé‑úsáid’ gur féidir le comhlachtaí míleata agus sibhialta araon úsáid a bhaint aisti), amhail soghluaisteacht mhíleata, ollaslonnuithe, cumarsáid agus nascacht shlán, slándáil mhuirí, cibearchumais, agus sócmhainní agus seirbhísí spáis. Agus an tAontas ag cur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh cheana ag an gCoimisiún agus ag an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC), ba cheart dó leanúint de bhonneagar dé‑úsáide, córais chumarsáide, sócmhainní iompair, trealamh, stoc‑chairn, frithbhearta leighis, soláthar fuinnimh, agus teicneolaíochtaí a thacaíonn le riachtanais shibhialta agus mhíleata araon a chur chun cinn.
Príomhghníomhaíochtaí
22)Socruithe cuimsitheacha maidir le hullmhachta mhíleata shibhialta a bhunú
Forbróidh an Coimisiún agus an tArdionadaí socruithe maidir le hullmhacht mhíleata shibhialta, ar socruithe iad lena soiléireofar róil, freagrachtaí agus tosaíochtaí institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais agus na mBallstát chun ullmhú do theagmhais agus do ghéarchéimeanna agus chun freagairt dóibh. Comhlánófar é sin le nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha chun comhordú idir eintitis an Aontais agus na Ballstáit a threisiú. Cuirfidh sé leis na tionscadail faoin mBuanchomhar Struchtúrtha, faoin bPáipéar Bán maidir le Todhchaí Chosaint na hEorpa 2030, agus faoin anailís atá ann cheana ar bhearnaí athléimneachta agus acmhainneachta freagartha faoi SACS agus faoin gCatalóg den Dul Chun Cinn maidir leis na Príomhspriocanna míleata. Cuirfidh obair an Choimisiúin i dtreo Sásra Eorpach um Chosaint Shibhialta leis na socruithe sin freisin.
Déanfaidh an tAontas an comhar oibríochtúil ar leibhéal na foirne le ECAT a threisiú a thuilleadh i ngach comhthéacs géarchéime, ó fheachtais hibrideacha go hionsaí armtha.
23)Caighdeáin a fhorbairt le haghaidh pleanáil agus infheistíocht dé‑úsáide mhíleata shibhialta
Sainaithneoidh an Coimisiún agus an tArdionadaí, i gcomhar leis na Ballstáit, bonneagar agus sócmhainní dé‑úsáide ar fud na mBallstát chun a áirithiú go dtacóidh infheistíochtaí le hathléimneacht shibhialtach, le slándáil shochaíoch agus le riachtanais mhíleata ar bhealach comhlántach, rud a chuirfidh le riachtanais mhíleata. Ina theannta sin, saineoidh an Coimisiún caighdeáin maidir le gníomhaíochtaí dé‑úsáide a gcuirtear riachtanais shibhialta agus mhíleata araon san áireamh iontu ag céim a ndeartha agus a bpleanála. Áiritheoidh an Coimisiún agus an tArdionadaí go ndéanfaidh na Ballstáit, agus bonneagar á thógáil nó á uasghrádú acu ar an ngréasán tras‑Eorpach iompair, breithniú ar an ngá, ar an ábharthacht agus ar an indéantacht a bhaineann le dul níos faide ná na caighdeáin iompair shibhialta chun freastal ar mheáchan, ar mhéid nó ar scála iompair mhíleata trúpaí agus ábhair i gcomhréir le ceanglais mhíleata ECAT. Tabharfar aird ar na ceanglais shonracha agus ar na himpleachtaí sonracha faoin dlí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear an dlí daonnúil idirnáisiúnta.
Féachfaidh an tAontas le caighdeáin theicniúla a fhorbairt agus a chur chun cinn, agus caighdeáin ECAT atá ann cheana á gcur san áireamh i gcás inarb infheidhme, maidir le bonneagar, sócmhainní agus táirgí a bhfuil acmhainneacht dé‑úsáide acu a dhearadh.
24)Freachnaimh thráthrialta AE a eagrú chun ullmhacht chuimsitheach a chur chun cinn
Eagróidh an Coimisiún agus an tArdionadaí freachnaimh ullmhachta thráthrialta, chuimsitheacha agus trasearnála ar fud an Aontais. Is é is cuspóir do na freachnaimh sin cinnteoireacht, comhordú agus freagairtí oibríochtúla laistigh den Aontas agus ar fud na n‑earnálacha a thástáil, lena n‑áirítear an méid sin a thástáil faoi shainchúram Airteagal 42(7) CAE agus Airteagal 222 CFAE. Tabharfaidh na freachnaimh deis do na Ballstáit a bhfreachnaimh náisiúnta a chomhlánú freisin, rud a chothóidh comhar trasteorann agus a dhéanfaidh iarrachtaí a ailíniú. Eagrófar malartuithe cásbhunaithe sonracha sa Choimisiún agus sa Chomhairle, chun na nósanna imeachta cinnteoireachta le haghaidh géarchéimeanna casta agus móra a thástáil agus feabhas a chur orthu, agus chun leochaileachtaí struchtúracha a shainaithint. I gcás inarb ábhartha, beidh an earnáil phríobháideach agus comhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais páirteach sna freachnaimh.
6.Freagairt do ghéarchéimeanna
Tá sé ríthábhachtach freagairt ar ghéarchéimeanna a chomhordú go héifeachtach le linn éigeandálaí. Le 10 mbliana anuas, bunaíodh líon méadaitheach struchtúr agus ionstraimí de chuid an Aontais chun tacú leis na Ballstáit roimh ghéarchéim, le linn géarchéime agus i ndiaidh géarchéime.
Sa Choimisiún, tá ról lárnach ag LCPF cheana féin le linn géarchéimeanna, tubaistí nádúrtha agus tubaistí arb é an duine is cúis leo. Sna cásanna sin, tacaíonn sé le hinstitiúidí an Aontais agus leis na Ballstáit den Aontas araon. Áirithíonn LCPF acmhainn oibríochtúil 24/7 SACS, maidir le hullmhacht agus freagairt araon, agus freastalaíonn sé ar na Ballstáit agus ar an Aontas nuair a dhéantar na socruithe comhtháite maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna a ghníomhachtú, nó nuair a dhéantar an Clásal Dlúthpháirtíochta a agairt.
In SEGS, áirithíonn sásraí éagsúla freagairt chomhordaithe thráthúil ón Aontas ar ghéarchéimeanna agus éigeandálaí seachtracha a mbíonn tionchar acu ar leasanna slándála an Aontais. Ar cheann de na sásraí sin tá an Lárionad Freagartha Géarchéime lena soláthraítear an dualgas cúraim maidir le slándáil fhoireann an Aontais, leanúnachas gnó na dToscaireachtaí le linn géarchéime, agus tacaíocht do na Ballstáit i gcás géarchéim chonsalach. Áirithítear leis comhleanúnachas agus comhordú maidir le bailiú faisnéise le haghaidh feasacht staide le linn géarchéime trí na seirbhísí ábhartha uile a thabhairt le chéile faoin Ardionadaí.
Sa Chomhairle, na socruithe comhtháite maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna, tacaíonn siad le cinnteoireacht chomhordaithe le haghaidh géarchéimeanna móra casta. Éascaíonn siad feasacht staide chomhroinnte i measc na mBallstát agus institiúidí an Aontais agus léiríodh iad a bheith solúbtha agus inscálaithe le blianta beaga anuas.
Tá an chuid is mó de na sásraí sin fréamhaithe in aon réimse beartais amháin cé go bhfuil géarchéimeanna ag éirí níos fite fuaite ina chéile. Mar thoradh air sin, is gá a áirithiú go ndéanfar comhordú níos fearr ar na sásraí agus ar na hionstraimí atá ann cheana.
Feabhas a chur ar chomhordú agus cumas na freagartha lárnaí agus trasearnála ar ghéarchéimeanna
Ní mór don Aontas a chomhordú i gcás géarchéime a dhaingniú, rud a chuirfidh leis na struchtúir atá ann cheana. Ní mór uasghrádú a dhéanamh ar shásraí comhordúcháin, amhail na socruithe comhtháite maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna, ar shásra comhordúcháin géarchéime inmheánach an Choimisiúin, is é sin an córas mear‑rabhaidh ginearálta, ar a LCPF agus ar Lárionad Freagartha Géarchéime SEGS chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn. Dá ndéanfaí na socruithe comhtháite maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna a bharrfheabhsú, chuirfí feabhas ar inniúlacht an Aontais agus na mBallstát an Clásal Dlúthpháirtíochta a oibríochtú (Airteagal 222 CFAE), ach dhéanfaí gníomhachtú an chlásail sin a shimpliú freisin.
Ní mór don Aontas leanúint dá chumais freagartha agus dá chúlchistí straitéiseacha géarchéime a neartú, lena n‑áirítear stoc‑chairn agus sócmhainní in‑imscartha, chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais chriticiúla agus chun mearfhreagairt a áirithiú, lena n‑áirítear mearfhreagairt ar ionsaithe hibrideacha. Áirítear leis sin bealaí cumarsáide slána, agus bunú an Chórais Cumarsáide Criticiúla Eorpaigh.
Leis an obair i dtreo Sásra Eorpach um Chosaint Shibhialta, ba cheart tuilleadh tacaíochta a thabhairt do neartú cumas freagartha trasearnála. Ní mór gníomhaíocht sheachtrach an Aontais a nascadh, ar bhealach níos éifeachtaí, le cumais inmheánacha freagartha ar ghéarchéimeanna.
Príomhghníomhaíochtaí
25)Mol comhordúcháin géarchéime de chuid an Aontais a bhunú
Cruthóidh an Coimisiún mol comhordúcháin géarchéime de chuid an Aontais, rud a chuirfidh le struchtúir agus saineolas LCPF. Leanfaidh LCPF dá fheidhmeanna cosanta sibhialta a chomhlíonadh, feidhmeanna a bheidh ríthábhachtach i gcónaí chun freagairt do ghéarchéimeanna. Is é is cuspóir dó leanúint de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus í a uas‑scálú a thuilleadh chun iarmhairtí trasearnála géarchéimeanna a bhainistiú, bunaithe ar phleanáil threisithe agus ar anailís agus feasacht staide níos cuimsithí.
Mol comhordúcháin géarchéime an Aontais laistigh de LCPF, beidh ról aige laistigh den Choimisiún agus maidir le tacú le comhchainteoirí sna Ballstáit, agus béim á leagan ar iarmhairtí géarchéimeanna ar fud na n‑earnálacha a réamh‑mheas agus a bhainistiú. Chun an ghníomhaíocht sheachtrach a nascadh ar bhealach níos éifeachtaí leis an bhfreagairt inmheánach ar ghéarchéimeanna, déanfar mol comhordúcháin géarchéime an Aontais a chomhordú go dlúth le SEGS, agus go háirithe leis an Lárionad Freagartha Géarchéime. Gan dochar do ról SEGS, leis an mol comhordúcháin géarchéime: (i) déanfar obair i dtreo comhthuiscint ar gach leibhéal géarchéime agus na himpleachtaí a bhíonn acu ar earnálacha éagsúla agus ar an daonra ar fad; (ii) éascófar obair ar fud na n‑earnálacha trí thacaíocht bainistithe géarchéime a chur ar fáil do na príomhsheirbhísí gan freagrachtaí earnála a thabhairt air féin; agus (iii) déanfar faireachán ar an bhfreagairt fhoriomlán ar ghéarchéimeanna agus áiritheofar an tráth céanna go dtabharfar aiseolas leanúnach don Chomhairle, lena n‑áirítear trí na socruithe comhtháite maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna.
26)Borradh a chur faoi rescEU – cúltaca acmhainneachtaí freagartha ar leibhéal an Aontais
Agus an Coimisiún ag cur leis an rath a bhí ar fhorbairt aerchomhraic dóiteáin agus acmhainneachtaí rescEU eile, áiritheoidh sé cothabháil agus uas‑scálú féideartha na gcumas atá aige cheana (aerchomhrac dóiteáin, leigheas, CBRN, foscadáin, iompar, fuinneamh). Cuirfidh sé bailchríoch freisin ar ospidéal machaire Eorpach a bhunú. In éineacht leis na Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar leathnú na gcúltacaí straitéiseacha sin chuig cineálacha eile acmhainneachtaí a sainaithnítear bearnaí ina leith (e.g. deisiú bonneagair chriticiúil, teileachumarsáid, etc.).
7.Athléimneacht trí chomhpháirtíochtaí seachtracha
Tá slándáil agus athléimneacht an Aontais agus na mBallstát níos fite fuaite le slándáil agus athléimneacht ár gcomhpháirtithe, go háirithe ár gcomhpháirtithe um méadú agus ár gcomhpháirtithe comharsanachta, a bhfuil réimse comhchosúil géarchéimeanna agus dúshlán domhanda rompu. Is minic iad faoi réir gníomhaíochtaí hibrideacha agus gníomhaíochtaí naimhdeacha eile, lena n‑áirítear comhéigean eacnamaíoch ó ghníomhaithe mailíseacha eachtracha atá ag iarraidh a leochaileachtaí agus a spleáchais a úsáid mar uirlis troda. Is chun tairbhe don dá thaobh a rachaidh an obair lenár gcomhpháirtithe chun géarchéimeanna a réamh‑mheas, ullmhú dóibh, iad a chosc agus freagairt dóibh, is léiriú í ar dhlúthpháirtíocht an Aontais agus tá sí ríthábhachtach chun an riosca a laghdú go mbeidh éifeachtaí cascáideacha nó seach‑iarmharta ann don Aontas i gcás géarchéimeanna de thionscnamh áit éigin eile.
I dtimpeallacht gheopholaitiúil atá ag éirí níos luainí, agus chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda amhail an t‑athrú aeráide agus an tsláinte dhomhanda, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit leanúint de chomhpháirtíochtaí déthaobhacha agus iltaobhacha saincheaptha a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh a fhorbairt agus a dhoimhniú, lena n‑áirítear na comhpháirtíochtaí sin a fhorbairt agus a dhoimhniú go háirithe trí chomhar a neartú agus trí thacú le tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus le tíortha comharsanachta. Ba cheart don Aontas dlús a chur leis na hiarrachtaí chun iltaobhachas éifeachtach a neartú, go háirithe in ECAT agus sna Náisiúin Aontaithe.
An athléimneacht agus an ullmhacht a leabú i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais
Ba cheart don Aontas athléimneacht fhrithpháirteach a fhorbairt le comhpháirtithe go háirithe chun ionramháil agus cur isteach méadaitheach eachtrach agus hibrideach ar fhaisnéis, agus cibearbhagairtí, a chomhrac, agus ba cheart dó athléimneacht fhrithpháirteach a fhorbairt i réimsí amhail: (i) an tslándáil eacnamaíoch, trádáil agus infheistíocht; (ii) athléimneacht sochaithe, an smacht reachta agus institiúidí; (iii) an oidhreacht chultúrtha; (iv) an tslándáil sláinte agus ullmhacht paindéime; (v) an t‑athrú aeráide agus díghrádú an chomhshaoil; (vi) an fuinneamh; (vii) an t‑iompar agus bealaí soláthair slána; (viii) an chabhair um fhorbairt agus an chabhair dhaonnúil; agus (ix) laghdú rioscaí tubaiste, ullmhacht in aghaidh tubaiste agus gníomhaíocht réamhbheartaitheach. Chun an athléimneacht a neartú ar fud an domhain, ba cheart gníomhaíochtaí an Aontais a ailíniú le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) na Náisiún Aontaithe agus ba cheart dóibh tacú le Creat Sendai na Náisiún Aontaithe um Laghdú Rioscaí Tubaiste.
Príomhghníomhaíochtaí
27)Athléimneacht fhrithpháirteach le tíortha is iarrthóirí a chur chun cinn
Cuirfidh an tAontas athléimneacht fhrithpháirteach le tíortha is iarrthóirí chun cinn, mar shampla trí iad a chomhlachú i dtionscnaimh ullmhachta agus i gcreat bainistithe géarchéime ábhartha an Aontais, tríd an mbeartas um méadú agus i gcomhréir le próiseas a lánpháirtithe de réir a chéile. Treiseoidh an tAontas an obair leis na tíortha sin i réimsí na hullmhachta, na hathléimneachta agus an bhainistithe géarchéime, na slándála agus na cosanta, go háirithe chun bagairtí hibrideacha, bagairtí a bhaineann le hionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis agus cibearbhagairtí a chomhrac
28)An ullmhacht agus an athléimneacht a chomhtháthú i gcomhpháirtíochtaí déthaobhacha agus in institiúidí iltaobhacha
Bainfidh an tAontas úsáid as ionstraimí amhail Comhpháirtíochtaí Slándála agus Cosanta agus misin agus oibríochtaí an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta chun feabhas a chur ar an gcomhar maidir le hullmhacht agus athléimneacht le príomhthíortha comhpháirtíochta agus le príomhshochaithe comhpháirtíochta. Ní mór don Aontas a líonraí cumarsáide le linn géarchéime leis na comhpháirtithe sin ar fud an domhain a athbhreithniú agus a dhaingniú chun tacú leo mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna agus éigeandálaí casta.
Cuirfear dlús le rannpháirtíocht iltaobhach le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le comhpháirtithe réigiúnacha, go háirithe leis na Náisiúin Aontaithe agus lena ghníomhaireachtaí. Cuimseofar sa chomhar leis na Náisiúin Aontaithe tacaíocht don tsíochánaíocht, do chomhdhlúthú na síochána, do chosc coinbhleachtaí, don chobhsaíocht agus don athshlánú iarchoinbhleachta mar bhealach chun athléimneacht a chothú i gcomhréir le Tosaíochtaí Comhpháirteacha an Aontais agus na Náisiún Aontaithe le haghaidh 2025‑2027. Thairis sin, leanfaidh an tAontas den ullmhacht a neartú trí chabhair um fhorbairt agus trí chabhair daonnúil mar phríomhghné chun athléimneacht an daonra is leochailí a mhéadú agus chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na leochaileachta.
29)Ullmhacht agus athléimneacht a chomhtháthú sa chomhar le ECAT
Déanfar ullmhacht agus athléimneacht a chomhtháthú san Idirphlé Struchtúrtha idir an tAontas agus ECAT, i gcros‑fhaisnéisithe cómhalartacha, agus san oiliúint. Tabharfar aird ar leith ar an tsoghluaisteacht mhíleata, ar an aeráid agus ar an tslándáil, ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus teicneolaíochtaí suaiteacha, ar an gcibearspás, ar an spás agus ar an tionscal cosanta. Úsáidfear malartuithe foirne maidir le hionramháil agus cur isteach hibrideach agus eachtrach ar fhaisnéis, slándáil mhuirí, comhar oibríochtúil, agus fothú acmhainneachta do chomhpháirtithe chun aghaidh a thabhairt ar ullmhacht agus athléimneacht.
30)Athléimneacht fhrithpháirteach a fhorbairt trí bheartais sheachtracha eacnamaíocha agus forbartha
Forbróidh an tAontas athléimneacht fhrithpháirteach le comhpháirtithe agus laghdóidh sé róspleáchais trína bheartais sheachtracha eacnamaíocha agus forbartha. Tacófar leis sin trí phríomhthionscnaimh amhail an Tairseach Dhomhanda, an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI ‑ an Eoraip Dhomhanda), an Ionstraim um Réamhaontachas III, agus an Comhshocrú Nua don Mheánmhuir atá le teacht. Cuirfear leis an iarracht sin freisin trí chomhtháthú slabhraí soláthair agus luacha i dtíortha comhpháirtíochta a éagsúlú agus a neartú trí Chomhaontuithe Saorthrádála, trí Chomhpháirtíochtaí um Thrádáil agus Infheistíocht Ghlan, trí Chomhpháirtíochtaí Straitéiseacha um amhábhair, agus trí Chomhpháirtíochtaí Digiteacha.
Conclúid agus an Bealach Chun Cinn
I gcomhthéacs rioscaí nádúrtha agus rioscaí arb é an duine is cúis leo a bheith ag dul i méid agus an t‑ionchas slándála don Eoraip a bheith ag dul in olcas, is ábhar práinne é don Aontas agus do na Ballstáit ullmhacht a neartú. Cé gurb iad na Ballstáit fós na príomhghníomhaithe sa chosaint shibhialta, san ullmhacht agus sa fhreagairt ar ghéarchéimeanna, leagtar amach sa Straitéis an fhís d’Aontas Ullmhachta, ina gcomhlánóidh tacaíocht ón Aontas iarrachtaí náisiúnta. I gcomhpháirt le chéile, beimid níos éifeachtaí, níos solúbtha, beidh freagrachtaí soiléire orainn, agus beimid níos láidre maidir le réamhaíocht agus freagairt ar fud na n‑earnálacha ábhartha uile. Cabhróidh uirlisí solúbtha leis na Ballstáit freagairt d’éigeandálaí gan choinne. Leis an obair i dtreo Aontas Ullmhachta, rannchuideofar freisin leis an Aontas a dhéanamh níos cuimsithí, níos iomaíche agus níos rathúla. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh an Eoraip leas a bhaint as na tairbhí scála agus éifeachtúlachta uile a eascraíonn as gníomhú le chéile ar leibhéal an Aontais.
Déanfar faireachán go tráthrialta ar chur chun feidhme na Straitéise. Roinnfear nuashonruithe go tráthrialta leis an gComhairle agus le Parlaimint na hEorpa chun dul chun cinn sa chur chun feidhme a rianú.
An tráth céanna, iarrann an Coimisiún ar an gComhairle agus ar Pharlaimint na hEorpa oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis an Ardionadaí chun an Straitéis, agus na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta a bhaint amach.
I dteannta a chéile, is féidir linn Eoraip níos sábháilte, níos athléimní agus níos sláine a thógáil.