This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52013PC0260
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on Animal Health
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le sláinte ainmhithe
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le sláinte ainmhithe
/* COM/2013/0260 final - 2013/0136 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le sláinte ainmhithe /* COM/2013/0260 final - 2013/0136 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. BONN
CIRT AGUS CUSPÓIR Ábhar imní do gach saoránach Eorpach is ea sláinte
ainmhithe. Eascraíonn an imní sin as gnéithe amhail an tsláinte phoiblí,
sábháilteacht bia, agus slándáil bia, a bhfuil baint acu le sláinte ainmhithe.
Eascraíonn sí freisin as na costais eacnamaíocha a mbíonn ráigeanna galair
ainmhithe ina gcúis leo uaireanta agus as cúrsaí leasa ainmhithe, lena n‑áirítear
an tionchar a bhíonn ag bearta rialaithe galar ar leas ainmhithe. Ag an am céanna, is léiriú é an togra seo ar
thosaíochtaí na Rialála Cliste[1]
mar go ndéanann sé iarracht an creat dlí reatha a shimpliú agus tugann sé aird
freisin ar ionchais na bpáirtithe leasmhara go laghdófaí na hualaí riaracháin. Ina theannta sin, léiríonn sé tosaíochtaí an
Choimisiúin, amhail cuspóir an fháis chliste atá sa straitéis Eoraip 2020[2] mar go dtugann sé tacaíocht don
earnáil an teacht aniar atá inti a neartú trí bhearta gníomhacha coisctheacha
agus trí bhainistíocht riosca níos solúbtha. Anailís ar an bhFadhb I gcreat reatha reachtaíochta sláinte ainmhithe an
AE tá beagnach 50 treoir agus rialachán den reachtaíocht phríomha agus
thart ar 400 píosa den reachtaíocht thánaisteach. Glacadh cuid acu sin chomh
luath le 1964. Sheol an Coimisiún meastóireacht sheachtrach in 2004
le hathbhreithniú críochnúil a dhéanamh ar thorthaí ghníomhaíocht an AE i leith
sláinte ainmhithe, rud a thug Straitéis nua um Shláinte Ainmhithe in 2007.
Meascán de imthosca a d’fhág go raibh sé riachtanach ár mbeartas a athmheas: Rinneadh príomheilimintí an bheartais atá ann a dhréachtú,
den chuid Is mó, idir 1988 agus 1995 nuair ba Chomhphobal de dhá Bhallstát
déag fós sinn; Tá dúshláin nua tagtha chun cinn. Tá galair a bhí anaithnid deich
mbliana ó shin tagtha ar an saol, agus galair eile, amhail an galar crúibe is
béil, gormtheanga agus an fliú éanúil, thug siad dúshláin nua le déanaí, agus
chuir siad i gcuimhne dúinn gur rioscaí an‑tromchúiseach fós iad. Tháinig athrú ó bhonn ar dhálaí trádála freisin, agus méadú mór
ar thrádáil in ainmhithe agus i dtáirgí ainmhithe, laistigh den AE agus le tríú
tíortha araon; agus Tháinig forás suntasach ar an eolaíocht,
an teicneolaíocht agus ar ár gcreat institiúideach. Aimsíodh roinnt fadhbanna i ndáil leis an
reachtaíocht atá ann. Baineann roinnt acu leis an gcur chuige ginearálta
beartais, .i.: –
Ardchastacht Bheartas reatha an Chomhphobail i
leith Sláinte Ainmhithe (CAHP) –
Straitéis fhoriomlán a bheith in easnamh –
Ní leor an fócas ar chosc galar, agus go háirithe
an fócas ar an ngá le breis bithshlándála. Bhain fadhbanna eile le feidhmiú na reachtaíochta
atá ann cheana, go háirithe: –
Saincheisteanna a bhaineann le trádáil laistigh den
Aontas in ainmhithe beo. Ceartaítear na fadhbanna ginearálta agus sonracha
sa dlí seo, sin nó ceartófar iad sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun
feidhme. Cuspóirí an togra Is é an Dlí i ndáil le Sláinte Ainmhithe an creat
dlí a thacaíonn leis an Straitéis um Shláinte Ainmhithe don AE, a foilsíodh in 2007.
Is iad seo a leanas na cuspóirí ginearálta mar atá siad leagtha amach sa
Straitéis: leibhéal ard sláinte
poiblí agus sábháilteachta bia a áirithiú trí mhinicíocht na rioscaí
bitheolaíochta agus ceimiceacha don duine a íoslaghdú; sláinte ainmhithe a
chur chun cinn trí mhinicíocht na ngalar ainmhithe a chosc / a laghdú, agus
tacú le feirmeoireacht agus le geilleagar na tuaithe; feabhas a chur ar fhás
eacnamaíoch/comhtháthú/iomaíochas trí shaorchúrsaíocht earraí agus
gluaiseachtaí comhréireacha ainmhithe a áirithiú; cleachtais
feirmeoireachta agus leas ainmhithe a chur chun cinn lena gcoisctear bagairtí a
bhaineann le sláinte ainmhithe agus lena laghdaítear an tionchar ar an
gcomhshaol, rud a thacaíonn le Straitéis an AE um Fhorbairt Inbhuanaithe. Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha an dlí seo i
ndáil le Sláinte Ainmhithe: creat rialála aonair,
simplithe, trédhearcach, soiléir a bhunú a leagfaidh amach cuspóirí, raon
feidhme agus prionsabail na hidirghabhála rialála go córasach; bunaithe ar
dhea-rialachas agus i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta (e.g. OIE); a
dhíreoidh ar bhearta coisctheacha fadtéarmacha agus i gcomhar leis na páirtithe
leasmhara ábhartha uile; prionsabail
ghinearálta uileghabhálacha a thabhairt isteach a cheadóidh creat simplithe dlí
d'fhonn a bheith ullamh le haghaidh dúshlán nua, .i.e. chun freagairt mhear a
chumasú i gcás galar atá ag teacht chun cinn; agus an caighdeán céanna
freagartha a chinntiú freisin mar a fhoráiltear i reachtaíocht reatha; comhsheasmhacht a
chinntiú idir na prionsabail chothrománacha sa reachtaíocht i réimse na sláinte
ainmhithe, an leasa ainmhithe agus na sábháilteachta bia, chomh maith le
beartais AE níos ginearálta maidir le hathrú aeráide, an comhbheartas
talmhaíochta agus inbhuanaitheacht; an tionchar a bhíonn
ag galair ainmhithe ar shláinte an phobail agus sláinte ainmhithe,
leas ainmhithe, an geilleagar agus an tsochaí a laghdú a mhéid is féidir trí
chur leis an bhfeasacht faoi ghalair, le hullmhacht, le faireachas agus le
córais um fhreagairt éigeandála ar an leibhéal náisiúnta agus AE; feidhmiú rianúil
mhargadh inmheánach na n‑ainmhithe agus táirgí ainmhithe a áirithiú,
maille le leibhéal ard cosanta sláinte ainmhithe agus shláinte an phobail agus tacú le cuspóirí Eoraip 2020. Is iad seo a leanas cuspóirí oibríocha an dlí seo
i ndáil le Sláinte Ainmhithe: an cur chuige nua
coscthiomáinte, atá dírithe ar dhreasachtaí, a chomhtháthú i gcroílár an
bheartais sláinte ainmhithe; foráil a dhéanamh maidir le dáileadh soiléir agus cothrom na ról agus
na bhfreagrachtaí idir údaráis inniúla, institiúidí an AE, an earnáil
feirmeoireachta, úinéirí ainmhithe agus daoine eile; catagóiriú galar a thabhairt isteach mar bhonn d'idirghabháil an AE; foráil a dhéanamh maidir le sásraí éifeachtacha le freagairt go tapa do
theagmhais galair, lena n‑áirítear dúshláin nua, amhail galair atá ag
teacht chun cinn; ullmhacht éifeachtach éigeandála agus luathfhreagairt éifeachtach ar
ghalair ainmhithe agus zónóisí a áirithiú, lena n‑áirítear úsáid vacsaíní
mar is cuí; nósanna imeachta simplithe a thabhairt isteach aon uair is féidir ar
chúiseanna teicniúla agus eile, ag cur sainiúlacht na bhfeirmeoirí beaga agus
micreaghnólachtaí san áireamh agus scaoileadh le hualaí riaracháin agus costais
nach bhfuil gá leo, aon uair is féidir; a áirithiú go mbeidh go leor solúbthachta sa chreat nua dlí chun é a
chur in oiriúint go réidh d'fhorbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha feasta; an baol go gcuirfí isteach ar thrádáil a laghdú trí leibhéal cuí
cóineasaithe a lorg le caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha, agus tiomantas
daingean do chaighdeáin arda sláinte ainmhithe a áirithiú. 2. COMHTHÉACS
DLÍ Bunús dlí Is iad Airteagail 43, 114 agus 168 den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí le bearta
reachtacha an AE i ndáil le sláinte ainmhithe ar fáil, mar is cuid riachtanach
de na beartais talmhaíochta, sláinte poiblí agus cosanta tomhaltóirí, trádála
agus an mhargaidh aonair iad. –
Is é Airteagal 43 an bunús dlí le bearta
reachtacha an AE maidir leis an gComhbheartas Talmaíochta. An t‑Airteagal
sin freisin atá mar bhonn leis an reachtaíocht tréidliachta mar go meastar, ó
thaobh dlí de, go bhfuil an CAHP ina chuid den Chomhbheartas Talmhaíochta, agus
is iad na nósanna imeachta céanna reachtaíochta agus riaracháin atá i bhfeidhm
ina leith. –
Is é Airteagal 114 an bunús dlí le haghaidh
bhunú agus oibriú an mhargaidh inmheánaigh agus le haghaidh chomhfhogasú na
bhforálacha atá leagtha síos de réir dlí, nó i mbearta rialacháin nó riaracháin
i ndáil leis sin. –
Airteagal 168 maidir le cosaint sláinte,
tagraíonn sé do chosaint shláinte an duine ar gach cúis a d'fhéadfadh dochar a
dhéanamh di, lena n‑áirítear gach cúis a bhaineann le sláinte ainmhithe.
Fairis sin, rinneadh bearta tréidliachta a bhí dírithe ar an tsláinte
phoiblí a chosaint a ghlacadh freisin faoin nós imeachta comhchinnteoireachta
mar thoradh ar an Airteagal seo." Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an
Aontais Tá ceangal gníomhach ag an reachtaíocht seo i
ndáil le sláinte ainmhithe leis an gcreat dlíthiúil maidir le leas ainmhithe,
sábháilteacht bia, sláinte phoiblí, cothú ainmhithe, táirgí íocshláinte
tréidliachta, cosaint an chomhshaoil, rialuithe oifigiúla, an Comhbheartas
Iascaigh (CBI) agus an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT). Gaol le tograí eile sa phacáiste Tá an togra seo ina chuid de phacáiste de cheithre
athbhreithniú a bhaineann le sláinte ainmhithe, sláinte plandaí, cáilíocht
ábhar plandaí atáirgthe agus rialuithe oifigiúla plandaí, ainmhithe, bia agus
beatha. Fágann an t‑athbhreithniú ar an rialachán
maidir le rialuithe oifigiúla gur comhsheasmhaí is féidir na rialuithe
oifigiúla sin a chur i bhfeidhm, chun sláinte ainmhithe a chosaint agus nasc
níos comhleanúnaí a dhéanamh le rialáil sláinte ainmhithe. 3. COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT Coimhdeacht Ní hamháin go dtugann sláinte mhaith ainmhithe
sochair phríobháideacha d’úinéirí ainmhithe ach tá leas an phobail agus sochair
níos ginearálta i gceist freisin. Ciallaíonn tógálacht a lán galar ainmhithe
gur mó an tairbhe a bhaineann le cur chuige coiteann, seachas sraith
gníomhaíochtaí aonair. Tá glacadh forleathan leis gur luachmhaire cur
chuige comhchuibhithe ón AE, agus chabhraigh sé sin ualach riaracháin ar oibreoirí,
trádálaithe, tréidlianna agus tionscail a bhaineann le tréidliacht a laghdú.
Bhí ról lárnach aige i mbunú an mhargaidh aonair, le trádáil laistigh den AE in
ainmhithe agus i dtáirgí ainmhithe (feoil, bainne, etc.) a éascú trí dhálaí
comhchuibhithe sláinte ainmhithe a bhunú agus rath an CBT a chur chun cinn. Buntáistí na rialacha comhchuibhithe le galair
ainmhithe ar leibhéal an AE a chosc, a rialú, a fhógairt, agus a dhíothú,
léiríodh iad le linn ráigeanna galair ainmhithe le blianta beaga anuas. Thaispeáin
an fhreagairt ar na géarchéimeanna sin cumas an AE freagairt thapa a thabhairt,
le leathadh na ngalar a theorannú agus a dtionchar a íoslaghdú. Tharla sé sin
den chuid Is mó a bhuí leis an gcur chuige comhchuibhithe i leith rialú
galar, lena n‑áirítear cúiteamh airgeadais a thabhairt i leith na
gcaillteanas ar fheirmeacha de dheasca beart le galair a dhíothú. Chomh maith
leis sin, agus gné an mhargaidh aonair á chur san áireamh, d'fhéadfadh teip
galar a rialú i mBallstát amháin, difear mór a dhéanamh do stádas sláinte an
Aontais agus a acmhainn onnmhairithe a chur i mbaol. I bhfianaise na n‑eilimintí
éagsúla sin, tá bonn cirt le gníomhaíocht an AE, mar gur léir nach féidir le
Ballstáit é seo a bhaint amach go sásúil ag gníomhú ina n‑aonar dóibh agus
gurb éifeachtaí agus gurb éifeachtúla a bhainfeadh an AE cur chuige
comhsheasmhach amach. Comhréireacht Bunaíonn an Dlí i ndáil le Sláinte Ainmhithe creat
ginearálta le haghaidh galair ainmhithe a rialú, a chosc agus a dhíothú. Tá an
creat fothaithe ar rialacha atá bunaithe ar thorthaí, seachnaíonn sé
saintreoracha iomarcacha, agus fágann sé spás le haghaidh Ballstát le rialáil a
dhéanamh nó le reachtaíocht níos mionsonraithe a leagan amach nuair is gá, rud
a thugann an tsolúbthacht le rialacha a oiriúnú do chúinsí náisiúnta,
réigiúnacha nó áitiúla. Os a choinne sin, ní mór leibhéal áirithe mionsonrachta
agus cruinnis a áirithiú i rialacha maidir le trádáil le go laghdófar ar an
mbaol go mbeadh cleachtais dhifriúla i bhfeidhm ag oibreoirí agus ag údaráis inniúla
agus go dtarlódh saobhadh ina dhiaidh sin ar an iomaíocht nó, b'fhéidir, an
baol go laghdófaí comhchuibheas an chur chuige chun dul i ngleic le galair. Dá
bhrí sin, féachann an Dlí i ndáil le Sláinte Ainmhithe le cothromaíocht a
bhaint amach idir ghníomhaíocht chomhréireach agus gníomhaíocht riachtanach. 4. COMHAIRLIÚCHÁIN
LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Nós imeachta comhairliúcháin. Toradh is ea an Dlí seo i ndáil le Sláinte
Ainmhithe ar shraith fhada anailísí. In 2004, sheol an Coimisiún meastóireacht
neamhspleách chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht Bheartas Sláinte Ainmhithe
an Chomhphobail (CAHP)[3]
le deich mbliana roimhe sin agus a chomhsheasmhacht le hidirghabhálacha
beartais eile an AE. Ba é an aidhm gnéithe
den CAHP a aithint, sin gnéithe a d'fhéadfaí a fheabhsú a thuilleadh agus
roghanna a mholadh leis na feabhsuithe sin a bhaint amach. I measc nithe eile, moladh sa mheastóireacht ar
CAHP go bhforbrófaí straitéis amháin do shláinte ainmhithe chun cosc a chur ar
fhorbairt beartais atá róscaipthe nó a thagann as géarchéimeanna. Straitéis an
AE um Shláinte Ainmhithe 2007‑2013 (AHS) "Is fearr cosc ná
leigheas" an toradh a bhí ar an meastóireacht sin[4]. Sa Straitéis sin foráiltear go nglacfar
"creat rialála aonair do shláinte ainmhithe agus go ndíreofar níos mó ar
dhreasachtaí ná ar phionóis, i gcomhréir le beartais eile an AE agus le
caighdeáin idirnáisiúnta" agus a "shaineoidh agus a chomhtháthóidh
prionsabail agus ceanglais chomhchoiteanna atá sa reachtaíocht cheana".
Ina bhfreagairt ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Straitéis
nua, d'fháiltigh Parlaimint na hEorpa[5],
an Chomhairle[6]
agus an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta[7]
roimh an tionscnamh seo. Ina dhiaidh sin,
dhearbhaigh an Plean Gníomhaíochta do chur chun feidhme na Straitéise[8] gurb é "an príomhchuspóir
atá ag an Straitéis Dlí AE i ndáil le Sláinte Ainmhithe a fhorbairt". Ó thús an phróisis, bhí dlúthpháirt agus ról
ríthábhachtach ag na príomhpháirtithe leasmhara, Údaráis Inniúla, na Ballstáit,
eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhpháirtithe trádála sa phlé. Ina theannta
sin, i gcomhréir le caighdeáin an Choimisiúin le haghaidh comhairliúcháin,
chuathas i gcomhairle roinnt uaireanta le páirtithe leasmhara eacnamaíocha agus
sóisialta, mar shampla cumainn Eorpacha a bhfuil suim acu i sláinte agus leas
ainmhithe, agus leis an bpobal. 5. EILIMINTÍ
AN TOGRA CUID I Rialacha ginearálta Leagann an Dlí i ndáil le Sláinte Ainmhithe amach
na prionsabail ghinearálta le haghaidh dea-shláinte ainmhithe i reachtaíocht an
AE. Tugann sé le chéile bearta sláinte ainmhithe d'ainmhithe talún agus
uisceacha. Forálann Cuid I freisin go dtabharfar
tosaíocht do na galair ar dócha go mbeadh tionchar suntasach acu, agus iad a
liostú. Den chéad uair, beifear in ann acmhainní an Aontais a chur in ord
tosaíochta go córasach ar bhonn eolaíoch agus fianaise. Leagtar síos go sainráite den chéad uair
freagrachtaí na ngníomhaithe éagsúla uile a bhfuil ról lárnach acu le sláinte
ainmhithe a chosaint, mar shampla oibreoirí, tréidlianna, agus coimeádaithe
peataí. Go háirithe, ní mór d'oibreoirí agus gairmithe ainmhithe eolas bunúsach
a chur ar shláinte ainmhithe agus nithe gaolmhara. Cuid II: Fógra, Faireachas, Cláir um Dhíothú, Saoirse ó Ghalair I gCuid II soiléirítear na freagrachtaí
maidir le fógra a thabhairt agus faireachas a dhéanamh, lena n‑áirítear
cuairteanna sláinte ainmhithe. Soiléiríonn sé róil na n‑oibreoirí, na n‑údarás
inniúil agus daoine eile maidir le faireachas a dhéananmh ar staid sláinte na n‑ainmhithe
san Aontas. Ceadaíonn an córas nua úsáid níos fearr a bhaint as na sineirgí
idir an faireachas a dhéanann gníomhaithe éagsúla sa réimse chun a chinntiú go
mbainfear amach an úsáid is éifeachtaí agus is costéifeachtúla as na hacmhainní
faireachais. Príomhathrú eile anseo is ea gur forleithne anois
is féidir deighleoga a úsáid, nach gceadaítear faoi láthair ach amháin maidir
le bearta a bhaineann le Fliú Éanúil agus le dobharshaothrú. Tugann sé sin níos
mó solúbthachta isteach i mbearta rialaithe galar, lena n‑áirítear go
bhféadfar leanúint le gluaiseachtaí agus trádáil i gcúinsí áirithe, arna meas ó
thaobh rioscaí. Cuid III: Ullmhacht
do Ghalair, Feasacht faoi Ghalair agus Rialú Galar Faoi Chuid III, leantar den cheangal atá ar na Ballstáit pleananna
teagmhasacha a tharraingt suas chun déileáil le galair áirithe, agus a gcur
chun feidhme a chleachtadh. Tá an creat rialála le haghaidh vacsaínithe ar
fáil anois go sainráite agus go comhleanúnach. Leagadh síos na rialacha maidir le húsáid banc
antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe. Leagtar síos rialacha maidir le bearta rialaithe a
bheidh le glacadh i gcás amhrais nó ráigeanna deimhnithe de ghalair áirithe,
agus is beag athrú atá ar an gcóras atá ann cheana féin, a mheastar a bheith ag
obair go maith. Cuid IV: Ceanglais maidir le Clárú, Faomhadh, Inrianaitheacht agus Gluiseachtaí Roinntear Cuid IV faoi thrí theideal, agus tá
rialacha ar leith le haghaidh ainmhithe talún, ainmhithe uisceacha, agus
ainmhithe eile. Is gá iad a bhreithniú ar leithligh i ngeall ar a modhanna
táirgthe éagsúla agus a n‑eipidéimeolaíocht. Na teidil atá ag déileáil le
hainmhithe uisceacha agus talún, leagann siad síos bearta a chabhróidh le
hainmhithe agus a mbunaíochtaí a aithint agus a rianú. Tá an‑tábhacht le
hinrianaitheacht ainmhithe le linn ráige galair ionas go dtuigfear
eipidéimeolaíocht an ghalair agus gur fearr is féidir é a rialú. De réir na
dteideal sin, féadfar níos mó ainmhithe a chlárú agus a rianú go leictreonach,
rud a thacóidh le simplíocht agus rialáil níos fearr, agus a laghdóidh an t‑ualach
riaracháin trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht. Ní thugtar isteach tríú
teideal maidir le hainmhithe eile ach amháin maidir le foráil amach anseo, má
thagann ann do bhagairtí nua i ndáil leis na hainmhithe sin. CUID V Teacht isteach san Aontas agus Onnmhairiú Leagann Cuid V síos na caighdeáin agus na
ceanglais le haghaidh tríú tíortha le linn dóibh ainmhithe, táirgí geirmeacha,
táirgí de bhunadh ainmhíoch agus ábhar eile a d'fhéadfadh galair ainmhithe a
tharchur a sheoladh isteach san Aontas, d'fhonn cosc a chur ar ghalair a bheith
á dtabhairt isteach. Leagann sé amach freisin na ceanglais le haghaidh
onnmhairiú. Níl aon athruithe praiticiúla beartaithe ar an reachtaíocht atá ann
cheana, a mheastar a bheith ag feidhmiú go maith. Cuid VI: Bearta éigeandála Tá bearta éigeandála ina gcuid ríthábhachtach de
bhainistíocht galar. I gCuid VI, leagtar síos na nósanna imeachta atá le
leanúint i gcás éigeandála, chun freagairt thapa, chomhsheasmhach ón Aontas a
áirithiú. Níl ach beagán athruithe praiticiúla beartaithe ar an reachtaíocht
atá ann cheana, a mheastar a bheith ag feidhmiú go han‑mhaith. Cuid VII: Forálacha Críochnaitheacha agus Idirthréimhseacha Leagann na forálacha deiridh agus
idirthréimhseacha amach na forálacha náisiúnta, na coinníollacha le gníomhartha
tarmligthe, gníomhartha aisghairthe, agus forálacha riachtanacha eile dlí a
ghlacadh. 6. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA Níl aon impleacht ag an togra seo a chruthódh
caiteachas breise nach bhfuil san áireamh cheana féin i ráiteas airgeadais an
chreata choitinn airgeadais maidir leis an slabhra bia, sláinte agus leas
ainmhithe, agus maidir le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí. 2013/0136 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le sláinte ainmhithe TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) Airteagal 114(3)
agus Airteagal 168(4)(b) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur
chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[9], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[10], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an
ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Féadfaidh tionchar millteach
a bheith ag galair in‑tarchurtha ainmhithe agus ag na bearta is gá leis
na galair sin a rialú d'ainmhithe aonair, ar dhaonraí ainmhithe, ar
choimeádaithe ainmhithe agus ar an ngeilleagar. (2) Mar is léir ón taithí a fuarthas
le déanaí, féadfaidh galair in‑tarchurtha ainmhithe tionchar suntasach a
imirt ar shláinte phoiblí, mar a tharla i gcás an fhliú éanúil agus salmonella. (3) Sa bhreis air sin, is féidir
éifeachtaí idirghníomhacha díobhálacha a bhreathnú i ndáil le bithéagsúlacht,
athrú aeráide agus gnéithe comhshaoil eile. Féadfaidh athrú aeráide tionchar a
imirt ar theacht chun cinn galar nua, leitheadúlacht galar atá ann cheana agus
dáileadh geografach oibreán agus veicteoirí galar, lena n‑áirítear na
cinn a dhéanann difear don fhiadhúlra. (4) Le hardchaighdeáin sláinte
ainmhithe agus sláinte poiblí a áirithiú san Aontas, forbairt réasúnta na n‑earnálacha
talmhaíochta agus dobharshaothraithe agus chun táirgiúlacht a mhéadú, ba cheart
rialacha i dáil le sláinte ainmhithe a leagan síos ar leibhéal an Aontais. Tá
gá leis na rialacha sin, inter alia, le rannchuidiú le comhlánú an
mhargaidh inmheánaigh, agus le leathadh galar infhabhtaíoch a sheachaint. (5) Is éard atá i reachtaíocht
reatha an Aontais maidir le sláinte ainmhithe sraith bunghníomhartha nasctha
idirghaolmhara ina leagtar síos rialacha maidir le sláinte ainmhithe a bhfuil
feidhm acu maidir le trádáil laistigh den Aontas, teacht isteach ainmhithe agus
táirgí san Aontas, díothú galar, rialuithe tréidliachta, fógra a thabhairt i
leith galar agus tacaíocht airgeadais i ndáil le speicis éagsúla ainmhithe, ach
tá creat dlíthiúil uileghabhálach lena dtabharfaí prionsabail chomhchuibhithe
ar fud na hearnála de dhíth. (6) I Straitéis an Aontais um
Shláinte Ainmhithe (2007-2013) moltar 'gur fearr cosc ná leigheas’ agus ghlac
an Coimisiún é dTeachtaireacht uaidh an 19 Meán Fómhair 2007 chuig
Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na
hEorpa agus Coiste na Réigiún[11].
Is é is aidhm leis díriú níos mó ar bhearta coisctheacha, faireachas ar
ghalair, rialú galar agus taighde orthu, le ráta tarlaithe galar ainmhithe a
laghdú agus le tionchar na ráigeanna a íoslaghdú nuair a tharlaíonn siad.
Moltar leis ‘creat rialúcháin aonair simplithe do shláinte ainmhithe’ a
ghlacadh lena n‑iarrtar comhfhogasú le caighdeáin idirnáisiúnta a bhaint
amach agus tiomantas docht i ndáil le hardchaighdeáin sláinte ainmhithe á
áirithiú ag an am céanna. (7) Is é aidhm an Rialacháin seo
na gealltanais agus na físeanna dá bhforáiltear sa Straitéis sin um Shláinte
Ainmhithe, lena n‑áirítear prionsabal ‘na Sláinte aonair’ a chur chun
feidhme, agus an creat dlíthiúil le haghaidh comhbheartais sláinte ainmhithe
don AE a chomhdhlúthú, trí bhíthin creat rialúcháin solúbtha simplithe aonair
do shláinte ainmhithe. (8) Féadfar raon leathan galar
ionfhabhtaíoch nó neamh‑ionfhabhtaíoch a bheith ar ainmhithe. Is féidir
roinnt mhaith galar a chóireáil, agus ní bheidh tionchar acu ach ar an ainmhí
aonair lena mbaineann ná ní leathfaidh siad go hainmhithe nó daoine eile. Ar an
taobh eile, féadfaidh galair in‑tarchurtha tionchar níos leithne a bheith
acu ar shláinte ainmhithe nó ar shláinte phoiblí agus braithfear na héifeachtaí
i measc an phobail. Ba cheart na rialacha maidir le sláinte ainmhithe atá
leagtha síos sa Rialachán seo a theorannú do na galair sin is deireanaí a
luaitear. (9) Agus na rialacha sin maidir
le sláinte ainmhithe á leagan síos tá sé fíor‑riachtanach go gcuirfear an
nasc idir sláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí, an comhshaol, sábháilteacht
bia agus beatha, leas ainmhithe, slándáil bia agus gnéithe eacnamaíocha,
sóisialta agus cultúrtha san áireamh. (10) Rinne Cinneadh 94/800/CE
ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 maidir le tabhairt i gcrích, thar
ceann an Chomhphobail Eorpaigh, i dtaca le hábhair laistigh dá inniúlacht, na
gcomhaontuithe ar thángthas orthu i mBabhta Uragua den chaibidlíocht iltaobhach
(1986-1994)[12], an Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht
Dhomhanda Trádála (EDT) a fhormheas thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh mar a
bhí, i ndáil leis an gcion sin de na hábhair a thagann faoina inniúlacht, mar
aon leis na Comhaontuithe atá leagtha amach in Iarscríbhinn 1, Iarscríbhinn 2
agus Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú sin lena n‑áirítear an
Comhaontú maidir le Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta a chur i
bhfeidhm (Comhaontú SPS). Leis an gComhaontú SPS rialáiltear úsáid na mbeart is
gá chun beatha nó sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí a chosaint ionas ach
ndéanfar idirdhealú go treallach nó gan bonn údair idir comhaltaí an EDT. Má tá
caighdeáin ann, ceanglaítear iad a úsáid mar bhonn. Mar sin féin, tá sé de
cheart ag na comhaltaí a gcaighdeáin ábhartha féin a leagan amach ar an
gcoinníoll go mbeidh na caighdeáin sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch. (11) Maidir le sláinte ainmhithe
tagraíonn Comhaontú SPS do chaighdeáin na hEagraíochta Domhanda um Shláinte
Ainmhithe (OIE) i ndáil le coinníollacha do shláinte ainmhithe do thrádáil
idirnáisiúnta. Leis an riosca go gcuirfí isteach ar thrádáil a laghdú, ba
cheart díriú ar leibhéal iomchuí cóineasaithe le caighdeáin an OIE i mbearta an
AE maidir le sláinte ainmhithe. (12) In imthosca ar leith i gcás
ina bhfuil riosca suntasach do shláinte ainmhithe nó do shláinte phoiblí ach go
bhfuil éiginnteacht eolaíoch ann i gcónaí, le hAirteagal 5(7) de
Chomhaontú SPS a ndearnadh forléiriú air sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2000
maidir leis an bprionsabal réamhchúramach[13],
ceadaítear do chomhalta an chomhaontaithe sin bearta sealadacha a ghlacadh ar
bhonn na fáisnéis ábhartha atá ar fáil. Sna himthosca sin, ceanglaítear ar
chomhalta an EDT an fhaisnéis bhreise a fháil le haghaidh measúnú níos
oibiachtúla ar an riosca agus an beart a athbhreithniú dá réir laistigh de
thréimhse réasúnta. (13) Ba cheart an measúnú riosca, a
nglactar na bearta faoin Rialachán seo ar a bhonn, a bheith bunaithe ar an
bhfianaise eolaíoch atá ar fáil agus ba cheart tabhairt faoi ar bhealach
neamhspleách, oibiachtúil agus trédhearcach. Ba cheart a chur san áireamh go
cuí freisin tuairimí an Udaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bhia a bunaíodh le hAirteagal 22(1)
de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus an
Chomhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus
ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um
Shábháilteacht Bhia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí
sábháilteachta bia[14]. (14) I Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009
lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí
díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n‑aisghairtear
Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí
ainmhithe)[15]
leagtar síos rialacha maidir le sláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí araon do
sheachtháirgí agus táirgí díorthaithe áirithe ainmhithe chun rioscaí do
shláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí a thagann as na táirgí sin a íoslaghdú,
agus go háirithe chun sábháilteacht an bhiashlabhra agus an bheathashlabhra a
chosaint. Le haon fhorluí le reachtaíocht an Aontais a sheachaint, ba cheart
feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le seachtháirgí agus táirgí
díorthaithe ainmhithe agus iadsan amháin i gcás nach bhfuil rialacha sonracha
leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, agus i gcás lena
mbaineann riosca do shláinte ainmhithe. Mar shampla, i Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009
ní rialáiltear conas seachtháirgí ná táirgí díorthaithe ainmhithe a láimhseáil
i gcomhthéacs beart rialaithe galar, agus mar sin tá na saincheisteanna sin
cumhdaithe go cuí sa Rialachán seo. (15) Sa bhreis air sin, tá rialacha
sonracha maidir le galair in‑tarchurtha ainmhithe lena n‑áirítear
galair is in‑tarchurtha chuig daoine (‘zónóisí’) leagtha síos cheana i
Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha maidir le
heinceifileapaití spúinseacha[16]
in‑tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú, Treoir 2003/99/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir
le faireachán ar zónóisí agus ar oibreáin zónóiseacha, lena leasaítear Cinneadh 90/424/CEE
ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 92/117/CEE[17] agus Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir
le rialú salmonella agus oibreáin zónóiseacha bia‑iompartha sonraithe
eile[18],
agus rialacha mionsonraithe maidir le galair theagmhálacha sa duine i gCinneadh Uimh. 2119/98/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1998
lena mbunaítear líonra d’fhaireachas eipidéimeolaíoch agus rialú galar
teagmhálach sa Chomhphobal[19]
; ba cheart go bhfanfadh na gníomhartha sin i bhfeidhm tar éis an Rialachán seo
a ghlacadh. Dá réir sin, chun aon fhorluí le reachtaíocht an Aontais a sheachaint,
níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le zónóisí ach amháin sa
mhéid is nach bhfuil rialacha sonracha leagtha síos cheana sna gníomhartha
Aontais eile. (16) Féadfaidh galair atá ar
dhaonraí ainmhithe fiáine tionchar díobhálach a imirt ar earnálacha na
talmhaíochta agus an dobharshaothraithe, ar shláinte phoiblí, ar an gcomhshaol
agus ar bhithéagsúlacht. Is iomchuí, dá bhrí sin, go gcumhdófar le raon feidhme
an Rialacháin seo, sna cásanna sin, ainmhithe fiáine, mar íospartaigh ionchasacha
na ngalar sin agus mar veicteoirí na ngalar sin chomh maith. (17) Ní tharchuirtear galair
ainmhithe trí theagmháil dhíreach amháin idir ainmhithe nó idir ainmhithe agus
daoine Iompraítear iad níos faide ó bhaile freisin trí chórais uisce agus aeir,
veicteoirí amhail feithidí, nó seamhan, ubháin agus suthanna a úsáidtear in
inseamhnú saorga, deonú ubháin nó aistriú sutha. Féadfar oibreáin ghalair a
bheith i mbia agus i dtáirgí eile de bhunadh ainmhíoch freisin amhail leathar,
fionnadh, cleití, adharc agus aon ábhar eile arna ndíorthú ó chorp ainmhí. De bhreis air sin féadfar oibreáin ghalair a
scaipeadh trí rudaí eile amhail feithiclí iompair, trealamh, farae agus féar
tirim agus tuí. Dá bhrí sin, ní mór gach conair ionfhabhtaithe agus an t‑ábhar
lena mbaineann a chumhdach i rialacha éifeachtacha maidir le sláinte ainmhithe. (18) Féadfaidh galair ainmhithe
éifeachtaí díobhálacha a bheith acu ar dháileadh speiceas ainmhithe san
fhiántas, agus difear a dhéanamh don bhithéagsúlacht ar an gcaoi sin. Is féidir
le miocrorgánaigh is cúis le galair ainmhithe teacht faoin sainmhíniú ar
speiceas coimhthíoch ionrach de chuid Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar
Éagsúlacht Bhitheolaíoch. Leis na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ba
cheart bithéagsúlacht a chur san áireamh freisin agus ar an gcaoi sin ba cheart
don Rialachán speicis ainmhithe agus oibreáin ghalair a chumhdach, lena n‑áirítear
iad siúd a shainmhínítear mar speicis ainmhithe choimhthíoch ionracha, a
imríonn ról i dtarchur galar arna gcumhdach sa Rialachán seo nó a ndéanann na
galair sin difear dóibh. (19) I reachtaíocht an Aontais a
glacadh roimh an Rialachán seo tá rialacha ar leith maidir le sláinte ainmhithe
leagtha síos d'ainmhithe talún agus uisceacha. I dTreoir 2006/88/CE ón
gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 i dtaca le ceanglais maidir le
sláinte ainmhithe d’ainmhithe uisceacha agus táirgí uathu, agus maidir le cosc
agus rialú galar áirithe in ainmhithe uisceacha[20], leagtar síos rialacha
sonracha maidir le hainmhithe uisceacha. Mar sin féin, i bhformhór na gcásanna
tá na príomhphrionsabail do rialáil mhaith sláinte ainmhithe infheidhme maidir
leis an dá ghrúpa speiceas ainmhithe. Dá réir sin, cumhdaíonn raon feidhme an
Rialacháin seo ainmhithe talún agus uisceacha araon agus déantar ailíniú ar na
rialacha sláinte ainmhithe sin ann nuair is infheidhme. Mar sin féin, i gcás
gnéithe ar leith, go háirithe clárú agus formheas bunaíochtaí agus
inrianaitheacht agus gluaiseachtaí ainmhithe laistigh den Aontas, cloíonn an
Rialachán seo leis an gcur chuige a glacadh san am atá thart, eadhon
sraitheanna difriúla rialacha a leagan síos maidir le hainmhithe talún agus
uisceacha i ngeall ar a dtimpeallachtaí difriúla agus dá réir sin a riachtanais
dhifriúla maidir le cosaint sláinte. (20) I reachtaíocht an Aontais a
glacadh roimh an Rialachán seo agus go háirithe i dTreoir 92/65/CEE ón
gComhairle an 13 Iúil 1992 lena leagtar síos ceanglais maidir le
sláinte ainmhithe lena rialaítear trádáil agus allmhairithe isteach sa
Chomhphobal d'ainmhithe, seamhan, ubháin agus suthanna nach bhfuil faoi réir na
gceanglas maidir le sláinte ainmhithe atá leagtha síos i rialacha sonracha
Comhphobail dá dtagraítear in Iarscríbhinn A (I) a ghabhann le Treoir 90/425/CEE[21], leagtar síos freisin rialacha
bunúsacha maidir le sláinte ainmhithe do speicis eile ainmhithe nach
rialáiltear i ngníomhartha eile de chuid an Aontais, amhail reiptílí,
amfaibiaigh, mamaigh farraigh, agus ainmhithe eile nach ainmhithe uisceacha ná
talún iad mar atá sainmhínithe sa Rialachán seo. De ghnáth, ní bhaineann riosca
suntasach leis na speicis seo do shláinte an duine nó d’ainmhithe eile agus dá
bhrí sin níl feidhm ach ag roinnt bheag rialacha, nó riail ar bith, maidir le
sláinte ainmhithe. Chun aon ualaí riaracháin agus costais nach gá a sheachaint,
ba cheart don Rialachán seo cloí leis an gcur chuige a glacadh san am atá
thart, eadhon an creat dlíthiúil a sholáthar le haghaidh rialacha mionsonraithe
maidir le sláinte ainmhithe i ndáil le gluaiseachtaí na n‑ainmhithe sin
agus a dtáirgí, má cheanglaítear amhlaidh leis na rioscaí lena mbaineann. (21) Tá riosca níos ísle don
tsláinte ag baint le coinneáil peataí, lena n‑áirítear ainmhithe
uisceacha ornáideacha i dteaghlaigh agus in uisceadáin ornáideacha
neamhthráchtála, laistigh agus lasmuigh faoin aer, i gcomparáid le bealaí eile
le hainmhithe a choimeád nó a aistriú ar scála níos leithne, amhail na bealaí
coimeádta nó aistrithe sin a úsáidtear sa talmhaíocht. Dá bhrí sin, ní iomchuí
go mbeidh feidhm ag na ceanglais ghinearálta i dtaca le clárú, coimeád taifead
agus gluaiseachtaí laistigh den Aontas maidir leis na hainmhithe sin, mar gurbh
ionann sin agus ualach riaracháin agus costais nach bhfuil údar maith leo. Níor
cheart, dá bhrí sin, go mbeidh feidhm ag ceanglais i dtaca le clárú agus
coimeád taifead maidir le daoine a choimeádann peata. Sa bhreis air sin, ba
cheart rialacha sonracha a leagan síos maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála
peataí laistigh den Aontas. (22) Ní foláir roinnt grúpaí
sainmhínithe ainmhithe, a bhfuil rialacha speisialta sláinte ainmhithe ann ina
leith sa Rialachán seo, a liostú mar speicis in Iarscríbhinn, i ngeall ar scóip
leathan an ghrúpa. Is amhlaidh atá i gcás an ghrúpa mamach a bhfuil crúba acu,
a aicmítear mar artadachtalaigh. Féadfar go mbeidh gá an liosta seo a athrú sa
todhchaí i ngeall ar chúiseanna tacsanomaíochta, forbartha eolaíche nó uasdátú
teicniúil a dtugann an eolaíocht bonn cirt dóibh. Ar an gcuma chéanna, féadfar
go mbeidh gá liosta speiceas peataí a choigeartú i ngeall ar fhorbairtí sa
tsochaí, nó nósanna athraithe coimeádta peataí, go háirithe i gcás ina
dtarchuireann na hainmhithe sin galair. Dá bhrí sin, leis na hathruithe sin a
chur san áireamh, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le
hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean
chuig an gCoimisiún i ndáil leis na liostaí peataí agus crúbach atá leagtha
amach in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis
Rialachán seo. (23) Ní féidir ná níor cheart gach
galar in‑tarchurtha ainmhithe a chosc nó a rialú trí bhearta rialúcháin,
mar shampla, má tá an galar rófhorleathan, mura bhfuil uirlisí diagnóiseacha ar
fáil, nó más féidir leis an earnáil phríobháideach, leis féin, bearta a
dhéanamh chun an galar a rialú. Féadfar go mbeidh tionchar tábhachtacha d’earnálacha
ábhartha agus go gcuirfear isteach ar thrádáil le bearta rialúcháin chun galair
in‑tarchurtha ainmhithe a chosc agus a rialú. Tá sé ríthábhachtach mar
sin nach gcuirfear na bearta sin i bhfeidhm ach amháin nuair is comhréireach
agus is gá, amhail nuair atá galar i láthair nó go bhfuiltear in amhras go
bhfuil riosca suntasach ann do shláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí. (24) Ina theannta sin, ba cheart na
bearta coisctheacha agus rialaithe do gach galar in‑tarchurtha ainmhithe
a bheith ‘saincheaptha’ chun díriú ar a phróifíl eipidéimeolaíoch uathúil agus
a tionchair. Ba cheart na rialacha coisctheacha agus rialaithe a bhfuil feidhm
acu maidir le gach ceann acu a bheith sonrach ó thaobh galair de. (25) I gcás galar in‑tarchurtha
ainmhithe, baineann coinníoll galair de ghnáth le comharthaí cliniciúla nó
paiteolaíocha den ionfhabhtú. Mar sin féin, chun críocha an Rialacháin seo, a
bhfuil sé d'aidhm aige leathadh galar in‑tarchurtha áirithe ainmhithe a
rialú agus iad a dhíothú, ba cheart an sainmhíniú ar ghalar a bheith níos
leithne agus iompróirí eile an oibreáin ghalair a áireamh. (26) Ní leathann roinnt galar in‑tarchurtha
ainmhithe go héasca go hainmhithe ná go daoine eile agus ar an gcaoi sin ní
dhéanann siad dochar eacnamaíoch ná bithéagsúlach ar scála leathan. Mar sin, ní
hionann iad agus riosca tromchúiseach do shláinte ainmhithe nó do shláinte
phoiblí san Aontas agus is féidir ar an ábhar sin, más inmhianaithe, díriú
orthu leis na rialacha náisiúnta. (27) I gcás galar in‑tarchurtha
ainmhithe nach bhfuil faoi réir beart arna leagan síos ar leibhéal an Aontais,
ach a bhfuil tábhacht eacnamaíoch éigin ag baint leo don earnáil phríobháideach
ar leibhéal áitiúil, ba cheart don earnáil phríobháideach, le cúnamh ó údaráis
inniúla na mBallstát, beart a dhéanamh chun na galair sin a chosc nó a rialú,
mar shampla trí bhíthin beart féinrialála nó trí chóid cleachtais a fhorbairt. (28) I gcodarsnacht leis na galair
in‑tarchurtha ainmhithe atá tuairiscithe in Aithris 26 agus Aithris 27,
féadfaidh galair ainmhithe atá iontach in‑tarchurtha leathadh thar
teorainneacha agus, más zónóis iad sa bhreis air sin, féadfar tionchar a bheith
acu freisin ar shláinte phoiblí agus ar shábháilteacht bia. Ar an ábhar sin ba
cheart galair ainmhithe agus zónóisí atá iontach in‑tarchurtha a
chumhdach sa Rialachán seo. (29) I ngníomhaíocht Uimh. 5
den Teachtaireacht ón gCoimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle
– Plean gníomhaíochta i gcoinne bagairtí ag teacht chun cinn ó Fhrithsheasamh
in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbaigh[22]
- cuirtear béim ar ról coisctheach an Rialacháin seo agus an laghdú iarmhartach
in úsáid frithbheathach in ainmhithe a bhfuiltear ag súil leis. Tá méadú ag
teacht ar fhrithsheasamh miocrorgánach do fhrithmhiocróbaigh a raibh siad
freagrúil dóibh roimhe seo. I ngeall ar an bhfrithsheasamh sin tá cóireáil
galar ionfhabhtaíoch i ndaoine agus in ainmhithe ag éirí casta. Dá thoradh sin,
ba cheart déileáil le miocrorgánaigh a bhfuil frithsheasamh in aghaidh
frithmhiocróbach forbartha acu amhail is gur galair in‑tarchurtha iad,
agus ar an gcaoi sin iad a bheith cumhdaithe faoin Rialachán seo. (30) Féadfaidh guaiseanna nua a
bhaineann le galair nó speicis áirithe forbairt go háirithe i ngeall ar
athruithe ar an gcomhshaol, an aeráid, feirmeoireacht ainmhithe, traidisiúin
feirmeoireachta agus de bharr athruithe sóisialta chomh maith. Féadfar eolas
nua a fháil agus feasacht a mhéadú i dtaobh galar atá ann cheana mar thoradh ar
ascnamh eolaíoch. Ina theannta sin, féadfar go ndéanfar galair agus speicis atá
tábhachtach san lá atá inniu ann a imeallú sa todhchaí. Dá bhrí sin, ba cheart
raon feidhme an Rialacháin seo a bheith leathan agus na rialacha arna leagan
síos a bheith dírithe ar ghalair a bhfuil ábharthacht phoiblí ard acu. Le
tacaíocht an Choimisiúin Eorpaigh, tá córas beartaithe tosaíochta agus
catagóirithe galar forbartha ag an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe,
tríd an staidéar ‘Liostú agus catagóiriú galar tosaíochta ainmhithe, lena n‑áirítear
na galair is in‑tarchurtha go daoine’[23]
a sholáthar chomh maith le huirlis don chleachtas sin. Ba cheart an cur chuige
sin i leith reachtaíocht an Aontais a thabhairt isteach leis an Rialachán seo. (31) Chun coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo i ndáil
le galair in‑tarchurtha ainmhithe ar leibhéal an Aontais, is gá liosta
comhchuibhithe galar in‑tarchurtha ainmhithe (‘galair liostaithe’) a
bhunú. Ba cheart ar an ábhar sin, cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don
Choimisiún leis an liosta sin a leagan síos. (32) Féadfaidh galair teacht chun
cinn sa todhchaí a d'fhéadfadh a bheith ina rioscaí tromchúiseacha don tsláinte
phoiblí nó sláinte ainmhithe agus tionchar acu ar shláinte, ar an ngeilleagar
nó ar an gcomhshaol. Tar éis measúnú a dhéanamh ar na galair sin agus tar éis
bearta éigeandála sealadacha a ghlacadh, nuair is ábhartha, féadfar go mbeidh
gá le freagairt thapa agus na galair sin a chur leis an liosta galar
liostaithe. Dá bhrí sin, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta práinne a tharmligean chuig an gCoimisiún sna
cásanna sin a bhfuil bonn cirt cuí leo de rioscaí do shláinte phoiblí nó do
shláinte ainmhithe. (33) Beidh gá le cur chuige
bainistíochta difriúil i gcás galar liostaithe. I gcás galar an‑tógálach
áirithe nach bhfuil san Aontas faoi láthair éilítear bearta diana chun iad a
dhíothú a luaithe is a tharlaíonn siad. I gcás galar eile a d’fhéadfadh a
bheith ann cheana in áiteanna san Aontas, tá díothú éigeantach nó deonach de
dhíth. Sa dá chás, is iomchuí srianta ar ghluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí a
chur ar bun, amhail toirmeasc ar ghluaiseachtaí isteach i limistéir atá buailte
agus amach astu, nó díreach tástáil a dhéanamh sula seoltar iad. I gcásanna
eile d’fhéadfadh sé gurbh iomchuí gan ach faireachas ar dháileadh an ghalair a
chur chun feidhme, gan aon bhearta breise a dhéanamh. Is amhlaidh a bheadh, go
háirithe, i gcás galair a thagann chun cinn nach bhfuil ach eolas teoranta ar
fáil faoi. (34) Ba cheart critéir a leagan
síos lena áirithiú go gcuirfear gach gné ábhartha san áireamh agus na galair in‑tarchurtha
ainmhithe ar cheart iad a liostú chun críocha an Rialacháin seo á gcinneadh agus
le hinfheidhmeacht rialacha an Rialacháin seo maidir le cosc agus rialú i leith
na ngalar liostaithe éagsúil a chinneadh le leanúnachas agus
comhsheasmhacht a áirithiú. Chun a áirithiú go gcuirfear ascnamh teicniúil agus
eolaíoch agus forbairtí caighdeán idirnáisiúnta ábhartha san áireamh, ba cheart
an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i
leith na leasuithe féideartha ar na critéir sin. (35) Maidir le rialacha
coisctheacha agus rialaithe an Rialacháin seo i dtaca le galar sonrach in‑tarchurtha
ainmhithe, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le speicis ainmhithe ar féidir
leo an galar lena mbaineann a tharchur, trí bheith so-ghabhálach ar an ngalar
nó trí ghníomhú mar a veicteoir. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun
feidhme an Rialacháin seo a áirithiú, is gá liosta comhchuibhithe speiceas a
bhunú ar ceart na bearta sonracha do ghalair shonracha a chur i bhfeidhm ina
leith ar leibhéal an Aontais ('speicis liostaithe') agus ar an gcaoi sin ba
cheart cumhachtaí cur chun feidhme i ndáil leis an liosta sin a leagan síos a
thabhairt don Choimisiún. (36) Bunaithe ar thábhacht agus ar
leibhéal tionchair galair liostaithe, a dháileadh, a leitheadúlacht, a ráta
tarlaithe san Aontas agus infhaighteacht beart coisctheach agus rialaithe galar
i ndáil leis an ngalar liostaithe sin, ba cheart catagóir dhifriúil rialacha
sonracha coisctheacha agus rialaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i
bhfeidhm go comhleanúnach agus go comhsheasmhach maidir le gach galar
liostaithe. (37) Chun coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo i ndáil le
bearta coisctheacha agus rialaithe galar is infheidhme maidir le galair
liostaithe, is gá cur i bhfeidhm na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a
chinneadh i ndáil le galair liostaithe ar leibhéal an Aontais Ar an gcaoi
sin, ba cheart cumhachtaí a thabhairt don Choimisiún na galair liostaithe sin
atá le bheith faoi réir rialacha áirithe a leagan síos. (38) Is iad oibreoirí, gairmithe
ainmhithe agus coimeádaithe peataí a bhíonn ag obair le hainmhithe is fearr atá
in ann sláinte ainmhithe agus táirgí faoina gcúram a bhreithniú agus a
áirithiú. Dá bhrí sin, is orthusan is ceart an príomhchúram a chur maidir le
bearta a chur i gcrích le leathadh galar i measc ainmhithe agus táirgí atá
faoina gcúram a chosc agus a rialú. (39) Tá an bhithshlándáil ar ceann
de na príomhuirlisí coisctheacha atá ar fáil d’oibreoirí, agus do dhaoine eile
atá ag obair le hainmhithe chun tabhairt isteach, forbairt agus leathadh galar
in‑tarchurtha ainmhithe go dtí an daonra ainmhithe a chosc mar aon lena
leathadh ar aghaidh ón daonra sin agus laistigh de. Aithnítear ról na
bithshlándála sa Mheasúnú Tionchair freisin le haghaidh glacadh dhlí an bhia de
chuid an AE agus déantar measúnú sonrach ar an tionchar a d'fhéadfadh bheith
aici. Chun a áirithiú go mbeidh bearta bithshlándála arna gcur i bhfeidhm ag
oibreoirí, gairmithe ainmhithe agus coimeádaithe peataí solúbtha go leor, go
gcoigeartófar iad chun oiriúnú don chineál táirgthe agus do na speicis nó na
catagóirí ainmhithe lena mbaineann agus go gcuirfidh siad san áireamh na
himthosca áitiúla agus na forbairtí teicniúla, ba cheart an chumhacht
gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le
ceanglais bhithshlándála fhorlíontacha atá níos mionsonraithe. (40) Tá ról tábhachtach ag táirgí
bithicíde, amhail díghalráin, do shláinteachas tréidliachta nó réimsí bia agus
beatha, dífheithidí, éarthaigh nó creimircídí i straitéisí bithshlándála, ar
leibhéal feirme agus le linn iompair ainmhithe araon. Ba cheart breathnú orthu
mar chuid den bhithshlándáil, dá bhrí sin. (41) Tá eolas faoi shláinte
ainmhithe, lena n‑áirítear comharthaí sóirt galar, iarmhairtí galar agus
modhanna féideartha lena gcosc, lena n‑áirítear bithshlándáil, cóireáil
agus rialú, ina réamhriachtanais le sláinte ainmhithe a bhainistiú go
héifeachtúil agus tá sé fíor‑riachtanach chun galair ainmhithe a bhrath
go luath. Ba cheart d’oibreoirí agus gairmithe eile ainmhithe, dá bhrí sin, an t‑eolas
sin a fháil de réir mar is iomchuí. Féadfar an t‑eolas sin a fháil trí
mhodhanna éagsúla, mar shampla oideachas foirmiúil, ach tríd an gCóras
Comhairleach Feirme fosta atá ann in earnáil na talmhaíochta nó trí oiliúint
neamhfhoirmiúil ar féidir le heagraíochtaí feirmeoirí náisiúnta agus Eorpacha
rannchuidiú go suntasach leo. Ba cheart aitheantas a thabhairt sa Rialachán seo
do na modhanna malartacha sin le heolas a fháil. (42) Tá ról fíor-riachtanach ag
tréidlianna agus ag gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha i ngach gné de
bhainistíocht sláinte ainmhithe, agus ba cheart rialacha ginearálta maidir lena
róil agus a gcúraimí a leagan síos sa Rialachán seo. (43) Tá an t‑oideachas agus
na cáilíochtaí gairmiúla ag tréidlianna lena n‑áirithiú go bhfuil an t‑eolas,
na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá acu, inter alia, le galair a
dhiagnóisiú agus le cóireáil a chur ar ainmhithe. Sa bhreis air sin, i
mBallstáit áirithe, ar chúiseanna stairiúla nó de dheasca easnaimh tréidlianna
a dhéileálann le galair uisceacha, tá gairm speisialaithe ann dá ngairtear
‘gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha’. Ní tréidlianna iad na gairmithe seo go
traidisiúnta ach cleachtann siad leigheas ainmhithe uisceacha. Ba cheart a
urramú sa Rialachán seo, cinneadh na mBallstát sin a aithníonn an ghairm
sin agus ba cheart na cúraimí agus na hoibleagáidí céanna agus atá ar
thréidlianna, a bheith ar ghairmithe sláinte ainmhithe uisceacha, maidir lena
réimse sonrach oibre. Tá an cur chuige seo ag luí le Cód um Shláinte Ainmhithe
Uisceacha na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe. (44) Chun a áirithiú go mbeidh
tréidlianna agus gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha a thugann faoi
ghníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo cáilithe go leor
agus go bhfaighidh siad oiliúint iomchuí, ba ceart an chumhacht gníomhartha a
ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil lena gcáiliú agus a n‑oiliúint. (45) Is iad na Ballstáit agus go
háirithe a gcuid údarás inniúil atá freagrach as sláinte ainmhithe na
príomhghníomhaithe i gcosc agus rialú galar in‑tarchurtha ainmhithe. Tá
ról tábhachtach ag an údarás inniúil um shláinte ainmhithe i ndáil le
faireachas, díothú, bearta rialaithe galar, pleanáil theagmhasach, múscailt
feasachta i dtaobh galar, agus in éascú gluaiseachtaí ainmhithe agus sa trádáil
idirnáisiúnta trí dheimhnithe sláinte ainmhithe a eisiúint. Le bheith ábalta a
gcuid dualgas a fheidhmiú faoin Rialachán seo, beidh na Ballstáit ag brath ar
rochtain a bheith acu ar acmhainní leordhóthanacha airgeadais, bonneagair agus
pearsanta ar fud a gcríoch, lena n‑áirítear toilleadh saotharlainne agus
saineolas eolaíoch agus eile ábhartha. (46) I ngeall ar na hacmhainní
teoranta, ní féidir leis an údarás inniúil na gníomhaíochtaí uile a
cheanglaítear air a dhéanamh faoin Rialachán seo a fheidhmiú i gcónaí. Ar an
ábhar sin, ní mór bunús dlí a sholáthar le feidhmiú na ngníomhaíochtaí sin a
tharmligean chuig tréidlianna. Chun a áirithiú go leagfar síos na coinníollacha
is gá do chur i bhfeidhm ginearálta beart coisctheacha agus rialaithe galar ar
fud an Aontais, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún
i ndáil le tarmligean fheidhmiú na ngníomhaíochtaí sin chuig tréidlianna agus a
n‑oiliúint iomchuí. (47) Ní féidir bainistíocht sláinte
ainmhithe barrfheabhsaithe a bhaint amach ach amháin i gcomhar le coimeádaithe
ainmhithe, oibreoirí, páirtithe leasmhara eile agus comhpháirtithe trádála.
Lena dtacaíocht a áirithiú is gá nósanna imeachta cinnteoireachta agus cur i
bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo a eagrú ar bhealach soiléir
agus trédhearcach. Dá bhrí sin, ba cheart don údarás inniúil na bearta iomchuí
a dhéanamh leis an bpobal a choimeád ar an eolas, go háirithe nuair atá foras
réasúnach ann le bheith in amhras faoi riosca a bheith ag baint le hainmhithe
nó táirgí do shláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí agus nuair is chun leas an
phobail cás ar leith. (48) Le scaoileadh oibreán galar ó
shaotharlanna, institiúidí agus saoráidí eile a láimhseálann oibreáin ghalar a
sheachaint, tá sé fíor-riachtanach go ndéanfaidh siad bearta iomchuí
bithshlándála, bithshábháilteachta agus bithshrianta. Dá bhrí sin, ba cheart
foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le bearta sábháilteachta atá le
comhlíonadh agus na hoibreáin ghalar sin, vacsaíní agus táirgí bitheolaíocha
eile á láimhseáil nó á n‑iompar. Ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid
sin maidir le haon duine dlítheanach nó nádúrtha atá bainteach leis an
ngníomhaíocht sin. Chun a áirithiú go n‑urramófar caighdeáin
sábháilteachta agus oibreáin ghalar atá an‑tógálach, vacsaíní agus táirgí
bitheolaíocha eile á láimhseáil, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh
i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais
Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le bearta sábháilteachta sna
saotharlanna, institiúidí agus saoráidí sin agus gluaiseachtaí oibreán galar. (49) Tá sé fíor‑riachtanach
luathbhrath agus slabhra soiléir um fhógra a thabhairt agus um thuairisciú a
bheith ar bun le rialú éifeachtach a dhéanamh ar ghalair. Chun freagairt
éifeachtúil agus thapa a bhaint amach ba cheart aon amhras nó dearbhú i leith
ráige de ghalair áirithe liostaithe a fhógairt láithreach don údarás inniúil.
Ba cheart na hoibleagáidí sin i ndáil le fógra a thabhairt a bheith infheidhme
maidir le haon duine nádúrtha nó dlítheanach lena n‑áirithiú nach
dtarlóidh aon ráig galair gan é a thabhairt faoi deara. (50) Is príomhghníomhaithe iad
tréidlianna in imscrúdú galar agus is príomhnasc iad idir oibreoirí agus an t‑údarás
inniúil. Dá bhrí sin, ba cheart don oibreoir fógra a thabhairt dóibh i
gcásanna mortlaíochtaí neamhghnácha, fadhbanna tromchúiseacha galar eile nó
rátaí táirgthe atá laghdaithe go suntasach a bhfuil cúis neamhchinntithe leo. (51) Chun a áirithiú go dtabharfar
fógra éifeachtach agus éifeachtúil agus chun imthosca éagsúla a bhaineann le
mortlaíochtaí neamhghnácha agus airíonna eile galar tromchúiseach a shoiléiriú,
ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún
i ndáil le critéir lena chinneadh cad iad na himthosca atá ábhartha chun
an fógra a thabhairt agus na rialacha maidir le himscrúdú breise, nuair atá an
méid sin ábhartha. (52) I gcás galar liostaithe
áirithe tá sé fíor-riachtanach go dtabharfar fógra don Choimisiún agus do na
Ballstáit eile faoi na galair. Leis an bhfógra sin a thabhairt don Aontas beidh
na Ballstáit chomharsanachta nó Ballstáit eile a ndéantar difear dóibh, in ann
bearta réamhchúramacha a dhéanamh nuair a dhlítear amhlaidh. Le coinníollacha
aonfhoirmeacha do chur chun feidhme an fhógra sin don Aontas a áirithiú,
tabharfar cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún. (53) Ar an taobh eile, ní gá fógra
agus gníomhaíocht láithreach i gcás galar áirithe. Sna cásanna sin tá bailiú
faisnéise agus tuairisciú i ndáil le teagmhais na ngalar sin fíor‑riachtanach
le staid an ghalair a rialú agus le bearta coisctheacha agus rialaithe galar a
dhéanamh. Féadfar go mbeidh feidhm ag an gceanglas tuairiscithe seo maidir le
galair atá faoi réir fógra a thabhairt don Aontas ach go mbeidh gá le faisnéis
bhreise le haghaidh cur chun feidhme beart éifeachtach coisctheach agus
rialaithe galar. Chun a áirithiú go mbaileofar an fhaisnéis cheart agus na
sonraí cearta, a bhfuil gá leo chun leathadh gach galair ar leith a rialú nó a
chosc, sa chreat ama ceart, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i
gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis na hábhair atá le tuairisciú. (54) Ar na príomhchuspóirí a
bhaineann le fógra a thabhairt i leith galair agus tuairisciú air, tá giniúint
sonraí eipidéimeolaíocha atá iontaofa, trédhearcach agus inrochtana. Ba cheart
córas faisnéise ríomhairithe do bhailiú agus bainistiú éifeachtach sonraí
faireachais a bhunú ar leibhéal an Aontais do ghalair liostaithe agus, nuair is
ábhartha, do ghalair atá ag teacht chun cinn nó pataiginí atá frithsheasmhach
in aghaidh frithmhiocróbach. Ba cheart infhaighteacht sonraí barrmhaithe a chur
chun cinn leis an gcóras sin, éascú malartaithe sonraí, agus laghdú an ualaigh riaracháin
d’údaráis inniúla na mBallstát trí fhógra i leith galair a thabhairt agus
tuairisciú orthu laistigh den Aontas agus ar leibhéal idirnáisiúnta a chumasc
in aon phróiseas amháin (is ionann sin agus bunachar sonraí WAHIS/WAHID de
chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe). Ba cheart
comhsheasmhacht leis an malartú faisnéise i gcomhréir le Treoir 2003/99/CE[24] a áirithiú. (55) Chun coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na rialacha maidir le fógra a
thabhairt i leith galar san Aontas agus na rialacha maidir le tuairisciú, ba
cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún liosta galar a
bhunú atá faoi réir rialacha maidir le fógra a thabhairt don Aontas agus maidir
le tuairisciú don Aontas dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus leis na nósanna
imeachta, formáidí, sonraí agus malartuithe faisnéise is gá a bhunú i dtaca le
fógra a thabhairt i leith galar agus i dtaca le tuairisciú. (56) Is príomhghné de chuid
beartais rialaithe galar é an faireachas. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le
luathbhrath galar in‑tarchurtha ainmhithe agus fógra éifeachtúil a
thabhairt ina leith, ar an gcaoi sin ag cur ar chumas na hearnála agus an
údaráis inniúil, le bearta coisctheacha agus rialaithe galar tráthúla a chur
chun feidhme, nuair is indéanta, agus le galar a dhíothú. Ina theannta sin, ba
cheart dó faisnéis faoi stádas sláinte ainmhithe gach Ballstáit agus an Aontais
a sholáthar, ar an gcaoi sin ag cur le saoirse ó ghalair agus ag éascú trádála
le tríú tíortha. (57) Breathnaíonn oibreoirí a gcuid
ainmhithe ar bhonn rialta agus is iad is fearr is féidir mortlaíochtaí
neamhghnácha nó comharthaí sóirt tromchúiseacha galair a bhrath Is iad na
hoibreoirí cloch coirnéil aon fhaireachais a dhéantar agus tá siad fíor‑riachtanach
don fhaireachas arna ghabháil ar láimh ag an údarás inniúil. (58) Le dlúthchomhar agus malartú
faisnéise idir oibreoirí agus tréidlianna nó gairmithe sláinte ainmhithe
uisceacha a áirithiú agus leis an bhfaireachas arna ghabháil ar láimh ag
oibreoirí a fhorlíonadh, ba cheart do bhunaíochtaí, de réir mar is iomchuí don
chineál táirgthe agus fachtóirí ábhartha eile, bheith faoi réir cuairteanna
maidir le sláinte ainmhithe. Chun a áirithiú go mbeidh leibhéal faireachais
comhréireach leis na rioscaí a bhaineann leis i gcineálacha éagsúla
bunaíochtaí, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún
maidir le critéir agus ábhar na gcuairteanna sin i dtaca le sláinte ainmhithe i
gcineálacha éagsúla bunaíochtaí. (59) Tá sé fíor-riachtanach go
mbeidh córas faireachais curtha ar bun ag an údarás inniúil i gcás na ngalar
liostaithe atá faoi réir faireachais. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid sin
maidir le galair atá ag teacht chun cinn freisin, i gcás inar cheart rioscaí
féideartha an ghalair sin a mheasúnú agus sonraí eipidéimeolaíocha a bhailiú le
haghaidh an mheasúnaithe sin. Leis an úsáid is fearr acmhainní a áirithiú ba
cheart faisnéis a bhailiú, a chomhroinnt agus a úsáid ar an mbealach is
éifeachtaí agus is éifeachtúla is féidir. (60) Ba cheart modheolaíocht,
minicíocht agus déine an fhaireachais a oiriúnú do gach galar ar leith agus
aidhm shonrach an fhaireachais, stádas sláinte ainmhithe sa réigiún lena mbaineann
agus aon fhaireachas breise arna dhéanamh ag oibreoirí a chur san áireamh. (61) I gcásanna áirithe, agus ag
brath ar phróifíl eipidéimeolaíoch galair agus fachtóirí riosca ábhartha,
féadfar gur gá clár struchtúrtha faireachais a chur ar bun. Sa chás sin is
iomchuí do na Ballstáit cláir a bhfuil bunús eipidéimeolaíoch leo a fhorbairt.
Ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún
maidir le struchtúr faireachais, na critéir do dhearbhú oifigiúil ráigeanna
agus sainmhínithe na ngalar sin agus na ceanglais le haghaidh clár faireachais
i ndáil lena n‑ábhair, faisnéis atá le háireamh iontu agus an tréimhse
ina gcuirfear i bhfeidhm iad. (62) Le comhordú idir na Ballstáit
a chur chun cinn agus lena áirithiú go mbeidh na cláir faireachais sin
comhsheasmhach le cuspóirí an Aontais, ba cheart iad a chur faoi bhráid an
Choimisiúin agus Ballstát eile chun iad a chur ar an eolas. Ina theannta sin,
ba cheart don Bhallstát atá ag cur an chláir faireachais chun feidhme
tuarascálacha rialta ar thorthaí an chláir faireachais sin a chur faoi bhráid
an Choimisiúin. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun
feidhme na gclár faireachais, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt
don Choimisiún liosta galar atá faoi réir clár faireachais a bhunú agus nósanna
imeachta, formáidí, malartú sonraí agus faisnéise comhchuibhithe a chur ar bun. (63) Ba cheart a cheangal ar na
Ballstáit nach bhfuil saor nó nach aitheanta iad a bheith saor ó ghalair
liostaithe atá faoi réir beart díothaithe éigeantaigh dá bhforáiltear sa
Rialachán seo, cláir éigeantacha díothaithe a bhunú leis na galair sin a
dhíothú i gcás ina bhfuil díothú éigeantach san Aontas nó ba cheart go
bhféadfadh na Ballstáit sin cláir dheonacha díothaithe a bhunú leis na galair
sin a dhíothú i gcás ina bhfuil an díothú beartaithe ag an Aontas ach nach
bhfuil sé éigeantach. Le coinníollacha aonfhoirmeacha do chur i bhfeidhm
ginearálta ar fud an Aontais a áirithiú, is gá ceanglais chomhchuibhithe a
leagan síos do na cláir dhíothaithe éigeantacha nó deonacha sin. Chun díothú
éifeachtach galar a áirithiú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i
gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le cuspóirí na straitéisí rialaithe
galar, bearta rialaithe galar faoi na cláir dhíothaithe éigeantacha nó
dheonacha agus faoi cheanglais na gclár sin. (64) Chun coinníollacha
aonfhoirmeacha do chur chun feidhme na gclár díothaithe galar a áirithiú, ba
cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún nósanna imeachta
a leagan síos maidir le tíolacadh na gclár, na dtáscairí feidhmíochta agus an
tuairiscithe sin. (65) Ina theannta sin, ba cheart an
deis a thabhairt do na Ballstáit a gcríocha iomlána, criosanna nó deighleoga
díobh a dhearbhú bheith saor ó cheann amháin nó níos mó de na galair liostaithe
atá faoi réir rialacha maidir le cláir díothaithe éigeantacha nó dheonacha,
chun cosaint a thabhairt i gcoinne na ngalar sin teacht isteach ó áiteanna eile
san Aontas nó ó thríú tíortha nó tríú críocha. Ba cheart nós imeachta
comhchuibhithe soiléir, lena n‑áirítear na critéir is gá do stádas saor ó
ghalar, a bhunú chun na críche sin. Le coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú
do chur chun feidhme an aitheantais ar stádas saor ó ghalair laistigh den
Aontas, is gá an stádas saor ó ghalair sin a fhormheas go hoifigiúil agus ar an
gcaoi sin ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún lena
leithéid de stádas a fhormheas. (66) Rinne an OIE coincheap na
roinnte i ndeighleoga a thabhairt isteach i gcreat na gCód um Shláinte
Ainmhithe Talún agus Uisceacha (Cóid an OIE). I reachtaíocht an Aontais roimh
an Rialachán seo, ní aithnítear an coincheap sin ach amháin do speicis agus
galair áirithe ainmhithe, atá sonraithe sa reachtaíocht shonrach de chuid an
Aontais sin, eadhon i gcás fliú éanúil agus galar ainmhithe uisceacha. Ba
cheart a bhunú sa Rialachán seo go bhféadfaí an córas roinnte i ndeighleoga a
úsáid do speicis agus galair eile ainmhithe. Chun na coinníollacha
mionsonraithe a leagan síos maidir le haithint rialacha maidir le formheas agus
na ceanglais a bhaineann le deighleoga, ba cheart an chumhacht gníomhartha a
ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún. (67) Ba cheart do na Ballstáit a
gcríocha, criosanna agus deighleoga atá saor ó ghalair a phoibliú chun críche
comhpháirtithe trádála a chur ar an eolas agus trádáil a éascú. (68) Chun na coinníollacha
mionsonraithe a leagan síos maidir le haitheantas a thabhairt do stádas saor ó
ghalair, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún
i ndáil leis na critéir maidir leis an stádas sin a fháil, an fhianaise is gá
chun bunús a thabhairt le saoirse ó ghalair, bearta coisctheacha agus rialaithe
galar ar leith srianta, faisnéis atá le soláthar, maoluithe agus coinníollacha
maidir le stádas saor ó ghalair a chothabháil, a fhionraí, a aistarraingt nó a
thabhairt ar ais. (69) Chun coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na nósanna imeachta chun stádas
saor ó ghalair a fháil, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don
Choimisiún na galair liostaithe a shuíomh a d’fhéadfadh bheith faoi réir
roinnte ina ndeighleoga agus rialacha mionsonraithe a leagan síos i dtaca le
formáidí d'iarratais a chur isteach, agus i dtaca le malartú faisnéise. (70) I ngeall ar dhaonra ainmhithe
atá go hiomlán neamh‑imdhíonach a bheith ann, iad so‑ghabhálach ar
ghalair liostaithe áirithe, ní foláir bheith feasach ar ghalair agus bheith
ullamh dóibh i gcónaí. Tá teist mhaith ar phleananna teagmhais mar uirlis
rí-thábhachtach le haghaidh rialú rathúil éigeandálaí galair san am atá thart.
Chun an uirlis éifeachtach agus éifeachtúil seo do rialú staideanna éigeandála
a áirithiú, ar uirlis sholúbtha í chun oiriúnú do na staideanna éigeandála, ba
cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún
i ndáil le ceanglais agus coinníollacha mionsonraithe do phleananna teagmhais. (71) Is léir ó éigeandálaí sláinte
ainmhithe san am atá thart na tairbhí a bhaineann le nósanna imeachta
bainistíochta atá sonrach, mionsonraithe agus tapa le haghaidh éigeandálaí
galair. Ba cheart a áirithiú leis na nósanna imeachta eagraíochtúla sin go
mbeidh freagairt thapa agus éifeachtach agus feabhas ar comhordú iarrachtaí na
bpáirtithe uile a bhfuil baint acu leo, agus go háirithe na húdaráis inniúla
agus na páirtithe leasmhara. (72) Le hinfheidhmeacht na
bpleananna teagmhais i staideanna éigeandála réadacha a áirithiú, tá sé fíor‑riachtanach
na córais a thástáil agus a chleachtadh féachaint an bhfuil siad ag obair. Chun
na críche sin, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát freachnaimh
ionsamhlúcháin a dhéanamh, i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát
comharsanachta agus tríú tíortha agus tríú críocha, nuair is indéanta agus is
ábhartha. (73) Chun coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú chun na pleananna teagmhais agus na freachnaimh
ionsamhlúcháin a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a
thabhairt don Choimisiún rialacha a leagan síos maidir le cur chun feidhme
praiticiúil na bpleananna agus na bhfreachnamh sin. (74) Tá ról tábhachtach ag táirgí
íocshláinte tréidliachta amhail vacsaíní, séirim hipir‑imdhíonacha agus
frithmhiocróbaigh i gcosc agus rialú galar in‑tarchurtha ainmhithe. Sa
mheasúnú tionchair le haghaidh glacadh Dhlí an AE i ndáil le Sláinte Ainmhithe
leagtar béim go háirithe ar thábhacht vacsaíní mar uirlis chun galair ainmhithe
a chosc, a rialú agus a dhíothú. (75) Mar sin féin, le straitéisí
rialaithe do ghalair in‑tarchurtha áirithe ainmhithe, ceanglaítear
toirmeasc nó srianadh ar úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta áirithe, toisc
go gcuirfeadh a n‑úsáid bac ar éifeachtacht na straitéisí sin. Mar
shampla, a bhuí do shéirim hipir-imdhíonacha nó oibreáin fhrithmhiocróbacha
féadfar léiriú airíonna galair a cheilt, féadfar nach féidir oibreán galair a
bhrath nó gur deacair diagnóis thapa agus dhifreálach a dhéanamh agus ar an
gcaoi sin brath ceart galair a chur i mbaol. (76) Mar sin féin, féadfaidh
éagsúlachtaí substainteacha a bheith idir na straitéisí rialaithe idir galair
liostaithe éagsúla. Ar an gcaoi sin ba cheart don Rialachán seo foráil a
dhéanamh maidir le rialacha i dtaca le táirgí íocshláinte tréidliachta a úsáid
chun galair liostaithe a chosc agus a rialú agus le haghaidh critéar
comhchuibhithe le cur san áireamh nuair atáthar ag cinneadh cibé acu
vacsaíní, séirim hipir‑imdhíonacha agus frithmhiocróbaigh a úsáid nó gan
iad a úsáid agus conas iad a úsáid. Chun cur chuige solúbtha a áirithiú agus
chun díriú ar shainiúlachtaí na ngalar liostaithe éagsúil agus infhaighteacht
na gcóireálacha éifeachtacha, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i
gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le srianta, toirmisc nó oibleagáidí
táirgí íocshláinte tréidliachta a úsáid faoi chuimsiú galar áirithe ainmhithe a
rialú. I gcás práinne agus chun díriú ar rioscaí atá ag teacht chun cinn a
d’fhéadfadh impleachtaí millteacha bheith acu do shláinte phoiblí nó sláinte an
duine, an geilleagar, an tsochaí nó an comhshaol, ba cheart go bhféadfaí na
bearta sin a ghlacadh tríd an nós imeachta práinne. (77) Ag éirí as na gconclúidí sa
tuairim shaineolach ar vacsaíní agus/nó bancanna diagnóiseacha do
phríomhghalair ainmhithe[25]
ba cheart go bhféadfadh an tAontas agus na Ballstáit cúlchistí antaiginí,
vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha a bhunú le haghaidh galar liostaithe ar
bagairt thromchúiseach iad do shláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí. Le bunú
bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha chuirfí chun cinn
cuspóirí an Aontais i dtaca le sláinte ainmhithe trí freagairt thapa agus
éifeachtach a chumasú nuair atá gá lena acmhainní agus is úsáid éifeachtúil
acmhainní teoranta é. (78) Chun an fhreagairt thapa agus
éifeachtúil sin a áirithiú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i
gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na bainc sin a bhunú agus a
bhainistiú, agus le caighdeáin agus ceanglais shábháilteachta d’oibriú na mbanc
sin. Mar sin féin, níor cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le
rialacha i dtaca le maoiniú na mbeart chun galair a chosc agus a rialú, lena n‑áirítear
vacsaíniú. (79) Ba cheart na critéir maidir le
rochtain tosaíochta ar acmhainní bhainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe
diagnóiseacha an Aontais a bhunú lena ndáileadh éifeachtach in éigeandálaí a
áirithiú. (80) Ar chúiseanna slándála i ndáil
le bithsceimhlitheoireacht agus agraisceimhlitheoireacht, ba cheart déileáil le
fáisnéis mhionsonraithe áirithe a bhaineann le bainc antaiginí, vacsaíní agus
imoibrithe diagnóiseacha an Aontais mar fhaisnéis rúnaicmithe agus ba cheart
toirmeasc a chur ar a foilsiú. (81) Chun coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú do bhainistíocht bhainc antaiginí, vacsaíní agus
imoibrithe diagnóiseacha an Aontais, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a
thabhairt don Choimisiún rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na
táirgí bitheolaíocha atá le háireamh sna bainc sin agus faoi choinne cén
ghalair, agus rialacha mionsonraithe i dtaca le soláthar, cainníochtaí,
stóráil, seachadadh, ceanglais theicniúla agus nós imeachta vacsaíní, antaiginí
agus imoibrithe diagnóiseacha agus minicíocht agus ábhar na faisnéise arna gcur
faoi bhráid an Choimisiúin. (82) I gcás ráige de ghalar
liostaithe a mheastar mar ardriosca do shláinte ainmhithe nó do shláinte
phoiblí san Aontas, is gá bearta rialaithe galar a dhéanamh láithreach chun an
galar liostaithe sin a dhíothú chun sláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí agus
na hearnálacha ábhartha a chosaint. (83) Ba cheart an príomhchúram i
dtaca le leathadh galar in‑tarchurtha ainmhithe a rialú agus a chosc a
bheith ar oibreoirí, gairmithe ainmhithe agus coimeádaithe peataí. Ba cheart
dóibh dul i mbun birt láithreach i gcás ina bhfuil amhras nó dearbhú ann i
dtaobh galair an‑tógálach a bheith ann. (84) Ba cheart é bheith de chúram
ar an údarás inniúil tús a chur leis na chéad imscrúduithe chun ráig de ghalar
liostaithe an‑tógálach a dhearbhú nó a chur as an áireamh, galar a
mheastar mar ardriosca do shláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí san Aontas. (85) Ba cheart don údarás inniúil
bearta réamhbhearta rialaithe galair a chur ar bun le leathadh féideartha an ghalair
liostaithe a chosc agus ba cheart dóibh tabhairt faoi fhiosrúchán
eipidéimeolaíoch. (86) A luaithe is a dhearbhófar
galar liostaithe ba cheart don údarás inniúil na bearta rialaithe galair is gá
a dhéanamh lena n‑áirítear, más gá, bunú criosanna srianta, leis an
ngalar sin a dhíothú agus a leathadh a chosc. (87) Féadfaidh teagmhas galair
liostaithe in ainmhithe fiáine sláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe ar
coimeád a chur i mbaol. Ba cheart rialacha ar leith a leagan síos dá bhrí sin,
maidir le bearta rialaithe agus díothaithe galar a chur chun feidhme i measc
ainmhithe fiáine nuair is gá. (88) I gcás galar liostaithe nach
bhfuil an‑tógálach agus atá faoi réir díothú éigeantach, ba cheart bearta
rialaithe galar a chur chun feidhme le leathadh na ngalar sin a chosc, go
háirithe go limistéir nach bhfuil ionfhabhtú i láthair iontu. Mar sin féin,
féadfaidh na bearta sin bheith níos teoranta nó éagsúil ó na bearta is
infheidhme maidir leis na galair liostaithe is contúirtí. Dá bhrí sin ba cheart
foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le rialacha speisialta do na galair
sin. Ba cheart do na Ballstáit a bhfuil clár díothaithe deonach ar bun acu, na
bearta rialaithe galar sin a chur chun feidhme chomh maith. Mar sin féin, ba
cheart leibhéal agus déine beart rialaithe galar a bheith comhréireach agus
saintréithe an ghalair liostaithe i gceist, a dháileadh agus a thábhacht don
Bhallstát lena mbaineann agus don Aontas ina iomláine a chur san áireamh. (89) Chun cur i bhfeidhm
éifeachtach na mbeart rialaithe galar dá bhforáiltear sa Rialachán seo ag
oibreoirí, coimeádaithe peataí agus ag na húdaráis inniúla a áirithiú, agus ag
cur san áireamh sainiúlachtaí na mbeart rialaithe galar do ghalair liostaithe
áirithe agus na fachtóirí riosca a bhaineann leo, ba cheart an chumhacht
gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún, i ndáil leis
na bearta mionsonraithe rialaithe galar i gcás amhrais nó dearbhú i dtaobh
galair liostaithe i mbunaíochtaí, i láithreacha eile agus i gcriosanna srianta. (90) Chun foráil a dhéanamh le go
bhféadfar bearta speisialta a ghlacadh ar bhonn sealadach i gcás nach leor nó
nach iomchuí na bearta rialaithe galar chun díriú ar an riosca, ba cheart
cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le bearta
speisialta rialaithe galar a leagan síos ar feadh tréimhse teoranta. (91) Tá gá le clárú iompróirí
áirithe agus bunaíochtaí áirithe a choimeádann ainmhithe talún nó a
láimhseálann nó a iompraíonn táirgí geirmeacha chun gur féidir leis na húdaráis
inniúla faireachas leormhaith a dhéanamh agus chun galair in‑tarchurtha
ainmhithe a chosc, a rialú agus a dhíothú. (92) I gcás ina gcuireann cineál
áirithe bunaíochta, ina gcoimeádtar ainmhithe talún nó ina láimhseáiltear nó
ina stóráiltear táirgí geirmeacha, sláinte ainmhithe i mbaol mór, ba cheart é a
bheith faoi réir formheasa ag an údarás inniúil. (93) Le hualach riaracháin agus
costais nach bhfuil bonn cirt leo a sheachaint, go háirithe i gcás fiontar beag
agus meánmhéide (FBManna) ba cheart solúbthacht a thabhairt do na Ballstáit
chun an córas riaracháin agus formheasa a oiriúnú do choinníollacha agus do
phatrúin táirgthe áitiúla agus réigiúnacha. (94) D'fhonn ualaí riaracháin a
laghdú, ba cheart, nuair is féidir, clárú agus formheas a bheith chomhtháite
isteach i gcóras clárúcháin nó formheasa atá bunaithe cheana ag na Ballstáit
chun críoch eile. (95) Tá eolas bunaithe ar thaithí
ar an láthair ag oibreoirí faoi na hainmhithe atá faoina gcúram. Ba cheart
dóibh, dá bhrí sin, taifid faisnéise atá cothrom le dáta a choimeád, taifid atá
ábhartha chun stádas sláinte ainmhithe a mheasúnú, le haghaidh inrianaitheachta
agus fiosrú eipidéimeolach i gcás galar liostaithe a bheith ann. Ba cheart don
údarás inniúil bheith in ann rochtain a fháil ar na taifid sin go héasca. (96) Chun a áirithiú go mbeidh
faisnéis atá cothrom le dáta ar fáil don phobal faoi na bunaíochtaí agus na
hiompróirí atá cláraithe agus faoi bhunaíochtaí formheasta, ba cheart don
údarás inniúil clár a bhunú agus a choimeád de na bunaíochtaí agus na
hiompróirí sin. Ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290
den Chonradh ar fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an
gCoimisiún, i ndáil leis an bhfaisnéis atá le bheith i gclár na mbunaíochtaí
agus na n‑iompróirí agus na ceanglais maidir le taifid a choimeád, maidir
leis an bhfaisnéis atá le taifeadadh, maoluithe ar na ceanglais maidir le
taifid a choimeád agus na ceanglais bhreise shonracha maidir le táirgí
geirmeacha. (97) Chun coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na gceanglas atá leagtha síos sa
Rialachán seo maidir le clárú agus formheas na mbunaíochtaí agus maidir le
coimeád na dtaifead agus leis na cláir, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a
thabhairt don Choimisiún rialacha a leagan síos maidir leis na hoibleagáidí
faisnéise, díolúintí agus modúlachtaí eile, formáidí agus sainiúlachtaí
oibríochtúla na gclár agus na dtaifead. (98) Is príomhghné de chuid
beartais rialaithe galar é an inrianaitheacht éifeachtúil. Ba cheart na
ceanglais maidir le sainaithint agus clárú is sonrach do na speicis éagsúla
ainmhithe talún arna gcoimeád agus maidir le táirgí geirmeacha a bheith curtha
ar bun chun cur i bhfeidhm éifeachtach na rialacha coisctheacha agus rialaithe
galar dá bhforáiltear sa Rialachán seo a éascú. Sa bhreis air sin, tá sé
tábhachtach a fhoráil go bhféadfaí córas sainaitheanta agus clárúcháin a bhunú
do na speicis nach bhfuil na socruithe sin ann dóibh faoi láthair, nuair a dhlíonn
imthosca atá ag athrú agus rioscaí amhlaidh. (99) Chun oibriú rianúil an chórais
sainaitheanta agus chlárúcháin a áirithiú agus chun inrianaitheacht a áirithiú,
ba cheart an chumhacht gníomhartha a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 290
a tharmligean chuig an gCoimisiún, i ndáil leis na hoibleagáidí maidir le
bunachair sonraí, ainmniú an údaráis inniúil, ceanglais mhionsonraithe i dtaca
le sainaithint agus clárú speiceas éagsúil ainmhithe agus doiciméad. (100) Is iomchuí na hualaí riaracháin
agus na costais a laghdú agus foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht an
chórais in imthosca inar féidir na ceanglais inrianaitheachta a bhaint amach
trí mhodh eile seachas na modhanna atá leagtha amach sa Rialachán seo. Ba
cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a
ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh maidir leis na maoluithe ar na ceanglais sainaitheanta agus
chlárúcháin. (101) Chun coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an chórais sainaitheanta agus
chlárúcháin agus chun inrianaitheacht a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun
feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha a leagan síos maidir le
sainiúlachtaí teicniúla do bhunachair sonraí, modhanna sainaitheanta, doiciméid
agus formáidí, na spriocdhátaí, agus critéir do dhíolúintí ar na córais sin. (102) Is uirlis thábhachtach chun
teacht isteach agus leathadh galair in‑tarchurtha ainmhithe a chosc é
srianta a chur i bhfeidhm ar ghluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí a d’fhéadfadh
an galar sin a tharchur. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar
eacnamaíoch dian mar thoradh ar shrianadh gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí
agus go gcuirfí isteach ar an margadh inmheánach. Níor cheart na srianta sin a
chur i bhfeidhm ach amháin i gcás inar gá agus ar bhealach comhréireach leis na
rioscaí atá i gceist. Tá an cur chuige seo ag luí leis na prionsabail atá
leagtha síos i gComhaontú SPS agus i gcaighdeáin idirnáisiúnta an OIE. (103) Ba cheart feidhm a bheith ag na
ceanglais ghinearálta atá leagtha síos sa Rialachán seo maidir le gluaiseachtaí
uile ainmhithe, amhail toirmeasc ar ghluaiseacht ainmhithe ó bhunaíocht ina
bhfuil mortlaíochtaí neamhghnácha nó comharthaí sóirt eile galair a bhfuil cúis
neamhchinntithe leo, nó ceanglais maidir le galar a chosc le linn iompair
ainmhithe. (104) Sa chreat dlíthiúil, atá
leagtha síos faoi láthair i reachtaíocht an Aontais maidir le gluaiseacht
ainmhithe talún, leagtar síos rialacha comhchuibhithe le haghaidh gluaiseachtaí
ainmhithe agus táirgí talún idir Ballstáit go príomha, agus fágtar faoi na
Ballstáit é na ceanglais is gá maidir le gluaiseachtaí laistigh dá gcríoch a
chinneadh. Sa mheasúnú tionchar ar Dhlí an AE um Shláinte Ainmhithe leagadh
amach go mionsonraithe comparáid idir an staid reatha agus rogha lena
gcomhchuibheofaí rialacha maidir le gluaiseachtaí laistigh de na Ballstáit, ar
leibhéal an Aontais. Baineadh de thátal as an méid sin gur cheart an cur chuige
reatha a choimeád, toisc go mbeadh comhchuibhiú na ngluaiseachtaí uile an‑chasta
agus nach mó na tairbhí i dtéarmaí gluaiseachtaí idir na Ballstáit a éascú ná
an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ann ó thaobh cumais rialaithe
galar. (105) I gcás ainmhithe a aistrítear
idir na Ballstáit tá feidhm ag sraith buncheanglas maidir le sláinte ainmhithe
ina leith. Go háirithe, ní fhéadfar ainmhithe a aistriú ó bhunaíochtaí a bhfuil
mortlaíochtaí neamhghnácha nó airíonna galair nach fios céard is cúis leo
iontu. Mar sin féin, níor cheart go mbeadh mortlaíochtaí, fiú más neamhghnách
iad, atá nasctha le nósanna imeachta taighde arna n‑údarú faoi Threoir 2010/63/AE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010
maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch[26], agus nach de bhunadh
ionfhabhtaíoch iad ó thaobh galar liostaithe de, ina gcúis le gluaiseachtaí
ainmhithe, atá beartaithe lena n‑úsáid chun críoch eolaíoch, a chosc. (106) Mar sin féin, ba cheart sa
Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht chun gluaiseachtaí
speiceas agus catagóirí ainmhithe talún a éascú, nach mbaineann ach riosca
íseal leo ó thaobh galar liostaithe a leathadh idir na Ballstáit. Sa bhreis air
sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le tuilleadh maoluithe i gcásanna ina n‑éiríonn
leis na Ballstáit nó le hoibreoirí bearta malartacha maolaithe riosca a chur ar
bun, amhail ardleibhéil bhithshlándála agus córais faireachais éifeachtacha. (107) Is grúpaí speiceas ainmhithe a
bhfuil an‑tábhacht eacnamaíoch ag baint leo iad crúbaigh agus éanlaith
chlóis agus tá siad faoi réir ceanglas sonrach maidir le gluaiseacht faoi
reachtaíocht an Aontais a glacadh roimh an Rialachán seo, eadhon, Treoir 64/432/CEE
ón gComhairle an 26 Meitheamh 1964 maidir le fadhbanna sláinte
ainmhithe a dhéanann difear do thrádáil laistigh den Chomhphobal i mbó
ainmhithe agus i mucra[27],
Treoir 91/68/CEE ón gComhairle an 28 Eanáir 1991 maidir le
coinníollacha sláinte ainmhithe a rialaíonn trádáil in ainmhithe de chineál
caorach agus de chineál gabhair laistigh den Chomhphobal[28], Treoir 2009/156/CE ón gComhairle
an 30 Samhain 2009 maidir le coinníollacha sláinte ainmhithe a
rialaíonn gluaiseacht agus allmhairiú eachainmhithe ó thríú tíortha[29] , Treoir 2009/158/CE ón
gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinníollacha sláinte
ainmhithe a rialaíonn trádáil in éanlaith chlóis agus uibheacha goir laistigh
den Chomhphobal agus allmhairí díobh ó thríú tíortha[30] , agus i bpáirt Treoir 92/65/CEE
ón gComhairle an 13 Iúil 1992 lena leagtar síos ceanglais maidir le
sláinte ainmhithe a rialaíonn trádáil isteach sa Chomhphobal d’ainmhithe, de
sheamhan, d’uibheoga agus de shuthanna nach bhfuil faoi réir na gceanglas do
shláinte ainmhithe atá leagtha síos sna rialacha sonracha chomhphobail dá
dtagraítear in Iarscríbhinn A (I) a ghabhann le Treoir 90/425/CEE[31]. Ba cheart na príomhrialacha
maidir le gluaiseacht na speiceas sin a leagan síos sa Rialachán seo. Ba cheart
na ceanglais mhionsonraithe a bhraitheann go príomha ar na galair a fhéadtar a
tharchur trí speicis nó catagóirí éagsúla ainmhithe a rialáil i ngníomhartha dlíthiúla
iardain ón gCoimisiún, ag cur san áireamh sainiúlachtaí na ngalar, na speiceas
agus na gcatagóirí ainmhithe atá i gceist. (108) Toisc go bhfuil riosca galair
thar a bheith ard ag baint le hoibríochtaí tionóla do chrúbaigh agus d'
éanlaith chlóis, is iomchuí rialacha sonracha a leagan síos sa Rialachán seo le
sláinte ainmhithe lena mbaineann a chosaint agus le leathadh galar in‑tarchurtha
a chosc. (109) Ag brath ar na galair
liostaithe agus ar na speicis liostaithe, is gá ceanglais shonracha maidir le
sláinte ainmhithe a leagan síos i gcás speiceas áirithe ainmhithe seachas
crúbaigh ar coimeád agus éanlaith chlóis. Leagadh síos rialacha maidir leis na
speicis sin freisin sa chreat dlíthiúil ab infheidhme roimh an Rialachán seo
agus go háirithe i dTreoir 92/65/CEE. Sa Treoir sin tá rialacha
sonracha maidir le gluaiseacht speiceas ainmhithe lena n‑áirítear beacha,
bumbóga, ápaí, madraí agus cait etc. agus ba cheart , dá bhrí sin, foráil a
dhéanamh sa Rialachán seo maidir le bunús dlí do ghlacadh gníomhartha
tarmligthe agus cur cun feidhme lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le
gluaiseacht na speiceas ainmhithe sin. (110) Maidir le bunaíochtaí
comhdhúnta, a úsáidtear de ghnáth le hainmhithe saotharlainne nó ainmhithe zú a
choimeád, is iondúil go mbaineann ardleibhéal bithshlándála, stádas sláinte
fabhrach agus dea-rialaithe leo agus tarlaíonn níos lú gluaiseachtaí iontu nó
gluaiseachtaí laistigh de chiorcaid iata na mbunaíochtaí sin amháin. Tugadh
isteach stádas na mbunaíochtaí comhdhúnta, ar féidir le hoibreoirí cur isteach
orthu ar bhonn deonach, den chéad uair le Treoir 92/65/CEE, ina bhfuil
rialacha agus ceanglais leagtha síos maidir le ceanglais formheasa agus
gluaiseachta do chomhlachtaí, institiúidí agus lárionaid formheasta. Tríd an
gcóras sin cumasaítear na bunaíochtaí sin ainmhithe a mhalartú eatarthu féin le
níos lú riachtanas gluaiseachta agus ag an am céanna ráthaíochtaí arda sláinte
á soláthar laistigh de chiorcad na mbunaíochtaí comhdhúnta. Dá bhrí sin, tá
glactha ag na hoibreoirí leis go forleathan, agus tá sé in úsáid mar rogha
dheonach. Is iomchuí, dá bhrí sin, coincheap na mbunaíochtaí comhdhúnta a
chaomhnú agus rialacha a leagan síos freisin maidir le gluaiseacht idir na
bunaíochtaí sin sa Rialachán seo. (111) Chun críoch eolaíoch, amhail
taighde nó chun críoch diagnóiseach, agus go háirithe chun na críocha sin atá
údaraithe i gcomhréir le Treoir 2010/63/AE, d’fhéadfaí gur gá ainmhithe a
aistriú nach gcomhlíonann na ceanglais ghinearálta sláinte ainmhithe atá
leagtha síos sa Rialachán seo agus a bhfuil riosca níos airde sláinte ag baint
leo. Níor cheart na cineálacha sin gluaiseachtaí a thoirmeasc ná a shrianadh go
míchuí le forálacha an Rialacháin seo, mar go bhféadfadh sé sin bac a chur ar
ghníomhaíochtaí taighde atá údaraithe ar shlí eile agus moill a chur ar ascnamh
eolaíoch. Mar sin féin, tá sé fíor-riachtanach go leagfar síos rialacha sa
Rialachán seo lena áirithiú go dtarlaíonn gluaiseachtaí na n‑ainmhithe
sin ar bhealach sábháilte. (112) Is minic nach mbíonn patrúin
ghluaiseachta ainmhithe sorcais, ainmhithe a choimeádtar i zúnna, ainmhithe atá
beartaithe a thaispeáint agus ainmhithe áirithe eile ar aon dul le patrúin
ghluaiseachta speiceas eile a choimeádtar. Ba cheart breithnithe sonracha a
dhéanamh agus rialacha an Aontais maidir le gluaiseacht a oiriúnú do na
hainmhithe sin, ag cur san áireamh rioscaí sonracha agus beart malartach
maolaithe riosca. (113) Chun a áirithiú go mbainfear
amach cuspóirí Aithrisí 102 go 112 den Rialachán seo, ba cheart an
chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún,
maidir le bearta coisctheacha galar i gcúrsaí iompair, rialacha sonracha maidir
le gluaiseacht speicis áirithe ainmhithe, agus imthosca ar leith, amhail
oibríochtaí tionóla nó coinsíneachtaí diúltaithe, agus ceanglais nó maoluithe
speisialta maidir le cineálacha eile gluaiseachtaí, amhail gluaiseacht chun
críoch eolaíoch. (114) Chun a áirithiú go bhféadfar
rialacha speisialta a bheith ann maidir le gluaiseachtaí, i gcás nach leor nó
nach iomchuí na rialacha gluaiseachta chun leathadh galair áirithe a theorannú,
ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha
speisialta maidir le gluaiseacht a leagan síos ar feadh tréimhse teoranta. (115) Ba cheart d'ainmhithe talún ar
coimeád a aistrítear idir na Ballstáit ceanglais maidir leis na gluaiseachtaí
sin a chomhlíonadh. I gcás speiceas a bhfuil riosca don tsláinte agus tábhacht
eacnamaíoch níos mó ag baint leo, ba cheart deimhniú sláinte ainmhithe arna
eisiúint ag an údarás inniúil a bheith ag gabháil leo. (116) A mhéid is indéanta go
teicniúil, go praiticiúil agus ó thaobh airgeadais de, ba cheart úsáid a bhaint
as forbairt theicneolaíoch leis na hualaí riaracháin ar oibreoirí agus ar an
údarás inniúil a laghdú i ndáil le deimhniú agus fógra a thabhairt trí
theicneolaíocht faisnéise a úsáid in ionad doiciméadachta páipéir agus nósanna
imeachta fógra a éascú agus iad a úsáid a mhéid is féidir le haghaidh iliomad
cuspóirí. (117) I gcásanna nach n‑éilítear
deimhniúchán sláinte ainmhithe arna eisiúint ag an údarás inniúil, ba cheart
d’oibreoir a aistríonn ainmhithe go Ballstát eile doimicéad
féindearbhúcháin a eisiúint lena ndearbhaítear go gcomhlíonann na hainmhithe na
ceanglais maidir le gluaiseacht atá leagtha síos sa Rialachán seo. (118) Leis na cuspóirí dá dtagraítear
in Aithris 115, Aithris 116 agus Aithris 117 a áirithiú, ba cheart na
cumhachtaí gníomhartha a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún,
maidir le rialacha maidir leis an ábhar, an oibleagáid faisnéise, agus
maoluithe ó na ceanglais deimhniúcháin do shláinte ainmhithe, rialacha sonracha
deimhniúcháin agus oibleagáidí na dtréidlianna oifigiúla seiceálacha iomchuí a
dhéanamh sula síníonn siad an deimhniú sláinte ainmhithe. (119) Tá sé fíor-riachtanach fógra a
thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí geirmeacha idir na
Ballstáit agus i gcásanna áirithe laistigh de chríocha náisiúnta na mBallstát
le hinrianaitheacht ainmhithe agus na dtáirgí geirmeacha sin a áirithiú, i gcás
ina bhféadfadh na gluaiseachtaí sin a bheith bainteach le riosca leata galar in‑tarchurtha
ainmhithe. Dá bhrí sin, ba cheart fógra a thabhairt i leith na ngluaiseachtaí
sin agus iad a chlárú. Ba cheart córas IMSOC dá bhforáiltear in Airteagal 130(1)
de Rialachán (AE) Uimh. xxx/xxx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile
arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha,
rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus ábhar
atáirgthe plandaí, táirgí cosanta plandaí agus lotnaidicídí agus lena
leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003,
Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 Rialachán (CE) Uimh. 1/2005,
Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, Rialachán (CE) Uimh. 834/2007,
Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009, Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009,
Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012,
Rialachán (CE) Uimh. [....]/2013 agus Treoir 98/58/CE, Treoir 1999/74/CE,
Treoir 2007/43/CE, Treoir 2008/119/CE, Treoir 2008/120/CE, Treoir 2009/128/CE
(Rialachán na rialuithe oifigiúla)[32]
[Oifig na bhFoilseachán] a úsáid chun na críche sin. (120) Chun coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na rialacha atá leagtha síos sa
Rialachán seo maidir le deimhniúchán sláinte ainmhithe agus leis an bhfógra i
leith gluaiseachtaí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún
rialacha a leagan síos maidir le samhail na ndeimhnithe sláinte ainmhithe,
doiciméad féindearbhúcháin, formáidí agus spriocdhátaí maidir le fógra a
thabhairt i leith gluaiseachtaí d’ainmhithe talún agus ainmhithe uisceacha
araon, do tháirgí geirmeacha agus nuair is ábhartha, do tháirgí de bhunadh
ainmhíoch. (121) Tá riosca do shláinte ainmhithe
a chlaonann go suntasach ón riosca ó ainmhithe ar coimeád eile ag baint le
nádúr sonrach gluaiseachtaí peataí . Ba cheart rialacha sonracha maidir leis na
gluaiseachtaí sin a leagan síos, dá bhrí sin, sa Rialachán seo. Chun a áirithiú
nach mbeidh riosca suntasach ó thaobh leata galar in‑tarchurtha ainmhithe
de ag baint le peataí ainmhithe, ba cheart na cumhachtaí gníomhartha a ghlacadh
i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais
Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na rialacha
mionsonraithe do ghluaiseachtaí na n‑ainmhithe sin. Chun coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na gceanglas maidir le sláinte
ainmhithe atá leagtha síos sa Rialachán seo i dtaca le gluaiseachtaí peataí, ba
cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha a leagan
síos maidir le bearta coisctheacha agus rialaithe galar atá le déanamh le
haghaidh na ngluaiseachtaí sin. (122) Féadfar go mbeidh riosca do
shláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí ag baint le hainmhithe fiáine ar
chúiseanna éagsúla, mar shampla, má aistrítear iad go bunaíocht nó ó
thimpeallacht amháin go timpeallacht eile. D’fhéadfaí gur gá bearta coisctheacha
iomchuí a dhéanamh i dtaca le gluaiseacht na n‑ainmhithe sin le leathadh
galar in‑tarchurtha ainmhithe a sheachaint. Lena áirithiú nach mbeidh
riosca suntasach ó thaobh leathadh galar in‑tarchurtha ainmhithe de ag
baint le hainmhithe fiáine, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i
gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
a tharmligean chuig an gCoimisiún, maidir le ceanglais bhreise i ndáil le
gluaiseachtaí ainmhithe talún fiáine. (123) Is féidir go mbeidh riosca
cosúil ó thaobh galair in‑tarchurtha ainmhithe a leathadh i measc
ainmhithe beo de ag baint le táirgí geirmeacha. Sa bhreis air sin, tá
sainiúlachtaí ina dtáirgeadh, a bhaineann le riachtanais arda sláinte
d'ainmhithe pórúcháin, rud a éilíonn ceanglais sláinte níos déine nó níos
sonraí maidir leis na hainmhithe ar deontóirí iad. Chun gluaiseachtaí sábháilte
táirgí geirmeacha agus a n‑ardchaighdeán sláinte a bhfuil súil leis a
áirithiú, agus chun roinnt úsáidí sonracha a chur san áireamh, ba cheart an
chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún,
maidir leis na ceanglais mhionsonraithe i dtaca le gluaiseacht táirgí
geirmeacha de speicis áirithe ainmhithe, ceanglais speisialta amhail, mar
shampla, a ngluaiseacht chun críoch eolaíoch, agus maoluithe ón oibleagáid i
dtaca le deimhniúchán sláinte ainmhithe. (124) Is féidir riosca leata galar in‑tarchurtha
ainmhithe a bheith ag baint le táirgí de bhunadh ainmhíoch. Le ceanglais maidir
le sábháilteacht bia do tháirgí de bhunadh ainmhíoch arna leagan síos i
reachtaíocht an Aontais, áirithítear cleachtais mhaithe sláinteachais agus
laghdaítear ar na rioscaí do shláinte ainmhithe ó na táirgí sin. Mar sin féin,
i gcásanna áirithe ba cheart bearta sláinte ainmhithe, amhail bearta rialaithe
galar agus bearta éigeandála, a leagan síos sa Rialachán seo lena áirithiú nach
leathfar galair ainmhithe trí bhíthin táirgí de bhunadh ainmhíoch. Chun
gluaiseachtaí sábháilte táirgí de bhunadh ainmhíoch a áirithiú sna cásanna
áirithe sin, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an
gCoimisiún, maidir le rialacha mionsonraithe i dtaca le gluaiseachtaí táirgí de
bhunadh ainmhíoch i ndáil le bearta rialaithe galar arna ndéanamh, na
hoibleagáidí maidir le deimhniúchán sláinte ainmhithe agus na maoluithe ó na
rialacha sin, i gcás inar féidir i bhfianaise an riosca a bhaineann leis na gluaiseachtaí
sin agus na mbeart maolaithe riosca. (125) Nuair a dhéanann na Ballstáit
bearta náisiúnta maidir le gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí geirmeacha nó
nuair a chinneann siad bearta náisiúnta a dhéanamh le tionchar galar in‑tarchurtha
ainmhithe seachas galair liostaithe a theorannú laistigh dá gcríoch, níor
cheart do na bearta náisiúnta sin cur isteach ar rialacha an mhargaidh
inmheánaigh, arna leagan síos i reachtaíocht an Aontais. Dá bhrí sin, is
iomchuí an creat a leagan síos do na bearta náisiúnta sin agus a áirithiú go
bhfanfaidh siad laistigh de na teorainneacha arna gceadú faoi dhlí an Aontais. (126) Is gá bunaíochtaí
dobharshaothraithe a chlárú agus a fhormheas le go bhféadfaidh na húdaráis
inniúla faireachas leormhaith a dhéanamh agus le galair in‑tarchurtha
ainmhithe a chosc, a rialú agus a dhíothú. I dTreoir 2006/88/CE
ceanglaítear ar gach bunaíocht a aistríonn ainmhithe uisceacha bheith
údaraithe. Ba cheart an córas údaraithe sin a choimeád faoin Rialachán seo in
ainneoin go n‑úsáidtear, i roinnt teangacha oifigiúla an AE, téarmaí
difriúla don chóras údaraithe seo sa Rialachán seo i gcomórtas le Treoir 2006/88/CE. (127) Féadfar galar in‑tarchurtha
ainmhithe a leathadh trí ainmhithe uisceacha atá faoi réir beart rialaithe
galar a mharú agus a phróiseáil, mar shampla de thoradh eisilteach ina bhfuil
pataiginí a scaoileadh ó bhunaíochtaí phróiseála. Is gá, dá bhrí sin,
bunaíochtaí próiseála a chomhlíonann na bearta maolaithe riosca le tabhairt
faoin marú agus faoin bpróiseáil sin, a fhormheas. Dá bhrí sin, ba cheart
foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le bunaíochtaí rialaithe galar do
bhia uisceach a fhormheas. (128) Chun a áirithiú go mbeidh
faisnéis atá cothrom le dáta ar fáil don phobal faoi na bunaíochtaí atá
cláraithe agus formheasta, ba cheart don údarás inniúil clár na mbunaíochtaí
sin a bhunú agus a choimeád. Ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i
gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
a tharmligean chuig an gCoimisiún, i ndáil le faisnéis atá le háireamh i gclár
na mbunaíochtaí dobharshaothraithe agus na ceanglais ar bhunaíochtaí agus
iompróirí dobharshaothraithe maidir le taifid a choimeád. (129) Chun coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na rialacha atá leagtha síos sa
Rialachán seo maidir le clárú agus formheas na mbunaíochtaí dobharshaothraithe
agus bunaíochtaí rialaithe galar do bhia uisceach, coimeád taifead agus clár na
mbunaíochtaí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún
rialacha a leagan síos maidir le hoibleagáidí faisnéise, maoluithe agus
rialacha cur chun feidhme eile, agus formáid agus sainiúlachtaí oibríochtúla na
gclár agus na dtaifead. (130) Toisc nach bhfuil sé indéanta
ainmhithe uisceacha a shainaithint go haonarach, i bhformhór na gcásanna, is
uirlis fhíor-riachtanach é coimeád na dtaifead i mbunaíochtaí
dobharshaothraithe, i mbunaíochtaí rialaithe galar do bhia uisceach agus ag
iompróirí le hinrianaitheacht ainmhithe uisceacha a áirithiú. Tá taifid
luachmhar freisin le haghaidh faireachais ar staid sláinte na mbunaíochtaí. (131) Amhail i gcás ainmhithe talún,
is gá rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir le gluaiseacht ainmhithe
uisceacha, lena n‑áirítear rialacha maidir le deimhniúchán sláinte
ainmhithe agus fógra a thabhairt i dtaobh gluaiseachta. (132) I dTreoir 2006/88/CE
leagtar síos rialacha maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha, a bhfuil
feidhm acu go comhionann maidir le gluaiseachtaí laistigh de na Ballstáit agus
eatarthu. Is é an príomhfhachtóir lena gcinntear rialacha maidir le gluaiseacht
ainmhithe uisceacha an stádas sláinte i dtaca le galair liostaithe na
mBallstát, criosanna agus deighleog cinn scríbe. (133) Ba cheart foráil a dhéanamh
maidir leis an gcóras céanna sa Rialachán seo. Mar sin féin, le spreagadh a
thabhairt do na Ballstáit cur le stádas sláinte a ndaonraí uisceacha, ba cheart
roinnt coigeartuithe agus solúbthacht bhreise a thabhairt isteach. (134) Chun rialú ar ghluaiseachtaí
ainmhithe uisceacha a áirithiú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i
gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
a tharmligean chuig an gCoimisiún, maidir le bearta coisctheacha galar is
infheidhme i ndáil le cúrsaí iompair, rialacha sonracha maidir le catagóirí
áirithe ainmhithe uisceacha chun críoch éagsúil, ceanglais nó maoluithe
sonracha i gcás cineálacha áirithe gluaiseachtaí, amhail gluaiseacht chun
críoch eolaíoch, agus ceanglais bhreise maidir le gluaiseacht ainmhithe
uisceacha fiáine. (135) Chun a áirithiú go bhféadfadh maoluithe
sealadacha agus ceanglais shonracha bheith ann maidir le gluaiseachtaí
ainmhithe uisceacha, i gcás nach leor nó nach iomchuí na rialacha gluaiseachta
atá leagtha síos sa Rialachán seo le leathadh galair liostaithe áirithe a
theorannú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún
rialacha nó maoluithe maidir le gluaiseachtaí speisialta a leagan síos ar feadh
tréimhse teoranta ama. (136) Tá táirgeadh dobharshaothraithe
an Aontais an‑ilghnéitheach ar fad maidir le speicis agus córais táirgthe
agus tá an t‑éagsúlú sin ag méadú go mear. Féadfar leis an méid sin go
ndlífear bearta náisiúnta maidir le galair seachas na galair a mheastar mar
ghalair liostaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo a dhéanamh ar leibhéal na
mBallstát. Mar sin féin, ba cheart bonn cirt a bheith leis na bearta náisiúnta
sin, agus iad a bheith riachtanach agus comhréireach leis na cuspóirí atá le
baint amach. Ina theannta sin, níor cheart dóibh difear a dhéanamh do
ghluaiseachtaí idir na Ballstáit murar gá é le tabhairt isteach galar a
sheachaint nó le leathadh galar a rialú. Ba cheart bearta náisiúnta a dhéanann
difear do thrádáil idir na Ballstáit a fhormheas agus a athbhreithniú ar
leibhéal an Aontais. (137) Faoi láthair, ní bhaineann
galair liostaithe le speicis ainmhithe seachas na hainmhithe atá sainmhínithe
mar ainmhithe talún agus uisceacha ag an Rialachán seo, amhail reiptílí,
amfaibiaigh, feithidí agus eile ach amháin go pointe an‑teoranta. Ní
iomchuí, dá bhrí sin, a cheangal go mbeidh feidhm ag forálacha uile an
Rialacháin seo maidir leis na hainmhithe sin. Mar sin féin, má chuirtear galar
a bhaineann le speiceas seachas speiceas talún agus uisceach ar an liosta, ba
cheart feidhm a bheith ag na ceanglais ábhartha maidir le sláinte ainmhithe sa
Rialachán seo i ndáil leis na speicis sin lena áirithiú go bhféadfar bearta
leordhóthanacha agus comhréireacha coisctheacha agus rialaithe galar a
dhéanamh. (138) Chun a áirithiú go bhféadfaí
rialacha gluaiseachta a leagan síos do na hainmhithe sin, nach sainítear iad
mar ainmhithe talún ná uisceacha sa Rialachán seo, agus do tháirgí geirmeacha
agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann uathusan, nuair a dhlíonn riosca
amhlaidh, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an
gCoimisiún, maidir le clárú agus formheas bunaíochtaí, coimeád taifead agus
clár, sainaithint agus clárú agus inrianaitheacht, ceanglais maidir le
gluaiseacht, deimhniúchán sláinte ainmhithe agus féindearbhúchán agus
oibleagáidí i dtaobh fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí i gcás ainmhithe
agus táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch de na speicis sin. (139) Nuair is gá coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú chun na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe a chur
chun feidhme do na speicis eile ainmhithe agus táirgí geirmeacha agus táirgí de
bhunadh ainmhíoch sin a thagann uathusan, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme
a thabhairt don Choimisiún rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na
ceanglais sin. (140) Ionas go seachnófar teacht
isteach san Aontas galar liostaithe agus galar atá ag teacht chun cinn, is gá
rialacha éifeachtúla a bheith curtha ar bun maidir le teacht isteach san Aontas
ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a fhéadfaidh na
galair sin a tharchur. (141) Ba cheart na ceanglais maidir
le teacht isteach san Aontas ainmhithe agus táirgí a bheith ar aon dul leis na
ceanglais maidir le gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí den chatagóir chéanna
agus den speiceas céanna agus atá beartaithe lena n‑úsáid laistigh den
Aontas. (142) Chun a áirithiú go
gcomhlíonfaidh ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó
thríú tíortha nó tríú críocha na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe, lena dtugtar
ráthaíochtaí atá coibhéiseach leis na ráthaíochtaí arna dtabhairt le
reachtaíocht an Aontais, tá sé fíor-riachtanach iad a bheith faoi réir
rialuithe iomchuí ag údarás inniúil na dtríú tíortha nó na dtríú críocha a
onnmhairíonn chuig an Aontas. Nuair is ábhartha, ba cheart stádas sláinte tríú
tír nó tríú críoch tionscnaimh a fhíorú roimh ghlacadh le teacht isteach san
Aontas na n‑ainmhithe, na dtáirgí geirmeacha nó na dtáirgí de bhunadh
ainmhíoch sin. Dá thoradh sin, níor cheart ach tríú tíortha agus tríú críocha
ar féidir leo a thaispeáint go gcomhlíonann siad na caighdeáin sláinte
ainmhithe i dtaca le teacht isteach ainmhithe agus táirgí san Aontas a bheith
incháilithe chun na ainmhithe agus táirgí sin a onnmhairiú go dtí an Aontas
agus a bheith liostaithe chun na críche sin. (143) I gcás roinnt speiceas agus
catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch, níor
bunaíodh liostaí an Aontais de thríú tíortha agus tríú críocha a gceadaítear
teacht isteach san Aontas uathu i ngníomhartha Aontais a glacadh roimh an dáta
ar glacadh an Rialacháin seo. Sna cásanna sin, agus ar feitheamh ghlacadh na
rialacha de bhun an Rialacháin seo, ba cheart a cheadú do na Ballstáit a chinneadh cad
iad na tíortha agus críocha as a gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus
táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach ina gcuid críoch. Agus an méid sin á
chinneadh, ba cheart do na Ballstáit na critéir atá leagtha síos sa Rialachán
seo a chur san áireamh do na liostaí Aontais de thríú tíortha agus tríú
críocha. (144) Chun a áirithiú go gcomhlíonfar
na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe do theacht isteach san Aontas dá
bhforáiltear sa Rialachán seo agus go mbeidh siad ag luí le prionsabail Chóid
Sláinte Ainmhithe an OIE, ba cheart deimhniú sláinte ainmhithe, arna éisiúint
ag údarás inniúil an tríú tír nó tríú críoch tionscnaimh, lena ndearbhaítear
gur comhlíonadh na ceanglais uile sláinte ainmhithe le haghaidh teacht isteach
san Aontas, a bheith ag gabháil leis na hainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí
de bhunadh ainmhíoch uile. Mar sin féin, ba cheart claonadh ón riail seo i gcás
tráchtearraí nach bhfuil iontu ach riosca íseal do shláinte ainmhithe. (145) Féadfaidh deimhnithe sláinte
ainmhithe seasamh leo féin, ach is minic a éilítear deimhniúchán i reachtaíocht
an Aontais chun críoch eile, mar shampla lena dheimhniú go bhfuil na ceanglais
sláinte phoiblí nó leasa ainmhithe d’ainmhithe nó do tháirgí comhlíonta. Ní
foláir an méid sin a chur san áireamh. Le hualaí riaracháin agus costais a
íoslaghdú ba cheart a cheadú faisnéis arna ceangal faoin reachtaíocht eile de
chuid an Aontais maidir le sábháilteacht bia agus beatha a áireamh sna
deimhnithe sláinte ainmhithe sin freisin. (146) Féadfar galair a leathadh trí
mheáin seachas ainmhithe, táirgí geirmeacha, táirgí de bhunadh ainmhíoch, agus
seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe. Mar shampla, féadfaidh
feithiclí, coimeádáin iompair, féar tirim, tuí, táirgí plandaí, ábhair a
d’fhéadadh bheith i dtadhall le hainmhithe ionfhabhtaithe agus trealamh galar a
leathadh chomh maith. Nuair is gá, ba cheart bearta a dhéanamh leis na bealaí
tarchurtha galar sin trí na meáin úd a sheachaint. (147) Chun an leibhéal iomchuí
mionsonraithe do cheanglais maidir le teacht isteach san Aontas a áirithiú, ba
cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an
gCoimisiún, chun an méid seo a leanas a fhorlíonadh agus leasú: na critéir do
liostú tríú tíortha agus tríú críocha, agus na critéir maidir le fionraí nó
aistarraingt ón liosta, rialacha maidir le formheas bunaíochtaí i dtríú tíortha
agus tríú críocha agus maoluithe a fhorlíonadh, ceanglais sláinte ainmhithe do
theacht isteach san Aontas coinsíneachtaí ó thríú tíortha agus tríú críocha,
ábhar i ndeimhnithe sláinte ainmhithe, agus na ceanglais sláinte ainmhithe
d’oibreáin ghalair, ábhair eile, modhanna iompair agus trealamh eile a
d'fhéadfadh galair ainmhithe a tharchur. (148) Chun coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme ceanglas maidir le sláinte
ainmhithe le teacht isteach san Aontas coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí
geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch, ba cheart cumhachtaí cur chun
feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha a leagan síos maidir le, inter
alia, liosta de thríú tíortha agus tríú críocha óna gceadaítear ainmhithe,
táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san
Aontas, agus samhlacha de dheimhnithe sláinte ainmhithe. (149) Is léir ón taithí a bhfuarthas
san am atá thart, gur gá bearta coisctheacha agus rialaithe galar a dhéanamh
láithreach, nuair a tharlaíonn ráig galair thromchúisigh amach sna Ballstáit nó
i dtríú tíortha nó tríú críocha óna dtagann ainmhithe nó táirgí isteach san
Aontas, lena theacht isteach agus a leathadh a theorannú. D’fhéadfaí go mbeidh
galair liostaithe, galair atá ag teacht chun cinn nó guaiseanna eile do
shláinte ainmhithe i gceist san éigeandáil sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a
shoiléiriú cé na sraitheanna beart coisctheacha agus rialaithe galar atá
leagtha síos sa Rialachán seo a d'fhéadfaí a úsáid i gcás galair nó guaise
liostaithe a bheith ann nó a bheith ag teacht chun cinn. Sna cásanna sin go
léir tá sé fíor-riachtanach gur féidir bearta a dhéanamh faoi ghearr‑
fhógra agus gan aon mhoill. Toisc go gcuirfeadh na bearta sin srian ar
ghluaiseacht laistigh den Aontas nó isteach ann, ba cheart iad a chur chun
feidhme ar leibhéal ar Aontais aon uair is féidir. (150) Chun freagairt éifeachtach agus
thapa a áirithiú ar rioscaí atá ag teacht chun cinn, ba cheart cumhachtaí cur
chun feidhme a thabhairt don Choimisiún bearta éigeandála a leagan síos. (151) Ba cheart don Choimisiún
gníomhartha cur chun feidhme ar infheidhme láithreach iad a ghlacadh i gcásanna
a bhfuil bonn ceart cuí leo a bhaineann, inter alia, le galair agus
speicis a liostú, leis na galair liostaithe atá le bheith faoi réir sraitheanna
rialacha coisctheacha agus rialaithe galar, nósanna imeachta na mbanc
antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais maidir le stocáil,
soláthar, stóráil, seachadadh agus eile, leagan síos beart rialaithe galar agus
maoluithe go ceann tréimhse teoranta, na rialacha speisialta gluaiseachta
d’ainmhithe uisceacha agus talún go ceann tréimhse teoranta, na bearta
éigeandála agus liostú tríú tíortha agus tríú críocha faoi choinne teacht
isteach san Aontas. (152) Sa Rialachán seo leagtar síos
rialacha ginearálta agus sonracha maidir le cosc agus rialú galar in‑tarchurtha
ainmhithe agus áirithítear leis go mbeidh cur chuige comhchuibhithe maidir le
sláinte ainmhithe ar fud an Aontais. I réimsí áirithe, amhail cúraimí
ginearálta maidir le sláinte ainmhithe, fógra, faireachas, clárú agus formheas
nó inrianaitheacht, ba cheart a cheadú do na Ballstáit nó iad a spreagadh le
bearta náisiúnta breise nó níos déine a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, níor
cheart na bearta náisiúnta sin a cheadú ach amháin mura gcuireann siad isteach
ar chuspóirí sláinte ainmhithe an Rialacháin seo, agus mura bhfuil siad ag
teacht salach ar na rialacha atá leagtha síos ann agus ar an gcoinníoll nach
gcuireann siad bac ar ghluaiseachtaí ainmhithe idir na Ballstáit, mura bhfuil
gá leis chun teacht isteach an ghalair a chosc nó le leathadh an ghalair a
rialú. (153) Ba cheart na bearta náisiúnta
dá dtagraítear in Aithris 152 a bheith faoi réir nós imeachta simplithe um
fhógra a thabhairt leis an ualach riaracháin a laghdú. Is léir ón taithí a
fuarthas go bhfuil an nós imeachta ginearálta um fhógra, atá leagtha síos i dTreoir 98/34/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena
leagtar síos nós imeachta maidir le soláthar faisnéise i réimse caighdeán
teicniúil agus rialachán agus rialacha maidir le seirbhísí sochaí faisnéise[33], ina uirlis tábhachtach le
cáilíocht na rialachán teicniúil náisiúnta a threorú agus a fheabhsú – i
dtéarmaí trédhearcachta, inléiteachta agus éifeachtachta méadaithe, i réimsí
nach bhfuil comhchuibhithe nó atá comhchuibhithe i bpáirt. Is iomchuí, dá bhrí
sin, go mbeidh feidhm ag an nós imeachta ginearálta seo um fhógra, atá leagtha síos
i dTreoir 98/34/CE. (154) Faoi láthair, tá rialacha an
Aontais maidir le sláinte ainmhithe leagtha síos i ngníomhartha seo a leanas
Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus i ngníomhartha iardain de chuid an
Choimisiúin arna nglacadh dá mbun. –
Treoir 64/432/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1964
maidir le fadhbanna sláinte ainmhithe a dhéanann difear do thrádáil laistigh
den Chomhphobal i mbó-ainmhithe agus i mucra[34]. –
Treoir 77/391/CEE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1977
lena dtugtar isteach bearta Comhphobail le haghaidh díothú brúsallóise, eitinne
agus leocóise in eallach[35], –
Treoir 78/52/CEE ón gComhairle an 13 Nollag 1977
lena dtugtar isteach bearta Comhphobail le haghaidh díothú brúsallóise, eitinne
agus leocóise in eallach[36], –
Treoir 88/407/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1988
lena leagtar síos ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le trádáil
laistigh den Chomhphobal de sheamhan ainmhithe clóis den speiceas buaibheach
agus allmhairí díobh [37], –
Treoir 80/1095/CEE ón gComhairle an 11 Samhain 1980
lena leagtar síos coinníollacha arna gceapadh le críoch an Chomhphobail
shaoradh agus a choimeád saor ó fhiabhras clasaiceach na muc[38], –
Treoir 82/894/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1982
maidir le fógra a thabhairt i leith galar ainmhithe laistigh den Chomhphobal[39], –
Treoir 89/556/CEE ón gComhairle an 25 Meán
Fómhair 1989 maidir le coinníollacha do shláinte ainmhithe a rialaíonn
trádáil laistigh den Chomhphobal agus allmhairí díobh ó thríú tíortha de
shuthanna ainmhithe clóis den speiceas buaibheach[40], –
Treoir 90/429/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990
lena leagtar síos ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le trádáil
laistigh den Chomhphobal de sheamhan ainmhithe clóis den speiceas mucach agus
allmhairí díobh [41], –
Treoir 91/68/CEE ón gComhairle an 28 Eanáir 1991
maidir le coinníollacha do shláinte ainmhithe a rialaíonn trádáil laistigh den
Chomhphobal in ainmhithe de chineál caorach agus in ainmhithe de chineál
gabhair[42], –
Treoir 91/666/CEE ón gComhairle an 11 Nollaig 1991
lena mbunaítear cúlchistí vacsaíní in aghaidh galair crúb is béil[43], –
Treoir 92/35/CEE ón gComhairle an 29 Aibreáin
1992 lena leagtar síos rialacha agus bearta rialaithe le tinneas Afracach na
gcapall a chomhrac[44], –
Treoir 92/65/CEE ón gComhairle an 13 Iúil
1992 lena leagtar síos ceanglais sláinte ainmhithe a rialaíonn trádáil in
ainmhithe, seamhan, uibheoga agus suthanna laistigh den Chomhphobal agus
allmhairí díobh nach bhfuil faoi réir ceanglas sláinte ainmhithe atá leagtha
síos i rialacha sonracha Comhphobail dá dtagraítear in Iarscríbhinn A (I) a
ghabhann le Treoir 90/425/CEE[45], –
Treoir 92/66/CEE ón gComhairle an 14 Iúil 1992
lena dtugtar isteach bearta Comhphobail maidir le rialú ghalar Newcastle[46], –
Treoir 92/118/CEE ón gComhairle an 17 Nollaig
1992 lena leagtar síos ceanglais sláinte ainmhithe agus sláinte poiblí a
rialaíonn trádáil i dtáirgí laistigh den Chomhphobal agus allmhairí díobh nach
bhfuil faoi réir na gceanglas sin atá leagtha síos i rialacha sonracha
Comhphobail dá dtagraítear in Iarscríbhinn A (I) a ghabhann le Treoir 89/662/CEE
agus, a ghabhann le Treoir 90/425/CEE, maidir le pataiginí[47], –
Treoir 92/119/CEE ón gComhairle an 17 Nollaig 1992
lena dtugtar isteach bearta ginearálta Comhphobail chun galair áirithe
ainmhithe a rialú agus bearta sonracha i ndáil le galar saicíneach na muc[48], –
Cinneadh 95/410/CE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1995
lena leagtar síos rialacha maidir le tástáil trí shampláil i mbunaíocht
tionscnaimh éanlaithe clóis lena marú a bheartaítear don Fhionlainn agus don
tSualainn[49], –
Treoir 2000/75/CEE ón gComhairle an 20 Samhain 2000
lena leagtar síos forálacha sonracha maidir le galar gormtheanga a rialú agus a
dhíothú[50], –
Cinneadh 2000/258/CE ón gComhairle an 20 Márta 2000
lena n‑ainmnítear institiúid shonrach ar a mbeadh an cúram na critéir is
gá a bhunú maidir le caighdeánú na dtástálacha séireolaíocha chun faireachán a
dhéanamh ar éifeachtach na vacsaíní frithchonfaidh[51], –
Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint
na hEorpa agus an Chomhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córas
chun bó ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le lipéadú mairteola
agus táirgí mairteola agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 820/97
ón gComhairle[52], –
Treoir 2001/89/CE ón gComhairle an 23 Deireadh
Fómhair 2001 maidir le bearta Comhphobail maidir le rialú fhiabhras clasaiceach
na muc[53], –
Treoir 2002/60/CE ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002
lena leagtar síos forálacha sonracha chun fiabhras Afracach na muc a rialú agus
lena leasaítear Treoir 92/119/CEE maidir le galar Teschen agus fiabhras
Afracach na muc[54], –
Treoir 2002/99/CE ón gComhairle an 16 Nollaig
2002 lena leagtar síos na rialacha sláinte ainmhithe a rialaíonn táirgeadh,
próiseáil, dáileadh agus tabhairt isteach táirgí de bhunadh ainmhíoch lena
gcaitheamh ag an duine[55], –
Treoir 2003/85/CE ón gComhairle an 29 Meán
Fómhair 2003 maidir le bearta Comhphobail chun galar crúb agus béil a
rialú lena n‑aisghairtear Treoir 85/511/CEE agus Cinneadh 89/531/CEE
agus Cinneadh 91/665/CEE agus lena n‑aisghairtear Treoir 92/46/CEE[56], –
Rialachán (CE) Uimh. XXX/XXX ó
Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le gluaiseacht neamhthráchtála
peataí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 [Oifig
na bhFoilseachán][57], –
Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 an 17 Nollaig 2003
lena mbunaítear córas chun ainmhithe caorach agus gabhair a shainaithint agus a
chlárú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 agus Treoir 92/102/CEE
agus Treoir 64/432/CEE[58], –
Treoir 2004/68/CEE ón gComhairle an 26 Aibreán 2004
lena leagtar síos rialacha sláinte ainmhithe chun crúbaigh beo áirithe a
allmhairiú isteach sa Chomhphobal agus a bheith faoi bhealach tríd, lena
leasaítear Treoir 90/426/CEE agus Treoir 92/65/CEE agus lena n‑aisghairtear
Treoir 72/462/CEE[59], –
Treoir 2009/156/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009
maidir le coinníollacha sláinte ainmhithe a rialaíonn gluaiseacht agus
allmhairiú eachainmhithe ó thriú tíortha[60], –
Treoir 2005/94/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2005
maidir le bearta Comhphobail maidir le rialú an fhliú éanúil agus lena n‑aisghairtear
Treoir 92/40/CEE[61], –
I dTreoir 2006/88/CE ón gComhairle an 24 Deireadh
Fómhair 2006 maidir le ceanglais sláinte ainmhithe uisceacha agus táirgí
uathu, agus maidir le cosc agus rialú galar áirithe in ainmhithe uisceacha[62], –
Treoir 2008/71/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 2008
maidir le muca a shainaithint agus a chlárú (lena gcódaítear Treoir 92/102/CEE)[63], –
Treoir 2009/158/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009
maidir le coinníollacha sláinte ainmhithe a rialaíonn trádáil in éanlaithe agus
uibheacha goir laistigh den Chomhphobal agus allmhairiú díobh ó thriú tíortha[64], (155) Tá an Rialachán seo agus
gníomhartha iardain atá le glacadh de bhun an Rialacháin seo le cur in ionad na
rialacha atá leagtha síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Aithris 154.
Ba cheart na gníomhartha reachtacha sin a aisghairm dá réir. Mar sin féin, le
soiléire dhlíthiúil a áirithiú agus le folús dlíthiúil a sheachaint, ní cheart
don aisghairm teacht i bhfeidhm ach amháin nuair a bheidh na gníomhartha
ábhartha tarmligthe agus cur chun feidhme glactha de bhun an Rialacháin seo. Is
gá, dá bhrí sin, an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na dátaí ar ar cheart
aisghairm na ngníomhartha reachtacha sin teacht i bhfeidhm, a chinneadh. (156) Tá na gníomhartha seo a leanas
ón gComhairle i réimse na sláinte ainmhithe imithe i léig agus ba cheart iad a
aisghairm go sainráite ar mhaithe le soiléire reachtaíocht an Aontais: Cinneadh 78/642/CEE
ón gComhairle an 25 Iúil 1978 maidir le bearta cosanta ainmhithe i
ndáil le Poblacht na Botsuáine[65],
Treoir 79/110/CEE ón gComhairle an 24 Eanáir 1979 lena n‑údaraítear
do Phoblacht na hIodáile fógra um a cuid pleananna náisiúnta agus a gcur chun
feidhme chun díothú luathaithe brúsallóise agus eitinne in eallach a fhionraí,[66] Treoir 81/6/CEE ón
gComhairle an 1 Eanáir 1981 lena n‑údaraítear don Phoblacht
Heilléanach a cuid pleananna náisiúnta a chur in iúl agus a chur chun feidhme
chun díothú brúsallóise agus eitinne in eallach a luathú,[67] Cinneadh 89/455/CEE ón
gComhairle an 24 Iúil 1989 lena dtugtar isteach bearta Comhphobail le
treoirthionscadail a bhunú chun confadh a rialú d’fhonn é a dhíothú nó a chosc[68], Treoir 90/423/CEE ón
gComhairle an 26 Meitheamh 1990 lena leasaítear Treoir 85/511/CEE
lena dtugtar isteach bearta Comhphobail chun galar Newcastle a rialú[69], Cinneadh 90/678/CEE ón
gComhairle an 13 Nollaig 1990 lena n‑aithnítear codanna áirithe
de chríoch an Chomhphobail a bheith saor go hoifigiúil ó fhiabhras na muc nó a
bheith saor ó fhiabhras na muc[70]. (157) Níor cheart feidhm a bheith ag
ceanglais an Rialacháin seo go dtí go bhfuil na gníomhartha tarmlighte agus cur
chun feidhme atá le glacadh ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo curtha i
bhfeidhm. Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le 36 mí ar a laghad a bheith
caite idir dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus dáta chur i bhfeidhm
na rialacha nua, chun dóthain ama a thabhairt do na hoibreoirí dul in oiriúint
dóibh. (158) Le cinnteacht dhlíthiúil a
áirithiú maidir le cur i bhfeidhm rialacha maidir le sainaithint agus clárú
ainmhithe, bearta rialaithe galar do zónóisí áirithe agus gluaiseachtaí neamhthráchtála
peataí, ba cheart an chumhacht gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún
i ndáil leis an dáta nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000,
Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX[Iar 998/2003] agus Rialachán
(CE) Uimh. 21/2004 agus Treoir 92/66/CEE, Treoir 2000/75/CE,
Treoir 2001/89/CE, Treoir 2002/60/CE, Treoir 2003/85/CE, Treoir 2005/94/CE
agus Treoir 2008/71/CE. . (159) Ba cheart na cumhachtaí cur
chun feidhme dá bhforáiltear sa Rialachán seo a fheidhmiú i gcomhréir le
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún
an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail
ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir le rialú na mBallstát ar fheidhmiú
chumhachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin[71]. (160) Is den
tábhacht é go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a
chuid ullmhúchán, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart
don Choimisiún, agus é ag ullmhú agus ag tarraingt suas gníomhartha tarmligthe,
a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go
tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. (161) Níor cheart don Rialachán seo
ualach riaracháin díréireach nó tionchar eacnamaíoch d'fhiontair bheaga agus
mheánmhéide a chruthú. Faoin Rialachán seo, bunaithe ar chomhairliúchán le
páirtithe leasmhara, tugadh staid ar leith na bhfiontar beag agus meánmhéide
san áireamh. Ní dhearnadh maolú uilechoiteann ó cheanglais an Rialacháin seo i
gcás na bhfiontar sin a mheas, i bhfianaise chuspóirí an bheartais phoiblí
sláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí a chosaint. Mar sin féin, ba cheart
foráil a dhéanamh maidir le roinnt maoluithe do na fiontair sin i ndáil le
ceanglais éagsúla an Rialacháin seo, agus na rioscaí a bhaineann leo á gcur san
áireamh. (162) Ní féidir leis na Ballstáit
cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rialacha sláinte d’ainmhithe, do tháirgí
geirmeacha, táirgí de bhunadh ainmhíoch, seachtháirgí agus táirgí díorthaithe a
leagan síos a fhad is nach bhfuil siad cumhdaithe le rialacha sonracha i
reachtaíocht eile de chuid an Aontais agus ábhar eile is féidir bheith ina
ábhar leata galar in‑tarchurtha ainmhithe, a bhaint amach go
leordhóthanach agus is féidir iad a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtúla
ar leibhéal an Aontais trí chreat dlí coiteann agus comhordaithe do shláinte
ainmhithe. Tá an Rialachán, dá bhrí sin, i gcomhréir le prionsabal na
coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5(3) den Chonradh an
Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach
san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na
cuspóirí sin a bhaint amach, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: CUID I
RIALACHA GINEARÁLTA Caibidil 1
Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe Airteagal 1
Ábhar 1. Sa Rialachán seo leagtar síos
rialacha maidir le cosc agus rialú galar ainmhithe, ar in‑tarchurtha iad
go hainmhithe nó go daoine. Sna rialacha sin déantar foráil maidir leis an
méid seo a leanas: (a) beartú tosaíochta agus catagóiriú galar
is ábhar imní don Aontas agus bainistiú freagrachtaí i dtaca le sláinte
ainmhithe i gCuid I. (b) luathbhrath galar, fógra agus tuairisc a
thabhairt ina leith, faireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair i
gCuid II; (c) feasacht ar ghalair, ullmhacht agus rialú
i gCuid III; (d) clárú agus formheas bunaíochtaí agus
iompróirí, gluaiseachtaí agus inrianaitheacht coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha
agus táirgí de bhunadh ainmhíoch laistigh den Aontas i gCuid IV; (e) teacht isteach coinsíneachtaí ainmhithe,
táirgí geirmeacha, agus táirgí de bhunadh ainmhíoch san Aontas agus onnmhairiú
na gcoinsíneachtaí sin ón Aontas i gCuid V; (f) na bearta éigeandála atá le glacadh i
gcás éigeandála galair i gCuid VI. 2. Leis na rialacha dá dtagraítear i
mír 1: (a) áirithítear (i) táirgeadh talmhaíochta agus
dobharshaothraithe inbhuanaithe san Aontas; (ii) feidhmiú éifeachtach an mhargaidh
inmheánaigh; (iii) laghdú ar éifeachtaí díobhálacha ar an
gcomhshaol i dtaca leis an méid seo a leanas: –
galair áirithe; –
na bearta arna nglacadh le galair ainmhithe a chosc
agus a rialú; (b) cuirtear san áireamh (i) an caidreamh idir sláinte ainmhithe
agus: –
sláinte phoiblí; –
an comhshaol chomh maith le tionchar an athraithe
aeráide; –
sábháilteacht bia agus beatha; –
leas ainmhithe; –
slándáil bia; (ii) na tionchair eacnamaíocha, sóisialta,
cultúrtha agus comhshaoil a thagann as cur i bhfeidhm beart le galair a chosc
agus a rialú. Airteagal 2
Raon feidhme an Rialacháin seo 1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo
maidir le: (a)
ainmhithe ar coimeád agus ainmhithe fiáine; (b)
táirgí geirmeacha; (c)
táirgí de bhunadh ainmhíoch; (d)
seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe, gan
dochar do na rialacha atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009; (e)
saoráidí, modhanna iompair, trealamh agus gach
conair ionfhabhtaithe eile agus gach ábhar eile a bhfuil baint aige nó a
d’fhéadfadh baint a bheith aige le leathadh galar. 2. Beidh feidhm ag an Rialachán maidir
le galair in‑tarchurtha, lena n‑áirítear zónóisí, gan dochar do na
rialacha atá leagtha síos sna doiciméid seo a leanas: (a) Cinneadh Uimh. 2119/98/CE; (b) Rialachán (CE) Uimh. 999/2001; (c) Treoir 2003/99/CE; (d) Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003. Airteagal 3
Raon feidhme Chuid IV maidir le clárú, formheas, inrianaitheacht agus
gluaiseachtaí 1. Beidh feidhm ag Teideal I de Chuid IV
maidir leis an méid seo a leanas: (a) ainmhithe talún, agus ainmhithe nach
ainmhithe talún iad ach a d’fhéadfadh galair a dhéanfadh difear d’ainmhithe
talún a tharchur; (b) táirgí geirmeacha ó ainmhithe talún; (c) táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe
talún. 2. Beidh feidhm ag Teideal II de
Chuid IV maidir leis an méid seo a leanas: (a) ainmhithe uisceacha, agus ainmhithe nach
ainmhithe uisceacha iad ach a d’fhéadfadh galair a dhéanfadh difear d’ainmhithe
uisceacha a tharchur; (b) táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe
uisceacha. 3. Beidh feidhm ag Teideal III de
Chuid IV maidir leis na méid seo a leanas: (a) ainmhithe seachas na hainmhithe a
shainítear mar ainmhithe talún agus ainmhithe uisceacha in Airteagal 4(1)(4); (b) táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh
ainmhíoch ó na hainmhithe eile dá dtagraítear i bpointe (a). 4. Ní bheidh feidhm ag Caibidil 1
agus Caibidil 3 de Theideal I ná ag Caibidil 1 agus 2 de Theideal II
de Chuid IV maidir le peataí. Airteagal 4
Sainmhínithe 1. Chun críocha an Rialacháin seo,
beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: (1)
ciallaíonn ‘ainmhithe’ ainmhithe veirteabracha agus
inveirteabracha; (2)
ciallaíonn ‘ainmhithe talún’ éin, mamaigh talún,
beacha agus bumbóga; (3)
ciallaíonn ‘ainmhithe uisceacha’ ainmhithe de na
speicis seo a leanas, ag gach céim beatha, lena n‑áirítear uibheacha,
seamhan agus gaiméití: (i) iasc a bhaineann leis an bhforaicme
Agnatha agus leis na haicmí Chondrichthyes, Sarcopterygii agus Actinopterygii; (ii) moilisc uisceacha a bhaineann leis an
bhfíleam Mollusca; (iii) crústaigh uisceacha a bhaineann leis an
bhfofhíleam Crustacea; (4)
ciallaíonn ‘ainmhithe eile’ ainmhithe de speicis eile
seachas na speicis atá sainmhínithe mar ainmhithe talún agus uisceacha; (5)
ciallaíonn ‘ainmhithe ar coimeád’ ainmhithe arna
gcoimeád ag daoine; i gcás ainmhithe uisceacha, ainmhithe dobharshaothraithe; (6)
ciallaíonn ‘dobharshaothrú’ tógáil ainmhithe
uisceacha agus úsáid á baint as teicnící arna gceapadh le táirgeadh na n‑ainmhithe
sin a mhéadú thar an méid is féidir faoi choinníollacha nádúrtha an chomhshaoil
agus i gcás ina bhfanann na hainmhithe i seilbh duine nádúrtha nó dlítheanach
amháin nó níos mó trí chéimeanna uile na tógála nó an tsaothrúcháin, suas go
dtí an bhuaint agus lena n‑áirítear an bhuaint, seachas buaint nó gabháil
ainmhithe uisceacha fiáine lena gcaitheamh ag an duine a choimeádtar go
sealadach ina dhiaidh gan iad a chothú ag fanacht lena marú; (7)
ciallaíonn ‘ainmhithe dobharshaothraithe’ ainmhithe
uisceacha faoi réir dobharshaothrú; (8)
ciallaíonn ‘ainmhithe fiáine’ ainmhithe nach bhfuil
ar coimeád; (9)
ciallaíonn ‘éanlaith chlóis’ éin arna dtógáil nó
arna gcoimeád i mbraighdeanas faoi choinne: (a) táirgeadh an méid seo a leanas: (i) feoil; (ii) uibheacha chun a dtomhailte; (iii) táirgí eile; (b) soláthairtí éan géime a athstocáil; (c) chun críocha pórúcháin éan arna n‑úsáid
do na cineálacha táirgthe dá dtagraítear i bpointe (a); (10)
ciallaíonn ‘éin i mbraighdeanas' éin ar bith
seachas éanlaith chlóis arna gcoimeád i mbraighdeanas ar chúis ar bith seachas
na cúiseanna dá dtagraítear i bpointe (9) lena n‑áirítear na héin a
choimeádtar faoi choinne seónna, rásaí, taispeántas, comórtas, pórúcháin nó
díola; (11)
ciallaíonn ‘peata’ ainmhí de na speicis atá
liostaithe in Iarscríbhinn I, lena ndéantar an méid seo a leanas: (a) coimeádtar é i dteaghlach, nó i gcás
ainmhithe uisceacha, coimeádtar é in uisceadán ornáideach neamhthráchtála; (b) nuair a aistrítear an t‑ainmhí,
bíonn sé in éineacht leis an gcoimeádaí chun críocha gluaiseachta
neamhthráchtála, nó duine nádúrtha ag gníomhú thar ceann an choimeádaí peata
agus i gcomhaontú leis, agus a fhanann faoi chúram an choimeádaí peata nó an
duine sin le linn na gluaiseachta neamhthráchtála sin; (12)
ciallaíonn ‘coimeádaí peataí’ duine nádúrtha a
choimeádann peata; (13)
ciallaíonn ‘gluaiseacht neamhthráchtála’ aon
ghluaiseacht peataí nach bhfuil baint aici, go díreach ná go hindíreach, le
gnóthachan airgeadais nó aistriú úinéireachta nó nach bhfuil a leithéid d’aidhm
aici. (14)
ciallaíonn ‘galar' ionfhabhtuithe nó inmhíolaithe a
bheith i láthair in ainmhithe, bíodh comharthaí cliniciúla nó paiteolaíocha ag
gabháil leo nó ná bíodh, arb é oibreán amháin galair is in‑tarchurtha go
hainmhithe nó go daoine nó níos mó is cúis leis; (15)
ciallaíonn ‘galair liostaithe’ galair atá
liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 5(2); (16)
ciallaíonn ‘galar atá ag teacht chun cinn’ galar
seachas galar liostaithe a d’fhéadfadh na critéir maidir le galair liostaithe a
shásamh, galair dá bhforáiltear in Airteagal 6(1)(a): (a) galar nua a thagann as éabhlóid nó athrú
ar oibreán galair atá ann cheana; (b) galar ar aithnid é cheana a leathann go
ceantar geografach nua nó daonra nua; nó (c) oibreán galair nár aithníodh roimhe seo nó
galar a ndéantar a dhiagnóisiú den chéad uair riamh; (17)
ciallaíonn ‘próifíl galair’ critéir galair dá
dtagraítear in Airteagal 6(1)(a); (18)
ciallaíonn ‘speicis liostaithe’ speiceas ainmhithe
nó grúpa speiceas atá liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 7(2), nó, i
gcás galar atá ag teacht chun cinn, speiceas ainmhithe nó grúpaí speiceas
ainmhithe a chomhlíonann na critéir do speiceas liostaithe atá leagtha síos in Airteagal 7(2); (19)
ciallaíonn ‘guais’ oibreán galair in ainmhí nó i
dtáirge, nó riocht ina bhfuil sé a bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith
aige ar shláinte an duine nó ainmhithe; (20)
ciallaíonn ‘riosca’ an dóchúlacht go dtarlódh an
éifeacht dhíobhálach agus a mhéid is dócha a rachaidh an éifeacht dhíobhálach i
bhfeidhm ar shláinte ainmhithe nó phoiblí ó thaobh bitheolaíochta agus
eacnamaíochta de; (21)
ciallaíonn ‘bithshlándáil’ iomlán na mbeart
bainistíochta agus fisiciúil arna gceapadh le tabhairt isteach, forbairt agus
leathadh galar go dtí, ó, agus laistigh den mhéid seo a leanas: (a) daonra ainmhithe nó (b) bunaíocht, crios, deighleog, modh iompair
nó aon saoráidí, áitreabh nó láthair eile; (22)
ciallaíonn ‘oibreoir’ duine nádúrtha nó
dlítheanach, a bhfuil ainmhithe nó táirgí faoina chúram aige, lena n‑áirítear
coimeádaithe ainmhithe agus iompróirí, cé is moite de choimeádaithe peataí agus
tréidlianna; (23)
ciallaíonn ‘gairmí ainmhithe’ duine nádúrtha nó
dlítheanach, a bhfuil caidreamh gairmiúil aige le hainmhithe nó táirgí, cé is
moite d'oibreoirí nó tréidlianna; (24)
ciallaíonn ‘bunaíocht’ aon áitreabh, struchtúr, nó
aon timpeallacht, ina gcoimeádtar ainmhithe nó táirgí geirmeacha, cé is moite
den mhéid seo a leanas: (a) teaghlaigh ina gcoimeádtar peataí; (b) uisceadáin neamhthráchtála ina
gcoimeádtar ainmhithe uisceacha; (c) cleachtais tréidliachta nó clinicí; (25)
ciallaíonn ‘táirgí geirmeacha’: (a) speirm, seamhan, úicítí agus suthanna a
bheartaítear d’atáirgeadh saorga; (b) uibheacha goir; (26)
ciallaíonn ‘táirgí de bhunadh ainmhíoch’: (a) bia de bhunadh ainmhíoch, lena n‑áirítear
mil agus fuil; (b) moilisc dhébhlaoscacha bheo, eicínideirmigh,
túinicigh bheo agus gastrapóid mhuirí bheo lena gcaitheamh ag an duine; agus (c) ainmhithe seachas na hainmhithe dá
dtagraítear i (b) a bheartaítear a ullmhú d’fhonn iad a sholáthar beo don
tomhaltóir deiridh; (27)
ciallaíonn ‘seachtháirgí ainmhithe’ coirp iomlána
nó codanna d’ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch nó táirgí eile a fuarthas ó
ainmhithe nach bhfuil beartaithe lena gcaitheamh ag an duine, cé is moite de
tháirgí geirmeacha; (28)
ciallaíonn 'táirgí díorthaithe’ táirgí a fhaightear
ó chóireáil, claochlú nó céim amháin nó níos mó den phróiseáil ar sheachtháirgí
ainmhithe; (29)
ciallaíonn 'táirgí': (a) táirgí geirmeacha; (b) táirgí de bhunadh ainmhíoch; (c) seachtháirgí ainmhithe agus táirgí
díorthaithe; (30)
ciallaíonn 'rialú oifigiúil’ rialú oifigiúil mar
atá sainmhínithe i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) XXX/XXX
[Oifig na bhFoilseachán – Uimhir le cur isteach: maidir le rialuithe oifigiúla
agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile]. (31)
ciallaíonn ‘stádas sláinte’ stádas galair i dtaca
leis na galair liostaithe uile do speiceas liostaithe áirithe i ndáil leis an
méid seo a leanas: (a) ainmhí; (b) na hainmhithe laistigh d'aon cheann díobh
seo a leanas: (i) bunaíocht; (ii) deighleog; (iii) crios; (iv) Ballstát; (v) tríú tír nó tríú críoch; (32)
ciallaíonn ‘crios’: (a) i gcás ainmhithe talún, cuid de Bhallstát
tríú tír nó tríú críoch atá sainithe go soiléir ina bhfuil fodhaonra ainmhithe
a bhfuil stádas sláinte ar leith aige i ndáil le galar ar leith nó galair ar
leith faoi réir faireachais iomchuí, rialú galar agus beart bithshlándála; (b) i gcás ainmhithe
uisceacha, córas hidreolaíoch comhtheagmhálach a bhfuil stádas sláinte ar leith
aige i ndáil le galar sonrach nó galair shonracha arb ionann is ceantar é dá
dtagraítear i gceann díobh seo a leanas: (i) dobharcheantar iomlán ó fhoinse
uiscebhealaigh go dtí an t‑inbhear nó an loch; (ii) níos mó ná dobharcheantar amháin; (iii) cuid de dhobharcheantar ó fhoinse an
uiscebhealaigh go dtí bacainn a choisceann tabhairt isteach galair shonraigh nó
galar sonrach; (iv) cuid de limistéar cósta a bhfuil
teorannú geografach beacht leis; (v) inbhear a bhfuil teorannú geografach
beacht leis; (33) ciallaíonn ‘dobharcheantar’ limistéar nó imchuach talún arb iad gnéithe
aiceanta amhail cnoic nó sléibhte a theorainneacha, áit a ritheann na huiscí ar
fad chun srutha; (34)
ciallaíonn ‘deighleog’ fodhaonra ainmhithe atá i
mbunaíocht amháin nó níos nó agus i gcás ainmhithe uisceacha, i mbunaíocht
uisceach amháin nó níos mó, faoi chóras comhchoiteann bainistithe bithshlándála
a bhfuil stádas sláinte ar leith aige i ndáil le galar sonrach nó galair
shonracha faoi réir faireachais iomchuí, bearta rialaithe galar agus
bithshlándála; (35)
ciallaíonn 'coraintín’ ainmhithe a choimeád ar
leithlis faoi rialú an údaráis inniúil gan aon teagmháil dhíreach nó indíreach
le hainmhithe eile, lena áirithiú nach leathfaidh aon ghalair nuair atá na
hainmhithe faoi bhreathnadóireacht ar feadh tréimhse sonraithe agus, más
iomchuí, á dtástáil agus cóireáil á cur orthu; (36)
ciallaíonn ‘aonad eipidéimeolaíoch’ grúpa ainmhithe
a bhfuil an dealraitheacht chéanna ann iad a bheith neamhchosanta ar oibreán
galair; (37)
ciallaíonn ‘ráig’ cás amháin nó níos mó i
mbunaíocht, teaghlach nó aon áit eile ina gcoimeádtar ainmnithe nó ina bhfuil
siad lonnaithe; (38)
ciallaíonn ‘cás’ dearbhú oifigiúil ar ghalar
liostaithe nó galair atá ag teacht chun cinn a bheith ann in ainmhí beo nó
marbh; (39)
ciallaíonn ‘crios srianta’ crios ina gcuirtear i
bhfeidhm srianta ar ghluaiseachtaí ainmhithe nó táirgí áirithe agus bearta
rialaithe galar eile, d’fhonn leathadh an ghalair áirithe isteach i limistéir
nach bhfuil aon srianta i bhfeidhm iontu, a chosc; féadfar criosanna cosanta
agus faireachais a áireamh le crios srianta, nuair is ábhartha; (40)
ciallaíonn ‘crios cosanta’ crios ina bhfuil cás
amháin galair nó níos mó, rud a shuitear tar éis dearbhú oifigiúil ar ráig, áit
ina gcuirtear bearta rialaithe galar i bhfeidhm le leathadh an ghalair ón
gcrios sin a sheachaint; (41)
ciallaíonn ‘crios faireachais’ crios arna shuíomh
tar éis dearbhú oifigiúil ar ráig, agus atá lonnaithe thart timpeall ar an
gcrios cosanta, áit ina gcuirtear bearta rialaithe galar i bhfeidhm le leathadh
an ghalair ón gcrios sin agus ón gcrios cosanta a chosc; (42)
ciallaíonn ‘uibheacha goir’ uibheacha arna mbreith
ag éanlaith chlóis, a bheartaítear lena ngor; (43)
ciallaíonn ‘crúbaigh’ ainmhithe atá liostaithe in Iarscríbhinn II; (44)
ciallaíonn ‘bunaíocht táirgí geirmeacha’: (a) bunaíocht le táirgí geirmeacha a bhailiú,
a tháirgeadh, a phróiseáil agus a stóráil; (b) gorlann; (45)
ciallaíonn ‘gorlann’ bunaíocht ina ndéantar uibheacha
a bhailiú, a stóráil, a ghor agus a ghoradh chun áil leis an méid seo a leanas
a sholáthar: (a) uibheacha le haghaidh goraidh; (b) sicíní lae nó goróga de speicis eile; (46)
ciallaíonn ‘iompróir’ oibreoir a iompraíonn
ainmhithe ar a chuntas féin, nó thar ceann tríú páirtí: (47) ciallaíonn ‘bunaíocht theoranta’ aon bhunaíocht bhuan, atá teoranta go
geografach, arna cruthú ar bhonn deonach, agus arna formheas chun críche
gluaiseachtaí, áit a mbaineann an méid seo a leanas leis na hainmhithe: (a)
coimeádtar nó póraítear iad chun críocha
taispeántas, oideachais, caomhnaithe speiceas nó taighde; (b)
tá siad iata agus scartha amach ón timpeallacht
thart timpeall orthu; (c)
tá siad faoi réir dianfhaireachais sláinte
ainmhithe agus dianbheart bithshlándála; (48)
ciallaíonn ‘oibríocht tionóla’ ainmhithe talún ar
coimeád a thionól ó níos mó ná bunaíocht amháin nó ar feadh tréimhse níos
giorra ná an tréimhse chónaithe a cheanglaítear don speiceas sin ainmhithe; (49) ciallaíonn ‘tréimhse chónaithe’ an tréimhse íosta a cheanglaítear go
bhfanfaidh ainmhí ag bunaíocht sula n‑aistreofar é ón mbunaíocht sin; (50)
ciallaíonn ‘IMSOC’ an córas bainistíochta
faisnéise ríomhairithe dá bhforáiltear le hAirteagal 130(1) de Rialachán
(EU) Uimh. XXX/XXX [Oifig na bhFoilseachán: Uimhir le cur isteach
- maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile]; (51)
ciallaíonn ‘bunaíocht rialaithe galar do bhia
uisceach’ bunaíocht bia atá formheasta i gcomhréir leis na forálacha seo a
leanas: (a) Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004,
maidir le próiseáil ainmhithe dobharshaothraithe chun críocha bia ; (b) Airteagal 177 den Rialachán seo
maidir le marú ainmhithe uisceacha chun críocha rialaithe galar i gcomhréir le
Teideal II de Chuid III; 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le leasuithe ar liosta na n‑ainmhithe seo a leanas : (a) peataí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I; (b) crúbaigh atá leagtha amach in Iarscríbhinn II. Caibidil 2
Galair liostaithe agus galair atá ag teacht chun cinn agus speicis liostaithe Airteagal 5
Galair a liostú 1. Na rialacha sonracha ó thaobh galair
de le haghaidh coisc agus rialú galar dá bhforáiltear sa Rialachán seo, beidh
feidhm acu maidir leis an méid seo a leanas: (a) galair liostaithe; (b) galair atá ag teacht chun cinn. 2. Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, liosta galar liostaithe, dá dtagraítear i mír 1(a). Is éard a bheidh sa liosta galair a chomhlíonfaidh
na coinníollacha atá leagtha síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír
seo, ag cur san áireamh na gcritéar atá leagtha síos in Airteagal 6 maidir
le galair a liostú: (a) galair ar dealraitheach tionchar
suntasach a bheith acu ar cheann amháin díobh seo ar a laghad: (i) sláinte phoiblí; (ii) táirgeadh talmhaíochta nó dobharshaothraithe
nó earnálacha gaolmhara den gheilleagar; (iii) an tsochaí sna Ballstáit agus, nuair is
iomchuí, i dtríú tíortha; (iv) an comhshaol; (b) galair a bhfuil bearta maolaithe riosca
ar fáil ina leith, nó ar féidir iad a fhorbairt agus atá comhréireach leis na
rioscaí a bhaineann leis an ngalar sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Ar mhórchúiseanna práinne ar tugadh bonn cirt cuí
leo a bhaineann le galar ar riosca atá ag teacht chun cinn é a bhfuil tionchar
an‑suntasach aige, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme
láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 255(3). Airteagal 6
Critéir maidir le galair a liostú 1. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na
critéir seo a leanas agus iad ag cinneadh an gcomhlíonann galar na
coinníollacha atá le liostú i gcomhréir le hAirteagal 5(2) (a) próifíl an ghalair, ina mbeidh an méid
seo a leanas: (i) na speicis ainmhithe lena mbaineann an
galar; (ii) rátaí galrachta agus mortlaíochta an
ghalair i ndaonraí ainmhithe; (iii) nádúr zónóiseach an ghalair; (iv) an acmhainn maidir le frithsheasamh a
fhorbairt i gcoinne cóireálacha; (v) dianseasmhacht an ghalair i ndaonraí
ainmhithe nó sa chomhshaol; (vi) róid agus luas tharchur na ngalar idir
ainmhithe agus nuair is ábhartha idir ainmhithe agus daoine; (vii) láithreacht nó neamhláithreacht an
ghalair agus a dháileadh san Aontas, agus, i gcás nach bhfuil an galar i
láthair san Aontas, an riosca maidir lena thabhairt isteach san Aontas; (viii) uirlisí diagnóiseacha agus uirlisí
rialaithe gala a bheith ann; (b) tionchar an ghalair ar an méid seo a
leanas: (i) táirgeadh talmhaíochta agus
dobharshaothraithe agus codanna eile den gheilleagar; –
leibhéal láithreachta an ghalair san Aontas; –
caillteanas táirgthe de dheasca galair; –
caillteanais eile; (ii) sláinte an duine: –
in‑tarchurthacht idir ainmhithe agus daoine; –
in‑tarchurthacht idir daoine; –
déine foirmeacha daonna an ghalair; –
cosc nó cóireáil leighis éifeachtach a bheith ar
fáil do dhaoine; (iii) leas ainmhithe; (iv) bithéagsúlacht agus truailliú an
chomhshaoil; (c) a acmhainneacht éigeandáil a chruthú agus
a úsáid fhéideartha sa bhithsceimhlitheoireacht; (d) indéantacht, infhaighteacht agus
éifeachtacht na mbeart coisctheach agus rialaithe galar seo a leanas: (i) uirlisí agus acmhainní diagnóiseacha; (ii) vacsaíniú; (iii) cóireálacha leighis; (iv) bearta bithshlándála; (v) srianta ar ghluaiseacht ainmhithe agus
táirgí; (vi) dealú agus diúscairt ainmhithe; (e) tionchar beart coisctheach agus rialaithe
galar maidir leis an méid seo a leanas: (i) na costais dhíreacha agus indíreacha do
na hearnálacha buailte agus don gheilleagar ina iomláine; (ii) a n‑inghlacthacht sa tsochaí; (iii) leas na bhfodhaonraí ainmhithe ar
coimeád agus fiáine atá buailte; (iv) an comhshaol agus bithéagsúlacht. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le leasuithe ar na critéir dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo
le hascnamh teicniúil agus eolaíoch agus na forbairtí ar chaighdeáin
idirnáisiúnta ábhartha a chur san áireamh. Airteagal 7
Speicis a liostú 1. Na rialacha sonracha do ghalair
liostaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus na rialacha arna nglacadh de
bhun an Rialacháin seo, beidh feidhm acu maidir le speicis liostaithe. 2. Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, liosta galar, dá dtagraítear i mír 1. Is éard a bheidh ar an liosta na speicis ainmhithe
sin nó na grúpaí speiceas ainmhithe, a bhfuil riosca suntasach ag baint leo ó
thaobh leata galar liostaithe sonrach de, ag cur san áireamh na gcritéar seo a
leanas: (a) leochaileacht an daonra ainmhithe atá i
mbaol; (b) fad na tréimhse goir agus na tréimhse
ionfhabhtaíche do na hainmhithe; (c) cumas na n‑ainmhithe sin na galair
shonracha sin a iompar. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cirt cuí
leo a bhaineann le galar ar riosca atá ag teacht chun cinn é a bhfuil tionchar
an‑suntasach aige, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme
láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 255(3). Airteagal 8
Rialacha coisctheacha agus rialaithe a chur i bhfeidhm maidir le galair
liostaithe 1. Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, cur i bhfeidhm rialacha coisctheacha agus
rialaithe, dá dtagraítear sna pointí seo a leanas, maidir le galair liostaithe: (a) galair liostaithe faoi réir rialacha
maidir leis an méid seo a leanas: (i) feasacht agus ullmhacht maidir le galair
dá bhforáiltear i dTeideal I de Chuid III agus bearta rialaithe galar
dá bhforáiltear i gCaibidil 1 de Theideal II de Chuid III; (ii) roinnt i ndeighleoga dá bhforáiltear in
Airteagal 37(1); (b) galair liostaithe atá faoi réir na
rialacha coisctheacha agus rialaithe galar maidir le: (i) cláir dhíothaithe éigeantacha dá
bhforáiltear in Airteagal 30(1); (ii) Ballstáit agus criosanna saor ó ghalair
dá bhforáiltear in Airteagal 36; (iii) roinnt i ndeighleoga dá bhforáiltear in
Airteagal 37(2); (iv) bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i
gCaibidil 2 de Theideal II de Chuid III. (c) galair liostaithe faoi réir na rialacha
coisctheacha agus rialaithe galar maidir le: (i) díothú éigeantach dá bhforáiltear in Airteagal 30(2); (ii) Ballstáit agus criosanna saor ó ghalair
dá bhforáiltear in Airteagal 36; (iii) roinnt i ndeighleoga dá bhforáiltear in
Airteagal 37(2); (iv) bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i
gCaibidil 2 de Theideal II de Chuid III. (d) galair liostaithe faoi réir na rialacha
coisctheacha agus rialaithe galar maidir leis an méid seo a leanas: (i) gluaiseacht laistigh den Aontas dá
bhforáiltear i gCaibidlí 3 go 7 de Theideal I agus i gCaibidlí 2, 3 agus 4
de Theideal II de Chuid IV; (ii) teacht isteach san Aontas agus
onnmhairiú ón Aontas dá bhforáiltear i gCuid V. (e) galair liostaithe atá faoi réir na
rialacha coisctheacha agus rialaithe galar maidir leis an méid seo a leanas: (i) fógra agus tuairisc a thabhairt dá
bhforáiltear i gCaibidil 1 de chuid II; (ii) faireachas dá bhforáiltear i gCaibidil 2
de Chuid II. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cirt cuí
leo a bhaineann le galar ar riosca atá ag teacht chun cinn é a bhfuil tionchar
an‑suntasach aige, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme
láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 255(3). 2. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na
gcritéar seo a leanas agus gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear i mír 1
á nglacadh aige : (a) leibhéal tionchair an ghalair ar shláinte
ainmhithe agus poiblí, leas ainmhithe agus an geilleagar; (b) leitheadúlacht, ráta tarlaithe agus
dáileadh an ghalair san Aontas; (c) infhaighteacht,
indéantacht agus éifeachtacht na sraitheanna éagsúla beart coisctheacha agus
rialaithe galar dá bhforáiltear sa Rialachán seo i ndáil leis an ngalar. Caibidil 3
Cúraimí maidir le sláinte ainmhithe Roinn 1
oibreoirí, gairmithe ainmhithe agus coimeádaithe peataí Airteagal 9
Cúraimí maidir le bearta sláinte ainmhithe agus bithshlándála 1. Déanfaidh oibreoirí, gairmithe
ainmhithe agus coimeádaithe peataí an méid a leanas: (a) beidh siad freagrach as sláinte ainmhithe
ar coimeád agus táirgí atá faoina gcúram; (b) déanfaidh siad bearta iomchuí
bithshlándála, ag cur san áireamh na rioscaí a bhaineann leo, chun sláinte na n‑ainmhithe
ar coimeád agus na dtáirgí sin a áirithiú agus chun teacht isteach, forbairt
agus iolrú galar a sheachaint i measc na n‑ainmhithe sin ar coimeád agus
na dtáirgí sin atá faoina gcúram agus leathadh galar eatarthusan agus uathusan
a sheachaint, ach amháin nuair a údaraítear amhlaidh go sonrach chun críoch
eolaíoch, mar is iomchuí sna cásanna seo a leanas: (i) na catagóirí agus speicis ainmhithe ar
coimeád agus táirgí; (ii) an cineál táirgthe. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le bearta bithshlándála lena bhforlíontar na rialacha atá leagtha síos i
mír 1(b) den Airteagal seo. Airteagal 10
Buneolas ar shláinte ainmhithe 1. Gheobhaidh
oibreoirí agus gairmithe ainmhithe eolas ar an méid seo a leanas: (a) galair
ainmhithe, lena n‑áirítear na galair is in‑tarchurtha go daoine; (b) prionsabail
bhithshlándála; (c) an idirghníomhaíocht idir sláinte
ainmhithe, leas ainmhithe agus sláinte an duine. 2. Beidh an cineál eolais agus an
leibhéal eolais a cheanglaítear i gcomhréir le mír 1 ag brath ar an méid
seo a leanas: (a) na catagóirí agus speicis ainmhithe ar
coimeád agus táirgí faoina gcúram; (b) an cineál táirgthe; (c) na cúraimí arna gcur i gcrích. 3. Gheofar an t‑eolas dá
bhforáiltear i mír 1 ar cheann de na bealaí seo a leanas: (a) taithí nó oiliúint ghairmiúil; (b) cláir atá ann cheana in earnálacha na
talamhaíochta nó an dobharshaothraithe is ábhartha do shláinte ainmhithe; (c) oideachas foirmiúil. Roinn 2
tréidlianna agus gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha Airteagal 11
Freagrachtaí tréidlianna agus gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha 1. Déanfaidh tréidlianna an méid seo a
leanas agus iad i mbun a ngníomhaíochtaí a thagann laistigh de raon feidhme an
Rialacháin seo: (a) déanfaidh siad na bearta uile is gá chun
tabhairt isteach, forbairt agus leathadh galar a chosc; (b) áiritheoidh siad luathbhrath galar trí
dhiagnóis cheart agus trí dhiagnóis dhifreálach a dhéanamh le galar a chur as
an áireamh nó a dhearbhú, sula dtosaítear ar airíonna a chóireáil; (c) beidh ról gníomhach acu sa mhéid seo a
leanas: (i) múscailt feasachta faoi shláinte
ainmhithe; (ii) galair a chosc; (iii) luathbhrath galar agus freagairt thapa
orthu. (d) comhoibriú leis an údarás inniúil,
oibreoirí, gairmithe ainmhithe agus coimeádaithe peataí i gcur i bhfeidhm na
mbeart coisctheach agus rialaithe galar dá bhforáiltear sa Rialachán seo. 2. Féadfaidh gairmithe sláinte
ainmhithe uisceacha tabhairt faoi ghníomhaíochtaí atá sannta do thréidlianna sa
Rialachán seo i ndáil le hainmhithe uisceacha ar an gcoinníoll go bhfuil siad
údaraithe faoin reachtaíocht náisiúnta an méid sin a dhéanamh. Sa chás sin,
beidh feidhm ag mír 1 maidir leis na gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha
sin. 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le cáilíochtaí tréidlianna agus gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha a
thugann faoi ghníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Roinn 3
Na Ballstáit Airteagal 12
Freagrachtaí na mBallstát 1. Chun a áirithiú go bhfuil sé de
chumas ag an údarás inniúil do shláinte ainmhithe na bearta is gá agus is
iomchuí a dhéanamh agus na gníomhaíochtaí a chur i gcrích mar a cheanglaítear
leis an Rialachán seo, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an méid seo a leanas
aige: (a) foireann cháilithe, saoráidí, trealamh,
acmhainní airgeadais agus eagrúchán éifeachtach lena gcumhdaítear críoch iomlán
an Bhallstáit; (b) rochtain ar shaotharlanna a bhfuil
foireann cháilithe iontu, saoráidí, trealamh agus acmhainní airgeadais lena
áirithiú go ndéanfar diagnóis agus diagnóis dhifreálach thapa agus chruinn ar
ghalair liostaithe agus ar ghalair atá ag teacht chun cinn; (c) tréidlianna atá oilte go leordhóthanach
agus atá gafa leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 a
thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. 2. Tacóidh na Ballstáit le hoibreoirí
agus gairmithe ainmhithe an buneolas faoi shláinte ainmhithe dá bhforáiltear in
Airteagal 10 a fháil, a chothabháil agus a fhorbairt, trí bhíthin clár
ábhartha in earnálacha na talmhaíochta nó an dobharshaothraithe nó trí bhíthin
oideachais fhoirmiúil. Airteagal 13
Gníomhaíochtaí oifigiúla eile á dtarmligean ag údarás inniúil 1. Féadfaidh
an t‑údarás inniúil ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a
leanas a tharmligean chuig tréidlianna: (a) gníomhaíochtaí
a bhaineann le fógra agus tuairisc a thabhairt dá bhforáiltear i gCaibidil 1
de chuid II agus faireachas dá bhforáiltear i gCaibidil 2 den chuid
sin; (b) gníomhaíochtaí a bhaineann leis an méid
seo a leanas: (i) feasacht, ullmhacht agus rialú maidir le
galair dá bhforáiltear i gCuid III; (ii) clárú, formheas, inrianaitheacht agus
gluaiseachtaí dá bhforáiltear i gCuid IV; (iii) bearta éigeandála dá bhforáiltear i gCuid VI. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis an méid seo a leanas : (a) na himthosca agus coinníollacha maidir le
gníomhaíochtaí dá bhforáiltear i mír 1 a tharmligean; (b) na gníomhaíochtaí eile a fhéadfar a
tharmligean chuig tréidlianna sa bhreis ar na cinn dá bhforáiltear i mír 1
den Airteagal seo agus na himthosca agus na coinníollacha faoinar féidir é a
dhéanamh; (c) ceanglais íosta maidir le hoiliúint
tréidlianna dá bhforáiltear in Airteagal 12(1)(c). Cuirfidh an Coimisiún san áireamh nádúr na
gcúraimí sin agus oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát, agus
na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh. Airteagal 14
Faisnéis phoiblí I gcás ina bhfuil foras réasúnta le bheith in
amhras go mbaineann riosca le hainmhithe nó táirgí, déanfaidh an t‑údarás
inniúil na céimeanna is iomchuí chun an pobal a chur ar an eolas faoi nádúr an
riosca agus faoi na bearta a rinneadh nó atá le déanamh leis an riosca sin
a chosc nó a rialú, ag cur san áireamh nádúr, thromchúis agus fhairsinge an riosca
sin agus gur chun leas an phobail atá sé bheith ar an eolas faoi. Roinn 4
saotharlanna, saoráidí agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile a láimhseálann
oibreáin ghalair, vacsaíní agus táirgí bitheolaíocha eile Airteagal 15
Oibleagáidí ar shaotharlanna, saoráidí agus daoine eile a láimhseálann oibreáin
ghalair, vacsaíní agus táirgí bitheolaíocha eile 1. Déanfaidh saotharlanna, saoráidí
agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile a láimhseálann oibreáin ghalar chun
críocha taighde, oideachais, diagnóise nó táirgthe vacsaíní nó táirgí
bitheolaíocha eile an méid seo a leanas, agus caighdeáin idirnáisiúnta á gcur
san áireamh acu nuair atá siad ann: (a) bearta iomchuí bithshlándála,
bithshábháilteachta agus bithimshrianta a dhéanamh le go seachnófar éalú oibreán
galair agus a dteagmháil iardain le hainmhithe lasmuigh den tsaotharlann, nó
saoráid eile a láimhseálann oibreáin ghalair chun críocha taighde; (b) a áirithiú nach n‑eascróidh riosca
maidir le galar liostaithe agus galair atá ag teacht chun cinn as gluaiseacht
oibreán galair, vacsaíní agus táirgí bitheolaíocha eile idir saotharlanna, agus
saoráidí eile. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le bearta sábháilteacha do shaotharlanna, saoráidí agus daoine nádúrtha
agus dlítheanacha a láimhseálann oibreáin ghalair, vacsaíní agus táirgí
bitheolaíochta eile i ndáil leis an méid seo a leanas: (a) bearta bithshlándáil, bithshábháilteachta
agus bithimshrianta; (b) ceanglais ghluaiseachta d’oibreáin
ghalair, vacsaíní agus táirgí bitheolaíocha eile. CUID II
FÓGRA AGUS TUAIRISC A THABHAIRT I LEITH GALAR, FAIREACHAS, CLÁIR DHÍOTHAITHE,
STÁDAS SAOR Ó GHALAIR Caibidil 1
Fógra agus tuairisc a thabhairt i leith galar Airteagal 16
Fógra a thabhairt laistigh de na Ballstáit 1. Tabharfaidh daoine nádúrtha agus
dlítheanacha fógra láithreach do na daoine seo a leanas: (a) an t‑údarás inniúil má bhriseann
galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(e) amach nó má tá amhras
faoina leithéid; (b) tréidlia a bhíonn ag gabháil do
mhortlaíochtaí neamhghnácha nó airíonna galar thromchúiseach eile nó rátaí
táirgthe atá laghdaithe go suntasach gan aon chúis chinntithe leo in ainmhithe
le haghaidh tuilleadh imscrúdaithe, lena n‑áirítear sampláil le haghaidh scrúdú
saotharlainne nuair a dhlítear amhlaidh. 2. Féadfaidh Ballstáit a chinneadh go
gcuirfear na fógraí dá bhforáiltear i mír 1(b) faoi bhráid an údaráis
inniúil. 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis an méid seo a leanas: (a) critéir lena chinneadh an ann do na
himthosca a cheanglaítear fógra ina leith atá tuairiscithe i mír 1(b) den Airteagal
seo: (b) rialacha mionsonraithe maidir le
tuilleadh imscrúdaithe dá bhforáiltear i mír 1(b) den Airteagal seo. Airteagal 17
Fógra a thabhairt don Aontas 1. Tabharfaidh Ballstáit fógra
láithreach don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i leith aon ráigeanna galar
liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(e) a gceanglaítear fógra a
thabhairt láithreach ina leith le cur chun feidhme tráthúil aon bheart
bainistithe riosca a áirithiú, ag cur san áireamh phróifíl an ghalair. 2. Beidh an fhaisnéis seo a leanas
faoin ráig san fhógra dá bhforáiltear i mír 1: (a) an t‑oibreán galair agus, nuair is
ábhartha, an fochineál; (b) na dátaí a raibh amhras ann faoin ráig
agus ar ar dearbhaíodh an ráig; (c) láthair na ráige; (d) aon ráigeanna gaolmhara; (e) na hainmhithe atá buailte leis an ráig; (f) aon bhearta rialaithe galar arna
ndéanamh i ndáil leis an ráig; (g) tionscnamh féideartha nó aitheanta an
ghalair liostaithe; (h) na modhanna diagnóiseacha arna n‑úsáid. 3. Suífidh an Coimisiún trí bhíthin
gníomhartha tarmligthe cé na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(e)
a bheidh faoi réir fógra láithreach ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 1
den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Airteagal 18
Tuairisc a thabhairt don Aontas 1. Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc
don Choimisiún agus do na Ballstáit eile an fhaisnéis faoi ghalair liostaithe
dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(e) a mbaineann an méid seo a leanas leo: (a) ní cheanglaítear fógra a thabhairt
láithreach faoi ráigeanna i gcomhréir le hAirteagal 17(1); (b) ceanglaítear fógra a thabhairt láithreach
faoi ráigeanna i gcomhréir le hAirteagal 17(1), ach ceanglaítear faisnéis
bhreise a thuairisciú don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i leith: (i) faireachas i gcomhréir leis na rialacha
atá leagtha síos sa ghníomh cur chun feidhme a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 29; (ii) clár díothaithe i gcomhréir leis na
rialacha atá leagtha síos sa ghníomh cur chun feidhme a glacadh i gcomhréir le
hAirteagal 35; 2. Áireofar faisnéis ar an méid seo a
leanas sna tuarascálacha dá bhforáiltear i mír 1: (a) brath na ngalar liostaithe dá dtagraítear
i mír 1; (b) torthaí faireachais nuair a cheanglaítear
iad i gcomhréir le rialacha a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 29(b)(ii); (c) torthaí clár faireachais nuair a
cheanglaítear iad i gcomhréir le hAirteagal 27(3) agus rialacha a glacadh
i gcomhréir le hAirteagal 29(b)(ii); (d) cláir dhíothaithe nuair a cheanglaítear
amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 33 agus rialacha atá leagtha síos i
ngníomh cur chun feidhme a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 35; 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le leasú agus forlíonadh na gceanglas i mír 2 den Airteagal seo
agus tuairisciú faoi chúrsaí eile nuair is gá le cur i bhfeidhm éifeachtúil na
rialacha coisctheacha agus rialaithe galar sa Rialachán seo a áirithiú. Airteagal 19
Rialacha comhchoiteanna maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas 1. Tabharfar an fógra agus an tuairisc
don Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 17(1) agus in Airteagal 18(1)
ag tráthanna agus minicíochtaí a áiritheoidh cur i bhfeidhm trédhearcach agus
tráthúil na mbeart bainistithe riosca is gá, ag cur san áireamh an méid seo a
leanas: (a) próifíl an ghalair; (b) an cineál ráige. 2. Bunóidh na Ballstáit réigiúin maidir
le fógra a thabhairt agus tuairiscithe chun críche fógra agus tuairisc a
thabhairt don Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 17(1) agus in Airteagal 18(1). Airteagal 20
Córas faisnéise ríomhairithe le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi
ghalair Bunóidh agus bainisteoidh an Coimisiún córas
faisnéise ríomhairithe chun sásraí agus uirlisí a oibriú do na ceanglais maidir
le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 17,
Airteagal 18 agus Airteagal 19. Airteagal 21
Cumhachtaí cur chun feidhme maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt don
Aontas faoi ghalair agus maidir leis an gcóras faisnéise ríomhairithe Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme
leagfaidh an Coimisiún síos rialacha maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt
don Aontas agus maidir leis an gcóras faisnéise ríomhairithe dá bhforáiltear in
Airteagail 17 go 20 i leith: (a) an
fhaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit sa bhfógra agus sa tuairisc don
Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 17(1) agus Airteagal 18(1); (b) nósanna
imeachta do bhunú agus úsáid an chórais faisnéise ríomhairithe dá bhforáiltear
in Airteagal 20 agus bearta idirthréimhseacha le haghaidh aistriú na
sonraí agus na faisnéise ó na córais atá ann cheana go dtí an córas nua agus a
inoibritheachta iomláine; (c) formáid
agus struchtúr na sonraí atá le hiontráil ar an gcóras faisnéise ríomhairithe
dá bhforáiltear in Airteagal 20; (d) spriocdhátaí
agus minicíochtaí na bhfógraí agus na dtuairiscí don Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 17(1)
agus Airteagal 18(1); (e) réigiún
maidir le fógra a thabhairt don Aontas agus tuairisciú dá bhforáiltear in Airteagal 19(2). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme
sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Caibidil 2
Faireachas Airteagal 22
Oibleagáid na n‑oibreoirí maidir le faireachas Chun críche láithreacht galar liostaithe agus
galar atá ag teacht chun cinn a bhrath, déanfaidh oibreoirí an méid seo a
leanas: (a) sláinte agus iompraíocht ainmhithe
atá faoina gcúram a fhorbhreithniú; (b) aon athruithe ar na
gnáthpharaiméadair tháirgthe sna bunaíochtaí, ainmhithe nó táirgí geirmeacha
faoina gcúram a bhreathnú, a bhféadfadh amhras a theacht astu gur galar
liostaithe nó galar atá ag teacht chun cinn is cúis leo; (c) mortlaíochtaí neamhghnácha agus
airíonna eile galar tromchúiseach a lorg in ainmhithe faoina gcúram. Airteagal 23
Cuairteanna sláinte ainmhithe 1. Áiritheoidh oibreoirí go bhfaighidh
bunaíochtaí faoina gcúram cuairteanna sláinte ainmhithe ó thréidlia nuair is
iomchuí, i ngeall ar rioscaí a bhaineann leis an mbunaíocht, ag cur an méid seo
a leanas san áireamh: (a) an cineál bunaíochta; (b) catagóir agus speiceas na n‑ainmhithe
ar coimeád sa bhunaíocht; (c) faireachas ábhartha, scéimeanna
ráthaíochta cáilíochta nó rialuithe oifigiúla ar bith eile a mbíonn ainmhithe
ar coimeád agus cineálacha bunaíochtaí faoina réir. Tarlóidh na cuairteanna sláinte ainmhithe sin ag
minicíochtaí atá comhréireach leis na rioscaí a bhaineann leis an mbunaíocht. Féadfar iad a chomhcheangal le cuairteanna chun
críocha eile. 2. Beidh na cuairteanna sláinte
ainmhithe dá bhforáiltear i mír 1 chun críocha an méid seo a leanas: (a) comharthaí ar bith a léiríonn go bhfuil
galair liostaithe nó galair atá ag teacht chun cinn a bhrath; (b) comhairle a thabhairt don oibreoir faoi
bhithshlándáil agus ábhair eile sláinte ainmhithe, de réir mar is iomchuí don
chineál bunaíochta agus do na catagóirí agus na speicis ainmhithe ar coimeád sa
bhunaíocht. Airteagal 24
Tarmligean cumhachtaí i dtaca le cuairteanna sláinte
ainmhithe Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir
leis an méid seo a leanas: (a) lena bhforlíontar an méid seo a
leanas: (i) na critéir atá leagtha síos in Airteagal 23(1)
atá le cur san áireamh agus an méid seo a leanas á chinneadh: –
na cineálacha bunaíochta nach mór a bheith faoi
réir cuairteanna sláinte ainmhithe; –
minicíocht na gcuairteanna sláinte ainmhithe sin; (ii) na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 23(2)
maidir le hábhar agus minicíocht na gcuairteanna sláinte ainmhithe do na
cineálacha éagsúla bunaíochtaí, lena áirithiú go mbaintear amach cuspóirí na
gcuairteanna sláinte ainmhithe; (b) na cineálacha bunaíochta a chinneadh nach
foláir a bheith faoi réir cuairteanna sláinte ainmhithe; Airteagal 25
Oibleagáid an údaráis inniúil i dtaca le faireachas 1. Déanfaidh an t‑údarás inniúil
faireachas do láithreacht na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(e)
agus na ngalar atá ag teacht chun cinn. 2. Ceapfar an faireachas le brath
tráthúil láithreacht na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(e)
agus na ngalar atá ag teacht chun cinn a áirithiú trí fhaisnéis ábhartha a
bhaineann leis an staid ghalair a bhailiú, a thiomsú agus a anailísiú. 3. Áiritheoidh an t‑údarás
inniúil go mbaileofar agus go n‑úsáidfear an fhaisnéis faoi fhaireachas,
dá bhforáiltear i mír 1, ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil. Airteagal 26
Modheolaíocht, minicíocht agus déine an fhaireachais Beidh ceapadh, meáin, modhanna diagnóiseacha,
minicíocht, déine, daonra ainmhithe spriocdhírithe, agus patrúin samplála an
fhaireachais dá bhforáiltear in Airteagal 25(1) iomchuí agus comhréireach
le cuspóirí an fhaireachais, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh : (a) próifíl an ghalair; (b) na fachtóirí riosca lena mbaineann; (c) an stádas sláinte sna háiteanna seo
a leanas: (i) sa Bhallstát, crios nó deighleog de atá
faoi réir faireachais ; (ii) sna Ballstáit agus tríú tíortha nó tríú
críocha, atá ina dteorann leis an mBallstát, crios nó deighleog sin nó óna
dtagann ainmhithe agus táirgí isteach sa Bhallstát, crios nó deighleog sin; (d) faireachas arna dhéanamh ag
oibreoirí i gcomhréir le hAirteagal 22, nó ag údaráis phoiblí eile. Airteagal 27
Cláir faireachais 1. Tabharfaidh
an t‑údarás inniúil faoin bhfaireachas dá bhforáiltear in Airteagal 25(1)
faoi chuimsiú cláir faireachais, nuair atá gá le faireachas struchtúrtha i
ngeall ar an méid seo a leanas: (a) próifíl an ghalair; (b) na fachtóirí riosca lena mbaineann. 2. Déanfaidh Ballstát a bhunaíonn clár
faireachais i gcomhréir le mír 1 an Coimisiún agus na Ballstáit eile a
chur ar an eolas faoin gclár sin. 3. Déanfaidh Ballstát a thugann faoi
chlár faireachais i gcomhréir le mír 1 tuairiscí rialta ar thorthaí an
chláir fhaireachais sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Airteagal 28
Cumhachtaí a tharmligean Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir
leis an méid seo a leanas: (a) ceapadh, meáin, modhanna
diagnóiseacha, minicíocht, déine, daonra spriocdhírithe ainmhithe, agus patrúin
shamplála faireachais dá bhforáiltear in Airteagal 26; (b) na critéir maidir le dearbhú
oifigiúil agus sainmhínithe cáis galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(e)
agus nuair is ábhartha galar atá ag teacht chun cinn; (c) ceanglais maidir le cláir
faireachais dá bhforáiltear in Airteagal 27(1) i dtaca leis an méid seo a
leanas: (i) ábhair na gclár faireachais; (ii) an fhaisnéis atá le háireamh agus cláir
faireachais á dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 27(2) agus i
dtuarascálacha rialta i gcomhréir le hAirteagal 27(3); (iii) tréimhse chur i bhfeidhm na gclár
faireachais. Airteagal 29
Cumhachtaí cur chun feidhme Déanfaidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha
cur chun feidhme, ceanglais a leagan síos maidir le faireachas agus cláir
faireachais dá bhforáiltear in Airteagal 26 agus Airteagal 27 agus
rialacha a glacadh de bhun Airteagal 28 maidir leis an méid seo a leanas: (a) a shuíomh cé na galair liostaithe dá
dtagraítear in Airteagal 8(1)(e) atá le bheith faoi réir clár faireachais; (b) formáid agus nós imeachta don mhéid
seo a leanas: (i) cláir faireachais chun críocha faisnéise
a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát eile; (ii) tuairisciú don Choimisiún ar thorthaí an
fhaireachais. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme
sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Caibidil 3
Cláir dhíothaithe Airteagal 30
Cláir dhíothaithe éigeantacha agus dheonacha 1. Maidir leis na Ballstáit nach bhfuil
saor ó cheann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(e)
ina gcríoch iomlán nó i gcriosanna nó deighleoga ábhartha díobh, nó nach eol go
bhfuil siad saor uathu, déanfaidh siad an méid seo a leanas: (a) clár a bhunú le galar a dhíothú nó lena
léiriú go bhfuiltear saor ón ngalar liostaithe sin, a chuirfear i gcrích sna
daonraí ainmhithe lena mbaineann an galar sin agus a chuimsíonn codanna
ábhartha dá gcríocha, criosanna nó deighleoga díobh (‘clár díothaithe
éigeantach’); (b) an dréachtchlár díothaithe éigeantach a
chur faoi bhráid an Choimisiúin, lena fhormheas; 2. Maidir
leis na Ballstáit nach bhfuil saor ó cheann amháin nó níos mó de na galair
liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(c), nó nach eol go bhfuil siad
saor uathu, agus a chinneann clár díothaithe an ghalair liostaithe sin a bhunú
atá le cur i gcrích sna daonraí ainmhithe lena mbaineann agus lena gcumhdaítear
na codanna ábhartha dá gcríoch nó criosanna nó deighleoga ábhartha díobh (‘clár
díothaithe deonach’) cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin é lena fhormheas. 3. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, formheas ar an méid seo a leanas: (a) dréachtchláir dhíothaithe éigeantacha
arna gcur faoina bhráid lena formheas i gcomhréir le mír 1; (b) dréachtchláir dhíothaithe dheonacha arna
gcur faoina bhráid lena formheas i gcomhréir le mír 2; Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cirt cuí
leo a bhaineann le galar liostaithe ar riosca atá ag teacht chun cinn é a
bhfuil tionchar an‑suntasach aige, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur
chun feidhme is infheidhme láithreach dá bhforáiltear i bpointe (a) den mhír
seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 255(3). Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha
cur chun feidhme, cláir dhíothaithe arna bhformheas i gcomhréir le pointí (a)
agus (b) a leasú nó a fhoirceannadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme
sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). 4. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis an méid seo a leanas: (a) cuspóirí, straitéisí rialaithe galar agus
spriocanna idirmheánacha na gclár díothaithe éigeantach agus deonach; (b) maoluithe ón gceanglas maidir le
tíolacadh clár díothaithe éigeantach agus clár díothaithe deonach lena bhformheas,
dá bhforáiltear i mír 1(b) agus i mír 2 den Airteagal seo, i gcás
nach gá an formheas sin i ngeall ar rialacha a ghlacadh maidir leis na cláir
sin i gcomhréir le hAirteagal 31(2), Airteagal 34(2) agus Airteagal 35. (c) an fhaisnéis atá le soláthar ag na
Ballstáit don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le maoluithe ón
gceanglas maidir le formheas clár díothaithe éigeantach agus formheas clár
díothaithe deonach dá bhforáiltear i (b). Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 lena leasaítear nó lena
bhfoirceanntar rialacha arna nglacadh de bhun phointe (b) den mhír seo. Airteagal 31
Bearta faoi na cláir dhíothaithe éigeantacha agus dheonacha 1. Beidh ar a laghad an méid seo a
leanas sna cláir dhíothaithe éigeantacha agus sna cláir dhíothaithe dheonacha: (a) bearta rialaithe galar leis an oibreán
galair a dhíothú ó bhunaíochtaí, deighleoga agus criosanna ina dtarlaíonn an
galar agus le hath‑ionfhabhtú a sheachaint. (b) faireachas arna chur i bhfeidhm i
gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos in Airteagal 26 go hAirteagal 29
leis an méid seo a leanas a thaispeáint: (i) éifeachtacht na mbeart rialaithe galar
dá bhforáiltear i bpointe (a); (ii) saoirse ón ngalar liostaithe; (c) bearta rialaithe galar atá le déanamh i
gcás torthaí dearfacha faireachais. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis an méid seo a leanas: (a) bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1(a); (b) bearta rialaithe galar atá le déanamh le
hath‑ionfhabhtú an daonra ainmhithe spriocdhírithe leis an ngalar i
dtrácht a sheachaint, i mbunaíochtaí, criosanna agus deighleoga; (c) ceapadh, meáin, modhanna diagnóiseacha,
minicíocht, déine, daonra ainmhithe spriocdhírithe agus patrúin samplála an
fhaireachais dá bhforáiltear in Airteagal 26; (d) bearta rialaithe galar atá le déanamh i
gcás torthaí dearfacha don ghalar liostaithe dá bhforáiltear i mír 1(c); (e) vacsaíniú. Airteagal 32
Ábhar na gclár díothaithe éigeantach agus deonach a thíolactar Áireoidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a
leanas sna hiarratais ar chláir dhíothaithe éigeantacha agus dheonacha arna
gcur faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 30(1)
agus (2): (a) tuairisc ar staid eipidéimeolaíoch
an ghalair liostaithe a chuimsítear faoin gclár díothaithe éigeantach nó
deonach; (b) tuairisc agus críochú an limistéir
gheografaigh agus riaracháin a chuimsítear faoin gclár díothaithe éigeantach nó
deonach; (c) tuairisc ar bhearta rialaithe galar
an chláir dhíothaithe éigeantaigh nó dheonaigh dá bhforáiltear in Airteagal 31(1)
agus na rialacha a glacadh de bhun Airteagal 31(2) (d) fad measta thréimhse an chláir
dhíothaithe éigeantaigh nó dheonaigh; (e) na spriocanna idirmheánacha agus na
straitéisí rialaithe galar le tabhairt faoin gclár díothaithe éigeantach nó
deonach; (f) anailís ar chostais mheasta agus
sochair mheasta an chláir dhíothaithe éigeantaigh nó dheonaigh. Airteagal 33
Tuairisciú Déanfaidh an Ballstát a bhfuil an clár
díothaithe éigeantach nó deonach á thabhairt ar láimh aige an méid seo a leanas
a chur faoi bhráid an Choimisiúin: (a) tuarascálacha idirmheánacha rialta
le faireachán a dhéanamh ar spriocanna idirmheánacha, dá dtagraítear in Airteagal 32(e),
na gclár éigeantach nó deonach leanúnach. (b) tuarascáil chríochnaitheach nuair
atá sé tugtha chun críche. Airteagal 34
An tréimhse ina gcuirtear na cláir dhíothaithe i bhfeidhm 1. Beidh feidhm ag cláir dhíothaithe
éigeantacha agus dheonacha: (a) go dtí go gcomhlíonfar na coinníollacha
maidir le cur isteach ar stádas saor ó ghalair i gcríoch an Bhallstáit nó i
gcrios dá bhforáiltear in Airteagal 36(1), nó i ndeighleog, dá
bhforáiltear in Airteagal 37(1); nó (b) i gcás clár díothaithe deonach, go dtí
nach féidir na coinníollacha maidir le cur isteach ar stádas saor ó ghalair a
bhaint amach agus nach gcomhlíonann an clár sin a chuspóir a thuilleadh; sa
chás sin, tarraingeoidh an t‑údarás inniúil nó an Coimisiún siar é i
gcomhréir leis an nós imeachta faoinar bunaíodh é. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na ceanglais dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a
fhorlíonadh agus a leasú i ndáil le tréimhse chur i bhfeidhm na gclár
díothaithe éigeantach agus deonach. Airteagal 35
Cumhachtaí cur chun feidhme Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme,
leagfaidh an Coimisiún síos an fhaisnéis, an fhormáid agus na ceanglais nós
imeachta maidir leis na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 30 go hAirteagal 33
i dtaca leis an méid seo a leanas: (a) dréachtchláir dhíothaithe
éigeantacha agus dheonacha a thíolacadh lena bhformheas; (b) táscairí feidhmíochta; (c) an tuairisciú don Choimisiún agus do
na Ballstáit eile ar thorthaí chur chun feidhme na gclár díothaithe éigeantach
nó deonach. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme
sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Caibidil 4
Stádas saor ó ghalair Airteagal 36
Ballstáit agus criosanna saor ó ghalair 1. Féadfaidh Ballstát iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar stádas
saor ó ghalair a fhormheas do cheann amháin nó níos mó de na galar liostaithe
dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) agus (c) dá chríoch iomlán, nó do
chrios amháin nó níos mó de ar an gcoinníoll go mbeidh na coinníollacha seo a
leanas comhlíonta acu: (a) nach bhfuil ceann ar bith de na speicis
liostaithe don ghalar a chuimsítear san iarratas ar stádas saor ó ghalar i
láthair i gcríoch iomlán an Bhallstáit nó sa chrios ábhartha nó sna criosanna
ábhartha a chuimsítear san iarratas sin; (b) is eol nach féidir leis an oibreán galair
fanacht beo i gcríoch iomlán an Bhallstáit, nó sa chrios ábhartha nó sna
criosanna ábhartha a chuimsítear san iarratas; (c) i gcás galar liostaithe nach
dtarchuirtear ach trí veicteoirí, nach bhfuil aon cheann de na veicteoirí i
láthair, nó is eol nach féidir leo fanacht beo i gcríoch iomlán an Bhallstáit,
nó sa chrios ábhartha nó sna criosanna ábhartha a chuimsítear san iarratas; (d) taispeánadh saoirse ón ngalar liostaithe
tríd an méid seo a leanas: (i) clár díothaithe a chomhlíonann na
rialacha atá leagtha síos in Airteagal 31(1) agus na rialacha atá glactha
de bhun mhír 2 den Airteagal sin; nó (ii) sonraí stairiúla agus faireachais. 2. Sna hiarratais ar stádas saor ó ghalair
áireoidh na Ballstáit fianaise chun bunús a thabhairt go bhfuil na
coinníollacha do stádas saor ó ghalar atá leagtha síos i mír 1 comhlíonta
acu. 3. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gnímh chur chun feidhme, faoi réir leasuithe nuair is gá, iarratais ó
Bhallstáit ar stádas saor ó ghalair a fhormheas, nuair atá na coinníollacha dá
bhforáiltear i mír 1agus mír 2 comhlíonta. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Airteagal 37
Deighleoga 1. Féadfaidh Ballstát iarratas a chur
faoi bhráid an Choimisiúin ar aitheantas stádais saor ó ghalair i ndeighleoga i
gcás galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a), agus ar
chosaint an stádais saor ó ghalair sin sa deighleog sin i gcás ráige galair
amháin nó níos mó de na galair liostaithe ina chríoch ar na coinníollacha seo a
leanas: (a) is féidir teacht isteach an ghalair
liostaithe nó na ngalar liostaithe a chuimsítear faoin iarratas sin a chosc ar
leibhéal deighleoige, ag cur san áireamh phróifíl an ghalair; (b) tá an deighleog a chumhdaítear san
iarratas faoi réir córais bhainistithe bhithshlándála chomhchoiteann aonair le
stádas saor ó ghalar na mbunaíochtaí uile atá ina gcodanna di a áirithiú; (c) tá an deighleog a chumhdaítear leis an
iarratas formheasta ag an údarás chun críocha gluaiseachtaí ainmhithe agus
táirgí na n‑ainmhithe sin i gcomhréir leis an méid seo a leanas: (i) Airteagal 94 agus Airteagal 95
i gcás deighleog ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus táirgí na n‑ainmhithe
sin; (ii) Airteagal 181 agus Airteagal 182
i gcás deighleog ina gcoimeádtar ainmhithe dobharshaothraithe agus táirgí na n‑ainmhithe
sin. 2. Féadfaidh Ballstát iarratas a chur
isteach chuig an gCoimisiún ar aitheantas stádais saor ó ghalair do dheighleoga
i gcás galair liostaithe amháin nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b)
agus (c), ar an gcoinníollacha seo a leanas: (a) is féidir teacht isteach an ghalair
liostaithe nó na ngalar liostaithe a chuimsítear faoin iarratas sin a chosc ar
leibhéal deighleoige, ag cur san áireamh phróifíl an ghalair; (b) go gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó
de na coinníollacha seo a leanas: (i) na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 36(1)(a)
go (d): (ii) go dtosaíonn bunaíochtaí na deighleoige
a ngníomhaíochtaí nó go dtosaíonn siad in athuair agus go bhfuil córas
bainistithe bithshlándála comhchoiteann bunaithe acu le saoirse ó ghalar sa
deighleog a áirithiú; (c) tá córas
bainistithe bithshlándála comhchoiteann ar bun ag oibreoirí a rialaíonn
bunaíochtaí na deighleoige lena áirithiú go ráthaítear stádas saor ó ghalair sa
deighleog; (d) tá an deighleog a chumhdaítear leis an
iarratas formheasta ag an údarás chun críocha gluaiseachtaí ainmhithe agus
táirgí na n‑ainmhithe sin i gcomhréir leis an méid seo a leanas: (i) Airteagal 94 agus Airteagal 95
i gcás deighleog ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus táirgí na n‑ainmhithe
sin; (ii) Airteagal 181 agus Airteagal 182
i gcás deighleog ina gcoimeádtar ainmhithe dobharshaothraithe agus táirgí na n‑ainmhithe
sin. 3. Sna hiarratais ó na Ballstáit ar
aitheantas stádais saor ó ghalair i ndeighleoga i gcomhréir le mír 1 agus mír 2
áireofar fianaise chun bunús a thabhairt go bhfuil na coinníollacha atá leagtha
síos sna míreanna sin comhlíonta. 4. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, faoi réir leasuithe nuair is gá, iarratais ó
Bhallstáit ar stádas saor ó ghalair sna deighleoga a aithint, nuair atá na
coinníollacha dá bhforáiltear i mír 1 nó mír 2 agus mír 3
comhlíonta. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). 5. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na nithe seo a leanas: (a) na ceanglais maidir le stádas saor ó
ghalair i ndeighleoga a aithint, dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2
den Airteagal seo, ag cur san áireamh phróifíl na ngalar liostaithe dá
dtagraítear in Airteagal 8(1)(a), (b) agus (c), maidir leis an méid seo a
leanas ar a laghad: (i) faireachas agus fianaise eile a bhfuil
gá leis le bunús a thabhairt don tsaoirse ó ghalair; (ii) bearta bithshlándála. (b) na rialacha mionsonraithe le formheas ag
an údarás inniúil maidir le stádas saor ó ghalair na ndeighleog dá bhforáiltear
i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo; (c) deighleoga, atá suite i gcríoch Ballstáit
amháin nó níos mó. Airteagal 38
Liostaí criosanna nó deighleog atá saor ó ghalair Déanfaidh gach Ballstát liosta nuashonraithe a
bhunú agus a chothabháil den mhéid seo a leanas: (a) críoch nó criosanna saor ó ghalair
dá bhforáiltear in Airteagal 36(1); (b) stádas
saor ó ghalar i ndeighleoga dá bhforáiltear in Airteagal 37(1) agus (2). Déanfaidh na Ballstáit na liostaí sin a chur
ar fáil don phobal. Airteagal 39
Tarmligean cumhachtaí maidir le stádas saor ó ghalair na mBallstát agus na
gcriosanna Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir
leis an méid seo a leanas: (a) rialacha mionsonraithe maidir le
stádas saor ó ghalair Ballstát agus criosanna díobh ag cur san áireamh na
bpróifílí éagsúla galair maidir leis an méid seo a leanas: (i) na critéir atá le húsáid chun bunús a
thabhairt le héilimh ó na Ballstáit nach bhfuil aon speicis liostaithe i
láthair nó ábalta fanacht beo agus an fhianaise a cheanglaítear le bunús a
thabhairt leis na héilimh sin, dá bhforáiltear in Airteagal 36(1); (ii) na critéir atá le húsáid chun bunús a
thabhairt nach bhfuil aon oibreán galair ná veicteoir ábalta fanacht beo agus
an fhianaise a cheanglaítear le bunús a thabhairt leis na héilimh sin, dá
bhforáiltear in Airteagal 36(1)(b) agus (c); (iii) na critéir atá le
húsáid le saoirse ón ngalar a chinneadh, dá dtagraítear in Airteagal 36(1)(d) ; (iv) faireachas agus fianaise eile a bhfuil gá
leis chun bunús a thabhairt le saoirse ó ghalair; (v) bearta bithshlándála; (vi) srianta agus coinníollacha maidir le
vacsaíniú sna Ballstáit agus sna criosanna díobh atá saor ó ghalair ; (vii) bunú na gcriosanna
lena ndeighltear na criosanna saor ó ghalair nó criosanna faoin gclár
díothaithe ó na criosanna srianta (‘criosanna maolánacha’); (viii) criosanna a shíneann
thar chríoch Ballstáit amháin nó níos mó. (b) maoluithe ón gceanglas maidir le
formheas ón gCoimisiún ar stádas saor ó ghalair i gcás galar liostaithe amháin
nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) agus (c) dá bhforáiltear in
Airteagal 36(1), i gcás nach bhfuil gá leis an bhformheas sin i ngeall ar
rialacha mionsonraithe maidir le saoirse ó ghalair a bheith leagtha síos sna
rialacha a glacadh de bhun phointe (a) den Airteagal seo; (c) an fhaisnéis atá le soláthar ag na
Ballstáit don Choimisiún agus do na Ballstáit eile chun bunús a thabhairt leis
na dearbhuithe stádais saor ó ghalair, gan an gníomh cur chun feidhme a
ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36(3), dá bhforáiltear i bpointe (b)
den Airteagal seo. Airteagal 40
Cumhachtaí cur chun feidhme Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais maidir le stádas saor ó ghalair críoch,
criosanna agus deighleog a leagan síos maidir leis na rialacha dá bhforáiltear
in Airteagal 36, Airteagal 37 agus Airteagal 38, agus rialacha
atá leagtha síos i ngníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 39
maidir leis an méid seo a leanas: (a) a shuíomh cé na galair as na galair
liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a), (b) agus (c), a bhféadfar
na deighleoga saor ó ghalair a bhunú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 37; (b) na ceanglais maidir leis an
bhfaisnéis atá le tíolacadh, agus an fhormáid agus nósanna imeachta maidir leis
an méid seo a leanas: (i) na hiarratais ar an stádas saor ó
ghalair do chríoch iomlán an Bhallstáit, nó criosanna agus deighleoga di; (ii) an malartú faisnéise idir na Ballstáit
agus an Coimisiún faoi na Ballstáit, nó na criosanna agus deighleoga díobh, saor
ó ghalair . Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme
sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Airteagal 41
Stádas saor ó ghalair a choinneáil 1. Ní choinneoidh na Ballstáit stádas
saor ó ghalair dá gcríocha, nó criosanna nó deighleoga díobh, ach a fhad is a
dhéanfar an méid seo a leanas: (a) go leantar de na coinníollacha maidir le
stádas saor ó ghalar atá leagtha síos in Airteagal 36(1) agus 37(1) agus (2),
agus na rialacha atá leagtha síos de bhun mhír 3 den Airteagal seo agus Airteagal 39
a chomhlíonadh; (b) go dtugtar faoi fhaireachas, ag cur san
áireamh na gceanglas dá bhforáiltear in Airteagal 26, lena fhíorú go
bhfanann an chríoch, crios nó deighleog saor ón ngalar liostaithe ar tugadh
formheas ina leith nó a aithníodh le haghaidh stádais saor ó ghalair; (c) go gcuirtear srianta i bhfeidhm ar
ghluaiseachtaí ainmhithe, agus nuair is ábhartha a dtáirgí, de speicis
liostaithe don ghalar liostaithe ar tugadh stádas saor ó ghalair ina leith nó a
aithníodh amhlaidh, isteach sa chríoch, crios nó deighleog, i gcomhréir leis na
rialacha atá leagtha síos i gCuid IV nó Cuid V; (d) go gcuirtear bearta bithshlándála eile i
bhfeidhm chun teacht isteach an ghalair liostaithe ar tugadh formheas ina leith
nó a aithníodh le haghaidh stádais saor ó ghalair a chosc. 2. Cuirfidh Ballstát an Coimisiún ar an
eolas láithreach mura bhfuil feidhm a thuilleadh ag na coinníollacha dá
dtagraítear i mír 1 maidir le stádas saor ó ghalar a choinneáil. 3. Beidh sé de chumhacht ag an
gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 253,
maidir leis na coinníollacha seo a leanas le stádas saor ó ghalair a
choinneáil: (a) faireachas dá bhforáiltear i mír 1(b); (b) bearta faireachais dá bhforáiltear i mír 1(c). Airteagal 42
Stádas saor ó ghalair a fhionraí, a aistarraingt agus a thabhairt ar ais 1. I gcás ina bhfuil cúis ag Ballstát
bheith in amhras gur sáraíodh aon cheann de na coinníollacha maidir lena stádas
mar Bhallstát, crios nó deighleog atá saor ó ghalair a choinneáil, déanfaidh sé
an méid seo a leanas láithreach: (a) gluaiseachtaí an speicis liostaithe a
fhionraí, don ghalar liostaithe a bhfuarthas formheas nó aitheantas ina leith
do stádas saor ó ghalair, isteach i mBallstáit, criosanna nó deighleoga eile a
bhfuil stádas sláinte níos airde acu don ghalar liostaithe sin (b) nuair is ábhartha le leathadh galair
liostaithe a bhfuarthas formheas nó aitheantas ina leith do stádas saor ó
ghalar a chosc, na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i dTeideal II de
Chuid III a chur i bhfeidhm. 2. Cuirfear deireadh leis na bearta dá
bhforáiltear i mír 1 i gcás ina ndearbhófar an méid seo a leanas trí
tuilleadh imscrúdaithe: (a) níor tharla an sarú a rabhthas in amhras
faoi; nó (b) ní raibh iarmhairt shuntasach ag an sarú
a rabhthas in amhras faoi agus tá na Ballstáit in ann ráthaíochtaí a thabhairt
go bhfuil na coinníollacha maidir lena stádas saor ó ghalar a choinneáil
comhlíonta in athuair. 3. I gcás ina ndearbhaítear trí
thuilleadh imscrúdaithe arna dhéanamh ag an mBallstát go bhfuil dóchúlacht
shuntasach ann go raibh ann don ghalar liostaithe a bhfuarthas stádas saor ó
ghalair ina leith nó gur tharla sáruithe suntasacha eile ar na coinníollacha
maidir le stádas saor ó ghalair a choinneáil, cuirfidh an Ballstát an Coimisiún
ar an eolas láithreach. 4. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha chur chun feidhme, formheas an stádais saor ó ghalair arna dheonú i
gcomhréir le hAirteagal 36(3) a aistarraingt ó Bhallstát nó ó chrios, nó
aitheantas an stádais saor ó ghalair i ndeighleog arna dheonú i gcomhréir le hAirteagal 37(4)
tar éis an fhaisnéis a fháil ón mBallstát dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal
seo nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a
choinneáil a thuilleadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cirt cuí
leo, i gcás ina leathann an galar liostaithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal
seo ar bhealach tapa agus riosca ann go mbeidh tionchar an‑suntasach ar
shláinte ainmhithe agus phoiblí, ar an ngeilleagar nó ar an tsochaí, glacfaidh
an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach i gcomhréir
leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 255(3). 5. Tabharfadh de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na rialacha i dtaca le stádas saor ó ghalair a fhionraí, a
aistarraingt nó a thabhairt ar ais dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2
den Airteagal seo. CUID III
FEASACHT FAOI GHALAIR, ULLMHACHT AGUS RIALÚ TEIDEAL I
Feasacht faoi ghalair agus ullmhacht Caibidil 1
Pleananna teagmhais agus freachnaimh ionsamhlúcháin Airteagal 43
Pleananna teagmhais 1. Déanfaidh na Ballstáit pleananna
teagmhais agus, nuair is gá, lámhleabhair treoracha ina leagtar síos na bearta
atá le déanamh sa Bhallstát má tharlaíonn cás nó ráig de ghalar liostaithe dá
dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) nó de ghalar atá ag teacht chun cinn a
tharraingt suas agus a choimeád cothrom le dáta chun ardleibhéal feasachta faoi
ghalair, ullmhacht ina leith agus freagairt thapa orthu a áirithiú. 2. Cumhdóidh na pleananna teagmhais
agus, nuair is infheidhme, na lámhleabhair treoracha na hábhair seo a leanas ar
a laghad: (a)
bunú slabhra ceannais laistigh den údarás inniúil
agus le húdaráis phoiblí eile le próiseas cinnteoireachta tapa agus éifeachtach
a áirithiú ar leibhéal na mBallstáit, agus ar an leibhéal réigiúnach agus
áitiúil; (b)
an creat comhair idir an t‑údarás inniúil
agus na húdaráis phoiblí eile atá gafa leis lena áirithiú go ndéanfar bearta ar
bhealach comhleanúnach agus comhordaithe; (c)
rochtain ar an méid seo a leanas: (i) saoráidí; (ii) saotharlanna; (iii) trealamh; (iv) pearsanra; (v) cistí éigeandála; (vi) na hábhair agus na hacmhainní ábhartha
eile go léir is gá leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a)
nó galair atá ag teacht chun cinn a dhíothú go tapa agus go héifeachtúil; (d)
infhaighteacht na n‑ionad agus na ngrúpaí seo
a leanas a bhfuil an saineolas is gá acu le cuidiú leis an údarás inniúil: (i) ionad rialaithe galar lárnach
feidhmiúil; (ii) ionaid réigiúnacha agus áitiúla
rialaithe galar, de réir mar is iomchuí do staid riaracháin agus gheografach na
mBallstát; (iii) sainghrúpaí oibríochtúla; (e)
cur chun feidhme na mbeart rialaithe galar dá
bhforáiltear i gCaibidil 1 de Theideal II do na galair liostaithe dá
dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) agus do ghalair atá ag teacht chun cinn; (f)
forálacha maidir le vacsaíniú éigeandála nuair is
iomchuí ; (g)
prionsabail maidir le críochú geografach na
gcriosanna srianta arna mbunú ag údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 64(1); (h)
comhordú leis na Ballstáit chomharsanachta agus
tríú tíortha comharsanachta agus tríú críocha comharsanachta, nuair is iomchuí. Airteagal 44
Tarmligean cumhachtaí agus cumhachtaí cur chun feidhme do phleananna teagmhais 1. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le ceanglais agus coinníollacha mionsonraithe do phleananna teagmhais dá
bhforáiltear in Airteagal 43(1) agus le ceanglais a leagtar síos in Airteagal 43(2)
a fhorlíonadh ag chur san áireamh an méid seo a leanas: (a) cuspóirí na bpleananna teagmhais chun
ardleibhéal feasachta faoi ghalair, ullmhacht ina leith agus freagairt thapa
orthu a áirithiú; (b) próifíl galair na ngalar liostaithe dá
dtagraítear in Airteagal 8(1)(a); (c) eolas nua faoi uirlisí rialaithe galar
agus forbairtí orthu. 2. Leagfaidh an Coimisiún síos, trí
bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais maidir le cur chun feidhme
praiticiúil sna Ballstáit pleananna teagmhais dá bhforáiltear in Airteagal 43(1)
maidir leis an méid seo a leanas: (a) na hábhair dá bhforáiltear in Airteagal 43(2)(a)
agus (c) go (h); (b) gnéithe oibríochtúla eile na bpleananna
teagmhais sna Ballstáit; (c) ceanglais mhionsonraithe agus
coinníollacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme praiticiúil na
ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a
ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Airteagal 45
Freachnaimh ionsamhlúcháin 1. Áiritheoidh an t‑údarás
inniúil go ndéanfar na freachnaimh ionsamhlúcháin a bhaineann le pleananna
teagmhais dá bhforáiltear in Airteagal 43(1) a dhéanamh go rialta: (a) chun ardleibhéal feasachta faoi ghalair,
ullmhacht ina leith agus freagairt thapa orthu a áirithiú sna Ballstáit; (b) chun feidhmiúlacht na bpleananna
teagmhais sin a fhíorú. 2. I gcás inar indéanta agus inar
iomchuí é, déanfar freachnaimh ionsamhlúcháin i ndlúthchomhar le húdaráis
inniúla na mBallstát comharsanachta agus na dtríú tíortha agus tríú críocha
comharsanachta. 3. Arna iarraidh sin orthu cuirfidh na
Ballstáit tuarascáil ar phríomhthorthaí na bhfreachnamh ionsamhlúcháin ar fáil
don Choimisiún agus do na Ballstáit eile. 4. I gcás inar iomchuí agus is gá,
déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a
leagan síos maidir le cur chun feidhme praiticiúil freachnamh ionsamhlúcháin
sna Ballstáit maidir leis an méid seo a leanas: (a) minicíocht, ábhar agus formáid na
bhfreachnamh ionsamhlúcháin; (b) freachnaimh ionsamhlúcháin a chumhdaíonn
níos mó ná galar liostaithe amháin dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a); (c) comhoibriú idir Ballstáit chomharsanachta
agus le tríú tíortha comharsanachta agus tríú críocha comharsanachta. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Caibidil 2
Úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta le galair a chosc agus a rialú Airteagal 46
Úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta le galair a chosc agus a rialú 1. Féadfaidh na Ballstáit bearta a
dhéanamh maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta do ghalair
liostaithe, leis an gcosc nó rialú galar is éifeachtúla a áirithiú do na galair
sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann na bearta sin na rialacha maidir le
húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta arna leagan síos sna gníomhartha
tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 47. Féadfar an méid seo a leanas a chumhdach sna
bearta sin: (a) toirmisc agus srianta ar úsáid táirgí
íocshláinte tréidliachta; (b) úsáid éigeantach táirgí íocshláinte
tréidliachta. 2. Agus iad ag cinneadh cibé acu
úsáid a bhaint as táirgí íocshláinte tréidliachta nó gan iad a úsáid agus conas
táirgí íocshláinte tréidliachta a úsáid mar bhearta coisctheacha agus rialaithe
galar i gcás galair liostaithe shonraigh, cuirfidh Ballstáit na critéir seo a
leanas san áireamh: (a) próifíl an ghalair; (b) dáileadh an ghalair liostaithe sna háiteanna
seo a leanas: (i) sa Bhallstát; (ii) san Aontas; (iii) nuair is ábhartha, i dtríú tíortha
comharsanachta agus tríú críocha comharsanachta; (iv) i dtríú tíortha agus tríú críocha óna
dtugtar ainmhithe agus táirgí isteach san Aontas; (c) infhaighteacht, éifeachtacht agus rioscaí
na dtáirgí íocshláinte tréidliachta; (d) infhaighteacht tástálacha diagnóiseacha
chun ionfhabhtuithe in ainmhithe arna gcóireáil leis na táirgí íocshláinte
tréidliachta a bhrath; (e) an tionchar eacnamaíoch, sóisialta, agus
an tionchar ar leas ainmhithe agus ar an gcomhshaol ó úsáid na dtáirgí
íocshláinte tréidliachta i gcomparáid le straitéisí eile coisctheacha agus
rialaithe galar. 3. Déanfaidh na Ballstáit bearta
coisctheacha iomchuí maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta do
staidéir eolaíocha nó chun críocha iad a fhorbairt agus a thástáil faoi
choinníollacha rialaithe le sláinte ainmhithe agus phoiblí a chosaint. Airteagal 47
Cumhachtaí maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta a tharmligean 1. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis an méid seo a leanas: (a) toirmisc agus srianta ar úsáid táirgí
íocshláinte tréidliachta; (b) coinníollacha sonracha maidir le húsáid
táirgí íocshláinte tréidliachta i gcás galair liostaithe shonraigh; (c) úsáid éigeantach táirgí íocshláinte
tréidliachta; (d) bearta maolaithe riosca chun leathadh
galar liostaithe trí ainmhithe arna gcóireáil le táirgí íocshláinte
tréidliachta, nó trí tháirgí ó na hainmhithe sin, a chosc; (e) faireachas tar éis vacsaíní agus táirgí
íocshláinte tréidliachta eile a úsáid i gcás galar liostaithe sonrach. 2. Cuirfidh an Coimisiún na critéir dá
bhforáiltear in Airteagal 46(2) san áireamh agus na rialacha dá
bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo á leagan síos acu. 3. I gcás rioscaí a bheith ag teacht
chun cinn agus mórchúiseanna práinne a bheith ag éileamh amhlaidh, beidh feidhm
ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 254 maidir le rialacha
arna nglacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Caibidil 3
Bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha Airteagal 48
Bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais a bhunú 1. I gcás galar liostaithe dá
dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) nach dtoirmisctear vacsaíniú ina leith
trí ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 47(1), féadfaidh an
Coimisiún bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais a
bhunú agus bheith freagrach as iad a bhainistiú ó thaobh stórála agus
athsholáthar stoc do cheann amháin nó níos mó de na táirgí bitheolaíochta seo a
leanas: (a) antaiginí; (b) vacsaíní; (c) stoic máistir-shíolta do vacsaíní; (d) imoibrithe diagnóiseacha. 2. Áiritheoidh an Coimisiún go
ndéanfaidh bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais
dá bhforáiltear i mír 1 an méid seo a leanas: (a) stoic leordhóthanacha de na cineálacha
iomchuí antaiginí, vacsaíní, stoc máistir‑shíolta do vacsaíní agus
imoibrithe diagnóiseacha a stóráil do na galair liostaithe sonracha, ag cur san
áireamh riachtanas na mBallstát arna meas i gcomhthéacs na bpleananna teagmhais
dá bhforáiltear in Airteagal 43(1); (b) soláthairtí rialta a fháil agus
athsholáthar tráthúil antaiginí, vacsaíní agus stoc máistir‑shíolta do
vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha; (c) iad a chothabháil agus a aistriú de réir
na gcaighdeán iomchuí bithshlándála, bithshábháilteachta agus bithimshrianta dá
bhforáiltear in Airteagal 15(1) agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh
de bhun Airteagal 15(2); 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis an méid seo a leanas: (a) stoic bhainc antaiginí, vacsaíní agus
imoibrithe diagnóiseacha an Aontais a bhainistiú, a stóráil agus a athsholáthar
dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2; (b) na ceanglais bithshlándála,
bithshábháilteachta agus bithimshrianta lena n‑oibriú agus na ceanglais
dá bhforáiltear in Airteagal 15(1) agus gníomhartha tarmligthe arna
nglacadh de bhun Airteagal 15(2) á gcur san áireamh; Airteagal 49
Rochtain ar bhainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais 1. Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir
le seachadadh na dtáirgí bitheolaíocha dá dtagraítear in Airteagal 48(1) ó
bhainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais arna
iarraidh sin dó, ar an gcoinníoll go bhfuil na stoic ar fáil, chuig: (a) na Ballstáit; (b) triú tíortha nó tríú críocha, ar an
gcoinníoll go mbeartaítear é go príomha le leathadh galar isteach san Aontas a
chosc. 2. Tabharfaidh an Coimisiún tús áite
don rochtain dá bhforáiltear i mír 1 i gcás nach bhfuil ach infhaighteacht
theoranta ar stoic ag cur san áireamh an méid seo a leanas: (a) imthosca an ghalair faoina ndearnadh an
iarraidh; (b) banc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe
diagnóiseacha a bheith sa Bhallstát nó tríú tír nó tríú críoch a dhéanann an
iarraidh; (c) bearta Aontais maidir le vacsaíniú
éigeantach arna leagan síos i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 47(1)
a bheith ann. Airteagal 50
Cumhachtaí cur chun feidhme maidir le bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe
diagnóiseacha an Aontais Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha tarmligthe, rialacha a leagan síos maidir le bainc antaiginí,
vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais lena sonraítear an méid seo a
leanas i ndáil leis na táirgí bitheolaíocha dá dtagraítear in Airteagal 48(1): (a) cé
na táirgí bitheolaíocha atá le háireamh i mbainc antaiginí, vacsaíní agus
imoibrithe diagnóiseacha an Aontais agus faoi choinne cé na galair liostaithe
dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) (b)
cineálacha na dtáirgí bitheolaíocha sin atá le háireamh i mbanc antaiginí,
vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais agus cé na cainníochtaí do
gach galar liostaithe sonrach dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a), a
bhfuil an banc ann dó; (c) na
ceanglais maidir le soláthar, stóráil agus athsholáthar na dtáirgí
bitheolaíocha sin; (d) seachadadh
na dtáirgí bitheolaíocha sin ó bhainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe
diagnóiseacha an Aontais chuig na Ballstáit agus chuig tríú tíortha agus tríú
críocha; (e) ceanglais
nós imeachta agus theicniúla leis na táirgí bitheolaíocha sin a áireamh i
mbainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais agus le
rochtain a iarraidh orthu. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme
sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Ar mhórchúiseanna práinne ar tugadh bonn cirt
cuí leo a bhaineann le galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a)
ar riosca é a bhfuil tionchar an‑suntasach aige, glacfaidh an Coimisiún
gníomhartha cur chun feidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá
bhforáiltear in Airteagal 255(3). Airteagal 51
Rúndacht na faisnéise maidir le bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe
diagnóiseacha an Aontais Déileálfar le faisnéis faoi na cainníochtaí
agus fochineálacha táirgí bitheolaíocha dá dtagraítear in Airteagal 48(1)
arna stóráil i mbainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an
Aontais mar fhaisnéis rúnaicmithe agus ní fhoilseofar í. Airteagal 52
Bainc náisiúnta antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha 1. Maidir le Ballstáit a bhfuil bainc
náisiúnta antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a)
bunaithe acu do ghalair liostaithe a bhfuil bainc antaiginí, vacsaíní agus
imoibrithe diagnóiseacha an Aontais ann faoina gcoinne, áiritheoidh siad go
gcomhlíonann a mbainc náisiúnta antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe
diagnóiseacha na ceanglais bhithshlándála, bhithshábháilteachta agus
bhithimshrianta dá bhforáiltear in Airteagal 15(1)(a) agus gníomhartha
tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 15(2) agus Airteagal 48(3)(b). 2. Tabharfaidh na Ballstáit faisnéis
atá cothrom le dáta don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir leis an
méid seo a leanas: (a) na bainc antaiginí, vacsaíní agus
imoibrithe diagnóiseacha dá dtagraítear i mír 1 a bheith ann nó á mbunú; (b) na cineálacha antaiginí, vacsaíní, stoic
máistir‑shíolta do vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha agus a
gcainníochtaí sna bainc sin; (c) aon athruithe ar an gcaoi ina n‑oibrítear
iad. 3. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos lena sonrófar ábhar,
minicíocht, agus formáid na faisnéise arna cur isteach dá bhforáiltear i mír 2
den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). TEIDEAL II
Bearta rialaithe galar Caibidil 1
Galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) Roinn 1
bearta rialaithe galar i gcás ina bhfuil amhras faoi ghalar a bheith ar
ainmhithe ar coimeád Airteagal 53
Oibleagáidí oibreoirí, gairmithe ainmhithe agus coimeádaithe peataí 1. I gcás amhras faoi ghalar liostaithe
dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) a bheith ar ainmhithe ar coimeád,
déanfaidh gairmithe ainmhithe, oibreoirí agus coimeádaithe peataí, sa bhreis ar
fhógra a thabhairt i leith comharthaí nó amhrais don údarás inniúil agus do
thréidlianna i gcomhréir le hAirteagal 16(1) agus ar feitheamh aon bheart
rialaithe galar arna ndéanamh ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 54(1)
agus Airteagal 55(1), déanfaidh siad bearta iomchuí rialaithe galar dá
bhforáiltear in Airteagal 55(1)(c), (d) agus (e) le cosc a chur le
leathadh an ghalair liostaithe sin ó na hainmhithe, bunaíochtaí agus
láithreacha buailte atá faoina gcúram go hainmhithe eile nó go daoine. 2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh
i gcomhréir le hAirteagal 253 i dtaca leis na rialacha mionsonraithe
maidir le forlíonadh beart rialaithe galar atá le déanamh ag oibreoirí,
gairmithe ainmhithe agus coimeádaithe peataí, dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal
seo. Airteagal 54
Imscrúdú arna dhéanamh ag an údarás inniúil i gcás amhras a bheith ann faoi
ghalar liostaithe 1. I gcás amhras faoi ghalar liostaithe
dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) a bheith ar ainmhithe ar coimeád,
déanfaidh an t‑údarás inniúil imscrúdú gan mhoill le láithreacht an
ghalair liostaithe sin a dhearbhú nó a chur as an áireamh. 2. Chun críocha an imscrúdaithe dá
bhforáiltear i mír 1, áiritheoidh an t‑údarás inniúil, nuair is
iomchuí, go ndéanfaidh tréidlianna oifigiúla an méid seo a leanas: (a) scrúdú cliniciúil ar shampla ionadaíoch
de na hainmhithe ar coimeád ó na speicis liostaithe don ghalar liostaithe
áirithe sin; (b) samplaí iomchuí a thógáil ó na hainmhithe
ar coimeád sin de na speicis liostaithe agus samplaí eile le haghaidh scrúdú
saotharlainne i saotharlanna arna n‑ainmniú chun na críche sin ag an
údarás inniúil; (c) scrúdú saotharlainne a dhéanamh chun
láithreacht an ghalair liostaithe sin a dhearbhú nó a chur as an áireamh. 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar na rialacha maidir leis
an imscrúdú arna dhéanamh ag an údarás inniúil dá bhforáiltear i mír 1 den
Airteagal seo. Airteagal 55
Réamhbhearta rialaithe galar arna ndéanamh ag an údarás inniúil 1. I gcás ina bhfuil amhras faoi ghalar
liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) a bheith ar ainmhithe ar
coimeád, déanfaidh an t‑údarás inniúil na réamhbhearta rialaithe galar
seo a leanas ar feitheamh thorthaí an imscrúdaithe dá bhforáiltear in Airteagal 54(1)
agus ar feitheamh dhéanamh na mbeart rialaithe galar i gcomhréir in Airteagal 61(1): (a) an bhunaíocht, teaghlach, gnólacht bia
agus beatha nó bunaíocht seachtháirgí ainmhithe, nó aon láthair eile ina
bhfuiltear in amhras faoi ghalar bheith ann, a chur faoi fhaireachas oifigiúil; (b) fardal a thiomsú den mhéid seo a leanas: (i) na hainmhithe ar coimeád sa bhunaíocht,
teaghlach, gnólacht bia agus beatha nó bunaíocht bia agus beatha, nó aon
láthair eile; (ii) na táirgí atá sa bhunaíocht, teaghlach,
gnólacht bia agus beatha nó bunaíocht seachtháirgí ainmhithe, nó aon láthair
eile inar ábhartha é ó thaobh leata an ghalair liostaithe sin de; (c) bearta bithshlándála iomchuí a chur i
bhfeidhm le leathadh an oibreáin ghalair liostaithe sin go hainmhithe eile nó
go daoine a chosc; (d) nuair is iomchuí chun leathadh breise an
oibréain ghalair a chosc, na hainmhithe ar coimeád ó speicis liostaithe don
ghalar liostaithe sin a choimeád leithlisithe, agus teagmháil le fiadhúlra a
chosc; (e) gluaiseacht ainmhithe ar coimeád, táirgí
agus, más iomchuí, daoine, feithiclí agus aon ábhair eile nó modha eile trína
bhféadfadh an t‑oibreán galair leathadh go dtí mbunaíocht, teaghlaigh,
bunaíochtaí gnólachta bia agus beatha, bunaíochtaí seachtháirgí ainmhithe nó ó
aon láthair eile ina bhfuil amhras faoin ngalar liostaithe sin, nó uathu, a shrianadh
a fhad agus is gá le leathadh an ghalair a chosc; (f) aon bhearta rialaithe galar eile is gá a
dhéanamh, ag cur san áireamh na mbeart rialaithe galar dá bhforáiltear i Roinn 4,
maidir le: (i) cur i bhfeidhm
an imscrúdaithe ag an údarás inniúil dá bhforáiltear in Airteagal 54(1)
agus bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i bpointí (a) go (d) den mhír seo
maidir le bunaíochtaí eile, aonaid eipidéimeolaíocha iontu, teaghlaigh,
gnólachtaí bia agus beatha nó bunaíochtaí seachtháirgí ainmhithe; (ii) criosanna srianta sealadacha a bhunú,
arb iomchuí iad ag cur san áireamh phróifíl an ghalair; (g) tús a chur leis an bhfiosrúchán
eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 57(1); 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar na rialacha atá leagtha síos
i mír 1 den Airteagal seo maidir leis na bearta sonracha agus
mionsonraithe rialaithe galar atá le déanamh ag brath ar an ngalar liostaithe
dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a), ag cur san áireamh na rioscaí a
bhaineann leis an méid seo a leanas: (a) an speiceas nó catagóir ainmhithe; (b) an cineál táirgthe. Airteagal 56
Na réamhbhearta rialaithe galar a athbhreithniú agus a shíneadh Maidir leis na bearta rialaithe galar dá
bhforáiltear in Airteagal 55(1) déanfar an méid seo a leanas: (a) athbhreithneoidh an t‑údarás
inniúil iad, de réir mar is iomchuí, tar éis torthaí a fháil ón méid seo a
leanas: (i) an t imscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 54(1); (ii) an fiosrúchán eipidéimeolaíoch dá
bhforáiltear in Airteagal 57(1); (b) iad a shíneadh tuilleadh go
láithreacha eile dá dtagraítear in Airteagal 55(1)(e), nuair is gá. Roinn 2
Fiosrúchán eipidéimeolaíoch Airteagal 57
Fiosrúchán eipidéimeolaíoch 1. Déanfaidh an t‑údarás inniúil
fiosrúchán eipidéimeolaíoch i gcás amhrais nó dearbhú faoi ghalar liostaithe dá
dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) a bheith ar ainmhithe 2. Tá sé d’aidhm ag an bhfiosrúchán
eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear i mír 1 an méid seo a leanas a dhéanamh: (a) foinse dóchúil an ghalair liostaithe agus
an modh trínar leathadh é a shainaithint; (b) an tréimhse dhóchúil atá an galar
liostaithe i láthair a ríomh; (c) bunaíochtaí teagmhála agus aonad
eipidéimeolaíocha iontu, teaghlach, gnólacht bia agus beatha nó bunaíochtaí
seachtháirgí ainmhithe nó aon láithreacha eile a shainaithint ina bhféadfadh go
ndearnadh ainmhithe de speicis liostaithe don ghalar liostaithe a bhfuiltear in
amhras faoi a ionfhabhtú, a inmhíolú nó a éilliú. (d) faisnéis a fháil faoi ghluaiseachtaí
ainmhithe ar coimeád, daoine, táirgí, feithiclí, aon ábhair nó aon mhodha eile
trína bhféadtaí an galar a leathadh le linn na tréimhse ábhartha sular tugadh
fógra faoin amhras nó dearbhú maidir leis an ngalar liostaithe; (e) faisnéis a fháil faoi leathadh dóchúil an
ghalair liostaithe sa timpeallacht máguaird, lena n‑áirítear láithreacht
agus dáileadh veicteoirí galair. Roinn 3
galar ar ainmhithe ar coimeád a dhearbhú Airteagal 58
Dearbhú oifigiúil ag an údarás inniúil ar ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a); 1. Bunóidh an t‑údarás inniúil
dearbhú oifigiúil ar ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a)
ar an bhfaisnéis seo a leanas: (a) torthaí na scrúduithe cliniciúla agus
saotharlainne dá bhforáiltear in Airteagal 54(2); (b) an fiosrúchán eipidéimeolaíoch dá
bhforáiltear in Airteagal 57(1); (c) sonraí eipidéimeolaíocha eile atá ar
fail. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na ceanglais atá le comhlíonadh don dearbhú oifigiúil dá
dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Airteagal 59
Na réamhbhearta rialaithe galar a chur i leataobh i gcás ina bhfuil láithreacht
an ghalair liostaithe curtha as an áireamh Leanfaidh an t‑údarás inniúil de na
réamhbhearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 55(1) agus Airteagal 56
a chur i bhfeidhm, go dtí go gcuirfear láithreacht na ngalar liostaithe dá
dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) as an áireamh bunaithe ar an bhfaisnéis
dá dtagraítear in Airteagal 58(1) nó rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 58(2). Roinn 4
bearta rialaithe galar i gcás ina bhfuil amhras faoi ghalar a bheith ar
ainmhithe ar coimeád Airteagal 60
Bearta rialaithe galar atá le déanamh láithreach ag an údarás inniúil I gcás dearbhú oifigiúil i gcomhréir le hAirteagal 58(1)
ar ráig galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) in ainmhithe
ar coimeád, déanfaidh an t‑údarás inniúil an méid seo a leanas
láithreach: (a) a dhearbhú go bhfuil an bhunaíocht,
teaghlach, gnólacht bia nó beatha, bunaíocht seachtháirgí nó láthair eile atá
buailte, ionfhabhtaithe go hoifigiúil leis an ngalar liostaithe sin; (b) crios srianta a bhunú, arb iomchuí é
don ghalar liostaithe sin; (c) an plean teagmhais dá bhforáiltear
in Airteagal 43(1) a chur chun feidhme le comhordú iomlán na mbeart
rialaithe galar a áirithiú. Airteagal 61
Bunaíochtaí buailte agus láthair eile 1. I gcás ráige galair liostaithe dá
dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) in ainmhithe ar coimeád i mbunaíocht,
teaghlach, gnólacht bia nó beatha, bunaíocht seachtháirgí nó aon láthair eile,
déanfaidh an t‑údarás inniúil ceann amháin níos mó de na bearta rialaithe
galar seo a leanas láithreach le leathadh breise an ghalair liostaithe sin a
chosc: (a) gluaiseachtaí a shrianadh do dhaoine,
ainmhithe, táirgí, feithiclí nó aon ábhar nó substaint eile a d’fhéadfadh
bheith éillithe agus a d'fhéadfadh cur le leathadh an ghalair liostaithe; (b) marú agus diúscairt ainmhithe nó marú
ainmhithe a d'fhéadfadh a bheith éillithe agus a d'fhéadfadh cur le leathadh an
ghalair liostaithe; (c) scrios, próiseáil, claochlú nó cóireáil
táirgí, beatha nó aon substaintí eile, nó cóireáil trealaimh, modha iompair,
plandaí nó táirgí plandaí, nó uisce a d’fhéadfadh a bheith éillithe, de réir
mar is iomchuí lena áirithiú go scriostar aon oibreán galair nó aon veicteoir
den oibreán galair; (d) vacsaíniú nó cóireáil ainmhithe ar
coimeád le haon táirgí íocshláinte tréidliachta eile i gcomhréir le hAirteagal 46(1)
agus aon ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 47(1); (e) leithlisiú, cur i gcoraintín nó cóireáil
ainmhithe agus táirgí ar dóchúil iad a bheith éillithe agus ag cur le leathadh
an ghalair liostaithe; (f) glanadh, dífhabhtú, dímhíolú nó aon
bhearta bithshlándála eile is gá a chur i bhfeidhm maidir leis an mbunaíocht,
teaghlach, gnólacht bia nó beatha, bunaíocht seachtháirgí nó láithreacha eile
atá buailte, d'fhonn an riosca go leathfadh an galar liostaithe a íoslaghdú; (g) líon leordhóthanach samplaí iomchuí a
thógáil a bhfuil gá leo leis an bhfiosrúchán eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear
in Airteagal 57(1) a chomhlánú; (h) an scrúdú saotharlainne ar shamplaí. 2. Agus cé na bearta is iomchuí a
dhéanamh as na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1 á gcinneadh,
cuirfidh an t‑údarás inniúil an méid seo a leanas san áireamh: (a) próifíl an ghalair; (b) an cineál táirgthe agus na haonaid
eipidéimeolaíocha laistigh den bhunaíocht, teaghlach, gnólacht bia nó beatha,
bunaíocht seachtháirgí ainmhithe nó láthair eile atá buailte. 3. Ní údaróidh an t‑údarás
inniúil athdhaonrú na bunaíochta, teaghlaigh nó aon láithreach eile ach amháin
nuair atá an méid seo a leanas curtha i gcrích: (a) na bearta iomchuí uile maidir le rialú
galar agus na scrúduithe saotharlainne dá bhforáiltear i mír 1 a bheith curtha
i gcrích go rathúil (b) tréimhse leordhóthanach a bheith gafa
thart le cosc a chur le hath‑éilliú na bunaíochta, teaghlaigh, gnólacht
bia nó beatha, bunaíochta seachtháirgí nó láithreach a bhí buailte leis an
ngalar liostaithe a bhí ina chúis leis an ráig dá dtagraítear i mír 1. Airteagal 62
Bunaíochtaí agus láithreacha a bhfuil naisc eipidéimeolaíocha eatarthu 1. Leathnóidh an t‑údarás inniúil
na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 61(1) go
bunaíochtaí eile, aonaid eipidéimeolaíocha laistigh dóibh, teaghlaigh,
gnólachtaí bia nó beatha nó bunaíochtaí seachtháirgí ainmhithe, nó go haon
láthair nó modh iompair eile i gcás ina dtugann an fiosrúchán eipidéimeolaíoch
dá bhforáiltear in Airteagal 57(1) nó torthaí imscrúduithe cliniciúla nó
saotharlainne nó sonraí eipidéimeolaíocha eile cúis le bheith in amhras faoi
leathadh an ghalair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a), a
ndearnadh na bearta sin ina leith, chuig na haonaid sin, uathu nó tríothu. 2. Má léirítear san fhiosrúchán eipidéimeolaíoch
dá bhforáiltear in Airteagal 57(1) gurb é Ballstát eile áit tionscnaimh
dhóchúil an ghalair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) nó gur
dóchúil gur leath an galar liostaithe sin go Ballstát eile, cuirfidh an t‑údarás
inniúil an Ballstát ar an eolas faoin méid sin. 3. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2,
comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát éagsúil i bhfiosrúchán
eipidéimeolaíoch breise agus i gcur i bhfeidhm na mbeart rialaithe galar. Airteagal 63
Cumhacht a tharmligean maidir le bearta rialaithe galar i mbunaíochtaí agus
láithreacha atá buailte agus a bhfuil naisc eipidéimeolaíocha eatarthu Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le
rialacha mionsonraithe i dtaca le bearta rialaithe galar atá le déanamh ag an
údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 61 agus Airteagal 62 i
mbunaíochtaí, gnólachtaí bia nó beatha nó bunaíochtaí seachtháirgí agus
láithreacha atá buailte agus a bhfuil naisc eipidéimeolaíocha eatarthu, i gcás
aon ghalar dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a). Cumhdóidh na rialacha mionsonraithe sin na
hábhair seo a leanas: (a) na coinníollacha agus ceanglais do
na bearta rialaithe galar, dá bhforáiltear in Airteagal 61(1)(a) go (e); (b) na nósanna imeachta do ghlanadh,
dífhabhtú agus dímhíolú dá bhforáiltear in Airteagal 61(1)(f), lena
sonraítear, nuair is iomchuí, úsáid táirgí bithicíde chun na gcríoch sin; (c) na coinníollacha agus ceanglais do
shampláil agus scrúdú saotharlainne dá bhforáiltear in Airteagal 61(1)(g)
go (h); (d) na coinníollacha mionsonraithe agus
ceanglais maidir le hathdhaonrú dá bhforáiltear in Airteagal 61(3); (e) na bearta rialaithe galar is gá dá
bhforáiltear in Airteagal 62 atá le cur i gcrích i mbunaíochtaí,
láithreacha agus modhanna iompair a bhfuil naisc eipidéimeolaíocha eatarthu. Airteagal 64
Criosanna srianta a bhunú ag na húdaráis inniúla 1. Bunóidh an t‑údarás inniúil
crios srianta timpeall ar an mbunaíocht, teaghlach, gnólacht bia nó beatha,
bunaíocht seachtháirgí ainmhithe nó láthair eile atá buailte, inar tharla ráig
an ghalair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) in ainmhithe ar
coimeád, nuair is iomchuí, ag cur san áireamh an méid seo a leanas: (a) próifíl an ghalair; (b) suíomh geografach na gcriosanna srianta; (c) fachtóirí éiceolaíocha agus hidreolaíocha
na gcriosanna srianta; (d) na coinníollacha meitéareolaíocha; (e) láithreacht, dáileadh agus cineál
veicteoirí sna criosanna srianta; (f) torthaí an fhiosrúcháin eipidéimeolaíoch
dá bhforáiltear in Airteagal 57(1) agus staidéir eile arna ndéanamh agus
sonraí eipidéimeolaíocha; (g) torthaí na dtástálacha saotharlainne; (h) na bearta rialaithe galar arna gcur i
bhfeidhm. Aireofar sa chrios srianta, nuair is iomchuí,
crios cosanta agus faireachais de mhéid agus cumraíocht shainithe. 2. Déanfaidh an t‑údarás inniúil
measúnú agus athbhreithniú ar bhonn leanúnach agus, nuair is iomchuí, chun
leathadh an ghalair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) a
chosc: (a) teorainneacha an chreasa shrianta a
oiriúnú; (b) criosanna srianta breise a bhunú. 3. I gcás ina bhfuil na criosanna
srianta suite i gcríoch níos mó ná Ballstáit amháin, comhoibreoidh údaráis
inniúla na mBallstát sin leis na criosanna srianta dá bhforáiltear i mír 1
a bhunú. 4. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le criosanna srianta a bhunú agus a
leasú, lena n‑áirítear criosanna cosanta nó faireachais. Airteagal 65
Bearta rialaithe galar i gcrios srianta 1. Déanfaidh an t‑údarás inniúil
ceann amháin nó níos mó de na bearta rialaithe galar seo a leanas sa chrios
srianta le leathadh breise an ghalair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a)
a chosc: (a) sainaithint bunaíochtaí, teaghlach,
gnólachtaí bia agus beatha, bunaíochtaí seachtháirgí nó láithreacha eile ina
bhfuil ainmhithe ar coimeád de speicis liostaithe don ghalar liostaithe sin; (b) cuairteanna ar bhunaíochtaí, teaghlaigh,
gnólachtaí bia agus beatha, bunaíochtaí seachtháirgí ainmhithe nó láithreacha
eile ina bhfuil ainmhithe ar coimeád de speicis liostaithe don ghalar
liostaithe, agus, nuair is gá, scrúduithe, sampláil agus scrúdú saotharlainne
ar shamplaí; (c) coinníollacha gluaiseachta maidir le
gluaiseacht daoine, ainmhithe, táirgí, beatha, feithiclí agus aon ábhair nó
substainte eile a d’fhéadfadh a bheith éillithe nó a d'fhéadfadh cur le
leathadh an ghalair liostaithe sin laistigh de na criosanna srianta agus amach
uathu agus maidir le hiompar trí na criosanna srianta; (d) ceanglais bhithshlándála maidir leis an
méid seo a leanas: (i) táirgeadh, próiseáil agus dáileadh
táirgí de bhunadh ainmhíoch; (ii) bailiú agus diúscairt na seachtháirgí
ainmhithe; (iii) inseamhnú saorga. (e) vacsaíniú agus cóireáil ainmhithe ar
coimeád le haon táirgí íocshláinte tréidliachta eile i gcomhréir le hAirteagal 46(1)
agus aon ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 47(1); (f) glanadh, dífhabhtú agus dímhíolú; (g) ainmniú nó nuair is ábhartha, formheas
bunaíochta gnólachta bia chun críocha ainmhithe a mharú nó táirgí de bhunadh
ainmhíoch de thionscnamh criosanna srianta a chóireáil; (h) ceanglais maidir le sainaithint agus
inrianaitheacht do ghluaiseacht ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de
bhunadh ainmhíoch; (i) bearta maolaithe riosca eile agus bearta
bithshlándála eile chun rioscaí maidir le leathadh an ghalair liostaithe sin a
íoslaghdú. 2. Déanfaidh an t‑údarás inniúil
na bearta uile is gá leis na daoine sna criosanna srianta a chur go hiomlán ar
an eolas faoi na srianta atá i bhfeidhm agus faoi chineál na mbeart rialaithe
galar. 3. Agus cé na bearta a dhéanfar as
measc na mbeart rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1 á gcinneadh,
cuirfidh an t‑údarás inniúil an méid seo a leanas san áireamh: (a) próifíl an ghalair; (b) na cineálacha táirgthe; (c) indéantacht, infhaighteacht agus
éifeachtacht na mbeart rialaithe galar sin. Airteagal 66
Oibleagáid oibreoirí i gcriosanna srianta 1. Tabharfaidh oibreoirí a choimeádann
ainmhithe agus táirgí i gcrios srianta dá bhforáiltear in Airteagal 64(1)
fógra don údarás inniúil i leith aon ghluaiseachta ainmhithe ar coimeád agus
táirgthe arna beartú, laistigh nó lasmuigh den chrios srianta. 2. Ní aistreoidh siad na hainmhithe ar
coimeád agus na táirgí ach amháin i gcomhréir le treoracha an údaráis inniúil. Airteagal 67
Tarmligean cumhachtaí maidir le bearta rialaithe galar i gcriosanna srianta Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253, maidir le
rialacha mionsonraithe i dtaca le bearta rialaithe galar atá le déanamh i
gcrios srianta dá bhforáiltear in Airteagal 65(1) do gach galar liostaithe
dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a). Cumhdóidh na rialacha mionsonraithe sin na
hábhair seo a leanas: (a) na
coinníollacha agus ceanglais do na bearta rialaithe galar, dá bhforáiltear in Airteagal 65)(1)(a),
(c), (d), (e), (g), (h) agus (i); (b) na
nósanna imeachta do ghlanadh, dífhabhtú agus dímhíolú dá bhforáiltear in Airteagal 65(1)(f),
lena sonraítear, nuair is iomchuí, úsáid táirgí bithicíde chun na gcríoch sin; (c) an
faireachas is gá atá le déanamh tar éis na bearta rialaithe galar a chur i
bhfeidhm agus scrúduithe saotharlainne dá bhforáiltear in Airteagal 65(1)(b); (d) bearta
sonracha eile rialaithe galar le leathadh galar liostaithe sonrach dá dtagraítear
in Airteagal 8(1)(a) a theorannú. Airteagal 68
Bearta rialaithe galar a chothabháil i gcriosanna srianta agus gníomhartha
tarmligthe 1. Leanfaidh an t‑údarás inniúil
de na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear sa Roinn seo a chur i
bhfeidhm go dtí go mbeidh an méid seo a leanas curtha i gcrích. (a) na bearta rialaithe galar is iomchuí don
ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) ar cuireadh na
srianta i bhfeidhm ina leith a bheith déanta; (b) an glanadh, dífhabhtú nó dímhíolú
críochnaitheach a bheith déanta mar is iomchuí maidir leis an méid seo a
leanas: (i) an galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a)
a bhfuil na bearta rialaithe galar curtha i bhfeidhm ina leith; (ii) speicis buailte na n‑ainmhithe ar
coimeád; (iii) an cineál táirgthe; (c) faireachas leordhóthanach, mar is iomchuí
don ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) a bhfuil na
bearta rialaithe galar curtha i bhfeidhm ina leith, agus don chineál bunaíochta
nó láithreach, a bheith déanta sa chrios srianta ag tacú le díothú an ghalair
liostaithe sin. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na rialacha mionsonraithe i dtaca leis na bearta rialaithe galar
atá le déanamh ag an údarás inniúil dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal
seo i ndáil leis an méid seo a leanas: (a) nósanna imeachta críochnaitheacha
glantacháin, dífhabhtaithe nó dímhíolaithe agus, nuair is iomchuí, úsáid táirgí
bithicídí chun na gcríoch sin; (b) ceapadh, meáin, modhanna, minicíocht,
déine, daonraí ainmhithe spriocdhírithe agus patrúin samplála an fhaireachais
le stádas saor ó ghalair a bhaint amach arís tar éis ráige; (c) athdhaonrú na gcriosanna srianta tar éis
na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a chur
i gcrích, ag cur san áireamh na gcoinníollacha maidir le hathdhaonrú dá
bhforáiltear in Airteagal 61(3); (d) bearta eile rialaithe galar is gá leis an
stádas saor ó ghalair a bhaint amach arís . Airteagal 69
Vacsaíniú éigeandála 1. Nuair is ábhartha do rialú
éifeachtach an ghalair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) a
bhfuil feidhm ag na bearta rialaithe galar, de bharr na ráige, ina leith,
féadfaidh an t‑údarás inniúil an méid seo a leanas a dhéanamh: (a) plean vacsaínithe a fhorbairt; (b) criosanna vacsaínithe a bhunú. 2. Déanfaidh an t‑údarás inniúil,
agus an plean vacsaínithe agus bunú na gcriosanna vacsaínithe dá bhforáiltear i
mír 1 den Airteagal seo á gcinneadh aige, an méid seo a leanas a chur
san áireamh: (a) na ceanglais maidir le vacsaíniú
éigeandála dá bhforáiltear sna pleananna teagmhais dá bhforáiltear in Airteagal 43(1); (b) na ceanglais maidir le húsáid vacsaíní dá
bhforáiltear in Airteagal 46(1) agus aon ghníomhartha tarmligthe arna
nglacadh de bhun Airteagal 47(1). 3. Comhlíonfaidh criosanna vacsaínithe
dá bhforáiltear i mír 1(b) den Airteagal seo na ceanglais maidir le bearta
maolaithe riosca le leathadh na ngalar liostaithe a chosc agus maidir le
faireachas mar atá leagtha amach i ngníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 47(1)(d)
agus (e). Roinn 5
Ainmhithe fiáine Airteagal 70
Ainmhithe fiáine 1. I gcás aon amhrais faoi ghalar
liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) a bheith in ainmhithe
fiáine, nó dearbhú oifigiúil air, déanfaidh an Ballstát atá buailte an méid seo
a leanas: (a) nuair is ábhartha i gcás an ghalair
liostaithe áirithe sin, faireachas a dhéanamh ar dhaonra na n‑ainmhithe
fiáine; (b) na bearta coisctheacha agus rialaithe
galar is gá a dhéanamh le leathadh breise an ghalair liostaithe sin a chosc. 2. Leis na bearta coisctheacha agus
rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1(b) cuirfear an méid seo a leanas
san áireamh: (a) próifíl an ghalair; (b) na hainmhithe fiáine atá buailte; (c) na bearta rialaithe galar atá le déanamh
i gcás amhrais faoi ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a)
a bheith i gcriosanna srianta i measc ainmhithe ar coimeád, nó dearbhú
oifigiúil air sin, de bhun rialacha a leagtar síos i Ranna 1 go 4. 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis an méid seo a leanas: (a) faireachas de bhun mhír 1(a); (b) bearta coisctheacha agus rialaithe galar
de bhun mhír 1(b). Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh,
cuirfidh an Coimisiún san áireamh próifíl an ghalair agus na speicis liostaithe
don ghalar liostaithe dá dtagraítear i mír 1. Roinn 6
bearta breise rialaithe galar ag na Ballstáit, Comhordú ag an gCoimisiún agus rialacha rialaithe galar sealadacha ar leith Airteagal 71
Bearta breise rialaithe galar ag na Ballstáit, comhordú beart ag an gCoimisiún
agus rialacha rialaithe galar sealadacha ar leith maidir le Ranna 1 go 5 1. Féadfaidh na Ballstáit bearta
rialaithe galar a dhéanamh sa bhreis ar na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 61(1),
Airteagal 62, Airteagal 65(1) agus (2) agus Airteagal 68(1) agus
i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 67 agus Airteagal 68(2),
ar an gcoinníoll go mbeidh na bearta sin ag luí leis na rialacha a leagtar síos
sa Rialachán seo agus go bhfuil siad riachtanach agus comhréireach le leathadh
an ghalair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) a rialú, ag cur
san áireamh an méid seo a leanas: (a) na himthosca eipidéimeolaíocha ar leith; (b) na cineálacha bunaíochtaí, láithreacha
eile agus táirgeadh; (c) catagóirí agus speicis na n‑ainmhithe
lena mbaineann; (d) dálaí eacnamaíocha nó sóisialta. 2. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún
ar an eolas faoin méid seo a leanas gan mhoill: (a) na bearta rialaithe galar arna ndéanamh
ag an údarás inniúil dá bhforáiltear in Airteagail 58, 59, 61, 62, 64 agus
65, Airteagal 68(1), Airteagal 69 agus Airteagal 70(1) agus (2)
agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 63, Airteagal 67
agus Airteagal 68(2) agus Airteagal 70(3); (b) aon bhearta breise rialaithe galar dá
bhforáiltear i mír 1 arna nglacadh aige. 3. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú
ar staid an ghalair agus na bearta rialaithe galar arna ndéanamh ag an údarás
inniúil agus ar aon bhearta breise rialaithe galar arna nglacadh ag an
mBallstát, i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus féadfaidh sé, trí bhíthin
gníomhartha tarmligthe, bearta speisialta rialaithe galar a leagan síos ar
feadh tréimhse teoranta, faoi choinníollacha atá iomchuí don staid
eipidéimeolaíoch, sna cásanna seo a leanas: (a) meastar nach bhfuil na bearta rialaithe
galar sin oiriúnach don staid eipidéimeolaíoch; (b) is dealraitheach go bhfuil an galar
liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) ag leathadh in ainneoin na
mbeart rialaithe galar arna nglacadh i gcomhréir leis an gCaibidil seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). 4. Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil
bonn cirt cuí leo a bhaineann le galar ar riosca atá ag teacht chun cinn é a
bhfuil tionchar an‑suntasach aige glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur
chun feidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 255(3). Caibidil 2
Galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b)agus (c) Roinn 1
Bearta rialaithe galar i gcás ina bhfuil amhras faoi ghalar a bheith ar
ainmhithe ar coimeád Airteagal 72
Oibleagáidí oibreoirí, gairmithe ainmhithe agus coimeádaithe peataí 1. I gcás amhrais faoi ghalair
liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) agus (c) a bheith ar
ainmhithe ar coimeád, déanfaidh oibreoirí, gairmithe ainmhithe, agus
coimeádaithe peataí, sa bhreis ar fhógra a thabhairt i leith comharthaí nó
amhrais don údarás inniúil agus do thréidlianna i gcomhréir le hAirteagal 16(1)
agus ar feitheamh aon bheart rialaithe galar arna ndéanamh ag an údarás inniúil
i gcomhréir le hAirteagal 74(1), déanfaidh siad bearta iomchuí rialaithe
galar dá dtagraítear in Airteagal (74)(1)(a) agus aon ghníomhartha
tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 74(3) le cosc a chur le
leathadh an ghalair liostaithe sin ó na hainmhithe, bunaíochtaí agus
láithreacha buailte atá faoina gcúram go hainmhithe eile nó go daoine. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
i dtaca leis na rialacha mionsonraithe maidir le forlíonadh beart rialaithe
galar atá le déanamh ag oibreoirí, gairmithe ainmhithe agus coimeádaithe
peataí, dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo. Airteagal 73
Imscrúdú arna dhéanamh ag an údarás inniúil i gcás amhras faoi ghalar
liostaithe 1. I gcás amhrais faoi ghalar
liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) agus (c) a bheith in
ainmhithe ar coimeád, déanfaidh an t‑údarás inniúil imscrúdú gan mhoill
le láithreacht an ghalair liostaithe sin a dhearbhú nó a chur as an áireamh. 2. Chun críche an imscrúdaithe dá
bhforáiltear i mír 1, áiritheoidh an t‑údarás inniúil, nuair is
iomchuí, go ndéanfaidh tréidlianna oifigiúla an méid seo a leanas: (a) scrúdú cliniciúil ar shampla ionadaíoch
de na hainmhithe ar coimeád de na speicis liostaithe don ghalar áirithe sin; (b) samplaí iomchuí a thógáil ó na hainmhithe
ar coimeád de na speicis liostaithe agus samplaí eile le haghaidh scrúdú
saotharlainne i saotharlanna arna n‑ainmniú chun na críche sin ag an
údarás inniúil; (c) scrúdú saotharlainne a dhéanamh chun
láithreacht an ghalair liostaithe áirithe sin a dhearbhú nó a chur as an
áireamh. 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar na rialacha maidir leis
an imscrúdú dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo. Airteagal 74
Réamhbhearta rialaithe galar arna ndéanamh ag an údarás inniúil 1. I gcás amhrais faoi ghalar
liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) agus (c) a bheith in
ainmhithe ar coimeád, déanfaidh an t‑údarás inniúil na réamhbhearta
rialaithe galar seo a leanas, ar feitheamh thorthaí an imscrúdaithe dá
bhforáiltear in Airteagal 73(1) agus ar feitheamh dhéanamh beart rialaithe
galar i gcomhréir in Airteagal 78(1) agus (2): (a) bearta rialaithe galar a chur i bhfeidhm
le leathadh an ghalair liostaithe sin a shrianadh ón gcríoch, bunaíocht,
teaghlach, gnólacht bia nó beatha, bunaíocht seachtháirgí nó láthair eile atá
buailte; (b) nuair is gá, tús a chur le fiosrúchán
eipidéimeolaíoch, ag cur san áireamh na rialacha maidir leis an imscrúdú sin dá
bhforáiltear in Airteagal 57(1) agus aon rialacha arna nglacadh de
bhun Airteagal 57(2). 2. Beidh na réamhbhearta rialaithe
galar dá bhforáiltear i mír 1 iomchuí agus comhréireach leis an riosca a
bhaineann leis an ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) nó
(c) ag cur san áireamh an méid seo a leanas: (a) próifíl an ghalair; (b) na hainmhithe ar coimeád atá buailte; (c) stádas sláinte an Bhallstáit, creasa,
deighleoga nó bunaíochta ina bhfuil amhras faoin galar liostaithe sin a bheith
ann; (d) na réamhbhearta rialaithe galar dá
bhforáiltear in Airteagal 55(1), Airteagal 56 agus aon ghníomh
tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2). 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le rialacha lena bhforlíontar na rialacha a leagtar síos i mír 1
den Airteagal seo, agus na hábhair dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo
á gcur san áireamh, maidir leis an méid seo a leanas: (a) na réamhbhearta rialaithe galar atá le
déanamh le leathadh an ghalair liostaithe dá bhforáiltear i mír 1(a) a
chosc; (b) cur i bhfeidhm na réamhbheart rialaithe
galar dá bhforáiltear i mír 1(a) maidir le bunaíochtaí eile, aonaid
eipidéimeolaíocha iontu, teaghlaigh, gnólachtaí bia agus beatha agus
bunaíochtaí seachtháirgí nó láithreacha eile; (c) criosanna srianta sealadacha a bhunú, arb
iomchuí iad i ngeall ar phróifíl an ghalair. Airteagal 75
Na réamhbhearta rialaithe galar a athbhreithniú agus a shíneadh Maidir leis na bearta rialaithe galar dá
bhforáiltear in Airteagal 74(1) déanfar an méid seo a leanas: (a) déanfaidh an t‑údarás inniúil
athbhreithniú orthu mar is iomchuí i ndiaidh thorthaí an imscrúdaithe dá
bhforáiltear in Airteagal 73(1) agus, nuair is ábhartha, torthaí an
fhiosrúcháin eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 74(1)(b); (b) iad a shíneadh tuilleadh go
láithreacha eile dá dtagraítear in Airteagal 74(3)(b), nuair is gá. Roinn 2
galar ar ainmhithe ar coimeád a dhearbhú Airteagal 76
Dearbhú oifigiúil de ghalar arna dhéanamh ag an údarás inniúil 1. Bunóidh an t‑údarás inniúil
dearbhú oifigiúil de ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b)
nó (c) ar an bhfaisnéis seo a leanas: (a) torthaí na scrúduithe cliniciúla agus
saotharlainne dá bhforáiltear in Airteagal 73(2); (b) an fiosrúchán eipidéimeolaíoch dá
bhforáiltear in Airteagal 74(1)(b), nuair is ábhartha; (c) sonraí eipidéimeolaíocha eile atá ar
fail. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na ceanglais atá le comhlíonadh don dearbhú oifigiúil dá
dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Airteagal 77
Réamhbhearta rialaithe galar a chur i leataobh nuair a chuirtear láithreacht
galair as an áireamh Leanfaidh an t‑údarás inniúil de na
réamhbhearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 74(1) agus Airteagal 75
a chur i bhfeidhm, go dtí go gcuirfear láithreacht na ngalar liostaithe dá
dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) nó (c) as an áireamh i gcomhréir le hAirteagal 76(1)
nó rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 76(2). Roinn 3
Bearta rialaithe galar i gcás ina ndearbhaítear go bhfuil galar ar ainmhithe ar coimeád Airteagal 78
Bearta rialaithe galar arna ndéanamh ag an údarás inniúil 1. I gcás dearbhú oifigiúil i gcomhréir
le hAirteagal 76(1) de ráig galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b)
in ainmhithe ar coimeád, déanfaidh an t‑údarás inniúil an méid seo a
leanas: (a) i gcás Ballstáit, creasa nó deighleoige
atá faoi réir cláir díothaithe éigeantaigh dá bhforáiltear in Airteagal 30(1)
don ghalar liostaithe sin, na bearta rialaithe galar atá leagtha síos sa chlár
díothaithe éigeantach sin a chur i bhfeidhm; (b) i gcás Ballstáit, creasa nó deighleoige
nach bhfuil fós faoi réir cláir díothaithe éigeantaigh dá bhforáiltear in Airteagal 30(1)
don ghalar liostaithe sin, tús a chur leis an gclár díothaithe éigeantach sin
na bearta rialaithe galar atá leagtha síos ann a chur i bhfeidhm; 2. I gcás dearbhú oifigiúil i gcomhréir
le hAirteagal 76(1) de ráig galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(c)
in ainmhithe ar coimeád, déanfaidh an t‑údarás inniúil an méid seo a
leanas: (a) i gcás Ballstáit, creasa nó deighleoige
atá faoi réir cláir díothaithe dheonaigh dá bhforáiltear in Airteagal 30(2)
don ghalar liostaithe sin, na bearta rialaithe galar atá leagtha síos sa chlár
díothaithe deonach sin a chur i bhfeidhm; (b) i gcás Ballstáit, creasa nó deighleoige
nach bhfuil faoi réir cláir díothaithe dheonaigh dá bhforáiltear in Airteagal 30(2)
don ghalar liostaithe sin, bearta lena leathadh a rialú agus a chosc, a chur i
bhfeidhm, nuair is iomchuí; 3. Beidh na bearta dá bhforáiltear i mír 2(b)
den Airteagal seo comhréireach leis an riosca a bhaineann leis an ngalar
liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(c) ag cur san áireamh an méid
seo a leanas: (a) próifíl an ghalair; (b) na hainmhithe ar coimeád atá buailte; (c) stádas sláinte an Bhallstáit, limistéir,
creasa, deighleoige nó bunaíochta ina bhfuil an galar liostaithe dearbhaithe go
hoifigiúil; (d) na bearta rialaithe galar atá le déanamh
sna bunaíochtaí, láithreacha eile agus criosanna srianta dá bhforáiltear i Roinn 4
de Chaibidil 1 den Teideal seo. Airteagal 79
Tarmligean cumhachtaí do na bearta rialaithe galar atá le déanamh láithreach ag
an údarás inniúil Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 lena
leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le bearta rialaithe galar atá le
déanamh i gcás ráigeanna galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b)
nó (c) in ainmhithe ar coimeád dá bhforáiltear in Airteagal 78(2)(b) ag
cur san áireamh na gcritéar dá bhforáiltear in Airteagal 78(3). Roinn 4
Ainmhithe fiáine Airteagal 80
Ainmhithe fiáine 1. I gcás amhrais faoi ghalar
liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) a bheith in ainmhithe
fiáine, nó dearbhú oifigiúil de, déanfaidh an Ballstát atá buailte an méid seo
a leanas: (a) i gcríoch iomlán an Bhallstáit, nó limistéar
nó crios atá faoi réir cláir díothaithe éigeantaigh dá bhforáiltear in Airteagal 30(1)
don ghalar liostaithe sin, na bearta rialaithe galar atá leagtha síos sa chlár
díothaithe éigeantach sin a chur i bhfeidhm; (b) i gcríoch iomlán an Bhallstáit, nó limistéar
nó crios nach bhfuil fós faoi réir cláir díothaithe éigeantaigh dá bhforáiltear
in Airteagal 30(1) don ghalar liostaithe sin, tús a chur leis an gclár
díothaithe éigeantach sin agus na bearta rialaithe galar atá leagtha síos ann a
chur i bhfeidhm, nuair is iomchuí, lena leathadh a rialú agus a chosc; 2. I gcás ráige galair liostaithe dá
dtagraítear in Airteagal 8(1)(c) in ainmhithe fiáine, déanfaidh údarás
inniúil an Bhallstáit atá buailte an méid seo a leanas: (a) i gcríoch iomlán an Bhallstáit, nó sa
limistéar, crios nó deighleog atá faoi réir cláir díothaithe dheonaigh dá
bhforáiltear in Airteagal 30(2) don ghalar liostaithe sin, na bearta
rialaithe galar atá leagtha síos sa chlár díothaithe deonach sin a chur i
bhfeidhm; (b) i gcríoch iomlán an Bhallstáit, sa
limistéar, crios nó deighleog nach bhfuil faoi réir cláir díothaithe dheonaigh
dá bhforáiltear in Airteagal 30(2) don ghalar liostaithe sin, bearta lena
leathadh a rialú agus a chosc, a chur i bhfeidhm, nuair is iomchuí; 3. Leis na bearta rialaithe galar dá
bhforáiltear i mír 2(b) cuirfear an méid seo a leanas san áireamh: (a) próifíl an ghalair; (b) na hainmhithe fiáine atá buailte; (c) na bearta rialaithe galar atá le déanamh
i gcás amhrais faoi ghalar liostaithe a bheith i gcriosanna srianta i measc
ainmhithe ar coimeád, nó dearbhú oifigiúil de sin, de bhun rialacha a leagtar
síos in Ranna 1 go 4 de Chaibidil 1 den Teideal seo. 4. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar na bearta rialaithe galar
atá le déanamh i gcás ráigeanna galair liostaithe, dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b)
nó (c), in ainmhithe fiáine dá bhforáiltear i mír 2(b) den Airteagal seo. Roinn 5
Comhordú an Choimisiúin agus rialacha rialaithe galar sealadacha ar leith Airteagal 81
Bearta a chomhordú ag an gCoimisiún agus rialacha speisialta sealadacha maidir
le Ranna 1 go 4 1. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún
ar an eolas faoi bhearta rialaithe galar arna ndéanamh ag an údarás inniúil i
ndáil le galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) nó (c), i
gcomhréir le hAirteagal 76(1), Airteagal 77 agus Airteagal 78
agus Airteagal 80(1) agus (2) agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de
bhun Airteagal 76(2), Airteagal 79 agus Airteagal 80(4). 2. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú
ar staid an ghalair agus ar na bearta rialaithe galar arna ndéanamh ag an
údarás inniúil i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus féadfaidh sé, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, rialacha ar leith maidir le bearta rialaithe
galar a leagan síos ar feadh tréimhse teoranta ama i leith galair liostaithe dá
dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) agus (c), faoi choinníollacha atá iomchuí
don staid eipidéimeolaíoch, sna cásanna seo a leanas: (a) meastar nach bhfuil na bearta rialaithe
galar sin arna ndéanamh ag an údarás inniúil oiriúnach don staid
eipidéimeolaíoch; (b) is dealraitheach go bhfuil an galar
liostaithe sin dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) nó (c) ag leathadh in
ainneoin na mbeart rialaithe galar arna nglacadh i gcomhréir leis an gCaibidil
seo, nuair is ábhartha. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). 3. Ar mhórchúiseanna práinne ar tugadh
bonn cirt cuí leo a bhaineann le galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b)
nó (c) ar riosca atá ag teacht chun cinn é a bhfuil tionchar an‑suntasach
aige, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme
láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 255(3). CUID IV
CLÁRÚ, FORMHEAS, INRIANAITHEACHT AGUS GLUAISEACHTAÍ TEIDEAL I
Ainmhithe talún, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe
talún Caibidil 1
Clárú, formheas, coimeád taifead agus cláir Roinn 1
Bunaíochtaí agus iompróirí a chlárú Airteagal 82
An oibleagáid ar iompróirí bunaíochtaí a chlárú 1. Déanfaidh oibreoirí bunaíochtaí a
choimeádann ainmhithe talún nó a bhailíonn, a tháirgeann nó a stórálann táirgí
geirmeacha na gníomhartha seo a leanas, chun go mbeidh siad cláraithe i
gcomhréir le hAirteagal 88, sula dtosóidh siad ar na gníomhaíochtaí sin: (a) an t‑údarás inniúil a chur ar an
eolas faoi aon bhunaíocht den chineál sin a bhfuil siad freagrach aisti; (b) faisnéis a thabhairt don údarás inniúil
maidir leis na nithe seo a leanas: (i) ainm agus seoladh an oibreora; (ii) suíomh na saoráidí agus tuairisc orthu; (iii) catagóirí, speicis agus líonta
ainmhithe talún ar coimeád nó táirgí geirmeacha sa bhunaíocht agus cainníocht
na bunaíochta; (iv) cineál na bunaíochta; (v) gnéithe eile den bhunaíocht atá ábhartha
maidir leis an riosca atá léi a chinneadh. 2. Cuirfidh oibreoirí bunaíochtaí dá
dtagraítear i mír 1 an t‑údarás inniúil ar an eolas faoi aon: (a) athruithe suntasacha sna bunaíochtaí a
bhaineann le cúrsaí dá dtagraítear i mír 1(b); (b) stad le gníomhaíocht sa bhunaíocht. 3. Ní bheidh sé de cheanglas ar
bhunaíochtaí atá faoi réir formheasa i gcomhréir le hAirteagal 89(1) an
fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt. Airteagal 83
Maoluithe ón oibleagáid ar iompróirí na bunaíochtaí a chlárú De mhaolú ar Airteagal 82(1), féadfaidh
na Ballstáit catagóirí áirithe bunaíochtaí a dhíolmhú ón gceanglas clárúcháin,
agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh acu: (a) catagóirí, speicis agus líonta na n‑ainmhithe
talún ar coimeád agus na dtáirgí geirmeacha sa bhunaíocht agus cainníocht na
bunaíochta; (b) cineál na bunaíochta; (c) gluaiseachtaí ainmhithe ar coimeád
nó táirgí geirmeacha isteach sa bhunaíocht agus amach aisti. Airteagal 84
Cumhachtaí cur chun feidhme maidir leis an oibleagáid ar iompróirí na
bunaíochtaí a chlárú Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na nithe seo a
leanas: (a) an fhaisnéis nach mór d’oibreoirí a
thabhairt chun na bunaíochtaí a chlárú dá bhforáiltear in Airteagal 82(1); (b) na cineálacha bunaíochtaí a
fhéadfaidh na Ballstáit a dhíolmhú ón gceanglas clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 83
ar choinníoll go bhfuil riosca suntasach leis na bunaíochtaí sin agus na
critéir dá bhforáiltear san Airteagal sin á gcur san áireamh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme
sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Airteagal 85
Na hoibleagáidí clárúcháin ar iompróirí crúbach agus gníomhartha tarmligthe 1. Déanfaidh iompróirí crúbach, a
iompraíonn na hainmhithe sin idir na Ballstáit, na gníomhartha seo a leanas
chun go mbeidh siad cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 88, sula dtosóidh
siad ar na gníomhaíochtaí sin: (a) an t‑údarás inniúil a chur ar an
eolas faoina ngníomhaíocht; (b) faisnéis a thabhairt don údarás inniúil
maidir leis na nithe seo a leanas: (i) ainm agus seoladh an iompróra; (ii) catagóirí, speicis agus líonta na n‑ainmhithe
talún ar coimeád; (iii) cineál an iompair; (iv) an modh iompair; 2. Cuirfidh iompróirí an t‑údarás
inniúil ar an eolas faoi aon: (a) athruithe suntasacha a bhaineann le
cúrsaí dá dtagraítear i mír 1(b); (b) stad le gníomhaíocht iompair. 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na rialacha a leasú agus a fhorlíonadh dá bhforáiltear i mír 1
maidir leis an oibleagáid ar chineálacha eile iompróirí an fhaisnéis a
thabhairt chun críocha cláraithe gníomhaíochta, agus na rioscaí atá leis na
modhanna iompair sin á gcur san áireamh aige. Airteagal 86
Maoluithe ón oibleagáid iompróirí crúbach a chlárú De mhaolú ar Airteagal 85(1), féadfaidh
na Ballstáit catagóirí áirithe iompróirí a dhíolmhú ón gceanglas clárúcháin,
agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh acu: (a) na faid a iompraíonn siad na
hainmhithe talún ar coimeád sin; (b) catagóirí, speicis agus líonta na n‑ainmhithe
talún ar coimeád a iompraíonn siad; Airteagal 87
Gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an oibleagáid iompróirí a chlárú Tabharfar de chumhacht an Choimisiúin
gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na nithe seo a leanas: (a) an fhaisnéis nach mór d’iompróir a
thabhairt chun a ghníomhaíocht a chlárú dá bhforáiltear in Airteagal 85(1); (b) na cineálacha iompróirí a fhéadfaidh
na Ballstáit a dhíolmhú ón gceanglas clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 86
ar choinníoll go bhfuil riosca suntasach le cineál an iompair agus na critéir
dá bhforáiltear san Airteagal sin á gcur san áireamh aige. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme
sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Airteagal 88
Oibleagáid an údaráis inniúil maidir le bunaíochtaí agus iompróirí a chlárú Déanfaidh an t‑údarás inniúil clárú ar: (a) bhunaíochtaí i gclár na mbunaíochtaí
agus na n‑iompróirí dá bhforáiltear in Airteagal 96(1), má thug an t‑oibreoir an
fhaisnéis is gá i gcomhréir le hAirteagal 82(1); (b) iompróirí i gclár na mbunaíochtaí
agus na n‑iompróirí dá bhforáiltear in Airteagal 96(1), má thug an t‑iompróir
an fhaisnéis is gá dá bhforáiltear in Airteagal 85(1). Roinn 2
Cineálacha áirithe bunaíochtaí a fhormheas Airteagal 89
Cineálacha áirithe bunaíochtaí a fhormheas agus gníomhartha tarmligthe 1. Cuirfidh oibreoirí na gcineálacha
bunaíochtaí seo a leanas iarratas chuig an údarás inniúil ar fhormheas i
gcomhréir le hAirteagal 91(1) agus ní chuirfidh siad tús lena ngníomhaíochtaí go dtí go mbeidh a mbunaíocht
i gcomhréir le hAirteagal 92(1), agus ní roimhe sin: (a) bunaíochtaí ina ndéantar oibríochtaí
bailiúcháin ar chrúbaigh agus ar éanlaith, óna n‑aistrítear na hainmhithe
sin go Ballstát eile. (b) bunaíochtaí táirgí geirmeacha den
speiceas buaibheach, den speiceas mucach, den speiceas caorach, den speiceas
gabhair agus den speiceas eachaí, óna n‑aistrítear táirgí geirmeacha ó na
hainmhithe go Ballstát eile; (c) gorlanna, óna n‑aistrítear
uibheacha ar goradh nó éanlaith go Ballstát eile; (d) bunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith, óna
n‑aistrítear éanlaithe a bhfuil se beartaithe iad a úsáid chun críocha
seachas marú nó uibheacha ar goradh go Ballstát eile; (e) aon chineál eile bunaíochta ina
gcoimeádtar ainmhithe talún a bhfuil riosca suntasach léi, tá sé de cheanglas
uirthi formheas a bheith aici i gcomhréir le rialacha arna leagan síos i
ngníomh tarmligthe agus arna nglacadh i gcomhréir le mír 3(b) den Airteagal
seo. 2. Stadfaidh oibreoirí de ghníomhú ag
bunaíocht dá dtagraítear i mír 1 más rud é: (a) go dtarraingíonn an t‑údarás
inniúil siar nó go gcuireann sé ar fionraí a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 95(2);
nó (b) i gcás formheasa ar choinníoll arna
thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 94(3), nach gcomhlíonann an bhunaíocht
na ceanglais nach bhfuil comhlíonta fós dá dtagraítear in Airteagal 94(3)
agus nach bhfaigheann sé formheas críochnaitheach i gcomhréir le hAirteagal 92(1). 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
a bhaineann le forlíonadh agus leasú a dhéanamh na rialacha maidir le formheas
bunaíochtaí dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo i ndáil leis na
nithe seo a leanas: (a) maoluithe ón gceanglas ar oibreoirí na
gcineálacha bunaíochtaí dá dtagraítear i mír 1(a) go dtí (d) iarratas a
chur isteach chuig an údarás inniúil ar fhormheas ón údarás inniúil, má tá
riosca suntasach leis na bunaíochtaí sin; (b) na cineálacha bunaíochtaí nach mór a
fhormheas i gcomhréir le mír 1(e); (c) sainrialacha maidir leis na bunaíochtaí
táirgí geirmeacha a stad dá ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1(b). 4. Cuirfidh an Coimisiún na critéir seo
a leanas san áireamh agus é ag glacadh na ngníomhartha tarmligthe dá
bhforáiltear i mír 3: (a) catagóirí agus speicis ainmhithe talún ar
coimeád nó táirgí geirmeacha i mbunaíocht; (b) catagóirí agus speicis ainmhithe talún ar
coimeád nó táirgí geirmeacha i mbunaíocht; (c) an cineál bunaíochta agus an cineál
táirgthe; (d) gluaiseachtaí ainmhithe ar coimeád nó
táirgí geirmeacha isteach sna cineálacha sin bunaíochta agus amach astu. Airteagal 90
Stádas bunaíochtaí comhdhúnta a fhormheas Chun stádas bunaíochta comhdhúnta a fháil, ní
mór d’oibreoirí bunaíochtaí: (a) iarratas a chur chuig an údarás
inniúil ar fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 91(1); (b) gan ainmhithe ar coimeád a aistriú go bunaíocht
chomhdhúnta i gcomhréir leis na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 134(1)
agus aon ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 134(2)
go dtí go bhfaighidh a mbunaíocht formheas an stádais sin ón údarás inniúil i
gcomhréir le hAirteagal 92 agus Airteagal 94. Airteagal 91
An oibleagáid ar oibreoirí faisnéis a thabhairt chun formheas agus gníomhartha
cur chun feidhme a fháil 1. Chun críocha a n‑iarratas ar
fhormheas dá mbunaíocht dá dtagraítear in Airteagal 89(1) agus in Airteagal 90(a),
tabharfaidh oibreoirí faisnéis don údarás inniúil maidir leis na nithe seo a
leanas: (a) ainm agus seoladh an oibreora; (b) áit na bunaíochta agus tuairisc ar na
saoráidí; (c) catagóirí, speicis agus líonta ainmhithe
talún ar coimeád nó táirgí geirmeacha ar láthair na bunaíochta; (d) cineál na bunaíochta; (e) gnéithe sainiúla eile den bhunaíocht, atá
ábhartha maidir leis an riosca atá léi a chinneadh. 2. Cuirfidh oibreoirí bunaíochtaí dá
dtagraítear i mír 1 an t‑údarás inniúil ar an eolas faoi aon: (a) athruithe suntasacha sna bunaíochtaí a
bhaineann leis na cúrsaí dá dtagraítear i mír 1(a),(b) agus (c); (b) stad le gníomhaíocht sa bhunaíocht. 3. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le faisnéis a
bheidh le tabhairt ag oibreoirí ina n‑iarratas ar fhormheas a mbunaíochta
i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Airteagal 92
Formheas a thabhairt agus coinníollacha maidir le bunaíochtaí a fhormheas agus
gníomhartha tarmligthe 1. Ní thabharfaidh an t‑údarás
inniúil an formheas do bhunaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 89(1)
agus in Airteagal 90(a) ach sna cásanna seo a leanas: (a) go gcomhlíonann an bhunaíocht na
ceanglais, más cuí, maidir le: (i) coraintín, leithlisiú agus bearta
bithshlándála eile agus na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 9(1)(b)
agus rialacha arna glacadh de bhun Airteagal 9(2) á gcur san áireamh acu; (ii) ceanglais faireachais dá bhforáiltear
in Airteagal 22, agus más ábhartha don chineáil bunaíochta agus don riosca
dá dtagraítear in Airteagal 23 do rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 24; (iii) coimeád taifead dá bhforáiltear in Airteagal 97
agus in Airteagal 98 agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 100
agus Airteagal 101; (b) go bhfuil saoráidí agus trealamh ag an
mbunaíocht: (i) ar leor iad chun an riosca go dtabharfar
isteach agus go leathnóidh galair a laghdú go leibhéal is inghlactha, agus
cineál na bunaíochta á chur san áireamh; (ii) ina bhfuil toilleadh mór go leor i
dtaca leis an líon ainmhithe talún ar coimeád nó an toirt táirgí geirmeacha; (c) nach bhfuil riosca nach inghlactha leis
an mbunaíocht maidir le leathadh galar, agus na bearta maolaithe riosca atá ar
bun á gcur san áireamh; (d) go bhfuil leorlíon ball foirne atá oilte
go leor do ghníomhaíocht na bunaíochta; (e) go bhfuil córas ar bun ag an mbunaíocht a
chuireann ar chumas an oibreora comhlíonadh phointí (a) go (d) a léiriú don
údarás inniúil. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
i ndáil leis na ceanglais dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo maidir
leis na nithe seo a leanas: (a) bearta maidir le coraintín, leithlisiú
agus bearta bithshlándála eile dá dtagraítear i mír 1(a)(i); (b) faireachas dá dtagraítear i mír 1(a)(ii); (c) saoráidí agus trealamh dá dtagraítear i mír 1(b); (d) freagrachtaí, inniúlacht agus oiliúint
ball foirne agus tréidlianna dá bhforáiltear i mír 1(d); (e) an faireachas agus an rialú atá
riachtanach a dhéanann an t‑údarás inniúil. 3. Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a
leanas san áireamh agus é ag bunú na rialacha atá le leagan síos sna
gníomhartha tarmligthe atá le glacadh de bhun mhír 2; (a) na rioscaí le gach cineál bunaíochta; (b) catagóirí agus speicis ainmhithe talún ar
coimeád; (c) cineál an táirgthe; (d) patrúin ghluaiseachta thipiciúla an
chineáil bunaíochta agus speiceas agus catagóirí ainmhithe ar coimeád sna
bunaíochtaí sin. Airteagal 93
Raon formheasa bunaíochtaí Sonróidh an t‑údarás inniúil go
sainráite san fhormheas a thabharfar do bhunaíocht de bhun Airteagal 92(1)
i ndiaidh iarratais a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 89(1)
agus Airteagal 90(a): (a) cé na cineálacha bunaíochtaí dá
dtagraítear in Airteagal 89(1), in Airteagal 90 agus i rialacha a
glacadh de bhun 89(3)(b) a mbaineann an formheas leo; (b) cé na catagóirí agus na speicis
ainmhithe talún ar coimeád nó na táirgí geirmeacha de thionscamh na speiceas
sin a mbaineann a formheas leo. Airteagal 94
Nósanna imeachta le haghaidh an t‑údarás inniúil an formheas a thabhairt 1. Cuirfidh an t‑údarás inniúil
nósanna imeachta ar bun a mbeidh ar oibreoirí iad a leanúint agus iad ag cur
iarratais isteach ar fhormheas a mbunaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 89(1),
Airteagal 90 agus Airteagal 91(1). 2. I ndiaidh dóibh iarratas ar
fhormheas a fháil ó oibreoir, tabharfaidh an t‑údarás inniúil cuairt ar
an suíomh i gcomhréir le hAirteagal 89(1)(a) agus Airteagal 90(a). 3. Féadfaidh an t‑údarás inniúil
formheas ar choinníoll a thabhairt do bhunaíocht i gcás inar cosúil, ar bhonn
iarratas an oibreora agus na cuairte a thug an t‑údarás ar shuíomh na
bunaíochta ina dhiaidh sin dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo, go
gcomhlíonann sé na príomhcheanglais lena dtugtar ráthaíochtaí leordhóthanacha
nach bhfuil riosca suntasach leis an mbunaíocht sin, chun go n‑áiritheofar
go gcomhlíonfar na ceanglais uile le haghaidh formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 92(1)
agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 92(2). 4. I gcás inar thug an t‑údarás
inniúil formheas ar choinníoll i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, ní
thabharfaidh sé formheas iomlán ach más cosúil i ndiaidh cuairte eile ar
láthair na bunaíochta arna tabhairt faoi cheann trí mhí ón dáta a tugadh an
formheas ar choinníoll, go gcomhlíonann an bhunaíocht na ceanglais uile maidir
le formheas dá bhforáiltear in Airteagal 92(1) agus sna rialacha arna
nglacadh de bhun Airteagal 92(2). I gcás inar léir ó chuairt ar shuíomh go ndearnadh
dul chun cinn soiléir ach nach gcomhlíonann an bhunaíocht na ceanglais sin uile
fós, féadfaidh an t‑údarás inniúil síneadh a chur leis an bhformheas ar
choinníoll. Ní bheidh tréimhse an fhormheasa ar choinníoll níos mó ná sé mhí,
áfach. Airteagal 95
Formheas a athbhreithniú, a chur ar fionraí agus a tharraingt siar ag an údarás
inniúil 1. Déanfaidh an t‑údarás inniúil
athbhreithniú leantach ar gach formheas ar bhunaíocht arna tabhairt i gcomhréir
le hAirteagal 92 agus Airteagal 94. 2. I gcás ina sainaithníonn an t‑údarás
inniúil easnaimh thromchúiseacha sa bhunaíocht maidir leis na ceanglais a
chomhlíonadh atá leagtha amach in Airteagal 92(1) agus na rialacha a
glacadh de bhun Airteagal 92(2) agus nach féidir leis an oibreoir ráthaíochtaí
leordhóthanacha a thabhairt go réiteofar na heasnaimh sin, cuirfidh an t‑údarás
inniúil sin nósanna imeachta ar bun chun formheas na bunaíochta sin a
tharraingt siar. Ar a shon sin, féadfaidh an t‑údarás inniúil
formheas bunaíochta a chur ar fionraí más féidir leis an oibreoir a ráthú
go réiteoidh sé na heasnaimh faoi cheann tréimhse réasúnta. 3. Ní thabharfar formheas tar éis
tarraingte siar nó fionraí i gcomhréir le mír 2 ach i gcás ina mbeidh an t‑údarás
inniúil sásta go gcomhlíonann an bhunaíocht go hiomlán ceanglais uile an
Rialúcháin seo atá oiriúnach don chineál sin bunaíochta. Roinn 3
clár ag an údarás inniúil de na bunaíochtaí agus de na hiompróirí Airteagal 96
Clár na mbunaíochtaí agus na n‑iompróirí 1. Cuirfidh an t‑údarás inniúil
ar bun agus coinneoidh cothrom le dáta clár de: (a) na bunaíochtaí agus na hiompróirí uile de
bhun Airteagal 88; (b) na bunaíochtaí uile arna bhformheas i
gcomhréir le hAirteagal 92 agus Airteagal 94. Cuirfidh sé an clár sin ar fáil do na Ballstáit
eile agus don phobal. 2. Más cuí agus más ábhartha, féadfaidh
an t‑údarás inniúil an clárú dá dtagraítear i mír 1(a) agus an
formheas dá dtagraítear i mír 1(b) a chur le chéile le clárú chun críoch
eile. 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na nithe seo a leanas: (a) an fhaisnéis atá le cur ar an gclár dá
bhforáiltear i mír 1; (b) ceanglais bhreise maidir le cláir
bunaíochtaí táirgí geirmeacha, tar éis dóibh stad dá ngníomhaíochtaí; (c) rochtain phoiblí ar an gclár dá
bhforáiltear i mír 1. 4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha tarmligthe, rialacha a leagan síos maidir le formáid nósanna
imeachta maidir le clár na mbunaíochtaí agus na n‑iompróirí agus na
mbunaíochtaí arna bhformheas dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Roinn 4
Taifid a Choinneáil Airteagal 97
Na hoibleagáidí coinneála taifeadta ar oibreoirí bunaíochtaí seachas
bunaíochtaí táirgí geirmeacha 1. Déanfaidh oibreoirí bunaíochtaí atá
faoi réir cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 88, nó formheasta i
gcomhréir le hAirteagal 92(1) agus coinneoidh siad agus cothabhálfaidh
siad taifid ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad: (a) speicis, catagóirí, líonta agus
aitheantas ainmhithe talún ar coimeád ar a mbunaíocht; (b) gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád
isteach ina mbunaíocht agus amach aisti, a shonrú mar is cuí: (i) a n‑áit tionscnaimh nó a gceann
scríbe; (ii) dátaí na ngluaiseachtaí sin; (c) na doiciméid i bhfoirm páipéir nó
leictreonach a cheanglaítear a ghabháil le hainmhithe talún ar agus iad ag
sroicheadh a mbunaíochta nó á fágáil i gcomhréir le hAirteagail 106(b), 107(b),
109(c), 110(b), 113(b), Airteagal 140(1) agus (2), Airteagal 162(2)
agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114, Airteagal 117 agus
Airteagal 141(1)(b) agus (c); (d) aon fhadhbanna sláinte ainmnithe a
bhaineann le hainmhithe ar coimeád ar a mbunaíocht; (e) bearta bithshlándála, faireachas,
cóireálacha, torthaí tástála agus faisnéis ábhartha eile atá oiriúnach do na
nithe seo a leanas: (i) catagóir agus speiceas ainmhithe talún
ar coimeád ar an mbunaíocht; (ii) cineál an táirgthe; (iii) cineál agus méid na bunaíochta; (f) torthaí aon chuairteanna sláinte
ainmhithe a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 23(1) agus rialacha
arna nglacadh de bhun Airteagal 24. 2. Féadfaidh an Ballstát bunaíochtaí
atá díolmhaithe ón gceanglas clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 83 a
dhíolmhú ón gceanglas taifid a choinneáil den fhaisnéis atá liostaithe i mír 1
den Airteagal seo. 3. Coinneoidh oibreoirí bunaíochtaí na
taifid dá bhforáiltear i mír 1 sa bhunaíocht agus: (a) iad a chur ar fáil don údarás inniúil má
iarrtar sin; (b) iad a choinneáil ar feadh íostréimhse atá
le cinneadh ag an údarás inniúil ach nach lú ná trí bliana. Airteagal 98
Taifid a choinneáil ar bhunaíochtaí táirgí geirmeacha 1. Coinneoidh agus cothabhálfaidh
oibreoirí bunaíochta geirmeacha ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a
laghad: (a) pór, aois agus aitheantas ainmhithe
bronntacha a úsáidtear chun táirgí geirmeacha a tháirgeadh; (b) am agus áit bailiúcháin, próiseála agus
stórála táirgí geirmeacha a bhailítear, a tháirgtear nó a phróiseáiltear; (c) aitheantas na dtáirgí geirmeacha maille
le sonraí i ndáil lena gceann scríbe, más eol; (d) na doiciméid i bhfoirm páipéir nó
leictreonach a bhfuil sé ceangailte ina leith go ngabhfaidh siad le táirgí
geirmeacha agus iad ag sroicheadh na bunaíochta nó á fágáil i gcomhréir le hAirteagal 159
agus Airteagal 162(2) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 160(3)
agus (4); (e) teicnící saotharlainne a úsáidtear. 2. Féadfaidh an Ballstát bunaíochtaí
atá díolmhaithe ón gceanglas clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 84 a
dhíolmhú ón gceanglas taifid a choinneáil den fhaisnéis atá liostaithe i mír 1
den Airteagal seo. 3. Coinneoidh oibreoirí bunaíochtaí
táirgí geirmeacha na taifid dá bhforáiltear i mír 1 ar an mbunaíocht agus: (a) cuirfidh siad ar fáil iad láithreach don
údarás inniúil má iarrtar sin; (b) coinneoidh siad iad ar feadh íostréimhse
atá le cinneadh ag an údarás inniúil ach nach lú ná trí bliana. Airteagal 99
Na hiompróirí taifid a choinneáil 1. Coinneoidh agus cothabhálfaidh
iompróirí táirgí geirmeacha taifid ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a
laghad: (a) na bunaíochtaí ar thug siad cuairt orthu; (b) catagóirí, speicis agus líon na dtáirgí
geirmeacha a d’iompair siad; (c) ní, dífhabhtú agus dímhíolú an mhodha
iompair. 2. Féadfaidh an Ballstát iompróirí atá
díolmhaithe ón gceanglas clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 86 a
dhíolmhú ón gceanglas taifid a choinneáil den fhaisnéis atá liostaithe i mír 1
den Airteagal seo. 3. Coinneoidh iompróirí na taifid dá
bhforáiltear i mír 1: (a) ar dhóigh lenar féidir iad a chur ar fáil
láithreach don údarás inniúil má iarrtar sin; (b) ar feadh íostréimhse atá le cinneadh ag
an údarás inniúil ach nach lú ná trí bliana. Airteagal 100
Tarmligean cumhachtaí maidir le taifid a choinneáil 1. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le rialacha lena bhforlíontar na ceanglais choinneála taifid dá
bhforáiltear in Airteagal 97, in Airteagal 98 agus in Airteagal 99
maidir leis na nithe seo a leanas: (a) maolaithe ó na ceanglais maidir le taifid
a choinneáil le haghaidh: (i) oibreoirí cineálacha áirithe bunaíochtaí
agus cineálacha áirithe iompróirí; (ii) bunaíochtaí a choimeádann nó iompróirí
a láimhseálann líon beag ainmhithe talún ar coimeád nó méid beag táirgí
geirmeacha; (iii) catagóirí nó speiceas áirithe ainmhithe
talún ar coimeád nó táirgí geirmeacha; (b) faisnéis atá le taifeadadh sa bhreis ar
an méid dá bhforáiltear in Airteagal 97(1), in Airteagal 98(1) agus
in Airteagal 99(1); (c) ceanglais bhreise maidir le taifid a
choinneáil ar tháirgí geirmeacha arna mbailiú, nó arna bpróiseáil i mbunaíocht
táirgí geirmeacha, tar éis dóibh stad dá ngníomhaíochtaí. 2. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na
nithe seo a leanas agus iad ag socrú na rialacha atá le leagan síos i
ngníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 1: (a) na rioscaí atá le gach cineál bunaíochta
nó iompróra; (b) catagóir agus speicis ainmhithe talún ar
coimeád nó táirgí geirmeacha sa bhunaíocht nó atá á n‑iompar; (c) cineál an táirgthe sa bhunaíocht nó
cineál an iompair; (d) patrúin ghluaiseachta thipiciúla an
chineáil bunaíochta agus speiceas agus catagóir na n‑ainmhithe lena
mbaineann; (e) líon na n‑ainmhithe talún ar
coimeád nó toirt na dtáirgí geirmeacha a choinneáiltear sa bhunaíocht nó a
iompraíonn an t‑iompróir. Airteagal 101
Cumhachtaí cur chun feidhme maidir le taifid a choinneáil Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, rialacha maidir leis na nithe seo a leanas: (a) formáid na dtaifead dá bhforáiltear
in Airteagal 97(1), in Airteagal 98(1) agus in Airteagal 99(1)
agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 100; (b) coinneáil leictreonach taifead dá
bhforáiltear in Airteagal 97(1), in Airteagal 98(1) agus in Airteagal 99(1)
agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 100; (c) nósanna imeachta maidir le taifid a
choinneáil dá bhforáiltear in Airteagal 97(1), in Airteagal 98(1)
agus in Airteagal 99(1) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 100; Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme
sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Caibidil 2
Ceanglais inrianaitheachta i gcás ainmhithe talún agus táirgí geirmeacha Roinn 1
ainmhithe talún ar coimeád Airteagal 102
An fhreagracht atá ar na Ballstáit maidir le córas a chur ar bun chun ainmhithe
talún ar coimeád a shainaithint agus a chlárú 1. Beidh córas ar bun ag na Ballstáit
le haghaidh ainmhithe talún ar coimeád a shainaithint agus a chlárú, agus, más
cuí, le haghaidh a ngluaiseachtaí a thaifeadadh, agus na nithe seo a leanas á
gcur san áireamh: (a) speiceas nó catagóir ainmhithe talún ar
coimeád; (b) an riosca atá leis an speiceas sin nó
leis an gcatagóir sin. 2. Ar na heilimintí a bheidh sa chóras
dá bhforáiltear i mír 1 beidh: (a) na modhanna lena sainaithneofar ainmhithe
talún ar coimeád ina n‑aonar nó i ngrúpaí; (b) doiciméid aitheantais, doiciméid
ghluaiseachta agus doiciméid eile le haghaidh ainmhithe talún ar coimeád a
shainaithint agus a rianú dá dtagraítear in Airteagal 104; (c) taifid a bheidh cothrom le dáta dá
bhforáiltear in Airteagal 97(1)(a) agus (b); (d) bunachar sonraí ríomhaireachta
d’ainmhithe talún ar coimeád dá bhforáiltear in Airteagal 103(1). 3. Beidh an córas dá bhforáiltear i mír 1
deartha ionas: (a) go n‑áiritheofar go gcuirfear i
bhfeidhm go héifeachtúil cosc galar agus bearta rialaithe dá bhforáiltear sa
Rialachán seo; (b) go n‑éascófar inrianaitheacht
ainmhithe talún ar coimeád agus a ngluaiseachtaí laistigh de na Ballstáit agus
eatarthu agus a dteacht isteach san Aontas; (c) go n‑áiritheofar go mbeidh idir‑inoibríocht,
comhtháthú agus comhoiriúnacht eilimintí an chórais sin éifeachtúil; (d) go n‑áiritheofar go mbeidh an
córas, a mhéid is cuí, oiriúnaithe do na nithe seo a leanas: (i) an córas faisnéise ríomhairithe le
haghaidh fhógairt agus thuairisciú an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 20; (ii) IMSOC; (e) go n‑áiritheofar go mbeidh cur
chuige comhleanúnach ann maidir leis na hainmhithe a chumhdóidh an córas. 4. Féadfaidh na Ballstáit, más cuí: (a) an córas dá bhforáiltear i mír 1 a
úsáid ina iomláine nó cuid de a úsáid chun críoch seachas na críocha dá
dtagraítear i mír 3(a) agus (b); (b) na doiciméid aitheantais, na doiciméid
ghluaiseachta agus doiciméid eile dá dtagraítear in Airteagal 104 a
chomhtháthú le deimhnithe sláinte ainmhithe nó le doiciméid féindearbhúcháin dá
bhforáiltear in Airteagal 140(1) agus (2) agus Airteagal 148(1) i
rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 141(b) agus (c) agus Airteagal 148(3)
agus(4); (c) údarás
eile a ainmniú nó comhalta eile nó duine nádúrtha a údarú an córas
sainaitheanta agus clárúcháin dá bhforáiltear i mír 1 a chur i bhfeidhm i
ngníomh. Airteagal 103
An oibleagáid ar na Ballstáit bunachar sonraí ríomhaireachta ainmhithe
talún ar coimeád a chur ar bun 1. Cuirfidh na Ballstáit ar bun agus
cothabhálfaidh siad bunachar sonraí ríomhaireachta chun na nithe seo a leanas a
thaifeadadh: (a) an fhaisnéis seo a leanas maidir le
hainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach agus den
speiceas gabhair; (i) a n‑aitheantas aonair dá
bhforáiltear in Airteagal 106(a) agus in Airteagal 107(a); (ii) na bunaíochtaí a choimeádann iad; (iii) a ngluaiseachtaí isteach sna
bunaíochtaí agus amach astu; (b) faisnéis maidir le hainmhithe ar coimeád
den speiceas mucach agus na bunaíochtaí a choimeádann iad; (c) an fhaisnéis seo a leanas maidir le hainmhithe
ar coimeád de speicis eachaí: (i) a n‑uimhir beatha aonair dá
bhforáiltear in Airteagal 109(1)(a); (ii) an modh sainaitheanta lena nasctar an t‑ainmní
sin leis an doiciméad aitheantais dá dtagraítear in (iii), más ábhartha; (iii) an uimhir aitheantais dá bhforáiltear
in Airteagal 109(1)(c); (iv) na bunaíochtaí ina mbíonn na hainmhithe
sin ar coimeád; (d) faisnéis maidir le hainmhithe talún ar
coimeád de speicis seachas na speicis dá dtagraítear in (a), in (b) agus in (c)
má fhoráiltear dó sin i rialacha arna nglacadh de bhun mhír 2. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le faisnéis a thaifeadadh i ndáil le speicis ainmhí seachas na speicis
dá dtagraítear i mír 1(a), (b) agus (c) den Airteagal seo sa bhunachar
sonraí ríomhaireachta dá bhforáiltear sa mhír sin más gá, agus na rioscaí atá
leis na speicis sin á gcur san áireamh, chun: (a) a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go
héifeachtúil cosc galar agus bearta rialaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo; (b) inrianaitheacht ainmhithe talún ar
coimeád agus a ngluaiseachtaí laistigh de na Ballstáit agus eatarthu agus a
dteacht isteach san Aontas a éascú; Airteagal 104
An oibleagáid ar an údarás inniúil maidir le doiciméid aitheantais, doiciméid
ghluaiseachta agus doiciméid eile le haghaidh ainmhithe talún ar coimeád a
shainaithint agus a rianú Eiseoidh an t‑údarás inniúil: (a) doiciméid aitheantais d'ainmhithe
talún ar coimeád má cheanglaítear sin le hAirteagail 106(b), 109(c), 112(1)(b)
agus (2)(b), agus le hAirteagal 113(b) agus le rialacha arna nglacadh de
bhun Airteagal 114 agus Airteagal 117; (b) doiciméid ghluaiseachta agus
doiciméid eile le haghaidh ainmhithe talún ar coimeád a shainaithint agus a
rianú, má cheanglaítear sin le hAirteagal 107(b), le hAirteagal 110(b)
nó le hAirteagal 113(b) agus le rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114
agus Airteagal 117. Airteagal 105
Rochtain phoiblí ar fhaisnéis maidir le modhanna sainaitheanta Tabharfaidh an t‑údarás inniúil faisnéis
don Choimisiún agus cuirfidh sé an fhaisnéis sin ar fáil don phobal má
bhaineann sí le: (a) pointí teagmhála do na bunachair
sonraí ríomhaireachta arna gcur ar bun ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 103(1); (b) na húdaráis nó na comhaltaí a bheidh
freagrach as doiciméid aitheantais, doiciméid gluaiseachta agus doiciméid eile
a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 104, agus Airteagal 102(4)(c) á
chur san áireamh; (c) na modhanna sainaitheanta atá le
húsáid le haghaidh gach catagóire agus speicis d’ainmhithe talún ar coimeád i
gcomhréir le hAirteagail 106(a), 107(a), 109(1), 110(a), Airteagal 112(1)(a)
agus (2)(a) agus Airteagal 113(a) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114
agus Airteagal 117; (d) an fhormáid atá leagtha síos le
haghaidh doiciméid aitheantais agus doiciméid eile dá dtagraítear in Airteagal 104
a eisiúint. Airteagal 106
Na hoibleagáidí ar oibreoirí maidir le hainmhithe ar coimeád den speiceas
buaibheach a shainaithint Déanfaidh oibreoirí a choimeádann ainmhithe talún
den speiceas buaibheach: (a) a áirithiú go sainaithneofar go
haonarach na hainmhithe ar coimeád le modh fisiciúil sainaitheanta; (b) a áirithiú go n‑eiseofaidh an t‑údarás
inniúil nó an t‑údarás ainmnithe nó an comhlacht údaraithe doiciméad
aitheantais do na hainmhithe ar coimeád sin ar doiciméad saolré aonair é agus: (i) go gcoinneoidh an t‑oibreoir an
doiciméad sin , go líonfaidh sé i gceart é agus go gcoinneoidh sé cothrom le
dáta é; ii) go ngabhfaidh an doiciméad sin leis na
hainmhithe talún ar coimeád tráth a ngluaiseachta; (c) faisnéis maidir le gluaiseachtaí na n‑ainmhithe
ar coimeád sin a chur ón mbunaíocht sin agus isteach inti a chur isteach sa
bhunachar sonraí ríomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 103(1) agus
sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 agus Airteagal 117. Airteagal 107
Na hoibleagáidí ar oibreoirí maidir le hainmhithe ar coimeád den speiceas
caorach agus den speiceas gabhair a shainaithint Déanfaidh oibreoirí a choimeádann ainmhithe ar
coimeád de na speicis chaorach agus ghabhair: (a) a áirithiú go sainaithneofar go
haonarach na hainmhithe ar coimeád le modh fisiciúil sainaitheanta; (b) a áirithiú go ngabhfaidh doiciméad
gluaiseachta arna líonadh go cruinn a d’eisigh an t‑údarás inniúil i
gcomhréir le hAirteagal 104 leis na hainmhithe ar coimeád tráth a
ngluaiseachta ón mbunaíocht ina gcoimeádtar na hainmhithe sin: (c) faisnéis maidir le gluaiseachtaí na n‑ainmhithe
ar coimeád sin a chur ón mbunaíocht sin agus isteach inti a chur isteach sa
bhunachar sonraí ríomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 103(1) agus
sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 agus Airteagal 117. Airteagal 108
Maoluithe maidir le doiciméid aitheantais agus doiciméid ghluaiseachta
d’ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair De mhaolú ar Airteagal 104, ar Airteagal 106(b)
agus ar Airteagal 107(b), féadfaidh na Ballstáit oibreoirí a dhíolmhú ón
gceanglas lena áirithiú go ngabhfaidh doiciméid aitheantais nó doiciméid
ghluaiseachta le hainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas
caorach agus den speiceas gabhair le linn gluaiseachtaí laistigh den Bhallstát,
ar choinníoll: (a) go bhfuil an fhaisnéis atá sa
doiciméad gluaiseachta nó sa doiciméad aitheantais istigh sa bhunachar sonraí
ríomhaireachta dá bhforáiltear in Airteagal 103(1); (b) go dtugann an córas le haghaidh
ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach agus den
speiceas gabhair leibhéal inrianaitheachta is comhionann leis an leibhéal a
áirithítear leis na doiciméid aitheantais agus leis na doiciméid ghluaiseachta. Airteagal 109
Na hoibleagáidí ar oibreoirí maidir le hainmhithe ar coimeád den speiceas
eachaí a shainaithint 1. Déanfaidh oibreoirí a choimeádann
ainmhithe ar coimeád den speiceas eachaí a áirithiú go sainaithneofar iad go
haonarach leis na nithe seo a leanas: (a) uimhir shaolré aonair arna taifeadadh sa
bhunachar sonraí ríomhaireachta dá bhforáiltear in Airteagal 103(1); (b) modh a nascann go soiléir an t‑ainmhí
ar coimeád agus an doiciméad aitheantais dá bhforáiltear i bpointe (c) den
mhír seo arna eisiúint ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 104; (c) doiciméad aitheantais saolré aonair arna
líonadh i gceart. 2. Déanfaidh oibreoirí ainmhithe ar
coimeád den speiceas eachaí faisnéis maidir le gluaiseachtaí na n‑ainmhithe
talún ar coimeád sin a chur isteach sa bhunachar sonraí ríomhaireachta dá
bhforáiltear in Airteagal 103(1) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114
agus Airteagal 117. Airteagal 110
Na hoibleagáidí ar oibreoirí maidir le hainmhithe ar coimeád den speiceas
mucach a shainaithint Déanfaidh oibreoirí a choimeádann ainmhithe
den speiceas mucach: (a) a áirithiú go sainaithneofar
ainmhithe ar coimeád sin le modh fisiciúil sainaitheanta; (b) a áirithiú go ngabhfaidh doiciméad
gluaiseachta arna líonadh i gceart arna eisiúint ag an údarás inniúil i
gcomhréir le hAirteagal 104 leis na hainmhithe talún ar coimeád tráth a
ngluaiseachta ón mbunaíocht ina gcoimeádtar na hainmhithe sin; (c) faisnéis faoin mbunaíocht ina
gcoimeádtar na hainmhithe sin a chur isteach sa bhunachar sonraí ríomhaireachta
dá dtagraítear in Airteagal 103(1) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun
Airteagal 114 agus Airteagal 117. Airteagal 111
Maoluithe a bhaineann le gluaiseachtaí ainmhithe ar coimeád den speiceas mucach De mhaolú ó Airteagal 110(b), féadfaidh
na Ballstáit oibreoirí a dhíolmhú ón gceanglas atá leagtha síos nach mór a
áirithiú go ngabhfaidh doiciméid ghluaiseachta arna líonadh i gceart a d’eisigh
an t‑údarás inniúil maidir le gluaiseachtaí laistigh den Bhallstát le
hainmhithe ar coimeád den speiceas mucach, ar choinníoll: (a) go bhfuil an fhaisnéis sna doiciméid
ghluaiseachta sin istigh sa bhunachar sonraí ríomhaireachta arna chur ar bun ag
an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 103(1); (b) go dtugann an córas le haghaidh
ainmhithe talún ar coimeád den speiceas mucach a shainaithint agus a chlárú
leibhéal inrianaitheachta is comhionann leis na doiciméid ghluaiseachta sin. Airteagal 112
An oibleagáid ar choimeádaithe peataí a shainaithint agus a chlárú 1. Áiritheoidh coimeádaithe peataí
talún de na speicis atá liostaithe i Roinn A d’Iarscríbhinn I a
aistrítear ó Bhallstát go Ballstát eile: (a) go sainaithneofar iad le modh
sainaitheanta fisiciúil; (b) go ngabhann doiciméad aitheantais leo
arna líonadh agus arna choinneáil cothrom le dáta a d’eisigh an t‑údarás
inniúil i gcomhréir le hAirteagal 104. 2. Áiritheoidh coimeádaithe peataí i
gcás peataí ar coimeád de na speicis atá liostaithe i Roinn B d’Iarscríbhinn I
agus a aistrítear ó Ballstát go Ballstát eile, nuair a cheanglaítear sin le
rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 agus Airteagal 117: (a) go sainaithneofar na hainmhithe talún ar
coimeád, go haonarach nó i ngrúpaí; (b) go ngabhann doiciméad aitheantais,
doiciméid ghluaiseachta nó doiciméid eile le haghaidh ainmhithe a shainaithint
agus a rianú leo arna líonadh agus arna choinneáil cothrom le dáta, de réir mar
is cuí i gcás an speicis ainmhithe lena mbaineann. Airteagal 113
Na hoibleagáidí ar oibreoirí maidir le hainmhithe talún ar coimeád seachas
ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair,
den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus ainmhithe atá ina bpeataí a
shainaithint Áiritheoidh oibreoirí go gcomhlíonfaidh
ainmhithe talún ar coimeád, seachas ainmhithe den speiceas buaibheach, den
speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas
eachaí agus ainmhithe atá ina bpeataí, leis na ceanglais seo a leanas nuair a
cheanglaítear sin leis na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114
agus Airteagal 117: (a) go sainaithneofar iad, go haonarach
nó i ngrúpaí; (b) go ngabhann doiciméad aitheantais,
doiciméid ghluaiseachta nó doiciméid eile le haghaidh ainmhithe a shainaithint
agus a rianú leo arna líonadh agus arna choinneáil cothrom le dáta, de réir mar
is cuí i gcás an speicis ainmhithe lena mbaineann. Airteagal 114
Cumhachtaí a tharmligean maidir le sainaithint agus clárú Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir
leis na nithe seo a leanas: (a) údaráis eile a ainmniú, comhaltaí nó
daoine nádúrtha a údarú dá bhforáiltear in Airteagal 102(4)(c); (b) mioncheanglais maidir leis: (i) an modh sainaitheanta d’ainmhithe talún
ar coimeád dá dtagraítear in Airteagail 106(a), 107(a), 109(1), 110(a), 112(1)(a)
agus (2)(a), agus 113(a); (ii) an modh sainaitheanta sin a chur i
bhfeidhm agus a úsáid; (c) an fhaisnéis atá le bheith: (i) sna bunachair sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 103(1); (ii) sa doiciméad aitheantais d'ainmhithe ar
coimeád den speiceas buaibheach dá bhforáiltear in Airteagal 105(b); (iii) sa doiciméad gluaiseachta d'ainmhithe
ar coimeád den speiceas gabhair agus den speiceas caorach dá bhforáiltear in Airteagal 107(b); (iv) sa doiciméad aitheantais d'ainmhithe ar
coimeád den speiceas eachaí dá bhforáiltear in Airteagal 109(1); (v) sa doiciméad gluaiseachta d'ainmhithe ar
coimeád den speiceas mucach dá bhforáiltear in Airteagal 110(b); (vi) sna doiciméid aitheantais do pheataí
talún dá bhforáiltear in Airteagal 112(1)(b) nó doiciméid aitheantais,
doiciméid ghluaiseachta nó doiciméid eile d'ainmhithe talún atá ina bpeataí dá
bhforáiltear in Airteagal 112(2)(b); (vii) sna doiciméid aitheantais nó doiciméid
ghluaiseachta d’ainmhithe talún ar coimeád seachas ainmhithe den speiceas
buaibheach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach, den speiceas eachaí agus
ainmhithe atá ina bpeataí dá bhforáiltear in Airteagal 113(b); (d) mioncheanglais do speicis éagsúla
agus do chatagóirí éagsúla ainmhithe talún ar coimeád lena áirithiú go n‑oibreoidh
an córas sainaitheanta agus clárúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 102(1)
go héifeachtúil; (e) mioncheanglais d’ainmhithe talún ar
coimeád ar a mbealach isteach san Aontas ó thríú tíortha agus ó thríú críocha; (f) ceanglais sainaitheanta agus chlárúcháin
d’ainmhithe talún ar coimeád atá ina bpeataí de na speicis atá liostaithe i Roinn B
d’Iarscríbhinn I agus ainmhithe talún ar coimeád seachas an speiceas
buaibheach, an speiceas caorach, an speiceas gabhair, an speiceas mucach agus
an speiceas eachaí más gá, agus na rioscaí atá leis an speiceas sin á gcur san
áireamh chun: (i) a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go
héifeachtúil na bearta cosanta galar agus rialaithe dá bhforáiltear sa
Rialachán seo; (ii) inrianaitheacht ainmhithe talún ar
coimeád, a ngluaiseachtaí laistigh de na Ballstáit agus eatarthu agus a dteacht
isteach san Aontas a éascú. Airteagal 115
Cumhachtaí a tharmligean a bhaineann le maoluithe ó na ceanglais
inrianaitheachta Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le
maoluithe d’oibreoirí ó na ceanglais sainaitheanta agus chlárúcháin dá
bhforáiltear in Airteagail 106, 107 agus 109 agus 110: (a) i gcásanna nach gá ceann amháin nó
níos mó de na heilimintí sin chun na ceanglais a chomhlíonadh dá dtagraítear in
Airteagal 102(3)(a) agus (b); (b) i gcás ina ráthaítear le bearta
inrianaitheachta eile ar bun sna Ballstáit nach ndéanfar dochar do leibhéal
inrianaitheachta na n‑ainmhithe lena mbaineann. Airteagal 116
Nithe atá le cur san áireamh agus gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 114
agus in Airteagal 115 á nglacadh Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas
san áireamh agus é ag socrú na rialacha atá le leagan síos sna gníomhartha
tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 114 agus in Airteagal 115: (a) catagóirí agus speicis na n‑ainmhithe
talún ar coimeád; (b) na rioscaí atá leis na hainmhithe
talún ar coimeád sin; (c) líon na n‑ainmhithe sa
bhunaíocht; (d) an cineál táirgthe sna bunaíochtaí
sin ina gcoimeádtar na hainmhithe talún sin; (e) patrúin ghluaiseachta na speiceas
agus na gcatagóirí ainmhithe talún ar coimeád; (f) gnéithe de chosaint agus de
chaomhnú speiceas ainmhithe talún ar coimeád; (g) feidhmíocht eilimintí
inrianaitheachta eile den chóras sainaitheanta agus cláraithe ainmhithe talún
ar coimeád dá dtagraítear in Airteagal 102(2). Airteagal 117
Cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le hinrianaitheacht ainmhithe talún ar
coimeád Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha tarmligthe, rialacha a leagan síos maidir le cur chun feidhme na
gceanglas dá bhforáiltear in Airteagail 106, 107, 109, 110, 112 agus 113
agus na gceanglas arna leagan síos i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de
bhun Airteagal 103(2), Airteagal 114 agus Airteagal 115 a
bhaineann leis na nithe seo a leanas: (a) sonraíochtaí teicniúla, formáidí
agus rialacha oibríochtúla na nithe seo a leanas: (i) modhanna, dóigheanna agus úsáid
sainaitheanta; (ii) an doiciméad gluaiseachta nó an
doiciméad gluaiseachta d’ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas
caorach agus den speiceas gabhair; (iii) an doiciméad aitheantais d'ainmhithe ar
coimeád den speiceas eachaí; (iv) doiciméid aitheantais, ghluaiseachta agus
eile d’ainmhithe talún ar coimeád den speicis seachas an speiceas buaibheach,
an speiceas caorach, an speiceas gabhair agus an speiceas eachaí; (v) bunachair sonraí ríomhaireachta. (b) na spriocamanna maidir leis na nithe
seo a leanas: (i) na hoibreoirí faisnéis a chur isteach sa
bhunachar sonraí ríomhaireachta; (ii) ainmhithe talún ar coimeád a chlárú; (iii) ainmhithe talún ar coimeád a
shainaithint agus marcanna aitheantais a athrú; (c) cur chun faidhme praiticiúil
maoluithe ón tsainaithint agus ón gclárúchán dá bhforáiltear sna rialacha arna
nglacadh de bhun Airteagal 115. Is i gcomhréir leis an nós imeachta
scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2) a ghlacfar na gníomhartha
cur chun feidhme sin. Roinn 2
Táirgí geirmeacha Airteagal 118
Ceanglais inrianaitheachta maidir le táirgí geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád
den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den
speiceas eachaí agus ó éanlaithe chlóis 1. Oibreoirí a tháirgeann, a
phróiseálann nó a stórálann táirgí geirmeacha, marcálfaidh siad táirgí
geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas
gabhair, den speiceas caorach, den speiceas eachaí agus den speiceas mucach
ionas gur féidir iad a rianú go dtí: (a) na hainmhithe bronntacha; (b) an dáta bailiúcháin; (c) na bunaíochtaí táirgí inar bailíodh,
táirgeadh, próiseáladh agus stóráladh iad. 2. Déanfar an mharcáil dá bhforáiltear
i mír 1 ionas go n‑áiritheofar: (a) go gcuirfear chun feidhme go héifeachtúil
na bearta coiscthe galar agus rialaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo; (b) inrianaitheacht na dtáirgí geirmeacha
agus a ngluaiseachtaí laistigh de na Ballstáit agus eatarthu agus a dteacht
isteach san Aontas. Airteagal 119
Cumhacht tarmligthe a bhaineann le ceanglais inrianaitheachta do tháirgí
geirmeacha 1. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na nithe seo a leanas: (a) ceanglais inrianaitheachta do tháirgí
geirmeacha ó ainmhithe talún den speiceas buaibheach, den speiceas gabhair, den
speiceas caorach, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí lena leasaítear
agus lena bhforlíontar na rialacha arna leagan síos in Airteagal 118; (b) ceanglais inrianaitheachta do tháirgí
geirmeacha ó ainmhithe talún de speicis seachas den speiceas buaibheach, den
speiceas gabhair, den speiceas caorach, den speiceas mucach agus den speiceas
eachaí, nuair is gá chun: (i) go gcuirfear chun feidhme go
héifeachtúil na bearta cosanta galar agus rialaithe dá bhforáiltear sa
Rialachán seo; (ii) inrianaitheacht na dtáirgí geirmeacha
sin, a ngluaiseachtaí laistigh de na Ballstáit agus eatarthu agus a dteacht
isteach san Aontas a éascú. 2. Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a
leanas san áireamh agus na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 1
á nglacadh acu: (a) na speicis ainmhithe talún ar coimeád óna
bhfuarthas na táirgí geirmeacha; (b) stádas sláinte na n‑ainmhithe
bronntacha; (c) an riosca atá leis na táirgí geirmeacha
sin; (d) cineál na dtáirgí geirmeacha; (e) cineál an bhailiúcháin, na próiseála nó
na stórála; (f) patrúin ghluaiseachta na speiceas agus
na gcatagóirí ainmhithe talún ar coimeád agus a dtáirgí geirmeacha; (g) gnéithe de chosaint agus de chaomhnú
speiceas ainmhithe talún ar coimeád; (h) nithe eile ab fhéidir a d'fheabhsódh
inrianaitheacht táirgí geirmeacha. Airteagal 120
Cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le ceanglais inrianaitheachta do
tháirgí geirmeacha Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le: (a) ceanglais theicniúla agus
sonraíochtaí maidir le marcáil dá bhforáiltear in Airteagal 118(1); (b) ceanglais oibríochtúla maidir leis
na ceanglais inrianaitheachta dá bhforáiltear i ngníomhartha tarmligthe arna
nglacadh de bhun Airteagal 119(1). Is i gcomhréir leis an nós imeachta
scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2) a ghlacfar na gníomhartha
cur chun feidhme sin. Caibidil 3
Gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád seachas ainmhithe talún atá ina
bpeataí laistigh den Aontas Roinn 1
Ceanglais ghinearálta maidir le gluaiseachtaí Airteagal 121
Ceanglais ghinearálta maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád 1. Déanfaidh oibreoirí bearta
coisctheacha cuí lena áirithiú nach gcuirfidh gluaiseacht ainmhithe talún ar
coimeád an stádas sláinte ag an gceann scríbe maidir leis na nithe seo a
leanas: (a) na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d); (b) galair atá ag teacht chun cinn. 2. Ní dhéanfaidh oibreoirí ainmhithe a
aistriú ón mbunaíocht ná a ghlacadh isteach ach i gcás ina gcomhlíonann siad na
coinníollacha seo a leanas: (a) go dtagann siad ó bhunaíochtaí: (i) a chuir an t‑údarás inniúil
isteach sa chlár bunaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 88(a) agus nár thug
an Ballstát tionscnaimh aon mhaolú i gcomhréir le hAirteagal 83; (ii) a d’fhormheas an t‑údarás inniúil
gcomhréir le hAirteagal 92(1) má cheanglaítear sin le hAirteagal 89(1)
nó le hAirteagal 90; (b) go gcomhlíonann siad ceanglais
sainaitheanta agus chlárúcháin 106, 107, 109, 110 agus 113 agus le rialacha
arna nglacadh de bhun Airteagal 114 (a) go dtí (d) agus le hAirteagal 117. Airteagal 122
Bearta coiscthe galar maidir le hiompar 1. Déanfaidh oibreoirí na bearta
cosanta is cuí agus is gá lena áirithiú: (a) nach gcuirfear i gcontúirt stádas sláinte
ainmhithe talún ar coimeád le linn a n‑iompair; (b) nach cúis iad oibríochtaí iompair
ainmhithe talún ar coimeád le leathadh féideartha galar liostaithe dá
dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) go dtí daoine agus ainmhithe ag áiteanna
cruinnithe, scíthe agus ag cinn scríbe; (c) go ndéanfar bearta maidir le glanadh,
díghalrú, dímhíolú trealaimh agus modhanna iompair agus bearta eile bithshlándála
leordhóthanacha, de réir mar a oireann do na rioscaí atá leis an iompar. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le: (a) glanadh, díghalrú agus dímhíolú trealaimh
agus modhanna iompair agus úsáid táirgí bithicíde chun na gcríoch sin; (b) bearta bithshlándála eile dá bhforáiltear
i mír 1(c). Roinn 2
Gluaiseachtaí idir na Ballstáit Airteagal 123
Ceanglais ghinearálta maidir le gluaiseacht ainmhithe talún ar coimeád 1. Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe
talún ar coimeád ar bun acu go Ballstát ach má chomhlíonann siad na
coinníollacha seo a leanas: (a) gur tháinig siad as bunaíocht: (i) nach raibh aon bhás mínormálta nó
comharthaí sóirt galair inti nár fionnadh cad ba chúis leo; (ii) nach bhfuil faoi réir srianta
gluaiseachta maidir leis an speiceas atá le haistriú i gcomhréir leis na
rialacha atá leagtha síos in Airteagail 55(1)(d), 61(1)(a), 62, 65(1)(c), 74(1),
Airteagal 78(1) agus (2) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagail 55(2)(d),
Airteagal 63, Airteagal 67, Airteagal 71(3), Airteagal 74(3),
Airteagal 79 agus Airteagal 81(2) nó sna bearta éigeandála dá
bhforáiltear in Airteagal 246 agus in Airteagal 247 agus i rialacha
arna nglacadh de bhun Airteagal 248 murar tugadh maoluithe maidir le
srianta gluaiseachta i gcomhréir leis na rialacha sin; (iii) nach bhfuil lonnaithe i gcrios srianta
i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos in Airteagal 55(1)(f)(ii),
in Airteagal 64, in Airteagal 65, in Airteagal 74(1), in Airteagal 78
agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagail 67, 71(3), 74(3), 79 agus
in Airteagal 81(2) nó sna bearta éigeandála dá bhforáiltear in Airteagal 246
agus in Airteagal 247 agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 248
murar tugadh maoluithe i gcomhréir leis na rialacha sin; (b) nach raibh siad i dteagmháil le
hainmhithe talún ar coimeád faoi réir srianta gluaiseachta dá dtagraítear i
bpointe (a)(ii) agus i bpointe (iii) nó le hainmhithe talún ar coimeád de
speiceas liostaithe de stádas sláinte níos ísle, le linn tréimhse ama
leordhóthanaí, roimh dháta na gluaiseachta atá beartaithe go Ballstát eile,
ionas gur íoslaghdaíodh an fhéidearthacht go leathfaí galar, agus na nithe seo
a leanas á gcur san áireamh: (i) tréimhse goir agus bealaí tarchurtha na
ngalar liostaithe agus na ngalar atá ag teacht chun cinn; (ii) cineál na bunaíochta; (iii) catagóirí speicis agus ainmhithe talún
a aistríodh; (iv) sonraí eipidéimeolaíocha eile; (c) go gcomhlíonann na ceanglais ábhartha dá
bhforáiltear i Roinn 3 agus i Roinn 8. 2. Glacfaidh siad na bearta uile is gá lena
áirithiú go seachadfar ainmhithe talún ar coimeád arna n_aistriú go
Ballstát eile go díreach go dtí a gceann scríbe deiridh i mBallstát eile mura
gá go stadfaidh siad ag láthair scíthe ar chúiseanna a bhaineann le leas
ainmhithe. Airteagal 124
Na hoibleagáidí ar oibreoirí ag an gceann scríbe 1. Déanfaidh oibreoirí bunaíochtaí agus
seamlas a ghlacann le hainmhithe talún ar coimeád ó Ballstát eile: (a) a sheiceáil: (i) go bhfuil an modh aitheantais dá
bhforáiltear in Airteagail 106(a), 107(a), 109(1), 110(a), 113(a) agus i
rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 agus Airteagal 117 le
feiceáil ann; (ii) go bhfuil na doiciméid aitheantais dá
bhforáiltear in Airteagail 106(b), 107(b), 109(1)(c), 113(b) agus sna
rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 agus Airteagal 117 le
feiceáil ann; (b) a sheiceáil go bhfuil na deimhnithe
sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 140 agus i rialacha arna
nglacadh de bhun Airteagal 141(b) agus (c) nó na doiciméid
féindearbhúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 148 agus sna rialacha arna
nglacadh de bhun Airteagal 148(2) le feiceáil ann; (c) an t‑údarás inniúil a chur ar an
eolas faoi aon mhírialtacht maidir leis na nithe seo a leanas: (i) na hainmhithe talún ar coimeád a fuarthas; (ii) an modh aitheantais a bheith le
feiceáil ann mar a dtagraítear dó i bpointe (a)(i); (iii) na doiciméid dá dtagraítear i
bpointe (a)(ii) agus (b). 2. Má bhíonn aon mhírialtacht ann dá
dtagraítear i mír 1(c), leithliseoidh an t‑oibreoir na
hainmhithe a mbaineann an mhírialtacht sin leo go dtí go mbeidh cinneadh déanta
ag an údarás inniúil ina leith. Airteagal 125
Cosc ar ghluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád idir na Ballstáit Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe talún ar
coimeád go Ballstát eile, mura dtabharfaidh an Ballstát cinn scríbe údarú
soiléir sula ndéanfar an ghluaiseacht i gcás ainmnithe a bhfuil sé beartaithe
go marófar chun críocha díothaithe iad galair mar chuid de chlár díothaithe dá
bhforáiltear in Airteagal 30(1),(2) agus (3). Airteagal 126
Ceanglais ginearálta ar oibreoirí maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar
coimeád ar idirthuras trí Bhallstáit agus nach bhfuil beartaithe iad a
onnmhairiú as an Aontas go tríú tíortha nó críocha Áiritheoidh oibreoirí go gcomhlíonann
ainmhithe talún ar coimeád a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú go tríú tír
nó go tríú críoch agus atá ag dul trí chríoch Ballstáit eile na ceanglais atá
leagtha síos in Airteagail 121, 122, 123 agus 125. Roinn 3
Ceanglais shonracha maidir le gluaiseachtaí crúbach agus éanlaithe clóis go
Ballstáit eile Airteagal 127
Gluaiseacht crúbach agus éanlaithe clóis go Ballstáit eile Ní aistreoidh oibreoirí crúbaigh agus éanlaith
chlóis ó bhunaíocht i mBallstáit amháin go Ballstáit eile ach má chomhlíonann
siad na coinníollacha seo a leanas maidir le galair liostaithe dá dtagraítear
in Airteagal 8(1)(d): (a) nach bhfuil comharthaí sóirt
cliniciúla nó comharthaí de na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d),
tráth a ngluaiseachta; (b) gur chomhlíon siad tréimhse
chónaithe atá oiriúnach do ghalair liostaithe, agus speiceas nó catagóir
crúbach nó éanlaithe clóis atá le gluaiseacht á gcur san áireamh; (c) le tréimhse ama atá oiriúnach do na
galair liostaithe sin agus do speiceas agus do chatagóir na gcrúbach nó na
héanlaithe clóis atá le gluaiseacht, nár tugadh isteach aon chrúbaigh nó aon
éanlaith chlóis sa bhunaíocht tionscnaimh; (d) nach bhfuil riosca suntasach leo
maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin go dtí ainmhithe ag an gceann
scríbe. Airteagal 128
Cumhachtaí maidir le gluaiseacht crúbach agus éanlaithe clóis a tharmligean do
Bhallstáit eile 1. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis an méid seo a leanas: (a) tréimhsí cónaithe dá bhforáiltear in Airteagal 127(b); (b) an tréimhse ama is gá chun teorainn a
chur le tabhairt isteach crúbach nó éanlaithe clóis i mbunaíochtaí roimh
ghluaiseacht dá bhforáiltear in Airteagal 127(c). (c) ceanglais bhreise lena áirithiú nach
bhfuil riosca suntasach leis na crúbaigh nó leis an éanlaith chlóis maidir le
leathadh galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d), dá
bhforáiltear in Airteagal 127(d); (d) bearta laghdaithe riosca éagsúla lena
leasaítear agus lena bhforlíontar na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 127. 2. Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a
leanas san áireamh, agus na rialacha á socrú acu atá le leagan síos sna
gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 1: (a) na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d)
atá oiriúnach do speicis liostaithe nó do chatagóir na gcrúbach nó na
héanlaithe clóis atá le gluaiseacht; (b) an stádas sláinte maidir le galair
liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) ag na bunaíochtaí, ag na
deighleoga, ag na criosanna agus sna Ballstáit tionscnaimh agus chinn scríbe; (c) cineál na bunaíochta agus cineál an
táirgthe ag na háiteanna tionscnaimh agus cinn scríbe; (d) cineál na gluaiseachta; (e) catagóirí agus speicis na gcrúbach agus
na héanlaithe clóis atá le haistriú; (f) aois na gcrúbach ar coimeád agus na
héanlaithe clóis ar coimeád atá le haistriú; (g) sonraí eipidéimeolaíocha eile. Airteagal 129
Crúbaigh agus éanlaith chlóis a aistríodh go Ballstáit eile agus atá beartaithe
a mharú 1. Ní mór d’oibreoirí na seamlais a
fhaigheann crúbaigh agus éanlaith chlóis ó Bhallstát eile na hainmhithe sin a
mharú a luaithe is féidir i ndiaidh dóibh teacht agus ar a dhéanaí laistigh de
thréimhse ama atá le leagan síos i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de
bhun mhír 2. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
i ndáil leis na ceanglais dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo. Roinn 4
Oibríochtaí cruinnithe i gcás crúbach agus éanlaithe clóis ar coimeád Airteagal 130
Maolú maidir le hoibríochtaí cruinnithe 1. De mhaolú ar Airteagal 123(2),
féadfaidh oibreoirí oibríocht chruinnithe a chur ar chrúbaigh agus ar éanlaith
chlóis (a) uair amháin sa Bhallstát tionscnaimh; (b) uair amháin sa Bhallstát trasnaithe; (c) uair amháin sa Bhallstát cinn scríbe; 2. Ní dhéanfar na hoibríochtaí
cruinnithe dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo ach i mbunaíocht arna
formheas chun na críche sin i gcomhréir le hAirteagal 92(1) agus le hAirteagal 94(3)
agus (4). Thairis sin, féadfaidh an Ballstát
tionscnaimh oibríochtaí cruinnithe a cheadú ina gcríoch má dhéantar iad ar
mhodh iompair lena gcruinnítear crúbaigh agus éanlaith chlóis ar coimeád go
díreach óna mbunaíochtaí tionscnaimh, ar choinníoll nach ndíluchtófar iad arís
i ndiaidh na n‑oibríochtaí sin roimh: (a) dóibh a mbunaíocht nó a gceann scríbe
deiridh a bhaint amach; nó (b) oibríocht chruinnithe dá bhforáiltear i mír 1(b)
agus (c). Airteagal 131
Ceanglais maidir le galair a chosc d’oibríochtaí cruinnithe Áiritheoidh oibreoirí a dhéanann oibríochtaí
cruinnithe: (a) go bhfuil an stádas sláinte céanna
ag na crúbaigh agus ag an éanlaith chlóis ar coimeád arna gcruinniú, nó mura
bhfuil, go mbeidh an stádas sláinte is ísle i bhfeidhm ar na hainmhithe sin
uile arna gcruinniú; (b) go cruinneofar agus go n‑aistreofar
na crúbaigh agus an éanlaith ar coimeád go dtí a gceann scríbe deiridh i
mBallstát eile a luaithe agus is féidir i ndiaidh dóibh a mbunaíocht
tionscnaimh a fhágáil, agus laistigh de thréimhse atá le leagan síos i
ngníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 132(c) ar a dhéanaí; (c) go ndéanfar na bearta bithshlándála
is gá lena áirithiú i leith na gcrúbach agus na héanlaithe clóis arna
gcruinniú: (i) nach ndéanfaidh siad teagmháil le
crúbaigh nó le héanlaith chlóis a bhfuil stádas sláinte níos ísle acu; (ii) nach bhfuil riosca suntasach leo maidir
le leathadh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) go
dtí na crúbaigh agus an éanlaith chlóis ar coimeád ag áit na hoibríochta
cruinnithe; (d) go sainaithneofar na crúbaigh nó an
éanlaith chlóis ar coimeád agus, má cheanglaítear sin, go bhfuil na doiciméid
seo a leanas ag gabháil leo: (i) na doiciméid aitheantais agus
chlárúcháin, má fhoráiltear dóibh in Airteagal 106(b), 107(b), 109(c), 110(b),
113(b) agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 agus Airteagal 117
mura bhforáiltear do mhaoluithe de réir Airteagal 115. (ii) na deimhnithe sláinte ainmhithe, má
fhoráiltear dóibh in Airteagal 140 agus in Airteagal 141(c) mura
bhforáiltear do mhaoluithe sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 141(a); (iii) an doiciméad féindearbhúcháin má fhoráiltear
dó in Airteagal 148. Airteagal 132
Cumhachtaí a tharmligean maidir le hoibríochtaí cruinnithe Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir
leis an méid seo a leanas: (a) rialacha sonracha maidir le
hoibríochtaí cruinnithe, má tá bearta eile laghdaithe riosca, sa bhreis ar na
bearta lena bhforáiltear i d'Airteagal 131(b) agus (c), ar bun; (b) critéir lena bhféadfaidh Ballstáit
tionscnaimh a cheadú go ndéanfar oibríochtaí cruinnithe ar mhodh iompair dá
bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal 130(2); (c) an tréimhse idir am imeachta na
gcrúbach nó na héanlaithe ar coimeád óna mbunaíocht tionscnaimh agus am a n‑imeachta
go dtí an mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 131(b); (d) bearta bithshlándála dá bhforáiltear
in Airteagal 131(c). Roinn 5
Gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád seachas crúbaigh agus éanlaith chlóis
ar coimeád go Ballstáit eile Airteagal 133
Gluaiseacht ainmhithe talún ar coimeád seachas crúbaigh agus éanlaith chlóis ar
coimeád go Ballstáit eile agus gníomhartha tarmligthe 1. Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe
talún ar coimeád seachas crúbaigh agus éanlaith chlóis ó bhunaíocht i mBallstát
go Ballstát eile ach mura mbeidh riosca leo maidir le galair liostaithe dá
dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) a leathadh go hainmhithe ag an gceann
scríbe. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le rialacha mionsonraithe lena áirithiú nach bhfuil riosca le ainmhithe
talún ar coimeád seachas crúbaigh agus éanlaithe clóis maidir le galair
liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) a leathadh dá bhforáiltear
i mír 1 den Airteagal seo. 3. Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a
leanas san áireamh, agus na rialacha á socrú acu atá le leagan síos sna
gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 2: (a) na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d)
atá oiriúnach do speicis liostaithe nó do chatagóir na n‑ainmhithe talún
ar coimeád atá le haistriú; (b) an stádas sláinte maidir leis na galair
liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) ag na bunaíochtaí, ag na
deighleoga, ag na criosanna agus sna Ballstáit tionscnaimh agus na cinn scríbe; (c) na cineálacha bunaíochta agus na
cineálacha táirgthe ag na háiteanna tionscnaimh agus cinn scríbe; (d) na cineálacha gluaiseachta maidir le
húsáid deiridh na n‑ainmhithe ag an gceann scríbe; (e) speicis agus catagóirí ainmhithe talún a
aistríodh; (f) aois na n‑ainmhithe talún ar
coimeád atá le haistriú; (g) sonraí eipidéimeolaíocha eile. Roinn 6
Lena maolaítear agus lena bhforlíontar bearta laghdaithe riosca Airteagal 134
Ainmhithe a bhfuil sé beartaithe iad a chur i mbunaíochtaí comhdhúnta 1. Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe
talún go bunaíocht chomhdhúnta ach má chomhlíonann siad na coinníollacha seo a
leanas: (a) go bhfuil siad de thionscnamh bunaíochta
comhdhúnta eile; (b) nach bhfuil riosca suntasach leo maidir
le galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) a leathadh go dtí
speicis nó catagóirí liostaithe ainmhithe sa bhunaíocht chomhdhúnta chinn
scríbe, ach amháin i gcás ina bhfuil an ghluaiseacht sin ceadaithe chun críoch
eolaíoch. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na nithe seo a leanas: (a) ceanglais mhionsonraithe maidir le
gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád isteach i mbunaíochtaí comhdhúnta sa
bhreis ar na ceanglais dá bhforáiltear san mír 1 den Airteagal seo (b) rialacha sonracha maidir le gluaiseachtaí
ainmhithe talún ar coimeád isteach i mbunaíochtaí i gcás ina ráthaítear le
bearta laghdaithe riosca atá ar bun nach bhfuil riosca suntasach maidir le
sláinte ainmhithe talún ar coimeád laistigh den bhunaíocht agus de bhunaíochtaí
thart uirthi. Airteagal 135
Maoluithe do ghluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád chun críoch eolaíoch
agus cumhacht a tharmligean 1. Féadfaidh údarás inniúil an chinn
scríbe, má thoilíonn údarás inniúil na háite tionscnaimh leis, gluaiseachtaí
ainmhithe talún ar coimeád isteach ina gcríoch chun críoch eolaíoch nach
gcomhlíonann ceanglais Ranna 1 go dtí 5, seachas Airteagal 121 agus Airteagal 122,
, Airteagal 123(1)(a)(ii) agus Airteagal 124 a údarú. 2. Ní thabharfaidh na húdaráis inniúla
maoluithe dá bhforáiltear i mír 1 ach ar na coinníollacha seo a leanas: (a) go bhfuil an méid seo a leanas déanta ag
údaráis inniúla na háite tionscnaimh agus an chinn scríbe: (i) d'aontaigh siad maidir le coinníollacha
na gluaiseachta sin; (ii) rinne siad na bearta laghdaithe riosca
is gá chun a áirithiú nach gcuirfidh gluaiseachtaí na n‑ainmhithe sin
stádas sláinte na n‑áiteanna ar an mbealach agus ag an gceann scríbe i gcontúirt
maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d); (iii) thug siad fógra d’údarás inniúil na
mBallstát trasnaithe maidir leis an maolú a tugadh agus na coinníollacha ar a
bhfuil sé tugtha; (b) go bhfuil gluaiseachtaí na n‑ainmhithe
sin faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na n‑áiteanna tionscnaimh agus cinn
scríbe, agus, más ábhartha, údarás inniúil an Bhallstáit trasnaithe. 3. Tabharfadh de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
a bhaineann le leasú agus forlíonadh a dhéanamh na rialacha maidir le húdaráis
inniúla maoluithe a thabhairt dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal
seo. Airteagal 136
Maoluithe a bhaineann le húsáid áineasa, le himeachtaí spóirt agus cultúrtha,
le hinnilt agus le hobair gar do theorainneacha 1. Féadfaidh údarás inniúil an chinn
scríbe maoluithe a thabhairt ó cheanglais Ranna 2 agus 5, seachas Airteagal 123(a)
agus (b) agus Airteagal 124 agus Airteagal 125, maidir le
gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád idir na Ballstáit laistigh den Aontas
i gcás inarb iad cuspóirí na ngluaiseachtaí sin: (a) úsáid áineasa gar do theorainneacha; (b) taispeántais, agus imeachtaí spóirt,
imeachtaí cultúrtha agus imeachtaí eile den chineál céanna a reáchtáiltear gar
do theorainneacha; (c) innilt ainmhithe talún ar coimeád i
limistéir innilte a chomhroinneann Ballstáit le chéile; (d) obair ainmhithe talún ar coimeád gar do
theorainneacha Ballstát. 2. Déanfaidh na Ballstáit comhaontú
maidir le húdarás inniúil an chinn scríbe maoluithe a thabhairt maidir le
gluaiseachtaí dá dtagraítear i mír 1 agus déanfar bearta laghdaithe riosca
cuí chun a áirithiú nach bhfuil riosca suntasach leis na gluaiseachtaí sin. 3. Cuirfidh na Ballstáit dá dtagraítear
i mír 2 an Coimisiún ar an eolas faoi thabhairt maoluithe dá dtagraítear i
mír 1. 4. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na rialacha maidir le maolú an údaráis inniúla ag an gceann scríbe
a leasú agus a fhorlíonadh, dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo. Airteagal 137
Cumhacht a tharmligean maidir le maoluithe a bhaineann le sorcais,
taispeántais, imeachtaí spóirt agus úsáid áineasa, zúnna, mórdhíoltóirí do
shiopaí peataí agus éin i mbroid Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 252 maidir le maoluithe ó
Ranna 2 go dtí 5 i sorcais, i zúnna, in ionaid dídine ainmhithe agus in
ionaid mhórdhíola; le haghaidh taispeántas agus imeachtaí spóirt, cultúrtha
agus imeachtaí eile den chineál sin seachas Airteagal 123(a) agus (b),
agus Airteagal 124 agus Airteagal 124 maidir le ceanglais shonracha
maoluithe den chineál sin agus lena bhforlíontar na rialacha arna leagan síos i
Ranna 2 go dtí 5 maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád: Airteagal 138
Cumhacht cur chun feidhme i gcás maoluithe sealadacha maidir le gluaiseachtaí
speiceas sonracha nó catagóirí ainmhithe talún ar coimeád Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le maoluithe
sealadacha ó na rialacha atá leagtha síos sa Chaibidil seo maidir le
gluaiseachtaí speiceas sonrach nó catagóirí sonracha ainmhithe talún ar coimeád
sna cásanna seo a leanas: (a) nach laghdaítear go héifeachtach
leis na ceanglais ghluaiseachta dá bhforáiltear, in Airteagal 127, in Airteagal 129(1),
in Airteagal 130 agus in Airteagal 131, in Airteagal 133(1), in Airteagal 134(1)
agus in Airteagal 135(1) agus (2) agus in Airteagal 136 agus sna
rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 128(1) agus Airteagal 129(2),
Airteagal 132, Airteagal 133(2), Airteagal 134(2), Airteagal 135(3)
agus Airteagal 136(4) agus Airteagal 137, na rioscaí atá le
gluaiseacht na n‑ainmhithe sin; nó (b) gur cosúil go bhfuil an galar
liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) á leathadh d’ainneoin na
gceanglas arna leagan síos i gcomhréir le Ranna 1 go dtí 6. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme
sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Ar mhórchúiseanna práinne ar tugadh bonn cirt
cuí leo a bhaineann le riosca tionchair shárshuntasaigh a bheith le galar agus
na nithe dá dtagraítear in Airteagal 139, glacfaidh an Coimisiún
láithreach gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach i gcomhréir
leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 255(3). Airteagal 139
Nithe le cur san áireamh agus gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme á
nglacadh dá bhforáiltear sa Roinn seo Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas
san áireamh agus é ag socrú na rialacha atá le leagan síos sna gníomhartha
tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 134(2), 135(3),136(4), 137 agus 138: (a) na rioscaí atá le gluaiseachtaí dá
dtagraítear sna forálacha sin; (b) an stádas sláinte maidir leis na
galair sin ag na háiteanna tionscnaimh agus ag an gceann scríbe dá dtagraítear
in Airteagal 8(1)(d); (c) speicis ainmhithe liostaithe a
bhaineann leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d); (d) bearta bithshlándála atá ar bun ag
na háiteanna tionscnaimh, ag na cinn scríbe agus ar an mbealach; (e) aon choinníollacha sonracha faoina
gcoimeádtar ainmhithe talún ar coimeád; (f) patrúin ghluaiseachta shonracha a
bhaineann le cineál na bunaíochta agus le speiceas agus catagóir na n‑ainmhithe
talún ar coimeád lena mbaineann; (g) fachtóirí eipidéimeolaíocha
eile. Roinn 7
Deimhniú sláinte ainmhithe Airteagal 140
An oibleagáid ar oibreoirí a áirithiú go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe
le hainmhithe 1. Ní aistreoidh oibreoirí na speicis
agus na catagóirí ainmhithe talún ar coimeád go Ballstát eile ach má ghabhann
deimhniú sláinte ainmhithe leo arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit
tionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 146(1): (a) crúbaigh; (b) éanlaith chlóis, (c) ainmhithe talún ar coimeád seachas
crúbaigh agus éanlaith chlóis, a bhfuil sé beartaithe iad a chur i mbunaíocht
chomhdhúnta; (d) ainmhithe talún ar coimeád seachas na
hainmhithe dá dtagraítear i bpointí (a),(b) agus (c) den mhír seo, má cheanglaítear
sin i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun
phointe (c) d'Airteagal 141(1). 2. Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe
talún ar coimeád laistigh de Bhallstát nó ó Bhallstát go Ballstát eile mura
ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe leo arna eisiúint ag údarás inniúil an
Bhallstáit tionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 146(1), i gcás ina
gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i
bpointe (b) mar a leanas: (a) go mbeidh cead ag na hainmhithe talún ar
coimeád crios srianta a fhágáil dá bhforáiltear in Airteagal 55(1)(f)(ii),
Airteagal 56 agus Airteagal 64(1) agus atá faoi réir beart rialaithe
galar dá bhforáiltear in Airteagal 55(1), in Airteagal 65(1), in Airteagal 74(1)
nó in Airteagal 78(1) agus (2) nó i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 67,
Airteagal 71(3) agus Airteagal 74(3), Airteagal 79, Airteagal 81(3)
nó Airteagal 248; (b) go bhfuil na hainmhithe talún ar coimeád
faoi réir na mbeart rialaithe galar sin. 3. Déanfaidh oibreoirí gach beart is gá
chun a áirithiú go ngabhfaidh an deimhniú sláinte ainmhithe leis na hainmhithe
talún ar coimeád óna n‑áit tionscnaimh go dtí a gceann scríbe deiridh,
mura bhforáilfear do bhearta sonracha sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 144. Airteagal 141
Cumhachtaí a tharmligean maidir leis an oibleagáid ar oibreoirí a áirithiú go
ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe le hainmhithe 1. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na nithe seo a leanas: (a) maoluithe ó na ceanglais maidir leis an
deimhniú sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 140(1) maidir le
gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád nach bhfuil riosca suntasach leo i
leith leata galair de dheasca na nithe seo a leanas: (i) catagóirí nó speicis na n‑ainmhithe
talún ar coimeád atá á n‑aistriú agus na galair liostaithe dá dtagraítear
in Airteagal 8(1)(d) ina bhfuil siad luaite mar speicis liostaithe; (ii) modhanna coimeádta agus cineál táirgthe
na speiceas sin agus catagóirí na n‑ainmhithe talún ar coimeád; (iii) an úsáid atá beartaithe i leith na n‑ainmhithe
talún ar coimeád; (iv) ceann scríbe na n‑ainmhithe talún
ar coimeád; nó (b) rialacha ar leith maidir le sláinte
ainmnithe a dheimhniú dá bhforáiltear in Airteagal 140(1) i gcás ina
ndéanfaidh an t‑údarás inniúil bearta laghdaithe riosca sonracha maidir
le faireachas nó bithshlándáil, agus na nithe dá bhforáiltear i mír 2,
lena n‑áirithítear: (i) inrianaitheacht na n‑ainmhithe
talún ar coimeád atá á n‑aistriú; (ii) go gcomhlíonann na hainmhithe talún ar
coimeád atá á n‑aistriú coinníollacha maidir le sláinte ainmhithe dá
bhforáiltear i Ranna 1 go dtí 6; (c) an ceanglas go ndéanfar sláinte ainmhithe
a dheimhniú maidir le gluaiseachtaí speiceas agus catagóirí ainmhithe talún ar
coimeád seachas na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 140(1)(a)(b) agus
(c) i gcásanna ina bhfuil deimhniú sláinte ainmhithe ríthábhachtach chun a
áirithiú go gcomhlíonann an ghluaiseacht lena mbaineann na ceanglais
ghluaiseachta atá leagtha síos i Ranna 1 go dtí 6. 2. Agus é ag socrú rialacha ar leith dá
bhforáiltear i mír 1(b), cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas san
áireamh: (a) muinín an údaráis inniúil as an
mbithshlándáil arna cur ar bun ag oibreoirí dá bhforáiltear in Airteagal 9(1)(b)
agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 9(2); (b) a ábalta atá an t‑údarás inniúil
bearta a ghlacadh atá leagtha síos sa Rialachán seo dá bhforáiltear in Airteagal 12(1); (c) leibhéal an bhuneolais arna fháil ar
shláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 10 agus an tacaíocht dá
bhforáiltear in Airteagal 12(2); (d) feidhmíocht na gcuairteanna sláinte
ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 23 agus rialacha arna nglacadh de
bhun Airteagal 24, i gcás nach bhfuil faireachas ábhartha, scéimeanna
áirithithe cáilíochta nó rialuithe oifigiúla eile dá dtagraítear in Airteagal 23(1)(c)
ar bun; (e) feidhmíocht thabhairt fógraí agus thuairisciú
an Aontais dá bhforáiltear in Airteagail 17 go dtí 20 agus na rialacha dá
bhforáiltear in Airteagal 17(3) agus in Airteagal 18(3) agus in Airteagal 21
mar a dhéanann an t‑údarás inniúil iad; (f) cur chun feidhme faireachais dá
bhforáiltear in Airteagal 25 agus cláir faireachais dá bhforáiltear in Airteagal 27
agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 28 agus Airteagal 29. 3. Cuirfidh an Coimisiún na nithe dá
dtagraítear i mír 1(a)(i) go dtí (iv) san áireamh agus é ag socrú na
gceanglas maidir le deimhniú sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i mír (1)(c)
den Airteagal seo. Airteagal 142
Ábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe 1. Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa
deimhniú sláinte ainmhithe: (a) an bhunaíocht nó an áit tionscnaimh, an
bhunaíocht chinn scríbe nó an ceann scríbe agus, más ábhartha, bunaíochta le
haghaidh oibríochtaí cruinnithe nó tréimhsí scíthe na n‑ainmhithe talún
ar coimeád; (b) tuairisc ar ainmhithe talún ar coimeád; (c) líon na n‑ainmhithe talún ar
coimeád; (d) sainaithint agus clárú na n‑ainmhithe
talún ar coimeád, má cheanglaítear sin in Airteagail 106, 107, 109, 110
agus 113 agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 agus 117, mura
bhforáiltear do mhaoluithe i gcomhréir le hAirteagal 115; agus (e) an fhaisnéis is gá chun a léiriú go
gcomhlíonann na hainmhithe talún ar coimeád na ceanglais ghluaiseachta ábhartha
dá bhforáiltear i Ranna 1 go dtí 6. 2. Féadfar go mbeidh faisnéis eile sa
deimhniú sláinte ainmhithe, má cheanglaítear sin i reachtaíocht eile de chuid
an Aontais . Airteagal 143
Cumhachtaí a tharmligean agus gníomhartha cur chun feidhme maidir le hábhar na
ndeimhnithe sláinte ainmhithe 1. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na nithe seo a leanas: (a) rialacha mionsonraithe maidir le hábhar
na ndeimhnithe sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 142(1)
maidir le catagóirí agus speicis éagsúla ainmhithe talún ar coimeád agus maidir
le cásanna sonracha dá bhforáiltear sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 144; (b) faisnéis bhreise atá le bheith sa
deimhniú sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 142(1). 2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme , rialacha a leagan síos maidir le foirmeacha
samplacha de dheimhnithe sláinte ainmhithe. Glacfar na gníomhartha cur
chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin
dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Airteagal 144
Cumhachtaí a tharmligean maidir le cineálacha sonracha gluaiseachtaí ainmhithe
talún ar coimeád Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le
bearta sonracha lena bhforlíontar an oibleagáid ar oibreoirí a áirithiú go
ngabhann deimhniú sláinte ainmhithe le hainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 140
agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 141 maidir leis na
cineálacha gluaiseachta ainmhithe talún ar coimeád seo a leanas: (a) gluaiseachtaí crúbach agus éanlaithe
clóis ar coimeád ar a mbealach trí na hoibríochtaí cruinnithe dá bhforáiltear
in Airteagal 130 roimh dóibh a gceann scríbe deiridh a shroicheadh; (b) gluaiseachtaí ainmhithe talún ar
coimeád nach bhféadfaidh leanúint dá mbealach do dtí a gceann scríbe deiridh
agus nach mór iad a fhilleadh ar a n‑áit tionscnaimh nó a ghluaiseacht
chuig ceann scríbe eile, ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna seo a
leanas: (i) gur cuireadh isteach gan choinne ar an
mbealach a bhí beartaithe dóibh ar chúiseanna leasa ainmhithe; (ii) timpistí nó tarluithe neamhthuartha ar
an mbealach; (iii) gur diúltaíodh na hainmhithe talún ar
coimeád ag an gceann scríbe i mBallstát nó ag teorainn sheachtrach an Aontais; (iv) gur diúltaíodh na hainmhithe talún ar
coimeád ag áiteanna cruinnithe nó scíthe; (v) gur diúltaíodh na hainmhithe talún ar
coimeád i dtríú tír; (c) gluaiseachtaí ainmhithe talún ar
coimeád a bhfuil sé beartaithe iad a chur i dtaispeántais agus in imeachtaí
spóirt, cultúrtha agus imeachtaí den chineál sin, agus a bhfilleadh ina dhiaidh
sin ar a n‑áit tionscnamh. Airteagal 145
Na hoibleagáidí ar oibreoirí comhoibriú leis na húdaráis inniúla i gcás sláinte
ainmhithe a dheimhniú Déanfaidh oibreoirí: (a) an fhaisnéis uile is gá a thabhairt
don údarás inniúil chun an deimhniú sláinte ainmhithe a chomhlánú dá
bhforáiltear in Airteagal 140(1) agus (2) agus i rialacha arna nglacadh de
bhun Airteagal 143(1) nó Airteagal 144; (b) más gá, ainmhithe a chur faoi
shainaithint dhoiciméadach agus faoi sheiceálacha fisiceacha dá bhforáiltear in
Airteagal 146(3). Airteagal 146
An fhreagracht ar údaráis inniúla maidir le sláinte ainmhithe a dheimhniú 1. Eiseoidh an t‑údarás inniúil
deimhniú sláinte ainmhithe do ghluaiseacht ainmhithe talún ar coimeád go
Ballstát eile arna iarraidh sin don oibreoir, má cheanglaítear sin in Airteagal 140
nó i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 141(1) agus Airteagal 143(2)
ar choinníoll gur comhlíonadh na ceanglais ghluaiseachta seo a leanas: (a) na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 121,
in Airteagal 122(1), in Airteagail 123, 125, 126, 127, 129, 130 agus131,
in Airteagal 133(1) agus in Airteagal 134(1), in Airteagal 135
agus in Airteagal 136; (b) na ceanglais dá bhforáiltear i
ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 122(2) agus Airteagal 128(1),
Airteagal 132, agus Airteagal 133(2), 134(2), 135(4) agus 136(4) agus
Airteagal 137; (c) na ceanglais dá bhforáiltear i
ngníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 138. 2. Gach deimhniú sláinte ainmhithe: (a) seiceálfaidh agus síneoidh tréidlia
oifigiúil é; (b) beidh sé bailí ar feadh na tréimhse sin,
dá bhforáiltear sna rialacha arna nglacadh de bhun mhír 4(c), a leanfaidh
na hainmhithe talún ar coimeád atá cumhdaithe fúithi de na ráthaíochtaí sláinte
ainmhithe atá ann a chomhlíonadh lena linn. 3. Déanfaidh an tréidlia oifigiúil,
roimh dó deimhniú sláinte ainmhithe a shíniú, a sheiceáil an gcomhlíonann na
hainmhithe talún ar coimeád atá cumhdaithe fúithi ceanglais na Caibidle seo trí
bhíthin seiceálacha doicméadacha, aitheantais agus fisiciúla arna nglacadh de
bhun mhír 4. 4. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
lena leagfar síos rialacha maidir leis an méid seo a leanas: (a) na cineálacha seiceálacha doiciméadacha,
sainaitheanta agus fisiciúla do speicis éagsúla agus do chatagóirí éagsúla
ainmhithe talún ar coimeád nach mór don tréidlia oifigiúil a dhéanamh i
gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo chun comhlíonadh cheanglais na
Caibidle seo a sheiceáil; (b) na tréimhsí ama maidir leis na
seiceálacha doiciméadacha, sainaitheanta agus fisiciúla a dhéanamh agus
eisiúint deimhnithe sláinte ainmhithe ón tréidlia oifigiúil roimh ghluaiseacht
coinsíneachtaí ainmhithe talún ar coimeád; (c) fad bailíochta na ndeimhnithe sláinte
ainmhithe. Airteagal 147
Deimhnithe sláinte ainmhithe leictreonacha Deimhnithe sláinte ainmhithe leictreonacha a
tháirgtear, a phróiseáltar agus a tharchuirtear trí bhíthin IMSOC in ionad
deimhnithe sláinte ainmhithe a ghabhann leis na hainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 146(1)
sna cásanna seo a leanas: (a) go bhfuil an fhaisnéis uile iontu a
cheanglaítear a bheith i bhfoirm shamplach an deimhnithe sláinte ainmhithe i
gcomhréir le hAirteagal 142 agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 143; (b) go n‑áirítear leo
inrianaitheacht na n‑ainmhithe talún ar coimeád agus an nasc go dtí an
deimhniú sláinte ainmhithe. Airteagal 148
Na hoibreoirí féindearbhú a dhéanamh maidir le gluaiseachtaí go Ballstáit eile 1. Eiseoidh oibreoirí ag an áit
tionscnaimh doiciméad féindearbhúcháin maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún
ar coimeád óna n‑áit tionscaimh i mBallstát amháin go dtí an ceann scríbe
i mBallstát eile agus áiritheoidh siad go ngabhfaidh sé leis na hainmhithe, i
gcás nach bhfuil sé de cheanglas go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe dá
bhforáiltear in Airteagal 140(1) agus (2) leo. 2. Beidh an fhaisnéis seo a leanas
maidir leis na hainmhithe talún ar coimeád sa doiciméad féindearbhúcháin dá
bhforáiltear i mír 1: (a) an áit tionscnaimh, an ceann scríbe agus,
más ábhartha, aon áiteanna cruinnithe nó láithreacha scíthe; (b) tuairisc ar na hainmhithe talún ar
coimeád, ar a speiceas agus ar a gcainníocht; (c) sainaithint agus clárú, má tá sin de
cheanglas i gcomhréir le hAirteagail 106, 107, 109 agus 110, agus Airteagal 113(a)
agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 agus 117; (d) an fhaisnéis is gá chun a léiriú go
gcomhlíonann na hainmhithe talún ar coimeád na ceanglais ghluaiseachta dá
bhforáiltear i Ranna 1 go dtí 6. 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na nithe seo a leanas: (a) rialacha mionsonraithe maidir le hábhar
an doiciméid féindearbhúcháin dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo i
gcás catagóirí éagsúla agus speiceas éagsúil ainmhithe; (b) faisnéis atá le bheith sa doiciméad
féindearbhúcháin sa bhreis ar an bhfaisnéis dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal
seo. 4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le foirmeacha
samplacha na ndoiciméad féindearbhúcháin dá bhforáiltear i mír 2. Glacfar
na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta
scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Roinn 8
Fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch go
Ballstáit eile Airteagal 149
An oibleagáid ar oibreoirí maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí
ainmhithe talún ar coimeád go Ballstáit eile Tabharfaidh oibreoirí fógra don údarás inniúil
ina mBallstát tionscnaimh roimh an ngluaiseacht ainmhithe talún ar coimeád atá
beartaithe ón mBallstát sin go Ballstát eile sna cásanna seo a leanas: (a) go bhfuil sé ceangailte go
ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe arna eisiúint ag údarás inniúil an
Bhallstáit tionscnaimh leis na hainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 146
agus le hAirteagal 147 agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 146(4); (b) go bhfuil sé ceangailte go
ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe leis na hainmhithe talún ar coimeád i
gcás ina bhfuil siad á n‑aistriú ó chrios srianta agus ina bhfuil siad
faoi réir bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 140(2); (c) go bhfuil sé de cheanglas fógra a
thabhairt i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de
bhun Airteagal 151(1). Chun críocha chéad mhír an Airteagail seo,
tabharfaidh na hoibreoirí d'údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh an
fhaisnéis uile is gá chun é a chur ar a chumas fógra a thabhairt i leith
gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád d’údarás inniúil an Bhallstáit chinn
scríbe i gcomhréir le hAirteagal 150(1). Airteagal 150
An fhreagracht ar údaráis inniúla fógra a thabhairt do Bhallstáit eile i leith
gluaiseachtaí 1. Tabharfaidh údarás inniúil an
Bhallstáit tionscnaimh fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe maidir
le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád dá dtagraítear in Airteagal 149. 2. Tabharfar an fógra dá dtagraítear i mír 1
den Airteagal seo tráth ar bith is féidir é trí IMSOC. 3. Ainmneoidh na Ballstáit réigiúin le
haghaidh bainistiú fógraí maidir le gluaiseachtaí dá bhforáiltear i mír 1. 4. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh
údarás inniúil an Ballstáit tionscnaimh údarú a thabhairt don oibreoir fógra
a thabhairt go páirteach nó go hiomlán d’údarás inniúil an Bhallstáit chinn
scríbe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád trí IMSOC Airteagal 151
Cumhacht a tharmligean agus gníomhartha tarmligthe maidir leis an údarás
inniúil fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád 1. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na nithe seo a leanas: (a) an ceanglas fógra a thabhairt roimh ré
atá ar oibreoirí i leith gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád idir na
Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 149 ar de chatagóirí nó de speicis
ainmhithe talún ar coimeád iad seachas iad siúd dá dtagraítear in i
bpointe (a) agus i bpointe (b) den Airteagal sin i gcás inar gá
inrianaitheacht na ngluaiseachtaí sin chun a áirithiú go gcomhlíonfar na
ceanglais sláinte ainmhithe atá leagtha síos sa i Ranna 1 go dtí 6; (b) an fhaisnéis is gá chun fógra a thabhairt
i leith gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád dá dtagraítear in Airteagal 149
agus in Airteagal 150; (c) na nósanna imeachta éigeandála maidir le
fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád i gcás
gearrtha leictreachais agus cur isteach eile ar IMSOC; (d) na ceanglais maidir leis na Ballstáit
réigiúin a ainmniú le haghaidh bainistiú fógraí maidir le gluaiseachtaí dá
bhforáiltear in Airteagal 150(3). 2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na nithe seo a
leanas: (a) formáid na bhfógraí maidir le
gluaiseachtaí talún ar coimeád a thugann: (i) oibreoirí d’údarás inniúil an Ballstáit
tionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 149; (ii) údarás inniúil an Ballstáit tionscnaimh
don Bhallstát cinn scríbe i gcomhréir le hAirteagal 150; (b) na spriocamanna maidir leis an méid seo a
leanas: (i) an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 149
atá le tabhairt ag oibreoirí d’údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh; (ii) údarás inniúil an Bhallstáit
tionscnaimh fógra a thabhairt i leith ainmhithe talún ar coimeád dá
bhforáiltear in Airteagal 150(1). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Caibidil 4
Gluaiseachtaí peataí talún ar coimeád laistigh den Aontas Airteagal 152
Gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí talún ar coimeád agus cumhachtaí
tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme 1. Ní aistreoidh coimeádaithe peataí
peataí talún de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I ó Bhallstát
amháin go Ballstát eile ar bhonn neamhthráchtála ach sna cásanna seo a leanas: (a) go bhfuil na peataí talún sin
sainaitheanta agus go bhfuil doiciméad aitheantais ag gabháil leo má cheanglaítear
sin i gcomhréir le hAirteagal 112 nó rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114
agus Airteagal 117; (b) go ndearnadh bearta cuí rialaithe galar
le linn na gluaiseachta sin chun a áirithiú nach bhfuil riosca suntasach leis
na peataí talún ar coimeád maidir le leathadh galar liostaithe dá dtagraítear
in Airteagal 8(1)(d) agus galar atá ag teacht chun cinn go dtí ainmhithe
talún ar coimeád ag an gceann scríbe agus le linn a n‑iompartha. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na bearta coisctheacha agus rialaithe galar dá dtagraítear i mír 1
den Airteagal seo chun a áirithiú nach bhfuil riosca suntasach leis na peataí
talún ar coimeád maidir leis an leathadh galar dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d)
agus galar atá ag teacht chun cinn go dtí ainmhithe le linn a n‑iompartha
agus ag an gceann scríbe, agus stádas sláinte an chinn scríbe á chur san
áireamh aige más ábhartha. 3. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na bearta
coisctheacha agus rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo
agus sna rialacha arna nglacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 254(2). Caibidil 5
Gluaiseacht ainmhithe talún fiáine Airteagal 153
Ainmhithe talún fiáine 1. Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe
fiáine as gnáthóg i mBallstát amháin go gnáthóg i mBallstát eile nó go
bunaíocht i mBallstát eile ach sna cásanna seo a leanas: (a) go stiúrtar gluaiseachtaí na n‑ainmhithe
fiáine ón a ngnáthóg ar dhóigh nach bhfuil riosca suntasach leo maidir le
leathadh galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) nó galar atá
ag teacht chun cinn ar an mbealach nó ag an gceann scríbe; (b) nach dtagann na hainmhithe fiáine ó
ghnáthóg i gcrios srianta faoi réir srianta gluaiseachta de dheasca galar
liostaithe a bheith ann dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) nó galar atá
ag teacht chun cinn a bhaineann leis an speiceas liostaithe i gcomhréir le
rialacha atá leagtha síos in Airteagal 70(2)(c), Airteagal 80(1) agus
(2) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 70(3)(b), Airteagal 71(3),
Airteagal 80(4) agus Airteagal 81(3) nó na mbeart éigeandála dá
bhforáiltear in Airteagal 245 agus in Airteagal 246 agus i rialacha
arna nglacadh de bhun Airteagal 248, murar tugadh maoluithe i gcomhréir
leis na rialacha sin; (c) go bhfuil deimhniú sláinte ainmhithe nó
doiciméid eile ag gabháil leis na hainmhithe sin más gá sláinte ainmhithe a
dheimhniú chun a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais ghluaiseachta atá
leagtha síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo agus i
rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 154(1)(c) agus (d); (d) go dtugann údarás inniúil an Bhallstáit
fógra i leith an ngluaiseacht d’údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe, má
cheanglaítear an deimhniú sláinte ainmhithe a bheith ann leis na rialacha arna
nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 154(1)(c). 2. Má cheanglaítear sláinte ainmhithe a
dheimhniú leis na rialacha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 154(1)(c),
beidh feidhm ag na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 142 agus in Airteagal 145,
in Airteagal 146(1),(2) agus (3), in Airteagal 147 agus sna rialacha
arna nglacadh de bhun Airteagal 143 agus Airteagal 144 agus Airteagal 146(4)
maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún fiáine. 3. Má cheanglaítear fógra a thabhairt i
leith gluaiseachtaí i gcomhréir le mír 1(d) den Airteagal seo, beidh
feidhm ag na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 149, in Airteagal 150
agus sna rialacha arna nglacadh de bhun gníomhartha tarmligthe atá leagtha síos
in Airteagal 151 maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún fiáine. Airteagal 154
Tabhairt cumhachta a bhaineann le gluaiseacht í ainmhithe talún fiáine 1. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na nithe seo a leanas: (a) ceanglais sláinte ainmhithe maidir le
gluaiseachtaí ainmhithe talún fiáine dá bhforáiltear in Airteagal 153(1)(a)
agus (b); (b) más ábhartha, ceanglais sláinte ainmhithe
maidir le tabhairt isteach ainmhithe talún fiáine nuair a aistrítear iad as an
bhfiántas: (i) isteach i mbunaíochtaí; (ii) chun iad a choimeád mar pheataí: (c) na cineálacha gluaiseachtaí ainmhithe talún
fiáine nach mór, nó i gcásanna nach mór, deimhniú sláinte ainmhithe nó
doiciméad eile a ghabháil leo agus na ceanglais maidir le hábhar na ndeimhnithe
sin nó na ndoiciméad sin. (d) an fógra a thugann údarás inniúil an
Bhallstáit tionscnaimh d’údarás inniúil an Ballstáit chinn scríbe i gcás
gluaiseachtaí ainmhithe talún fiáine idir na Ballstát agus an fhaisnéis atá le
cur isteach san fhógra sin. 2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos lena sonraítear na ceanglais
dá bhforáiltear in Airteagal 153 agus sna rialacha tarmligthe arna
nglacadh de bhun mhír 1 maidir leis na nithe seo a leanas: (a) foirmeacha samplacha deimhnithe sláinte
ainmhithe agus doiciméad eile a bhfuil sé de cheanglas iad a bheith ag gabháil
le gluaiseachtaí ainmhithe fiáine, má fhoráiltear dó sin i ngníomhartha
tarmligthe arna nglacadh i mír 1(c); (b) formáid an fhógra ó údarás inniúil an
Bhallstáit tionscnaimh agus na spriocamanna maidir leis na fógraí sin, i gcás
ina bhforáiltear dó sin i rialacha arna nglacadh de bhun mhír 1(d). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Caibidil 6
Gluaiseachtaí táirgí geirmeacha laistigh den Aontas Roinn 1
Ceanglais ghinearálta Airteagal 155
Ceanglais ghinearálta maidir le gluaiseacht táirgí geirmeacha 1. Déanfaidh oibreoirí bearta
coisctheacha cuí chun a áirithiú nach gcuirfidh gluaiseacht táirgí geirmeacha
stádas sláinte ainmhithe talún ar coimeád i gcontúirt ag an gceann scríbe
maidir leis na nithe seo a leanas: (a) na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) (b) galair atá ag teacht chun cinn. 2. Ní aistreoidh oibreoirí táirgí
geirmeacha agus ní ghlacfaidh siad na táirgí geirmeacha sin ach má chomhlíonann
siad na coinníollacha seo a leanas: (a) go dtagann siad ó bhunaíochtaí: (i) a chuir an t‑údarás inniúil i
gclár na mbunaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 88(a) agus nár thug an
Ballstát tionscnaimh aon mhaolú i gcomhréir le hAirteagal 83; (ii) atá formheasta ag an údarás inniúil i
gcomhréir le hAirteagal 92(1), má cheanglaítear sin le hAirteagal 89(1)
nó Airteagal 90; (b) go gcomhlíonann siad ceanglais
inrianaitheachta Airteagal 118(1) nó rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 119(1). 3. Comhlíonfaidh oibreoirí ceanglais Airteagal 122
maidir le táirgí geirmeacha ó ainmhithe talún ar coimeád a iompar. 4. Ní aistreoidh oibreoirí táirgí
geirmeacha ó bhunaíocht i mBallstát amháin go bunaíocht i mBallstát eile mura
dtabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe formheas go sainráite
maidir leis an ngluaiseacht sin, más rud é go bhfuil na táirgí geirmeacha sin
faoi réir scriosadh chun críocha díothaithe mar chuid de chlár díothaithe dá
bhforáiltear in Airteagal 30(1) nó (2). Airteagal 156
Na hoibleagáidí ar oibreoirí ag an gceann scríbe 1. Oibreoirí
bunaíochtaí ag an gceann scríbe a fhaigheann táirgí geirmeacha ó bhunaíocht i
mBallstát eile, déanfaidh siad: (a) a
sheiceáil an bhfuil na nithe seo a leanas ann: (i) marcanna aitheantais i gcomhréir le hAirteagal 118
agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 119; (ii) deimhnithe sláinte ainmhithe dá
bhforáiltear in Airteagal 159; (b) an t‑údarás inniúil a chur ar an
eolas faoi aon mhíréireacht; maidir leis: (i) na táirgí geirmeacha arna bhfáil; (ii) an modh aitheantais dá dtagraítear i
bpointe (a)(i) a bheith ann; (iii) na doiciméid dá dtagraítear i
bpointe (a)(ii). 2. Má bhíonn aon mhírialtacht ann dá
dtagraítear i mír 1(b), coinneoidh an t‑oibreoir na táirgí
geirmeacha atá faoina mhaoirseacht leo go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag
an údarás inniúil ina leith. Roinn 2
Gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach,
den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den
speiceas eachaí agus ó éanlaith chlóis Airteagal 157
Na hoibleagáidí ar oibreoirí maidir le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó
ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den
speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus ó éanlaith
chlóis go Ballstáit eile 1. Ní aistreoidh oibreoirí táirgí
geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas
caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí
agus ó éanlaith chlóis go Ballstáit eile ach i gcás ina gcomhlíonann na táirgí
geirmeacha sin na coinníollacha seo a leanas: (a) go mbailítear, go dtáirgtear, go
bpróiseáltar agus go stóráltar iad i mbunaíochtaí táirgí geirmeacha arna
bhformheas chun na críche sin i gcomhréir le hAirteagal 92(1) agus le hAirteagal 94; (b) go gcomhlíonann siad na ceanglais
inrianaitheachta maidir leis an gcineál táirge gheirmigh i gcomhréir le hAirteagal 118
agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 119; (c) gur bailíodh iad ó na hainmhithe
bronntacha a chomhlíonann na ceanglais sláinte ainmhithe is gá chun a áirithiú
nach leathfaidh na táirgí geirmeacha galair liostaithe; (d) gur bailíodh, gur táirgeadh, gur
próiseáladh, gur stóráladh agus gur iompraíodh iad ar dhóigh lena n‑áirítear
nach leathfaidh siad galair liostaithe. 2. Ní aistreoidh oibreoirí táirgí
geirmeacha ó ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den
speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus ó éanlaith
chlóis ó bhunaíocht táirgí geirmeacha atá faoi réir srianta gluaiseachta maidir
leis na speicis liostaithe i gcomhréir le: (a) Airteagal 55(1)(a), (c), (e) agus Airteagal 55(1)(f)(ii),
Airteagal 56 agus Airteagal 61(1)(a), Airteagal 62(1), Airteagal 65(1)(c),
Airteagal 74(1) agus Airteagal 78(1) agus (2); (b) rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2),
Airteagal 63, Airteagal 67, Airteagal 71(3), Airteagal 74(3),
Airteagal 79 agus Airteagal 81(2); agus (c) bearta éigeandála dá bhforáiltear in Airteagail 246
agus 247 agus na rialacha a nglacfar leo de bhun Airteagal 248 mura
bhforáiltear maoluithe sna rialacha sin. Airteagal 158
Cumhacht a tharmligean maidir le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe ar
coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair,
den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus ó éanlaith chlóis go
Ballstáit eile Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le
ceanglais sláinte ainmhithe i ndáil le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó
ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den
speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus ó éanlaith
chlóis go Ballstáit eile, ina sonrófar: (a) rialacha maidir le bailiú,
táirgeadh, próiseáil agus stóráil táirgí geirmeacha ó na hainmhithe ar coimeád
sin i mbunaíochtaí arna bhformheas dá dtagraítear in Airteagal 157(1)(a); (b) ceanglais sláinte ainmhithe dá
bhforáiltear in Airteagal 157(1)(c): (i) maidir le hainmhithe ónar bailíodh
táirgí geirmeacha; (ii) maidir le
leithlisiú nó coraintín na n‑ainmhithe bronntacha dá dtagraítear in (i); (c) tástálacha saotharlainne nó
tástálacha eile ar ainmhithe bronntacha ar coimeád agus ar tháirgí geirmeacha; (d) ceanglais sláinte ainmhithe maidir
le nósanna imeachta i leith bailiú, táirgeadh, próiseála, stórála nó nósanna
imeachta eile agus iompar dá bhforáiltear in Airteagal 157(1)(d); (e) maoluithe ó na rialacha dá
bhforáiltear in Airteagal 157, agus na rioscaí atá leis na táirgí
geirmeacha sin agus aon bhearta laghdaithe riosca atá ar bun á gcur san
áireamh. Roinn 3
Sláinte ainmhithe a dheimhniú agus fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí Airteagal 159
Na hoibleagáidí ar oibreoirí i leith sláinte ainmhithe a dheimhniú maidir le
gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach,
den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den
speiceas eachaí agus ó éanlaith chlóis agus cumhacht a tharmligean 1. Ní
aistreoidh oibreoirí táirgí geirmeacha ó ainmhithe den speiceas buaibheach, den
speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas
eachaí agus ó éanlaith chlóis ach i gcás ina ngabhann deimhniú sláinte
ainmhithe leo arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh i
gcomhréir le mír 3 má a aistrítear iad: (a) go Ballstát eile; (b) laistigh de Bhallstát nó go Ballstát
eile, i gcás: (i) ina bhfuil cead táirgí geirmeacha ó
ainmhithe ar coimeád crios srianta a fhágáil atá faoi réir bearta rialaithe
galar dá bhforáiltear in Airteagal 55(1)(f)(ii) agus Airteagal 56, Airteagal 64
agus Airteagal 65, Airteagal 74(1) agus Airteagal 78 agus
rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 67, Airteagal 71(3)
agus 74(3), Airteagal 79 agus Airteagal 81(2) nó na mbeart éigeandála
dá bhforáiltear in Airteagal 246 agus in Airteagal 247 agus na
rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 248 murar tugadh maoluithe ó
gceanglas maidir le sláinte ainmhithe a dheimhniú i gcomhréir leis na rialacha
dá dtagraítear sa phointe seo; agus (ii) na dtáirgí geirmeacha ó ainmhithe ar
coimeád atá de speiceas atá faoi réir na mbeart rialaithe galar dá dtagraítear
i bpointe (i). 2. Déanfaidh na hoibreoirí na bearta
riachtanacha uile is gá chun a áirithiú go ngabhfaidh na deimhnithe sláinte
ainmhithe leis na tairgí geirmeacha óna n‑áit tionscnaimh go dtí a gceann
scríbe. 3. Eiseoidh an t‑údarás inniúil,
ar a iarraidh sin don oibreoir, deimhniú sláinte ainmhithe maidir le
gluaiseachtaí táirgí geirmeacha dá dtagraítear i mír 1. 4. Airteagail 142, 145, 146 agus 147
agus ag na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 143 agus Airteagal 144
agus Airteagal 146(4) maidir le deimhniúchán sláinte ainmhithe i leith
táirgí geirmeacha agus Airteagal 148(1) agus na rialacha arna nglacadh de
bhun Airteagal 148(2), beidh feidhm acu maidir le gluaiseachtaí táirgí
geirmeacha a fhéindearbhú. 5. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le maoluithe ó na ceanglais i ndáil le deimhnithe sláinte ainmhithe dá
bhforáiltear i mír 1 maidir le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe
ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair,
den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus ó éanlaith chlóis, nach
bhfuil riosca suntasach leo maidir le leathadh galar liostaithe mar gheall ar
na nithe seo a leanas: (a) cineál na dtáirgí geirmeacha nó an
speicis ainmhí óna dtagann na táirgí sin; (b) na modhanna táirgthe agus próiseála ag an
mbunaíocht táirgí geirmeacha; (c) an úsáid atá beartaithe do tháirgí
geirmeacha; (d) bearta laghdaithe riosca malartacha atá
ar bun maidir le cineál agus catagóir táirgí geirmeacha agus bunaíochtaí táirgí
geirmeacha. Airteagal 160
Ábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe 1. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a
laghad sa deimhniú sláinte ainmhithe maidir le táirgí geirmeacha dá
bhforáiltear in Airteagal 159: (a) an bhunaíocht táirgí geirmeacha
tionscnaimh nó an áit tionscnaimh agus an bhunaíocht chinn scríbe nó an ceann
scríbe; (b) cineál na dtáirgí geirmeacha agus speicis
ainmhithe bronntacha ar coimeád; (c) toirt na dtáirgí geirmeacha; (d) marcáil na dtáirgí geirmeacha, má
cheanglaítear sin le hAirteagal 118(1) agus le rialacha arna nglacadh de
bhun Airteagal 119(1); (e) faisnéis is gá chun a léiriú go
gcomhlíonann na táirgí geirmeacha sa choinsíneacht na ceanglais gluaiseachta
maidir leis na speicis ábhartha dá bhforáiltear in Airteagal 155 agus 157
agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 158. 2. Féadfar faisnéis eile a bhfuil sé de
cheanglas í a bheith ann i reachtaíocht an Aontais a bheith sa deimhniú sláinte
ainmhithe maidir leis na táirgí geirmeacha dá bhforáiltear in Airteagal 159.
[FÉINDEARBHÚ] 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na nithe seo a leanas: (a) an fhaisnéis atá le bheith sa deimhniú
sláinte ainmhithe de bhun mhír 1 (b) sláinte ainmhithe a dhearbhú i leith
táirgí geirmeacha atá éagsúil agus a thagann ó speicis éagsúla ainmhithe. 4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha tarmligthe, rialacha a leagan síos maidir le foirmeacha samplacha
de dheimhnithe sláinte ainmhithe maidir le táirgí geirmeacha. Glacfar
na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta
scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Airteagal 161
Fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe ar
coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair,
den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus ó éanlaith chlóis go
Ballstáit eile 1. Déanfaidh
oibreoirí: (a) an t‑údarás
inniúil ina mBallstát tionscnaimh a chur ar an eolas roimh ré maidir leis an
ngluaiseacht táirgí geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach,
den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den
speiceas eachaí agus ó éanlaith chlóis go Ballstát eile atá beartaithe i gcás: (i) ina gceanglaítear go ngabhfaidh deimhniú
sláinte ainmhithe le táirgí geirmeacha i gcomhréir le hAirteagal 159(1); (ii) in gceanglaítear fógra a thabhairt i
gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 151(1)
maidir le táirgí geirmeacha. (b) an fhaisnéis uile a thabhairt is gá chun
é a chur ar chumas údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh fógra a thabhairt
d’údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe i leith gluaiseacht táirgí
geirmeacha i gcomhréir le mír 2. 2. Tabharfaidh údarás inniúil an
Bhallstáit tionscnaimh fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe maidir
le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe den speiceas buaibheach, den
speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas
eachaí agus ó éanlaith chlóis i gcomhréir leis na rialacha arna nglacadh de
bhun Airteagal 151. 3. Beidh feidhm ag Airteagal 149
agus ag Airteagal 150 agus ag rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 151
maidir le fógra a thabhairt i leith táirgí geirmeacha. Roinn 4
Gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád de speicis seachas an
speiceas buaibheach, an speiceas caorach, an speiceas mucach agus an speiceas
eachaí agus éanlaith chlóis Airteagal 162
Táirgí geirmeacha ó speicis ainmhíocha eile 1. Ní
aistreoidh oibreoirí táirgí geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád de speicis
seachas an speiceas buaibheach, an speiceas caorach, an speiceas mucach agus an
speiceas eachaí agus éanlaith chlóis go Ballstát eile ach i gcás nach bhfuil
riosca suntasach leis na táirgí geirmeacha sin maidir le leathadh galar
liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) go dtí speicis liostaithe
ag an gceann scríbe, agus an stádas sláinte ag an gceann scríbe á chur san
áireamh acu. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le ceanglais sláinte ainmhithe, sláinte ainmhithe a dheimhniú agus
ceanglais maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó
ainmhithe ar coimeád de speicis seachas an speiceas buaibheach, an speiceas
caorach, an speiceas mucach agus an speiceas eachaí agus éanlaith chlóis agus
na nithe seo a leanas á gcur san áireamh acu: (a) na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a)
maidir leis na speicis liostaithe; (b) na speicis ainmhithe ónar bailíodh na
táirgí geirmeacha agus cineál na dtáirgí geirmeacha; (c) an stádas sláinte ag an áit tionscnaimh
agus ag an gceann scríbe; (d) na cineálacha bailithe, táirgthe,
próiseála agus stórála (e) fachtóirí eipidéimeolaíocha eile. 3. I gcás ina gceanglaítear go
ndeimhneofar sláinte ainmhithe agus go dtabharfar fógra i leith na dtáirgí
geirmeacha i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 159,
in Airteagal 160 agus in Airteagal 161 agus sna rialacha arna
nglacadh de bhun Airteagal 159(5) agus Airteagal 160(3) maidir leis
an deimhniúchán sin agus na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 161(1)
agus (2) maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachta. [FÉINDEARBHÚ] Roinn 5
Maoluithe Airteagal 163
Táirgí geirmeacha atá beartaithe chun críoch eolaíoch agus cumhacht a
tharmligean 1. De mhaolú ar Ranna 1 go dtí 4,
féadfaidh údarás inniúil an chinn scríbe gluaiseacht táirgí geirmeacha chun
críoch eolaíoch nach gcomhlíonann ceanglais na Ranna sin, seachas Airteagal 155(1),
155(2)(c), Airteagal 155(3) agus Airteagal 156, faoi réir
chomhlíonadh na gcoinníollacha seo a leanas: (a) roimh dó an t‑údarú sin a
thabhairt, ní mór d'údarás inniúil an chinn scríbe na bearta laghdaithe riosca
is gá a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfidh gluaiseachtaí na dtáirgí
geirmeacha sin stádas sláinte na n‑áiteanna ar an mbealach agus na cinn
scríbe i gcontúirt maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d); (b) go mbeidh gluaiseachtaí na dtáirgí
geirmeacha sin faoi mhaoirseacht údarás inniúil an chinn scríbe. 2. Agus
é ag tabhairt maolaithe i gcomhréir le mír 1, tabharfaidh údarás inniúil
an chinn scríbe fógra do na Ballstáit tionscnaimh agus do na Ballstáit
trasnaithe maidir leis an maolú arna thabhairt agus na coinníollacha ar ar
tugadh é. 3. Tabharfar
de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le coinníollacha atá le maoluithe a thug an t‑údaras inniúil ag an
gceann scríbe, dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo. Caibidil 7
Táirgí de thionscnamh ainmhíoch a tháirgeadh, a phróiseáil agus a scaipeadh
laistigh den Aontas Airteagal 164
Na hoibleagáidí ginearálta sláinte ainmhithe ar oibreoirí agus cumhacht a
tharmligean 1. Déanfaidh oibreoirí bearta
coisctheacha cuí chun a áirithiú, ag gach céim de tháirgeadh, de phróiseáil,
agus de scaipeadh táirgí de thionscnamh ainmhíoch san Aontas, nach cúis iad na
táirgí sin le leathadh na nithe a leanas: (a) galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d),
agus stádas sláinte na háite táirgthe, próiseála nó an chinn scríbe á chur san
áireamh; (b) galair atá ag teacht chun cinn. 2. Áiritheoidh oibreoirí nach mbeidh
táirgí de thionscnamh ainmhíoch ag teacht ó bhunaíochtaí nó ó bhunaíochtaí gnó
bia ná go bhfuarthas iad ó ainmhithe a thagann ó bhunaíochtaí faoi réir na
nithe seo a leanas: (a) bearta éigeandála dá bhforáiltear in Airteagal 246
agus Airteagal 247 agus rialacha de bhun Airteagal 248 mura
bhforáiltear do mhaoluithe sna rialacha sin; (b) srianta ar ghluaiseacht is infheidhme
maidir le hainmhithe talún ar coimeád agus táirgí de thionscnamh ainmhíoch, dá
bhforáiltear in Airteagal 31(1), Airteagal 55(1)(e), Airteagal 56,
Airteagal 61(1)(a), Airteagal 62(1), Airteagal 65(1)(c), Airteagal 70(1)(b),
Airteagal 74(1)(a), Airteagal 78(1) agus (2) agus na rialacha arna
nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 63 agus Airteagal 66,
Airteagal 71(3), Airteagal 74(3) agus Airteagal 79 agus Airteagal 81(2). 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le ceanglais mhionsonraithe lena leasaítear agus lena bhforlíontar
ceanglais mhír 2 den Airteagal seo maidir le gluaiseacht táirgí de
thionscnamh ainmhíoch, agus an galar agus an speiceas lena mbaineann an galar
agus na rioscaí atá leis á gcur san áireamh. Airteagal 165
Oibleagáidí ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe agus cumhacht
a tharmligean 1. Ní aistreoidh oibreoirí na táirgí de
thionscnamh ainmhíoch seo a leanas laistigh de Bhallstát ná go Ballstát eile
ach i gcás ina ngabhann deimhniú sláinte ainmhithe leo arna eisiúint ag údarás
inniúil an Bhallstáit tionscnaimh i gcomhréir le mír 3: (a) táirgí de ainmhíoch: (i) a bhfuil cead acu crios srianta a
fhágáil faoi réir beart éigeandála dá bhforáiltear i rialacha arna nglacadh de
bhun Airteagal 248; (ii) ar de thionscnamh ainmhithe de speicis
atá faoi réir na mbeart rialaithe galar sin iad. (b) táirgí de thionscnamh ainmhíoch: (i) a bhfuil cead acu crios srianta a
fhágáil faoi réir beart rialaithe galar i gcomhréir le hAirteagal 31(1), Airteagal 55(1)(f)(ii),
Airteagal 56, Airteagal 61(1)(a), Airteagal 62(1), Airteagal 64,
Airteagal 65(1)(c), Airteagal 70(1)(b) agus Airteagal 74(1)(a)
agus Airteagal 78(1) agus (2) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2),
Airteagal 67, Airteagal 71(3), Airteagal 74(3) agus Airteagal 79
agus Airteagal 81(2), (ii) ar de thionscnamh ainmhithe de speicis
atá faoi réir na mbeart rialaithe galar sin iad. 2. Déanfaidh oibreoirí gach beart is gá
chun a áirithiú go ngabhfaidh an deimhniú sláinte ainmhithe leis na táirgí de
thionscnamh ainmhithe óna n‑áit tionscnamh go dtí a gceann scríbe. 3. Eiseoidh an t‑údarás inniúil,
má iarrann an t‑oibreoir é, deimhniú sláinte ainmhithe maidir le
gluaiseachtaí táirgí de thionscnamh ainmhithe dá dtagraítear i mír 1. 4. Beidh feidhm ag Airteagal 145,
ag Airteagal 146 gus ag Airteagal 147 agus ag na rialacha arna
nglacadh de bhun Airteagal 143 agus Airteagal 144 agus Airteagal 146(4)
ar dheimhniú gluaiseachtaí táirgí de thionscnamh ainmhithe. 5. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le maoluithe ó cheanglais maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe dá
bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo agus na coinníollacha atá leis na
maoluithe sin, i ndáil le gluaiseachtaí táirgí de thionscnamh ainmhithe nach
bhfuil riosca suntasach leo i leith leata galar de dheasca na nithe seo a
leanas: (a) cineálacha na dtáirgí de thionscnamh
ainmhithe; (b) na bearta laghdaithe riosca a chuirtear i
bhfeidhm ar tháirgí de thionscnamh ainmhithe, trína laghdaítear rioscaí leata
galar; (c) an úsáid atá beartaithe do na táirgí de
thionscnamh ainmhithe; (d) ceann scríbe na dtáirgí de thionscnamh
ainmhithe. Airteagal 166
Ábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe agus cumhacht a tharmligean agus
gníomhartha cur chun feidhme 1. Sa deimhniú sláinte ainmhithe do
tháirgí de thionscnamh ainmhithe beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad: (a) an bhunaíocht nó an áit tionscnaimh agus
an bhunaíocht chinn scríbe nó an ceann scríbe; (b) tuairisc ar na táirgí de thionscnamh
ainmhithe; (c) cainníocht na dtáirgí de thionscnamh
ainmhithe; (d) sainaithint na dtáirgí de thionscnamh
ainmhithe, má cheanglaítear sin le hAirteagal 65(1)(h) nó le rialacha de
bhun Airteagal 67(a); (e) faisnéis is gá chun a léiriú go
gcomhlíonann táirgí de thionscnamh ainmhithe na ceanglais srianta gluaiseachta
dá bhforáiltear in Airteagal 164(2) agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 164(3). 2. Féadfar go mbeidh faisnéis eile atá
ceangailte i reachtaíocht eile de chuid an Aontais sa deimhniú sláinte
ainmhithe do tháirgí de thionscnamh ainmhithe. 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 252
maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith sa deimhniú sláinte ainmhithe dá
bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo. 4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le foirmeacha
samplacha de dheimhnithe sláinte ainmhithe. Glacfar na gníomhartha cur
chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin
dá dtagraítear in Airteagal 254(2). Airteagal 167
Fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí táirgí de thionscnamh ainmhithe go Ballstáit
eile 1. Déanfaidh oibreoirí: (a) údarás inniúil a mBallstáit tionscnaimh a
chur ar an eolas roimh ghluaiseacht na dtáirgí de thionscnamh ainmhithe i gcás
ina gceanglaítear go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe leis na
coinsíneachtaí i gcomhréir le hAirteagal 165(1); (b) an fhaisnéis uile a thabhairt is gá chun
ar a chur ar chumas údarás inniúil an Bhallstát tionscnaimh fógra a thabhairt i
leith ghluaiseacht na dtáirgí de thionscnamh ainmhithe chuig an mBallstát
tionscnamh i gcomhréir le mír 2. 2. Tabharfaidh údarás inniúil an
Bhallstáit tionscnaimh fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit maidir le ceann
scríbe gluaiseachtaí táirgí de thionscnamh ainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 150
agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 151. 3. Beidh feidhm ag Airteagal 149
agus ag Airteagal 150 arna nglacadh de bhun Airteagal 151 ar
thabhairt fógraí i leith táirgí de thionscnamh ainmhithe. Caibidil 8
Raon feidhme beart náisiúnta Airteagal 168
Bearta náisiúnta maidir le gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí geirmeacha 1. Beidh sé de rogha ag na Ballstáit
fós bearta náisiúnta a dhéanamh maidir le gluaiseacht ainmhithe agus táirgí
geirmeacha laistigh dá gcríoch féin. 2. Maidir leis na bearta náisiúnta sin: (a) cuirfear san áireamh iontu na rialacha
maidir le gluaiseacht ainmhithe agus táirgí geirmeacha atá leagtha síos i
gCaibidlí 3 go dtí 6 agus ní bheidh siad ag teacht salach ar na rialacha
sin; (b) ní chuirfear bac le gluaiseacht ainmhithe
agus táirgí idir na Ballstáit leo; (c) ní sháróidh siad na treoracha maidir leis
an méid is oiriúnach agus is riachtanach agus tabhairt isteach agus leathadh na
ngalar dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) á gcosc. Airteagal 169
Bearta náisiúnta maidir le tionchar galar seachas galair liostaithe a theorannú I gcás ina bhfuil riosca suntasach le galar
seachas galair liostaithe maidir le fachtóirí sláinte ainmhithe ainmhithe talún
i mBallstát, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann bearta náisiúnta a dhéanamh
chun an galar sin a rialú, ar choinníoll nach ndéanfaidh na rialacha sin: (a) bac a chur ar ghluaiseacht ainmhithe
agus táirgí idir na Ballstáit; (b) na treoracha a shárú maidir leis an
méid is oiriúnach agus is riachtanach agus tabhairt isteach agus leathadh na
ngalar á gcosc. TEIDEAL II
Ainmhithe uisceacha agus táirgí de thionscnamh ainmhithe ó ainmhithe uisceacha Caibidil 1
Clárú, formheas, coimeád taifead agus cláir Roinn 1
Clárú bunaíochtaí dobharshaothraithe Airteagal 170
An oibleagáid ar oibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe a chlárú 1. Déanfaidh oibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe, chun go mbeidh siad
cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 171, an méid seo a leanas roimh dóibh
tosú ar na gníomhaíochtaí sin: (a) an t‑údarás inniúil a chur ar an
eolas faoi aon bhunaíochta dobharshaothraithe as a bhfuil siad freagrach; (b) faisnéis a thabhairt don údarás inniúil
maidir leis na nithe seo a leanas: (i) ainm agus seoladh an oibreora; (ii) láthair na saoráidí agus tuairisc
orthu; (iii) catagóirí, speicis agus líonta na n‑ainmhithe
dobharshaothraithe sa bhunaíocht dobharshaothraithe agus toilleadh na
bunaíochta dobharshaothraithe; (iv) cineál na bunaíochta dobharshaothraithe; (v) gnéithe eile den bhunaíocht atá ábhartha
agus an riosca atá leis an mbunaíocht dobharshaothraithe á chinneadh. 2. Cuirfidh oibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe
dá dtagraítear i mír 1 an t‑údarás inniúil faoi aon: (a) athruithe suntasacha sna bunaíochtaí
dobharshaothraithe a bhaineann le nithe dá dtagraítear i mír 1(b); (b) stad de ghníomhaíocht sa bhunaíocht
dobharshaothraithe. 3. Ní bheidh sé de cheanglas ar
bhunaíochtaí dobharshaothraithe atá faoi réir formheasa i gcomhréir Airteagal 174(1)
an fhaisnéis a thabhairt dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. 4. Féadfaidh oibreoir iarratas a
chur isteach ar chlárú dá bhforáiltear i mír 1 a chumhdóidh grúpa
bunaíochtaí dobharshaothraithe ar choinníoll go bhfuil siad i gcomhlíonadh na
gcoinníollacha atá leagtha síos i bpointe (a) nó i bpointe (b): (a) oibreoidh na hoibreoirí uile atá
lonnaithe i limistéar atá nasctha le chéile go heipidéimeolaíoch faoi chóras
bithshlándála amháin; (b) tá an t‑aon oibreoir amháin
freagrach astu uile, agus tá siad (i) faoi aon chóras bithshlándála amháin;
agus (ii) lonnaithe i ngaire gheografach le
chéile I gcás ina gcumhdóidh iarratas ar chlárú grúpa
bunaíochtaí, beidh feidhm ag na rialacha atá leagtha síos in Airteagal 170
agus in Airteagal 171(2) agus ag na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 173,
is infheidhme maidir le bunaíocht dobharshaothraithe aonair, ar ghrúpa iomlán
na mbunaíochtaí dobharshaothraithe. Airteagal 171
Na hoibleagáidí ar an údarás inniúil maidir le bunaíochtaí dobharshaothraithe a
chlárú Déanfaidh an t‑údarás inniúil clárú ar: (a) bhunaíochtaí
dobharshaothraithe i gclár na mbunaíochtaí dobharshaothraithe dá bhforáiltear
in Airteagal 183(1), i gcás inar thug an t‑oibreoir an
fhaisnéis atá ceangailte i gcomhréir le hAirteagal 170(1); (b) ghrúpaí
bunaíochtaí dobharshaothraithe i gclár sin na mbunaíochtaí dobharshaothraithe
ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir atá leagtha síos in Airteagal 170(4). Airteagal 172
Maoluithe ón oibleagáid ar oibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe a chlárú De mhaolú ar Airteagal 170(1), féadfaidh
na Ballstáit catagóirí áirithe bunaíochtaí dobharshaothraithe a dhíolmhú ón
gceanglas clárúcháin agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh acu: (a) catagóirí, speicis agus líon nó
toirt na n‑ainmhithe dobharshaothraithe sa bhunaíocht dobharshaothraithe
agus toilleadh na bunaíochta dobharshaothraithe; (b) cineál na bunaíochta
dobharshaothraithe; (c) gluaiseachtaí na n‑ainmhithe
dobharshaothraithe isteach sa bhunaíocht dobharshaothraithe agus amach aisti. Airteagal 173
Cumhachtaí cur chun feidhme maidir le maoluithe ón oibleagáid bunaíochtaí
dobharshaothraithe a chlárú Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na nithe seo a
leanas: (a) an fhaisnéis atá le tabhairt ag
oibreoirí chun críche chlárú na bunaíochta dobharshaothraithe dá bhforáiltear
in Airteagal 170(1); (b) cineálacha bunaíochtaí
dobharshaothraithe a fhéadfaidh na Ballstáit a dhíolmhú ón gceanglas clárúcháin
dá bhforáiltear in Airteagal 172 ar choinníoll nach suntasach an riosca
atá leo agus na critéir dá bhforáiltear in Airteagal 172 á gcur san
áireamh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme
sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Roinn 2
Cineálacha áirithe bunaíochtaí dobharshaothraithe a fhormheas Airteagal 174
Cineálacha áirithe bunaíochtaí dobharshaothraithe a fhormheas agus gníomhacha
tarmligthe 1. Iarrfaidh oibreoirí na cineálacha
seo a leanas bunaíochtaí dobharshaothraithe formheas ar an údarás inniúil i
gcomhréir le hAirteagal 178(1) agus ní thosóidh siad ar a ngníomhaíochtaí
go dtí go mbeidh a mbunaíocht dobharshaothraithe formheasta i gcomhréir le hAirteagal 179(1): (a) bunaíochtaí dobharshaothraithe ina
gcoimeádtar ainmhithe dobharshaothraithe d’fhonn iad a aistriú ón mbunaíocht
dobharshaothraithe, bíodh sé ina mbeatha nó mar tháirgí de thionscnamh
ainmhithe dobharshaothraithe, ní cheanglaítear an méid sin a chur i bhfeidhm,
áfach, mura ndéanfar iad a aistriú ach ar cheann den dá cúis seo a leanas: (i) chun cainníochtaí beaga díobh a sholáthar
go díreach mar bhia don duine don tomhaltóir deiridh; nó (ii) chun iad a chur go bunaíochtaí
miondíola a sholáthraíonn don tomhaltóir deiridh go díreach. (b) bunaíochtaí dobharshaothraithe eile a
bhfuil riosca ard leo de dheasca na nithe seo a leanas: (i) catagóirí, speicis agus líon ainmhithe
dobharshaothraithe; (ii) cineál na bunaíochta
dobharshaothraithe; (iii) gluaiseachtaí ainmhithe
dobharshaothraithe isteach sa bhunaíocht dobharshaothraithe agus amach aisti. 2. Stadfaidh oibreoirí de ghníomhaíocht
ag bunaíocht dobharshaothraithe dá dtagraítear i mír 1 sna cásanna seo a
leanas: (a) go dtarraingíonn an t‑údarás
inniúil siar nó go gcuireann sé ar fionraí a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 182(2);
nó (b) má tugadh formheas coinníollach i
gcomhréir le hAirteagal 181(3), nach gcomhlíonann an bhunaíocht
dobharshaothraithe na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 181(3) atá le
comhlíonadh agus nach bhfaigheann sé formheas deiridh i gcomhréir le hAirteagal 182(4). 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 252 maidir
leis na rialacha maidir le bunaíochtaí dobharshaothraithe a fhormheas a
fhorlíonadh agus a leasú dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo maidir
leis na nithe seo a leanas: (a) maoluithe ón gceanglas ar oibreoirí
fhormheas a fháil do na cineálacha bunaíochta dobharshaothraithe dá dtagraítear
i mír 1(a); (b) na cineálacha bunaíochtaí
dobharshaothraithe nach mór a bheith formheasta i gcomhréir le mír 1(b). 4. Cuirfidh an Coimisiún na critéir seo
a leanas san áireamh agus gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 3 á
nglacadh acu: (a) speicis agus catagóirí ainmhithe
dobharshaothraithe a choimeádtar i mbunaíocht dobharshaothraithe; (b) cineál na bunaíochta dobharshaothraithe
agus cineál an táirgthe; (c) patrúin ghluaiseachta thipiciúla an
chineáil bunaíochta agus speicis nó catagóire ainmhithe dobharshaothraithe lena
mbaineann. 5. Féadfaidh oibreoir iarratas a
chur isteach ar ghrúpa bunaíochtaí dobharshaothraithe a fhormheas ar choinníoll
go gcomhlíontar na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 175(a) agus (b). Airteagal 175
An t‑údarás inniúil grúpa bunaíochtaí dobharshaothraithe a fhormheas Féadfaidh an t‑údarás inniúil an
formheas a thabhairt dá bhforáiltear in Airteagal 179(1) a chumhdaíonn
grúpa bunaíochtaí dobharshaothraithe, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na
coinníollacha atá leagtha síos i bpointe (a) nó i bpointe (b): (a) go bhfuil siad lonnaithe i limistéar
atá nasctha le chéile go heipidéimeolaíoch agus go n‑oibríonn na
hoibreoirí uile faoi aon chóras amháin bithshlándála; os a choinne sin, ní mór
ionaid seolta, ionaid íonúcháin agus bunaíochtaí den chineál céanna atá
lonnaithe laistigh de limistéar atá nasctha le chéile go heipidéimeolaíoch a
fhormheas ar bhonn aonarach; (b) go bhfuil an t‑aon oibreoir amháin
freagrach astu uile, agus tá siad agus (i) faoi aon chóras bithshlándála amháin; (ii) lonnaithe i ngaire gheografach le chéile I gcás ina dtugtar formheas aonair do ghrúpa
bunaíochtaí dobharshaothraithe, beidh feidhm ag na rialacha atá leagtha síos in
Airteagal 176 agus in Airteagal 178 go dtí 182 agus sna rialacha arna
nglacadh de bhun Airteagal 178(2) agus Airteagal 179(2) is infheidhme
maidir le bunaíocht dobharshaothraithe aonair maidir leis an ngrúpa bunaíochtaí
dobharshaothraithe. Airteagal 176
Stádas bunaíochtaí dobharshaothraithe comhdhúnta a fhormheas Na hoibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe
sin ar mian leo stádas bunaíochtaí comhdhúnta a fháil: (a) cuirfidh siad iarratas chuig an
údarás inniúil ar fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 178(1); (b) ní aistreoidh siad ainmhithe
dobharshaothraithe go bunaíocht dobharshaothraithe chomhdhúnta mar a
fhoráiltear in Airteagal 203(1) agus i ngach gníomh tarmligthe arna
ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 203(2) go dtí go bhfaighidh a
mbunaíocht formheas an stádais sin ón údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 179
nó Airteagal 181. Airteagal 177
Formheas bunaíochtaí rialaithe galar do bhia uisceach Áiritheoidh oibreoirí bunaíochtaí rialaithe
galar do bhia uisceach go mbeidh formheas ag a mbunaíochtaí ón údarás inniúil
ainmhithe dobharshaothraithe a mharú chun críocha rialaithe galar i gcomhréir
le hAirteagal 61(1)(b), Airteagal 62, Airteagal 68(1) agus Airteagal 78(1)
agus (2) agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 63 agus Airteagal 70(3),
Airteagal 71(3) agus Airteagal 78(3). Airteagal 178
An oibleagáid faisnéise ar oibreoirí maidir le formheas a fháil agus
gníomhartha cur chun feidhme 1. Tabharfaidh oibreoirí, chun críocha
a n‑iarratais ar fhormheas a mbunaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 174(1),
Airteagal 175, Airteagal 176(a) agus Airteagal 177 faisnéis don
údarás inniúil maidir leis na nithe seo a leanas: (a) ainm agus seoladh an oibreora; (b) láthair na saoráide agus tuairisc uirthi; (c) catagóirí, speicis agus líon ainmhithe
dobharshaothraithe sa bhunaíocht; (d) cineál na bunaíochta; (e) más ábhartha, mionsonraithe formheasa bunaíochtaí
dobharshaothraithe i gcomhréir le hAirteagal 175; (f) gnéithe eile den bhunaíocht
dobharshaothraithe atá ábhartha agus an riosca atá léi á chinneadh. 2. Cuirfidh oibreoirí bunaíochtaí dá
dtagraítear i mír 1 an t‑údarás inniúil ar an eolas faoi aon: (a) athruithe suntasacha sna bunaíochtaí a
bhaineann le nithe dá dtagraítear i mír 1(c); (b) stad le gníomhaíocht sa bhunaíocht. 3. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an bhfaisnéis
atá le tabhairt ag oibreoirí san iarratas ar fhormheas a mbunaíochta, i
gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun
feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in
Airteagal 255(2). Airteagal 179
Formheas a thabhairt agus coinníollacha le formheas agus le cumhacht a
tharmligean 1. Ní thabharfaidh an t‑údarás
inniúil formheas bunaíochtaí dobharshaothraithe dá dtagraítear in Airteagal 174(1)
agus in Airteagal 176(a) agus bunaíochtaí dobharshaothraithe rialaithe galar
dá dtagraítear in Airteagal 177 agus grúpaí bunaíochtaí dobharshaothraithe
dá dtagraítear in Airteagal 175 ach sna cásanna seo a leanas: (a) go gcomhlíonann na bunaíochtaí sin na
ceanglais, más cuí, maidir le: (i) coraintín, leithlisiú agus bearta bithshlándála
eile agus na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 9(1)(b) agus rialacha
arna nglacadh de bhun Airteagal 9(2) á gcur san áireamh acu; (ii) ceanglais faireachais dá dtagraítear in
Airteagal 22 agus más ábhartha i gcás chineál na bunaíochta agus an riosca
lena mbaineann, in Airteagal 23 agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 24; (iii) coinneáil taifead dá bhforáiltear in Airteagal 185
agus in Airteagal 187 agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 188
agus Airteagal 189; (b) go bhfuil áiseanna agus trealamh acu: (i) atá leordhóthanach maidir leis an riosca
go dtabharfar isteach agus go leathfaidh galair go dtí leibhéal neamh‑inghlactha,
agus an cineál bunaíochta dobharshaothraithe á chur san áireamh; (ii) a bhfuil toilleadh go leor iontu le
haghaidh na cainníochta ainmhithe dobharshaothraithe; (c) gan riosca neamh‑inghlactha a
theacht astu maidir le leathadh galair, agus na bearta laghdaithe riosca atá ar
bun á gcur san áireamh; (d) córas a bheith ar bun acu lenar féidir
leis an oibreoir a léiriú don údarás inniúil go gcomhlíontar na ceanglais
atá leagtha síos i bpointe (a), i bpointe (b) agus i
bpointe (c). 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 252
maidir leis na ceanglais dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo maidir
le: (a) coraintín, scoitheadh agus bearta
bithshlándála eile dá dtagraítear i mír 1(a)(i); (b) faireachas dá dtagraítear i mír 1(a)(ii); (c) saoráidí agus trealamh dá dtagraítear i mír 1(b). 3. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na
nithe seo a leanas agus é ag socrú rialacha atá le leagan síos i ngníomhartha
tarmligthe de bhun mhír 2: (a) na rioscaí le gach cineál bunaíochta; (b) speicis agus catagóirí ainmhithe
dobharshaothraithe nó uisceacha; (c) cineál an táirgthe; (d) patrúin ghluaiseachta thipiciúla an
chineáil bunaíochta dobharshaothraithe agus speiceas agus catagóirí ainmhithe a
choimeádtar sna bunaíochtaí sin. Airteagal 180
Raon feidhme formheasa bunaíochtaí Sonróidh an t‑údarás inniúil go
sainráite i ngach formheas bunaíochta dobharshaothraithe nó bunaíochta bia
uiscigh rialaithe galar a thabharfar de bhun Airteagal 178(1) cé acu de na
nithe seo a leanas a chumhdaíonn anformheas: (a) cé
na cineálacha bunaíochtaí dobharshaothraithe dá dtagraítear in Airteagal 174(1),
in Airteagal 176(a), grúpaí bunaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 175
agus bunaíochtaí rialaithe galar do bhia uiscigh dá dtagraítear in Airteagal 177,
agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 174(3)(b) a mbaineann an
formheas leo; (b) speicis
agus catagóirí ainmhithe dobharshaothraithe atá cumhdaithe ag anbhformheas. Airteagal 181
Nósanna imeachta maidir leis an údarás inniúil formheas a thabhairt 1. Cuirfidh údaráis inniúla nósanna
imeachta ar bun a mbeidh ar oibreoirí iad a leanúint agus iad ag cur iarratais
isteach ar fhormheas a mbunaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 174(1), Airteagal 176
agus Airteagal 177. 2. Ar fháil iarratais ar fhormheas dó ó
oibreoir i gcomhréir le hAirteagal 174, Airteagal 176 agus Airteagal 177,
tabharfaidh an t‑údarás inniúil cuairt ar an suíomh. 3. Féadfaidh an t‑udarás inniúil
formheas ar choinníoll a thabhairt do bhunaíocht i gcás inar cosúil, ar bhonn
iarratais an oibreora agus na cuairte a thug an t‑údarás inniúil ar an
mbunaíocht ina dhiaidh sin dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, go
gcomhlíonann sé na príomhcheanglais lena dtugtar ráthaíochtaí leordhóthanacha
nach bhfuil riosca suntasach le bunaíocht, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na
ceanglais formheasa atá le comhlíonadh dá bhforáiltear in Airteagal 179(1)
agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 179(2). 4. I gcás inar thug an t‑údarás
inniúil formheas ar choinníoll i gcomhréir le mír 3, ní thabharfaidh sé
formheas iomlán ach i gcás inar cosúil ar bhonn torthaí cuairte eile ar an suíomh
a tugadh faoi cheann trí mhí ón dáta a tugadh formheas ar choinníoll, go
gcomhlíonann an bhunaíocht na ceanglais formheasa uile dá bhforáiltear in Airteagal 179(1)
agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 179(2). I gcás inar léir ó chuairt ar an suíomh go
ndearnadh dul chun cinn go soiléir ach nach gcomhlíonann an bhunaíocht na
ceanglais sin uile fós, féadfaidh an t‑údarás inniúil síneadh a chur leis
an bhformheas ar choinníoll. Ní mhairfidh formheas coinníollach, áfach, níos mó
ná sé mhí san iomlán. Airteagal 182
An t‑údarás inniúil formheas a athbhreithniú, a chur ar fionraí agus a
tharraingt siar 1. Déanfaidh an t‑údarás inniúil
gach formheas bunaíochta dobharshaothraithe agus bunaíochta rialaithe galar do
bhia uisceach arna thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 179(1) a
athbhreithniú ar bhonn leanúnach. 2. I gcás ina sainaithníonn an t‑údarás
inniúil easnaimh thromchúiseacha ar an mbunaíocht maidir leis na ceanglais atá
leagtha amach in Airteagal 179(1) agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 179(2)
a chomhlíonadh agus nach féidir leis an oibreoir ráthaíochtaí
leordhóthanacha a thabhairt go réiteofar na heasnaimh sin, tionscnóidh an t‑údarás
inniúil nósanna imeachta chun formheas na bunaíochta a tharraingt siar. Os a choinne sin, féadfaidh an t‑údarás
inniúil formheas na bunaíochta a chur ar fionraí i gcás inar féidir leis na oibreoir ráthaíocht
a thabhairt go réiteoidh sé easnaimh laistigh de thréimhse réasúnta. 3. Ní thabharfadh formheas ar ais i
ndiaidh tarraingt siar nó cur ar fionraí i gcomhréir le mír 2 ach i gcás
ina mbeidh an t‑údarás inniúil sásta go gcomhlíonann an bhunaíocht
ceanglais uile an Rialacháin seo a oireann don chineál sin bunaíochta go
hiomlán. Roinn 3
Clár na n‑údarás inniúil maidir le bunaíochtaí dobharshaothraithe agus
bunaíochtaí rialaithe galar bia uiscigh Airteagal 183
Clár na mbunaíochtaí dobharshaothraithe agus na mbunaíochtaí rialaithe galar
bia uiscigh 1. Bunóidh an t‑údarás inniúil
agus coinneoidh sé cothrom le dáta clár: (a) de na bunaíochtaí dobharshaothraithe uile
arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 171; (b) de na bunaíochtaí dobharshaothraithe uile
arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 179(1); (c) de na bunaíochtaí rialaithe galar bia
uiscigh arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 179(1). 2. I gclár na mbunaíochtaí
dobharshaothraithe dá bhforáiltear i mír 1, beidh faisnéis maidir leis na
nithe seo a leanas: (a) ainm agus seoladh an oibreora agus a
uimhir clárúcháin; (b) láthair gheografach na bunaíochta
dobharshaothraithe nó, más infheidhme, an ghrúpa bunaíochtaí
dobharshaothraithe; (c) cineál an táirgthe sa bhunaíocht; (d) soláthar agus doirteadh uisce na
bunaíochta, más ábhartha; (e) speicis na n‑ainmhithe
dobharshaothraithe ar coimeád sa bhunaíocht; (f) faisnéis atá cothrom le dáta maidir le
stádas sláinte na bunaíochta dobharshaothraithe cláraithe nó, más infheidhme,
an ghrúpa bunaíochtaí, i dtaca leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d). 3. I gcás bunaíochtaí arna bhformheas i
gcomhréir le hAirteagal 179(1), cuirfidh an t‑údarás inniúil an
fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1(a), (c), (e) agus (f) den Airteagal seo
ar a laghad ar fáil don phobal. 4. Más oiriúnach agus más ábhartha,
féadfaidh an t‑údarás inniúil an clárú dá bhforáiltear i mír 1 a
chur agus clárú chun críoch eile a chur le chéile. Airteagal 184
Cumhachtaí agus gníomhartha cur chun feidhme maidir le clár na mbunaíochtaí
dobharshaothraithe a tharmligean 1. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 254
maidir leis na nithe seo a leanas: (a) an fhaisnéis atá le bheith i gclár na
mbunaíochtaí dobharshaothraithe dá bhforáiltear in Airteagal 183(1); (b) an clár bunaíochtaí sin a bheith ar fáil
ag an bpobal. 2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha tarmligthe, rialacha a leagan síos maidir le formáid an chláir
bunaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 183(1) agus (3) agus na nósanna
imeachta a bhaineann leis. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Roinn 4
Taifid a choinneáil agus inrianaitheacht Airteagal 185
Na hoibleagáidí ar oibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe maidir le taifid a
choinneáil 1. Déanfaidh oibreoirí bunaíochtaí
dobharshaothraithe atá faoi réir clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 171
nó formheasta i gcomhréir le hAirteagal 179(1) taifid cothrom le dáta a
choinneáil ina bhfuil an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad: (a) gluaiseachtaí uile na n‑ainmhithe
dobharshaothraithe agus na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch arna bhfáil ó na
hainmhithe sin isteach sa bhunaíocht dobharshaothraithe agus amach aisti, ina
bhfuil na nithe seo a leanas luaite, más oiriúnach: (i) a n‑áit tionscnaimh nó a gceann
scríbe; (ii) dátaí na ngluaiseachtaí sin; (b) na deimhnithe sláinte ainmhithe i bhfoirm
páipéir nó leictreonach a gceanglaítear go ngabhfaidh siad leis na
gluaiseachtaí ainmhithe dobarshaothraithe agus iad ag teacht isteach sa
bhunaíocht i gcomhréir le hAirteagal 208 agus rialacha arna nglacadh le hAirteagal 211(b)
agus (c) agus Airteagal 213(2); (c) an ráta báis i ngach aonad
eipidéimeolaíoch agus fadhbanna galair eile sa bhunaíocht dobharshaothraithe de
réir mar is ábhartha don chineál táirgthe; (d) bearta bithshlándála, faireachas,
cóireálacha, torthaí tástála agus faisnéis eile is ábhartha, mar a oireann do
na nithe seo a leanas: (i) catagóir agus speiceas na n‑ainmhithe
dobharshaothraithe sa bhunaíocht; (ii) cineál an táirgthe ag an mbunaíocht
dobharshaothraithe; (iii) cineál na bunaíochta
dobharshaothraithe; (e) torthaí na gcuairteanna sláinte
ainmhithe, má cheanglaítear sin i gcomhréir le hAirteagal 23(1) agus
rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 24; 2. Déanfaidh oibreoirí bunaíochtaí
dobharshaothraithe: (a) an fhaisnéis a thaifeadadh dá
bhforáiltear i mír 1(a) ionas gur féidir a ráthú go rianófar áit
tionscnaimh agus ceann scríbe ainmhithe uisceacha. (b) an fhaisnéis a choinneáil dá bhforáiltear
i mír 1 maidir leis an mbunaíocht dobharshaothraithe agus é a cur ar fáil
don údarás inniúil má iarrann sé sin; (c) an fhaisnéis a choinneáil dá bhforáiltear
i mír 1 ar feadh íostréimhse atá le socrú ag an údarás inniúil, ach nach
bhféadfaidh bheith faoi bhun trí bliana. Airteagal 186
An oibleagáid ar bhunaíochtaí rialaithe galar do bhia uisceach taifid a
choinneáil 1. Déanfaidh oibreoirí bunaíochtaí
rialaithe galar do bhia uisceacha atá faoi réir formheasa i gcomhréir le hAirteagal 117
taifid cothrom le dáta a choinneáil ar gach gluaiseacht ainmhithe
dobharshaothraithe, agus táirgí de thionscnamh ainmhithe a fuarthas ó na hainmhithe
sin, isteach sna bunaíochtaí sin agus amach astu. 2. Déanfaidh bunaíochtaí rialaithe
galar do bhia uisceach: (a) na taifid a choinneáil dá bhforáiltear i mír 1
maidir leis an mbunaíocht rialaithe galar do bhia uisceach agus iad a cur ar
fáil don údarás inniúil má iarrann sé sin; (b) na taifid a choinneáil dá bhforáiltear i mír 1
ar feadh íostréimhse atá le socrú ag an údarás inniúil, ach nach bhféadfaidh
bheith faoi bhun trí bliana. Airteagal 187
An oibleagáid ar iompróirí taifid a choinneáil 1. Déanfaidh iompróirí ainmhithe
dobharshaothraithe agus ainmhithe uisceacha fiáine a bhfuil sé beartaithe iad a
dhobharshaothrú taifid cothrom le dáta a choinneáil ar an nithe seo a leanas: (a) rátaí báis na n‑ainmhithe
dobharshaothraithe agus na n‑ainmhithe uisceacha fiáine le linn a n‑iompartha,
de réir mar is féidir i gcás an chineáil iompair agus na speiceas ainmhithe
dobharshaothraithe agus ainmhithe uisceacha fiáine a bheidh á n‑iompar; (b) bunaíochtaí dobharshaothraithe agus
bunaíochtaí rialaithe galar do bhia uisceach ar a dtabharfaidh an modh iompair
cuairt; (c) aon mhalartú uisce a rinneadh le
linn iompair, agus na foinsí uisce nua agus suímh an scaoilte uisce á sonrú acu. 2. Déanfaidh iompróirí: (a) na taifid a choinneáil dá bhforáiltear i mír 1
agus iad a chur ar fáil don údarás inniúil má iarrann sé sin; (b) na taifid a choinneáil dá bhforáiltear i mír 1
ar feadh íostréimhse atá le socrú ag an údarás inniúil, ach nach bhféadfaidh
bheith faoi bhun trí bliana. Airteagal 188
Cumhachtaí a tharmligean maidir le taifid a choinneáil 1. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le rialacha lena bhforlíontar na ceanglais choinneála taifead dá
bhforáiltear in Airteagal 185, in Airteagal 186 agus in Airteagal 187,
lena leagfar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas: (a) maoluithe ó na ceanglais choinneála
taifead maidir leis na nithe seo a leanas: (i) oibreoirí catagóirí áirithe bunaíochtaí
dobharshaothraithe agus iompróirí; (ii) bunaíochtaí dobharshaothraithe ina
gcoimeádtar líon beag ainmhithe nó iompróirí a iompraíonn líon beag ainmhithe; (iii) catagóirí nó speicis áirithe ainmhithe; (b) faisnéis atá le taifeadadh ag oibreoirí
sa bhreis ar an bhfaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 185(1), in Airteagal 186(1)
agus in Airteagal 187(1); (c) an íostréimhse a bhfuil sé ceangailte
taifid dá bhforáiltear in Airteagal 185, in Airteagal 186 agus in Airteagal 187
a choinneáil lena linn. 2. Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a
leanas san áireamh agus na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 1
á nglacadh acu: (a) na rioscaí le gach cineál bunaíochta
dobharshaothraithe; (b) catagóirí agus speicis na n‑ainmhithe
dobharshaothraithe sa bhunaíocht dobharshaothraithe; (c) cineál táirgthe na bunaíochta; (d) patrúin ghluaiseachta thipiciúla an
chineáil bunaíochta dobharshaothraithe nó bunaíochta rialaithe galar do bhia
uisceach; (e) líon nó toirt na n‑ainmhithe
dobharshaothraithe sa bhunaíocht nó á n‑iompar. Airteagal 189
Cumhachtaí cur chun feidhme maidir le taifid a choinneáil Féadfaidh an
Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos
maidir leis na nithe seo a leanas: (a) formáid na dtaifead atá le coinneáil
i gcomhréir le hAirteagal 185, Airteagal 186 agus Airteagal 187; (b) na taifid sin a choinneáil go
leictreonach; (c) sonraíochtaí oibríochtúla maidir le
taifid a choinneáil. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme
sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Caibidil 2
Gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha seachas ainmhithe uisceacha atá ina
bpeataí laistigh den Aontas Roinn 1
Ceanglais Ghinearálta Airteagal 190
Ceanglais ghinearálta maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha 1. Déanfaidh oibreoirí bearta
coisctheacha cuí chun a áirithiú nach gcuirfidh gluaiseacht ainmhithe uisceacha
an stádas sláinte ag an gceann scríbe i gcontúirt maidir leis na nithe seo a
leanas: (a) na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d); (b) galair atá ag teacht chun cinn. 2. Ní
aistreoidh oibreoirí ainmhithe uisceacha isteach i mbunaíocht
dobharshaothraithe nó iad a chur ar fáil mar bhia do dhaoine nó iad a
scaoileadh amach san fhiadhúlra i gcás ina bhfuil na hainmhithe uisceacha sin
faoi réir: (a) srianta gluaiseachta a bhfuil feidhm acu
ar an gcatagóir agus ar an speiceas lena mbaineann i gcomhréir le rialacha atá
leagtha síos in Airteagal 55(1), in Airteagal 56, in Airteagal 61(1),
in Airteagal 64, in Airteagal 65, in Airteagal 70(1) agus (2),
in Airteagal 74(2), in Airteagal 78(1) agus (2), in Airteagal 80(1)
agus (2) agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 247, Airteagal 63,
Airteagal 67, Airteagal 70(3), Airteagal 71(3), Airteagal 74(3),
Airteagal 79, Airteagal 80(4) agus Airteagal 81(2); nó (b) na mbeart éigeandála atá leagtha síos in Airteagal 244
agus in Airteagal 247 agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 248. Thairis sin, féadfaidh oibreoirí na hainmhithe sin
a aistriú i gcás ina bhforáiltear do mhaoluithe ó na srianta gluaiseachta leis
na gluaiseachtaí sin i dTeideal II de Roinn III nó de Roinn VI
nó maoluithe ó bhearta éigeandála arna nglacadh de bhun Airteagal 248. 3. Déanfaidh
oibreoirí na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcoinsíneofar ainmhithe
uisceacha, i ndiaidh dóibh a n‑áit tionscnaimh a fhágáil, gan mhoill go
dtí an ceann scríbe deiridh. Airteagal 191
Bearta coiscthe galar a bhaineann le hiompar agus gníomhartha tarmligthe 1. Déanfaidh oibreoirí na bearta
coiscthe galar is cuí agus is gá chun a áirithiú: (a) nach gcuirfear i gcontúirt stádas sláinte
ainmhithe uisceacha le linn a n‑iompartha; (b) nach cúis iad oibríochtaí iompair
ainmhithe uisceacha le leathadh féideartha galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d)
go dtí daoine nó ainmhithe ag áiteanna ar an mbealach agus ag cinn scríbe; (c) go ndéanfar bearta maidir le glanadh,
díghalrú agus dímhíolú trealaimh agus modhanna iompair agus bearta eile
bhithshlándála leordhóthanacha, de réir mar a oireann do na rioscaí atá leis an
iompar. (d) go ndéanfar aon mhalartuithe uisce le
linn iompair ainmhithe uisceacha a bhfuil sé beartaithe iad a dhobharshaothrú
ag áiteanna agus i gcúinsí nach gcuirfidh i gcontúirt stádas sláinte na n‑ainmhithe
seo a leanas maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d): (i) na hainmhithe uisceacha a bheidh á n‑iompar; (ii) aon ainmhithe uisceacha ar an mbealach
go dtí an ceann scríbe; (iii) ainmhithe uisceacha ag an gceann
scríbe. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na nithe seo a leanas: (a) glanadh, díghalrú agus dímhíolú trealaimh
agus modhanna iompair i gcomhréir le mír 1(c) agus úsáid táirgí bithicíde
chun na gcríoch sin; (b) bearta bithshlándála cuí eile le linn
iompair dá bhforáiltear i mír 1(c). (c) malartuithe uisce le linn iompair dá
bhforáiltear i mír 1(d). Airteagal 192
Athrú ar an úsáid atá beartaithe 1. Ní úsáidfear ainmhithe uisceacha a
aistreofar chun a ndíothaithe nó chun a marfa i gcomhréir leis na bearta dá
dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) chun aon chríche eile: (a) bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in
Airteagal 31(1) agus in Airteagal 55(1), in Airteagail 56, 61, 62,
64, 65, 67 agus 70, in Airteagal 74(1) agus in Airteagal 78 agus in Airteagal 80
agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 63
agus Airteagal 66, Airteagal 70(3) agus Airteagal 71(3) agus Airteagal 74(3),
Airteagal 79 agus Airteagal 80(3) agus Airteagal 81(2); (b) bearta éigeandála dá bhforáiltear in Airteagal 246
agus in Airteagal 247 agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 248. 2. Ní úsáidfear ainmhithe uisceacha a
aistrítear mar bhia don duine, le haghaidh dobharshaothrú, lena scaoileadh
amach san fhiadhúlra nó chun aon chríche sonraí eile chun aon chríche seachas
an chríoch atá beartaithe. Airteagal 193
Na hoibleagáidí ar oibreoirí ag an gceann scríbe 1. Déanfaidh oibreoirí bunaíochtaí agus
bunaíochtaí ghnó an bhia a ghlacann ainmhithe dobharshaothraithe: (a) a sheiceáil go bhfuil ceann de na
doiciméid seo a leanas ar fáil: (i) na deimhnithe sláinte ainmhithe dá
bhforáiltear in Airteagal 208(1), in Airteagal 209 agus in Airteagal 224(1)
agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 188, Airteagal 211
agus Airteagal 213; (ii) na doiciméid féindearbhúcháin dá
bhforáiltear in Airteagal 218(1) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 218(3)
agus (4); (b) an t‑údarás inniúil a chur ar an
eolas faoi aon mhírialtacht maidir leis na nithe seo a leanas: (i) na hainmhithe dobharshaothraithe arna
nglacadh; (ii) na doiciméid dá dtagraítear i bpointe (a)
(i) agus (ii) a bheith ar fáil. 2. Má bhíonn aon mhírialtacht ann dá
dtagraítear i mír 1(b), leithliseoidh an t‑oibreoir na
hainmhithe dobharshaothraithe lena mbaineann an mhírialtacht sin go dtí go
ndéanfaidh an t‑údarás inniúil cinneadh ina leith. Airteagal 194
Ceanglais ghinearálta maidir le gluaiseachtaí ainmhithe dobharshaothraithe a
thrasnaíonn Ballstáit ach a bhfuil beartaithe iad a onnmhairiú as an Aontas go
tríú tíortha nó go tríú críocha Áiritheoidh oibreoirí go gcomhlíonfaidh
ainmhithe dobharshaothraithe a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú go tríú
tír nó go tríú críoch agus a thrasnaíonn críoch Ballstát eile na ceanglais atá
leagtha síos in Airteagal 190, in Airteagal 191 agus in Airteagal 192. Roinn 2
Ainmhithe uisceacha a bhfuil sé beartaithe iad a chur i mbunaíochtaí
dobharshaothraithe nó iad a scaoileadh san fhiadhúlra Airteagal 195
Báis mhínormálta nó comharthaí sóirt galar eile 1. Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe
uisceacha ó bhunaíocht dobharshaothraithe nó ón bhfiadhúlra chuig bunaíocht
dobharshaothraithe eile nó ní scaoilfidh siad amach san fhiadhúlra iad más de
thionscnaimh bunaíochta nó timpeallachta dobharshaothraithe iad ina bhfuil: (a) báis mhínormálta; nó (b) comharthaí sóirt galar tromchúiseach eile
nár fionnadh cad is cúis leo. 2. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh
an t‑údarás inniúil an ghluaiseacht sin nó an scaoileadh amach sin san
fhiadhúlra a údarú, ar bhonn meastóireachta rioscaí, ar choinníoll gur de
thionscnamh cuid den bhunaíocht dobharshaothraithe nó an fhiadhúlra na
hainmhithe uisceacha sin atá neamhspleách ar an aonad eipidéimeolaíoch inar
tharla na báis mhínormálta nó na comharthaí sóirt galar eile. Airteagal 196
Gluaiseacht ainmhithe dobharshaothraithe a bhfuil sé beartaithe iad a chur go
Ballstáit, criosanna nó deighleoga ar dearbhaíodh ina leith go raibh siad saor
ó ghalair nó atá faoi réir clár díothaithe agus gníomhartha tarmligthe 1. Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe
dobharshaothraithe ó bhunaíocht dobharshaothraithe chun na gcríoch dá
dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den Airteagal seo ach más
de thiosncnamh Ballstáit, nó creasa nó deighleoige iontu na hainmhithe
dobharshaothraithe sin ar dearbhaíodh ina leith go bhfuil sé saor ó ghalair i
gcomhréir le hAirteagal 36(3) nó Airteagal 37(4) maidir le galair
liostaithe agus gur de speicis liostaithe do na galair liostaithe sin iad agus: (a) go bhfuil na hainmhithe
dobharshaothraithe sin le tabhairt isteach i mBallstát, nó i gcrios nó i
ndeighleog inti: (i) ar dearbhaíodh ina leith go bhfuil sé
saor ó ghalair i gcomhréir le hAirteagal 36(3) nó Airteagal 37(4); nó (ii) atá faoi réir cláir dhíothaithe dá
bhforáiltear in Airteagal 30(1) agus (2) maidir le ceann amháin nó níos mó
de na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) agus (c); (b) go bhfuil sé beartaithe: (i) iad a chur go bunaíocht
dobharshaothraithe faoi réir: –
clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 171: nó –
formheasta i gcomhréir le hAirteagail 174, 175,
176 agus 177; nó (ii) iad a scaoileadh amach san fhiadhúlra. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le maoluithe ó na ceanglais ghluaiseachta nó scaoilte amach i mír 1
den Airteagal seo, nach bhfuil riosca suntasach leo maidir le leathadh galar
liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) de dheasca na nithe seo a
leanas: (a) speicis, catagóirí agus céim bheatha na n‑ainmhithe
dobharshaothraithe; (b) cineál na bunaíochta tionscnaimh agus
cineál na bunaíochta cinn scríbe; (c) an úsáid atá beartaithe i leith na n‑ainmhithe
dobharshaothraithe; (d) ceann scríbe na n‑ainmhithe
dobharshaothraithe; (e) cóireálacha, modhanna próiseála agus
bearta laghdaithe riosca ar leith eile a chuirtear i bhfeidhm ag an áit
tionscnaimh nó ag an gceann scríbe. Airteagal 197
Maoluithe ó na Ballstáit ón oibleagáid ar oibreoirí maidir le gluaiseacht
ainmhithe dobharshaothraithe idir na Ballstáit, na criosanna nó na deighleoga
atá faoi raon feidhme cláir dhíothaithe De mhaolú ar Airteagal 196(1), féadfaidh
na Ballstáit údarás a thabhairt d'oibreoirí ainmhithe dobharshaothraithe a
aistriú isteach i gcrios nó i ndeighleog i mBallstát eile ar bunaíodh clár
díothaithe ina leith i gcomhréir le hAirteagal 30(1) agus (2) maidir leis
na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) agus (c), ó chrios
nó ó dheighleog eile ar bunaíodh clár den chineál sin ina leith freisin maidir
leis na galair liostaithe chéanna, ar choinníoll nach gcuirfidh an ghluaiseacht
sin stádas sláinte an Bhallstáit, an chreasa nó na deighleoige cinn scríbe i
gcontúirt. Airteagal 198
Bearta a dhéanann na Ballstáit maidir le hainmhithe dobharshaothraithe a
scaoileadh amach san fhiadhúlra Féadfaidh na Ballstáit é a cheangal nach
scaoilfear ainmhithe dobharshaothraithe amach san fhiadhúlra ach más de
thionscnamh Ballstáit, creasa nó deighleoige iad ar dearbhaíodh ina leith go
bhfuil sé saor ó ghalair i gcomhréir le hAirteagal 36(1) nó Airteagal 37(1)
maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) agus
(c) más speiceas liostaithe é an speiceas ainmhithe dobharshaothraithe atá le
haistriú i gcás na ngalar sin, is cuma cén stádas sláinte atá ag an limistéar
ina bhfuil na hainmhithe dobharshaothraithe le scaoileadh amach. Airteagal 199
Gluaiseacht ainmhithe uisceacha fiáine a bhfuil sé beartaithe iad a chur go Ballstáit,
criosanna nó deighleoga ar dearbhaíodh ina leith go raibh siad saor ó ghalair
nó atá faoi réir clár díothaithe agus gníomhartha tarmligthe 1. Beidh feidhm ag Airteagal 196
agus ag Airteagal 197 ar ghluaiseachtaí ainmhithe uisceacha fiáine a
bhfuil sé beartaithe iad a chur go bunaíocht dobharshaothraithe nó go bunaíocht
bhia uisceach rialaithe galar atá faoi réir: (a) clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 171:
nó (b) formheas i gcomhréir le hAirteagail 174
go dtí177; 2. Déanfaidh
oibreoirí bearta coiscthe galar agus iad ag aistriú ainmhithe uisceacha fiáine
idir ghnáthóga ionas nach mbeidh riosca suntasach leis na gluaiseachtaí sin
maidir le leathadh galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) i
gcás ainmhithe uisceacha ag an gceann scríbe. 3. Tabharfar
de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na bearta coiscthe galar atá le déanamh ag oibreoirí dá
bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo. Roinn 3
Ainmhithe uisceacha atá beartaithe a bheith mar bhia ag an duine Airteagal 200
Gluaiseacht ainmhithe dobharshaothraithe a bhfuil sé beartaithe iad a chur go
Ballstáit, criosanna nó deighleoga ar dearbhaíodh ina leith go raibh siad saor
ó ghalair nó atá faoi réir clár díothaithe agus gníomhartha tarmligthe 1. Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe
dobharshaothraithe ó bhunaíocht dobharshaothraithe chun na gcríoch dá
dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den mhír seo ach más de
thionscnamh Ballstáit, creasa nó deighleoige na hainmhithe dobharshaothraithe
sin ar dearbhaíodh ina leith go bhfuil sé saor ó ghalair i gcomhréir le hAirteagal 36(3)
nó Airteagal 37(4) maidir le galair liostaithe agus gur de speicis
liostaithe do na galair liostaithe sin iad agus: (a) go bhfuil siad le tabhairt isteach i
mBallstát, nó i gcrios nó i ndeighleog ann ar dearbhaíodh ina leith go bhfuil
sé saor ó ghalar i gcomhréir le hAirteagal 36(3) nó Airteagal 37(4)
nó ar bunaíodh clár díothaithe ina leith i gcomhréir le hAirteagal 30(1)
nó (2) maidir le ceann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear
in Airteagal 8(1)(b) agus (c); (b) atá beartaithe a bheith mar bhia ag an
duine; 2. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal
seo, féadfaidh na Ballstáit údarás a thabhairt d'oibreoirí ainmhithe
dobharshaothraithe a thabhairt isteach i gcrios nó i ndeighleog ar bunaíodh
clár díothaithe ina leith maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b)
agus (c) i gcomhréir le hAirteagal 30(1) agus (2), ó chrios nó ó
dheighleog eile ar bunaíodh clár den chineál sin ina leith freisin maidir leis
na galair liostaithe chéanna, ar choinníoll nach gcuirfidh an ghluaiseacht sin
stádas sláinte an Bhallstáit, nó an chreasa nó na deighleoige ann atá i
gcontúirt. 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 252
maidir leis na maoluithe ó na ceanglais ghluaiseachta dá bhforáiltear i mír 2
den Airteagal seo maidir leis na gluaiseachtaí ainmhithe dobharshaothraithe
nach bhfuil riosca suntasach leo maidir le leathadh galar de dheasca na nithe
seo a leanas: (a) speicis, catagóirí agus céim bheatha na n‑ainmhithe
dobharshaothraithe; (b) na modhanna ar a gcoimeádtar na hainmhithe
dobharshaothraithe agus an cineál táirgthe sna bunaíochtaí dobharshaothraithe
tionscnaimh agus cinn scríbe; (c) an úsáid atá beartaithe i leith na n‑ainmhithe
dobharshaothraithe; (d) ceann scríbe na n‑ainmhithe
dobharshaothraithe; (e) cóireálacha, modhanna próiseála agus
bearta laghdaithe riosca ar leith eile a chuirtear i bhfeidhm ag an áit
tionscnamh nó ag an gceann scríbe. Airteagal 201
Gluaiseacht ainmhithe uisceacha fiáine a bhfuil sé beartaithe iad a chur go
Ballstáit, criosanna nó go deighleoga ar dearbhaíodh ina leith go raibh siad
saor ó ghalair nó atá faoi réir clár díothaithe agus gníomhartha tarmligthe 1. Beidh feidhm ag Airteagal 200(1)
agus (2) agus ag na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 200(3)
freisin ar ghluaiseachtaí ainmhithe uisceacha fiáine atá beartaithe lena
gcaitheamh ag an duine agus a bhfuil sé beartaithe iad a chur go Ballstáit, nó
criosanna nó deighleoga iontu ar dearbhaíodh ina leith go bhfuil siad saor ó
ghalair i gcomhréir le hAirteagal 36(3) nó Airteagal 37(4) nó atá
faoi raon feidhme cláir dhíothaithe i gcomhréir le hAirteagal 30(1) nó (2),
i gcás ina bhfuil gá leis na bearta sin chun a áirithiú nach mbeidh riosca
suntasach leis na hainmhithe uisceacha sin maidir le leathadh galar liostaithe
dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) go dtí ainmhithe uisceacha ag an
gceann scríbe. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le ceanglais ghluaiseachta i dtaca le hainmhithe uisceacha fiáine atá
beartaithe lena gcaitheamh ag an duine lena bhforlíontar mír 1 den Airteagal
seo. Roinn 4
Ainmhithe uisceacha nach bhfuil beartaithe iad a chur go bunaíochtaí, iad a
scaoileadh amach san fhiadhúlra nó a chaitheamh ag an duine Airteagal 202
Gluaiseacht ainmhithe uisceacha nach bhfuil beartaithe iad a chur go
bunaíochtaí, iad a scaoileadh amach san fhiadhúlra nó a chaitheamh ag an duine
agus gníomhartha tarmligthe 1. Déanfaidh oibreoirí na bearta
coisctheacha is gá chun a áirithiú nach mbeidh riosca suntasach le
gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha, nach bhfuil sé beartaithe iad a chur go
bunaíochtaí, a scaoileadh amach san fhiadhúlra nó a chaitheamh ag an duine,
maidir le leathadh galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) go
hainmhithe uisceacha ag an gceann scríbe. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na bearta coisctheacha dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo
chun a áirithiú nach leathfaidh ainmhithe uisceacha na galair dá dtagraítear in
Airteagal 8(1)(d), agus iad ag cur na nithe dá dtagraítear i mír 3
den Airteagal seo san áireamh san am céanna. 3. Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a
leanas san áireamh agus na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 2
á nglacadh acu: (a) na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d)
is ábhartha don speiceas nó don chatagóir ainmhithe uisceacha atá liostaithe; (b) an stádas sláinte maidir le galair
liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) ag na deighleoga, ag na
criosanna nó ag na Ballstáit tionscnaimh nó chinn scríbe; (c) na háiteanna tionscnaimh agus na cinn
scríbe; (d) cineál ghluaiseachtaí na n‑ainmhithe
uisceacha; (e) speicis agus catagóirí na n‑ainmhithe
uisceacha; (f) aois na n‑ainmhithe uisceacha; (g) fachtóirí eipidéimeolaíocha
eile. Roinn 5
Maoluithe ó ranna 1 go dtí 4 agus Bearta breise laghdaithe riosca Airteagal 203
Ainmhithe uisceacha a bhfuil sé beartaithe iad a chur i mbunaíochtaí comhdhúnta
agus gníomhartha tarmligthe 1. Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe
uisceacha go bunaíocht dobharshaothraithe chomhdhúnta ach má chomhlíonann siad
na coinníollacha seo a leanas: (a) go bhfuil siad de thionscnamh bunaíochta
comhdhúnta dobharshaothraithe eile; (b) nach bhfuil riosca suntasach leo maidir
le galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(d) a leathadh go dtí
speicis nó catagóirí ainmhithe sa bhunaíocht chomhdhúnta cinn scríbe, ach
amháin i gcás ina bhfuil an ghluaiseacht sin ceadaithe chun críoch eolaíoch. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na nithe seo a leanas: (a) ceanglais mhionsonraithe maidir le
gluaiseachtaí ainmhithe dobharshaothraithe isteach i mbunaíochtaí
dobharshaothraithe chomhdhúnta sa bhreis ar na ceanglais dá bhforáiltear i mír 1
den Airteagal seo. (b) rialacha sonracha maidir le gluaiseachtaí
ainmhithe dobharshaothraithe isteach i mbunaíochtaí dobharshaothraithe
comhdhúnta i gcás ina ráthaíonn na bearta laghdaithe riosca atá ar bun nach
bhfuil riosca suntasach leis na gluaiseachtaí sin maidir le sláinte ainmhithe
dobharshaothraithe laistigh den bhunaíocht dobharshaothraithe chomhdhúnta sin
agus de na bunaíochtaí máguaird. Airteagal 204
Maoluithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha chun críoch eolaíoch agus
gníomhartha tarmligthe 1. Féadfaidh údarás inniúil an chinn
scríbe, faoi réir toiliú ó údarás inniúil na háite tionscnaimh, gluaiseachtaí
ainmhithe uisceacha isteach ina gcríoch nach gcomhlíonann ceanglais Ranna 1
go dtí 4 seachas Airteagal 190(1) agus (3) agus Airteagal 191, Airteagal 192
agus Airteagal 193 a údarú chun críoch eolaíoch. 2. Ní thabharfaidh na húdaráis inniúla
ach maoluithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha chun críoch eolaíocha
dá bhforáiltear i mír 1 ar na coinníollach seo a leanas: (a) go bhfuil na nithe seo a leanas déanta ag
údaráis inniúla an chinn scríbe agus na háite tionscnaimh: (i) gur chomhaontaigh siad maidir le
coinníollacha na ngluaiseachtaí sin; (ii) go ndearna siad na bearta laghdaithe
riosca is gá chun a áirithiú nach gcuirfidh gluaiseachtaí na n‑ainmhithe
uisceacha sin stádas sláinte na n‑aiteanna ar an mbealach agus an ceann
scríbe i gcontúirt maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d); (iii) gur thug siad, más ábhartha, fógra
d’údarás inniúil na mBallstáit trasnaithe i leith an maolú a tugadh agus na
coinníollacha faoina bhfuil an t‑údarás sin tugtha; (b) go dtarlaíonn gluaiseachtaí na n‑ainmhithe
uisceacha sin faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na háite tionscnaimh agus an
chinn scríbe agus, más ábhartha, údarás inniúil an Bhallstáit trasnaithe. 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir
leis na rialacha maidir le bunaíochtaí dobharshaothraithe a leasú agus a
fhorlíonadh dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo. Airteagal 205
Tarmligean cumhachta a bhaineann le ceanglais agus maoluithe sonracha maidir le
taispeántais, zúnna, siopaí peataí, linnte gairdín, uisceadáin tráchtála agus
mórdhíoltóirí Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le: ceanglas sonrach lena bhforlíontar na
rialacha arna leagan síos i Ranna 1 go dtí 4 agus na rialacha maidir le
gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha chun na gcríoch seo a leanas: (a) ó zúnna, ó shiopaí peataí agus ó
mhórdhíoltóirí; (b) taispeántais agus imeachtaí spóirt,
cultúrtha agus imeachtaí eile den chineál sin, nó (c) atá beartaithe a chur in uisceadáin
tráchtála; maoluithe ó Ranna 1 go dtí 4 seachas Airteagal 190(1)
go dtí (3) agus Airteagal 191, Airteagal 192 agus Airteagal 193
maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha dá dtagraítear i bpointe (a). Airteagal 206
Cumhacht cur chun feidhme i gcás maoluithe sealadacha maidir le gluaiseachtaí
speiceas sonracha nó catagóirí ainmhithe uisceacha Leagfaidh an
Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha maidir le
maoluithe sealadacha ón na rialacha atá leagtha síos sa Chaibidil seo maidir le
gluaiseachtaí speiceas sonrach nó catagóirí sonracha ainmhithe uisceacha sna
cásanna seo a leanas: (a) nach
laghdaíonn na ceanglais ghluaiseachta dá bhforáiltear in Airteagal 195, in
Airteagal 196(1), in Airteagal 197 agus in Airteagal 198, in Airteagal 199(1)
agus (2), in Airteagal 200, agus in Airteagail 201(1), 202(1), 203(1),
204(1) agus (2) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagail 196(2),
199(3), 201(2), 202(2), 203(2) agus 204(3) agus Airteagal 205 na rioscaí
atá le gluaiseachtaí áirithe de chuid na n‑ainmhithe uisceacha sin go
héifeachtúil. nó (b) gur
cosúil go bhfuil an galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) á
leathadh d’ainneoin na gceanglas arna leagan síos i gcomhréír le Ranna 1
go dtí 5. Glacfar
na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta
scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Ar mhórchúiseanna
práinne ar tugadh bonn cirt cuí leo a bhaineann le riosca tionchair
sárshuntasaigh a bheith le galar liostaithe agus na nithe dá dtagraítear in Airteagal 205,
glacfaidh an Coimisiún láithreach gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme
láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 255(3). Airteagal 207
Nithe le cur san áireamh agus gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme á
nglacadh dá bhforáiltear sa Roinn seo Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas
san áireamh agus é ag socrú na rialacha atá le leagan síos sna gníomhartha
tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 203(2), in Airteagal 204(3),
in Airteagal 205 agus in Airteagal 206: (a) na rioscaí atá leis an ngluaiseacht; (b) an stádas sláinte maidir le galair
liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) ag na háiteanna tionscnaimh
nó cinn scríbe; (c) speicis ainmhithe uisceacha
liostaithe a bhaineann leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d); (d) bearta bithshlándala atá ar bun; (e) aon choinníollacha sonracha faoina
gcoimeádtar na hainmhithe dobharshaothraithe; (f) patrúin ghluaiseachta shonracha an
chineáil bunaíochta agus speicis nó catagóire ainmhithe dobharshaothraithe lena
mbaineann; (g) fachtóirí eipidéimeolaíocha
eile. Roinn 6
sláinte ainmhithe a Dheimhniú Airteagal 208
An oibleagáid ar oibreoirí a áirithiú go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe
le hainmhithe uisceacha 1. Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe
dobharshaothraithe ach má ghabhann deimhniú sláinte ainmhithe leo arna eisiúint
ag an údarás inniúil ag an áit tionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 216(1)
i gcás inar de speicis liostaithe iad maidir leis na galair liostaithe dá
dtagraítear i bpointe (a) agus go bhfuil siad á n‑aistriú chun ceann
de na críocha seo a leanas: (a) go bhfuil sé beartaithe iad tabhairt
isteach i mBallstát, nó i gcrios nó i ndeighleog iontu ar dearbhaíodh ina leith
go bhfuil sé saor ó ghalar i gcomhréir le hAirteagal 36(3) nó Airteagal 37(4)
nó ar bunaíodh clár díothaithe ina leith dá bhforáiltear in Airteagal 30(1)
nó (2) maidir le ceann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear
in Airteagal 8(1)(b) agus (c); agus (b) go bhfuil ceann de na húsáidí seo a
leanas beartaithe dóibh: (i) iad a chur i mbunaíocht
dobharshaothraithe; (ii) iad a scaoileadh amach san fhiadhúlra. (iii) lena gcaitheamh ag an duine. 2. Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe
dobharshaothraithe ach má ghabhann deimhniú sláinte ainmhithe leo arna eisiúint
ag an údarás inniúil ag an áit tionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 216(1)
i gcás inar de speicis liostaithe iad maidir leis an ngalar/na galair ábhartha
dá dtagraítear i bpointe (a) agus go bhfuil siad á n‑aistriú ar
cheann de na cúiseanna seo a leanas: (a) go gceadaítear iad crios srianta a
fhágáil faoi réir beart rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 55(1)(f)(ii),
in Airteagal 56 agus in Airteagal 64, in Airteagal 65(1), in Airteagal 74(1),
in Airteagal 78(1) agus (2) nó sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2),
Airteagal 67 agus Airteagal 68, Airteagal 71(3) agus Airteagal 74(3),
Airteagal 79, Airteagal 81(2) agus Airteagal 248 maidir le ceann
amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a)
agus (b); (b) go bhfuil ceann de na húsáidí seo a
leanas beartaithe dóibh: (i) iad a chur i mbunaíocht
dobharshaothraithe; (ii) iad a scaoileadh amach san fhiadhúlra. (iii) lena gcaitheamh ag an duine. 3. Déanfaidh oibreoirí gach beart is gá
chun a áirithiú go ngabhann an deimhniú sláinte ainmhithe leis na hainmhithe
uisceacha óna n‑áit tionscnaimh go dtí a gceann scríbe, mura bhforáilfear
do bhearta sonracha sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 214. Airteagal 209
An oibleagáid ar oibreoirí a áirithiú go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe
le hainmhithe uisceacha eile 1. Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe
uisceacha seachas ainmhithe dobharshaothraithe dá dtagraítear in Airteagal 208(1)
agus (2) má ghabhann deimhniú sláinte ainmhithe leo arna eisiúint ag an údarás
inniúil ag an áit tionscnaimh i gcomhréír le hAirteagal 216(1) i gcás, de
dheasca an riosca atá le gluaiseacht na n‑ainmhithe uisceacha sin, inar
gá deimhniú chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais ghluaiseachta seo a
leanas maidir le speicis ainmhithe liostaithe: (a) na ceanglais dá bhforáiltear i
Ranna 1 go dtí 5 agus na rialacha arna nglacadh de bhun na Ranna sin; (b) bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in
Airteagal 55(1), in Airteagal 56, in Airteagal 61(1), in Airteagal 62
agus in Airteagal 64, in Airteagal 74(1) agus in Airteagal 78(1)
agus (2) nó sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 63,
Airteagal 67 agus Airteagal 68, Airteagal 71(3), Airteagal 74(3),
Airteagal 79 agus Airteagal 81(2); (c) bearta éigeandála dá dtagraítear sna
rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 248. 2. Beidh feidhm ag Airteagal 208
freisin ar ainmhithe uisceacha fiáine a bhfuil sé beartaithe iad a chur i
mbunaíocht dobharshaothraithe, mura gcinnfidh an t‑údarás inniúil nach
bhfuil an deimhniú indéanta de dheasca chineál áit tionscnaimh na n‑ainmhithe
uisceacha. 3. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an oibleagáid
ar oibreoirí, da bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo, a airithiú go
ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe le hainmhithe uisceacha fiáine a bhfuil
sé beartaithe iad a chur i mbunaíocht dobharshaothraithe. Glacfar na gníomhartha cur chun
feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Airteagal 210
Na Ballstáit maoluithe a thabhairt maidir le sláinte ainmhithe a dheimhniú De mhaolú ar cheanglais deimhniúcháin sláinte
ainmhithe Airteagal 208 agus Airteagal 209, féadfaidh na Ballstáit
maoluithe a thabhairt maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí áirithe
d’ainhmhithe uisceacha gan deimhniú sláinte ainmhithe laistigh dá gcríoch ar
choinníoll go bhfuil córas malartach ar bun acu chun a áirithiú go mbeidh na
coinsíneachtaí sin inrianaithe agus go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais sláinte
ainmhithe maidir leis an ngluaiseacht sin dá bhforáiltear i Ranna 1 go dtí
5. Airteagal 211
Tarmligean cumhachtaí a bhaineann le sláinte ainmhithe a dheimhniúi gcás
ainmhithe uisceacha Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir
leis na nithe seo a leanas: (a) maoluithe ó na ceanglais
deimhniúcháin sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 208 agus in Airteagal 209
agus na coinníollacha atá leis na maoluithe sin maidir le gluaiseachtaí
ainmhithe uisceacha nach bhfuil riosca suntasach leo maidir le galair a
leathadh, de bharr na nithe seo a leanas: (i) catagóirí, céim bheatha nó speicis na n‑ainmhithe
uisceacha; (ii) modhanna coimeádta agus cineál táirgthe
na speiceas sin agus catagóirí na n‑ainmhithe uisceacha; (iii) an úsáid atá beartaithe i leith na n‑ainmhithe
uisceacha; (iv) ceann scríbe na n‑ainmhithe
uisceacha; (b) rialacha ar leith maidir le sláinte
ainmhithe a dheimhniú dá bhforáiltear in Airteagal 208 agus in Airteagal 209
i gcás ina n‑áirithíonn bearta malartacha laghdaithe riosca arna nglacadh
ag an údarás inniúil: (i) inrianaitheacht na n‑ainmhithe
uisceacha; (ii) go gcomhlíonfaidh na hainmhithe
uisceacha atá á n‑aistriú coinníollacha maidir le sláinte ainmhithe dá
bhforáiltear i Ranna 1 go dtí 5; (c) rialacha
mionsonraithe maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe a bhfuil sé de cheanglas
go ngabhfaidh siad le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha chun críoch eolaíoch dá
dtagraítear in Airteagal 204(1). Airteagal 212
Ábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe 1. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a
laghad sa deimhniú sláinte ainmhithe: (a) an bhunaíocht nó an áit tionscnaimh, an
bhunaíocht chinn scríbe nó an ceann scríbe agus, más ábhartha do leathadh
galar, aon bhunaíochta nó aon áit ar tugadh cuairt uirthi ar an mbealach; (b) tuairisc ar na hainmhithe uisceacha; (c) líon, toirt nó meáchan ainmhithe
uisceacha; (d) an fhaisnéis is gá chun a léiriú go
gcomhlíonann na hainmhithe uisceacha na ceanglais ghluaiseachta dá bhforáiltear
i Ranna 1 go dtí 5. 2. Féadfar go mbeidh faisnéis eile atá
ceangailte i reachtaíocht eile de chuid an Aontais sa deimhniú sláinte
ainmhithe. Airteagal 213
Cumhachtaí a tharmligean agus gníomhartha cur chun feidhme maidir le hábhar na
ndeimhnithe sláinte ainmhithe 1. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le hábhar deimhnithe sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 212(1): (a) rialacha mionsonraithe maidir le hábhar
na ndeimhnithe sláinte ainmhithe sin dá bhforáiltear in Airteagal 212(1)
do chatagóirí agus speicis éagsúla ainmhithe uisceacha; (b) faisnéis bhreise atá le bheith sa
deimhniú sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 212(1). 2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme , rialacha a leagan síos maidir le foirmeacha
samplacha na ndeimhnithe sláinte ainmhithe. Glacfar na gníomhartha cur
chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin
dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Airteagal 214
An oibleagáid ar oibreoirí a áirithiú go ngabhfaidh deimhnithe sláinte
ainmhithe uisceacha leis na hainmhithe chuig an gceann scríbe agus gníomhartha
tarmligthe Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le
beart sonracha lena bhforlíontar na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe a
dheimhniú dá bhfortáiltear in Airteagal 208 do na cineálacha gluaiseachtaí
ainmhithe uisceacha seo a leanas: (a) gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha
nach bhféadfaidh leanúint dá mbealach go dtí a gceann scríbe deiridh agus nach
mór iad a fhilleadh ar a n‑áit tionscnaimh nó a aistriú go dtí ceann
scríbe eile, ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna seo a leanas: (i) gur cuireadh isteach ar an mbealach a
bhí beartaithe dóibh ar chúiseanna leasa ainmhithe; (ii) timpistí nó tarluithe neamhthuartha ar
an mbealach; (iii) gur diúltaíodh na hainmhithe uisceacha
ag an gceann scríbe i mBallstát eile nó ag teorainn sheachtrach an Aontais; (iv) gur diúltaíodh na hainmhithe uisceacha i
dtríú tír; (b) gluaiseachtaí ainmhithe
dobharshaothraithe a bhfuil sé beartaithe iad a chur i dtaispeántais agus in
imeachtaí spóirt, cultúrtha agus imeachtaí den chineál sin, agus a bhfilleadh
ina dhiaidh sin ar a n‑áit tionscnamh. Airteagal 215
An oibleagáid ar oibreoirí comhoibriú leis na húdaráis inniúla chun críocha
deimhniúcháin sláinte ainmhithe Déanfaidh oibreoirí: (a) an fhaisnéis uile is gá a thabhairt
don údarás inniúil chun an deimhniú sláinte ainmhithe a chomhlíonadh dá
bhforáiltear in Airteagal 208 agus in Airteagal 209 agus i rialacha
arna nglacadh de bhun Airteagal 211, Airteagal 213 agus Airteagal 214; (b) más gá, seiceálacha aitheantais,
fisiceacha agus doiciméadacha dá bhforáiltear in Airteagal 216(3) agus sna
rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 216(4) a dhéanamh ar ainmhithe
uisceacha. Airteagal 216
An fhreagracht ar údaráis inniúla maidir le sláinte ainmhithe a dheimhniú agus
gníomhartha tarmligthe 1. Eiseoidh an t‑údarás inniúil,
má iarrann an t‑oibreoir é, deimhniú sláinte ainmhithe maidir le
gluaiseacht ainmhithe uisceacha, má tá sin ceangailte in Airteagal 208
agus in Airteagal 209, nó i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 211
agus Airteagal 214 ar choinníoll gur comhlíonadh na ceanglais sláinte
ainmhithe seo a leanas, de réir mar is ábhartha: (a) na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 190,
Airteagal 191(1), Airteagal 192, Airteagal 194 agus Airteagal 195,
Airteagal 196(1), Airteagal 197 agus Airteagal 198, Airteagal 199(1)
agus (2), Airteagal 200, Airteagal 202(1), Airteagal 203(1) agus
Airteagal 204 (1) agus (2); (b) na ceanglais dá bhforáiltear i
ngníomhartha tarmligthe de bhun Airteagail 191(2), 196(2), 199(3), 200(3),
201(2), 202(2), 203(2), 204(3) agus 205; (c) na ceanglais dá bhforáiltear i
ngníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 206. 2. Gach deimhniú sláinte ainmhithe: (a) seiceálfaidh agus síneoidh tréidlia
oifigiúil é; (b) beidh sé bailí ar feadh na tréimhse sin,
dá bhforáiltear sna rialacha arna nglacadh de bhun mhír 4(b), nach mór do
na hainmhithe dobharshaothraithe atá cumhdaithe fúithi leanúint de na
ráthaíochtaí sláinte ainmhithe atá ann a chomhlíonadh lena linn. 3. Seiceálfaidh an tréidlia oifigiúil,
roimh dó an deimhniú sláinte ainmhithe a shíniú, an gcomhlíonann na hainmhithe
uisceacha atá cumhdaithe faoi ceanglais na Caibidle seo trí bhíthin seiceálacha
doiciméadacha, aitheantais agus fisiceacha dá bhforáiltear le gníomhartha
tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 4 más cuí, agus speicis agus
catagóirí na n‑ainmhithe uisceacha lena mbaineann agus na ceanglais
sláinte ainmhithe á gcur san áireamh. 4. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
lena leagfar síos rialacha maidir leis an méid seo a leanas: (a) na cineálacha seiceálacha agus scrúduithe
doiciméadacha, aitheantais agus fisiceacha ar speicis agus ar chatagóirí
éagsúla ainmhithe uisceacha nach mór don tréidlia oifigeach a dhéanamh i
gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo chun a sheiceáil an gcomhlíontar
ceanglais na Caibidle seo; (b) na tréimhsí ama maidir leis an tréidlia
oifigiúl seiceálacha doiciméadacha, aitheantais agus fhisiceacha a dhéanamh,
scrúdú a dhéanamh agus deimhnithe sláinte ainmhithe a dhéanamh sula n‑aistreofar
coinsíneachtaí ainmhithe uisceacha. Airteagal 217
Deimhnithe sláinte leictreonacha Féadfaidh deimhnithe sláinte ainmhithe a
tháirgfear, a láimhseálfar agus a tharchuirfear trí bhíthin IMSOC a theacht in
ionad deimhnithe sláinte ainmhithe a ghabhann leis na hainmhithe dá
bhforáiltear in Airteagal 208 i gcás ina bhfuil na deimhnithe sláinte
ainmhithe leictreonacha sin ann: (a) ina bhfuil an fhaisnéis uile a
bhfuil sé ceangailte a bheith sa deimhniú sláinte ainmhithe samplach i gcomhréir
le hAirteagal 212(1) agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 213; (b) a áirithíonn inrianaitheacht na n‑ainmhithe
uisceacha agus an nasc idir na hainmhithe sin agus an deimhniú sláinte
ainmhithe. Airteagal 218
Féindearbhú ó oibreoirí maidir le gluaiseachtaí ainmhithe dobharshaothraithe go
Ballstáit eile agus gníomhartha tarmligthe 1. Eiseoidh oibreoirí ag an áit
tionscnamh doiciméad féindearbhúcháin maidir le gluaiseachtaí ainmhithe
dobharshaothraithe óna n‑áit tionscnaimh sa Bhallstát sin go dtí an
gceann scríbe i mBallstát eile agus áiritheoidh siad go ngabhfaidh sé leis na
hainmhithe dobharshaothraithe sin, i gcás nach gceanglaítear deimhniú sláinte
ainmhithe a ghabháil leo dá bhforáiltear in Airteagal 208 agus in Airteagal 209
nó i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 211 agus Airteagal 214. 2. Sa doiciméad féindearbhúcháin sin dá
bhforáiltear i mír 1 beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad maidir
leis na hainmhithe dobharshaothraithe: (a) a n‑áiteanna tionscnaimh agus a
gcinn scríbe, agus, más ábhartha, aon áiteanna ar an mbealach; (b) tuairisc ar na hainmhithe
dobharshaothraithe lena luaitear an speiceas, an chainníocht, an meáchan nó an
toirt de réir mar is ábhartha do na hainmhithe lena mbaineann; (c) an fhaisnéis is gá chun a léiriú go
gcomhlíonann na hainmhithe dobharshaothraithe na ceanglais ghluaiseachta dá
bhforáiltear i Ranna 1 go dtí 5. 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na nithe seo a leanas: (a) rialacha mionsonraithe maidir le hábhar
an doiciméid féindearbhúcháin dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo
maidir le speicis agus catagóirí éagsúla ainmhithe dobharshaothraithe; (b) faisnéis atá le bheith sa doiciméad
féindearbhúcháin sa bhreis ar an bhfaisnéis dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal
seo. 4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le foirm shamplach
an doiciméid féindearbhúcháin dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Roinn 7
Fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha go Ballstáit eile Airteagal 219
An oibleagáid ar oibreoirí maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí
ainmhithe uisceacha idir na Ballstáit Tabharfaidh oibreoirí fógra don údarás inniúil
ina mBallstát roimh an ngluaiseacht ainmhithe uisceacha a bheidh beartaithe ó
Bhallstát go Ballstát eile sna cásanna seo a leanas: (a) go bhfuil sé ceangailte go
ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe arna eisiúint ag údarás inniúil an
Bhallstáit tionscnaimh leis na hainmhithe uisceacha i gcomhréir le hAirteagal 208
agus le hAirteagal 209 nó rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 211
agus Airteagal 214(2); (b) go bhfuil sé ceangailte go
ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe d’ainmhithe uisceacha leis na hainmhithe
uisceacha agus iad ag gluaiseacht ó chrios srianta dá dtagraítear in Airteagal 208(2)(a); (c) go bhfuil sé beartaithe na hainmhithe
dobharshaothraithe agus na hainmhithe uisceacha fiáine: (i) a chur isteach i mbunaíocht atá faoi
réir clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 171 nó faoi réir formheasa i
gcomhréir le hAirteagail 174 go dtí 177; (ii) a scaoileadh amach san fhiántas; (d) go bhfuil sé de cheanglas fógra a
thabhairt i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de
bhun Airteagal 221. Chun críocha an fhógra dá bhforáiltear i gcéad
mhír an Airteagail seo, tabharfaidh na hoibreoirí d'údarás inniúil an
Bhallstáit tionscnaimh an fhaisnéis uile is gá chun é a chur ar a chumas fógra
a thabhairt d’údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe maidir leis an
ngluaiseacht i gcomhréir le hAirteagal 220(1). Airteagal 220
An fhreagracht atá ar an údarás inniúil maidir le fógra a thabhairt do
Bhallstáit eile i leith gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha 1. Tabharfaidh an Ballstát tionscnaimh
fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe i leith gluaiseachtaí
ainmhithe uisceacha dá dtagraítear in Airteagal 219(1), murar tugadh maolú
i gcomhréir le hAirteagal 221(1)(c) maidir leis an bhfógra sin. 2. Tabharfar an fógra dá dtagraítear i mír 1
den Airteagal seo tráth ar bith is féidir é trí IMSOC. 3. Ainmneoidh na Ballstáit réigiúin le
haghaidh bainistiú fógraí ón údarás inniúil maidir le gluaiseachtaí dá
bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo. 4. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh
údarás inniúil an Ballstáit tionscnaimh údarú a thabhairt don oibreoir fógra
a thabhairt go páirteach nó go hiomlán d’údarás inniúil an Bhallstáit chinn
scríbe i leith gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha trí IMSOC Airteagal 221
Cumhachtaí a tharmligean agus gníomhartha tarmligthe maidir leis an údarás
inniúil fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha 1. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na nithe seo a leanas: (a) an ceanglas fógra a thabhairt atá ar
oibreoirí i gcomhréir le hAirteagal 219(1) i leith gluaiseachtaí ainmhithe
uisceacha idir na Ballstáit ar de chatagóirí nó de speicis ainmhithe uisceacha
iad seachas iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 219(1)(a), (b) agus (c) i
gcás inar gá inrianaitheacht na ngluaiseachtaí sin chun a áirithiú go
gcomhlíonfar na ceanglais sláinte ainmhithe atá leagtha síos sa Chaibidil seo; (b) an fhaisnéis is gá chun go dtabharfaidh
na hoibreoirí agus an t‑údarás inniúil fógra maidir le gluaiseachtaí
ainmhithe uisceacha dá bhforáiltear in Airteagal 219(1) agus in Airteagal 220(1); (c) maoluithe ó na ceanglais maidir le fógra
a thabhairt dá bhforáiltear in Airteagal 219(1)(c) i gcás catagóirí agus
speiceas ainmhithe uisceacha nó cineálacha gluaiseachtaí a bhfuil riosca
neamhshuntasach leo; (d) na nósanna imeachta éigeandála maidir le fógra
a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha i gcás gearrtha
leictreachais nó cur isteach eile ar an gcóras IMSOC; (e) na ceanglais maidir leis na Ballstáit
réigiúin a ainmniú dá bhforáiltear in Airteagal 220(3). 2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na nithe seo a
leanas: (a) formáid na bhfógraí: (i) ó oibreoirí d’údarás inniúil an
Bhallstáit tionscnaimh maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha i gcomhréir
le hAirteagal 219(1); (ii) ó údarás inniúil an Bhallstáit
tionscnaimh don Bhallstát cinn scríbe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe
uisceacha i gcomhréir le hAirteagal 220(1); (b) na spriocamanna i gcás na nithe seo a
leanas: (i) an fhaisnéis riachtanach atá le tabhairt
ag oibreoirí dá dtagraítear in Airteagal 219(1) d’údarás inniúil an
Bhallstáit tionscnaimh; (ii) údarás inniúil an Bhallstáit
tionscnaimh fógra a thabhairt dá bhforáiltear in Airteagal 220(1). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Caibidil 3
Gluaiseachtaí peataí uisceacha laistigh den Aontas Airteagal 222
Gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí uisceacha agus gníomhartha tarmligthe agus
cur chun feidhme 1. Ní aistreoidh coimeádaithe de na
speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn 1 peataí ar bhonn neamhthráchtála
ach i gcás ina ndearnadh bearta rialaithe chun a áirithiú nach bhfuil riosca
suntasach leo maidir le leathadh galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d)
agus galar atá ag teacht chun cinn go dtí ainmhithe ag an gceann scríbe agus le
linn a n‑iompartha. 2. Beidh feidhm ag Airteagal 112
agus ag na rialacha arna leagan síos i ngníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 114(f)
agus i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 117
maidir le sainaithint, clárú agus inrianaitheacht peataí uisceacha. 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na bearta coiscthe agus rialaithe galar dá dtagraítear i mír 1
den Airteagal seo chun a áirithiú nach bhfuil riosca suntasach leis an peataí
uisceacha maidir leis an leathadh galar dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d)
agus galar atá ag teacht chun cinn go dtí ainmhithe le linn a n‑iompartha
agus ag an gceann scríbe, agus stádas sláinte an chinn scríbe á chur san
áireamh aige más ábhartha. 4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na bearta
coiscthe agus rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo
agus sna rialacha arna nglacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Caibidil 4
Táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha a tháirgeadh, a phróiseáil
agus a dháileadh laistigh den Aontas Airteagal 223
Na hoibleagáidí sláinte ainmhithe ginearálta ar oibreoirí agus gníomhartha
tarmligthe 1. Déanfaidh oibreoirí bearta
coisctheacha atá oiriúnach lena áirithiú ag gach céim de phróiseas táirgthe,
próiseála agus dáileadh táirgí de bhunadh ainmhíoch, nach cúis iad na táirgí
sin le leathadh na ngalar seo a leanas: (a) galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d),
agus stádas sláinte na áite táirgthe, na háite próiseála nó an chinn scríbe á
chur san áireamh acu; (b) galair atá ag teacht chun cinn. 2. áiritheoidh
oibreoirí nach dtiocfaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha ó
bunaíochtaí ná ó bunaíochtaí gnó bia eile ná a fuarthas ó ainmhithe a thagann ó
bunaíochtaí atá faoi réir: (a) beart éigeandála dá bhforáiltear in Airteagail 246
agus 247 agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 248 mura
bhforáiltear do mhaoluithe ó na rialacha i Roinn VI; (b) srianta gluaiseachta is infheidhme maidir
le hainmhithe uisceacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha
dá bhforáiltear in Airteagal 31(1) agus in Airteagal 55(1), in Airteagal 56,
in Airteagal 61(1)(a), in Airteagal 62(1), in Airteagal 65(1)(c),
in Airteagal 70(1)(b) agus in Airteagal 74(1)(a), in Airteagal 78(1)
agus (2), agus in Airteagal 80(1) agus (2) agus sna rialacha arna nglacadh
de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 63 agus Airteagal 67, Airteagal 71(3)
agus Airteagal 74(3) agus Airteagal 79, Airteagal 80(3) agus Airteagal 81(2)
murar foráladh do mhaoluithe sna rialacha sin. 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le ceanglais mhionsonraithe lena bhforlíonfar mír 2 den Airteagal seo
maidir le gluaiseachtaí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha seachas
ainmhithe uisceacha beo, agus na nithe seo a leanas a gcur san áireamh aige: (a) na galair agus na speicis ainmhithe
uisceacha lena mbaineann an galar, ar infheidhme bearta éigeandála nó srianta
gluaiseachta dá dtagraítear i mír 2 maidir leo; (b) na cineálacha táirgí de bhunadh ainmhíoch
ó ainmhithe uisceacha; (c) na bearta laghdaithe riosca a chuirtear i
bhfeidhm ar na táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha ag na
háiteanna tionscnaimh agus ag na cinn scríbe; (d) an úsáid atá beartaithe do tháirgí de
bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha; (e) ceann scríbe na dtáirgí de bhunadh
ainmhithe uisceacha. Airteagal 224
Deimhnithe
sláinte ainmhithe agus gníomhartha tarmligthe 1. Ní dhéanfaidh oibreoirí na tairgí de
bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha seachas ainmhithe uisceacha beo seo a
leanas a aistriú ach má ghabhann deimhniú sláinte ainmhithe leo arna eisiúint
ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnamh i gcomhréir le mír 3: (a) táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe
uisceacha a bhfuil cead tugtha iad crios srianta a fhágáil faoi réir beart
éigeandála dá dtagraítear i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 248
agus na táirgí sin de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha atá faoi réir na
mbeart éigeandála sin; (b) táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe
uisceacha a bhfuil cead tugtha iad crios srianta a fhágáil faoi réir beart
rialaithe galar i gcomhréir le hAirteagal 31(1), Airteagal 55(1)(c), Airteagal 56,
Airteagal 61(1)(a), Airteagal 62(1) agus Airteagal 63(1), Airteagal 65(1)(c),
Airteagal 70(1)(b) agus Airteagal 74(1)(a), Airteagal 78(1) agus
Airteagal (2), Airteagal 80(1) agus (2) agus na rialacha arna
nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 63 agus Airteagal 67,
Airteagal 71(3) agus Airteagal 74(3), Airteagal 79 agus Airteagal 83(3)
agus Airteagal 82(2) agus na táirgí sin de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe
uisceacha ar de speicis iad atá faoi réir na mbeart rialaithe galar sin. 2. Déanfaidh na hoibreoirí na bearta
riachtanacha uile is gá chun a áirithiú go ngabhfaidh na deimhnithe sláinte
ainmhithe leis na tairgí de bhunadh ainmhíoch óna n‑áit tionscnaimh go
dtí a gceann scríbe. 3. Eiseoidh an t‑údarás inniúil,
ar a iarraidh sin don oibreoir, deimhniú sláinte ainmhithe maidir le
gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch seachas ainmhithe uisceacha beo dá
dtagraítear i mír 1. 4. Beidh feidhm ag Airteagal 212
agus ag Airteagail 214 go dtí 217 agus ag na rialacha arna nglacadh de
bhun Airteagal 213 agus Airteagal 216(4) maidir le deimhniú
gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhithe, seachas ainmhithe uisceacha beo, dá
dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. 5. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le
ceanglais agus rialacha mionsonraithe maidir leis an deimhniú sláinte ainmhithe
atá le gabháil le táirgí de bhunadh ainmhíoch, seachas ainmhithe uisceacha beo,
dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus na nithe seo a leanas á gcur
san áireamh aige: (a) na cineálacha táirgí de bhunadh
ainmhíoch; (b) na bearta laghdaithe riosca a chuirtear i
bhfeidhm ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch, lena laghdaítear an riosca go
leathfaidh galair; (c) an úsáid atá beartaithe do tháirgí de
bhunadh ainmhíoch; (d) ceann scríbe na dtáirgí de bhunadh
ainmhíoch; Airteagal 225
Ábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe agus gníomhartha tarmligthe agus cur
chun feidhme 1. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a
laghad sa deimhniú sláinte ainmhithe do tháirgí de bhunadh ainmhíoch seachas
ainmhithe uisceacha beo: (a) an bhunaíocht tionscnaimh nó an áit
tionscnaimh agus an bhunaíocht chinn scríbe nó an ceann scríbe; (b) tuairisc ar na táirgí de bhunadh
ainmhíoch; (c) cainníocht nó toirt na dtáirgí de bhunadh
ainmhíoch; (d) aitheantas na dtáirgí de bhunadh
ainmhíoch, má cheanglaítear sin le hAirteagal 65(1)(h) nó le rialacha arna
nglacadh de bhun Airteagal 66; (e) faisnéis is gá chun a léiriú go
gcomhlíonann na táirgí de bhunadh ainmhíoch sa choinsíneacht na ceanglais
srianta gluaiseachta dá bhforáiltear in Airteagal 223(2) agus i rialacha
arna nglacadh de bhun Airteagal 223(3). 2. Féadfar go mbeidh faisnéis eile a
bhfuil sé de cheanglas í a bheith ann i reachtaíocht eile de chuid an Aontais
sa deimhniú sláinte ainmhithe do tháirgí de thionscnamh ainmhíoch seachas
ainmhithe uisceacha beo. 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith sa deimhniú sláinte ainmhithe a leasú
agus a fhorlíonadh mar a bhforáiltear dó i mír 1 den Airteagal seo. 4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha tarmligthe, rialacha a leagan síos maidir le foirmeacha samplacha
de dheimhnithe sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Airteagal 226
Fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch go Ballstáit
eile 1. Déanfaidh oibreoirí: (a) an t‑údarás
inniúil ina mBallstát tionscnaimh a chur ar an eolas roimh ré faoin
ghluaiseacht táirgí de bhunadh ainmhíoch, seachas ainmhithe uisceacha beo, atá
beartaithe, i gcás ina bhfuil sé de cheanglas go ngabhfaidh deimhniú sláinte
ainmhithe leis na coinsíneachtaí i gcomhréir le hAirteagal 224(1); (b) an fhaisnéis uile a thabhairt is gá chun
é a chur ar chumas údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh fógra a thabhairt
don Bhallstát cinn scríbe maidir le gluaiseacht táirgí de bhunadh ainmhíoch,
seachas ainmhithe uisceacha beo, i gcomhréir le mír 2. 2. Tabharfaidh údarás inniúil an
Bhallstáit tionscnaimh fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe i
leith gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch, seachas ainmhithe uisceacha
beo, i gcomhréir le hAirteagal 220(1). 3. Is infheidhme Airteagal 219
agus Airteagal 220 agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 221 maidir
le fógra a thabhairt i leith táirgí de bhunadh ainmhíoch seachas ainmhithe
uisceacha beo. Caibidil 5
Bearta náisiúnta Airteagal 227
Bearta náisiúnta maidir le tionchar galar seachas galair liostaithe a shrianadh 1. I gcás ina bhfuil riosca suntasach
le galar seachas galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d)
maidir le hainmhithe uisceacha i mBallstát, féadfaidh an Ballstát lena
mbaineann bearta náisiúnta a dhéanamh chun teacht isteach an ghalair sin a
chosc nó chun a leathadh a rialú. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na bearta
náisiúnta sin os cionn na dteorainneacha maidir leis an rud is cuí agus is gá
chun teacht isteach galair a chosc nó chun a leathadh a rialú laistigh den
Bhallstát. 2. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don
Choimisiún roimh ré maidir le haon bhearta náisiúnta atá beartaithe dá
dtagraítear i mír 1 a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar ghluaiseachtaí idir
na Ballstáit. 3. Formheasfaidh an Coimisiún agus
leasóidh sé, más gá, na bearta náisiúnta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal
seo trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Glacfar na gníomhartha cur chun
feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in
Airteagal 255(2). 4. Ní thabharfar an formheas dá
dtagraítear i mír 3 ach i gcás inar gá srianta maidir le gluaiseacht idir
na Ballstáit a chur ar bun chun teacht isteach an ghalair dá dtagraítear i mír 1
a chosc nó chun a leathadh a rialú, agus tionchar foriomlán an ghalair agus na
mbeart arna ndéanamh san Aontas á gcur san áireamh. TEIDEAL III
Ainmhithe ar de speicis seachas speicis a shainítear mar ainmhithe talún agus
uisceacha, agus táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó na
hainmhithe eile sin Airteagal 228
Ceanglais sláinte ainmhithe maidir le hainmhithe eile agus táirgí geirmeacha
agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó na hainmhithe eile sin I gcás ina
bhfuil ainmhithe eile ina n‑ainmhithe liostaithe maidir le galar
liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d), agus ina bhfuil riosca
maidir le sláinte phoiblí nó sláinte na n‑ainmhithe leis na hainmhithe
eile sin, leis na táirgí geirmeacha uathu nó le táirgí de bhunadh ainmhíoch,
beidh feidhm ag na ceanglais sláinte ainmhithe seo a leanas: (a) na ceanglais maidir le clárú,
formheas, coinneáil taifead agus cláir a bhaineann le bunaíochtaí agus le
hiompróirí dá bhforáiltear i gCaibidil 1 de Theideal I agus i gCaibidil I
de Theideal II; (b) na ceanglais maidir le
inrianaitheacht dá bhforáiltear in Airteagail 102 go dtí 105 agus in Airteagal 112
agus in Airteagal 113 i gcás ainmhithe eile agus in Airteagal 119 i
gcás táirgí geirmeacha; (c) ceanglais ghluaiseachta: (i) i gcás ainmhithe eile a mbíonn cónaí
orthu go príomha i dtimpeallacht talún, nó a mbíonn tionchar ag galair
ainmhithe talún orthu de ghnáth, agus na critéir dá bhforáiltear i mír 3(d)
agus (e) d’Airteagal 229 á gcur san áireamh, na ceanglais dá bhforáiltear
i Roinn 1 agus i Roinn 6 de Chaibidil 3 de Theideal I de Chuid IV,
i gCaibidil 4 agus i gCaibidil 5 de Theideal I de Chuid IV; (ii) i gcás ainmhithe eile a mbíonn cónaí
orthu go príomha i dtimpeallacht uisce, nó a mbíonn tionchar ag galair
ainmhithe uisceacha orthu de ghnáth, agus na critéir dá bhforáiltear in Airteagal 229(3)(d)
agus (e) á gcur san áireamh, na ceanglais dá bhforáiltear i Roinn 1 go
dtí 5 de Chaibidil 2 de Theideal II; (iii) i gcás peataí eile, na ceanglais dá
bhforáiltear in Airteagal 112 agus in Airteagal 152; (iv) i gcás táirgí geirmeacha, na ceanglais
ginearálta maidir le gluaiseachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 155 agus
in Airteagal 156 agus na ceanglais speisialta maidir le gluaiseachtaí go
Ballstáit eile dá bhforáiltear in Airteagal 162 agus in Airteagal 163; (v) i gcás táirgí de bhunadh ainmhíocha, na
ceanglais sláinte ainmhithe ginearálta ar oibreoirí maidir le táirgí de bhunadh
ainmhíoch a tháirgeadh, a phróiseáil agus a dháileadh laistigh den Aontas dá
bhforáiltear in Airteagal 164 agus in Airteagal 223; (d) an oibleagáid maidir le sláinte
ainmhithe a dheimhniú ar oibreoirí agus ar an údarás inniúil agus féindearbhú ó
oibreoirí: (i) i gcás ainmhithe eile, de bhun na
rialacha dá bhforáiltear in Airteagail 140 go dtí 148 nó in Airteagail 208
go dtí 218; (ii) i gcás táirgí geirmeacha, de bhun na
rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 159 agus in Airteagal 160; (ii) i gcás táirgí de bhunadh ainmhíoch, de
bhun na rialacha dá bhforáiltear in Airteagail 165 go dtí 166 nó in Airteagal 224
agus in Airteagal 225; (e) oibreoirí agus an t‑údarás
inniúil fógraí a thabhairt maidir le gluaiseachtaí, agus na ceanglais dá
bhforáiltear in Airteagail 149, 150, 151, 161, 167 agus in Airteagail 219
go dtí 221 agus in Airteagal 226. Airteagal 229
Cumhachtaí a tharmligean agus gníomhartha tarmligthe maidir le ceanglais
sláinte ainmhithe a bhaineann le hainmhithe eile agus le táirgí geirmeacha agus
le táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe eile 1. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le ceanglais maidir le hainmhithe eile, na táirgí geirmeacha uathu nó
táirgí de bhunadh ainmhíoch a leasú nó a fhorlíonadh, da bhforáiltear in Airteagal 228,
a bhfuil gá leo chun riosca na ngalar dá dtagraítear ann, a bhaineann leis na
nithe seo a leanas: (a) na ceanglais maidir le clárú, formheas,
coinneáil taifead agus cláir i gcás bunaíochtaí ina gcoimeádtar nó iompróirí a
iompraíonn ainmhithe eile, agus na táirgí geirmeacha uathu nó táirgí de bhunadh
ainmhíoch, dá bhforáiltear in Airteagal 228(a); (b) ceanglais inrianaitheachta maidir le
hainmhithe eile agus na táirgí geirmeacha uathu agus táirgí de bhunadh
ainmhíoch, dá bhforáiltear in Airteagal 228(b); (c) ceanglais ghluaiseachta maidir le
hainmhithe eile agus na táirgí geirmeacha uathu agus táirgí de bhunadh
ainmhíoch, dá dtagraítear in Airteagal 228(c); (d) ceanglais maidir leis na hoibleagáidí
deimhnithe sláinte ainmhithe ar oibreoirí agus ar an údarás inniúil agus
oibleagáidí féindearbhúcháin ar oibreoirí i gcás ainmhithe eile agus na táirgí
geirmeacha uathu agus táirgí de bhunadh ainmhíoch, dá bhforáiltear in Airteagal 228(d); (e) ceanglais maidir le hoibreoirí agus an t‑údarás
inniúil fógra a thabhairt i leith gluaiseachta i gcás ainmhithe eile agus na
táirgí geirmeacha uathu agus táirgí de bhunadh ainmhíoch, dá bhforáiltear in Airteagal 228(e). 2. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh maidir le rialacha mionsonraithe maidir le cur chun
feidhme na mbeart rialaithe galar agus na mbeart rialaithe coiscthe galar dá
bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 254(2). 3. Cuirfidh an Coimisiún ceann amháin
nó níos mó de na critéir seo a leanas san áireamh agus é ag glacadh na
ngníomhartha tarmligthe agus na ngníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear i
mír 1 agus i mír 2: (a) go bhfuil speicis agus catagóirí
ainmhithe eile liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 7(2) mar speicis
liostaithe maidir le galar liostaithe amháin nó níos mó, ar a bhfuil bearta
coiscthe agus rialaithe galar áirithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo i
bhfeidhm; (b) próifíl an ghalair liostaithe, a
bhaineann le speicis agus le catagóirí ainmhithe eile dá dtagraítear i
bpointe (a); (c) indéantacht, infhaighteacht agus éifeacht
beart coiscthe agus rialaithe galar i gcás an speicis lena mbaineann na bearta
sin; (d) gnáthdhálaí timpeallachta beatha talún nó
uisce na n‑ainmhithe eile sin; (e) na cineálacha galair a imríonn
tionchar ar na hainmhithe eile sin bíodh siad ina ngalar a imríonn tionchar ar
ainmhithe talún nó ina ngalar imríonn tionchar de ghnáth ar ainmhithe
uisceacha, is cuma cad é na gnáthdhálaí timpeallachta beatha dá dtagraítear i
bpointe (b). CUID V
TEACHT ISTEACH SAN AONTAS AGUS ONNMHAIRIÚ Caibidil 1
Ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú
tíortha agus tríú críocha a theacht isteach san Aontas Roinn 1
Ceanglais maidir le teacht isteach san Aontas Airteagal 230
Ceanglais maidir le hainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh
ainmhíoch a theacht isteach san Aontas 1. Ní cheadóidh na Ballstáit do
choinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó
thríú tíortha nó ó thríú críocha teacht isteach san Aontas, ach amháin má
chomhlíonann siad na ceanglais seo a leanas: (a) go dtagann siad as tríú tír nó tríú
críoch atá liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 231 don speiceas áirithe
agus don chatagóir áirithe ainmhithe sin, nó do na táirgí geirmeacha sin nó na
táirgí sin de bhunadh ainmhíoch, nó as crios nó as deighleog den tír nó den
chríoch sin, mura bhfuil siad cumhdaithe faoi mhaolú nó faoi rialacha breise a
glacadh de bhun Airteagal 241(1); (b) go dtagann siad as bunaíochtaí atá
formheasta agus liostaithe má cheanglaítear an formheas agus an liostú sin faoi
Airteagal 234 agus faoi rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 235; (c) go gcomhlíonann siad na ceanglais sláinte
ainmhithe maidir le teacht isteach san Aontas atá leagtha síos i ngníomhartha
tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 236(1) má tá na ceanglais sin
leagtha síos don ainmhí, don táirge geirmeach nó don táirge de bhunadh
ainmhíoch atá sa choinsíneacht; (d) go ngabhann deimhniú sláinte ainmhithe,
dearbhuithe agus doiciméid eile leo má cheanglaítear sin le hAirteagal 239(1)
nó le rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 239(4). 2. Déanfaidh
oibreoirí coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha
agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha nó ó thríú críocha a thabhairt
i láthair chun críocha rialaithe oifigiúil dá bhforáiltear in Airteagal 45
de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an uimhir], mura bhfuil
foráil déanta maidir le maolú de bhun an Rialacháin sin ag an bpointe teacht
isteach san Aontas. Roinn 2
Tríú tíortha agus tríú críocha a liostú Airteagal 231
Liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha óna gceadaítear d’ainmhithe, do
tháirgí geirmeacha agus do tháirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san
Aontas agus gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe 1. Tarraingeoidh an Coimisiún suas, trí
bhíthin gníomhartha tarmligthe, liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha
óna gceadófar do speicis shonracha agus do chatagóirí sonracha ainmhithe,
táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas,
agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh aige: (a) reachtaíocht sláinte ainmhithe an tríú
tír nó an tríú críoch agus na rialacha maidir le teacht isteach ainmhithe,
táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha nó ó thríú
críocha; (b) na dearbhuithe
a thug údarás inniúil an tríú tír nó an tríú críoch maidir le cur chun feidhme
agus rialú éifeachtúla na reachtaíochta sláinte ainmhithe dá dtagraítear i
bpointe (a); (c) eagrú, struchtúr, acmhainní agus
cumhachtaí dlí an údaráis inniúla sa tríú tír nó sa tríú críoch; (d) na nósanna imeachta deimhnithe maidir le
sláinte ainmhithe sa tríú tír nó sa tríú críoch; (e) stádas sláinte ainmhithe an tríú tír nó
an tríú críoch, nó na gcriosanna agus na ndeighleog inti, maidir leis na nithe
seo a leanas: (i) galair liostaithe agus galair atá ag
teacht chun cinn; (ii) aon ghnéithe den tsláinte phoiblí nó de
shláinte na n‑ainmhithe nó na cúinsí comhshaoil sa tríú tír nó sa tríú
críoch, nó sa chrios nó sa deighleog inti, a d’fhéadfadh riosca a bheith leo
maidir le sláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí nó stádas comhshaoil an Aontais; (f) na ráthaíochtaí is féidir le húdarás
inniúil an tríú tír nó an tríú críoch a thabhairt maidir le comhlíonadh nó
coibhéis na gceanglas sláinte ainmhithe ábhartha is infheidhme san Aontas; (g) a rialta agus a ghasta a thugann an tríú
tír nó an tríú críoch an fhaisnéis maidir le galair ainmhithe atá
ionfhabhtaíoch nó gabhálach ina críoch don Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte
Ainmhithe, go háirithe faisnéis maidir leis na galair atá liostaithe i gCód um
Shláinte na nAinmhithe Uisceacha nó i gCód um Shláinte na nAinmhithe Talún de
chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe. (h) torthaí rialuithe an Choimisiúin a rinneadh sa
tríú tír nó sa tríú críoch; (i) aon taithí a fuarthas ó theacht isteach
ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch roimhe seo ón
tríú tír nó ón tríú críoch sin agus torthaí rialuithe oifigiúla a rinneadh ag
an bpointe teacht isteach san Aontas ar na hainmhithe sin, ar na táirgí
geirmeacha sin agus ar na táirgí sin de bhunadh ainmhíoch. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). 2. Go dtí go nglacfar liostaí de na
tríú tíortha agus de na tríú críocha dá bhforáiltear i mír 1, agus ar
choinníoll nár tarraingíodh suas na liostaí sin de bhun reachtaíocht an Aontais
dá dtagraítear in Airteagal 258(2), socróidh na Ballstáit cé na tríú
tíortha agus na tríú críocha óna bhféadfaidh speicis shonracha agus catagóirí
sonracha ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht
isteach san Aontas. Chun críocha na chéad fhomhíre, cuirfidh na Ballstáit
san áireamh na critéir maidir le tríú tíortha agus tríú críocha a chur ar na
liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha dá bhforáiltear i mír 1(a)
go dtí (i) den Airteagal seo. 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le maoluithe ó mhír 2 den Airteagal seo, lena dteorannaítear an
deis atá ag Ballstáit a shocrú cé na tríú tíortha agus na tríú críocha óna
bhféadfaidh speiceas sonrach nó catagóir shonrach ainmhí, táirge gheirmigh nó
táirge de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas, agus, más gá, ar bhonn
an riosca atá leis an speiceas áirithe sin nó leis an gcatagóir áirithe sin
ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch. Airteagal 232
Faisnéis atá le cur sna liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha Sonróidh an Coimisiún an fhaisnéis seo a
leanas maidir le gach tríú tír nó gach tríú críoch atá sna liostaí dá
bhforáiltear in Airteagal 231(1): (a) na catagóirí nó na speicis
ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch a fhéadfaidh teacht
isteach san Aontas ón tríú tír nó ón tríú críoch sin; (b) an bhféadfaidh nó nach bhféadfaidh
na hainmhithe, na táirgí geirmeacha nó na táirgí de bhunadh ainmhíoch arna
sonrú i gcomhréir le pointe (a) teacht isteach san Aontas ó chríoch uile
an tríú tír nó an tríú críoch sin nó ó cheann amháin nó níos mó dá criosanna nó
dá deighleoga. Airteagal 233
Tríú tíortha nó tríú críocha a chur ar fionraí ón liosta nó a tharraingt siar
as an liosta agus gníomhartha cur chun feidhme 1. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, tríú tír nó tríú críoch, nó crios nó deighleog dá
cuid, a chur ar fionraí ón liosta nó a tharraingt siar as an liosta ar aon
cheann de na cúiseanna seo a leanas: (a) nach bhfuil an tríú tír nó an tríú
críoch, nó ceann amháin nó níos mó dá criosanna nó dá deighleoga, ag
comhlíonadh na gcritéar a thuilleadh atá leagtha síos in Airteagal 231(1),
más ábhartha le go bhféadfaidh speiceas nó catagóir áirithe ainmhithe, táirgí
geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas; (b) gur gá, mar gheall ar na cúinsí sláinte
ainmhithe sa tríú tír nó sa tríú críoch, nó i gcrios nó i ndeighleog dá cuid, í
a chur ar fionraí ón liosta sin nó í a tharraingt siar as an liosta sin chun
stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint; (c) d'ainneoin gur iarr an Coimisiún ar an
tríú tír sin nó ar an tríú críoch sin faisnéis nuashonraithe a thabhairt maidir
leis na cúinsí sláinte ainmhithe nó nithe eile dá dtagraítear in Airteagal 231(1),
nár thug an tríú tír nó an tríú críoch sin an fhaisnéis sin uaithi; (d) gur dhiúltaigh an tríú tír nó an tríú
críoch a aontú go ndéanfaidh an Coimisiún rialú thar ceann an Aontais ina
críoch. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Ar mhórchúiseanna práinne cuí‑réasúnaithe a
bhaineann le riosca tromchúiseach go dtabharfaí isteach san Aontas galar
liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d), glacfaidh an Coimisiún
gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach i gcomhréir leis an
nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 255(3). 2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha tarmligthe, tríú tír nó tríú críoch, nó crios nó deighleog dá cuid,
a cuireadh ar fionraí ón liosta nó a tarraingíodh siar as an liosta dá
dtagraítear in Airteagal 231(1) a athchur leis an liosta ar cheann de na
cúiseanna seo a leanas: (a) ar na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1(a)
go dtí (c) den Airteagal seo, ar choinníoll go léiríonn an tríú tír nó an tríú
críoch go gcomhlíonann sí na critéir maidir le liostú dá bhforáiltear in Airteagal 231(1); (b) ar na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1(b)
den Airteagal seo, ar choinníoll go dtugann an tríú tír nó an tríú críoch na
ráthaíochtaí cuí uaithi gur réitíodh na cúinsí sláinte ainmhithe as ar tháinig
an cur ar fionraí sin nó an tarraingt siar sin as an liosta nó nach bhfuil
bagairt ar an tsláinte phoiblí ná ar shláinte ainmhithe san Aontas ag baint leo
níos mó; (c) ar na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1(d)
den Airteagal seo, ar choinníoll: (i) gur aontaigh an tríú tír nó an tríú
críoch go ndéanfaidh an Coimisiún rialú thar ceann an Aontais ina críoch; agus (ii) gur léir ó thorthaí an rialaithe sin a
rinne an Coimisiún go gcomhlíonann an tríú tír nó an tríú críoch, agus na
criosanna agus na deighleoga dá cuid, na critéir maidir le liostú atá leagtha
síos in Airteagal 231(1). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le rialacha lena leasaítear agus lena bhforlíontar na critéir maidir le
tríú tír nó tríú críoch, nó criosanna nó deighleoga dá cuid, a chur ar fionraí
ón liosta nó a tharraingt siar as an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 231(1),
rud a bhforáiltear dó i mír 1 den Airteagal seo. Roinn 3
Bunaíochtaí i dtríú tíortha agus i dtríú críocha a fhormheas agus a liostú Airteagal 234
Bunaíochtaí a fhormheas agus a liostú 1. Ní cheadóidh na Ballstáit
d’ainmhithe talún agus táirgí geirmeacha uathu a thagann ó chineál bunaíochta a
bhfuil sé de cheanglas san Aontas formheas a fháil di i gcomhréir le hAirteagal 89(2)
agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 89(3) agus Airteagal 90
a theacht isteach san Aontas, más fíor i leith na bunaíochta sin sa tríú tír nó
sa tríú críoch: (a) go gcomhlíonann sí ceanglais sláinte
ainmhithe sa tríú tír nó sa tríú críoch sin atá coibhéiseach leis na rialacha
maidir leis an gcineál sin bunaíochta is infheidhme san Aontas; (b) go bhfuil sí formheasta agus liostaithe
ag údarás inniúil thríú tír nó thríú críoch a seolta. 2. Baileoidh an Coimisiún na liostaí de
na bunaíochtaí formheasta dá dtagraítear i mír 1(b) a fuarthas ó údaráis
inniúla na dtríú tíortha nó na dtríú críocha. 3. Déanfaidh an Coimisiún aon liostaí
nua nó aon liostaí nuashonraithe de na bunaíochtaí formheasta a fuarthas ó
thríú tíortha agus ó thríú críocha a thabhairt do na Ballstáit agus cuirfidh
siad ar fáil don phobal iad. Airteagal 235
Cumhachtaí a tharmligean maidir le bunaíochtaí a fhormheas agus a liostú Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le
rialacha lena n‑imítear ó cheanglais Airteagal 234(1)(b) i gcás ina
dtugann bearta malartacha laghdaithe riosca atá ar bun sa tríú tír nó sa tríú
críoch ráthaíochtaí coibhéiseacha maidir leis an tsláinte ainmhithe laistigh
den Aontas. Roinn 4
Speicis agus catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh
ainmhíoch a theacht isteach san Aontas Airteagal 236
Cumhachtaí a tharmligean le haghaidh ceanglas sláinte ainmhithe maidir le
speicis agus catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh
ainmhíoch a theacht isteach san Aontas 1. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na ceanglais sláinte ainmhithe a bhaineann leis na nithe seo a
leanas: (a) speicis agus catagóirí ainmhithe, táirgí
geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha nó ó thríú críocha
a theacht isteach san Aontas; (b) gluaiseacht laistigh den Aontas agus
láimhseáil na n‑ainmhithe sin, na dtáirgí geirmeacha sin agus na dtáirgí
sin de bhunadh ainmhíoch tar éis dóibh teacht isteach san Aontas. 2. Beidh na ceanglais sláinte ainmhithe
dá dtagraítear i mír 1(a): (a) chomh dian céanna leis na ceanglais
sláinte ainmhithe atá leagtha síos sa Rialachán seo agus leis na rialacha arna
nglacadh dá bhun agus is infheidhme maidir le gluaiseacht na speiceas agus na
gcatagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch lena
mbaineann laistigh den Aontas; nó (b) coibhéiseach leis na ceanglais sláinte
ainmhithe is infheidhme maidir leis na speicis agus na catagóirí ainmhithe, táirgí
geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch dá bhforáiltear i Roinn IV den
Rialachán seo. 3. Go dtí go nglacfar gníomhartha
tarmligthe lena leagfar síos ceanglais sláinte ainmhithe maidir le speiceas nó
catagóir áirithe ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch dá
bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo agus ar choinníoll nár leagadh síos
na ceanglais sin cheana de bhun reachtaíocht an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 258(2),
féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm ar choinníoll: (a) go gcomhlíonann na rialacha sin na
ceanglais atá leagtha síos i mír 2 den Airteagal seo agus go gcuirtear san
áireamh iontu na nithe dá dtagraítear in Airteagal 237 agus in Airteagal 238; (b) go bhfuil na rialacha sin lán chomh dian
leis na rialacha atá leagtha síos i dTeideal 1 agus i dTeideal II de Roinn IV. Airteagal 237
Nithe le cur san áireamh i ngníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear in Airteagal 236
maidir le hainmhithe a theacht isteach san Aontas Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas
san áireamh agus é ag leagan síos ceanglais maidir le sláinte ainmhithe i
ngníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear in Airteagal 236(1) maidir le
speicis agus catagóirí áirithe ainmhithe a theacht isteach san Aontas: (a) na galair liostaithe dá dtagraítear
in Airteagal 8(1)(d) agus galair atá ag teacht chun cinn; (b) stádas sláinte an Aontais maidir
leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) agus galair
atá ag teacht chun cinn; (c) na speicis liostaithe maidir leis na
galair liostaithe sin dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) agus na galair
sin atá ag teacht chun cinn; (d) aois agus gnéas na n‑ainmhithe; (e) tionscnamh na n‑ainmhithe; (f) cineál na bunaíochta agus cineál an
táirgthe ag an háiteanna tionscnaimh agus ag na cinn scríbe; (g) an ceann scríbe atá beartaithe; (h) an úsáid atá beartaithe i leith na n‑ainmhithe; (i) aon bhearta laghdaithe riosca atá
ar bun sna tríú tíortha nó sna tríú críocha tionscnaimh nó idirthurais, nó a rinneadh tar
éis do na hainmhithe teacht isteach san Aontas; (j) ceanglais sláinte ainmhithe is
infheidhme maidir le gluaiseachtaí na n‑ainmhithe sin laistigh den
Aontas; (k) fachtóirí eipidéimeolaíocha
eile; (l) caighdeáin trádála idirnáisiúnta
maidir le sláinte ainmhithe is ábhartha do speicis agus do chatagóirí na n‑ainmhithe
sin. Airteagal 238
Nithe le cur san áireamh i ngníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear in Airteagal 236
maidir le táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach
san Aontas Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas
san áireamh agus é ag leagan síos na gceanglas sláinte ainmhithe i ngníomhartha
tarmligthe dá bhforáiltear in Airteagal 236(1) maidir le táirgí geirmeacha
agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas: (a) na
galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) agus galair atá ag
teacht chun cinn; (b) stádas
sláinte na n‑ainmhithe is tionscnamh do na táirgí geirmeacha nó do na
táirgí de bhunadh ainmhíoch agus stádas sláinte an Aontais maidir leis na
galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) agus galair atá ag
teacht chun cinn; (c) cineál
agus nádúr táirgí geirmeacha áirithe nó táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch,
cóireálacha áirithe, modhanna próiseála áirithe agus bearta eile laghdaithe
riosca a cuireadh i bhfeidhm ag an áit tionscnaimh, ag áit seolta na
coinsíneachta nó ag an gceann scríbe; (d) cineál
na bunaíochta agus cineál an táirgthe ag an háiteanna tionscnaimh agus ag na
cinn scríbe; (e) an
ceann scríbe atá beartaithe; (f) an
úsáid atá beartaithe do na táirgí geirmeacha nó do na táirgí de bhunadh
ainmhíoch; (g) ceanglais
sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseachtaí na dtáirgí geirmeacha
agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch laistigh den Aontas; (h) fachtóirí
eipidéimeolaíocha eile; (i) caighdeáin
trádála idirnáisiúnta maidir le sláinte ainmhithe, is ábhartha do tháirgí
geirmeacha áirithe agus do tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch. Roinn 5
Deimhnithe sláinte ainmhithe, dearbhuithe agus doiciméid eile Airteagal 239
Deimhnithe sláinte ainmhithe, dearbhuithe agus doiciméid eile maidir le teacht
isteach san Aontas 1. Ní cheadóidh na Ballstáit
coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a
theacht isteach san Aontas ach amháin má tá na nithe seo a leanas ag gabháil
leo: (a) deimhniú sláinte ainmhithe arna eisiúint
ag údarás inniúil an tríú tír nó an tríú críoch tionscnaimh; (b) dearbhuithe nó doiciméid eile, má
cheanglaítear sin leis na rialacha arna nglacadh de bhun mhír 4(a). 2. Ní cheadóidh na Ballstáit do
choinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch
teacht isteach san Aontas mura mbeidh an deimhniú sláinte ainmhithe dá
bhforáiltear i mír 1(a) fíoraithe agus sínithe ag tréidlia oifigiúil i
dtríú tír nó tríú críoch i gcomhréir leis na ceanglais deimhniúcháin is
coibhéiseach leis na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 146(3) nó in Airteagal 216(3)
agus leis na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 146(4) nó Airteagal 216(4). 3. Ceadóidh na Ballstáit deimhnithe
sláinte ainmhithe leictreonacha a tháirgtear, a láimhseáiltar agus a
tharchuirtear trí bhíthin IMSOC a chur in ionad na ndeimhnithe sláinte
ainmhithe a ghabhann leis na hainmhithe dá bhforáiltear i mír 1, más rud
é, i gcás deimhnithe sláinte ainmhithe leictreonacha: (a) go bhfuil an fhaisnéis uile a
cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 240(1) agus rialacha arna nglacadh
de bhun Airteagal 240(3) curtha sa deimhniú sláinte ainmhithe dá
dtagraítear i mír 1(a) den Airteagal seo; (b) go n‑áirithíonn siad
inrianaitheacht na gcoinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de
bhunadh ainmhíoch agus go nascann siad na coinsíneachtaí sin leis an deimhniú
sláinte leictreonach. 4. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na nithe seo a leanas: (a) maoluithe ó na ceanglais sláinte
ainmhithe dá bhforáiltear i mír 1(a), maidir le coinsíneachtaí ainmhithe,
táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch agus rialacha sonracha
maidir le deimhniú sláinte ainmhithe na gcoinsíneachtaí sin, a bhfuil riosca
suntasach leo maidir le sláinte ainmhithe nó leis an tsláinte phoiblí laistigh
den Aontas, ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna seo a leanas: (i) catagóir nó speiceas ainmhithe, táirgí
geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch; (ii) modhanna coimeádta agus cineálacha
táirgthe na n‑ainmhithe, na dtáirgí geirmeacha agus na dtáirgí de bhunadh
ainmhíoch; (iii) an úsáid atá beartaithe dóibh; (iv) bearta malartacha laghdaithe riosca atá
ar bun sna tríú tíortha nó tríú críocha tionscnaimh nó idirthurais, nó tar éis
do na hainmhithe teacht isteach san Aontas, lena dtugtar an chosaint is
coibhéiseach le sláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí an Aontais dá bhforáiltear
sa Rialachán seo; (v) ráthaíochtaí arna dtabhairt ag an tríú tír
nó an tríú críoch go léireofar comhlíonadh na gceanglas maidir le teacht
isteach san Aontas le modhanna seachas an deimhniú sláinte ainmhithe; (b) na ceanglais maidir le coinsíneachtaí
ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a bheidh ag
teacht isteach san Aontas, go ngabhfaidh dearbhuithe agus doiciméid eile leo is
gá chun a léiriú go gcomhlíonann na hainmhithe, na táirgí geirmeacha agus na
táirgí de bhunadh ainmhíoch atá ag teacht isteach san Aontas na ceanglais
sláinte ainmhithe maidir le teacht isteach san Aontas atá leagtha síos sna
rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 236(1). Airteagal 240
Ábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe 1. Sa deimhniú sláinte ainmhithe dá
dtagraítear in Airteagal 239(1)(a), beidh na nithe seo a leanas ar a
laghad: (a) ainm agus seoladh na nithe seo a leanas: (i) an bhunaíocht nó an áit tionscnaimh; (ii) an bhunaíocht nó an ceann scríbe; (iii) bunaíochtaí le haghaidh oibríochtaí
cruinnithe nó thréimhsí scíthe na n‑ainmhithe ar coimeád, más infheidhme; (b) tuairisc ar na hainmhithe, ar na táirgí
geirmeacha nó ar na táirgí de bhunadh ainmhíoch; (c) líon nó toirt na n‑ainmhithe, na
dtáirgí geirmeacha nó na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch; (d) aitheantas agus clárú na n‑ainmhithe
nó na dtáirgí geirmeacha, más infheidhme; (e) an fhaisnéis is gá chun a léiriú go
gcomhlíonann na hainmhithe, na táirgí geirmeacha agus na táirgí de bhunadh
ainmhíoch sa choinsíneacht na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le teacht
isteach san Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 230 agus in Airteagal 236(3)
agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 236(1) agus Airteagal 241. 2. Féadfar go mbeidh faisnéis eile a
cheanglaítear i bpíosaí eile reachtaíochta de chuid an Aontais sa deimhniú
sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 239(1)(a). 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir leis na nithe seo a leanas: (a) an fhaisnéis atá le bheith sa deimhniú
sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 239(1)(a) maille leis an
bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo; (b) an fhaisnéis atá le bheith sna
dearbhuithe nó i ndoiciméid eile dá dtagraítear in Airteagal 239(1)(b). 4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le foirmeacha
samplacha de dheimhnithe sláinte ainmhithe, de dhearbhuithe agus de dhoiciméid
eile dá dtagraítear in Airteagal 239(1). Glacfar na gníomhartha cur
chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin
dá dtagraítear in Airteagal 255(2). 5. Go dtí go socrófar rialacha i
ngníomhartha tarmligthe agus i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de
bhun mhír 3 agus mhír 4 den Airteagal seo, maidir le speicis áirithe
nó catagóirí áirithe ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh
ainmhíoch, agus ar choinníoll nár leagadh na rialacha sin síos de bhun
reachtaíocht an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 258(2), féadfaidh na
Ballstáit rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm, ar choinníoll go gcomhlíonann
siad na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1 den Airteagal seo. Roinn 6
Maoluithe agus ceanglais bhreise maidir le catagóirí áirithe ainmhithe, táirgí
geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch Airteagal 241
Maoluithe agus ceanglais bhreise maidir le catagóirí áirithe ainmhithe, táirgí
geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch 1. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le maoluithe ó na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 230(1), in
Airteagal 234, agus in Airteagal 239 agus i gceanglais bhreise maidir
leis na nithe seo a leanas a theacht isteach san Aontas: (a) ainmhithe: (i) a bhfuil sé beartaithe iad a chur i
sorcais, in imeachtaí, i dtaispeántais, ar taispeántas, i seónna agus i
mbunaíochtaí comhdhúnta; (ii) ar peataí iad; (iii) a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun
críocha eolaíochta; (iv) nach é an tAontas a gceann scríbe
deiridh; (v) ar de thionscnamh an Aontais iad agus go n‑aistrítear
iad chuig tríú tír nó tríú críoch, agus go n‑aistrítear ar ais ansin iad
chuig an Aontas ón tríú tír nó ón tríú críoch sin; (vi) ar de thionscnamh an Aontais iad agus go
n‑iompraítear iad trí thríú tír nó trí thríú críoch ar an mbealach chuig
cuid eile den Aontas; (vii) a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun
críocha innilte ar bhonn sealadach, gar do chríocha an Aontais; (viii) a bhfuil riosca neamhshuntasach leo
maidir leis an stádas sláinte ainmhithe laistigh den Aontas; (b) táirgí de bhunadh ainmhíoch: (i) ar úsáid phearsanta atá beartaithe ina
leith; (ii) ar tomhaltas atá beartaithe ina leith
ar mhodh iompair a thagann as tríú tíortha nó tríú críocha; (c) táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh
ainmhíoch: (i) a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid mar
shamplaí trádála; (ii) a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid mar
shamplaí taighde agus diagnóiseacha; (iii) arb é an tAontas a gceann scríbe
deiridh; (iv) ar de thionscnamh an Aontais iad agus go
n‑aistrítear iad chuig tríú tír nó tríú críoch, agus go n‑aistrítear
ar ais ansin iad chuig an Aontas ón tríú tír nó ón tríú críoch sin; (v) ar de thionscnamh an Aontais iad agus go n‑iompraítear
trí thríú tír nó trí thríú críoch iad ar an mbealach chuig cuid eile den
Aontas; (vi) a bhfuil riosca neamhshuntasach leo
maidir leis an stádas sláinte ainmhithe laistigh den Aontas. Cuirfear na nithe dá dtagraítear in Airteagal 237
agus in Airteagal 238 san áireamh sna gníomhartha tarmligthe sin. 2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos: (a) maidir le foirmeacha samplacha de
dheimhnithe sláinte ainmhithe, de dhearbhuithe agus de dhoiciméid eile maidir
leis na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch
dá dtagraítear i mír 1; (b) lena léirítear, i gcás na dtáirgí dá
dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na cóid ón Ainmníocht
Chomhcheangailte, i gcás nach bhfuil foráil déanta maidir leis na cóid sin sna
rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 45(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX[uimhir
le cur isteach...maidir le rialuithe oifigiúla]. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Caibidil 2
Earraí áirithe seachas ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de
bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha agus ó thríú críocha a theacht isteach san Aontas Airteagal 242
Oibreáin galar agus gníomhartha tarmligthe 1. Déanfaidh aon duine nádúrtha nó
dlítheanach a thabharfaidh oibreáin galar isteach san Aontas na nithe seo a
leanas: (a) a áirithiú nach gcruthaíonn a dteacht
isteach san Aontas riosca do shláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí laistigh den
Aontas maidir le galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d)
agus galair atá ag teacht chun cinn; (b) bearta cuí rialaithe galar agus
coisctheacha a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh riosca bithsceimhlitheoireachta
ann de thoradh theacht isteach san Aontas na n‑oibreán galar sin. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
d’fhonn ceanglais a leagan síos maidir le hoibreáin galar a theacht isteach san
Aontas i gcás na nithe seo a leanas: (a) pacáistiú oibreán galar; (b) bearta laghdaithe riosca eile is gá chun
scaoileadh agus leathadh oibreán galar a chosc. Airteagal 243
Ábhar plandaí agus gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe 1. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir
le hAirteagal 253 maidir leis na nithe seo a leanas: (a) ceanglais sláinte ainmhithe shonracha
maidir le hábhar plandaí ar conair tarchuir galar liostaithe é a theacht
isteach san Aontas; (b) ceanglais maidir le: (i) deimhniú sláinte ainmhithe, agus na
rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 239(1)(a), agus Airteagal 239(2)
agus (3) á gcur san áireamh, nó (ii) deimhnithe agus doiciméid eile, agus na
rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 239(1)(b) á gcur san áireamh. 2. Leagfaidh an Coimisiún síos na
ceanglais sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo má
bhíonn cás neamhfhabhrach galair ann i dtríú tíortha nó i dtríú críocha maidir
le galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(2)(d) nó galair atá ag
teacht chun cinn, agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh aige: (a) an bhfuil nó nach bhfuil galar liostaithe
nó galar atá ag teacht chun cinn is féidir a tharchur leis an ábhar plandaí ina
riosca tromchúiseach maidir le sláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí san Aontas; (b) a dhóiche atá sé go mbeidh ainmhithe de
speicis liostaithe maidir le galar liostaithe áirithe nó galar áirithe atá ag
teacht chun cinn i dteagmháil dhíreach nó neamhdhíreach leis an ábhar plandaí
dá dtagraítear i mír 1; (c) an bhfuil nó nach bhfuil bearta
laghdaithe riosca ar fáil agus a éifeachtúla atá siad maidir leis an ábhar
plandaí sin, lenar féidir an riosca tarchuir dá dtagraítear in 2(a) a chealú nó
a íoslaghdú. 3. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos lena léirítear, i gcás na
an ábhair phlandaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na cóid ón
Ainmníocht Chomhcheangailte, i gcás nach bhfuil foráil déanta maidir leis an
léiriú sin sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 45(2)(b) de
Rialachán (CE) Uimh. XXX/XXX [uimir le cur isteach - maidir le
rialuithe oifigiúla]. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir
leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). Airteagal 244
Modhanna iompair, trealamh, ábhar pacáistithe, uisce iompair agus beatha agus
farae agus gníomhartha cur chun feidhme 1. Déanfaidh oibreoirí a thugann
ainmhithe agus táirgí isteach san Aontas bearta coiscthe galar cuí agus
riachtanacha le linn a n‑iompair, dá bhforáiltear in Airteagal 122(1)
agus in Airteagal 191(1). 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253
maidir le: (a) ceanglais sláinte ainmhithe shonracha
maidir leis na nithe seo a leanas a theacht isteach san Aontas: (a) modhanna iompar ainmhithe, táirgí
geirmeacha, táirgí de thionscnamh ainmhíoch, fotháirgí ainmhíocha agus táirgí
díorthaithe; (b) trealamh, ábhar pacáistithe nó uisce
iompair d’ainmhithe, táirgí geirmeacha, táirgí de thionscnamh ainmhíoch,
fotháirgí ainmhíocha agus táirgí díorthaithe, nó beatha agus farae lenar féidir
galair ainmhithe a tharchur; (b) ceanglais maidir le: (i) deimhniú sláinte ainmhithe, agus na
rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 239(1)(a) agus Airteagal 239 (2)
agus (3) á gcur san áireamh aige; nó (ii) dearbhuithe nó doiciméid eile, agus na
rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 239(1)(b) á gcur san áireamh aige. 3. Leagfaidh an Coimisiún síos na
ceanglais sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i mír 2 má bhíonn cás
neamhfhabhrach galair ann a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na galair
liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) nó de na galair atá ag
teacht chun cinn, a bhfuil riosca tromchúiseach leo maidir le sláinte ainmhithe
agus sláinte an duine san Aontas sna háiteanna seo a leanas: (a) tríú tír chomharsanach; (b) an tríú tír tionscnaimh; (c) tríú tír trasdula. 4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos lena léirítear, i gcás na n‑earraí
dá dtagraítear i mír 2(a) den Airteagal seo, na cóid ón Ainmníocht
Chomhcheangailte, i gcás nach bhfuil foráil déanta maidir leis an léiriú sin
sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 45(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX
[Oifig na bhFoilseachán: Uimh. an Rialacháin] maidir le rialuithe
oifigiúla. Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá
dtagraítear in Airteagal 255(2) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme
sin. Caibidil 3
Onnmhairiú Airteagal 245
Onnmhairiú as an Aontas 1. Glacfaidh na Ballstáit na bearta cuí
chun a áirithiú go mbeidh onnmhairiú agus ath‑onnmhairiú ainmhithe agus
táirgí ón Aontas chuig tríú tír nó tríú críoch i gcomhréir leis na rialacha
maidir le gluaiseacht ainmhithe agus táirgí idir na Ballstáit dá bhforáiltear i
gCuid IV, agus an stádas sláinte ainmhithe laistigh den tríú tír nó tríú
críoch cinn scríbe, nó laistigh den chrios nó den deighleog dá cuid, á chur san
áireamh acu, maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d)
agus galair atá ag teacht chun tosaigh. Os a choinne sin, má iarrann údarás inniúil an
tríú tír nó an tríú críoch é, nó má tá sé bunaithe i ndlíthe, i rialacháin, i
gcaighdeáin, i gcóid chleachtais agus i nósanna imeachta eile dlí agus riaracháin
atá i bhfeidhm sa tír nó sa chríoch sin, féadfar onnmhairiú agus ath‑onnmhairiú
ón Aontas a dhéanamh i gcomhréir leis na forálacha sin. 2. I gcás ina bhfuil feidhm ag
forálacha i gcomhaontú déthaobhach arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus
tríú tír nó tríú críoch, comhlíonfaidh ainmhithe agus táirgí a onnmhairítear ón
Aontas go dtí an tríú tír nó an tríú críoch sin na forálacha sin. CUID VI
BEARTA ÉIGEANDÁLA Roinn 1
Bearta éigeandála maidir le gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí laistigh den
Aontas agus modhanna iompair agus ábhar eile is féidir a tháinig i dteagmháil leis na hainmhithe
agus na táirgí sin Airteagal 246
Bearta éigeandála atá le déanamh ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann
i gcás ráige de ghalar liostaithe nó de ghalar atá ag teacht chun cinn nó i
gcás guaise ina gcríoch 1. I gcás ráige de ghalar liostaithe nó
de ghalar atá ag teacht chun cinn, nó i gcás guaise is dócha a mbeidh riosca
tromchúiseach léi, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit inar tharla sí, de
réir a thromchúisí atá an cás agus de réir an ghalair nó na guaise lena
mbaineann, ceann amháin nó níos mó de na bearta éigeandála seo a leanas
láithreach chun leathadh an ghalair nó na guaise a chosc: (a) i gcás galar liostaithe: (i) dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a),
na bearta rialaithe galar atá leagtha síos i gCaibidil 1 de Theideal II
de Chuid III; (ii) dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b)
agus (c), na bearta rialaithe galar atá leagtha síos i gCaibidil 2 de Theideal II
de Chuid III; (b) i gcás galar agus guaiseacha atá ag
teacht chun cinn: (i) srianta gluaiseachta ar ainmhithe agus
ar tháirgí ar de thionscnamh na mbunaíochtaí nó, más ábhartha, de thionscnamh
na gcriosanna nó na ndeighleog srianta iad, inar tharla an ráig nó an ghuais,
agus ar mhodhanna iompair agus ar ábhar eile is féidir a tháinig i dteagmháil
leis na hainmhithe sin nó leis na táirgí sin; (ii) coraintín ainmhithe agus leithlisiú
táirgí; (iii) bearta faireachais agus
inrianaitheachta; (iv) aon bhearta éigeandála rialaithe galar
dá bhforáiltear i gCaibidil 1 de Theideal II de Chuid III, más
oiriúnach; (c) aon bheart éigeandála eile a mheasann sé
a bheith oiriúnach le leathadh an ghalair nó na guaise a chosc go héifeachtach
agus go héifeachtúil. 2. Cuirfidh an t‑údarás inniúil
dá dtagraítear i mír 1 an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas: (a) láithreach faoi ráig nó faoi ghuais dá
dtagraítear i mír 1 a bheith ann; (b) gan mhoill faoi na bearta éigeandála arna
ndéanamh de bhun mhír 1. Airteagal 247
Bearta éigeandála atá le déanamh ag na Ballstáit seachas an Ballstát ina raibh
an ráig nó an ghuais 1. Déanfaidh údaráis inniúla na
mBallstát seachas údarás inniúil an Bhallstáit ina raibh an ráig nó an ghuais
dá dtagraítear in Airteagal 246(1) ceann amháin nó níos mó de na bearta
éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 246(1), má bhraitheann sé go bhfuil
ainmhithe, táirgí ón mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 246(1) ar a
chríoch nó go bhfuil modhanna iompair nó aon ábhar eile is féidir a tháinig i
dteagmháil leis na hainmhithe sin agus leis na táirgí sin ón ar a chríoch. 2. I gcás ina bhfuil riosca
tromchúiseach ann go dtí go nglacfaidh an Coimisiún bearta éigeandála i
gcomhréir le hAirteagal 248, féadfaidh an t‑údarás inniúil dá
dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na bearta éigeandála dá dtagraítear
in Airteagal 246(1) a ghlacadh idir an dá linn, de réir a thromchúisí atá
an cás maidir le hainmhithe nó táirgí ar de thionscnamh na mbunaíochtaí nó aon
áiteanna eile iad, nó más ábhartha ar ó chriosanna srianta an Bhallstáit ina
raibh an galar nó an ghuais dá dtagraítear in Airteagal 246(1) iad, nó
modhanna iompair nó ábhar eile is féidir a tháinig i dteagmháil leis na
hainmhithe sin nó leis na táirgí sin 3. Cuirfidh an t‑údarás inniúil
dá dtagraítear i mír 1 an Choimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas: (a) láithreach faoi ráig galair nó faoi
ghuais dá dtagraítear i mír 1 a bheith ann; (b) gan mhoill faoi na bearta éigeandála arna
ndéanamh de bhun mhír 1 agus mhír 2. Airteagal 248
Bearta éigeandála ón gCoimisiún 1. I gcás ráige galair nó i gcás guaise
dá dtagraítear in Airteagal 245(1) agus i gcás beart éigeandála arna
nglacadh ag údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 246(1)
agus Airteagal 247(1) agus (2), athbhreithneoidh an Coimisiún an cás agus
na bearta éigeandála a glacadh agus glacfaidh sé, trí bhíthin gnímh cur chun
feidhme, ceann amháin nó níos mó de na bearta éigeandála dá bhforáiltear in Airteagal 246(1)
maidir leis na hainmhithe agus na táirgí agus na modhanna iompair agus maidir
le hábhar eile is féidir a tháinig i dteagmháil leis na hainmhithe sin nó leis
na táirgí sin in aon cheann de na cásanna seo a leanas: (a) nár cuireadh an Coimisiún ar an eolas
faoi aon bhearta arna nglacadh de bhun Airteagal 246(1) agus Airteagal 247(1)
agus (2); (b) go measann an Coimisiún nach leor na
bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 247(1) agus (2); (c) go measann an Coimisiún gur gá na bearta
arna nglacadh ag údaráis inniúla na mBallstát de bhun Airteagal 246(1)
agus Airteagal 247(1) agus (2) a fhormheas nó a ionadú d’fhonn cur isteach
gan údar maith ar ghluaiseacht ainmhithe agus táirgí a sheachaint. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). 2. Ar mhórchúiseanna práinne
cuí-réasúnaithe a bhaineann le rioscaí tromchúiseacha go leathfadh galar nó
guais, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme a
ghlacadh láithreach i gcomhréir le hAirteagal 255(3). Roinn 2
Bearta éigeandála maidir le coinsíneachtaí ainmhithe agus táirgí de thionscnamh
tríú tíortha agus tríú críocha agus modhanna iompair agus ábhar eile is féidir
a tháinig i dteagmháil leis na coinsíneachtaí sin Airteagal 249
Bearta éigeandála atá le glacadh ag údarás inniúil an Bhallstáit I gcás ina dtugann údarás inniúil Ballstáit
faoi deara go bhfuil coinsíneacht ainmhithe nó táirgí de thionscnamh tríú tír
nó tríú críoch, nó modh iompair nó ábhar is féidir a tháinig i dteagmháil leis
an gcoinsíneacht sin ann, is dócha a mbeidh riosca tromchúiseach leis san
Aontas de dheasca ionfhabhtú nó éilliú a d’fhéadfadh teacht ó ghalair
liostaithe nó ó ghalair atá ag teacht chun cinn nó ó ghuaiseanna, déanfaidh sé
an méid seo a leanas láithreach: (a) ceann nó níos mó de na bearta
éigeandála seo a leanas is gá chun an riosca sin a mhaolú a ghlacadh de réir a
thromchúisí atá an cás: (i) scriosadh na coinsíneachta; (ii) coraintín ainmhithe agus leithlisiú
táirgí; (iii) bearta faireachais agus
inrianaitheachta; (iv) aon bhearta rialaithe galar dá
dtagraítear i gCaibidil 1 de Theideal II de Chuid III, más
oiriúnach; (v) aon bheart éigeandála eile a mheasann sé
a bheith oiriúnach le leathadh an ghalair nó na guaise isteach san Aontas a
chosc; (b) an Coimisiún agus na Ballstáit eile
a chur ar an eolas láithreach trí IMSOC faoi na rioscaí a bhaineann leis an
gcoinsíneacht lena mbaineann agus faoi thionscnamh na coinsíneachta. Airteagal 250
Bearta éigeandála ón gCoimisiún 1. I gcás inar dócha go mbeidh riosca
tromchúiseach le galar liostaithe, le galar atá ag teacht chun cinn nó le guais
nó go leathann ceann acu i dtríú tír nó i dtríú críoch, nó má tá cúis throm
leis ó thaobh ainmhithe nó sláinte poiblí, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gnímh cur chun feidhme agus ag gníomhú dó as a stuaim féin nó ar iarratas ó
Bhallstát, ceann amháin nó níos mó de na bearta éigeandála seo a leanas a
ghlacadh agus, de réir a thromchúisí atá an cás: (a) teacht isteach coinsíneachtaí ainmhithe
agus táirgí san Aontas a chur ar fionraí, maille le modhanna iompair nó ábhar
eile is féidir a tháinig i dteagmháil leis na coinsíneachtaí sin, a d’fhéadfadh
an galar sin nó an ghuais sin a leathadh isteach san Aontas; (b) ceanglais faoi leith a chur ar bun maidir
le teacht isteach coinsíneachtaí ainmhithe agus táirgí san Aontas, agus maidir
le modhanna iompair nó ábhar eile is féidir a tháinig i dteagmháil leis na
coinsíneachtaí sin, a d’fhéadfadh an galar sin nó an ghuais sin a leathadh
isteach san Aontas; (c) bearta éigeandála rialaithe galar
oiriúnacha eile a dhéanamh chun leathadh an ghalair nó na guaise sin isteach
san Aontas a chosc. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). 2. Ar mhórchúiseanna práinne
cuí-réasúnaithe le rioscaí tromchúiseacha, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó
dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, gníomhartha cur chun feidhme
a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta
dá dtagraítear in Airteagal 255(3). Airteagal 251
Na Ballstáit bearta éigeandála a dhéanamh nuair nach ngníomhaíonn an Coimisiún 1. I gcás ina n‑iarrann Ballstát
ar an gCoimisiún bearta éigeandála a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 250
agus nach ndearna an Coimisiún na bearta sin: (a) féadfaidh an Ballstát sin, go dtí go
nglacfaidh an Coimisiún bearta éigeandála i gcomhréir le mír 2 den Airteagal
seo, ceann amháin nó níos mó de na bearta éigeandála dá dtagraítear i
bpointe (a) d'Airteagal 249 a dhéanamh, idir an dá linn, maidir le
coinsíneachtaí ainmhithe agus táirgí agus maidir le modhanna iompair agus ábhar
eile is féidir a tháinig i dteagmháil leis na coinsíneachtaí sin, ar de
thionscnamh tríú tír nó tríú críoch dá dtagraítear in Airteagal 250(1)
iad, de réir a thromchúisí atá an cás laistigh dá chríoch féin; (b) cuirfidh an Ballstát sin an Coimisiún
agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas faoi na bearta éigeandála
sin gan mhoill, agus tabharfaidh sé an chúis lena nglacadh uaidh. 2. Athbhreithneoidh an Coimisiún an cás
agus na bearta éigeandála arna nglacadh ag an mBallstát i gcomhréir le mír 1
den Airteagal seo agus déanfaidh sé, más gá, ceann amháin nó níos mó de na
bearta éigeandála dá bhforáiltear in Airteagal 250 a ghlacadh trí ghníomh
cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2). 3. Ar mhórchúiseanna práinne
cuí-réasúnaithe le rioscaí tromchúiseacha, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha
cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir
leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 255(3). CUID VII
FORÁLACHA COITEANNA TEIDEAL I
Forálacha nós imeachta Airteagal 252
Leasú ar Iarscríbhinn I agus ar Iarscríbhinn II Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le
leasuithe ar Iarscríbhinn I agus ar Iarscríbhinn II d’fhonn dul chun
cinn teicniúil, forbairtí eolaíocha agus cúinsí nua i sláinte ainmhíoch agus i
sláinte an duine a chur san áireamh. Airteagal 253
An tarmligean a fheidhmiú 1. Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal
seo. 2. Tabharfar an chumhacht don
Choimisiún, ar feadh tréimhse neamhchinntithe, gníomhartha tarmligthe dá
dtagraítear in Airteagail 4(2), 6(2), 9(2), 11(3), 13(2), 15(2), 16(3), 18(3),
24, 28, 30(4), 31(2), 34(2), 37(5), 39, 41(3), 42(5), 44(1), 47, 48(3), 53(2), 54(3),
55(2), 58(2), 63, 64(4), 67, 68(2), 70(3), 72(2), 73(3), 74(3), 76(2), 79, 80(4),
85(3), 89(3), 92(2), 96(3), 100(1), 103(2), 114, 115, 119(1), 122(2), 128(1), 129(2),
132, 133(2), 134(2), 135(3), 136(4), 137, 141(1), 143(1), 144, 146(4), 148(3), 151(1),
152(2), 154(1), 158, 159(5), 160(3), 162(2), 163(3), 164(3), 165(5), 166(3), 174(3),
179(2), 184(1), 188(1), 191(2), 196(2), 199(3), 200(3), 201(2), 202(2), 203(2),
204(3), 205, 211, 213(1), 214, 216(4), 218(3), 221(1), 222(3), 223(3), 224(5), 225(3),
229(1), 231(3), 233(3), 235, 236(1), 239(4), 240(3), 241(1), 242(2), 243(1), 244(2),
252, 259(2), 260(2) agus 261(2) a ghlacadh.(*) 3. Déanfar an chumhacht don Choimisiún
go ceann tréimhse cúig bliana ón (*) gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 229(1)
a ghlacadh. (*) Dáta
theacht i bhfeidhm an ghnímh bhunúsaigh reachtaigh nó dáta ar bith eile arna
shocrú ag an reachtóir. 4. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle an tarmligean cumhachta atá liostaithe i mír 1 den Airteagal seo
agus dá dtagraítear in Airteagal 229(1) a chúlghairm tráth ar bith. I gcás
cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá
sonraithe sa chinneadh sin. Beidh feidhm aige ón lá tar éis fhoilsiú an
chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a
shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na
gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh
tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa
agus don Chomhairle go comhuaineach. 6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna
ghlacadh de bhun na bhforálacha atá liostaithe i mír 2 den Airteagal seo
agus de bhun de bhun Airteagal 229(1) i bhfeidhm
ach i gcás nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle aon agóid in iúl
faoi cheann dhá mhí ó tugadh fógra maidir leis an ngníomh sin do Pharlaimint na
hEorpa agus don Chomhairle nó i gcás inar chuir Parlaimint na hEorpa agus an
Chomhairle araon in iúl don Choimisiún roimh dheireadh na tréimhse sin nach
ndéanfaidh siad aon agóid faoi. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an
tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. Airteagal 254
Nós imeachta práinne 1. Tiocfaidh
gníomhartha tarmligthe a ghlacfar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill
agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2.
Déanfar na cúiseanna a bhí ann le húsáid a bhaint as an nós imeachta
práinne a lua san fhógra i leith gnímh tharmligthe a thabharfar do Pharlaimint
na hEorpa agus don Chomhairle. 2. Féadfaidh
Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh
tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 253(6).
Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh a aisghairm gan mhoill tar éis do
Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabairt don Choimisiún maidir
leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh. Airteagal 255
Nós imeachta coiste 1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an
Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, arna bhunú le hAirteagal 58(1)
de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002. Beidh an coiste sin ina choiste de réir
bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír
seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír
seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, in
éineacht le hAirteagal 5 den Rialachán sin. TEIDEAL II
Pionóis Airteagal 256
Pionóis Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le
pionóis a bheidh infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin
seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear na
rialacha sin chun feidhme. Ní mór na pionóis dá bhforálfar a bheith
éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún
maidir leis na forálacha sin faoin [dáta le cur isteach: bliain amháin tar
éis chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí agus tabharfaidh siad
fógra dó gan mhoill maidir le haon leasuithe a ndéanann difear dóibh. TEIDEAL III
Bearta na mBallstát Airteagal 257
Bearta na mBallstát 1. Féadfaidh na Ballstáit bearta breise
nó bearta níos déine ná na bearta atá leagtha síos sa Rialachán seo a chur i
bhfeidhm laistigh dá gcríoch i gcás na nithe seo amháin: (a) freagrachtaí maidir le sláinte ainmhithe
dá bhforáiltear i gCaibidil 3 de Chuid I; (b) fógra a thabhairt laistigh de na
Ballstáit dá bhforáiltear in Airteagal 16; (c) faireachas dá bhforáiltear i gCaibidil 2
de Chuid II; (d) clárú, formheas, coinneáil taifead agus
cláir dá bhforáiltear i gCaibidil 1 de Theideal I agus i gCaibidil 1
de Theideal II de Chuid IV; (e) ceanglais inrianaitheachta maidir le
hainmhithe talún ar coimeád agus táirgí geirmeacha dá bhforáiltear i gCaibidil 2
de Theideal I de Chuid IV. 2. Beidh na bearta náisiúnta dá
dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos sa
Rialachán seo agus: (a) ní chuirfidh siad bac ar ghluaiseacht
ainmhithe agus táirgí idir na Ballstáit; (b) ní bheidh siad ag teacht salach ar na
rialacha dá dtagraítear i mír 1. CUID VIII
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 258
Aisghairmeacha 1. Aisghairtear Cinneadh 78/642/CEE,
Treoir 79/110/CEE, Treoir 81/6/CEE, Treoir 89/455/CEE, Treoir 90/423/CEE,
Cinneadh 90/678/CEE. 2. Aisghairtear na gníomhartha seo a
leanas ón [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo]: –
Treoir 64/432/CEE, –
Treoir 77/391/CEE, –
Treoir 78/52/CEE, –
Treoir 80/1095/CEE, –
Treoir 82/894/CEE, –
Treoir 88/407/CEE, –
Treoir 89/556/CEE, –
Treoir 90/429/CEE, –
Treoir 91/68/CEE, –
Cinneadh 91/666/CEE, –
Treoir 92/35/CEE, –
Treoir 92/65/CEE, –
Treoir 92/66/CEE, –
Treoir 92/118/CEE, –
Treoir 92/119/CEE, –
Cinneadh 95/410/CE, –
Treoir 2000/75/CE, –
Cinneadh 2000/258/EC, –
Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000, –
Treoir 2001/89/CE, –
Treoir 2002/60/CE, –
Treoir 2002/99/CE, –
Treoir 2003/85/CE, –
Rialachán (AE) Uimh. [XXX/XXX [Oifig na
bhFoilseachán: An uimhir le cur isteach… gluaiseachtaí neamhthráchtála
ainmhithe peataí agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003], –
Rialachán (CE) Uimh. 21/2004, –
Treoir 2004/68/CE, –
Treoir 2005/94/CE, –
Treoir 2006/88/CE, –
Treoir 2008/71/CE, –
Treoir 2009/156/CE, –
Treoir 2009/158/CE, Déanfar tagairtí do na gníomhartha aisghairthe sin
a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir
leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn III. 3. Leanfaidh na gníomhartha arna
nglacadh ag an gCoimisiún de bhun ghníomhartha na Comhairle agus Pharlaimint na
hEorpa dá dtagraítear i mír 2 de bheith i bhfeidhm a mhéid is nach mbeidh
siad ag teacht salach ar na rialacha atá leagtha síos sa Rialachán seo. Airteagal 259
Bearta idirthréimhseach maidir le haisghairm Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000,
Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 agus Threoir 2008/71/CE 1. D'ainneoin Airteagal 258(2) den
Rialachán seo, leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000, agus
Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 agus Treoir 2008/71/CE de bheith i
bhfeidhm go dtí an dáta atá le socrú i ngníomh tarmligthe a ghlacfar i
gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 252
maidir leis an dáta a chuirfear deireadh le feidhm na ngníomhartha dá
dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Is ionann an dáta sin agus dáta chur i bhfeidhm na
rialacha comhfhreagracha atá le glacadh de bhun na ngníomhartha cur chun
feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 103(2), in Airteagal 114 agus in
Airteagal 115 den Rialachán seo. Airteagal 260
Bearta idirthréimhseacha maidir le haisghairmeacha Threoracha 92/66/CEE, 2000/75/CE,
2001/89/CE, 2000/75/CE, 2002/60/CE, 2003/85/CE agus 2005/94/CE 1. D'ainneoin Airteagal 258(2) den
Rialachán seo, leanfaidh Treoracha 92/66/CEE, 2000/75/CE, 2001/89/CE, 2000/75/CE,
2002/60/CE, 2003/85/CE agus 2005/94/CE de bheith i bhfeidhm go dtí an dáta atá
le socrú i ngníomh tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir le mír 2 den Airteagal
seo. 2. Tabharfar de chumhacht don Coimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir
leis an dáta a chuirfear deireadh le feidhm na dTreoracha dá dtagraítear i mír 1
den Airteagal seo. Is ionann an dáta sin agus dáta chur i bhfeidhm na
rialacha comhfhreagracha atá le glacadh de bhun na ngníomhartha tarmligthe dá
bhforáiltear in Airteagail 44(1), 47(1) 48(3), 53(1) 54(3) agus 58(2), in Airteagal 63,
in Airteagal 64(4), in Airteagal 67, in Airteagal 68(2), agus in
Airteagal 70(3) den Rialachán seo. Airteagal 261
Bearta idirthréimhseacha maidir le haisghairm Rialachán (CE) Uimh. [XXX/XXX
maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí] 1. D'ainneoin Airteagal 258(2) den
Rialachán seo, leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. [XXX/XXX] de bheith i
bhfeidhm go dtí an dáta atá le socrú i ngníomh tarmligthe a ghlacfar i
gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. 2. Tabharfar de chumhacht don Coimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir
leis an dáta a chuirfear deireadh le feidhm Rialachán XXX/XXX. Is ionann an dáta sin agus dáta chur i bhfeidhm na
rialacha comhfhreagracha atá le glacadh de bhun na ngníomhartha tarmligthe dá
bhforáiltear in Airteagal 114(f), in Airteagal 152(2) agus in Airteagal 222(3)
den Rialachán seo. Airteagal 262
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón tráth a bheidh 36 mí
caite tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin. Beidh
an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme
go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle an tUachtarán an
tUachtarán IARSCRÍBHINN I Speicis
peataí CUID A Madraí (Canis lupus familiaris) Cait (Felis silvestris catus) Firéid (Mustela putorius furo) CUID B Inveirteabraigh (seachas beacha agus bumbóga agus
moilisc agus crústaigh) Ainmhithe uisceacha ornáideacha Débheathaigh Reiptílí Éin: gach speiceas éin seachas éanlaith chlóis Mamaigh: creimirí agus coiníní seachas iad siúd a
bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun bia a tháirgeadh. IARSCRÍBHINN II Speicis
Crúbach Tacsón || Ord || Fine || Géinis/Speicis Perissodactyla || Equidae || Equus spp. Tapiridae || Tapirus spp. Rhinoceritidae || Ceratotherium spp., Dicerorhinus spp., Diceros spp., Rhinoceros spp. Artiodactyla || Antilocapridae || Antilocapra ssp. Bovidae || Addax ssp., Aepyceros ssp., Alcelaphus ssp., Ammodorcas ssp., Ammotragus ssp., Antidorcas ssp., Antilope ssp., Bison ssp., Bos ssp.(lena n‑áirítear Bibos, Novibos, Poephagus), Boselaphus ssp., Bubalus ssp. (lena n‑áirítear Anoa), Budorcas ssp., Capra ssp., Cephalophus ssp., Connochaetes ssp., Damaliscus ssp.(lena n‑áirítear Beatragus), Dorcatragus ssp., Gazella ssp., Hemitragus ssp., Hippotragus ssp., Kobus ssp., Litocranius ssp., Madogua ssp., Naemorhedus ssp. (lena n‑áirítear Nemorhaedus agus Capricornis), Neotragus ssp., Oreamuos ssp., Oreotragus ssp., Oryx ssp., Ourebia ssp., Ovibos ssp., Ovis ssp., Patholops ssp., Pelea ssp., Procapra ssp., Pseudois ssp., Pseudoryx ssp., Raphicerus ssp., Redunca ssp., Rupicapra ssp., Saiga ssp., Sigmoceros‑Alecelaphus ssp., Sylvicapra ssp., Syncerus ssp., Taurotragus ssp., Tetracerus ssp., Tragelaphus ssp. (lena n‑áirítear Boocerus). Camelidae || Camelus ssp., Lama ssp., Vicugna ssp. Cervidae || Alces ssp., Axis‑Hyelaphus ssp., Blastocerus ssp., Capreolus ssp., Cervus‑Rucervus ssp., Dama ssp., Elaphurus ssp., Hippocamelus ssp., Hydropotes ssp., Mazama ssp., Megamuntiacus ssp., Muntiacus ssp., Odocoileus ssp., Ozotoceros ssp., Pudu ssp., Rangifer ssp. Giraffidae || Giraffa ssp., Okapia ssp. Hippopotamindae || Hexaprotodon‑Choeropsis ssp., Hippopotamus ssp. Moschidae || Moschus ssp. Suidae || Babyrousa ssp., Hylochoerus ssp., Phacochoerus ssp., Potamochoerus ssp., Sus ssp., Tayassuidae || Catagonus ssp., Pecari-Tayassu ssp. Tragulidae || Hyemoschus ssp., Tragulus‑Moschiola ssp. Proboscidae || Elephantidae || Elephas ssp., Loxodonta ssp. IARSCRÍBHINN III Tábla comhghaoil dá dtagraítear in Airteagal 257(2) 1. Treoir 64/432/CE Treoir 64/432/CEE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach), 150(3) agus 220(3) Airteagal 3(1) Airteagal 3(2) || Airteagal 121 agus Airteagal 123 Airteagal 121 (2), Airteagal 123(1) agus Airteagal 146(3) agus (4) Airteagal 4(1) Airteagal 4(2) agus (3) || Airteagal 121(1) Airteagal 122 (1) agus (2) Airteagal 5(1) Airteagal 5(2) Airteagal 5(2)(a) Airteagal 5(2)(b) Airteagal 5(3) Airteagal 5(4) Airteagal 5(5) || Airteagail 140(1), 142 agus 143 Airteagal 146(3) agus (4) Airteagal 144(a) Airteagal 141(1)(b) Airteagal 146(3) agus (4) Airteagal 150 Airteagal 130, 132 agus Airteagal 150 Airteagal 6 || Airteagail 127, 128, 129 Airteagal 6a || - Airteagal 7 || Airteagail 129, 130, 131(a) agus 132 Airteagal 8 || Airteagail 16, 17, 18 agus Airteagail 16(3), 17(3), 18(3) agus 19 Airteagal 9 || Airteagail 30(1), 31, 32 agus Airteagal 30 (3) agus (4), Airteagal 31(2) Airteagal 10 || Airteagail 30(2), 31, 32, 36, 41, 42 agus Airteagail 39, 40, 41(3) agus 42(5) agus (6) Airteagal 11(1) Airteagal 11(2) Airteagal 11(3) Airteagal 11(4) Airteagal 11(5)-(6) || Airteagail 89(1)(a), 92, 93 agus Airteagal 92(2), Airteagail 97, 100 agus 101 Airteagal 93 agus Airteagal 94 Airteagal 95 Airteagal 92(1)(d) agus (2)(d) Airteagal 12(1) Airteagal 12(2) Airteagal 12(3) Airteagal 12(4) Airteagal 12 (5) agus (6) || Airteagal 122, Airteagal 99 agus Airteagal 100 Airteagal 122(1)(a) agus (b) Airteagal 140(3) - Airteagal 13(1) agus (2) Airteagal 13(3) Airteagal 13(4) Airteagal 13(5) agus (6) || Airteagail 89, 92, 93, 94, 97, 100, agus 101 Airteagal 95 - Airteagal 96 Airteagal 14(1) agus (2) Airteagal 14(3)A agus B Airteagal 14(3)C Airteagal 14(4) go dtí (6) || - - Airteagal 103 - Airteagal 15(1) Airteagal 15(2) go dtí (4) || Airteagal 256 - Airteagal 16 || - Airteagal 17 || - Airteagal 17a || - Airteagal 18 || Airteagal 103 Airteagal 19 || - Airteagal 20 || - 2. Treoir 77/391/CEE Treoir 77/391/CEE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2(1) Airteagal 2(2) Airteagal 2(3) Airteagal 2(4) || Airteagal 30(1) Airteagal 31 agus Airteagal 32 Airteagal 33 Airteagal 41 Airteagal 3(1) Airteagal 3(2) Airteagal 3(3) Airteagal 3(4) || Airteagal 30(1) Airteagal 31 agus Airteagal 32 Airteagal 33 Airteagal 36 agus Airteagal 41 Airteagal 4 || Airteagail 30(1), 31, 32, 33, 36 agus 41; Airteagal 5 || - Airteagal 6 || - Airteagal 7 || - Airteagal 8 || - Airteagal 9 || - Airteagal 10 || - Airteagal 11 || - Airteagal 12 || - Airteagal 13 || - Airteagal 14 || - Airteagal 15 || - 3. Treoir 78/52/CEE Treoir 78/52/CEE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 3(1) Airteagal 3(2) Airteagal 3(3) Airteagal 3(4) || Airteagail 30(1), 31, 34 agus 35 - - Airteagal 30(1) agus Airteagal 31 Airteagal 4 || Airteagail 30(1), 31 agus 35 Airteagal 5 || Airteagail 16, 17, 18, 46 agus 47 Airteagal 6(1) Airteagal 6(2) Airteagal 6(3) || Airteagail 73 go dtí 75 Airteagal 76 agus Airteagal 77 Airteagal 78 agus Airteagal 79 Airteagal 7 || Airteagal 78 agus Airteagal 79 Airteagal 8 || Airteagal 78 agus Airteagal 79 Airteagal 9 || Airteagal 78 agus Airteagal 79 Airteagal 10 || Airteagal 78 agus Airteagal 79 Airteagal 11 || Airteagal 78 agus Airteagal 79 Airteagal 12 || Airteagal 78 agus Airteagal 79 Airteagal 13 || Airteagail 16, 17, 18, 46 agus 47 Airteagal 14(1) Airteagal 14(2) Airteagal 14(3) || Airteagail 73 go dtí 75 Airteagal 76 agus Airteagal 77 Airteagal 78 agus Airteagal 79 Airteagal 15 || Airteagal 78 agus Airteagal 79 Airteagal 16 || Airteagal 78 agus Airteagal 79 Airteagal 17 || Airteagal 78 agus Airteagal 79 Airteagal 18 || Airteagal 78 agus Airteagal 79 Airteagal 19 || Airteagal 78 agus Airteagal 79 Airteagal 20 || Airteagal 78 agus Airteagal 79 Airteagal 21 || - Airteagal 22 || Airteagail 16, 17, 18, 46 agus 47 Airteagal 23 || Airteagail 73 go dtí 79 Airteagal 24 || Airteagal 78 agus Airteagal 79 Airteagal 25 || Airteagal 78 agus Airteagal 79 Airteagal 26 || Airteagal 78 agus Airteagal 79 Airteagal 27 || Airteagal 121(1), agus Airteagal 123(1)(b) Airteagal 28 || - Airteagal 29 || - Airteagal 30 || - 4. Treoir 80/1095/CEE Treoir 80/1095/CEE || An Rialachán seo Airteagal 1 || Airteagal 30(1) agus Airteagal 36 Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 3 || Airteagail 30(1), 34 agus 35 Airteagal 3a || Airteagail 30(1), 34 agus 35 Airteagal 4 || Airteagal 31, 32 35 Airteagal 4a || Airteagal 32 agus Airteagal 35 Airteagal 5 || - Airteagal 6 || Airteagal 30(1)(b), 30(3) agus Airteagal 31 Airteagal 7 || Airteagail 36, 39 agus 40 Airteagal 8 || Airteagal 41 agus Airteagal 42 Airteagal 11 || - Airteagal 12 || - Airteagal 12a || - Airteagal 13 || - 5. Treoir 82/894/CEE Treoir 82/894/CEE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 3 || Airteagail 17, 19, 20 agus 21 Airteagal 4 || Airteagail 17, 18, 20 agus 21 Airteagal 5 || Airteagal 21(b) agus (c) Airteagal 6 || - Airteagal 7 || - Airteagal 8 || - 6. Treoir 88/407/CEE Treoir 88/407/CEE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 3 || Airteagal 157 agus Airteagal 158 Airteagal 4 || Airteagal 158(b) agus (c) Airteagal 5 || Airteagail 89, 92, 95 agus 96 Airteagal 6(1) Airteagal 6(2) Airteagal 6 (3) agus (4) || Airteagal 159 agus Airteagal 160 - - Airteagal 8 || Airteagail 230(1)(a) agus 231 Airteagal 9 || Airteagail 230(1)(b), 234 agus 235 Airteagal 10 || Airteagail 230(1)(c), 231, 236 agus 238 Airteagal 11 || Airteagail 230(1)(d), 239 agus 240 Airteagal 12 || Airteagal 230(2) Airteagal 15 || Airteagail 246 go dtí 251 Airteagal 16 || - Airteagal 17 || - Airteagal 18 || - Airteagal 20 || - Airteagal 21 || - Airteagal 22 || - 7. Treoir 89/556/CEE Treoir 89/556/CEE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 3 || Airteagail 157, 158 agus 159 Airteagal 5(1) Airteagal 5(2) Airteagal 5(2a) agus (3) || Airteagal 89 agus Airteagal 92 Airteagal 96 Airteagal 92 Airteagal 6 || Airteagal 159 agus Airteagal 160 Airteagal 7 || Airteagail 230(1)(a) agus 231 Airteagal 8 || Airteagal 230(1)(b), 234 agus Airteagal 235 Airteagal 9 || Airteagal 230(1)(d), 236 agus Airteagal 238 Airteagal 10 || Airteagail 230(1)(c), 239 agus 240 Airteagal 11 || Airteagal 230(2) agus Airteagail 249 go dtí 251 Airteagal 14 || Airteagail 246 go dtí 248 Airteagal 15 || - Airteagal 16 || - Airteagal 17 || - Airteagal 18 || - Airteagal 19 || - Airteagal 20 || - Airteagal 21 || - 8. Treoir 90/429/CEE Treoir 90/556/CEE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 3 || Airteagail 157 agus Airteagal 158 Airteagal 4 || - Airteagal 5(1) Airteagal 5(2) || Airteagal 89 agus Airteagal 92 Airteagal 96 Airteagal 6(1) Airteagal 6(2) || Airteagal 159 agus Airteagal 160 Airteagal 7 || Airteagail 230(1)(a) agus 231 Airteagal 8 || Airteagail 230(1)(b), 234 agus 235 Airteagal 9 || Airteagal 230(1)(c), 236 agus Airteagal 238 Airteagal 10 || Airteagail 230(1)(d), 239, 240 Airteagal 11(1) Airteagal 11(2) agus (3) || Airteagal 230(2) - Airteagal 12 || Airteagal 239 Airteagal 13 || - Airteagal 14 || - Airteagal 15 || Airteagail 246 go dtí 251 Airteagal 16 || - Airteagal 17 || - Airteagal 18 || - Airteagal 19 || - Airteagal 20 || - Airteagal 21 || - Airteagal 22 || - 9. Treoir 91/68/CEE Treoir 91/68/CEE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || Airteagail 4 (go páirteach)), 150(3) agus 220(3) Airteagal 3(1)(2)(3) agus (5) Airteagal 3(4) || Airteagal 127 agus Airteagal 128 Airteagal 136 Airteagal 4(1) Airteagal 4(2) Airteagal 4(3) || Airteagail 121(2)(b), 127 agus 128 Airteagal 125 Airteagal 128 Airteagal 4a || Airteagal 128 Airteagal 4b(1) go dtí (3) Airteagal 4b(4) Airteagal 4b(5) Airteagal 4b(6) || Airteagal 128 Airteagal 130 Airteagal 129 Airteagal 121(1) agus Airteagal 122 Airteagal 4c(1) agus (2) Airteagal 4c(3) || Airteagal 128 Airteagal 130 agus Airteagal 132 Airteagal 5 || Airteagal 128 Airteagal 6 || Airteagal 128 Airteagal 7(1) go dtí (3) Airteagal 7(4) || Airteagal 30 ,31, 32 - Airteagal 8(1) go dtí (3) Airteagal 8(4) || Airteagail 36, 39 agus 40 - Airteagal 8a(1) Airteagal 8a(2) Airteagal 8a(3) Airteagal 8a(4) Airteagal 8a(5) || Airteagail 89(1)(a), 92, 93 agus 131 Airteagail 97 agus 100 Airteagal 93, 94 agus 96 Airteagal 95 Airteagal 92(1)(d) agus (2)(d) Airteagal 8b(1) Airteagal 8b(2) Airteagal 8b(3) Airteagal 8b(4) || Airteagail 82, 89(1)(a), 92, 93, 97, 100 agus 131 Airteagal 89, Airteagal 92 agus Airteagal 93 Airteagal 95 - Airteagal 8c(1) Airteagal 8c(2) Airteagal 8c(3) Airteagal 8c(4) agus (5) || Airteagal 85 agus Airteagal 122 Airteagal 99 Airteagal 122(1)(a) - Airteagal 9 || Airteagail 140, 141, 142, 143, 144, 145, 146 agus 150 Airteagal 10 || - Airteagal 11 || - Airteagal 12 || Airteagal 141(b) Airteagal 14 || - Airteagal 15 || - Airteagal 17 || - Airteagal 18 || - 10. Cinneadh 91/666/CEE Cinneadh 91/666/CEE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 3 || Airteagal 48 Airteagal 4 || Airteagail 48, 49 agus 50 Airteagal 5 || Airteagal 48 agus Airteagal 50 Airteagal 6 || Airteagal 15 agus Airteagal 48(3)(b) Airteagal 7 || Airteagal 50 Airteagal 8 || - Airteagal 9 || - Airteagal 10 || - Airteagal 11 || - Airteagal 12 || - 11. Treoir 92/35/CEE Treoir 92/35/CEE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 3 || Airteagal 16 Airteagal 4 || Airteagail 53 go dtí 57 agus 59 Airteagal 5 || Airteagal 46 agus Airteagal 47 Airteagal 6 || Airteagail 60 go dtí 69 Airteagal 7 || Airteagal 57 Airteagal 8 || Airteagal 64 Airteagal 9 || Airteagal 65, 66 agus 67 Airteagal 10 || Airteagal 65, 66 agus 67 Airteagal 11 || Airteagal 68 Airteagal 12 || Airteagal 71(1) Airteagal 13 || Airteagal 65(2) Airteagal 14 || - Airteagal 15 || - Airteagal 16 || - Airteagal 17 || Airteagal 43, 44 agus 45 Airteagal 18 || - Airteagal 19 || - Airteagal 20 || - Airteagal 21 || - Airteagal 22 || - 12. Treoir 92/65/CEE Treoir 92/65/CEE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 3 || - Airteagal 4 || Airteagail 121, 123, 16, 17, 18, 30(2), 140 go dtí dtí 143, 146 agus 148 Airteagal 5 || Airteagail 133, 134, 140 agus 141 Airteagal 6(A) Airteagal 6(B) || Airteagail 121, 123, 127, 128, 134, 137, 140 go dtí 143 - Airteagal 7(A) Airteagal 7(B) || Airteagail 121, 123, 127, 128, 134, 137 agus 140 go dtí dtí 143 - Airteagal 8 || Airteagail 121, 123, 133 agus 140 go dtí 143 Airteagal 9 || Airteagail 121, 123, 133 agus 140 go dtí 143 Airteagal 10(1) go dtí (4) Airteagal 10(5) go dtí (7) || Airteagail 121, 123, 133, 140 go dtí 143 - Airteagal 10a || Airteagal 11(1) Airteagal 11(2) agus (3) Airteagal 11(4) Airteagal 11(5) || Airteagal 155 Airteagail 155, 157, 158 agus 140 go dtí 143 Airteagal 92 agus Airteagal 96 Airteagal 162 Airteagal 12(1) Airteagal 12(2) Airteagal 12(3) Airteagal 12(4) Airteagal 12(5) Airteagal 12(6) || - Airteagal 246 go hAirteagal 248 Airteagal 82, Airteagal 97 agus Airteagal 100 Airteagail 140 go dtí 146 agus 149 go dtí 151 - Airteagal 256 Airteagal 13(1) Airteagal 13(2) || Airteagail 133, 140 go dtí 146 agus 148 Airteagail 90, 92, agus 93 go dtí 96 Airteagal 14 || Airteagail 30, 31 agus 32 Airteagal 15 || Airteagail 36, 39, 40 agus 41 Airteagal 16 || Airteagal 230(1) agus Airteagal 236 Airteagal 17(1) Airteagal 17(2) Airteagal 17(3) Airteagal 17(4) agus (5) || Airteagail 230(1)(a)(b) agus (c) Airteagal 231 Airteagal 231, 234 agus 235 - Airteagal 18 || Airteagail 230(1)(d) agus 239 Airteagal 19 || Airteagal 236 Airteagal 20 || Airteagail 230(2) agus 246 go dtí 248 Airteagal 21 || Airteagail 141, 142, 143, 160, 209 agus 211 Airteagal 22 || - Airteagal 23 || - Airteagal 24 || Airteagail 230(1)(d) 239 agus 241(1)(a)(v) agus (1)(c)(iv) Airteagal 25 || - Airteagal 26 || - Airteagal 27 || - Airteagal 28 || - Airteagal 29 || - Airteagal 30 || - 13. Treoir 92/66/CEE Treoir 92/66/CEE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 3 || Airteagal 16 Airteagal 4 || Airteagail 53 go dtí 56, 57(1) agus 59 Airteagal 5 || Airteagail 60 go dtí 63 Airteagal 6 || Airteagal 63 Airteagal 7 || Airteagail 57 agus 43(2)(d) Airteagal 8 || Airteagail 55 agus 56 Airteagal 9(1) Airteagal 9(2) go dtí (7) || Airteagail 64 Airteagail 65 go dtí 68 Airteagal 10 || Airteagal 65 agus Airteagal 67 Airteagal 11 || Airteagail 67(b), 68(1)(b) agus (2)(a) Airteagal 12 || Airteagal 54 Airteagal 13 || Airteagal 65(2) Airteagal 14 || - Airteagal 15 || - Airteagal 16 || Airteagal 46 agus Airteagal 47 Airteagal 17 || Airteagal 47 Airteagal 18 || Airteagal 65(e), 67 agus 69 Airteagal 19(1) go dtí (3) Airteagal 19(4) Airteagal 19(5) || Airteagail 53 go dtí 56 Airteagail 57(1) agus 60 go dtí 63 Airteagal 71(2) Airteagal 20 || - Airteagal 21 || Airteagal 43 agus Airteagal 44 Airteagal 22 || - Airteagal 23 || - Airteagal 24 || - Airteagal 25 || - Airteagal 26 || - Airteagal 27 || - 14. Treoir 92/118/CEE Treoir 92/118/CEE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 3 || Airteagail 164, 223 agus 228(c)(v) Airteagal 4(1) Airteagal 4(2) || Airteagal 164, 223 agus 228(c)(v) - Airteagal 5 || Airteagal 164 agus Airteagal 223 Airteagal 6 || Airteagal 15(1)(b) agus (2)(b) Airteagal 7(1) Airteagal 7(2) Airteagal 7(3) Airteagal 7(4) || - Airteagail 246 go dtí 248 - Airteagal 256 Airteagal 8 || - Airteagal 9 || Airteagal 230 agus Airteagal 236 Airteagal 10 || Airteagail 230, 236, 239 agus 241 Airteagal 11 || Airteagal 241(1)(c)(ii) Airteagal 12 || - Airteagal 13 || Airteagal 241(1)(c)(i) Airteagal 14 || - Airteagal 15 || - Airteagal 16 || Airteagal 241(1)(c)(v) Airteagal 17 || - Airteagal 18 || - Airteagal 19 || - Airteagal 20 || - 15. Treoir 92/119/CEE Treoir 92/119/CEE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 3 || Airteagal 16 Airteagal 4 || Airteagail 53 go dtí 57 agus 59 Airteagal 5 || Airteagail 60 go dtí 63 Airteagal 6 || Airteagal 70 agus Airteagal 71(2) Airteagal 7 || Airteagal 63 Airteagal 8 || Airteagal 57 Airteagal 9 || Airteagail 62 agus 63 Airteagal 10 || Airteagal 64 Airteagal 11 || Airteagal 65 go dtí 68 agus 71(2) Airteagal 12 || Airteagail 65 go dtí 68 Airteagal 13 || Airteagal 67(a) Airteagal 14 || Airteagal 65(2) Airteagal 15 || - Airteagal 16 || Airteagail 63(b), 67(b), 68(1)(b) agus (2)(a) Airteagal 17 || - Airteagal 18 || - Airteagal 19 || Airteagal 46 47, agus 49 Airteagal 20 || Airteagail 43, 44 agus 45 Airteagal 21 || - Airteagal 22 || - Airteagal 23 || - Airteagal 24 || - Airteagal 25 || - Airteagal 26 || - Airteagal 27 || - Airteagal 28 || - 16. Cinneadh 95/410/CEE Cinneadh 95/410/CEE || An Rialachán seo Airteagal 1 || Airteagail 127 go dtí 129 Airteagal 2 || Airteagal 128(1)(c) Airteagal 3 || Airteagail 140, 142 agus 143 Airteagal 4 || - Airteagal 5 || - Airteagal 6 || - 17. Treoir 2000/75/CE Treoir 2000/75/CE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 3 || Airteagal 16 Airteagal 4(1) agus (2) Airteagal 4(3) Airteagal 4(4) Airteagal 4(5) Airteagal 4(6) || Airteagail 54 agus 55 Airteagal 53 Airteagal 56 Airteagal 70 Airteagal 59 Airteagal 5 || Airteagal 46 agus Airteagal 47 Airteagal 6 || Airteagail 60 go dtí 64 Airteagal 7 || Airteagal 57 Airteagal 8 || Airteagal 64, 68 agus Airteagal 71(3) Airteagal 9 || Airteagal 65 agus Airteagal 67 Airteagal 10(1) Airteagal 10(2) || Airteagail 64 agus 67 Airteagal 46 agus 47 Airteagal 11 || - Airteagal 12 || Airteagal 65 agus Airteagal 67 Airteagal 13 || Airteagal 71(1) Airteagal 14 || Airteagal 65(2) Airteagal 15 || - Airteagal 16 || - Airteagal 17 || - Airteagal 18 || Airteagail 43, 44 agus 45 Airteagal 19 || - Airteagal 20 || - Airteagal 21 || - Airteagal 22 || - Airteagal 23 || - 18. Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 || An Rialachán seo Airteagal 1 || Airteagal 102 Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 3 || Airteagal 102(2) agus 105 Airteagal 4 || Airteagail 106(a), 108, 114, 115 agus 117 Airteagal 5 || Airteagal 103(1)(a) Airteagal 6 || Airteagail 104, 106(b), 108, 114, 115 agus 117 Airteagal 7 || Airteagail 97, 100, 101 agus 106(b)(i) agus (c) Airteagal 8 || Airteagal 105 Airteagal 9 || - Airteagal 10(a) go dtí (c) Airteagal 10(d) agus (e) Airteagal 10(f) || Airteagal 114, Airteagal 115, Airteagal 117 - Airteagal 258 Airteagal 11 || - Airteagal 12 || - Airteagal 13 || - Airteagal 14 || - Airteagal 15 || - Airteagal 16 || - Airteagal 17 || - Airteagal 18 || - Airteagal 19 || - Airteagal 20 || - Airteagal 21 || - Airteagal 22 || - Airteagal 23 || - Airteagal 24 || - Airteagal 25 || - 19. Treoir 2001/89/CE Treoir 2001/89/CE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 3 || Airteagail 16, 17, 18 agus 21 Airteagal 4 || Airteagail 53, 57(1) agus 59 Airteagal 5 || Airteagal 60 go dtí 63 agus 71(2) Airteagal 6 || Airteagal 60 go dtí 63 agus 71 Airteagal 7 || Airteagal 62, 63 agus 65(1)(b) Airteagal 8 || Airteagal 57 Airteagal 9 || Airteagal 64 Airteagal 10 || Airteagail 65 go dtí 68 Airteagal 11 || Airteagail 65 go dtí 68 Airteagal 12 || Airteagail 65(1)(f), 67(b) agus 68(1)(b) Airteagal 13 || Airteagail 61(3), 63(d) agus 68 Airteagal 14 || Airteagal 62 agus Airteagal 63 Airteagal 15 || Airteagal 70 Airteagal 16 || Airteagal 70 agus Airteagail 30 go dtí 35 Airteagal 17 || Airteagail 15, 54(2) agus (3), 65(1)(b) agus 67(c) Airteagal 18 || Airteagail 15, 46 agus 47 Airteagal 19 || Airteagal 65(1)(e), 67 agus 69 Airteagal 20 || Airteagal 70 Airteagal 21 || - Airteagal 22 || Airteagail 43, 44 agus 45 Airteagal 23 || Airteagail 43(2)(d) agus 44 Airteagal 24 || - Airteagal 25 || - Airteagal 26 || - Airteagal 27 || - Airteagal 28 || - Airteagal 29 || - Airteagal 30 || - Airteagal 31 || - 20. Treoir 2002/60/CE Treoir 2002/60/CE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 3 || Airteagail 16, 17, 18 agus 21 Airteagal 4 || Airteagail 53 go dtí 56, 57(1) agus 59 Airteagal 5 || Airteagail 60 go dtí 63 agus 71(2) Airteagal 6 || Airteagal 63 agus Airteagal 71 Airteagal 7 || Airteagal 62 agus Airteagal 63 Airteagal 8 || Airteagal 57 Airteagal 9 || Airteagal 64 Airteagal 10 || Airteagail 65, 67 agus 68 Airteagal 11 || Airteagail 65, 67 agus 68 Airteagal 12 || Airteagail 65(1)(f), 67(b) agus 68(1)(b) Airteagal 13 || Airteagal 61(3), 63(d) agus 68 Airteagal 14 || Airteagal 62 agus Airteagal 63 Airteagal 15 || Airteagal 70 Airteagal 16 || Airteagal 70 agus Airteagail 30 go dtí dtí 35 Airteagal 17 || Airteagail 61(f) agus 63 Airteagal 18 || Airteagal 15, 54(2) agus (3), 65(1)(b) agus 67 Airteagal 19 || Airteagail 15, 46 agus 47 Airteagal 20 || - Airteagal 21 || Airteagail 43, 44 agus 45 Airteagal 22 || Airteagail 43(2)(d) agus 44 Airteagal 23 || - Airteagal 24 || - Airteagal 25 || - Airteagal 26 || - Airteagal 27 || - Airteagal 28 || - Airteagal 29 || - Airteagal 30 || - 21. Treoir 2002/99/CE Treoir 2002/99/CE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 3 || Airteagal 164, 223 agus 228(c)(v) Airteagal 4 || Airteagail 65(1)(c),(d)(i),(g),(h),(i), 67, 164, 223 agus 229(1)(d) Airteagal 5 || Airteagail 165, 166, 224 agus 225 Airteagal 6 || - Airteagal 7 || Airteagal 236 agus Airteagal 238 Airteagal 8 || Airteagail 231, 232 agus 233 Airteagal 9 || Airteagal 239 agus Airteagal 240 Airteagal 10 || - Airteagal 11 || - Airteagal 12 || - Airteagal 13 || - Airteagal 14 || - Airteagal 15 || - Airteagal 16 || - 22. Treoir 2003/85/CE Treoir 2003/85/CE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 3 || Airteagail 16, 17, 18 agus 21 Airteagal 4 || Airteagail 53 go dtí 56 agus 57(1) Airteagal 5 || Airteagal 55(1)(d),(e) agus (2) Airteagal 6 || Airteagal 55(1)(f)(i) agus (2) agus 56(b) Airteagal 7 || Airteagal 55(1)(f)(ii) Airteagal 8 || Airteagal 55(1)(f) agus (2) Airteagal 9 || Airteagal 59 Airteagal 10 || Airteagal 60, Airteagal 61, Airteagal 63 Airteagal 11 || Airteagail 61(1)(f) 63(b), 65(1)(f) agus 67(b) Airteagal 12 || Airteagail 65(1)(h),(i) agus 67 Airteagal 13 || Airteagal 57 Airteagal 14 || Airteagal 61 agus Airteagal 63 Airteagal 15 || Airteagal 61 agus Airteagal 63 Airteagal 16 || Airteagail 61, 62 agus 63 Airteagal 17 || Airteagal 71(1) agus (3) Airteagal 18 || Airteagail 61 agus 63 Airteagal 19 || Airteagal 62 agus Airteagal 63 Airteagal 20 || Airteagal 71(2) agus (3) Airteagal 21 || Airteagal 64 Airteagal 22 || Airteagal 65 go dtí 67 Airteagal 23 || Airteagal 65 go dtí 67 Airteagal 24 || Airteagal 67 agus Airteagal 71(1) Airteagal 25 || Airteagail 65(1)(c),(d)(i),(g), (h), (i) agus 67 Airteagal 26 || Airteagail 65(1)(c),(d)(i),(g), (h), (i), 67, 164 agus 164 Airteagal 27 || Airteagail 65(1)(c),(d)(i),(g), (h), (i), 67, 164 Airteagal 28 || Airteagal 65(1)(c),(d)(iii) agus 67 Airteagal 29 || Airteagal 65(1)(c),(d)(ii) agus 67 Airteagal 30 || Airteagal 65(1)(c),(d)(ii) agus 67 Airteagal 31 || Airteagal 65(1)(c),(d)(ii) agus 67 Airteagal 32 || Airteagal 65 agus Airteagal 67 Airteagal 33 || Airteagal 65(1)(c)(d)(ii) agus 67 Airteagal 34 || Airteagail 67, 140(2), 159(1)(b), 165(1)(b) Airteagal 35 || Airteagal 71 Airteagal 36 || Airteagal 68 Airteagal 37 || Airteagal 65 agus Airteagal 67 Airteagal 38 || Airteagal 65 agus Airteagal 67 Airteagal 39 || Airteagail 65(1)(c),(d)(i),(g), (h), (i), 67, 164 Airteagal 40 || Airteagail 65(1)(c),(d)(i),(g), (h), (i), 67, 164 Airteagal 41 || Airteagal 65(1)(c),(d)(ii) agus 67 Airteagal 42 || Airteagal 65 agus Airteagal 67 Airteagal 43 || Airteagal 71 Airteagal 44 || Airteagal 68 Airteagal 45 || Airteagal 64, 69 agus 71 Airteagal 46 || Airteagal 65 agus Airteagal 67 Airteagal 47 || Airteagail 65(1)(h) agus 67 Airteagal 48 || Airteagal 140 Airteagal 49 || Airteagail 15, 46 agus 47 Airteagal 50 || Airteagal 46, 47 agus 69 Airteagal 51 || Airteagal 46, 47 agus 69 Airteagal 52 || Airteagal 46 agus Airteagal 47 Airteagal 53 || Airteagal 46 agus Airteagal 47 Airteagal 54 || Airteagail 46, 47, 65, 67 agus 69(3) Airteagal 55 || Airteagail 46, 47, 65 67 agus 69(3) Airteagal 56 || Airteagail 47, 68(1)(c) agus 69(3) Airteagal 57 || Airteagail 47, 68(1)(c) agus 69(3) Airteagal 58 || Airteagail 65(1)(c) agus 67 Airteagal 59 || Airteagail 36, 38, 39, 40 agus 68 Airteagal 60 || Airteagail 36, 38, 39, 40 agus 68 Airteagal 61 || Airteagail 36, 38, 39, 40 agus 68 Airteagal 62 || Airteagal 68 Airteagal 63 || Airteagail 140(2), 159 agus 165 Airteagal 64 || Airteagail 69(3) agus128 Airteagal 65 || Airteagal 15 Airteagal 66 || - Airteagal 67 || - Airteagal 68 || - Airteagal 69 || - Airteagal 70 || Airteagal 15 Airteagal 71 || Airteagal 54(2) agus (3), 58, 61(1)(g), 63(c) agus 65(1)(b), 67(c), 68(1)(c) agus 2(b) Airteagal 72 || Airteagal 43 Airteagal 73 || Airteagal 45 Airteagal 74 || Airteagal 43(2)(d) Airteagal 75 || Airteagal 44 Airteagal 76 || Airteagal 43(2)(d) agus 44 Airteagal 77 || Airteagal 44 Airteagal 78 || Airteagal 43(2)(d) Airteagal 79 || Airteagal 52 Airteagal 80 || Airteagal 48 Airteagal 81 || Airteagal 48(3) agus Airteagal 50 Airteagal 82 || Airteagal 48(3) agus Airteagal 50 Airteagal 83 || Airteagal 49 Airteagal 84 || Airteagal 48(3) agus Airteagal 50 Airteagal 85 || Airteagail 70 agus 71 Airteagal 86 || Airteagal 256 Airteagal 87 || - Airteagal 88 || Airteagal 71(3) Airteagal 89 || - Airteagal 90 || - Airteagal 91 || - Airteagal 92 || - Airteagal 93 || - Airteagal 94 || - Airteagal 95 || - 23. Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || - Airteagal 3 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 4 || Airteagail 112, 114(e) agus 117 Airteagal 5 || Airteagail 152, 222 agus 228 Airteagal 6 || - Airteagal 7 || Airteagail 152(2) agus (3) agus 222(2) agus (3) Airteagal 8 || Airteagal 241(1)(a)(ii) Airteagal 9 || Airteagal 241(1)(a)(ii) Airteagal 10 || Airteagal 231 Airteagal 11 || - Airteagal 12 || - Airteagal 13 || - Airteagal 14 (an chéad mhír agus an dara mír) Airteagal 14 (an tríú mír) Airteagal 14 (an ceathrú mír) || Airteagal 239 - Airteagail 236(1)(b) agus 241(1)(a)(ii) Airteagal 15 || - Airteagal 16 || - Airteagal 17 || Airteagail 152(2) agus (3), 222(2) agus (3), 228, agus 241(1)(a)(ii) Airteagal 18 || Airteagail 246 go dtí 251 Airteagal 19 || Airteagail 4(2)(b), 152(2) agus (3), 222(2) agus (3), 228, agus 241(1)(a)(ii) Airteagal 19a(1) Airteagal 19a(2) || Airteagal 114(e) agus 117 Airteagal 152(2) agus (3) Airteagal 20 || - Airteagal 21 || - Airteagal 22 || - Airteagal 23 || - Airteagal 24 || - Airteagal 25 || - 24. Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 || An Rialachán seo Airteagal 1 || Airteagal 102 Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 3(1) Airteagal 3(2) || Airteagal 102(2) Airteagal 105 Airteagal 4(1) agus (2) Airteagal 4(3) Airteagal 4(4) go dtí (7) Airteagal 4(8) Airteagal 4(9) || Airteagail 107(a), 114, 115 agus 117 Airteagal 114(b) agus Airteagal 115(a) Airteagal 114 Airteagal 105 Airteagal 114(b) Airteagal 5 || Airteagail 97, 100, 101, 105 agus 106(b) agus (c) Airteagal 6 || Airteagail 105(b), 107(b), 108, 114(c)(ii), 115 agus 117 Airteagal 7 || Airteagal 96 Airteagal 8(1) Airteagal 8(2) Airteagal 8(3) go dtí (5) || Airteagal 103, Airteagal 107(c) Airteagal 103 Airteagal 9 || Airteagail 114(b) agus 117 Airteagal 10(1)(a) Airteagal 10(1)(b) Airteagal 10(1)(c) Airteagal 10(2) || - Airteagal 256 Airteagal 258 Airteagal 117 Airteagal 11 || Airteagal 105 Airteagal 12(1) Airteagal 12(2) Airteagail 12(4) go dtí (7) || - Airteagal 256 - Airteagal 13 || - Airteagal 14 || - Airteagal 15 || - Airteagal 16 || - Airteagal 17 || - 25. Treoir 2004/68/CE Treoir 2004/68/CE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 3(1) Airteagal 3(2) || Airteagal 230(1)(a) Airteagal 233(1) Airteagal 4 || Airteagal 231(1) Airteagal 5 || Airteagal 231(1),(3) agus Airteagal 232 Airteagal 6 || Airteagal 236 Airteagal 7 || Airteagal 236(1)(a) agus 2 agus Airteagal 237 Airteagal 8 || Airteagail 236, 239(4) agus 241(1)(a) Airteagal 9 || Airteagail 236(1) agus (4) Airteagal 10 || Airteagal 236(1) agus 239(4) Airteagal 11 || Airteagail 230(1)(d), 239 agus 240 Airteagal 12 || - Airteagal 13 || - Airteagal 14 || - Airteagal 16 || - Airteagal 17 || - Airteagal 18 || - Airteagal 19 || - Airteagal 20 || - Airteagal 21 || - 26. Treoir 2005/94/CE Treoir 2005/94/CE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 3 || Airteagal 9 Airteagal 4 || Airteagal 27 agus Airteagal 28 Airteagal 5 || Airteagail 16, 17, 18 agus 21 Airteagal 6 || Airteagal 57 Airteagal 7 || Airteagail 53 go dtí 56 agus 57(1) Airteagal 8 || Airteagal 55(2) Airteagal 9 || Airteagal 59 Airteagal 10 || Airteagail 55(1)(e),(f) agus 56 Airteagal 11 || Airteagal 61 agus Airteagal 63 Airteagal 12 || Airteagal 63 Airteagal 13 || Airteagal 61 agus Airteagal 63 Airteagal 14 || Airteagal 63(a) Airteagal 15 || Airteagal 62 agus Airteagal 63(e) Airteagal 16 || Airteagal 64 Airteagal 17 || Airteagal 65 agus Airteagal 67 Airteagal 18 || Airteagal 65(1)(a) agus (b) agus Airteagal 67 Airteagal 19 || Airteagal 65 agus Airteagal 67 Airteagal 20 || Airteagal 65(1)(c)(d)(ii) agus 67 Airteagal 21 || Airteagail 65(1)(c) agus (i) agus 67 Airteagal 22 || Airteagal 65(1)(c) agus (i) agus Airteagal 67 Airteagal 23 || Airteagail 65(1)(c) agus 67 Airteagal 24 || Airteagail 65(1)(c) agus 67 Airteagal 25 || Airteagail 65(1)(c) agus 67 Airteagal 26 || Airteagail 65(1)(c) agus 67 Airteagal 27 || Airteagail 65(1)(d)(ii) agus 67 Airteagal 28 || Airteagail 65(1)(f) agus 67(b) Airteagal 29 || Airteagal 68 Airteagal 30 || Airteagal 65 agus Airteagal 67 Airteagal 31 || Airteagal 68 Airteagal 32 || Airteagail 64, 65 67 agus 71(3) Airteagal 33 || Airteagal 67 agus 71(3) Airteagal 34 || Airteagail 37, 65(1)(i) agus 67 Airteagal 35 || Airteagal 54 agus Airteagal 61 Airteagal 36 || Airteagal 61 agus Airteagal 63 Airteagal 37 || Airteagal 61 agus Airteagal 63 Airteagal 38 || Airteagail 61, 63, 65 agus 67 Airteagal 39 || Airteagal 61, 63 agus 71(3) Airteagal 40 || Airteagal 61, 63 agus 71 Airteagal 41 || Airteagal 61 agus Airteagal 63 Airteagal 42 || Airteagal 62 agus Airteagal 63 Airteagal 43 || Airteagal 64 Airteagal 44 || Airteagal 65 agus Airteagal 67 Airteagal 45 || Airteagal 68 Airteagal 46 || Airteagail 64(4) agus 67 Airteagal 47 || Airteagail 61 agus 63 Airteagal 48 || Airteagal 68(1)(b) agus 2(a) Airteagal 49 || Airteagal 61(3) agus Airteagal 68 Airteagal 50 || Airteagail 15, 54(2)(b),(c) agus (3), 58(2), 63(5) Airteagal 51 || - Airteagal 52 || Airteagal 46 agus Airteagal 47 Airteagal 53 || Airteagal 69 Airteagal 54 || Airteagail 46, 47, 65, 67 agus 69 Airteagal 55 || Airteagail 46, 47, 65, 67 agus 69 Airteagal 56 || Airteagal 46 agus Airteagal 47 Airteagal 57 || Airteagal 47 Airteagal 58 || Airteagail 48 go dtí 51 Airteagal 59 || Airteagal 52 Airteagal 60 || - Airteagal 61 || Airteagal 256 Airteagal 62 || Airteagail 43 go dtí 45 Airteagal 63 || - Airteagal 64 || - Airteagal 65 || - Airteagal 66 || - Airteagal 67 || - Airteagal 68 || - Airteagal 69 || - 27. Treoir 2006/88/CE Treoir 2006/88/CE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || Airteagail 2 agus 3(2) Airteagal 3 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 4(1) Airteagal 4(2) Airteagal 4(3) Airteagal 4(4) Airteagal 4(5) || Airteagail 170, 171, 174 agus 175 Airteagal 177 Airteagal 183(2) Airteagail 170, 171, 172 agus 173 - Airteagal 5 || Airteagal 179 Airteagal 6 || Airteagal 183 agus Airteagal 184 Airteagal 7 || - Airteagal 8 || Airteagal 185, 186, 187 agus 188 Airteagal 9 || Airteagal 179(1)(a)(i), (2) agus (3) Airteagal 10 || Airteagal 179(1)(a)(ii), (2) agus (3) Airteagal 11 || Airteagal 190 agus Airteagal 204 Airteagal 12 || Airteagal 190 Airteagal 13 || Airteagal 191 Airteagal 14(1) agus (2) Airteagal 14(3) agus (4) || Airteagal 208 Airteagal 219 agus Airteagal 220 Airteagal 15(1) agus (2) Airteagal 15(3) Airteagal 15(4) || Airteagal 195 agus Airteagal 196 Airteagal 192 Airteagal 195, 196 agus 198 Airteagal 16 || Airteagal 196 Airteagal 17 || Airteagal 196 Airteagal 18 || Airteagal 200 agus Airteagal 201 Airteagal 19 || Airteagal 200 agus Airteagal 201 Airteagal 20 || Airteagal 199 Airteagal 21 || Airteagail 202, 203 agus 205 Airteagal 22 || Airteagal 230(1)(a) Airteagal 23 || Airteagal 231 agus Airteagal 232 Airteagal 24 || Airteagail 230(1)(d) agus 239 Airteagal 25 || Airteagail 236, 239 agus 240 Airteagal 26 || Airteagal 16 Airteagal 27 || Airteagal 17 agus Airteagal 18 Airteagal 28 || Airteagail 53 go dtí 55 agus 72 go dtí 74 Airteagal 29 || Airteagal 57 Airteagal 30 || Airteagal 59 agus Airteagal 77 Airteagal 31 || - Airteagal 32 || Airteagail 60, 61, 62 agus 64 Airteagal 33 || Airteagal 65 agus Airteagal 67 Airteagal 34 || Airteagal 61(1)(b) agus (c) agus Airteagal 63 Airteagal 35 || Airteagail 61(3) agus 63 Airteagal 36 || Airteagal 37 || Airteagal 68 Airteagal 38 || Airteagal 76 agus Airteagal 78 Airteagal 39 || Airteagal 78 agus Airteagal 79 Airteagal 40 || Airteagal 80 Airteagal 41 || Airteagal 246(1)(b) agus (c) Airteagal 42 || Airteagal 71(3) Airteagal 43 || Airteagal 227 Airteagal 44 || Airteagail 26, 27, 30 agus 31 Airteagal 45 || Airteagal 32 Airteagal 46 || Airteagal 34 Airteagal 47 || Airteagal 43 agus Airteagal 44 Airteagal 48 || Airteagal 46 agus Airteagal 47 Airteagal 49 || Airteagal 36 Airteagal 50 || Airteagal 36 agus 37 Airteagal 51 || Airteagal 38 Airteagal 52 || Airteagal 41 Airteagal 53 || Airteagal 42 Airteagal 54 || - Airteagal 55 || - Airteagal 56 || - Airteagal 57(a) Airteagal 57(b) Airteagal 57(c) || - Airteagail 54(2)(c) agus (3), 58, 61(1)(h), 63(c), 67(1)(b) agus 67(c) - Airteagal 58 || - Airteagal 59 || Airteagal 38 agus Airteagal 183 (go páirteach) Airteagal 60 || Airteagal 256 Airteagal 61 || - Airteagal 62 || - Airteagal 63 || - Airteagal 64 || - Airteagal 65 || - Airteagal 66 || - Airteagal 67 || - 28. Treoir 2008/71/CE Treoir 2008/71/CE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 3(1) Airteagal 3(2) || Airteagal 96 Airteagal 115 Airteagal 4(1) Airteagal 4(2) || Airteagal 97 agus Airteagal 115 Airteagal 110 Airteagal 5(1) Airteagal 5(2) || Airteagal 110(a), 114(b) agus 117 Airteagail 110(a) agus 111 Airteagal 6(1) Airteagal 6(2) || Airteagail 110(a), 115 agus 117 - Airteagal 7 || Airteagal 103(1)(b) agus (2) Airteagal 8 || Airteagail 110 agus 114(d) Airteagal 9 || Airteagal 256 Airteagal 10 || - Airteagal 11 || - Airteagal 12 || - Airteagal 13 || - 29. Treoir 2009/156/CE Treoir 2009/156/CEE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 3 || Airteagal 123 agus Airteagal 136 Airteagal 4(1) Airteagal 4(2) Airteagal 4(3) Airteagal 4(4) Airteagal 4(5) Airteagal 4(6) || Airteagal 127 agus Airteagal 146(3) Airteagal 127 agus Airteagal 128 Airteagal 125 Airteagail 109, 114 agus 117 Airteagal 123(1)(a), 127 agus 128 Airteagail 30 go dtí 35 Airteagal 5 || Airteagal 127 agus Airteagal 128 Airteagal 6 || Airteagail 127, 128 agus 141(b) Airteagal 7(1) Airteagal 7(2) Airteagal 7(3) || Airteagal 123(2) agus Airteagal 130 Airteagail 127, 128 agus 129 Airteagail 127, 128 agus 129 Airteagal 8 || Airteagail 109(1)(c), 114, 117 agus Airteagail 140 go dtí 143 Airteagal 9 || Airteagail 246 go dtí 248 (go páirteach) Airteagal 10 || - Airteagal 11 || - Airteagal 12(1), (2) agus (3) Airteagal 12(4) agus (5) || Airteagail 230(1)(a) agus 231 Airteagal 236 Airteagal 13 || Airteagal 231 agus Airteagal 236 Airteagal 14 || Airteagal 236 Airteagal 15 || Airteagal 236 Airteagal 16 || Airteagail 236, 238 agus 239 Airteagal 17 || Airteagal 236 Airteagal 18 || - Airteagal 19 || Airteagal 236 Airteagal 20 || - Airteagal 21 || - Airteagal 22 || - Airteagal 23 || - Airteagal 24 || - 30. Treoir 2009/158/CE Treoir 2009/158/CE || An Rialachán seo Airteagal 1 || - Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach) Airteagal 3 || - Airteagal 4 || - Airteagal 5 || Airteagail 123, 127, 128, 157 agus 158 Airteagal 6 || Airteagal 121, 123 agus 157 Airteagal 7 || Airteagal 96 Airteagal 8 || Airteagal 157 agus Airteagal 158 Airteagal 9 || Airteagal 127 agus Airteagal 128 Airteagal 10 || Airteagal 127 agus Airteagal 128 Airteagal 11 || Airteagal 127 agus Airteagal 128 Airteagal 12 || Airteagal 127 agus Airteagal 128 Airteagal 13 || Airteagal 128 Airteagal 14 || Airteagal 128 Airteagal 15(1)(a) Airteagal 15(1)(b) agus (2) Airteagal 15(2) || Airteagal 157 agus Airteagal 158 Airteagal 127 agus Airteagal 128 Airteagail 30 go dtí 35 Airteagal 16 || Airteagail 30 go dtí 35 Airteagal 17 || Airteagail 36, 39 agus 40 Airteagal 18 || Airteagail 121, 122, 123(1)(a) agus 2, 129 agus 155(3) Airteagal 19 || Airteagal 128 Airteagal 20 || Airteagail 140 go dtí 147 agus Airteagail 159 agus 160 Airteagal 21 || - Airteagal 22 || - Airteagal 23 || Airteagail 230(1)(a), 231 agus 232 Airteagal 24 || Airteagal 236 Airteagal 25 || Airteagal 236 Airteagal 26 || Airteagal 239 Airteagal 27 || - Airteagal 28 || Airteagail 236, 237 agus 238 Airteagal 29 || Airteagal 236 agus 241 Airteagal 30 || Airteagal 236 Airteagal 31 || Airteagail 246 go dtí 248 Airteagal 32 || - Airteagal 33 || - Airteagal 34 || - Airteagal 35 || - Airteagal 36 || - Airteagal 37 || - Airteagal 38 || - [1] COM(2010) 543 final
"Rialáil Chliste san Aontas Eorpach". [2] COM(2010) 2020 "An
Eoraip 2020 – Straitéis i leith fáis chliste, inbhuanaithe,
chuimsithigh". [3] http://ec.europa.eu/food/animal/diseases/strategy/cahpeval_en.htm [4] http://ec.europa.eu/food/animal/diseases/strategy/index_en.htm [5] Rún PE 2007/2260(INI). [6] Doic.15481/07 Aguisín 1. [7] NAT/376 – EU Animal Health Strategy. [8] COM (2008) 545 final, http://ec.europa.eu/food/animal/diseases/strategy/documents_en.htm [9] IO C …, lch . [10] IO C …, lch . [11] COM(2007) 539 final. [12] IO L 336, 23.12.1994, lch. 1. [13] COM(2000) 1 final. [14] IO L 31, 1.2.2002, lch. 1. [15] IO L 300, 14.11.2009, lch. 1. [16] IO L 147, 31.5.2001, lch. 1. [17] IO L 325, 12.12.2003, lch. 31. [18] IO L 325, 12.12.2003, lch. 1. [19] IO L 268, 3.10.1998, lch. 1. [20] IO L 139, 30.4.2004, lch. 321. [21] IO L 268, 14.9.1992, lch. 54. [22] COM(2011) 748. [23] http://www.oie.int/en/support-to-oie-members/global-studies/categorisation-of-animal-diseases/ [24] IO L 325, 12.12.2003, lch. 31. [25] Doc SANCO/7070/2010. [26] IO L 276, 20.10.2010, lch. 33. [27] IO L 121, 29.7.1964, lch. 1977. [28] IO L 46, 19.2.1991, lch. 19. [29] IO L 192, 23.7.2010, lch. 1. [30] IO L 343, 22.12.2009, lch. 74. [31] IO L 268, 14.9.1992, lch. 54. [32] IOL... [33] IO L 204, 21.7.1998, lch. 37. [34] IO L 121, 29.7.1964, lch. 1977. [35] IO L 145, 13.6.1977, lch. 44. [36] IO L 15, 19.1.1978, lch. 34. [37] IO L 194, 22.7.1988, lch. 10. [38] IO L 325, 1.12.1980, lch. 1. [39] IO L 378, 31.12.1982, lch. 58. [40] IO L 302, 19.10.1989, lch. 1. [41] IO L 224, 18.8.1990, lch. 62. [42] IO L 46, 19.2.1991, lch. 19. [43] IO L 368, 31.12.1991, lch. 21. [44] IO L 157, 10.6.1992, lch. 19. [45] IO L 268, 14.09.1992, lch. 54. [46] IO L 260, 5.9.1992, lch. 1. [47] IO L 62, 15.3.1993, lch. 49. [48] IO L 62, 15.3.1993, lch. 69. [49] IO L 243, 11.10.1995, lch. 25. [50] IO L 327, 22.12.2000, lch. 74. [51] IO L 79, 30.3.2000, lch. 40. [52] IO L 204, 11.8.2000, lch. 1. [53] IO L 31, 1.12.2001, lch. 5. [54] IO L 192, 20.7.2002, lch. 27. [55] IO L 18, 23.1.2003, lch. 11. [56] IO L 306, 22.11.2003, lch. 1. [57] IO L ... [58] IO L 5, 9.1.2004, lch. 8. [59] IO L 139, 30.4.2004, lch. 321. [60] IO L 192, 23.7.2010, lch. 1. [61] IO L 10, 14.1.2006, lch. 16. [62] IO L 328, 24.11.2006, lch. 14. [63] IO L 213, 8.8.2008, lch. 31. [64] IO L 343, 22.12.2009, lch. 74. [65] IO L 213, 3.8.1978, lch. 15. [66] IO L 29, 3.2.1979, lch. 24. [67] IO L 14, 16.1.1981, lch. 22. [68] IO L 223, 2.8.1989, lch. 19. [69] IO L 224, 18.8.1990, lch. 13. [70] IO L 373, 31.12.1990, lch. 29. [71] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.