This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R3189
Council Regulation (EU) 2024/3189 of 16 December 2024 amending Regulation (EU) No 269/2014 concerning restrictive measures in respect of actions undermining or threatening the territorial integrity, sovereignty and independence of Ukraine
Rialachán (AE) 2024/3189 ón gComhairle an 16 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
Rialachán (AE) 2024/3189 ón gComhairle an 16 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
ST/16001/2024/INIT
IO L, 2024/3189, 16.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3189/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3189 |
16.12.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/3189 ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Nollaig 2024
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1),
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 (2) ón gComhairle tugtar éifeacht do bhearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES. |
|
(2) |
An 16 Nollaig 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/3182 (3), lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES, Cinneadh (CBES) 2024/3182 agus lena dtugtar isteach, go háirithe, maolú lena gceadaítear iarmhéideanna airgid atá i seilbh thaisclanna lárnacha urrús, de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 (4), san Aontas a scaoileadh agus atá inchurtha i leith eintitis ainmnithe. Tá gá leis an maolú sin i gcomhthéacs dlíthíocht agus bearta díoltais atá ag dul i méid sa Rúis lena gcuirtear ar a gcumas d’eintitis ainmnithe áirithe agus dá gcliaint fholuiteacha sócmhainní thaisclanna lárnacha urrús san Aontas a choimeádtar sa Rúis a urghabháil gan toiliú a fháil ó na taisclanna sin roimh ré. Is iomchuí, dá bhrí sin, sásra maolaithe a bhunú faoina bhféadfaidh taisclanna lárnacha urrús san Aontas a iarraidh ar údaráis inniúla na mBallstát iarmhéideanna airgid nach bhfuil dlite a thuilleadh d’eintitis ainmnithe a dhíreo ionas gur féidir le taisclanna lárnacha urrús san Aontas na hiarmhéideanna airgid sin a úsáid chun oibleagáidí dlíthiúla na dtaisclann sin i leith a rannpháirtithe a chomhlíonadh. |
|
(3) |
Tagann an leasú ar Chinneadh 2014/145/CBES a rinneadh le Cinneadh (CBES) 2024/3182 faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go sonrach d’fhonn a áirithiú go gcuirfear na leasuithe sin i bhfeidhm go haonfhoirmeach i ngach Ballstát. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 6b, cuirtear an mhír seo a leanas isteach in ionad mír 5f: ‘5f. De mhaolú ar Airteagal 2 den Rialachán seo, féadfaidh údaráis inniúla de chuid Ballstáit, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, a údarú cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil do na daoine aonair a liostaítear faoi uimhreacha iontrála 92, 694 agus 920 faoin gceannteideal “Daoine” in Iarscríbhinn I, tar éis dóibh a chinneadh an méid seo a leanas:
|
|
(2) |
in Airteagal 6b, cuirtear an méid seo a leanas isteach: ‘5j. De mhaolú ar Airteagal 2 den Rialachán seo, féadfaidh údaráis inniúla de chuid Ballstáit a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, go scaoilfear iarmhéideanna airgid arna reo ag taisclann lárnach urrús de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus atá inchurtha i leith an eintitis a liostaítear faoi uimhir iontrála 101 faoin gceannteideal “Eintitis” in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo nó i leith aon eintiteas eile a liostaítear faoin gceannteideal sin tar éis dóibh a chinneadh an méid seo a leanas:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an dáta tar éis dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Nollaig 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) IO L 78, 17.3.2014, lch. 16.
(2) Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’ iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (IO L 078, 17.3.2014, lch. 6.)
(3) Cinneadh (CBES) 2024/3182 ón gComhairle an 16 Nollaig 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’ iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (IO L, 2024/3182, 16.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3182/oj).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO: L 257, 28.8.2014, lch. 1)
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3189/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)