This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32008R1166
Regulation (EC) No 1166/2008 of the European Parliament and of the Council of 19 November 2008 on farm structure surveys and the survey on agricultural production methods and repealing Council Regulation (EEC) No 571/88 (Text with EEA relevance)
Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha agus an suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 571/88 ón gComhairle Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha agus an suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 571/88 ón gComhairle Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
IO L 321, 1.12.2008, p. 14–34
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV) Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta
(HR)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2018; Arna aisghairm le 32018R1091
1.12.2008 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/14 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 1166/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Samhain 2008
maidir le suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha agus an suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 571/88 ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Déanann Rialachán (CEE) Uimh. 571/88 ón gComhairle an 29 Feabhra 1988 maidir le heagrú suirbhéanna Comhphobail ar struchtúr gabháltas talmhaíochta (2) foráil do chlár suirbhéanna Comhphobail d'fhonn staidreamh a sholáthar ar struchtúr gabháltas talmhaíochta go dtí 2007. |
(2) |
Ba cheart leanúint den chlár suirbhéanna ar struchtúr gabháltas talmhaíochta, arna sheoladh ar bhonn Comhphobail ó 1966/67 i leith, chun treochtaí ar leibhéal an Chomhphobail a scrúdú. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Rialachán seo a chur in ionad Rialachán (CEE) Uimh. 571/88. |
(3) |
Chun críocha na cláir bhunúsacha de ghabháltais talmhaíochta agus an fhaisnéis eile is gá le haghaidh srathú suirbhéanna samplacha a nuashonrú, tá gá le móráireamh gabháltas talmhaíochta sa Chomhphobal gach deich mbliana ar a laghad. Is i 1999/2000 a seoladh an móráireamh deireanach roimh glacadh an Rialacháin seo. |
(4) |
Tá gá le sonraí a bhailiú maidir le cur chun feidhme bearta a bhaineann le forbairt tuaithe, mar a shainmhínítear í i Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht don fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFC) (3). |
(5) |
Ina conclúidí an 19 Nollaig 2006 maidir le táscairí agra-comhshaoil, d'aithin an Chomhairle an gá le sonraí comparáideacha maidir le gníomhaíochtaí talmhaíochta, ar an leibhéal tíreolaíochta iomchuí, a chumhdóidh an Comhphobal iomlán. D'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún dul i mbun na mbeart a leagtar amach i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2006 (4) lena n-áirítear sonraí staidrimh a chur ar fáil, go háirithe maidir le cleachtais bhainistíochta feirme agus úsáid ionchur feirme. |
(6) |
Tá ganntanas faisnéise staidrimh ar na modhanna difriúla táirgeachta talmhaíochta ag leibhéal gabháltas aonair. Is gá, dá bhrí sin, feabhsuithe a dhéanamh ar bhailiú faisnéise ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta atá nasctha le faisnéis stuchtúrach maidir le gabháltais talmhaíochta, chun staidreamh breise a sholáthar maidir le beartas agra-comhshaoil a fhorbairt agus chun cáilíocht na dtáscairí agra-comhshaoil a fheabhsú. |
(7) |
Tá staidreamh comparáideach ó na Ballstáit go léir maidir le struchtúr gabháltas talmhaíochta tábhachtach chun forbairt beartais talmhaíochta sa Chomhphobal a chinneadh. Ba cheart, dá bhrí sin, aicmithe caighdeánacha agus sainmhínithe comhchoiteanna a úsáid a mhéid is féidir le haghaidh saintréithe suirbhéanna. |
(8) |
Chuirfeadh cur chun feidhme an tsuirbhé ar struchtúr feirmeacha in 2010 agus an daonáireamh deichbhliantúil in 2011 ualach trom ar acmhainní staidrimh na mBallstát dá mbeadh forluí i gceist maidir leis na tréimhsí oibre allamuigh i gcás an dá shuirbhé mhóra sin. Ba cheart, dá réir sin, foráil a dhéanamh do mhaolú chun a chumasú do na Ballstáit an suirbhé ar struchtúr feirmeacha a chur chun feidhme in 2009. |
(9) |
Is é Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle an 17 Feabhra 1997 maidir le Staidreamh Comhphobail (5) an réim thagartha d'fhorálacha an Rialacháin seo go háirithe maidir le cloí le caighdeáin neamhchlaontachta, iontaofachta, ábharthachta, cost-éifeachtachta, rúndachta staidrimh agus trédhearcachta. Is é Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90 ón gComhairle an 11 Meitheamh 1990 maidir le sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh a tharchur chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach (6) an réim thagartha maidir le sonraí staidrimh rúnda dá bhforáiltear faoin Rialachán seo a tharchur agus a chosaint, chun a áirithiú nach mbeidh aon nochtadh faisnéise neamhdhleathach ná úsáid neamhstaidrimh ann nuair a thabharfar an staidreamh Comhphobail ar aird agus nuair a scaipfear é. |
(10) |
Ba cheart go mbeadh an úsáid a bhaineann an Coimisiún as suíomh an ghabháltais talmhaíochta teoranta chuig anailísí staidrimh agus níor cheart go n-úsáidfí é chun samplaí a thógáil ná chun suirbhéanna a dhéanamh. Ba cheart an chosaint rúndachta sonraí is gá a áirithiú trí bheachtas na bparaiméadar suímh a theorannú agus trí chomhiomlánú iomchuí a dhéanamh nuair a fhoilsítear staidreamh agus trí mhodhanna eile. |
(11) |
Le Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle (7) bunaíodh aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíochta sa Chomhphobal. |
(12) |
I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann aonad críochach le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú (8), ba cheart aonaid chríochacha a shainmhíniú i gcomhréir le haicmiú NUTS. |
(13) |
D'fhonn an t-ualach ar fhreagróirí agus ar Bhallstáit i ndáil le bailithe sonraí a laghdú a mhéid is féidir, ba cheart foráil a dhéanamh don fhéidearthacht suirbhéanna samplacha agus foinsí riaracháin a úsáid. |
(14) |
D'fhonn na suirbhéanna a sheoladh, beidh gá le maoiniú nach beag ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún araon thar roinnt blianta, a ndéanfar cion mhór de a úsáid chun ceanglais an Chomhphobail a chomhlíonadh. |
(15) |
Aithnítear go n-eascraíonn deacrachtaí suntasacha modheolaíochta agus teicniúla in a lán Ballstát as na ceanglais maidir le haithint agus sainaithint na ngabháltas talmhaíochta le satailít. |
(16) |
Ba cheart, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh d'fhóirdheontas Comhphobail chun cúnamh leis an gclár suirbhéanna seo tríd an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2005 maidir le maoiniú an chomhbheartais talmhaíochta (9). |
(17) |
Bunaítear leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do ré iomlán an chláir, arb ionann é agus príomhthagairt don údarás buiséadach le linn an nós imeachta airgeadais bhliantúil, de réir bhrí phointe 37 de Chomhaontas Idirinstitiúideach an 17 Bealtaine 2006 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus bainistíocht fónta airgeadais (10). |
(18) |
Os rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon soláthar córasach staidrimh Chomhphobail ar struchtúr gabháltas talmhaíochta agus ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí an Rialacháin seo, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
(19) |
Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (11). |
(20) |
Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún comhéifeachtaí na n-aonad beostoic a shainmhíniú, na saintréithe a shainmhíniú agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a oiriúnú. Os rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad, trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5(a) de Chinneadh 1999/468/CE. |
(21) |
Chuathas i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta arna bhunú le Cinneadh 72/279/CEE ón gComhairle (12), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear leis an Rialachán seo réim le haghaidh soláthair staidrimh chomparáidigh Comhphobail ar struchtúr gabháltas talmhaíochta agus le haghaidh suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘gabháltas talmhaíochta’ nó ‘gabháltas’ aonad aonair, go teicniúil agus ó thaobh eacnamaíochta de araon, a bhfuil bainistíocht aonair aige agus a ghabhann gníomhaíochtaí talmhaíochta arna liostú in Iarscríbhinn I air féin laistigh de chríoch eacnamaíochta an Aontais Eorpaigh, mar ghníomhaíocht phríomhúil nó mar ghníomhaíocht thánaisteach; |
(b) |
ciallaíonn ‘aonad beostoic’ aonad caighdeánach tomhais a cheadaíonn comhiomlánú na gcatagóirí éagsúla beostoic ionas gur féidir iad a chur i gcomparáid le chéile. Déantar aonaid bheostoic a shainmhíniú ar bhonn riachtanas bia na gcatagóirí ainmhithe aonair, catagóirí a nglacfar na comhéifeachtaí dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(2); |
(c) |
ciallaíonn ‘suirbhéanna samplacha’ suirbhéanna staidrimh arna mbunú ar shampláil shrathach randamach a cheaptar d'fhonn staidreamh ionadaíoch a sholáthar maidir le gabháltais talmhaíochta ag leibhéil réigiúnacha agus náisiúnta. Áireofar sa srathú méid agus cineál an ghabháltais talmhaíochta d'fhonn a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht leormhaith ar ghabháltais talmhaíochta de mhéideanna agus de chineálacha difriúla; |
(d) |
ciallaíonn ‘réigiún’ an t-aonad críochach NUTS 2 arna shainmhíniú i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003; |
(e) |
ciallaíonn ‘suíomh an ghabháltais’ na comhordanáidí domhanleithid agus domhanfhaid laistigh de stua 5 nóiméad lena seachnaítear gabháltas ar leith a shainaithint go díreach. Mura bhfuil ach gabháltas talmhaíochta amháin i suíomh domhanleithid agus domhanfhaid, sannfar an gabháltas sin do shuíomh in aice leis a bhfuil gabháltas talmhaíochta amháin eile ar a laghad air. |
Airteagal 3
Cuimsiú
1. Cuimseoidh na suirbhéanna a shonraítear sa Rialachán seo:
(a) |
gabháltais talmhaíochta ina bhfuil heicteár amháin nó níos mó ná heicteár amháin sa limistéar talmhaíochta a úsáidtear le haghaidh feirmeoireachta; |
(b) |
gabháltais talmhaíochta ina bhfuil níos lú ná heicteár amháin sa limistéar talmhaíochta a úsáidtear le haghaidh feirmeoireachta, má tháirgeann na gabháltais sin cion áirithe le díol nó má théann a n-aonad táirgthe thar tháirseacha fisiceacha áirithe. |
2. Déanfaidh na Ballstáit a úsáideann tairseach suirbhé atá níos mó ná heicteár amháin, áfach, leibhéal na tairsí sin a shocrú chun nach n-eisiafar ach na gabháltais talmhaíochta is lú, arb ionann iad go léir agus 2 % nó níos lú den limistéar talmhaíochta iomlán arna úsáid gan talamh coimín a chur san áireamh agus 2 % nó níos lú de líon iomlán na n-aonad beostoic feirme.
3. Cuimseofar, ar aon nós, na gabháltais talmhaíochta go léir a bhainfidh ceann de na táirseacha fisiceacha arna sonrú in Iarscríbhinn II amach.
Airteagal 4
Foinsí sonraí
1. Déanfaidh Ballstáit faisnéis ón gCóras Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 (13), ón gCóras chun Bó-ainmhithe a Shainaithint agus a Chlárú dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 (14) agus ó chlár na feirmeoireachta orgánaí arna bhunú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 (15) a úsáid ar an gcuntar go bhfuil an fhaisnéis sin den cháilíocht chéanna ar a laghad agus an fhaisnéis arna fáil ó shuirbhéanna staidrimh. Féadfaidh Ballstáit foinsí riaracháin a bhaineann le saothrú barra géinmhodhnaithe agus na bearta sonracha maidir le forbairt na tuaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a úsáid freisin.
2. Má chinneann Ballstát foinse riaracháin a úsáid seachas na foinsí a shonraítear i mír 1, déanfaidh an Ballstát é sin a chur in iúl don Choimisiún roimh ré agus déanfaidh sé sonraí a chur ar fáil maidir leis an modh a bheidh le húsáid agus maidir le cáilíocht na sonraí ón bhfoinse riaracháin sin.
Airteagal 5
Ceanglais bheachtais
1. Déanfaidh na Ballstáit a bheidh ag seoladh suirbhéanna samplacha a áirithiú go bhfuil na torthaí ualaithe na suirbhéanna ionadaíoch ó thaobh staidrimh de i dtaca le gabháltais talmhaíochta laistigh de gach réigiún agus gur ceapadh iad d'fhonn na ceanglais bheachtais a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a chomhlíonadh.
2. I gcásanna cuíréasúnaithe ceadóidh an Coimisiún eisceachtaí do na ceanglais bheachtais dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh réigiún sonrach do Bhallstáit.
CAIBIDIL II
STAIDREAMH AR STRUCTÚR GABHÁLTAS TALMHAÍOCHTA
Airteagal 6
Suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha
1. In 2010, 2013 agus 2016, seolfaidh na Ballstáit suirbhéanna ar struchtúr gabháltas talmhaíochta, dá ngairfear ‘suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha’ anseo feasta.
2. Déanfar an suirbhé ar struchtúr feirmeacha in 2010 a sheoladh i bhfoirm móráirimh. Féadfar suirbhéanna samplacha a úsáid, áfach, le haghaidh na saintréithe a bhaineann le gníomhaíochtaí sochracha eile arna ndéanamh ag an lucht saothair, a liostaítear in Iarscríbhinn III Roinn V(ii).
3. Féadfar na suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha in 2013 agus in 2016 a sheoladh mar shuirbhéanna samplacha.
Airteagal 7
Saintréithe na suirbhéanna
1. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil maidir leis na saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn III.
2. Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(2), an liosta saintréithe a leagtar amach in Iarscríbhinn III maidir leis na suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha le haghaidh 2013 agus 2016 a leasú.
3. Má chinneann Ballstát go bhfuil leitheadúlacht íseal nó leitheadúlacht nialasach ag saintréith faoi leith féadfar an tsaintréith sin a eisiamh ón mbailiúchán sonraí. Cuirfidh an Ballstát sin an Coimisiún ar an eolas sa bhliain féilire díreach roimh bhliain an tsuirbhé maidir le haon saintréith a eisiafar ón mbailiúchán sonraí.
4. Glacfar sainmhínithe na saintréithe i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(2).
Airteagal 8
Tréimhsí tagartha
Deantar na tréimhsí tagartha le haghaidh suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha sna blianta suirbhé 2010, 2013 agus 2016 a shainmhíniú mar a leanas:
(a) |
i gcás saintréithe talún arna sonrú in Iarscríbhinn III, tréimhse 12 mhí dar críoch lá tagartha idir 1 Márta agus 31 Deireadh Fómhair den bhliain suirbhé; |
(b) |
i gcás saintréithe beostoic arna sonrú in Iarscríbhinn III, lá tagartha idir 1 Márta agus 31 Nollaig den bhliain suirbhé; |
(c) |
i gcás saintréithe an lucht saothair arna sonrú in Iarscríbhinn III, tréimhse 12 mhí dar críoch lá tagartha idir 1 Márta agus 31 Deireadh Fómhair den bhliain suirbhé; |
(d) |
i gcás bearta maidir le forbairt tuaithe arna sonrú in Iarscríbhinn III, tréimhse trí bliana dar críoch 31 Nollaig den bhliain suirbhé. |
Airteagal 9
Tarchur
1. Déanfaidh na Ballstáit sonraí suirbhé bailíochtaithe le haghaidh an tsuirbhé ar struchtúr feirmeacha 2010 a tharchur chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta 2012.
2. I gcás suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha sna blianta suirbhé 2013 agus 2016, déanfaidh na Ballstáit sonraí suirbhé bailíochtaithe a tharchur chuig an gCoimisiún laistigh de 12 mhí ó dheireadh na bliana suirbhé.
3. Féadfar sonraí a bhaineann le bearta forbartha tuaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, agus atá bunaithe ar thaifid riaracháin, a tharchur chuig an gCoimisiún ar leithligh laistigh de 18 mí ó dheireadh na bliana suirbhé.
4. Is i bhfoirm leictreonach agus ag leibhéal na ngabháltas talmhaíochta aonair a bheidh na sonraí suirbhé ar struchtúr feirmeacha a tharchuirfear chuig an gCoimisiún.
5. Is é an Coimisiún a chinnfidh an fhormáid le haghaidh tharchur na sonraí suirbhé.
6. Ní úsáidfidh an Coimisiún an suirbhé ar struchtúr feirmeacha chun samplaí a thógáil ná chun suirbhéanna a dhéanamh.
Airteagal 10
Creat samplála
Chun críocha an chreat samplála le haghaidh suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha in 2013 agus in 2016 a nuashonrú, soláthróidh na Ballstáit rochtain ar fhaisnéis ar ghabháltais talmhaíochta atá i gcomhaid riaracháin a tiomsaíodh ina gcríocha náisiúnta, do na húdaráis náisiúnta atá freagrach as suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha.
CAIBIDIL III
STAIDREAMH AR MHODHANNA TÁIRGEACHTA TALMHAÍOCHTA
Airteagal 11
Suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta
1. Déanfaidh na Ballstáit suirbhé a sheoladh ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta arna núsáid ag gabháltais talmhaíochta. Féadfar an suirbhé sin a dhéanamh mar shuirbhé samplach.
2. I gcásanna ina mbeidh call cuí leis, féadfaidh an Coimisiún a cheadú do Bhallstát suirbhé samplach a sheoladh ag úsáid foshamplaí ar leith.
3. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil maidir le saintréithe na modhanna táirgeachta talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn V.
4. Maidir le gach gabháltas a ndéanfar suirbhé air, cuirfidh na Ballstáit meastachán ar fáil freisin ar an toirt uisce a úsáidtear i leith uisciúcháin ar an ngabháltas (i méadair chiúbacha). Féadfar samhail a úsáid chun teacht ar an meastachán.
5. Déanfaidh an Coimisiún tacaíocht mhodheolaíoch agus tacaíocht eile a chur ar fáil do na Ballstáit chun an tsamhail dá dtagraítear i mír 4 a chruthú. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún an comhar is gá agus an chomhroinnt taithí is gá a chur chun cinn idir na Ballstáit chun torthaí comparáideacha a fháil.
6. Má chinneann Ballstát go bhfuil leitheadúlacht íseal nó leitheadúlacht nialasach ag saintréith féadfar an tsaintréith sin a eisiamh ón mbailiúchán sonraí. Cuirfidh an Ballstát sin an Coimisiún ar an eolas sa bhliain féilire díreach roimh bhliain an tsuirbhé maidir le haon saintréith a eisiafar ón mbailiúchán sonraí.
7. Glacfar sainmhínithe na saintréithe i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(2).
8. Beidh an tréimhse thagartha i gcomhthráth leis na tréimhsí tagartha arna núsáid le haghaidh saintréithe an tsuirbhé ar struchtúr feirmeacha in 2010.
9. Déanfar torthaí an tsuirbhé sin a nascadh leis na sonraí a fuarthas ón suirbhé ar struchtúr feirmeacha in 2010 ag leibhéal gabháltas talmhaíochta aonair. Déanfar an sraith comhshonraí bailíochtaithe a tharchur chuig an gCoimisiún i bhfoirm leictreonach faoin 31 Nollaig 2012 ar a dhéanaí.
10. Is é an Coimisiún a chinnfidh an fhormáid le haghaidh tharchur na sonraí suirbhé.
11. Ní úsáidfidh an Coimisiún na sonraí ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta chun samplaí a thógáil ná chun suirbhéanna a dhéanamh.
CAIBIDIL IV
TUARASCÁLACHA, MAOINIÚ AGUS BEARTA CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 12
Tuarascálacha
1. Déanfaidh na Ballstáit tuarascálacha modheolaíochta náisiúnta a sholáthar le haghaidh na suirbhéanna a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ina ndéanfar cur síos ar na nithe seo a leanas:
(a) |
an teagar agus an mhodheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm; |
(b) |
na leibhéil bheachtais a baineadh amach le haghaidh na suirbhéanna samplacha dá dtagraítear sa Rialachán seo; |
(c) |
faisnéis maidir le cáilíocht aon fhoinsí sonraí riaracháin a úsáideadh; agus |
(d) |
na critéir iniaimh agus eisiata arna gcur i bhfeidhm chun na ceanglais chuimsithe arna sonrú in Airteagal 3 a chomhlíonadh. |
2. Cuirfear na tuarascálacha modheolaíochta náisiúnta faoi bhráid an Choimisiúin mar aon le torthaí bailíochtaithe an tsuirbhé, i gcomhréir leis na spriocdhátaí a shonraítear in Airteagal 9(1) agus (2).
3. Chomh maith leis na tuarascálacha modheolaíochta náisiúnta a bheidh de dhíth ag deireadh gach suirbhé, cuirfidh na Ballstáit aon fhaisnéis bhreise ar fáil don Choimisiún a d'fhéadfadh a bheith de dhíth maidir le heagar agus maidir le modheolaíocht an tsuirbhé.
Airteagal 13
Ranníocaíocht an Chomhphobail
1. Gheobhaidh na Ballstáit ranníocaíocht uasta airgeadais de 75 % ón gComhphobal i gcomhair chostais na suirbhéanna a shainmhínítear sa Rialachán seo a sheoladh, faoi réir na méideanna uasta a shainmhínítear i mír 3 agus i mír 4.
2. Ar theacht i bhfeidhm don Rialachán seo, cuirfidh an Coimisiún an cúnamh teicniúil agus an cúnamh comhairliúcháin is gá maidir le haitheantas satailíte na ngabháltas talmhaíochta ar fáil do na Ballstáit sin a dhéanfaidh iarratais a sheoladh isteach.
3. I gcás chomhchostas an tsuirbhé ar struchtúr feirmeacha in 2010 agus an tsuirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta, beidh ranníocaíocht an Chomhphobail teoranta do na huasmhéideanna arna sonrú thíos:
— |
EUR 50 000 an ceann do Lucsamburg agus do Mhálta; |
— |
EUR 1 000 000 an ceann don Ostair, d'Éirinn agus don Liotuáin; |
— |
EUR 2 000 000 an ceann don Bhulgáir, don Ghearmáin, don Ungáir, don Phortaingéil agus don Ríocht Aontaithe; |
— |
EUR 3 000 000 an ceann don Ghréig, don Spáinn agus don Fhrainc; |
— |
EUR 4 000 000 an ceann don Iodáil, don Pholainn agus don Romáin; |
— |
EUR 300 000 an ceann do gach Ballstát eile. |
4. I gcás na suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha in 2013 agus in 2016, déanfar na huasmhéideanna arna sonrú i mír 3 a laghdú de 50 %.
5. Tá ranníocaíocht airgeadais an Chomhphobail á maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta faoi Airteagal 3(2), pointe (e) de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005.
Airteagal 14
An réim airgeadais
1. Is é EUR 58 850 000 an t-imchlúdach airgeadais le haghaidh chur i bhfeidhm an an chláir suirbhéanna seo, lena náirítear na leithreasaí is gá le haghaidh bhainistíocht, chothabháil agus fhorbairt na mbunachar sonraí arna n-úsáid laistigh den Choimisiún chun sonraí arna soláthar ag na Ballstáit faoi fhorálacha an Rialacháin seo a phróiseáil, don tréimhse 2008-2013.
2. Socróidh an t-údarás buiséadach agus reachtach an méid le haghaidh na tréimhse 2014-2018 ar thogra ón gCoimisiún ar bhonn réime nua airgeadais le haghaidh na tréimhse dar tosach 2014.
3. Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí bliantúla laistigh de theorainneacha na réime airgeadais.
Airteagal 15
An Coiste
1. Tabharfaidh an Buanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta, arna bhunú faoi Chinneadh 72/279/CEE, cúnamh don Choimisiún.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
Airteagal 16
Maoluithe
1. De mhaolú ar Airteagail 6(1) agus (2), 8, 9(1), 11(8) agus (9), 13(3), Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV, cuirfear tagairtí don bhliain 2009 in ionad tagairtí don bhliain 2010 i gcás na Gréige, na Spáinne agus na Portaingéile.
2. De mhaolú ar Airteagal 9(1), in ionad thagairt an 31 Márta 2012 cuirfear:
(a) |
31 Márta 2011 i gcás na Gréige agus na Portaingéile; |
(b) |
30 Meitheamh 2011 i gcás na Spáinne; |
(c) |
30 Meitheamh 2012 i gcás na hIodáile agus na Rómáine. |
3. De mhaolú ar Airteagal 11(9), cuirfear an 31 Nollaig 2011 in ionad na tagartha don 31 Nollaig 2012 i gcás na Gréige, na Spáinne agus na Portaingéile.
Airteagal 17
Aisghairm
1. Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 571/88.
2. Déanfar na tagairtí don Rialachán arna aisghairm a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
Airteagal 18
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2009.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Samhain 2008
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.-P. JOUYET
(1) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Bealtaine 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2008.
(2) IO L 56, 2.3.1988, lch. 1.
(3) IO L 277, 21.10.2005, lch. 1.
(4) Dar teideal ‘Táscairí agracomhshaoil a fhorbairt chun monatóireacht a dhéanamh ar cheisteanna comhshaoil a chuimsiú sa Chomhbheartas Talmhaíochta’.
(5) IO L 52, 22.2.1997, lch. 1.
(6) IO L 151, 15.6.1990, lch. 1.
(7) IO L 293, 24.10.1990, lch. 1.
(8) IO L 154, 21.6.2003, lch. 1.
(9) IO L 209, 11.8.2005, lch. 1.
(10) IO C 139, 14.6.2006, lch. 1.
(11) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.
(12) IO L 179, 7.8.1972, lch. 1.
(13) Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2003 lena mbunaítear rialacha coiteanna do scéimeanna tacaíochta dírí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna áirithe tacaíochta le haghaidh feirmeoirí (IO L 270, 21.10.2003, lch. 1).
(14) Rialachán (EC) Uimh. 1760/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córais chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú (IO L 204, 11.8.2000, lch. 1).
(15) Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeacht orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Liosta na ngníomhaíochtaí talmhaíochta dá dtagraítear sa sainmhiniú ar ghabháltas talmhaíochta
Tá na gníomhaíochtaí seo a leanas (d’fhéadfadh sé gur gníomhaíochtaí príomhúla nó tánaisteacha bheadh i gceist) bunaithe ar Aicmiú Staidrimh Gníomhaíochtaí Eacnamaíocha na hEorpa (NACE Athbhreithniú 2) maidir le táirgeadh barr agus ainmhithe, gníomhaíochtaí fiaigh agus gníomhaíochtaí seirbhísí gaolmhara agus úsáidtear iad chun gabháltais talmhaíochta a shainmhíniú.
Cur síos ar an ngíomhaíocht |
NACE Athbhreithniú 2 cód |
Nótaí breise ar ghníomaíochtaí a áirítear nó a eisítear agus gníomhaíochtaí talmhaíochta á sainmhíniú. |
||||
Saothrú barr neamh-ilbhliantúil |
01.1 |
|
||||
Saothrú barr ilbhliantúil |
01.2 |
Áirítear gabháltais talmhaíochta a tháirgeann fíon nó ola ológa ó chaora finiúna nó ó ológa atá féintáirgthe faoi raon feidhme an Rialacháin seo. |
||||
Iomadú plandaí |
01.3 |
|
||||
Táirgeadh ainmhithe |
01.4 |
Eiseofar ó raon feidhme an Rialacháin seo na gníomhaíochtaí go léir a aicmítear faoi 01.49 de NACE Athbhreithniú 2 (Tógáil ainmhithe eile) seachas na gníomhaíochtaí seo a leanas:
|
||||
Feirmeoireacht mheasctha |
01.5 |
|
||||
Gníomhaíochtaí tacaíochta don talmhaíocht agus do ghníomhaíochtaí barr iar-bhuainte |
01.6 |
Go ginearálta, eisítear na gabháltais go léir a sheolann gníomhaíochtaí faoi 01.6 de NACE Athbhreithniú 2 ó raon feidhme an Rialacháin seo má ghabhtar ar láimh iad go heisiach. Gabháltais a chothaíonn talamh talmhaíochta i ndea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (faoi 01.61 de NACE Athbhreithniú 2), áfach, cuimsítear iad faoi raon feidhme an Rialacháin seo. |
IARSCRÍBHINN II
Tairseacha le haghaidh suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha agus le haghaidh an tsuirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta
Saintréithe |
Táirseach |
|
Limistéar talmhaíochta arna úsáid |
Talamh arúil, garraithe cistine, féarthalamh buan, barra buana |
5 heicteár |
Barra buana machaire |
Plandálacha torthaí, sméara, citris agus ológ, fíonghoirt agus plandlanna |
1 heicteár |
Diantáirgeacht eile |
Torthaí úra, mealbhacáin, agus sútha talún, atá amuigh nó faoi chlúdach íseal (neamh-inrochtana) cosanta |
0,5 heicteár |
Tobac |
0,5 heicteár |
|
Leannlusanna |
0,5 heicteár |
|
Cadás |
0,5 heicteár |
|
Barra faoi ghloine nó faoi chlúdach cosanta eile (inrochtana) |
Úrghlasraí, mealbhacáin, agus sútha talún |
0,1 heicteár |
Bláthanna agus plandaí ornáideacha (seachas plandlanna) |
0,1 heicteár |
|
Bó-ainmhithe |
Iomlán |
10 gCeann |
Muca |
Iomlán |
50 Ceann |
Cránacha pórúcháin |
10 gCeann |
|
Caoirigh |
Iomlán |
20 Ceann |
Gabhair |
Iomlán |
20 Ceann |
Éanlaith |
Iomlán |
1 000 Ceann |
IARSCRÍBHINN III
Liosta saintréithe suirbhé ar struchtúr feirmeacha
SAINTRÉITHE |
AONAID/AICMÍ |
||
I. Saintréithe ginearálta |
|||
|
|
||
|
Céim/gCéim: Nóiméad |
||
|
Céim/gCéim: Nóiméad |
||
|
|
||
|
|
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
|
||
|
|
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
|
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
|
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
|
||
|
Cloigne |
||
|
Cloigne |
||
|
Cloigne |
||
|
Cinn |
||
|
Tá/Níl |
||
|
|
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
II. Talamh |
|||
|
|
||
|
|
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
|
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
|
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
|
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
|
||
|
heicteár |
||
|
|
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
|
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
|
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
|
||
|
heicteár |
||
|
|
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
|
heicteár |
||
III. Beostoc |
|||
|
Cloigne |
||
|
|
||
|
Cloigne |
||
|
Cloigne |
||
|
Cloigne |
||
|
Cloigne |
||
|
Cloigne |
||
|
Cloigne |
||
|
Cloigne |
||
|
|
||
|
Cloigne |
||
|
Cloigne |
||
|
Cloigne |
||
|
Cloigne |
||
|
Cloigne |
||
|
Cloigne |
||
|
|
||
|
Cloigne |
||
|
Cloigne |
||
|
Cloigne |
||
|
|
||
|
Cloigne |
||
|
Cloigne |
||
|
Cloigne |
||
|
Cloigne |
||
|
Cloigne |
||
|
Cloigne |
||
|
Cloigne |
||
|
Cloigne |
||
|
Cloigne |
||
|
Coirceoga |
||
|
Tá/Níl |
||
IV. Innealra agus trealamh |
|||
|
|||
|
|
||
|
Líon |
||
|
Líon |
||
|
Líon |
||
|
Líon |
||
|
|||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
IV. (ii) Trealamh |
|||
|
|
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
V. Lucht saothair |
|||
V. (i) Obair feirme ar an ngabháltas |
|||
|
|
||
|
Fireann/Baineann |
||
|
Bandaí aoise (2) |
||
|
AOB banda % 1 (3) |
||
|
|
||
|
Fireann/Baineann |
||
|
Bandaí aoise |
||
|
AOB banda % 2 (4) |
||
|
|
||
|
Cóid oiliúna (5) |
||
|
Tá/Níl |
||
|
|
||
|
AOB banda % 2 |
||
|
|
||
|
AOB banda % 2 |
||
|
|
||
|
AOB banda % 2 |
||
|
|
||
|
AOB banda % 2 |
||
|
Laethanta oibre lánaimseartha |
||
|
Laethanta oibre lánaimseartha |
||
V. (ii) Gníomhaíochtaí sochracha eile (obair neamhfheirme ar an ngabháltas agus obair lasmuigh den ghabháltas) |
|||
|
|
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
|
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
|
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
|
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
|
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
|
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
|
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
VI. Gníomhaíochtaí sochracha eile an ghabháltais (a bhaineann go díreach leis an ngabháltas) |
|||
VI. (i) Liosta de na gníomhaíochtaí sochracha eile |
|||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
VI. (ii) Tábhacht gníomhaíochtaí sonracha eile a bhaineann go díreach leis an ngabháltas |
|||
|
Bandaí céatadáin (7) |
||
VII. Tacaíocht le haghaidh forbairt tuaithe |
|||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
||
|
Tá/Níl |
(1) Ní chuirfear an méid seo ar fáil in 2010.
(2) Bandaí aoise: (Ó aois fhágáil na scoile – 24 bliana), (25-34), (35-44), (45-54), (55-64), (65 agus níos sine).
(3) Aonad Oibre Bliantúil (AWU) banda céatadáin 1: (0), (> 0-< 25), (≥ 25-< 50), (≥ 50-< 75), (≥ 75-< 100), (100).
(4) Aonad Oibre Bliantúil (AWU) banda céatadáin 2: (> 0-< 25), (≥ 25-< 50), (≥ 50-< 75), (≥ 75-< 100), (100).
(5) Cóid oiliúna: (taithí talmhaíochta phraiticiúil amháin), (oiliúint bhunúsach talmhaíochta), (oiliúint iomlán talmhaíochta).
(6) Ní chuirfear an méid seo ar fáil in 2013.
(7) Bandaí céadatáin: (≥ 0-≤ 10).(> 10-≤ 50).(> 50-< 100).
(8) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear réim do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1)
IARSCRÍBHINN IV
CEANGLAIS BHEACHTAIS
Ní foláir go mbeadh na suirbhéanna samplacha arna sonrú sa Rialachán seo ionadaíoch ó thaobh staidrimh de ar leibhéal réigiún NUTS 2 agus le haghaidh comhbhailiúchán náisiúnta limistéar mídheisiúil (1) i dtéarmaí chineál agus mhéid na ngabháltas talmhaíochta, i gcomhréir le Cinneadh 85/377/CEE ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 1985 lena mbunaítear tíopeolaíocht Chomhphobail le haghaidh gabháltas talmhaíochta (2). Ina theannta sin, is gá leibhéil shonraithe bheachtais i ndáil le saintréithe barr agus beostoic na ngabháltas talmhaíochta.
Tugtar na leibhéil bheachtais sin sna táblaí beachtais thíos agus beidh feidhm acu maidir le réigiúin NUTS 2 uile a bhfuil 10 000 gabháltas ar a laghad iontu. I gcás réigiúin NUTS 2 a bhfuil níos lú ná 10 000 gabháltas iontu, beidh feidhm ag na leibhéil bheachtais seo maidir leis an réigiún gaolmhar NUTS 1, ar choinníoll go bhfuil 1 000 gabháltas ar laghad sa réigiún gaolmhar NUTS 1. Maidir leis an suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta, beidh na saintréithe ábhartha barr agus beostoc ar fáil ó thorthaí an tsuirbhé ar struchtúr feirmeacha 2010.
Aicmí beachtais le haghaidh suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha 2013 agus 2016:
Saintréithe barr:
— |
Gránaigh le haghaidh táirgeadh gráin (lena n-áirítear síol), ina bhfuil cruithneacht choiteann agus speilt, cruithneacht chrua, seagal, eorna, coirce, arbhar Indiach gráin, rís agus gránaigh eile le haghaidh táirgeadh gráin |
— |
Pulsanna triomaithe agus barra próitéine le haghaidh táirgeadh gráin (lena n-áirítear síolta agus meascáin de ghránaigh agus de phulsanna) |
— |
Prátaí (lena n-áirítear prátaí luatha agus prátaí síl) |
— |
Biatas siúcra (seachas síolta) |
— |
Barra olashíl lena n-áirítear ráib, ráib tornapa, lus na gréine, soighe, rós lín (líon ola) agus barra olashíl eile |
— |
Glasraí úrá, mealbhacáin agus sútha talún |
— |
Bláthanna agus plandaí ornáideacha (seachas plandlanna) |
— |
Plandaí a bhuaintear agus iad glas |
— |
Féaraigh agus móinéir, seachas féaraigh gharbha |
— |
Plandálacha torthaí agus caora |
— |
Plandálacha citris |
— |
Plandálacha ológ |
— |
Fíonghoirt |
Saintréithe Beostoic:
— |
Ba déiríochta |
— |
Ba eile |
— |
Bó-ainmhithe eile |
— |
Cránacha pórúcháin |
— |
Muca eile |
— |
Caoirigh |
— |
Gabhair |
— |
Éanlaith |
Aicmí beachtais le haghaidh suirbhéanna samplacha arna ngabháil ar láimh mar chuid den suirbhé ar struchtúr feirmeacha 2010 agus den suirbhé ar mhodhanna táirgthe talmhaíochta
Saintréithe barr:
— |
Gránaigh le haghaidh táirgeadh gráin (lena n-áirítear síol), ina bhfuil cruithneacht choiteann agus speilt, cruithneacht chrua, seagal, eorna, coirce, arbhar Indiach gráin, rís agus gránaigh eile le haghaidh táirgeadh gráin |
— |
Prátaí (lena n-áirítear prátaí luatha agus prátaí síl) agus biatas siúcra (seachas síolta) |
— |
Barra olashíl lena n-áirítear ráib, ráib tornapa, lus na gréine, soighe, rós lín (líon ola) agus barra olashíl eile |
— |
Barra buana machaire lena n-áirítear torthaí, caora, plandálacha citris agus ológ, fíonghoirt, plandlanna agus barra buana machaire eile |
— |
Glasraí úra, mealbhacáin, sútha talún, bláthanna agus plandaí ornáideacha (seachas plandlanna) |
— |
Féar sealadach agus féarthalamh buan |
Saintréithe beostoic:
— |
Bó-ainmhithe (gach aois) |
— |
Caoirigh agus gabhair (gach aois) |
— |
Muca |
— |
Éanlaith |
An tábla beachtais do réigiúin nuts 2 ina bhfuil 10 000 gabháltas talmhaíochta ar a laghad
Catagóirí beachtais |
Suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha 2013 agus 2016 |
Suirbhé ar Mhodhanna Táirgeachta Talmhaíochta |
||
Leitheadúlacht na saintréithe i réigiún NUTS 2 |
Earráid bhunúsach choibhneasta |
Leitheadúlacht na saintréithe i réigiún NUTS 2 |
Earráid bhunúsach choibhneasta |
|
Saintréithe bairr an ghabháltais talmhaíochta |
7,5 % nó níos mó den limistéar talmhaíochta arna úsáid |
< 5 % |
10 % nó níos mó den limistéar talmhaíochta arna úsáid |
< 10 % |
Saintréithe beostoic an ghabháltais talmhaíochta |
7,5 % nó níos mó de na haonaid beostoic agus níos mó ná 5 % den sciar náisiúnta le haghaidh gach catagóire |
< 5 % |
10 % nó níos móde na haonaid beostoic agus níos mó ná 5 % den sciar náisiúnta le haghaidh gach catagóire |
< 10 % |
An tábla beachtais do réigiúin nuts 2 a bhfuil níos lú ná 10 000 gabháltas talmhaíochta iontu
Catagóirí beachtais |
Suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha 2013 agus 2016 |
Suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta |
||
Leitheadúlacht na saintréithe i réigiún gaolmhar NUTS 1 a bhfuil ar a laghad 1 000 gabháltas ann |
Earráid bhunúsach choibhneasta |
Leitheadúlacht na saintréithe i réigiún gaolmhar NUTS 1 a bhfuil ar a laghad 1 000 gabháltas ann |
Earráid bhunúsach choibhneasta |
|
Saintréithe bairr an ghabháltais talmhaíochta |
7,5 % nó níos mó den limistéar talmhaíochta arna úsáid |
< 5 % |
10 % nó níos mó den limistéar talmhaíochta arna úsáid |
< 10 % |
Saintréithe beostoic an ghabháltais talmhaíochta |
7,5 % nó níos mó de na haonaid beostoic agus níos mó ná 5 % den sciar náisiúnta le haghaidh gach catagóire |
< 5 % |
10 % nó níos mó de na haonaid beostoic agus níos mó ná 5 % den sciar náisiúnta le haghaidh gach catagóire |
< 10 % |
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le tacaíocht le haghaidh forbairt tuaithe ón gCiste Eorpach um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta (CETRT) (IO L 160, 26.6.1999, lch. 80).
IARSCRÍBHINN V
Liosta saintréithe le haghaidh an tsuirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta
An saintréith |
Aonaid/aicmí |
||||
Modhanna curaíochta |
Curaíocht choinbhinsiúnta (céachta chlár sceithe nó céachta diosca) |
heicteár |
|||
Curaíocht chaomhnaithe (curaíocht íseal) |
heicteár |
||||
Curaíocht nialais (síolú díreach) |
heicteár |
||||
Caomhnú ithreach |
Clúdach ithreach sa gheimhreadh: |
Gnáthbharr geimhridh |
heicteár |
||
Barr cumhdaigh nó barr idirmhéanach |
heicteár |
||||
Iarmhair phlandaí |
heicteár |
||||
Ithir lom |
heicteár |
||||
Uainíocht barr: |
Sciar den limistéar arúil nach n-áirítear in uainíocht phleanáilte barr |
LA banda céadatáin (1) |
|||
Airíonna tírdhreacha |
Gnéithe líneacha arna gcothabháil ag an bhfeirmeoir i rith na 3 bliana a chuaigh thart, díobh sin: |
Fálta |
Tá/Níl |
||
Teorainneacha crainn |
Tá/Níl |
||||
Ballaí cloiche |
Tá/Níl |
||||
Gnéithe líneacha arna mbunú i rith na 3 bliana deiridh mar atá: |
Fálta |
Tá/Níl |
|||
Teorainneacha crainn |
Tá/Níl |
||||
Ballaí cloiche |
Tá/Níl |
||||
Innilt ainmhithe |
Innilt ar an ngabháltas |
Limistéar innilte i rith na bliana a chuaigh thart |
heicteár |
||
An méid ama a chaitheann na hainmhithe amuigh ar fhéarach |
Míonna in aghaidh na bliana |
||||
Innilt ar choimín: |
Líon iomlán na n-ainmhithe ag innilt ar choimín |
Cloigne |
|||
An méid ama a chaitheann na hainmhithe ag innilt ar choimín |
Míonna in aghaidh na bliana |
||||
Foscadh ainmhithe |
Eallach: |
Stábla ceangailte de stáinse – le haoileach soladach agus le múnlach |
Áiteanna |
||
Stábla stáinse – le sciodar |
Áiteanna |
||||
Foscadh scaoilte – le haoileach soladach agus le múnlach |
Áiteanna |
||||
Foscadh scaoilte – le sciodar |
Áiteanna |
||||
Eile |
Áiteanna |
||||
Muca: |
Ar úrláir leathlataithe |
Áiteanna |
|||
Ar úrláir atá lataithe go hiomlán |
Áiteanna |
||||
Ar easracha tuí (tithíocht scaoilte dhomhaineasrach) |
Áiteanna |
||||
Eile |
Áiteanna |
||||
Cearca breith: |
Ar easracha tuí (tithíocht scaoilte dhomhaineasrach) |
Áiteanna |
|||
Cás cúbarnaí (gach cineál) |
Áiteanna |
||||
|
Cás cúbarnaí le crios aoiligh |
Áiteanna |
|||
|
Cás cúbarnaí le carn domhain |
Áiteanna |
|||
|
Cás cúbarnaí le cró thuas ar mhaidí |
Áiteanna |
|||
Eile |
Áiteanna |
||||
Leathadh aoiligh |
Limistéar talmhaíochta a úsáidtear ar a leatar an t-aoileach soladach/an t-aoileach ón gclós feirme |
Iomlán |
LTU banda % (2) |
||
Le corprú ar an toirt |
LTU banda % (2) |
||||
Limistéar talmhaíochta arna úsáid ar a leatar sciodar |
Iomlán |
LTU banda % (2) |
|||
Le corprú ar an toirt nó le hinstealladh |
LTU banda % (2) |
||||
Céatadán den iomlán aoiligh táirgthe arna onnmhairiú ón ngabháltas |
Banda céatadáin (3) |
||||
Stóráil aoiligh agus saoráidí cóireála |
Saoráidí stórála do: |
Bualtrach soladach |
Tá/Níl |
||
Aoileach leachtach |
Tá/Níl |
||||
Sciodar |
Umar sciodair |
Tá/Níl |
|||
Murlach |
Tá/Níl |
||||
An bhfuil clúdach ar na saoráidí stórála? |
Bualtrach soladach |
Tá/Níl |
|||
Aoileach leachtach |
Tá/Níl |
||||
Sciodar |
Tá/Níl |
||||
Uisciúchán |
Limistéar uiscithe |
Meánlimistéar uiscithe i rith na dtrí bliana a chuaigh thart |
heicteár |
||
Limistéar iomlán saothraithe arna uisciú uair amháin ar a laghad sa 12 mhí roimhe sin |
Iomlán |
heicteár |
|||
Gránaigh le haghaidh táirgeachta gráin (lena n-áirítear síolta) (seachas arbhar Indiach agus rís) |
heicteár |
||||
Arbhar Indiach (gráin agus glas) |
heicteár |
||||
Rís |
heicteár |
||||
Pulsanna triomaithe agus barra próitéine le haghaidh táirgeadh gráin (lena n-áirítear síolta agus meascáin de ghránaigh agus de phulsanna) |
heicteár |
||||
Prátaí (lena n-áirítear prátaí luatha agus prátaí síl) |
heicteár |
||||
Biatas siúcra (seachas síolta) |
heicteár |
||||
Ráib agus ráib tornapa |
heicteár |
||||
Lus na gréine |
heicteár |
||||
Barra snáithín (líon, cnáib agus barra snáithín eile) |
heicteár |
||||
Úrghlasraí, mealbhacáin, agus sútha talún – páirc oscailte |
heicteár |
||||
Féar sealadach agus féaraigh gharbha |
heicteár |
||||
Barra eile ar thalamh arúil |
heicteár |
||||
Plandálacha torthaí agus caora |
heicteár |
||||
Plandálacha citris |
heicteár |
||||
Plandálacha ológ |
heicteár |
||||
Fíonghoirt |
heicteár |
||||
Modhanna uiscithe arna n-úsáid |
Uisciú dromchla (tuiliú, claiseanna) |
Tá/Níl |
|||
Uisciú aisréadóra |
Tá/Níl |
||||
Deor-uisciú |
Tá/Níl |
||||
Foinse uisce arna úsáid le haghaidh uisciúcháin ar an ngabháltas |
Screamhuisce laistigh den fheirm |
Tá/Níl |
|||
Uisce dromchla laistigh den fheirm (linnte nó coraí) |
Tá/Níl |
||||
Uisce dromchla lasmuigh den fheirm ó lochanna, ó aibhneacha nó ó shruthchúrsaí |
Tá/Níl |
||||
Uisce lasmuigh den fheirm ó ghréasáin choitinne soláthair uisce |
Tá/Níl |
||||
Foinsí eile |
Tá/Níl |
(1) Limistéar arúil (LA) banda céadatáin: (0), (> 0-< 25), (≥ 25-< 50), (≥ 50-< 75), (≥ 75).
(2) Limistéar talmhaíochta a úsáidtear (LTU) banda céatadáin: (0), (> 0-< 25), (≥ 25-< 50), (≥ 50-< 75), (≥ 75).
(3) Bandaí céatadáin: (0), (> 0-< 25), (≥ 25-< 50), (≥ 50-< 75), (≥ 75).