Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document EESC-2023-00525-AS

An Cárta Míchumais Eorpach

EESC-2023-00525-AS

GA

SOC/765

An Cárta Míchumais Eorpach

TUAIRIM

An Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

An Cárta Míchumais Eorpach

(Tústuairim arna hiarraidh sin don Choimisiún Eorpach)

Teagmháil

valeria.atzori@eesc.europa.eu

Riarthóir

Valeria ATZORI

Dáta an doiciméid

11/04/2023

Rapóirtéir: Ioannis VARDAKASTANIS

Comhairliúchán

Tústuairim ar iarratas ón gCoimisiún

Litir ó Maroš Šefčovič, an Leas‑Uachtarán um Chaidreamh Idirinstitiúideach agus um Fhadbhreathnaitheacht – 20/01/2023

Bunús dlí

Airteagal 11 den Phrótacal maidir le Comhar idir an Coimisiún Eorpach agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

03/04/2023

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

59/2/1

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

DD/MM/YYYY

Seisiún iomlánach Uimh.

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

…/…/…



1.Conclúidí agus moltaí

1.1Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh suaitheanta ón gCoimisiún Eorpach Cárta Míchumais Eorpach a sheoladh, rud a chuirfidh ar chumas daoine faoi mhíchumas an ceart chun saorghluaiseachta agus cónaithe ar fud an Aontais a fheidhmiú trí aitheantas frithpháirteach ar stádas míchumais na sealbhóirí cárta a éascú. Tá Cárta Míchumais Eorpach á iarraidh le fada ag an ngluaiseacht um míchumas agus é mar thosaíocht thábhachtach di, ós rud é go bhfágann an faillí san aitheantas don mhíchumas go bhfuil teorainn leanúnach le cearta na saorghluaisteachta.

1.2Cuireann CESE i bhfios go láidir go gcuirtear bac ar infhaighteacht beart tacaíochta le haghaidh daoine faoi mhíchumas tráth nach n‑aithnítear an míchumas go frithpháirteach, rud a chiallaíonn go ndiúltaítear an deis go lom díreach do na daoine sin a gcearta a fheidhmiú i dtaca le taisteal agus/nó bogadh chuig Ballstáit eile den Aontas.

1.3An feabhas sin ar shaorghluaiseacht de thoradh aitheantas frithpháirteach ar mhíchumas, tuigeann CESE go gcuirfeadh sé go mór le féiniúlacht choiteann Eorpach a thógáil agus beidh níos mó comhsheasmhachta ann le haghaidh daoine faoi mhíchumas, agus go ndéanfaí amhlaidh trí fheasacht a mhúscailt i measc soláthróirí seirbhíse faoin easpa inrochtaineachta agus go ndéanfaí rochtain a fheabhsú san fhadtéarma ar an mbealach sin. Rachaidh sé chun tairbhe do na soláthróirí sin freisin ag an tráth céanna ós rud é go dtiocfaidh méadú ar a líon cuairteoirí.

1.4Leis an gCárta Míchumais Eorpach, neartófar comhar idir údaráis náisiúnta agus gníomhaireachtaí rialtais éagsúla freisin chun feasacht a mhúscailt maidir le saincheisteanna míchumais, agus ar an mbealach sin tabharfar uirlis do dhaoine faoi mhíchumas dofheicthe chun rochtain ar bhuntáistí agus seirbhísí a éascú gan cur orthu a míchumas a mhíniú. Éascófar leis soláthar seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas ó Bhallstáit nach bhfuil cárta míchumais acu trí dhoiciméad a chur ar fáil dóibh is féidir a úsáid ar an leibhéal náisiúnta freisin mar chruthúnas ar a míchumas.

1.5Leagann CESE béim ar an tábhacht a bhaineann le seoladh an Chárta Míchumais Eorpaigh a chomhlánú le bearta, ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta, a dhíríonn ar inrochtaineacht ghinearálta na dtimpeallachtaí tógtha, an iompair, agus seirbhísí agus earraí a fheabhsú i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/882 1 , Treoir (AE) 2016/2102 2 , le rialacháin maidir le hinrochtaineacht iompair 3 agus le caighdeáin inrochtaineachta ghaolmhara.

1.6Is cúis áthais do CESE go bhfuil tionscnamh reachtach á mholadh ag an gCoimisiún le haghaidh Cárta Míchumais Eorpach, agus iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach rialachán a mholadh, ós rud é gurb iomchuí an ionstraim é chun lúfaireacht a áirithiú sa chur i bhfeidhm agus chun difríochtaí a sheachaint ar an leibhéal náisiúnta.

1.7Tá CESE á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a chur san áireamh sa Chárta Míchumais Eorpach an raon feidhme rochtana ar gach foirm seirbhíse, sochair agus lascaine a dheonaítear cheana féin ar an leibhéal náisiúnta, lena nglacann na soláthróirí seirbhísí uile a thairgeann coinníollacha fabhracha nó oiriúnuithe do dhaoine faoi mhíchumas, cibé acu eintitis phoiblí nó phríobháideacha a sholáthraíonn na seirbhísí sin.

1.8Molann CESE go soláthrófar leis an gCárta Míchumais Eorpach an fhéidearthacht chun rochtain a thabhairt ar bhonn sealadach ar shocair atá nasctha le beartais shóisialta phoiblí agus/nó le córais slándála sóisialta náisiúnta i gcás ina bhfuil duine faoi mhíchumas tar éis bogadh chuig Ballstát eile chun staidéar nó obair a dhéanamh ann, agus go ndéanfar amhlaidh a fhad agus a mhaireann an próiseas chun athmheasúnú agus deimhniú a dhéanamh ar an míchumas.

1.9Níl homaiginiú na múnlaí measúnaithe míchumais sna Ballstáit i gceist le haitheantas a thabhairt don mhíchumas tríd an gCárta Míchumais Eorpach ach cuirtear iallach ar na Ballstáit feabhas a chur ar na córais atá ann faoi láthair atá bunaithe go príomha ar chur chuige leighis ionas go mbeidh na córais i gcomhréir ar bhealach níos fearr le samhlacha a chloíonn le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD).

1.10Creideann CESE nach mór an cárta a bheith i bhfoirm fhisiciúil agus cumais dhigiteacha aige, agus nach mór é a bheith go hiomlán inrochtana, méid caighdeánach cárta aitheantais a bheith air, agus faisnéis a bheith le feiceáil air maidir leis an gcúnamh pearsanta a theastaíonn ó úinéir an chárta agus/nó faisnéis maidir leis an duine tionlacain.

1.11Molann CESE nach mór go mbeidh ina chuid den reachtaíocht maidir leis an gCárta Míchumais Eorpach suíomh gréasáin ar leibhéal an Aontais atá go hiomlán inrochtana, air a bhfuil leagan soléite de agus freastal ar theangacha comharthaíochta, atá ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla Aontais agus lena gcuirtear faisnéis nithiúil ar fáil faoi gach tír. Ní mór feachtais múscailte feasachta uile‑Aontais agus náisiúnta, i ngach teanga oifigiúil den Aontas, a dhíríonn ar an bpobal i gcoitinne, ar úsáideoirí féideartha cártaí agus ar sholáthraithe seirbhíse a bheith mar chuid di freisin.

1.12Tacaíonn CESE leis an togra chun an reachtaíocht nua maidir le Cárta Páirceála an Aontais Eorpaigh a fhorbairt in éineacht leis an togra le haghaidh Cárta Míchumais Eorpach. Mar sin féin, iarrann CESE ar an gCoimisiún a chur san áireamh nach mór an dá chárta a choinneáil scartha go fisiciúil óna chéile i ngach uile chás.

1.13Cuireann CESE i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go ndéanfaidh institiúidí an Aontais dlúthchomhar i gcónaí le daoine faoi mhíchumas, agus le heagraíochtaí ionadaíocha daoine faoi mhíchumas ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus an Cárta Míchumais Eorpach á fhorbairt, á chur chun feidhme agus measúnú á dhéanamh air ina dhiaidh sin.

1.14Tuigeann CESE go bhfuil an Cárta Míchumais Eorpach go hiomlán i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) 4 agus go gcosnófar leis faisnéis phearsanta an úsáideora. Iarrann CESE ar an gCoimisiún leibhéal ard cosanta a ráthú maidir leis na sonraí sin, in éineacht le bearta slándála agus frith‑ghóchumtha, agus é sin a dhéanamh tríd an reachtaíocht atá beartaithe agus trí dhearadh agus úsáid an Chárta Míchumais Eorpaigh.

2.Barúlacha ginearálta

2.1Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát 5 i gceist mar chuid de stádas saoránachta Eorpaí, mar a thugtar faoi deara in Airteagal 20 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Maidir le daoine faoi mhíchumas, tá an ceart sin cosanta ag UNCRPD, arna dhaingniú ag an Aontas Eorpach agus na 27 mBallstát, in Airteagal 18, ina socraítear an tsaoirse ghluaiseachta, an tsaoirse chun a n‑áit chónaithe agus a saoránacht a roghnú, ar bhonn comhionann le daoine eile. Le tuiscint ar an míchumas mar shraith laguithe a d’fhéadfadh, in éineacht le bacainní éagsúla, bac a chur ar rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach na ndaoine sin sa tsochaí ar bhonn comhionann le daoine eile 6 , tá sé de fhreagracht ar an tsochaí ina hiomláine, go háirithe trí bheartais phoiblí náisiúnta agus Eorpacha, feidhmiú an chearta sin a chosaint agus a chumasú go héifeachtach.

2.2Soláthar tacaíochta, cúnamh, bearta inrochtana, seirbhísí sonracha, freastal réasúnta, gníomhaíochtaí dearfacha agus foirmeacha sochair eile le haghaidh daoine faoi mhíchumas, is iad sin na huirlisí lena gcinntítear feidhmiú cothrom na gceart agus lena sáraítear bacainní faoin gcreat sin. Dá réir sin, i gcás nach n‑aithnítear míchumas, cuirtear bac ar infhaighteacht na mbeart tacaíochta sin, rud a chiallaíonn go ndiúltaítear an deis go lom díreach do na 87 milliún duine faoi mhíchumas atá ina gcónaí san Aontas a gcearta a fheidhmiú i dtaca le taisteal agus/nó bogadh go dtí Ballstáit eile den Aontas.

2.3Is díol sásaimh do CESE go bhfuil tionscnamh reachtach á mholadh ag an gCoimisiún le haghaidh Cárta Míchumais Eorpach, agus molann sé go láidir go mbunófaí an Cárta Míchumais Eorpach trí rialachán a mbeidh feidhm leis sna Ballstáit uile ar bhealach pras, éifeachtach agus aonchineálach. Is oiriúnaí an ionstraim an rialachán chun lúfaireacht a áirithiú sa chur i bhfeidhm agus difríochtaí sa chur chun feidhme a sheachaint. Ní fhéadfaidh carachtar an mholta a bheith ag baint leis an reachtaíocht mar ní ligfeadh leis sin infheidhmeacht uilíoch agus aonchineálach an chárta. I gcás treorach, bheadh riosca ard ann go mbeadh gá le síneadh neamhshainithe ama chun í a thrasuí, agus d’fhéadfadh cásanna teacht chun cinn ina mbeadh stádas gníomhach ag Cártaí Míchumais Eorpacha i roinnt Ballstát agus nach mbeadh reachtaíocht chuí i bhfeidhm i mBallstáit eile chun na sochair a bhaineann leis a chur i bhfeidhm. Ar an taobh eile, bheadh éifeacht láithreach ag rialachán i ngach Ballstát.

2.4Leis an gCárta Míchumais Eorpach, trína éascófar baint bacainní ionas go mbeidh daoine faoi mhíchumas in ann gluaiseacht faoi shaoirse san Aontas, d’oibreodh sé mar Phas Míchumais Eorpach agus saintréithe phas mar sin aige, ag ceadú aitheantas ar na seirbhísí agus sochair uile a bhfuil ceart ag daoine faoi mhíchumas ina leith agus rochtain ar na seirbhísí agus na sochair sin ina dhiaidh sin.

2.5Creideann CESE gur léiríodh sa treoirthionscadail a seoladh idir 2016 agus 2019 in ocht mBallstát an fhéidearthacht a bhaineann leis an gcárta agus na deiseanna a ghabhann leis d’úsáideoirí, sa bhealach ina n‑éascaítear soghluaisteacht níos éasca trí rochtain a dheonú ar choinníollacha tairbheacha maidir le seirbhísí áirithe atá ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas cheana féin sa Bhallstát óstach.

2.6Tugadh mioneolas ar an éifeachtúlacht sin sa mheasúnú a rinneadh ar an treoirthionscadal 7 a forbraíodh in 2021. Le húsáid an chárta, cuireadh le rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas sna hearnálacha cultúir agus fóillíochta, tháinig méadú ar shoghluaisteacht trasteorann agus chuir neart úsáideoirí feabhas ar a n‑eispéiris tuarasóireachta ar an gcoigríoch, cuir i gcás.

2.7Mar sin féin, léiríodh sa mheasúnú freisin gur theastaigh a thuilleadh uaillmhéine ó na húsáideoirí agus go mbeadh a thuilleadh earnálacha san áireamh, lena n‑áirítear an earnáil iompair, leis an gcárta, dhá rud a bhí teoranta sa ghníomhaíocht phíolótach. Measadh freisin go bhfuil géarghá le feachtais múscailte feasachta ionas go dtuigfidh úsáideoirí ionchasacha na féidearthachtaí nua a bhaineann leis an gcárta agus go n‑aithneoidh soláthróirí seirbhíse an cárta chomh maith leis na lascainí agus na seirbhísí atá i gceist leis.

2.8Cuirtear na deiseanna in iúl go sainráite sa tuarascáil mheasúnachta, ach áirítear inti na hiarrataí ó dhaoine faoi mhíchumas agus na bearnaí a d’fhéadfadh teacht chun solais leis an gCárta Míchumais Eorpach mura gcumhdaítear ach líon teoranta earnálacha leis. Dá bhrí sin, tá CESE á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé rochtain a thabhairt ar gach cineál seirbhíse, sochair agus lascaine a thugtar cheana féin ar an leibhéal náisiúnta d’úsáideoirí an Chárta Míchumais Eorpaigh, lena nglacann na soláthróirí seirbhísí uile a thugann coinníollacha fabhracha nó oiriúnuithe do dhaoine faoi mhíchumas, cibé acu eintitis phoiblí nó phríobháideacha na heintitis a sholáthraíonn na seirbhísí sin. Creideann CESE nár cheart liosta teoranta earnálacha a leagan síos sa reachtaíocht ach go mbeadh feidhm aici maidir leis na seirbhísí uile ar mhargadh aonair an Aontais, ós rud é go mbeadh go leor eisceachtaí i gceist le hearnálacha a liostú agus choinneofaí leis sin an chuid is mó de na constaicí atá ann faoi láthair agus chuirfí teorainn le héifeachtúlacht an chárta ar an mbealach sin.

2.9Tuigeann CESE, a mhéid a bhaineann le cumhdach na sochar atá nasctha le beartais shóisialta agus/nó córais slándála sóisialta amhail tacaíocht eacnamaíoch dhíreach, soláthar cúnaimh phearsanta nó tacaíochta le haghaidh scoláirí nó sochair a bhaineann leis an obair le haghaidh cuideachtaí i gcásanna ina bhfostaíonn siad daoine faoi mhíchumas, ba cheart féidearthacht a sholáthar leis an gCárta Míchumais Eorpach seirbhísí den sórt sin a thabhairt ar bhonn sealadach i gcás inar bhog duine faoi mhíchumas chuig Ballstát chun staidéar nó obair a dhéanamh ann, agus ba cheart déanamh amhlaidh a fhad agus a mhaireann an próiseas chun athmheasúnú agus deimhniú a dhéanamh ar an míchumas. Maidir le daoine faoi mhíchumas a bhogann go Ballstát eile chun obair nó staidéar a dhéanamh ann (e.g. Clár Erasmus+), ciallaíonn sé sin go mbeidh an deis acu rochtain a fháil ar aon tacaíocht is gá chun obair nó staidéar a dhéanamh ar bhonn comhionann.

2.10Cuireann CESE i dtábhacht go bhfuil an Cárta Míchumais Eorpach go hiomlán i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGSC) 8 agus go gcosnaítear leis faisnéis phearsanta an úsáideora, ós rud é, le húsáid an chárta sin chun rochtain a fháil ar sheirbhísí agus ar shocair, go gcosnaítear an duine ar an oibleagáid sonraí pearsanta a thaispeáint agus a chur in iúl, go háirithe an measúnú míchumais agus faisnéis sláinte pearsanta.

2.11Ba cheart a áireamh sa togra maidir leis an gCárta Míchumais Eorpach seoladh chóras forfheidhmithe agus faireacháin, chun forfheidhmiú agus cur chun feidhme rianúil agus éifeachtach an chárta a áirithiú, chomh maith le struchtúr chun gearáin agus iarrataí ó úsáideoirí a theorannú agus a bhainistiú.

2.12Tuigeann CESE nach bhfuil aonchineálú na múnlaí measúnaithe míchumais sna Ballstáit éagsúla i gceist le haitheantas a thabhairt do mhíchumas tríd an gCárta Míchumais Eorpach. Mar sin féin, cuirtear iallach ar na Ballstáit leis feabhas a chur ar na córais atá ann cheana féin atá bunaithe go príomha ar chur chuige an leighis le go n‑aistreofar i dtreo samhlacha a chloíonn le UNCRPD. De réir taighde a rinne Parlaimint na hEorpa le déanaí ar Disability assessment, mutual recognition and the EU Disability Card (an measúnú míchumais, an t‑aitheantas frithpháirteach agus an Cárta Míchumais Eorpach), tá comhaontú láidir ann faoin ngá atá le feabhas a chur ar ghlacadh na bprionsabal comhchoiteann agus ar chomhchuibhiú níos fearr ar mheasúnuithe míchumais, sainmhínithe míchumais agus aitheantas frithpháirteach. Anuas air sin, tuigeann CESE gur díríodh níos mó sna córais mheasúnaithe roimhe seo ar shaintréithe aonair agus ní ar shaintréithe a bhaineann leis an timpeallacht, bhí siad ag brath ar eolas leighis nó ar thástálacha daoine agus iad ag feidhmiú as comhthéacs, seachas ar chur chuige níos iomlánaíche ina gcuirtear dálaí iarbhír shaol an duine san áireamh 9 .

3.Barúlacha sonracha

3.1Creideann CESE, a mhéid a bhaineann leis an bhformáid, nach mór an cárta a bheith i bhfoirm fhisiciúil agus cumais dhigiteacha aige. Ba mhaith an rud é cód QR agus/nó slis leictreonach a bheith ann a nascfadh leis na sonraí measúnaithe míchumais, mar shampla. Ní mór an cárta fisiciúil a bheith inrochtana go hiomlán, agus cur síos braille air agus é de mhéid caighdeánaithe le haghaidh cárta aitheantais.

3.2Ní mór suíomh gréasáin ar leibhéal an Aontais ar a soláthraítear sonraí praiticiúla faoi gach tír a bheith mar chuid de thionscadal an Chárta Míchumais Eorpaigh, agus áireofar faisnéis amhail an méid seo a leanas i measc na faisnéise sin a sholáthrófar ar an suíomh gréasáin: cén áit ar féidir an cárta a fháil agus an chaoi a n‑oibríonn sé. Ba cheart suíomh gréasáin an Aontais a bheith ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais agus ní mór é a bheith inrochtana ag an leibhéal is airde comhréireachta (AAA) de réir na dTreoracha maidir le hinrochtaineacht ábhair ar an nGréasán 10 , agus formáidí soléite a bheith ar fáil air mar aon le freastal ar theangacha comharthaíochta, agus ba cheart gurbh ionann an scéal i gcás na suíomhanna gréasáin náisiúnta agus an phróisis iomláin a bhaineann leis an gcárta a fháil.

3.3Ba cheart faisnéis maidir le cúnamh pearsanta agus/nó daoine tionlacain úinéir an chárta a bheith san áireamh san fhaisnéis ar an gcárta, ionas go mbeidh siad san áireamh i raon feidhme na sochar agus na tacaíochta cibé áit is infheidhme. Féadfar an fhaisnéis sin a chur in iúl le siombail choincréiteach nó féadfar í a lua ar an gcárta fisiciúil.

3.4Creideann CESE nach mór úsáid an Chárta Míchumais Eorpaigh a bheith roghnach, agus é códaithe sa dlí gur féidir le gach duine faoi mhíchumas cinneadh a dhéanamh dó/di féin an mian leis/léi iarratas a dhéanamh ar an gcárta agus nár cheart é a bheith d’oibleagáid ar an duine cárta den sórt sin a bheith ina sheilbh aige/ina seilbh aici chun míchumas a chruthú.

3.5Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún ionstraim chistiúcháin a sholáthar chun an Cárta Míchumais Eorpach a bhunú i ngach Ballstát den Aontas lena n‑áirítear suíomh gréasáin uile‑Aontais. Ina dhiaidh sin, ní mór cistiú leanúnach a áirithiú chun an cárta a phriontáil agus a eisiúint, le haghaidh foirne, cumarsáide agus chothabháil an tsuímh ghréasáin agus na n‑uirlisí gaolmhara, amhail feidhmchláir mhóibíleacha fhéideartha. Féadfar é sin a dhéanamh trí ionstraim chistiúcháin an Aontais a choinneáil ar bun agus/nó trí shruthanna cistiúcháin náisiúnta.

3.6Tá cumarsáid agus múscailt feasachta faoi Chárta Míchumais Eorpach ríthábhachtach chun a chinntiú go bhfaigheann na tairbhithe féideartha agus soláthróirí seirbhísí féideartha eolas faoi. Ba cheart feachtais múscailte feasachta uile‑Aontais agus náisiúnta a dhéanamh tráth a sheolfar an cárta, agus iad spriocdhírithe ar an bpobal i gcoitinne, ionas gur féidir le húsáideoirí ionchasacha an chárta iarratas a dhéanamh agus go nglacfaidh soláthróirí seirbhíse páirt sa scéim, ionas go mbainfear an leas is fearr is féidir aisti, agus ba cheart na feachtais sin a reáchtáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais, i bhformáidí soléite agus freastal á dhéanamh ar na teangacha chomharthaíochta chun inrochtaineacht a áirithiú do chách. Ní mór iarracht ar leith a dhéanamh chun dul i dteagmháil le daoine faoi mhíchumas a bhféadfadh níos mó deacrachtaí a bheith acu rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir leis an gcárta a bheith ann, maidir leis na tairbhí a bhaineann leis an gcárta, agus maidir leis an bpróiseas lena fháil. Áirítear ar na daoine sin: daoine faoi mhíchumas síceasóisialta nó intleachta agus daoine a bhfuil córas teoranta tacaíochta acu, mar is amhlaidh an cás le haghaidh dídeanaithe faoi mhíchumas. Ba cheart cumarsáid a dhéanamh san Úcráinis freisin chun teagmháil níos fearr a dhéanamh le dídeanaithe ón Úcráin. I ndiaidh na bhfeachtas sin, ní mór cumarsáid tráthrialta a dhéanamh chun sealbhóirí an chárta agus an pobal i gcoitinne a choinneáil ar an eolas maidir le gnéithe nua de scéim an chárta agus de shochair an chárta go ginearálta, agus chun a áirithiú go bhfuil an tionscadal Aontais seo an‑sofheicthe.

3.7Cuireann CESE i dtábhacht a ábhartha atá sé go ndéanfaidh institiúidí an Aontais dlúthchomhar i gcónaí le daoine faoi mhíchumas agus le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Ba cheart tabhairt faoin tionscadal le rannpháirtíocht iomlán ó dhaoine faoi mhíchumas agus ó na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas. Ba cheart é sin a dhéanamh ar leibhéal an bheartais a mhéid a bhaineann le forbairt an chárta agus ar leibhéal an fheidhmiúcháin a mhéid a bhaineann leis an gcárta a chur chun feidhme agus a leithdháileadh, agus cumarsáid a dhéanamh faoin gcárta. Ba cheart don Choimisiún malartuithe bliantúla a eagrú maidir le dúshláin, dul chun cinn agus dea‑chleachtas i measc na mBallstát, agus daoine faoi mhíchumas agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas rannpháirteach sna malartuithe sin, d’fhonn raon feidhme agus úsáid an chárta a fheabhsú thar am.

3.8Ba cheart próiseas bailithe sonraí ar fhaisnéis faoi na tairbhithe, agus iad imdhealaithe faoi inscne agus faoi aois, a bheith mar chuid de chur chun feidhme an Chárta Míchumais Eorpaigh.

4.Cárta Páirceála an Aontais Eorpaigh

4.1Tuigeann CESE an tábhacht a bhaineann le nuashonrú a dhéanamh ar an reachtaíocht lena ndéantar comhchuibhiú ar shaintréithe agus feidhmiú Chárta Páirceála an Aontais. Tá constaicí agus mífheidhmiú le haghaidh úsáideoirí fós i gceist leis na formáidí éagsúla ina gcuirtear an cárta chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil fiú. Mar sin féin, baineann an‑tábhacht le húsáid an chárta sin le haghaidh neart daoine faoi mhíchumas, go háirithe ós rud é gurb é an t‑aon réiteach é faoina gceadaítear rochtain ar limistéir uirbeacha shrianta, i bhfianaise nach rogha mhalartach é an t‑iompar poiblí go minic mar gheall ar an easpa inrochtaineachta.

4.2Creideann CESE gur cheart an fhormáid, na saintréithe agus an nós imeachta a ghabhann le Cárta Páirceála an Aontais a chomhchuibhiú, ar bhealach atá ceangailteach ar na Ballstáit agus a chuirtear in iúl go soiléir d’úsáideoirí an chárta. Ba cheart na rialuithe maidir le húsáid chalaoiseach an chárta agus úsáid neamhdhleathach spásanna páirceála atá in áirithe le haghaidh daoine faoi mhíchumas a neartú agus ba cheart bearta níos déine slándála agus frith‑ghóchumtha a chur chun feidhme mar aon le fíneálacha níos airde agus níos éifeachtaí in aghaidh mí‑úsáide agus brionnaithe. Ba cheart an feachtas múscailte feasachta a dhíriú ar an bpobal i gcoitinne a mhéid a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar úsáid neamhdhleathach spásanna páirceála forchoimeádta.

4.3Ba cheart na rialacha maidir le hincháilitheacht agus an nós imeachta eisiúna a chomhchuibhiú a thuilleadh leis an reachtaíocht maidir le Cárta Páirceála an Aontais Eorpaigh, ar bhealach atá ceangailteach ar na Ballstáit agus a chuirtear in iúl go soiléir d’úsáideoirí an chárta. Féadfaidh malartú dea‑chleachtais idir na húdaráis náisiúnta a éascú leis an reachtaíocht trí ghrúpa oibre de chuid an Choimisiúin a bhunú ar an ábhar, rud a d’éascódh forbairt smaointe ar leibhéal an Aontais.

4.4Ní mór a chur san áireamh i bhforbairt na reachtaíochta nua le haghaidh Chárta Páirceála an Aontais, in éineacht leis an togra le haghaidh an Chárta Míchumais Eorpaigh, nach mór an dá chárta a bheith scartha go fisiciúil óna chéile i ngach uile chás. Ní féidir le gach uile dhuine faoi mhíchumas ar sealbhóirí ionchasacha an chárta mhíchumais iad feithicil a thiomáint, agus ar son cúiseanna praiticiúla, ní mór an cárta páirceála a choinneáil laistigh den fheithicil pháirceáilte, agus ní mór an Cárta Míchumais Eorpach fanacht i seilbh an úsáideora.

An Bhruiséil, 3 Aibreán 2023

Aurel Laurenţiu Plosceanu

Cathaoirleach na Rannóige um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

_____________

(1)       IO L 151, 7.6.2019 , lch 70.
(2)       IO L 327, 2.12.2016, lch. 1 .
(3)       IO L 204, 26.7.2006, lch. 1 ; IO L 46, 17.2.2004, lch. 1 ; IO L 334, 17.12.2010, lch. 1 ; IO L 123, 17.5.2003, lch. 18 ; IO L 315, 3.12.2007, lch. 14 ; IO L 356, 12.12.2014, lch. 110 ; IO L 55, 28.2.2011, lch. 1 ; IO L 42, 13.2.2002, lch. 1 .
(4)       IO L 119, 4.5.2016, lch. 1 .
(5)       IO C 115, 9.5.2008, lch 47 Airteagal 20, 2(a).
(6)      Na Náisiúin Aontaithe. (2006). An Coinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas. Sraith na gConarthaí, 2515, 3.
(7)      An Coimisiún Eorpach. 2021. Measúnú ar chur chun feidhme na gníomhaíochta píolótaí maidir le Cárta Míchumais an Aontais agus na socair a ghabhann leis. Tuarascáil Deiridh https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=738&langId=en&pubId=8407&furtherPubs=yes
(8)       IO L 119, 4.5.2016, lch. 1 .
(9)      Parlaimint na hEorpa, Disability assessment, mutual recognition and the EU Disability Card. Progress and opportunities. An Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, Ard‑Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, Parlaimint na hEorpa 739.397 – Samhain 2022.
(10)      Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.0 http://www.w3.org/TR/WCAG20/ .
Top