|
TUAIRIM
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
|
|
Struchtúir adhmaid ar mhaithe le CO2 a laghdú in earnáil na tógála
|
|
_____________
|
|
Struchtúir adhmaid ar mhaithe le CO2 a laghdú in earnáil na tógála
[Tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Sualainne]
|
|
|
|
TEN/794
|
|
|
|
Rapóirtéir: Rudolf KOLBE
|
|
Comhrapóirtéir: Sam HÄGGLUND
|
|
Comhairliúchán
|
Uachtaránacht na Sualainne, 14/11/2022
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach
|
14/12/2022
|
|
Rannóg atá freagrach
|
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
07/03/2023
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
22 Márta 2023
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
577
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
153/2/4
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) den tuairim go bhfuil tábhacht le hábhair thógála bhithbhunaithe maidir leis an aistriú glas a chur chun cinn. Chun cur leis an sciar den adhmad a úsáidtear san fhoirgníocht ar mhaithe le hastaíochtaí carbóin a laghdú, is gá bainistiú gníomhach agus inbhuanaithe na bhforaoisí san Aontas a chur chun cinn agus laincisí polaitiúla a sheachaint.
1.2Ós rud é gur féidir leis an earnáil phoiblí dea‑shampla a thabhairt, iarrann CESE ar na Ballstáit cur leis an méid adhmaid a úsáidtear i bhfoirgnimh phoiblí, méid atá faoi bhun an mheáin fhoriomláin faoi láthair.
1.3Measann CESE freisin go bhfuil sé tábhachtach leas iomlán a bhaint as an adhmad san fhoirgníocht trí bhearta tacaíochta so‑rochtana a chur ar fáil le haghaidh FBManna le go bhféadfaidh siad taighde, forbairt agus nuálaíocht a dhéanamh ar ábhair thógála mhalartacha.
1.4Molann CESE gur cheart bacainní ar úsáid an adhmaid san fhoirgníocht, bacainní ar ceanglais fhoirmiúla, dhlíthiúla agus theicniúla is bunús leo, a scrúdú maidir leis an ngá atá leo chun cáilíocht an dearaidh a áirithiú. Tá sé á chur i bhfáth ag CESE nach mór a bheith in ann leas a bhaint as ‘réitigh mhalartacha choibhéiseacha’, sa bhreis ar chaighdeáin a chomhlíonadh, le go mbeidh an nuálaíocht úrscothach.
1.5Toisc go bhfágann an éagsúlacht rialachán tógála atá ann go mbíonn bac ar ábhair thógála in‑athnuaite a úsáid, molann CESE bearta comhchuibhithe a thabhairt isteach; tá CESE den tuairim freisin gur spreagadh tábhachtach ina leith sin an Bauhaus Eorpach Nua.
1.6Molann CESE úsáid chomhsheasmhach a bhaint as an gcuntasaíocht ghlas le gur féidir measúnú inbhuanaitheachta cáilithe a dhéanamh ar shaolré iomlán na bhfoirgneamh agus comparáid a dhéanamh idir an tionchar ar an gcomhshaol sna cásanna éagsúla.
1.7Tá CESE á chur i bhfáth a thábhachtaí atá íoschaighdeáin maidir le hastaíochtaí carbóin ó fhoirgnimh le linn shaolré iomlán an fhoirgnimh agus maidir leis an gceanglas comhfhreagrach carbón a thuairisciú san earnáil tógála ina hiomláine.
1.8Tá CESE den tuairim gurb í an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh an uirlis bheartais is tábhachtaí atá ann d’fhonn ceanglais a leagan síos maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú le linn shaolré iomlán an fhoirgnimh. Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach scéim deimhnithe carbóin a fhorbairt ina gcuirfear san áireamh an ról atá ag táirgí adhmaid maidir le hastaíochtaí carbóin a fhritháireamh.
1.9Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach fios gnó a aistriú, mar atá beartaithe a dhéanamh in Acadamh an Bauhaus Eorpaigh Nua, mar aon le hoiliúint iomchuí agus breisoideachas a chur ar fáil ar an leibhéal náisiúnta. Is gá oiliúint agus uas‑sciliú i modhanna agus faoi ábhair inbhuanaithe thógála a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil baint acu le próiseas na tógála: pleanálaithe, ailtirí, innealtóirí, teicneoirí, speisialtóirí TF agus oibrithe tógála.
1.10Tá CESE den tuairim gur réamhriachtanas maidir leis na spriocanna aeráide a bhaint amach agus an t‑adhmad sa tógáil a chur chun cinn iad nósanna imeachta atá bunaithe ar cháilíocht a chur i bhfeidhm sa soláthar poiblí, lena n‑áirítear critéir inbhuanaitheachta agus saolré, chomh maith le roghnú na nósanna imeachta soláthair iomchuí lena gceadaítear réitigh nuálacha. Tá CESE á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh oibleagáid dhlíthiúil níos láidre ann maidir leis an iomaíocht ardcháilíochta agus an soláthar poiblí atá neamhdhíobhálach don aeráid agus go ndéanfaí bearta chun an oiliúint chuí a chur ar na húdaráis chonarthacha.
1.11Iarrann CESE ar na Ballstáit páirt a ghlacadh sa tionscnamh Wood POP atá ag rialtais na hOstaire agus na Fionlainne, arb é is aidhm dó gníomhaithe poiblí agus príobháideacha in earnáil an adhmaid a shlógadh ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach agus tacú le hinfheistíochtaí a athdhíriú ar réitigh bhithbhunaithe inbhuanaithe agus ar shlabhraí luacha adhmadbhunaithe.
2.Barúlacha ginearálta
2.1Tá stair nuála a théann siar na céadta bliain ag traidisiún na bhfoirgneamh adhmaid. Tá úsáid ábhar inbhuanaithe, i measc rudaí eile, san áireamh sna smaointe ar an Bauhaus Eorpach Nua.
2.2Tá CESE ar aon fhocal leis an gCoimisiún faoi go bhfuil an t‑aistriú glas ag brath go mór ar ábhair (thógála) nuálacha, bhithbhunaithe, inbhuanaithe a tháirgtear trí mhodhanna ísealcharbóin a bheith ann. Tugadh le fios sa tuarascáil maidir le foirgnimh a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA)
gur foirgnimh is cúis faoi láthair le 33 % (2021) de na hastaíochtaí CO2 ar domhan. Is oibriú díreach agus indíreach foirgneamh den chuid is mó is cúis le formhór na n‑astaíochtaí sin, ach is iad an tógáil féin agus táirgeadh ábhar tógála is cúis le 6.4 % (2021) díobh. Ní áirítear iompar, scartáil ná oibreacha bonneagair san fhigiúr sin. Déantar astaíochtaí ón iompar a chur síos d’earnáil an iompair. Is féidir glacadh leis go bhfuil na hastaíochtaí iarbhír ón tógáil níos airde ná an figiúr thuas. Dar leis an gCoimisiún, is foirgnimh is cúis le thart ar 40 % den tomhaltas fuinnimh agus thart ar aon trian de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas. Is é is cúis go príomha leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa bearta athchóirithe fuinnimh foirgneamh, an méadú ar an sciar d’fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite agus athnuachan na gcóras téimh. Mar sin féin, tá méadú ag teacht ar líon na bpríomháiteanna cónaithe agus ar an achar urláir a bhíonn in áit chónaithe.
2.3Is mian le CESE a chur i bhfáth a thábhachtaí atá foraoisí do shaol daoine ar fud an domhain. Ionsúnn na 400 billiún crann san Eoraip, mar shampla, beagnach 9 % de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa san Eoraip. Tuigeann CESE gur fadhb mhór dhomhanda é an dífhoraoisiú cé go bhfuil méadú ag teacht ar acmhainní foraoise an Aontais. Idir 1990 agus 2020, tháinig méadú 9 % ar an limistéar foraoise agus méadú 50 % ar an méid adhmaid i bhforaoisí na hEorpa. Tacaíonn CESE go hiomlán le hiarrachtaí uile an Choimisiúin Eorpaigh dul i ngleic leis an bhfadhb dhomhanda agus is mian leis a chur i bhfáth gur gá leanúint d’fhoraoisí sláintiúla atá fós ag fás a chur chun cinn san Aontas. Chun cur leis an sciar den adhmad a úsáidtear sa tógáil ar mhaithe le hastaíochtaí carbóin a laghdú, ba cheart bainistiú gníomhach agus inbhuanaithe na bhforaoisí san Aontas ina iomláine a chur chun cinn agus laincisí polaitiúla a sheachaint.
2.4Dá bhrí sin, tá CESE á chur i bhfáth gur gá go mbeadh an leas a bhaintear as an bpoitéinseal atá i struchtúir adhmaid (idir sholadach agus neamhsholadach) maidir leis an athrú aeráide a mhaolú nasctha go dlúth le bainistiú inbhuanaithe na bhforaoisí. Sa tionscadal Ostarach CareforParis
ina raibh comhobair idir Ionad Taighde um Fhoraoisí na hOstaire (BFW), Ollscoil na nAcmhainní Nádúrtha agus na nEolaíochtaí Beatha (BOKU), Wood K Plus agus Gníomhaireacht Chomhshaoil na hOstaire, rinneadh cásanna éagsúla den bhainistiú foraoisí a tharraingt suas agus a scrúdú. Díríodh sna cásanna sin ar athruithe éagsúla aeráide agus ar straitéisí oiriúnúcháin le haghaidh fhoraois na hOstaire agus tugadh samplaí d’fhorbairtí a d’fhéadfadh tarlú idir seo agus 2150. Rinneadh tuilleadh anailíse ar lorg carbóin na bhforaoisí agus na dtáirgí adhmaid agus ar sheachaint astaíochtaí CO₂ trí úsáid a bhaint as táirgí adhmaid. Is toradh dearfach maidir le gáis ceaptha teasa a bhíonn ar fhás foraoisí, úsáid an adhmaid agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a seachnaíodh trí tháirgí adhmaid a úsáid. Is linn charbóin thábhachtach iad foraoisí na hEorpa. Idir 2010 agus 2020, bhí an meán bliantúil den charbón a cheaptar i mbithmhais foraoise cothrom le 155 mhilliún tona i réigiún na hEorpa. Sna 28 mBallstát, tá an ceapadh carbóin cothrom le 10 % de na hollastaíochtaí gás ceaptha teasa. Spreagadh níos tábhachtaí le haghaidh mhaolú an athraithe aeráide is ea adhmad (mar ábhar agus mar fhuinneamh) a chur in ionad na n‑amhábhar iontaise agus na hastaíochtaí a sheachnaítear dá thoradh sin. Dá bhrí sin, is beart tábhachtach sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide é adhmad a sholáthar mar mhalairt ar ábhair a mbíonn líon níos airde astaíochtaí uathu ar feadh a saolré iomláine.
2.5Is é an fuinneamh corpraithe an fuinneamh nach mór a úsáid chun ábhair nó comhpháirteanna agus foirgnimh a tháirgeadh, a stóráil, a iompar, a shuiteáil agus, ar deireadh, a dhiúscairt. Ní hionann agus gnáthábhair thógála eile, déanann adhmad carbón a cheapadh sula n‑úsáidtear é mar ábhar tógála (carbón íon atá in thart ar 50 % de chrann). Nuair a scrúdaítear lorg carbóin an adhmaid, tuigtear go bhfuil an‑tábhacht le tionscnamh an adhmaid, an t‑achar a iompraítear é, an cineál próiseála, agus a in‑athúsáidte agus atá sé. Nuair a dhéantar comparáid idir foirgnimh choibhéiseacha thar a saolré iomlán, tugtar faoi deara go n‑éiríonn níos fearr leis an adhmad, murab ionann agus ábhair thógála eile, ó thaobh fuinneamh corpraithe, astaíochtaí gás ceaptha teasa, truailliú aeir agus uisce agus táscairí tionchair eile. Leis na táirgí adhmaid a tháirgtear faoi láthair in aghaidh na bliana (= adhmad a úsáidtear mar ábhar), seachnaítear tríd an iarmhairt ar ionadú thart ar 10 % d’iomlán na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa bliantúla.
2.6Is féidir leis an tógáil le hadhmad, go sonrach, suas le 40 % de na hastaíochtaí CO2 a shábháil i gcomparáid leis an gcoincréit. Nuair a chuirtear an tiontú ‘méid go meáchan’ atá molta ag Hagauer et al. (2009)
i bhfeidhm, tá meáchan tirim 1 mhéadar ciúbach (m³) d’adhmad soladach (meascán de bhogadhmad agus de chrua‑adhmad) cothrom le 417 kg. Ag glacadh leis gurb ionann comhpháirt an charbóin agus 50 %, is é 0.765 tona in aghaidh an mhéadair chiúbaigh an choibhéis de CO2. Is é a chiallaíonn sin go ndéantar 0.765 milliún tona de CO2 a cheapadh i dtáirgí inbhuanaithe má dhéantar 1 mhilliún méadar ciúbach d’adhmad breise a bhaint atá réidh le úsáid.
2.7Tá méadú tagtha ar líon na bhfoirgneamh adhmaid le blianta beaga anuas. San Ostair, mar shampla, tháinig méadú níos mó ná 70 % ar a líon
le 20 bliain anuas, agus bhí an t‑achar urláir inúsáidte i bhfoirgnimh adhmaid cothrom le 24 % in 2018. Bhí 53 % den líon sin san earnáil chónaithe, 11 % in earnáil na tógála tráchtála agus tionsclaíche agus 29 % i bhfoirgnimh shainchuspóireacha in earnáil na talmhaíochta. Os a choinne sin, ní raibh ach 7 % den líon sin i bhfoirgnimh phoiblí. Sa tSualainn agus san Fhionlainn, is adhmad atá i 90 % de na tithe nua aonteaghlaigh, agus tá struchtúr adhmaid in thart ar 20 % de na tithe nua ilteaghlaigh.
2.8Is tábhachtach an cur chuige é dlúthú na gcathracha sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, agus is cinnte go bhfuil dlúthbhaint aige sin le tuilleadh airde a chur sna foirgnimh. Tá tionscadail ann i láthair na huaire a léiríonn gur féidir foirgnimh an-ard a thógáil as adhmad. Sampla amháin de sin atá in Ionad Cultúrtha Sara sa tSualainn, foirgneamh a bhfuil 20 urlár ann agus é 75 m ar airde, nó an Ascent Tower in Milwaukee, foirgneamh a bhfuil 18 urlár adhmaid ann.
2.9Is féidir córais foirgníochta adhmaid an lae inniu a chur in oiriúint go héasca ar mhaithe le réitigh chuimsitheacha a chur ar fáil chun foirgnimh a athchóiriú, sa chaoi is gur féidir tithe ar ardchaighdeán a chruthú agus coigilteas mór fuinnimh a dhéanamh. Is cabhair mhór do na tionscadail athchóirithe an bonneagar uirbeach, bonneagar a bhfuil fáil éasca air, agus freisin an fuinneamh corpraithe atá sa stoc foirgneamh cheana.
2.10Trí leas a bhaint as an stoc atá ann cheana in ionad foirgnimh nua a thógáil, is féidir úsáid níos éifeachtúla a bhaint as na hacmhainní atá ag cathair; ní mór, dá bhrí sin, tosaíocht a thabhairt i bprionsabal don chur chuige sin. Is iad na buntáistí a bhaineann leis ná cé chomh tapa agus is féidir comhpháirteanna a chur le chéile, go mbíonn cóimheas níos fearr idir an t‑ualach agus an meáchan i gcomparáid le hábhair eile agus, dá thoradh sin, go mbíonn marbh‑ualach coibhéiseach íseal ar an struchtúr atá ann cheana.
2.11Is oiriúnach an t-ábhar atá san adhmad le haghaidh úsáid chascáideach freisin. Má tá céimeanna éagsúla san úsáid, is rud é a chuireann leis an mbreisluach, is rud é a laghdaíonn ídiú na n‑acmhainní, agus is rud é a chuireann moill ar ligean CO2.
2.12Bíonn na ceanglais fhoirmiúla, dhlíthiúla agus theicniúla maidir le cáilíocht an dearaidh sa tógáil le hadhmad níos airde agus níos cuimsithí ná mar a bhíonn i gcás cineálacha eile foirgníochta. Cuireann an leibhéal castachta sin bac ar an méadú ar an sciar den mhargadh atá ag an adhmad sa tógáil. Is féidir le caighdeánú comhpháirteanna, siúntaí agus cóimeálacha tacú leis an gcur chun feidhme agus cost-éifeachtúlacht agus cáilíocht a áirithiú. Tionscnamh amháin atá ann cheana is ea an bunachar sonraí dataholz.eu, áit a ndéantar comhpháirteanna tógála agus siúntaí comhpháirteanna tógála a bhfuil tástáil déanta orthu a chur ar fáil ar líne sa Ghearmáin agus san Ostair. Tá CESE á thabhairt dá aire, i bprionsabal, nach mór don nuálaíocht sa tógáil le hadhmad a bheith úrscothach i ngach earnáil, ní hamháin trí na caighdeáin atá ann cheana a chomhlíonadh, ach trí leas a bhaint as ‘réitigh mhalartacha choibhéiseacha’ freisin.
3.Barúlacha sonracha
3.1Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil na córais foirgníochta adhmaid, a bhuí le caighdeánú, beachtas agus cáilíocht, an‑oiriúnach chun foirgnimh nua a thógáil, na foirgnimh atá ann cheana a athchóiriú agus cathracha a dhéanamh níos dlúithe. Ar na buntáistí a bhaineann leo tá a inoiriúnaithe atá siad, go mbíonn siad an‑réamhdhéanta, na hamanna tógála laghdaithe agus an meáchan níos ísle atá iontu i gcomparáid le hábhair eile.
3.2Critéar tábhachtach a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar fhoirgnimh is ea an tionchar a bhíonn acu ar an gcomhshaol ar feadh a saolré iomláine. Bíonn tionchar acu ar an gcomhshaol le linn na bpróiseas tógála (táirgí foirgníochta a tháirgeadh agus a iompar), úsáide agus díchóimeála (lena n‑áirítear táirgí foirgníochta a athchúrsáil nó a dhiúscairt). Déantar an tionchar ar an gcomhshaol a thaifeadadh trí mheasúnuithe saolré (EN 15804:15.02.2022).
3.3Is uirlis iomchuí í an chuntasaíocht ghlas chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht táirgí foirgníochta. Molann CESE úsáid chomhsheasmhach a bhaint as an gcuntasaíocht ghlas le gur féidir measúnú inbhuanaitheachta cáilithe a dhéanamh ar shaolré iomlán na bhfoirgneamh chun an tionchar ar an gcomhshaol a léiriú agus comparáid a dhéanamh idir an tionchar sin sna cásanna éagsúla.
3.4Níl na ceanglais dlí chomh dian céanna le blianta beaga anuas maidir le hábhair in‑athnuaite a úsáid san fhoirgníocht. Tá níos mó deiseanna ann anois adhmad a úsáid san fhoirgníocht, go háirithe a fhad a bhaineann sé leis an tsábháilteacht dóiteáin. Tá an t‑ábhar sin á scrúdú i dtionscadail éagsúla faoi láthair.
3.5Sa tionscadal taighde ‘TIMpuls’
faoi stiúir Ollscoil Theicniúil Munich (TUM), tá fiosrú á dhéanamh faoi láthair ar thinte i bhfoirgnimh adhmaid ilstóracha; is é is aidhm don taighde bunsraith láidir a chruthú is féidir a úsáid chun sraith amháin rialacha a leagan síos le foirgnimh adhmaid ilstóracha a thógáil.
3.6Tá sé tugtha le fios i dtaighde agus i dtionscadail a rinneadh le déanaí nach bhfuil an tógáil le hadhmad a dhath ar bith níos measa ná modhanna togála eile a fhad a bhaineann sé le sábháilteacht dóiteáin de agus go mbíonn foirgnimh adhmaid níos sábháilte le linn crith talún.
3.7Is minic gur laincisí nach bhfuil gá leo an toradh a bhíonn ar rialacha dlíthiúla éagsúla a bheith ann, fiú laistigh de Bhallstát. Tá CESE ag iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí na rialacháin tógála a chomhchuibhiú tuilleadh le go mbeidh na rialacha a bhaineann leis an adhmad ar aon dul leis na rialacha a bhaineann le hábhair thógála eile.
3.8Iarrann CESE ar na Ballstáit cur leis an méid adhmaid a úsáidtear i bhfoirgnimh phoiblí, méid atá faoi bhun an mheáin fhoriomláin faoi láthair. Is féidir leis an earnáil phoiblí dea‑shampla a thabhairt maidir leis an leas is féidir a bhaint as an tógáil le hadhmad chun na spriocanna aeráide a bhaint amach. Is féidir le foirgnimh adhmaid nuálacha den scoth sainiúlacht ar leith a chruthú agus cur le húsáid an adhmaid san fhoirgníocht.
3.9I nósanna imeachta an tsoláthair phoiblí, is minic nach mbaintear leas as critéir amhail an bithgheilleagar, an inbhuanaitheacht, costais saolré, an tionchar ar an athrú aeráide, etc., chun an tairiscint is fearr a roghnú, agus is iad tairiscintí na foirgníochta adhmaid a bhíonn thíos leis dá bharr sin. Tá CESE á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh tiomantas níos láidre ann critéir a chabhraíonn leis na spriocanna aeráide a bhaint amach a bheith san áireamh sa soláthar poiblí.
3.10I gcás foirgnimh adhmaid réamhdhéanta, ní mór don dearadh tarlú i gcomhthráth leis an tógáil, beagnach, chun aon bhaol míthuisceana a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint agus inchomparáideacht shoiléir a áirithiú. Le go mbeidh buntáistí ann maidir le barrfheabhsú teicniúil eacnamaíoch agus an t‑am a ghlacann céim na tógála
, ní mór an raon leathan táirgí agus tionchar na bpróiseas monaraíochta, lóistíochta agus cóimeála a chur san áireamh i gcéim níos luaithe den phróiseas ná mar a dhéanfaí i gcás tionscadail tógála nach bhfuil an oiread céanna comhpháirteanna réamhdhéanta i gceist iontu. Is féidir sin a dhéanamh trí fhaisnéis na dtairgeoirí a chur san áireamh go luath sa phróiseas, trí nós imeachta soláthair iomchuí a roghnú, amhail comórtas ailtireachta nó idirphlé iomaíoch, nó go ndéanfadh an t‑údarás conarthach pleanálaithe speisialaithe a rannpháirtiú sa phróiseas.
3.11Tá CESE á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an Bauhaus Eorpach Nua maidir le hábhair thógála ardcháilíochta atá neamhdhíobhálach don aeráid a chur chun cinn agus, ar an gcaoi sin, úsáid an adhmaid sa tógáil a chur chun cinn. Faoi láthair, ní adhmad ach 3 % den ábhar tógála san Aontas Eorpach, rud a chiallaíonn nach bhfuil an leas is mó is féidir á bhaint as an acmhainneacht atá i struchtúir adhmaid chun an t‑athrú aeráide a mhaolú. Tá CESE den tuairim, dá bhrí sin, gur gné thábhachtach maidir leis an acmhainneacht sin a bhaint amach iad na bearta tacaíochta don taighde, don fhorbairt agus don nuálaíocht ar mhaithe le hábhair thógála mhalartacha a chur chun cinn faoin tionscadal Bauhaus Eorpach Nua.
3.12Ina lán cásanna, ní thuigeann gach úsáideoir in earnáil na tógála na féidearthachtaí atá san acmhainneacht sin. Is minic teorainn á cur le húsáid an adhmaid de thoradh easpa eolais. Measann CESE, dá bhrí sin, go bhfuil sé ríthábhachtach fios gnó a aistriú laistigh den Eoraip, mar atá beartaithe a dhéanamh in Acadamh an Bauhaus Eorpaigh Nua, mar aon le hoiliúint iomchuí agus breisoideachas a chur ar fáil, an leibhéal náisiúnta san áireamh. Tá gá le hoiliúint agus uas‑sciliú maidir le modhanna agus ábhair inbhuanaithe thógála a chur ar fáil do na hoibrithe go léir a bhfuil baint acu le próiseas na tógála: pleanálaithe, ailtirí, innealtóirí, teicneoirí, speisialtóirí TF agus oibrithe tógála. Ní féidir an t‑aistriú glas a chur i gcrích gan daoine atá oilte go cuí.
3.13Is díol sásaimh do CESE an comhthionscadal sóisialta Eorpach RESILIENTWOOD atá faoi stiúir Chomhlachas Eorpach Thionscal na hAdhmadóireachta (CEI-Bois) agus Chónaidhm Eorpach na nOibrithe Tógála agus Adhmadóireachta (EFBH). Is é is aidhm don tionscadal sin moltaí agus treoirlínte a fhorbairt do ghnólachtaí, don ghairmoiliúint agus do na húdaráis phoiblí le go bhféadfar daoine óga a mhealladh chuig tionscal adhmaid an Aontais, oiriúnú d’athruithe teicneolaíochta agus oiliúint bhreise a chur ar oibrithe.
3.14Creideann CESE go bhfuil sé tábhachtach faisnéis theicniúil a fhoilsiú chun an úrscothacht sa tógáil le hadhmad a áirithiú do na geallsealbhóirí uile agus caighdeáin tógála agus caighdeáin struchtúracha a leagan síos le go bhféadfar úsáid an adhmaid san fhoirgníocht a éascú.
3.15Tá an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh ar an bpíosa reachtaíochta Eorpaí is tábhachtaí in earnáil na bhfoirgneamh. Ceanglaíonn an Treoir sin ar na Ballstáit leibhéil feidhmíochta a leagan síos dá bhfoirgnimh, dícharbónú an stoic foirgneamh a phleanáil trí straitéisí athchóirithe fadtéarmacha a ullmhú agus bearta breise a chur chun feidhme. Is uirlis bheartais shoiléir atá sa Treoir sin lenar féidir ceanglais agus tagarmharcanna soiléire a leagan síos chun na hastaíochtaí carbóin a laghdú thar shaolré iomlán an fhoirgnimh.
3.16Ní mór forálacha na Treorach sin a chur ag luí leis na spriocanna aeráidneodrachta agus ba cheart na bearta is tábhachtaí agus is práinní atá le déanamh faoi 2050 a shainaithint. Cé go bhfuil sé tábhachtach feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú, tá an baol ann, mura dtuigtear go soiléir an lorg chomhtháite carbóin a bhíonn ag foirgnimh, nach mbeidh na bearta chomh maith agus a d’fhéadfaidís a bheith.
3.17Is díol sásaimh do CESE an Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh táirgí inbhuanaithe, riail a moladh in earrach 2022, ós tábhachtach an chéim é i dtreo táirgí níos glaise agus táirgí níos ciorclaí. Critéir íosta a leagan síos, critéir i ndáil leis an lorg a fhágann na táirgí ar an gcomhshaol, mar shampla, agus ar an aeráid a laghdú, sin rud is féidir a dhéanamh i gcás na struchtúr adhmaid, agus is rud é a chruthódh deiseanna eacnamaíocha don nuálaíocht, cé nach n-áirítear a leithéid sin sa Rialachán i láthair na huaire.
3.18Trí thuairisciú carbóin thar shaolré iomlán foirgnimh a cheangal ar an earnáil tógála, beidh sé níos éasca sonraí a bhailiú agus tagarmharcáil a dhéanamh agus beidh an earnáil tógála in ann na scileanna agus na cumais riachtanacha a fhorbairt. Ní mór íoschaighdeáin cheangailteacha maidir le hastaíochtaí carbóin thar shaolré iomlán an fhoirgnimh a thabhairt isteach agus a neartú de réir a chéile. Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach scéim deimhnithe carbóin a fhorbairt ina gcuirfear san áireamh an ról atá ag táirgí adhmaid maidir le hastaíochtaí carbóin a fhritháireamh.
3.19Iarrann CESE ar na Ballstáit páirt ghníomhach a ghlacadh sa tionscnamh nua Wood POP atá ag rialtais na hOstaire agus na Fionlainne, rud atá ina ardán chun an plé ar an mbeartas adhmaid a chur chun cinn, agus arb é is aidhm dó gníomhaithe poiblí agus príobháideacha tábhachtacha in earnáil an adhmaid a shlógadh ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach agus tacú freisin le hinfheistíochtaí a athdhíriú ar réitigh bhithbhunaithe inbhuanaithe agus ar shlabhraí luacha adhmadbhunaithe.
3.20Sa tuairim bhreise ó CESE, is é sin CCMI/205 ‘Tionscal 5.0 in earnáil an adhmaid’, cuireann CESE i bhfios gur rímhaith an t‑ábhar tógála an t-adhmad de mhalairt inbhuanaithe chostéifeachtach ar ábhair thraidisiúnta mar choincréid agus cruach. Buntáiste eile is ea ardtáirgiúlacht ar thaobh an tsaothair den scéal, rud a fhágann gur tapúla agus gur éifeachtúla a dhéanfaí an obair thógála. Ina theannta sin, is rud é táirgeadh an adhmaid a chuireann deiseanna fostaíochta ar fáil i gceantair thuaithe. Is tairbhe don chomhshaol é táirgeadh an adhmaid, ós acmhainn in-athnuaite atá ann, agus is tairbhí don chomhshaol é ós rud é gur ísle na hastaíochtaí carbóin a thairgíonn sé ná ábhair eile le linn a tháirgthe agus lena ré saoil ar fad. Is rud é tógáil na struchtúr adhmaid a chuireann caomhnú agus cothabháil na bhforaoisí chun cinn freisin, rud a chuireann laghdú ar na gáis ceaptha teasa.
An Bhruiséil, 7 Márta 2023
Christa SCHWENG
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
*
*
*
N.B.:
Is féidir an iarscríbhinn a ghabhann leis an doiciméad seo (Tuairim Fhorlíontach ón gCoimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha – CCMI/205 – Tionscal 5.0 in earnáil na struchtúr adhmaid – EESC-2023-00282-00-00-AS-TRA) a léamh ar na leathanaigh seo a leanas.
CCMI/205
Tionscal 5.0 in earnáil na struchtúr adhmaid
TUAIRIM
An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha
Tionscal 5.0 in earnáil na struchtúr adhmaid
(tuairim fhorlíontach a ghabhann le TEN/794)
Rapóirtéir: Martin BÖHME
Comhrapóirtéir: Rolf GEHRING
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach
|
15/11/2022
|
|
Bunús dlí
|
Riail 56(1) de na Rialacha Nós Imeachta
|
|
|
Tuairim fhorlíontach
|
|
|
|
|
Rannóg atá freagrach
|
An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI)
|
|
Dáta a glactha sa CCMI
|
27/02/2023
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
29/0/3
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Cuireann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i bhfios gur mór an mhaith adhmad a bheith á úsáid mar ábhar tógála ós rogha é atá inbhuanaithe costéifeachtach de mhalairt agus de bhreis ar ábhair thógála thraidisiúnta mar choincréit agus cruach. Buntáiste eile atá ann is ea an táirgiúlacht mhór oibre nuair is adhmad atá san ábhar tógála, táirgiúlacht a fhágann gur tapúla agus gur éifeachtúla is féidir na foirgnimh a thógáil. Nuair is féidir na comhpháirteanna a chur le chéile roimh ré ar láthair na monarchan, sin rud eile is laghdú costais, agus rud is méadú sábháilteachta le linn na tógála chomh maith.
1.2An t-oideachas agus an oiliúint i réimse na tógála le hadhmad, mar aon leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil sa réimse sin, is nithe iad sin a bhfuil tábhacht leo anois thar mar a bhí riamh. An t-oideachas agus an oiliúint, sin é an toradh ba cheart ar an idirphlé sóisialta le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta uile.
1.3De réir mar atá earnáil na tógála le hadhmad ag neartú léi, feictear do CESE go bhfuil deiseanna móra fostaithe ann don lucht oibre, go háirithe i gceantair thuaithe. Poist mhaithe a bheith i dtionscail an adhmaid agus in earnáil na tógála le hadhmad, is cúnamh iad le feabhas a chur ar an eacnamaíocht i gceantair thuaithe ina bhfuil tábhacht le tionscal an adhmaid.
1.4Tá béim ag CESE ar an iliomad bealaí a dtéann sé chun tairbhe don chomhshaol foirgnimh a bheith á dtógáil le hadhmad. Is mór an tairbhe gur amhábhar in-athnuaite atá san adhmad, amhábhar is ísle astaíochtaí CO2 i dtáirgeadh agus i ré saoil comhpháirteanna agus foirgneamh ná na hastaíochtaí CO2 a bhíonn ann de dheasca ábhair thógála eile. Thairis sin amach, más adhmad a úsáidfear in earnáil na tógála, cuirfear caomhnú agus cothabháil na bhforaoisí chun cinn trí bhíthin dreasachtaí chun foraoisí a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe. Súnn an t‑adhmad an CO2 ón atmaisféar le linn dó a bheith ag fás, agus stórálann sé chomh maith é. Dá bhrí sin, nuair is adhmad a úsáidtear ina ábhar tógála, is ábhar tógála glas atá ann, rud a chuireann laghdú i ndeireadh na dála ar gháis ceaptha teasa.
1.5Is do na foilseacháin a foilsíodh le déanaí maidir le cúrsaí foirgníochta agus táirgí foirgníochta atá tagairt á déanamh ag CESE, go háirithe ‘Coinníollacha comhchuibhithe chun táirgí foirgníochta a chur ar an margadh’ mar aon le struchtúir adhmaid chun CO2 a laghdú in earnáil na tógála.
1.6Úsáid an adhmaid in earnáil na tógála, is rud é a chuireann leis an bhfianaise gur ábhar frithsheismeach atá san adhmad, faoi mar a léiríodh i gcásanna áirithe, aimsir an chreatha talún in Alasca in 1964, cuir i gcás. Daoine a bhfuil cónaí orthu i limistéir inar baol go dtarlóidh crith talún, ba cheart iad a spreagadh chun tithe adhmaid agus eastáit réadacha a thógáil dar le CESE.
2.Barúlacha ginearálta
2.1Leanann an tuairim seo na barúlacha ginearálta a tugadh i dtuairim TEN/794 Struchtúir adhmaid ar mhaithe le CO2 a laghdú in earnáil na tógála.
2.2Is den tionchar a imríonn earnáil na tógála ar an gcomhshaol gur mór an ligean astaíochtaí gás ceaptha teasa a tharlaíonn dá barr, agus dá bhrí sin is í is ciontach as cuid mhaith den dochar atá á dhéanamh don aeráid. Úsáid na mbreoslaí iontaise chun teas agus leictreachas a tháirgeadh i bhfoirgnimh agus chun ábhair thógála a tháirgeadh, sin é an rud is ciontaí le ligean na n‑astaíochtaí. Tá géarghá le bearta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú in earnáil na tógála, e.g. úsáid a bhaint as an bhfuinneamh in-athnuaite, feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú agus úsáid a bhaint as ábhair thógála inbhuanaithe.
2.3D’fhonn cur leis an tábhacht atá le hadhmad a tháirgtear go hinbhuanaithe mar ábhar tógála sa tionscal foirgníochta, ba cheart béim a chur ar an ngá atá le bainistiú inbhuanaithe foraoisí chun amhábhar adhmaid a tháirgeadh. Is éard atá i gceist le bainistiú inbhuanaithe na bhforaoisí bainistiú agus úsáid na bhforaoisí ar bhealach a fhágann go mbeidh siad inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, sin agus ó thaobh an gheilleagair agus ó thaobh na sochaí de. Ciallaíonn sé sin go bhfuil na foraoisí á gcaomhnú i gcomhair na ndaoine atá ar an saol faoi láthair, sin agus do na glúine nár rugadh fós, agus ciallaíonn sé gur ar bhealach freagrach atá na hacmhainní nádúrtha á n-úsáid. Cuid thábhachtach de bhainistiú inbhuanaithe na bhforaoisí is ea caomhnú na bithéagsúlachta atá sna foraoisí, sin agus caomhnú an leasa a dhéanann na foraoisí don éiceachóras. Is tábhachtach leochaileacht na bhforaoisí i gcoinne suaitheadh nádúrtha a laghdú freisin, dóiteáin agus ionradh feithidí, cuir i gcás.
2.4Ó thaobh na teicneolaíochta de, is lú go mór an fuinneamh ‘liath’ a úsáidtear nuair is adhmad atá san ábhar tógála seachas ábhair thógála eile – coincréit, cuir i gcás. Is éard is fuinneamh liath ann an fuinneamh a úsáidtear chun táirgí agus seirbhísí a tháirgeadh, a iompar, agus a athchúrsáil. Fágann laghdú ar an bhfuinneamh liath gur lú fuinneamh a chaitear ar na próisis sin, rud is laghdú ar na hastaíochtaí CO2, agus caitheamh fuinnimh atá níos inbhuanaithe. D’fhéadfaí feabhas a chur ar iomaíochas na bhfiontar freisin ach laghdú a chur ar an bhfuinneamh liath a bhíonn á chaitheamh.
2.5Tugann CESE dá aire go bhfuil bac ar thógáil le hadhmad sa reachtaíocht i gcásanna áirithe, mar tá srian ann ar úsáid an adhmaid mar ábhar tógála, sin nó rialacha agus caighdeáin áirithe atá deacair nó costasach ó thaobh cur chun feidhme de nuair is le hadhmad atá an tógáil á déanamh. Sampla de seo is ea an teorainn le hairde na bhfoirgneamh adhmaid atá leagtha síos i dtíortha éagsúla. Sin rud a d’fhéadfadh teorainn a chur le tógáil foirgneamh adhmaid, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar fhorbairt nuálach sna cineálacha foirgneamh a thógtar le hadhmad. I réimse na cosanta ar dhóiteáin le haghaidh foirgneamh, ní inghlactha rialacha feidhmíochta ar leith a bheith ann i gcás an adhmaid thar ábhair eile. Is éard atá á mholadh ag CESE na rialacha a chur ar aon dul lena chéile ar leibhéal na hEorpa gan aird ar an ábhar féin.
2.6Cuireann struchtúir adhmaid comaoin nach beag ar an ngeilleagar ciorclach, agus go háirithe ar fhorbairt an gheilleagair bhithbhunaithe, cuspóir atá i gceist, faoi mar a leagtar amach i mbeartais ábhartha an Aontais. I ndáil leis an méid sin, is mithid tuilleadh forbartha a chur ar raon úsáide an adhmaid, ar airíonna ábhartha an adhmaid, sin agus ar tháirgí arb é an t-adhmad is bunús leo. Thar aon ní eile, is tábhachtach an ról atá ag in-athchúrsáilteacht na dtáirgí adhmaid sa phróiseas sin. Mar sin féin, an t-adhmad ina chuid de mheascan le hábhair éagsúla eile, sin rud a bheidh ag dul i dtábhacht diaidh ar ndiaidh. An comhar taighde i réimsí airíonna na n-ábhar, sin agus i réimse na n-ábhar ilchodach, is comhar é a dtarlódh go mbeadh ról tábhachtach aige i ndáil leis sin agus i spreagadh na nuálaíochta mar chuid den obair sin.
2.7An claochlú atá á dhéanamh ar ár gcuid tionscal, claochlú i dtreo choincheap Tionscail 5.0, is claochlú é a bhfuil an taobh teicniúil chun cinn ann, claochlú a bhfuil bunús sóisialta leis chomh maith céanna. Is rudaí iad an digitiú (samhlú–faisnéise–foirgníocht), an róbatú agus úsáid na gclár foghlama (an intleacht shaorga), a chuirfidh claochlú ar an slabhra luacha ar fad, ón bhforaoiseacht go dtí an tógáil, an caomhnú agus an athchúrsáil. Chun na críche sin, tá gá le creat dlíthiúil maidir le ceanglais ghinearálta táirgí, mar aon le ceanglais le haghaidh táirgí foirgníochta agus le próiseas an chaighdeánaithe. Is nithe iad sin is mithid a chomhordú in earnáil na struchtúr adhmaid. I gcomhréir leis na cuspóirí sóisialta atá dréachtaithe i gcomhair Thionscal 5.0, is cur chuige daonlárnach ba cheart d’fhorbairtí teicneolaíochta agus do choincheapa na heagraíochta oibre a chleachtadh le linn dearadh na teicneolaíochta. Machnamh a dhéanamh go córasach ar na héifeachtaí dearfacha nó diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann do thimpeallacht shláintiúil oibre agus mhaireachtála ón gcéad chéim den fhorbairt theicneolaíoch amach, sin rud eile a mbeidh tábhacht leis chomh maith.
2.8Tugann CESE dá aire gur rud iad na hathruithe teicneolaíochta agus ábhartha i dtógáil na struchtúr adhmaid a chuirfidh athrú ar eagrú na hoibre agus ar na ceanglais cháilíochta araon. Sin rud a fhágann go mbíonn forluí idir earnáil na tógála agus earnáil an adhmaid, sin agus idir gairmeacha traidisiúnta sa dá earnáil eacnamaíocha chéanna. Dá bhrí sin, na curaclaim atá ann faoi láthair i ngairmeacha ar leith, is curaclaim iad a bhfuil oiriúnú le déanamh orthu, agus beidh athdhearadh le déanamh ar ghairmeacha eile, rud ba cheart a chomhordú ar leibhéal na hEorpa. Ach a mbeidh sé de chuspóir gairmeacha a thabhairt i gceist a mbeidh mealladh an lucht oibre iontu, gairmeacha a mbeidh raon leathan cúraimí agus eagrúchán oibre ag roinnt leo, is amhlaidh a bheidh earnáil na tógála agus earnáil an adhmaid níos tarraingtí chomh maith.
2.9De bharr athruithe ar na modhanna oibre a bheith ag tarlú go tobann (digitiú, róbataic, intleacht shaorga, meaisínithe nua), is dóigh le CESE gur tábhachtaí anois ná riamh oideachas agus oiliúint don lucht saothair i réimse na tógála le hadhmad, mar aon leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil a bhíonn an lucht saothair a dhéanamh. An t-oideachas agus an oiliúint, sin é an toradh ba cheart ar an idirphlé sóisialta le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta uile.
3.Barúlacha sonracha
3.1Is éard is dóichí go gcuirfeadh méadú ar rátaí táirgthe adhmaid go mór le neartú na slabhraí luacha go réigiúnach, agus le laghdú an loirg atá á fhágáil ar an gcomhshaol. Is rud é tógáil struchtúr adhmaid a chuireann go han-éifeachtach ó thaobh ábhair de leis an mbithgheilleagar, go háirithe má tá béim níos mó ar chothabháil agus ar chaomhnú ar feadh ré saoil iomlán na tógála, an dearadh féin san áireamh. Thairis sin amach, chun éifeachtaí díláithrithe éiceolaíocha a imghabháil, níor cheart adhmad a fháil ach in áiteanna deimhnithe a bhfuil talamh iontu faoi choillte (scéimeanna deimhniúcháin foraoise FSC agus PEFC), áiteanna ar mó an soláthar d’adhmad amh atá iontu ná an t-éileamh atá acu féin air.
3.2Measann CESE gur cuid lárnach d’inbhuanaitheacht na tógála le hadhmad ina hiomláine é dearadh na talún i ndáil le táirgeadh an adhmaid, sin agus an chaoi a ndéantar an talamh a bhainistiú (go dian, go fairsing, de mhonashaothrú, go horgánach), mar aon leis an bhfoinsiú (gnáth nó inbhuanaithe). D’fhonn an méadú is inmhianaithe a chur ar an sciar den adhmad atá á úsáid in earnáil na tógála, ba ríthábhachtach cuspóirí na hinbhuanaitheachta agus na bithéagsúlachta a chur san áireamh go comhsheasmhach nuair atáthar ag cur leis an sciar den talamh atá á úsáid le haghaidh tháirgeadh an adhmaid.
3.3Léiríonn tástálacha praiticiúla gur rud é an tógáil le hadhmad atá níos buntáistí ina hiomláine ó thaobh an éiceachláir chomhardaithe de ná modhanna tógála eile, an choincréit threisithe, cuir i gcás. Thar gach ní eile, is fearr i bhfad an táscaire tionchair um measúnú ar phoitéinseal an téimh dhomhanda atá ann sa chás seo arae níl i gceist leis ach 57 % den phoitéinseal atá sa choincréit threisithe.
3.4Cuireann CESE i bhfios gur léir ón anailís i staidéir a dhéanann dealú idir an tógáil le hadhmad agus an tógáil le hábhar soladach a) gur lú éileamh ar an bhfuinneamh príomhúil (idir iomlán agus neamh-inathnuaite) agus b) gur lú de phoitéinseal i dtéamh an domhan is toradh ar an tógáil le hadhmad, i mórán gach uile chás ó thaobh na dtáscairí tionchair ar an gcomhshaol de. Sin toradh atá neamhspleách ar na hábhair thógála a roghnaíodh i gcás na tógála soladaí agus ar an gcineál tógála atá i gceist leis na struchtúir adhmaid.
3.5Sciar na gcomhpháirteanna réamhdhéanta i struchtúir adhmaid, is sciar é is airde go mór ná i struchtúir a thógtar le hábhar soladach. Is den toradh atá air sin gur fusa an obair a dhéanamh ar an láithreán tógála ainneoin na haimsire, agus fágann sé freisin go ndéantar níos mó den mhonarú faoi choinníollacha maithe oibre faoi dhíon na monarchan. Mar sin féin, nuair is fíor gur mó den táirgeadh ingearach atá i gceist le struchtúr adhmaid, is fíor freisin gur mó pleanáil atá i gceist, agus dá réir sin is fíor go dteastaíonn níos mó ama roimh ré i gcomhair na pleanála.
3.6Tugann CESE dá aire gur laghdú ar na forchostais ar láthair na tógála, agus gur laghdú ar líon na laethanta ar an láthair tógála is toradh ar an ngiorrú ar am na tógála nuair is le hadhmad atá an tógáil á déanamh. Nuair is comhpháirteanna réamhdhéanta atá á n-úsáid, ní bhíonn an oiread chéanna turas iompair le déanamh leis an ábhar a thabhairt chomh fada leis an suíomh tógála. I gceantair uirbeacha go háirithe, san áit a bhféadfaí tógáil a dhéanamh, is féidir limistéar cónaithe a fhothú go tapa le struchtúir adhmaid, e.g. ach breis adhmaid a thabhairt ar an láthair, sin nó cur leis an tógáil atá á déanamh.
3.7A bhuíochas le húsáid an adhmaid mar ábhar tógála, is féidir cur le fairsinge na n-áras gan cur leis na toisí seachtracha. I gcás na tógála le hadhmad, is minic an t-insliú ina chuid den struchtúr a bhfuil meáchan an tí ann, ach i gcás na tógála soladaí, is minic struchtúr ar leith ann le haghaidh an inslithe. Is den toradh atá air sin nach mbíonn an balla seachtrach chomh tiubh céanna más le hadhmad a dhéantar an tógáil ainneoin an t-insliú féin a bheith chomh tiubh céanna.
3.8Tá súil ag CESE go bhféadfaí adhmad a úsáid le haghaidh cineálacha eile foirgneamh nach gcónaíonn daoine iontu (e.g. foirgnimh oifige, stórála agus saotharlanna) chomh maith lena úsáid le haghaidh árais chónaithe.
3.9Tugann CESE dá aire, faoi mar is fíor i gcás gach cineáil tógála, gur mór an tábhacht atá le dearadh ar ardchaighdeán agus le faichill le linn na hoibre ionas go mairfidh an struchtúr go ceann i bhfad. Chuige sin, is éard atá de dhíth thar aon ní eile ailtirí agus innealtóirí oilte mar aon le treoir pleanála Eorpach chun tacú leis na gairmeacha trí bhíthin creat rialála ar fónamh. In earnáil na pleanála go háirithe, is éard atá ag teastáil coigeartuithe dlíthiúla agus an oiliúint chuí do na cliaint lena áirithiú go gcaithfear na seirbhísí a thairiscint i ngort a bhfuil iomaíocht ar ardchaighdeán ann.
3.10Daoine a bhfuil cónaí orthu i limistéir inar baol go dtarlóidh crith talún, ba cheart dar le CESE iad a spreagadh chun tithe adhmaid agus foirgnimh adhmaid a thógáil, nuair a chuirtear an dochar a rinne na creathanna talún sa Tuirc le déanaí san áireamh, de bhreis ar an dochar a rinne creathanna talún eile san am atá caite, agus ós éard is dóigh leis na saineolaithe go bhfuil teagmhais eile dá leithéid á dtuar.
3.11Sna cuideachtaí monaraíochta, is féidir barr feabhais a chur ar na próisis táirgthe agus is féidir iad a shimpliú ach úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí de chuid Thionscal 5.0, agus tharlódh go mbeadh laghdú ar chaitheamh fuinnimh agus ar astaíochtaí CO2 sa phróiseas táirgthe de thoradh air sin. Ina theannta sin, más páirteanna a rinneadh roimh ré sa mhonarcha atá á n-úsáid ar an láithreán tógála, is amhlaidh is éifeachtaí a dhéantar an obair, agus is lú dramhaíl atá ann dá barr, mar níl le déanamh ach na páirteanna a chur le chéile ar láthair na tógála. Dá bharr sin arís ar ais, beidh laghdú ar an méid fuinnimh a chaitear ar an iompar, mar aon le laghdú ar ghiniúint na dramhaíola.
An Bhruiséil, 27 Feabhra 2023
Pietro Francesco De Lotto
Cathaoirleach an Choimisiúin Chomhairligh um Athruithe Tionsclaíocha
_____________