Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document EESC-2021-05504-AC

Tuairim - Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa - Spriocanna maidir le hathchóiriú an dúlra faoi Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais

EESC-2021-05504-AC

TUAIRIM

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Spriocanna maidir le hathchóiriú an dúlra faoi Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais

_____________

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathchóiriú an nádúir
[
COM(2022) 304 final – 2022/0195 (COD)]

NAT/841

Rapóirtéir: Arnold PUECH d'ALISSAC

GA

Comhairliúchán

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 11/07/2022

Parlaimint na hEorpa, 14/07/2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

10/01/2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

25/01/2023

Seisiún iomlánach Uimh.

575

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

201/4/11

1.Conclúidí agus moltaí

1.1Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún agus le Parlaimint na hEorpa nach éifeachtach an cur chuige ná nach éifeachtach na bearta a glacadh go dtí seo ar son na bithéagsúlachta, agus is díol sásaimh dó gurbh éard is cuspóir foriomlán don Rialachán atá beartaithe dlús a chur le hiarrachtaí in athbhunú an dúlra chun stop a chur le meath na bithéagsúlachta agus chun bithéagsúlacht na hEorpa a chur ar bhealach an téarnaimh. Dá bhrí sin, beidh na Ballstáit faoi réir oibleagáidí atá ceangailteach ó thaobh an dlí de. Tugann CESE dá aire maidir leis an gcur chuige a glacadh gur rud é atá i gcomhréir le cinntí COP 15 in Montreal.

1.2Mar sin féin, tá roinnt barúlacha ag CESE, agus tá nithe ann is cúis imní dó fad a bhaineann le foclaíocht na gcuspóirí agus leis an modheolaíocht atá sainithe ag an gCoimisiún. Is é an t‑easnamh is mó atá ann leis an bhfírinne a dhéanamh nach gcuirtear an tionchar eacnamaíoch atá ag na bearta riachtanacha ar úsáideoirí na talún san áireamh – úsáideoirí príobháideacha a bhformhór sin. Tá sé ráite cheana féin ag CESE sa tuairim uaidh maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 nach féidir a bheith ag súil leis go n-íocfaidh feirmeoirí agus úinéirí foraoise an costas a bhaineann le cosaint na bithéagsúlachta. Ina áit sin, soláthar ‘na n-earraí agus na luachanna poiblí’ seo, ba cheart ioncam maith féideartha a bheith ar fáil dóibh ann. Dar leis go ‘bhféadfadh an plean nua don téarnamh eacnamaíoch díriú go sonrach ar an tsaincheist sin le hinfheistíocht san fhoireann agus in acmhainní d’fhonn ábhar na straitéise a chosaint’ 1 . Níor ghéill an Coimisiún don mholadh sin ná níor ghéill na Ballstáit dó ach an oiread. I dtuairimí a cuireadh in iúl roimhe seo, is amhlaidh a cháin CESE an easpa thubaisteach maoinithe a bhí ann i gcomhair bearta Natura 2000. Is láidir a shíleann an Coiste gur teip atá i ndán don chur chuige nua atá roghnaithe ag an gCoimisiún mura gcuirtear an maoiniú cuí ar fáil. Sin rud riachtanach d’fhonn na caillteanais airgeadais sin a chúiteamh, caillteanais a thabhóidh úsáideoirí na talún nuair a bheidh úsáid na talún á leathnú acu chun cur leis an mbithéagsúlacht, (agus d’fhonn luach a saothair a thabhairt dóibh siúd a chuireann comaoin ar an mbithéagsúlacht). Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go gcruthófaí ciste Eorpach, ciste a bheadh tiomnaithe don bhithéagsúlacht, agus tá sé ag iarraidh go bhféachfaí bealaí nua le beartais éagsúla an Aontais a fhorbairt (CBT, fuinneamh, tithíocht, cúrsaí iompair srl) chun cuidiú le cuspóirí ceangailteacha an rialacháin a chur i gcrích.

1.3Maidir le gné an airgeadais, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí measúnú go cruinn beacht roimh ré ar dhromchla na limistéar talmhaíochta, na bhforaoisí agus na mbealaí uisce a chumhdaítear leis na tograí sa rialachán. Anuas ar an méid sin, is mian le CESE aird an Choimisiúin a dhíriú ar an ngá atá ann cistí a chur i leataobh chun cúiteamh a thabhairt d’fheirmeoirí agus d’úinéirí foraoise go háirithe, daoine ar baol go séanfaí a limistéar táirgthe orthu go hiomlán.

1.4Cé go bhfuil gá le hathchóiriú an dúlra sna limistéir atá faoi chosaint mar gheall ar an drochbhail atá ag teacht orthu, ní féidir agus ní gá gur limistéar faoi chosaint a bheadh i ngach uile limistéar atá le hathchóiriú. Measann CESE gur ‘riachtanach codanna de na limistéir atá faoi chosaint a bheith faoi dhianchosaint feasta (maille le bainistiú neamh-idirghabhálach)’ 2 . Mar sin féin ba thábhachtaí fós an bhithéagsúlacht a chaomhnú go huilechoiteann de thairbhe na húsáide a bheidh á baint na limistéir sin. I gcás fhormhór na limistéar, ní mór féachaint leis an éiceachóras a athchóiriú ach gan gníomhaíochtaí eacnamaíocha oiriúnaithe ar leith a eisiamh. Is fíor a rá go deimhin gur mór an chomaoin atá curtha ag an talmhaíocht agus ag an bhforaoiseacht ar an leibhéal ard bithéagsúlachta is gá a chosaint feasta. Dá bhrí sin, ba cheart tacú fós 3 leis na cineálacha talmhaíochta agus foraoiseachta sin, cineálacha a bhí forleathan tráth, cineálacha atá á ligean chun faillí sa lá atá inniu ann, áfach, ós beag inmharthanacht eacnamaíoch atá iontu. Ós amhlaidh atá, b’fhéidir gurb oiriúnaí an téarma eolaíoch ‘athshlánú’, téarma a úsáidtear freisin i gceapadh na mbeartas chun cothromaíocht a áirithiú idir saol na ndaoine agus táirgeadh na n-earraí. Dá bhrí sin, molann CESE an téarma ‘athchóiriú’ a chaitheamh i dtraipisí agus an téarma ‘athshlánú’ 4 a chur i réim, go háirithe nuair nach rud é an dúlra a bhfuil cló buan air nach mbíonn ag athrú, agus nuair nach féidir an rud ba bhunstaid dó a ‘athbhunú’ ach oiread amhail dá mba theach é a ligeadh ó mhaith é nó carr a bheadh briste. Tá sé atá léirithe ag staidéir go leor go bhfuil costais mhóra ag gabháil le bearta athfhiantáis, i gcás na dtailte móna mar shampla, ach gur obair in aisce atá ann féachaint leis an áit an chur sa riocht a raibh sé i dtús aimsire anallód. Meabhraímis dúinn féin na haidhmeanna atá againn: níor cheart gurbh é aidhm a bheadh leis an rialachán staid nádúrtha an chomhshaoil a athbhunú, ach seirbhísí éiceachórais an chomhshaoil a athbhunú, agus ar an dul sin tacú le húsáid inbhuanaithe ilfheidhmeach na limistéar sin. Ós amhlaidh gur in imeacht na mblianta a chuir an duine athrú ar an timpeallacht nádúrtha, is rud é atá dodhéanta ó thaobh na heolaíochta de ‘athchóiriú an nádúir’ a thabhairt i gceist arís. An t-athrú aeráide atá ag tarlú diaidh ar ndiaidh, tharlódh gurb in cuid den chúis nach féidir cuid de na héiceachórais a chur ar ais go hiomlán sa riocht a raibh siad i dtús aimsire. Os a choinne sin, inbhuanaitheacht na dtimpeallachtaí a áirithiú trí inbhuanaitheacht na seirbhísí éiceachórais a chur chun cinn, sin cuspóir a bhfuil ciall leis. Is éard ab áil le CESE go mbeadh creat beartais iomchuí ann. Sin í an ghné de dhoiciméad an Choimisiúin is cúis díomá.

1.5Clár ama docht agus rialacha dolúbtha, sin dhá ní nach bhfuil lán-oiriúnach i gcás an dúlra, mar ní fios cén cor a chuirfidh an dúlra de le himeacht ama. Ní iomchuí an rud sprioc-amanna dochta a fháisceadh ar na Ballstáit ach amháin ó thaobh na gcoinníollacha riaracháin agus pleanála atá le cur i bhfeidhm. Mar sin féin, is cur chuige solúbtha ab fhearr chun riachtanais bheachta gach limistéir nádúrtha a chuimsiú, mar aon leis na coinníollacha agus na deiseanna atá ann, sin agus an stádas táirgthe, an stádas ioncaim, agus an túsphointe atá ag an limistéar. Maidir leis an rialachán atá beartaithe, tá easpa soiléire ann ó thaobh na mbeart athchóirithe a chur in ord tosaíochta agus a leithdháileadh go cúramach, bearta ba cheart do na Ballstáit a dhéanamh. Dá bhrí sin, tá baol ann nach mbeidh torthaí ar ardchaighdeán le fáil ar bhealach costéifeachtach. Is léir gur prionsabal cuí-réasúnaithe í an chinnteoireacht ar leibhéal na mBallstát ós rud é go n‑áirithíonn sé comhlíonadh chearta na n-úinéirí talún agus ó rud é go léiríonn sé prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.

1.6Is cúis díomá an doiciméad ón gCoimisiún maidir leis an measúnú tionchair go foriomlán, doiciméad inar cheart díriú go háirithe ar shaincheisteanna eacnamaíocha, sóisialta agus bia, agus dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí measúnú tionchair breise.

1.7Limistéir atá in aice láimhe, más limistéir iad nár tháirgiúil dóibh i dtús na hoibre, molann CESE a leithéid de limistéir a bheith ar 10% den dromchla atá i gceist, más amhlaidh go bhfuil tábhacht mhór ó thaobh na bithéagsúlachta de iontu. Cuireann CESE i bhfáth gur mór an uaillmhian do na feirmeoirí na cuspóirí a leagtar amach sa téacs, agus cuireann sé i bhfios a thábhachtaí atá sé na timpeallachtaí nádúrtha uile atá oiriúnach do speicis éagsúla a thabhairt san áireamh. Mar sin féin, is tábhachtach an rud an tsochaí ina hiomláine a bheith rannpháirteach i bhfeabhsú na n-éiceachóras. I ndáil leis sin, meabhraíonn CESE prionsabal comhréireachta na mbeart idir na geallsealbhóirí éagsúla (dáileadh cothrom na n-ualaí agus na gcostas, ach dáileadh na dtairbhí freisin).

1.8Tá CESE ag tacú leis an gcuspóir seo, ós ábhartha dó san uaillmhian straitéiseach i leith thodhchaí an Aontais, agus molann CESE na spriocanna a neartú trí bhíthin athchóiriú na dtimpeallachtaí uisce uile, lena n-áirítear athfhliuchadh na dtailte móna, go háirithe trí ghníomhaíochtaí talmhaíochta atá á gcleachtadh go forleathan, ach gan faillí a dhéanamh in inbhuanaitheacht shóisialta agus eacnamaíoch na talmhaíochta agus na foraoiseachta.

1.9Is maith a thuigeann CESE go bhfuil beartas uisce iomlán nua de dhíth ar an Eoraip. Beartas leis an uisce a dhraenáil ó na tírdhreacha a thapa ab fhéidir, gnás atá ann leis na céadta bliain, ba dhiúltach a thionchar sin ar an mbithéagsúlacht, ach idir an dá linn – de thoradh ar an athrú aeráide i measc nithe eile – tá an tionchar diúltach ar fhoraoiseacht agus ar thalmhaíocht (triomach agus dóiteáin) agus ar dhaoine san áit (tuilte) tagtha chun soiléire. Dá bhrí sin, is láidir a chuireann CESE i bhfios nach mór an t-uisce a chur ar ais i dtreo an dúlra, sin nó gan é a ligean le sruth an chéad lá, agus sin a dhéanamh ar bhealach a fhágfaidh go rachaidh gníomhaíocht an duine chun tairbhe dó i gcásanna go leor, go háirithe de bharr gan na haibhneacha a ligean ó mhaith.

1.10Molann CESE srian a chur le gabháil na talún sna limistéir tuaithe ós é aimhleas na limistéar nádúrtha é. Molann sé freisin spásanna glasa a chruthú sna cathracha agus díshéalú a dhéanamh ar na cathracha chun éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú go rathúil faoi 2030.

1.11Tacaíonn CESE le bunú sásra coimirce faoin gcomhbheartas iascaigh fad a bhaineann le spriocanna athchóirithe an chomhshaoil mhuirí. Ba mhaith le CESE tacaíocht airgeadais Eorpach a bheith ann chun réitigh nuálacha a lorg agus chun feabhas a chur ar an eolas ata ann faoi na héiceachórais sin.

1.12 Is láidir a chuireann CESE i bhfios nach mór an pheirspictíocht eacnamaíoch agus shóisialta a admháil go hiomlán i gcomhthéacs athbhunú an dúlra. Réamhriachtanas is ea aithint agus áirithiú na hinbhuanaitheachta eacnamaíche agus sóisialta i gcomhair inghlacthacht na reachtaíochta atá á beartú, sin agus réamhriachtanas chun í a chur chun feidhme i gceart ós rud é gur ar spreagadh, tacaíocht agus rannpháirtíocht na n-úinéirí talún agus gníomhaithe eile ar an láthair lá is faide anonn a bheidh na torthaí ag brath den chuid is mó. Is ríthábhachtach an rud cearta na n-úinéirí talún a urramú trí bhíthin cumarsáid oscailte, rannpháirtíocht ghníomhach agus cúiteamh iomlán airgid ar gach caillteanas eacnamaíoch dá bhféadfadh a bheith ann. I ndáil leis an méid sin, tá béim ag CESE ar an acmhainneacht a bhaineann le cineálacha cur chuige atá bunaithe ar an ngníomhaíocht dheonach agus ar dhreasachtaí eacnamaíocha.

1.13Molann CESE tacaíocht a iarraidh ar an Aontas le hearnálacha a bhunú ar na foraoiseacha idir réamhtheachtach agus iartheachtach, agus tacaíocht do na hearnálacha sin a thabhairt chun cinn, rud a d’fhágfadh gurbh fhéidir leas eacnamaíoch a bhaint as an agrafhoraoiseacht.

1.14Is mian le CESE rabhadh a thabhairt maidir leis an mbaol gur diúltach na hiarmhairtí a bheidh ar an gcomharbacht in earnáil na talmhaíochta, agus athdhearbhaíonn sé a mholadh 5 go ndéanfaí sráidbhailte agus ceantair thuaithe níos mealltaí trí na deiseanna atá ann leanúint de shlite beatha atá inmharthana ó thaobh an gheilleagair de bunaithe ar úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha a áirithiú.

2.Réamhrá

2.1I gcomhthéacs uileghabhálach na heolaíochta maille leis an bhfianaise atá ann i leith na n‑iarmhairtí ar théamh na cruinne, tá ráiteas tiomantais déanta ag an gCoimisiún Eorpach faoi fhorbairt straitéise bithéagsúlachta, straitéis ina mbeidh spriocanna uaillmhianacha do na Ballstáit uile faoi 2030 agus faoi 2050 faoi seach. An 22 Meitheamh 2022, ghlac an Coimisiún dréacht‑rialachán maidir le hathchóiriú an dúlra. Cé go raibh caomhnú agus athchóiriú an dúlra san Aontas Eorpach i bhforáil sa Treoir maidir le ‘Gnáthóga’ agus le ‘hÉin’ den chuid is mó go nuige seo, sin agus i spriocanna Aichi, tá creat nua ceangailteach roghnaithe ag an gCoimisiún chun a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit bearta athchóirithe chun feidhme go héifeachtach.

2.2Tá sé deimhnithe ag obair na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil go bhfuil drochbhail ar 81 % de na gnáthóga cosanta i láthair na huaire san Aontas. Níor tháinig feabhas ach ar 9 % de na suíomhanna sin. Ar an méid sin anuas, tá drochstádas caomhnaithe ag 84 % de na tailte móna – tailte atá riachtanach chun carbón a ghabháil agus a stóráil agus chun uisce a scagadh. Le deich mbliana anuas, tá laghdú tagtha ar dhaonra 71 % de na héisc fionnuisce agus ar 60 % de na hamfaibiaigh. Mar sin féin, is ar an dúlra agus ar sheirbhísí a bhaintear as an dúlra atáthar ag brath le os cionn leath d’OTI an domhain a tháirgeadh, agus is ar na hainmhithe atáthar ag brath le pailniú a dhéanamh ar níos mó ná 75 % de na cineálacha barr intomhailte atá ag fás ar fud an domhain 6 .

2.3Ar a mhuin sin, an togra reachtaíochta atá beartaithe ag an Aontas, is togra é atá á réiteach i gcomhair na ndeich mbliana atá i gceist ag na Náisiún Aontaithe le haghaidh athchóiriú na n‑éiceachóras, rud atá faoi stiúir UNEP agus Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe. Is gluaiseacht mhór dhomhanda atá i gceist chun dlús a chur le tionscadail athchóirithe agus chun a chinntiú go mbeidh an saol á chur i dtreo na hinbhuanaitheachta san am atá romhainn. Is ríthábhachtach an rud na héiceachórais dhíghrádaithe a bheith á n-athchóiriú chun na spriocanna forbartha inbhuanaithe a aimsiú, go háirithe na spriocanna atá ann i leith athrú na haeráide, cealú na bochtaineachta agus cinnteacht an tsoláthair bia.

2.4Is ar straitéis bhithéagsúlachta i gcomhair 2030 a bunaíodh cur chuige an Choimisiúin i dtús ama, straitéis a raibh spriocanna deonacha léi. Is gairid dá éis sin gur cuireadh tograí leis an straitéis d’fhonn iad a neartú, tograí le haghaidh téacsanna a mbeadh na Ballstáit faoi chuing agus faoi cheangal acu. Ach oiread leis an gcomhphobal idirnáisiúnta féin, b’éigean don Choimisiún freagairt go tapa don toradh atá ar mheath na bithéagsúlachta agus do na hiarmhairtí a tugadh chun suntais i bhfoilseacháin IPCC le déanaí freisin. Dá bhrí sin, san idirbheartaíocht iomlán idirnáisiúnta faoin gCoinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, is éard ab fhearr leis an gCoimisiún a bheith ar thús cadhnaíochta san Eoraip leis na héiceachórais ar fad atá ar fud na mór-roinne seo a athchóiriú faoi 2050.

2.5Dá bhrí sin, is é is aidhm don togra spriocanna atá ceangailteach ó thaobh an dlí de a fhorchur ar na Ballstáit. Is é an cuspóir mór atá ann téarnamh leanúnach fadtéarmach inbhuanaithe an dúlra bhithéagsúil bhuanseasmhaigh ar fud limistéir talún agus mhara an Aontais trí bhíthin athchóiriú na n-éiceachóras; Is é cúram a bheidh ar na Ballstáit bearta éifeachtacha athchóirithe a chur i bhfeidhm gan mhoill, bearta a bheidh bunaithe ar limistéir faoi leith, bearta a chumhdóidh ar a laghad 20 % de limistéir talún agus limistéir mhara an Aontais faoi 2030, agus gach éiceachóras a bhfuil athchóiriú de dhíth orthu faoi 2050.

2.6Is athfhógairt atá sna forálacha sin ar na cuspóirí atá nasctha leis na treoracha maidir le ‘Gnáthóga’ agus le ‘hÉin’, sa Treoir Réime maidir le hUisce, sa Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, sa Rialachán maidir le speicis choimhthíocha ionracha, i gcuspóirí CBT, i gcuspóirí Thionscnamh an Aontais um Pailneoirí, mar aon le Straitéis Foraoise nua an Aontais i gcomhair 2030, agus is cuid de na cuspóirí úd atá sna forálacha céanna.

2.7Tá sé beartaithe an téacs nuálach seo a chomhtháthú go díreach i mbeartais náisiúnta na mBallstát trí aghaidh a thabhairt ar dhúshlán na aeráide agus ar dhúshlán na bithéagsúlachta araon. Go deimhin féin, cé go bhfuil lucht na mbeartas ar an eolas le fada faoi na dúshláin a bhaineann leis an téamh mór domhanda, is le déanaí a tharraing na heolaithe aird ar an nasc díreach atá idir an t-athrú aeráide agus na hiarmhairtí a bheidh aige ar an athrú ar an mbithéagsúlacht. Tá an Coimisiún ag brostú na ndaoine leis na ceisteanna seo a chuimsiú ina n‑iomláine, rud nach ndearna sé riamh cheana, agus tá sé á mbrostú le dul níos faide leis an scéal ná mar ba chúram do na beartais a bhí ann go nuige seo.

3.Anailís ar an dréacht‑rialachán

3.1Tá ceisteanna móra agus ábhair imní éagsúla ag teacht chun suntais faoi scáth an tionscadail ó thaobh rogha na gcuspóirí de – cuspóirí a bheidh le cur i gcrích faoi theorainn ama – sin agus ó thaobh sainmhínithe agus táscairí de chomh maith. Tá samplaí ann de bhearta atá bunaithe ar choincheapa arb iad cearta an nádúir is cré agus is ithir dóibh. Dá bhrí sin, le tuiscint níos fearr a fháil ar an méid sin ba cheart tagairt a dhéanamh dó sa dréacht‑rialachán. Ar an méid sin anuas, an méid de choimhdeacht na mBallstát atá á caomhnú, sin rud ba cheart a shoiléiriú i gcás ábhair áirithe. I gcás Airteagal 10 go háirithe, airteagal ina bhfuil táscairí chun éiceachórais na foraoise a athbhunú, ba cheart a thabhairt faoi deara gur ar na Ballstáit is mó atá an fhreagracht as an bhforaoiseacht 7 .

3.2Ní gan dua is féidir tuairim a tharraingt suas maidir le dréacht‑rialachán a dhíríonn ar athchóiriú éiceachórais na mBallstát gan eolas beacht faoi na dúshláin atá roimh na Ballstáit. Is do dhréachtú agus do chur chun feidhme na bpleananna náisiúnta athchóirithe a thagraíonn an dréacht‑téacs, pleananna atá le bunú ar bhonn na n-anailísí eolaíocha náisiúnta is déanaí.

3.3Na téarmaí atá roghnaithe sa dréacht‑Rialachán, is ríthábhachtach na téarmaí iad, mar is iad is bonn do chomhchuibhiú na gcuspóirí atá le cur i gcrích ag na Ballstáit. An ‘dea-bhail’, an ‘limistéar tagartha fabhrach’, ‘cáilíocht leordhóthanach ghnáthóige’ agus ‘cainníocht leordhóthanach ghnáthóige’; cé gur cheart gur de théarmaíocht chaighdeánach na heolaíochta a bheadh a leithéid sin agus eile, is ceist eile ar fad cé chomh mór is féidir an rud atá i gceist leo a chur i bhfeidhm. Go deimhin féin, is baol go bhfuil lorg na polaitíochta ar na sainmhínithe eolaíocha céanna. Conas ‘limistéar tagartha fabhrach’ a roghnú? Cé a chinnfidh céard is ‘cáilíocht leordhóthanach ghnáthóige’ ann agus céard is ‘cainníocht leordhóthanach ghnáthóige’ ann? Nuair nach raibh aon tairseach thagartha ann roimh ré, is deacair spriocanna soiléire a leagan síos, agus is deacair tuairim eolach a tharraingt suas. Cuireann CESE i bhfios, le linn don chainníochtú a bheith á dhéanamh faoi Airteagal 11 den dréacht-Rialachán, gurb iomchuí aird a thabhairt ar mheath na bithéagsúlachta le hoiread seo blianta anuas (is é moladh atá ag an gCoimisiún go treallach gurbh iad na 70 bliain seo caite a thabharfaí i gceist) agus ar athruithe is dócha a thiocfaidh ar dhálaí an chomhshaoil lá is faide anonn. An baol go mbeidh éagothromaíocht ann go náisiúnta i gcur chun feidhme na mbeart atá beartaithe, rud a chuireann saobhadh ar an iomaíocht i measc fheirmeoirí an Aontais, is baol é nár mhór a imghabháil. Thairis sin amach, tá foráil sa togra maidir le feabhas a chur ar na héiceachórais go leanúnach. Déanfar measúnú gach tríú bliain tar éis 2030 ar an maith a rinne an obair. Is ceist eile éiceachórais eile a mbeadh níos mó ama ag teastáil, nó níos lú ama, lena gcur sa riocht ab fhearr. Is díol amhrais an féidir feabhsuithe móra a thomhas laistigh de na tréimhsí gearra tuairiscithe sin. An é cáineadh na mBallstát an toradh a bheidh air sin nuair is éard é féin go bhfuil tuilleadh ama ag teastáil ón nádúr le craiceann nua a chur air féin?

3.4Creideann CESE gur do limistéir atá laistigh den líonra limistéar faoi chosaint atá ann cheana is gá tús áite a thabhairt, go háirithe do láithreáin Natura 2000, ionas gur féidir athchóiriú a dhéanamh a fhágfaidh gur féidir poitéinseal iomlán a bhaint as na limistéir sin. Sin é an tacaíocht ab fhearr le cóir a chur ar na gnáthóga atá liostaithe in Iarscríbhinn I den Treoir um Ghnáthóga. Ach bearta athchóirithe a dhíriú ar limistéir chosanta, ní hamháin go ndéantar na tairbhí fadtéarmacha a bhaineann le bearta athchóirithe a áirithiú, ach cuideoidh sé freisin le leasanna coinbhleachta a d’fhéadfadh a bheith le húsáid na talún a sheachaint. Dá bhrí sin, tá CESE den tuairim gur éagothrom agus gur díréireach don cheanglas atá ann maidir le neamh‑mheath na ngnáthóg atá suite lasmuigh den líonra limistéar faoi chosaint freisin, ceanglas atá an-leathan agus an-dian.

3.5Is beag mionsonra atá sa sásra maidir le cuntasacht na mBallstát i gcur chun feidhme na mbeart athchóirithe ná in aimsiú na spriocanna faireacháin ar chur chun feidhme na spriocanna sin. Is cúis imní an easpa cruinnis sin faoi na bearta a bheith á ndáileadh go cothrom nó go héagothrom ar fud na mBallstát, sna hearnálacha éagsúla agus i measc grúpaí éagsúla daoine. Cé go bhfuil buntáistí iarbhír leis an gcinneadh rialachán a roghnú ó thaobh iarrachtaí na mBallstát a chomhchuibhiú, ní fhágann sé saoirse a ndóthain ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh agus cothrom na hiomaíochta a choinneáil maidir le hathbhunú a bheadh bunaithe ar a gcuid riachtanas náisiúnta agus ar a gcuid cúinsí náisiúnta féin. Cé nach mór sásra faireacháin agus tuairiscithe a bheith ag gabháil leis na spriocanna, ní mór na hualaí riaracháin breise a laghdú oiread is féidir. Na sásraí náisiúnta agus na sásraí AE atá ann cheana le haghaidh measúnú leanúnach agus tuairisciú leanúnach ar an dul chun cinn, is sásraí iad ba cheart a úsáid oiread is féidir.

4.Dúshláin do thalmhaíocht an Aontais agus d’fhoraoiseacht an Aontais

4.1Na cuspóirí ginearálta atá le hathchóiriú na n-éiceachóras talmhaíochta

8 Tugann CESE dá aire gur le talamh feirme príobháideach a bhaineann formhór na spriocanna athchóirithe. Dá bhrí sin, ní féidir na spriocanna a chur chun feidhme go rathúil ach amháin má tá glacadh iomlán ag na feirmeoirí leo. Srianta breise rialála i réimse na bainistíochta, srianta a dtarlódh go mbeidís ag teastáil chun cur leis an mbithéagsúlacht ar thailte na talmhaíochta, is srianta iad a dtarlódh dóibh cur leis an ualach in obair na talmhaíochta, obair atá á rialú go mór cheana féin. Tá sé á chur i bhfáth ag CESE nach féidir a bheith ag súil leis go mbeidh na feirmeoirí agus uinéirí foraoise freagrach as na costais a bhaineann le cosaint na bithéagsúlachta. Ina áit sin, soláthar ‘na n-earraí agus na luachanna poiblí’ seo, ba cheart ioncam maith féideartha a bheith ar fáil dóibh ann. Má tá i ndán go n-éireoidh leis na spriocanna athchóirithe, beidh gá le tacaíocht mhaith inbhuanaithe le haghaidh na bhfear agus na mban atá ag obair chun bia a choinneáil le muintir na hEorpa. Seo é is cúis díomá sa togra ón gCoimisiún arae an dearcadh atá aige ar an gceist mhór eacnamaíoch sin, is é an dearcadh céanna a bhí sna straitéisí bithéagsúlachta agus i gcláir ghníomhaíochta an Choimisiúin le fada anall. Dá bhrí sin, is éard is dóichí gur teip atá i ndán don rialachán.

4.2Sprioc seo athfhliuchadh na dtailte móna draenáilte dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Rialachán

Is mór an tionchar eacnamaíoch a bheidh ag an sprioc sin ar ghníomhaíochtaí gairmiúla, agus tá réigiúin thar a chéile i gcuid de na Ballstáit a bhfuil an sprioc i gceist iontu. I gcás na réigiún sin, tharlódh go mbeadh an sprioc atá beartaithe a bheith ró-uaillmhianach ó thaobh cuspóirí éagsúla a thabhairt i gcothromaíocht le chéile. Tá CESE á chur i bhfios go bhfuil inmharthanacht eacnamaíoch ag teastáil chun leanúint d’úsáid na dtailte móna athchóirithe agus athfhliuchta ar bhealaí eile a mbeidh táirgiúlacht iontu. Ar a mhuin sin, i bhfianaise an chláir ama atá beartaithe chun an sprioc sin a aimsiú, is rud é a thug na taighdeoirí chun cruinnis i staidéar ar os cionn 620 láthair athchóirithe éiceolaíochta sna tailte bogaigh, tailte nárbh fhéidir aisghabháil a dhéanamh iontu ach ar idir 65 % agus 70 % den bhithéagsúlacht dhúchasach ar an meán, ainneoin céad bliain a bheith caite, agus idir 65 % agus 70 % de na feidhmeanna hidreolaíocha agus éiceolaíocha éagsúla (scagadh an uisce, stóráil an charbóin), le hais éiceachóras iomchuí eile den chineál céanna nach mbeadh díghrádú ar bith tarlaithe ann. Dá bhrí sin, tá ceist ann maidir leis an méid ama chun athchóirithe a bhforáiltear dó i gclár ama an Choimisiúin agus tá ceist ann maidir leis an sprioc éiceolaíochta féin. Bíodh sin mar atá, cé nach bhfuil sna tailte móna ach 3 % de dhromchla na talún, is acmhainn dóibh an tríú cuid den déocsaíd charbóin atá gafa san ithir a stóráil. Dá bhrí sin, is earnáil thar a bheith straitéiseach iad don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide.

4.3An nasc nádúrtha idir na haibhneacha agus na bealaí uisce a athchóiriú faoi mar a leagtar amach in Airteagal 7

9 An t-athrú míchóiriúil atá ag dul ar an aeráid, mar aon leis na fadhbanna bainistíochta uisce atá ann, sin dhá rud atá ag cur le díghrádú an chomhshaoil. Ní hamháin go bhfuil fiúntas agus luach leis an uisce ó thaobh an nádúir de, ach is cuid de chinniúint na hinbhuanaitheachta atá ann, agus cuid de chinniúínt na slándála dá réir. Cuid den am is éard is déanta an fuílleach uisce a dhraenáil, cuid den am is éard is déanta an fuílleach sin a stóráil agus comaoin a chur ar thimthriallta an dúlra. Ionas gur shlán arís don nasc an sruth anuas agus aníos, sin agus don nasc ó bhruach go bruach, agus ionas gur shlán freisin do na feidhmeanna nádúrtha atá ag na tuilemhánna máguaird, is éard is dóigh le CESE gur féidir na bacainní atá ar na naisc sin ar feadh uiscí an dromchla a athchóiriú, ach ar choinníoll go ndéanfaí féitheoireacht mhaith ar an obair. Mar sin féin, ba mhaith le CESE aird a tharraingt ar bhaol na dtuilte, rud a bheadh le tabhairt san áireamh dá mbainfí na bonneagair uisce ó chéile. Ní féidir an bhithéagsúlacht a athchóiriú gan uisce, agus nuair atá idirghabháil straitéiseach á déanamh, tá deis ann an t-uisce a riar agus a chur i dtreo na limistéar a bhfuil easpa uisce iontu. Ní mór an t-uisce a choinneáil sa talamh ar fud na ndúichí, agus ní mór gan ligean dó draenáil leis go tobann. Sampla breá soiléir den triomach agus den easpa uisce atá á dtuar san Eoraip ab ea samhradh na bliana 2022. Molann CESE an t-ábhar sin a chíoradh agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith páirteach sa phlé. Ina theannta sin, molann CESE na Ballstáit a spreagadh chun tionscadail bhonneagair ghlais a chur chun feidhme, tionscadail a d’fhéadfadh feabhas a chur ar an gcosaint in aghaidh na dtuilte, sin agus feabhas ar chosaint na limistéar uisce íogaire a bhfuil tábhacht leo ó thaobh chaomhnú na bithéagsúlachta de ar leibhéal na hEorpa, mar aon le forbairt na heacnamaíochta agus na turasóireachta. I ndáil leis sin, ba mhaith le CESE aird a tharraingt ar chás na Danóibe agus abhainn an Eilbe, cuir i gcás, dhá abhainn a rinne damáiste mór de dheasca na dtuilte a bhí iontu.

4.4An laghdú i líon na bpailneoirí a iompú droim ar ais

Ní féidir le CESE ach tacú leis an mbeart sin, beart cinniúnach go leor i gcinntiú an tsoláthair bia. Bíodh sin mar atá, tugann an Coiste dá aire nach bhforáiltear sa dréacht‑rialachán d’aon bheart maidir leis na hacmhainní bia atá ar fáil do phailneoirí. Ní féidir inbhuanaitheacht na speiceas sin a chinntiú go fadtéarmach d’uireasa rogha plandaí meala leordhóthanach chun bia inbhuanaithe a sholáthar do na pailneoirí. Áiteanna le nead a dhéanamh iontu agus timpeallacht neamhthocsaineach, sin dhá ní eile atá riachtanach.

4.5Na cuspóirí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán

Is cúis imní do CESE an sprioc seo 10 % den limistéar talmhaíochta a chur faoi eilimintí tírdhreacha a bhfuil éagsúlacht mhór ag roinnt leo. Tá fadhb ar leith ag baint leis sa mhéid nach féidir na limistéir sin a úsáid le haghaidh na talmhaíochta táirgiúla (lena n-áirítear innilt agus táirgeadh farae) de réir Iarscríbhinn IV. Tá sé le rá arís gurb é an saothrú (go háirithe an innilt ar an bhféarach sna sléibhte alpacha, sna móinéir féir nó sna móinéir easrach, mar shampla) a fhágann gur féidir éagsúlacht mhór bhitheolaíoch a chleachtadh ar chor ar bith. Dá bhrí sin, is iomarcach an rud a bheadh ann an bhainistíocht sna réimsí sin a eisiamh ó thús na hoibre amach; ba cheart an coinníoll sin a scriosadh. I dtús 2022, meabhraíodh dúinn a thábhachtaí atá an neamhspléachas bia chun dul i ngleic leis na rioscaí iomadúla atá á dtuar, agus dá n-úsáidfí 10 % de limistéar na talmhaíochta chun na críche sin bheadh feabhas ar an mbithéagsúlacht, rud atá riachtanach i gcomhair tháirgiúlacht na talmhaíochta, ach is fíor arís ar ais go dtarlódh laghdú mór táirgeachta mar thoradh air chomh maith. Dá bhrí sin, ní hé is déanta sprioc úd na 10 % a bhrú le chéile ar fhód na talmhaíochta, ach beagán a bheith timpeall ar an bhfód sin in áiteanna eile. Na claíocha agus na mótaí ar feadh bhóithre na tuaithe, mar shampla, is rímhaith an áit iad sin i gcomhair chothú na bithéagsúlachta. D’fhéadfaí ribíní bláthanna a chur sna háiteanna sin leis na pailneoirí agus na cúntóirí barr a mhealladh. Rud eile fós, ní bheidh na heilimintí tírdhreacha sin lánéifeachtach ach amháin más é prionsabal an ghréasáin is bunús leis an gcaoi a gcuirtear iad. Mar shampla, léiríonn na staidéir an chiall atá le ribíní bláthanna a chur faoi phatrún gréasáin, seachas in aon mhogall mór bláthanna amháin. Tá CESE á chur i bhfios freisin gur cheart an aird chéanna a thabhairt ar na timpeallacht nádúrtha ar fad ar mhaithe le gach speiceas a mhaireann iontu. Is ríbheag más é leas an philibín é, ná leas na riabhóige, mar shampla, fál ná móta a bheith sna bólaí ina maireann siad. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an mbeartas caomhnaithe i ndáil leis an limistéar talún ar fad, anuas ar na limistéir talmhaíochta agus foraoiseachta, agus riachtanais éagsúla na sochaithe a thabhairt san áireamh.

4.6Na cuspóirí foraoiseachta dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán

10 11 Is mór an dúshlán timpeallacht na foraoise díghrádaithe a athchóiriú san Eoraip chun an tsochaí a chur in oiriúint don athrú aeráide, sin agus chun an toradh atá ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chur in oiriúint do chuspóirí na bithéagsúlachta. Na cuspóirí ginearálta atá leis an dréachtRialachán seo, is cuid de chur chuige idirnáisiúnta iad faoin am seo, cur chuige atá á chleachtadh ar fud an domhain mhóir. Molann CESE toil pholaitiúil an Choimisiúin na Ballstáit a spreagadh chun a gcuid timpeallachtaí foraoise a athchóiriú. Mar sin féin, mar gheall ar na dálaí ilchineálacha i bhforaoisí na hEorpa, tá sé á chur i bhfios aige go bhféadfar bearta athchóirithe a chur in oiriúint do na dálaí áitiúla fad nach saobhtar an iomaíocht i measc úinéirí foraoise na hEorpa. Tá an Coiste á chur i bhfios freisin a thábhachtaí atá sé an t-athchóiriú sin a chomhtháthú i dtírdhreach na limistéar geografach atá i gceist, agus ar a thábhachtaí atá sé na tubaistí aeráide atá ann faoi láthair san Eoraip (dóiteáin, olltinte, etc.) a chur san áireamh. An úsáid a bhaintear as an talamh i dtírdhreach ar bith ar bhealaí éagsúla, is rud é atá nasctha ina chéile, agus dá bhrí sin ba cheart comhlíonadh na gceanglas comhshaoil agus socheacnamaíocha a bheith inti. Mar shampla, má chuirtear crainn san áit a raibh talmhaíocht á déanamh, b’fhéidir gurbh é aimhleas na talún é, b’fhéidir gur chaillteanas eacnamaíoch don phobal áitiúil an toradh a bheadh air, agus b’fhéidir nach rud inbhuanaithe a bheadh i gcur na gcrann ar aon nós. Ós a choinne sin, dá gcuirfí crainn dhúchasacha mar chuid den chur chuige agrafhoraoiseachta, tharlódh gur iomchuí an rud a bheadh ann, agus tharlódh freisin go mbeadh tacaíocht ann go háitiúil dá leithéid. Dá bhrí sin, ba thábhachtach an rud na Ballstáit a chur i dtreo cur chuige a d’fhéachfadh leis na hacmhainní nádúrtha a chaomhnú, sin agus le forbairt na heacnamaíochta a chuimsiú. Cuspóir na foraoiseachta a chur i gcrích, sin rud nach féidir gan tacaíocht inbhuanaithe a thabhairt d’earnálacha réamhtheachtacha agus iartheachtacha an chrainn i dtús a ré agus le linn a mbunaithe, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí leas a bhaint as an agrafhoraoiseacht ó thaobh na foraoiseachta de.

5.Dúshláin do thalmhaíocht an Aontais sna ceantair uirbeacha

5.1Dúshlán seo athbhunú an dúlra sna cathracha, sin ceann de na cuspóirí móra a bhfuil CESE ag tacú leis. Níl aon amhras ach gur tábhachtach an rud cathracha na hEorpa a thabhairt chun glaise óir is rud é sin a rachadh chun sochair do shláinte na saoránach agus is rud é a rachadh chun tairbhe d’inbhuanaitheacht na bithéagsúlachta. An brothall agus an teaspach a bhí ann san Eoraip i mí Iúil 2022, is maith a mheabhraigh siad dúinn a thábhachtaí atá na crainn leis an teocht a laghdú sna cathracha. Is fíor a rá gur rud suas go 12 C an laghdú is féidir a chur ar theocht an dromchla san áit a bhfuil crainn mhóra ag fás.

5.2Rud eile fós, sa lá atá inniu tá réimsí móra talún faoi chathrachaí san Eoraip, rud is bac agus laincis ar ghluaiseacht speiceas éagsúla ó áit go chéile, agus rud a imríonn tionchar nach beag ar ghnáthóg na speiceas sin. Ba rud ríthábhachtach na Ballstáit a chur i dtreo bearta chun teorainn a chur leis an tógáil talún sna limistéir nádúrtha. Níor cheart bearta den chineál sin a bhunú ar chláir a mholann go mbeadh babhtáil talún ann.

5.3Ar an ásc deiridh, ba cheart sprioc athchóiriú na bithéagsúlachta a neartú sna cathracha trí bhonneagar glas a fhorbairt mar chuid lárnach d’fhorbairt na limistéar gnáthóige. Tá rudaí eile ann is féidir a thabhairt i gceist le feabhas a chur ar an aeráid uirbeach gan oiread céanna airgid a chaitheamh: na páirceanna, na bealaí siúil, sin nó díonta glasa agus na ballaí féin. I ndáil leis sin, meabhraíonn CESE na moltaí a rinneadh i gcomhthéacs thuairim NAT/607 12 .

6.Dúshláin do thalmhaíocht an Aontais sna ceantair mhuirí

6.1Ní féidir an bhithéagsúlacht a chaomhnú d’uireasa spriocanna athchóirithe na timpeallachta muirí, i bhfianaise líon na speiceas agus na n-éiceachóras a mhaireann ann, sin agus an tábhacht atá leo go straitéiseach i gcoinne athrú na haeráide. Tacaíonn CESE leis na spriocanna atá beartaithe chun na timpeallachtaí sin a athchóiriú, cuspóirí arb éard atá cruthaithe gur mar thoradh ar ghníomhaíochtaí an duine a tháinig ann don éagothroime sna héiceachórais. Chomh maith le cosaint na speiceas agus athbhunú na ngnáthóg, ba cheart bearta freagracha iascaireachta agus bearta laghdaithe truaillithe a ghlacadh chomh maith. Tacaíonn CESE le bunú sásra coimirce faoin gcomhbheartas iascaigh i dtaca le bainistiú na n-iarmhairtí diúltacha a bheadh ar na timpeallachtaí éagsúla. Chun na spriocanna atá ann i leith na timpeallachta muirí a aimsiú, ní mór do na Ballstáit teacht ar chomhaontú le chéile maidir le comhbhainistiú na n‑acmhainní iascaigh. I bhfianaise a thábhachtaí atá gníomhaíocht ar son na dtimpeallachtaí sin, ba cheart é a bheith d’acmhainn ag an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na spriocanna cosanta agus na spriocanna athchóirithe araon.

6.2Ar a mhuin sin, tá béim ag CESE ar an ról ríthábhachtach atá ag an timpeallacht mhuirí sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Is rud straitéiseach é i gcomhair na todhchaí acmhainn gabhála carbóin na n-aigéan a chaomhnú. Mar thoradh air sin, ní mór don Aontas tacaíocht airgeadais a chur ar fáil i gcomhair na nuálaíochta agus i gcomhair an taighde d’fhonn réitigh nuálacha a lorg agus eolas ar na héiceachórais sin a fheabhsú. Mar shampla, léirigh an obair a thábhachtaí atá na stopóga agus na dóilíní, ós í an stopóg is gnáthóg riachtanach do go leor speiceas éisc, agus ós ann a chaitheann na speicis sin tús a ré sula dtugann siad limistéar eile orthu féin, áit a maireann siad tar éis teacht in inmhe dóibh. Mar sin féin, is minic díghrádú ar na limistéir sin de dheasca fhorbairt an chósta (calafoirt, claíocha cosanta, etc.) agus dá bhrí sin, is mithid réitigh nua a chuardach. Mar shampla, cuireadh trealamh sa chuan in Toulon agus sa Vieux Port de La Seyne-sur-Mer mar chuid de thurgnamh le sceireacha agus luibheanna saorga a shocrú ann. Is é an dúshlán éiceolaíoch foriomlán atá ag gabháil leis an ngníomh seo athbhiseach a chur ar na feidhmeanna éiceolaíocha atá ag timpeallacht an chósta.

7.Dúshláin airgeadais i gcomhair athchóiriú an dúlra

7.1Tá sé á chur i bhfáth ag CESE gur mhisniúil, dar leis, an toil pholaitiúil atá léirithe ag an gCoimisiún leis an rialachán uaillmhianach nuálach sin le haghaidh an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, cuireann sé i bhfios gur rud é an toil pholaitiúil a bhfuil teorainn leis de réir mar atá teorainn leis an airgead atá ann leis an uaillmhian a chothú. Dá réir sin, an obair atá á déanamh ag an gCoimisiún chun na costais fhéideartha a bheidh ar athchóiriú na n-éiceachóras a thabhairt chun cruinnis, is ann atá an chéad nod faoin ngealltanas a bhainfear de na Ballstáit, ach fágann sé go bhfuil ceisteanna eile ann nach bhfuil freagra orthu fós. Is fíor seo: léiríonn an obair an cóimheas costais versus sochair atá ar chaomhnú na bithéagsúlachta, is é sin 1 versus 8, ach ní thugann sí eolas dúinn faoin tionchar eacnamaíoch agus sóisialta agus cultúrtha a bheidh ar aimsiú na spriocanna. Cén tionchar eacnamaíoch agus sóisialta a bheidh ar láthair na háite ag na bearta athchóirithe a chuirfear i bhfeidhm? Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí réamhmheasúnú ar réimse beacht na limistéar talmhaíochta, na bhforaoisí agus na mbealaí uisce a bheidh á gcumhdach ag tograí an rialacháin. Meabhraíonn CESE freisin an méid a dúradh i dtuairim NAT/786 inar iarradh go mbeadh na riachtanais airgeadais i gcomhréir leis na saincheisteanna atá ann. Mar shampla, le líonra Natura 2000, rud is deis ar leith don Eoraip feabhas a chur ar chaighdeán na dtimpeallachtaí nádúrtha suaithinseacha, níl á sholáthar ach 20 % de na cistí a gealladh, cistí atá riachtanach i gcomhair na mbeart. Tá aird ar leith ag CESE ar na gealltanais airgeadais a d’fhógair an Coimisiún. Rinne sé athdhearbhú ar a thábhachtaí atá sé cistí a leithdháileadh atá inchurtha leis na hionchais atá ann, mar ní bheadh aon toradh ar rialáil bhreise dá uireasa sin.

7.2Tugann CESE rabhadh faoi chontúirt na neamhchomharbachta in earnáil na talmhaíochta. Má leagtar cuspóirí dochomhlíonta ar na feirmeoirí, beidh deacrachtaí móra airgeadais ann san earnáil, sin nuair atá sé deacair go leor mar atá talamh slán a dhéanamh den chéad ghlúin gairmithe eile. Ní mór don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar thionchar an airgeadais ar na feirmeacha sin chun an inbhuanaitheacht a áirithiú go fadtéarmach, agus san am céanna ní mór dó tacú le forbairt na gcleachtas atá íogair i leith na haeráide.

An Bhruiséil, an 25 Eanáir 2023

Christa SCHWENG
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

*

*    *

N.B.: Foscríbhinn I ar an taobh eile den bhileog.

AGUISÍN I

leis an tuairim ón gcoiste

I rith na díospóireachta, diúltaíodh do na leasuithe seo a leanas ar caitheadh ar a laghad an ceathrú cuid de na vótaí ar a son:

Pointe 3.4 – LEASÚ 11

Le leasú mar a leanas:

Tuairim ón rannóg

Leasú

Creideann CESE gur do limistéir atá laistigh den líonra limistéar faoi chosaint atá ann cheana is gá tús áite a thabhairt, go háirithe do láithreáin Natura 2000, ionas gur féidir athchóiriú a dhéanamh a fhágfaidh gur féidir poitéinseal iomlán a bhaint as na limistéir sin. Sin é an tacaíocht ab fhearr le cóir a chur ar na gnáthóga atá liostaithe in Iarscríbhinn I den Treoir um Ghnáthóga. Má dhéantar bearta athchóirithe a dhíriú ar limistéir chosanta, ní hamháin go ndéantar na tairbhí fadtéarmacha a bhaineann le bearta athchóirithe a áirithiú, ach is cúnamh atá ann freisin le leasanna coinbhleachta a sheachaint a d’fhéadfadh a bheith in úsáid na talún. Dá bhrí sin, tá CESE den tuairim gur éagothrom agus gur díréireach don cheanglas atá ann maidir le neamh-mheath na ngnáthóg atá suite lasmuigh den líonra limistéar faoi chosaint freisin, ceanglas atá an-leathan agus an-dian.

Creideann CESE gur do limistéir atá laistigh den líonra limistéar faoi chosaint atá ann cheana is gá tús áite a thabhairt, go háirithe do láithreáin Natura 2000, ionas gur féidir athchóiriú a dhéanamh a fhágfaidh gur féidir poitéinseal iomlán a bhaint as na limistéir sin. Sin é an tacaíocht ab fhearr le cóir a chur ar na gnáthóga atá liostaithe in Iarscríbhinn I den Treoir um Ghnáthóga. Má thugtar aird ar leith ar láithreáin Natura 2000, is ináirithe go gcuirfear an Treoir maidir le Gnáthóga chun feidhme, Treoir a glacadh in 1992, agus tharlódh gur chúnamh a bheadh ann freisin chun leasanna coinbhleachta a sheachaint in úsáid na talún.

Toradh na vótála

Ar son    91

I gcoinne    108

Staonadh        18

Pointe 4.2 – LEASÚ 12

Le leasú mar a leanas:

Tuairim ón rannóg

Leasú

Sprioc seo athfhliuchadh na dtailte móna draenáilte dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Rialachán

Is mór an tionchar eacnamaíoch a bheidh ag an sprioc sin ar ghníomhaíochtaí gairmiúla, agus tá réigiúin thar a chéile i gcuid de na Ballstáit a bhfuil an sprioc i gceist iontu. I gcás na réigiún sin, tharlódh go mbeadh an sprioc atá beartaithe a bheith ró-uaillmhianach ó thaobh cuspóirí éagsúla a thabhairt i gcothromaíocht le chéile. Tá sé á chur i bhfios ag CESE go bhfuil inmharthanacht eacnamaíoch ag teastáil chun leanúint d’úsáid na dtailte móna athchóirithe agus athfhliuchta ar bhealaí eile a mbeidh táirgiúlacht iontu. Ar a mhuin sin, i bhfianaise an chláir ama atá beartaithe chun an sprioc sin a aimsiú, is rud é a thug na taighdeoirí chun cruinnis i staidéar ar os cionn 620 láthair athchóirithe éiceolaíochta sna tailte bogaigh, tailte nárbh fhéidir aisghabháil a dhéanamh iontu ach ar idir 65 % agus 70 % den bhithéagsúlacht dhúchasach ar an meán, ainneoin céad bliain a bheith caite, agus idir 65 % agus 70 % de na feidhmeanna hidreolaíocha agus éiceolaíocha éagsúla (scagadh an uisce, stóráil an charbóin), le hais éiceachóras iomchuí eile den chineál céanna nach mbeadh díghrádú ar bith tarlaithe ann. Dá bhrí sin, tá ceist ann maidir leis an méid ama chun athchóirithe a bhforáiltear dó i gclár ama an Choimisiúin agus tá ceist ann maidir leis an sprioc éiceolaíochta féin. Bíodh sin mar atá, cé nach bhfuil sna tailte móna ach 3 % de dhromchla na talún, is acmhainn dóibh an tríú cuid den dé-ocsaíd charbóin atá gafa san ithir a stóráil. Dá bhrí sin, is earnáil thar a bheith straitéiseach iad don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide.

Sprioc seo athfhliuchadh na dtailte móna draenáilte dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Rialachán

Beidh tionchar eacnamaíoch nach beag ag an sprioc sin ar ghníomhaíochtaí gairmiúla, agus tá réigiúin thar a chéile i gcuid de na Ballstáit a bhfuil an sprioc i gceist iontu. I gcás na réigiún sin, tharlódh go mbeadh tionchar ar leith ag an sprioc orthu atá beartaithe ó thaobh cuspóirí éagsúla a thabhairt i gcothromaíocht le chéile. Is rud é a aithníonn CESE go bhfuil tábhacht ar leith le tailte móna don bhithéagsúlacht agus don aeráid, agus measann sé go bhfuil cuspóirí an Choimisiúin (bearta athchóirithe maidir le 70 % de na tailte móna draenáilte faoi 2050, a ndéanfar leath díobh a athchruthú[3]) mar chomhréiteach idir leasanna eacnamaíocha agus comhshaoil. Ar a mhuin sin, i bhfianaise an chláir ama atá beartaithe chun an sprioc sin a aimsiú, is rud é a thug na taighdeoirí chun cruinnis i staidéar ar os cionn 620 láthair athchóirithe éiceolaíochta sna tailte bogaigh, tailte nárbh fhéidir aisghabháil a dhéanamh iontu ach ar idir 65 % agus 70 % den bhithéagsúlacht dhúchasach ar an meán, ainneoin céad bliain a bheith caite, agus idir 65 % agus 70 % de na feidhmeanna hidreolaíocha agus éiceolaíocha éagsúla (scagadh an uisce, stóráil an charbóin), le hais éiceachóras iomchuí eile den chineál céanna nach mbeadh díghrádú ar bith tarlaithe ann. Dá bhrí sin, tá ceist ann maidir leis an méid ama chun athchóirithe a bhforáiltear dó i gclár ama an Choimisiúin agus tá ceist ann maidir leis an sprioc éiceolaíochta féin. Bíodh sin mar atá, cé nach bhfuil sna tailte móna ach 3 % de dhromchla na talún, is acmhainn dóibh an tríú cuid den dé-ocsaíd charbóin atá gafa san ithir a stóráil. Dá bhrí sin, is earnáil thar a bheith straitéiseach iad don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide.

Toradh na vótála

Ar son    99

I gcoinne    104

Staonadh        18

_____________

(1)      Tuairim ó CESE ar straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030, IO C 429, 11.12.2020, lch. 259 .
(2)      Tuairim ó CESE ar straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030, IO C 429, 11.12.2020, lch. 259 .
(3)      Tuarascáil faisnéise ó CESE ar na buntáistí a bhaineann le feirmeoireacht fhairsing bheostoic agus leasacháin orgánacha i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip .
(4)    Is éard is ciall le hathghnóthú díriú ar fheidhmeanna éiceolaíocha áirithe a athchóiriú.
(5)    Tuarascáil faisnéise ó CESE maidir leis an Meastóireacht ar thionchar CBT ar an athnuachan ó ghlúin go glúin mar aon le tuarascáil faisnéise ó CESE maidir leis an Meastóireacht ar thionchar CBT ar fhorbairt chríochach na limistéar tuaithe .
(6)     IP/22/3746 .
(7)    Tuairim ó CESE ar an gceartas aeráide, IO C 81, 2.3.2018, lch. 22 agus tuairim EESC Páipéar machnaimh ‘I dtreo na hinbhuanaitheachta san Eoraip’ IO C 14, 15.1.2020, lch. 95 .
(8)      Tuairim ó CESE ar straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030, IO C 429, 11.12.2020, lch. 259 .
(9)      Tuairim ó CESE ar an mbonneagar glas, IO C 67, 6.3.2014, lch. 153 .
(10)     Tuairim ó CESE maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, IO C 152, 6.4.2022, lch. 169 .
(11)    Crann atá ag fás i limistéar atá coilínithe ag a speiceas féin gan cúnamh ó láimh an duine.
(12)      Tuairim ó CESE ar an mbonneagar glas, IO C 67, 6.3.2014, lch. 153 .
Top