Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document EESC-2021-05481-AS

Oiriúnach do55’: Sprioc Aeráide an Aontais do 2030 i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach

EESC-2021-05481-AS

GA

NAT/843

‘Oiriúnach do 55’: Sprioc Aeráide an Aontais
do 2030 i dtreo
aeráidneodracht a bhaint amach

TUAIRIM

An Rannóg um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún

Fit for 55’: delivering the EU’s 2030 Climate Target on the way to climate neutrality [‘Oiriúnach do 55’: Sprioc Aeráide an Aontais do 2030 i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach]
[COM(2021) 550
final] (níl leagan Gaeilge ar fáil)

Teagmháil

nat@eesc.europa.eu

Riarthóir

Anna Cameron

Dáta an doiciméid

15/02/2022

Rapóirtéirí: Cillian LOHAN agus Stefano MALLIA

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 13/09/2021

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

09/02/2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

DD/MM/YYYY

Seisiún iomlánach Uimh.

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

…/…/…



1.Conclúidí agus moltaí

1.1Agus sinn ag aistriú chuig sochaí aeráidneodrach, ní mór dúinn samhail a ghlacadh a mbeidh geilleagar rathúil mar thoradh air. Más mian linn a áirithiú go mbeidh an tAontas ar thús cadhnaíochta agus go mbeidh sé ina eiseamláir don chuid eile den domhan, ba cheart dúinn díriú ar an tsamhail is rathúla is féidir a mhúnlú – samhail atá cóir agus inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil de. Dá nglacfaí samhail nach mbeadh an fás bunaithe ar an bhfhorbairt inbhuanaithe mar thoradh air, d’fhágfaí an tAontas scoite amach ón gcuid eile den domhan, rud a réiteodh an bealach d’iomaitheoirí domhanda eile ról ceannaireachta a ghlacadh orthu féin. Beidh ról tábhachtach ag taidhleoireacht aeráide an Aontais maidir leis an gcur chuige Eorpach a chur chun cinn agus maidir le hiomaíocht chóir a áirithiú idir an tAontas Eorpach agus ilchríocha iomaíocha.

1.2Beidh tionchar míchothrom ag gnóthú na spriocanna athbhreithnithe do 2030, mar a moladh sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, ar earnálacha, ar réigiúin, ar phobail agus ar dhaoine aonair ar fud na hEorpa. Chun aghaidh a thabhairt ar na hConradábhair imní sin, molann CESE don Choimisiún Eorpach mapáil agus anailís mhionsonraithe a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag an aistriú ar fhostaíocht agus ar scileanna sna tíortha, sna réigiúin agus sna hearnálacha éagsúla, lena n‑áirítear ar fhochonraitheoirí agus ar shlabhraí luacha iartheachtacha. Ní oireann an toise céanna do chách. Dá bhrí sin, ní mór bearta a fhéachann leis an aistriú a bhrú chun cinn a bheith saincheaptha chun na dálaí iarbhír éagsúla ar fud na hEorpa a léiriú, agus an gá atá le cothrom na Féinne agus túsphointí éagsúla na mBallstát á gcur san áireamh san am céanna.

1.3Ba cheart d’institiúidí an Aontais tograí breise a cheapadh chun infheistíochtaí móra poiblí agus príobháideacha a shlógadh ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta d’fhonn tacú leis an aistriú sna hearnálacha agus sna réigiúin sin nach mór athrú ó bhonn a dhéanamh orthu má táthar chun a n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. I ndáil leis an méid sin, tá CESE den tuairim láidir gur cheart cur go mór le méid agus raon feidhme an Chiste um Aistriú Cóir chun go mbeidh sé i gcomhréir leis na dúshláin atá romhainn.

1.4Tá CESE ag iarraidh ar Institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit creat nua rialachais a mholadh chun athruithe a bhaineann leis an aistriú glas i saol na hoibre a réamh‑mheas agus a bhainistiú. Leis an gcreat sin, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun Coimisiúin thrípháirteacha um Aistriú Cóir a chur ar bun chun cur ar chumas na n‑údarás réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta páirt a ghlacadh i gcur chun feidhme na bpleananna náisiúnta agus réigiúnacha um aistriú cóir.

1.5Tá CESE den bharúil gur cheart don Aontas oibriú ar mhaithe le cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach (astaíochtaí gás ceaptha teasa glan‑nialasacha), agus iomaíochas agus slándáil an tsoláthair fuinnimh ar chostas inacmhainne do ghnólachtaí agus do na saoránaigh á n‑áirithiú san am céanna. Ba cheart iomaíochas na hEorpa a áirithiú i gcomhthráth lena chinntiú go gcloíonn iomaitheoirí AE leis na caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta is airde. Is den ríthábhacht an chosaint ó sceitheadh carbóin ó earraí tríú tíortha a neartú chun sláine chomhshaoil a áirithiú agus chun go nglacfar le beartas aeráide an Aontais sa tsochaí.

1.6Ní mór a áirithiú le creat rialála an Aontais gurb iad na gnólachtaí is iomaíche sna blianta beaga amach romhainn na chéad ghnólachtaí a bhainfidh úsáid as samhlacha gnó inbhuanaithe ísealcharbóin. Ar an gcúis sin, tá CESE den tuairim dhaingean gur cheart rialacháin a úsáid chun an bealach a réiteach d’fhorbairt agus glacadh teicneolaíochtaí nua sa mhargadh, lena n‑áirítear bearta atá dírithe ar thaobh an éilimh chun margaí tosaigh a chruthú agus tomhaltas táirgí ísealcharbóin a dhreasú. Ina cheann sin, ba cheart seiceáil a dhéanamh ar iomaíochas gach togra reachtach a chuirtear ar aghaidh faoi chuimsiú an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, i gcomhréir le prionsabail na Spriocanna Forbartha Inbhuanaihte, i dtreo go dtuigfear go maith na himpleachtaí uile a bheidh acu ar fhiontair.

1.7Creideann CESE go láidir nach mór aird faoi leith a thabhairt ar na hearnálacha eacnamaíocha ina bhfuil MFBManna thar a bheith gníomhach. Tá sé de chumas ag MFBManna dlús a chur leis an nuálaíocht i dtáirgí agus i réitigh ar mhaithe le geilleagar na hEorpa a dhícharbónú.

1.8Tá géarghá le comhleanúnachas beartais lena n‑aithnítear a nasctha atá na géarchéimeanna aeráide agus bithéagsúlachta. Ach tomhaltas fuinnimh agus amhábhar a laghdú sa gheilleagar ciorclach, cuirfear le teicneolaíochtaí nua. Ba cheart straitéisí earnálacha agus samhlacha cistiúcháin a bheith i gcomhréir leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’, mar shampla trína áirithiú go gcúiteofar úinéirí talún/bainisteoirí talún/feirmeoirí as stóráil carbóin nádúrtha in ithreacha agus go gcuirfear deireadh le fóirdheontais a bhfuil tionchar díobhálach acu ar an gcomhshaol.

1.9Is den tábhacht a chur in iúl go soiléir agus go hionraic cé na costais agus na tairbhí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí ollmhóra is gá tabhairt fúthu d’fhonn aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Beidh tionchar ag na hathruithe sin ar gach earnáil agus ar gach réigiún cé go bhféadfadh sé nach mbraithfí na tairbhí lena mbaineann láithreach. Chun tacaíocht leathan a áirithiú, beidh gá le leibhéal tuisceana agus rannpháirtíochta nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe ón tsochaí ina hiomláine.

2.Struchtúr na tuairime seo agus an chúis atá léi

2.1Is é cuspóir na tuairime seo dearcadh foriomlán CESE a chur i láthair maidir leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ a mhol an Coimisiún an 14 Nollaig. Leagann sé béim ar a riachtanaí atá an pacáiste chun aistriú a bheidh cothrom go sóisialta, iomaíoch agus glas a bhaint amach. Foilseoidh CESE tuairimí sonracha maidir le tograí reachtacha ábhartha uile an phacáiste.

2.2Tá CESE teann air gur gá an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ a nascadh le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar thacaigh CESE leo i dtuairimí a d’eisigh sé roimhe seo. Tá na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe thar a bheith úsáideach ós rud é gur saincheisteanna domhanda iad agus go gcumhdaítear leo, ní hamháin an tsaincheist phráinneach aeráide is bun leis an bpacáiste ón gCoimisiún, ach freisin spriocanna riachtanacha eile maidir le hinbhuanaitheacht eacnamaíoch agus shóisialta nach mór a bhaint amach chun go mbeidh rath ar an bpacáiste. Dá réir sin, tá na barúlacha seo a leanas i gcomhréir leis na trí phríomhaidhm atá ag SDGanna na Náisiún Aontaithe.

3.Croíphrionsabail – Barúlacha sonracha CESE maidir leis an doiciméad ón gCoimisiún

Aistriú atá cothrom ó thaobh na sochaí de

3.1Sa rún uaidh maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, mhol CESE insint nua don Eoraip. Leis an insint sin, nasctar seanstair agus nua‑stair na hEorpa leis an lá inniu agus leagtar amach fís don todhchaí atá bunaithe ar chomhar thar theorainneacha agus ar na naisc idir muintir na hEorpa a neartú, agus atá fréamhaithe i luachanna na dlúthpháirtíochta, an cheartais shóisialta, an chomhair idir na glúnta, an chomhionannais inscne, an rathúnais inbhuanaithe agus an aistrithe chóir, an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. Is den ríthábhacht tacaíocht phoiblí do na luachanna sin a threisiú d’fhonn athmhachnamh a dhéanamh ar na samhlacha fáis agus rialachais atá againn le hiad a dhíriú ar an inbhuanaitheacht, d’fhonn sochaí níos cothroime a chothú agus d’fhonn eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur i gcroílár na hatógála agus an téarnaimh sin 1 . Tá CESE den tuairim láidir go gcuideoidh cur chun feidhme dea‑cheaptha an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ leis an insint nua sin a chur i gcrích.

3.2Tá sé curtha in iúl ag CESE cheana freisin gur gá díriú ar théarnamh cothrom inbhuanaithe ó ghéarchéim COVID‑19, téarnamh lena réiteofar an bealach do shochaí níos cuimsithí, lena bhforbraítear iomaíochas fadtéarmach agus lena gcruthófar timpeallacht chomhoibríoch, agus lena gcuirfear san áireamh go hiomlán na géarchéimeanna sóisialta, eacnamaíocha, daonlathacha, déimeagrafacha agus aeráide atá fite fuaite ina chéile i mBallstáit an Aontais, an gá atá leis an aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach, chomh maith leis na hathruithe struchtúracha fadtéarmacha atá ag tarlú de thoradh na paindéime 2 . Ní mór é a bheith mar sprioc ag an Aontas, thar aon ní eile, samhail an gheilleagair shóisialta margaidh atá againn a neartú, ar samhail í ina bhfuil geilleagar inbhuanaithe, iomaíoch agus beartais shóisialta dhea‑fhorbartha fite fuaite ina chéile. Is é an chéad chéim eile ina dhiaidh sin an Comhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach, rud ar thacaigh CESE leis ón gcéad lá riamh. Straitéis nua fáis na hEorpa atá sa Chomhaontú Glas a bhfuil rathúnas, inbhuanaitheacht agus ceartas sóisialta ina croílár. Má táthar chun Eoraip rathúil a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach an t‑aistriú cóir chuig dóigh bheatha aeráidneodrach a chur i gcrích lena gcothófar poist ardcháilíochta agus lena gcuirfear an fhiontraíocht inbhuanaithe agus an nuálaíocht chun cinn, lena n‑áirítear an geilleagar ciorclach agus an geilleagar sóisialta 3 .

3.3Céim i dtreo geilleagar Eorpach aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050 is ea an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Éilítear le haistriú den chineál sin measúnú críochnúil a dhéanamh ar an gcaoi ina mairimid, ina n‑oibrímid agus ina ngníomhaímid. Is fiú cuimhneamh air nach n‑oireann an toise céanna do chách. Ní mór bearta a fhéachann leis an aistriú a bhrú chun cinn a bheith saincheaptha chun na dálaí iarbhír éagsúla ar fud na hEorpa a léiriú, agus an gá atá le cothrom na Féinne agus túsphointí éagsúla na mBallstát á gcur san áireamh san am céanna.

3.4Fágfaidh gnóthú na spriocanna athbhreithnithe do 2030, mar a moladh sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, go mbeidh tionchar míchothrom ar earnálacha, ar réigiúin, ar phobail agus ar dhaoine aonair ar fud na hEorpa. Go deimhin, is follas go bhfágfaidh an t‑aistriú tapa chuig geilleagar dícharbónaithe go mbeidh dúshláin ollmhóra le sárú ag saoránaigh, oibrithe, cuideachtaí agus réigiúin, go háirithe iad siúd atá ag brath ar earnálacha agus tionscail ar mór a lorg carbóin. Is fiú suntas a thabhairt dó freisin go bhfuil dúshláin shuntasacha roimh Bhallstáit fhorimeallacha agus iad ag tabhairt droim láimhe don charbón. Mura dtugtar aghaidh go leordhóthanach ar na dúshláin sin, is baolach go mbeidh neamhionannais bhreise agus próisis ollmhóra athstruchtúraithe, dífhostaíocht agus dí‑thionsclú críocha, tailte agus timpeallachtaí ann dá thoradh sin. D’fhéadfadh sé sin neamh‑inghlacthacht shóisialta agus frithfhreagairt pholaitiúil ó shaoránaigh an Aontais i gcoinne Chlár Oibre an Aontais Eorpaigh maidir leis an gComhaontú Glas a spreagadh.

3.5D’fhonn aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach bearta breise beartais a mholadh chun gné shóisialta agus fostaíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a neartú. I láthair na huaire, ceaptar na tograí reachtacha ón gCoimisiún ar dhóigh atá i gcomhréir le sprioc aeráide 2030 a bhaint amach – rud a bhfuil géarghá leis – ach ní leor na bearta iontu chun aistriú cóir a áirithiú d’oibrithe Eorpacha agus do theaghlaigh ar ioncam íseal. Chun go mbeidh sí inghlactha go sóisialta, ba cheart uaillmhian shóisialta choibhéiseach a bheith ag gabháil leis an uaillmhian aeráide atá beartaithe sa phacáiste, i gcomhréir le Dearbhú Porto ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh, le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus le Treoirlínte EIS maidir le haistriú cóir.

3.6Go sonrach, chun gné shóisialta an phacáiste a threisiú, tá CESE ag iarraidh ar institiúidí an Aontais an méid seo a leanas a dhéanamh:

3.6.1Mapáil agus anailís mhionsonraithe a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag an aistriú ar fhostaíocht agus ar scileanna sna tíortha, sna réigiúin agus sna hearnálacha éagsúla, lena n‑áirítear ar fhochonraitheoirí agus ar shlabhraí luacha iartheachtacha. Tá gá freisin le hanailís ar an tionchar ar an airgeadas poiblí, ar shreafaí trádála agus ar thomhaltóirí. Ach mapáil mhionsonraithe dá leithéid a dhéanamh, chomhlánófaí an dearcadh foriomlán sna measúnuithe tionchair a rinne an Coimisiún roimhe seo agus sholáthrófaí an t‑eolas is gá chun beartais leordhóthanacha fostaíochta, shóisialta agus chríochacha a chur le chéile.

3.6.2Tograí breise a cheapadh chun infheistíochtaí móra poiblí agus príobháideacha a shlógadh ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta d’fhonn tacú leis an aistriú sna hearnálacha agus sna réigiúin sin nach mór athrú ó bhonn a dhéanamh orthu má táthar chun a n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Agus tacaíocht á tabhairt d’infheistíochtaí den sórt sin, ba cheart na Ballstáit ag a bhfuil barainneachtaí scála neamhfhabhracha, dúshláin nascachta agus acmhainneacht íseal chun astaíochtaí a mhaolú a chur san áireamh freisin. I ndáil leis an méid sin, ba cheart cur go mór le méid agus raon feidhme an Chiste um Aistriú Cóir chun go mbeidh sé i gcomhréir leis na dúshláin atá romhainn.

3.6.3Deimhin a dhéanamh de go n‑áireofar straitéisí um aistriú cóir sna Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide. Agus a bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide á dtabhairt cothrom le dáta in 2023, ba cheart é a chur de cheangal ar na Ballstáit na dúshláin shóisialta a mheastar a bheidh ag baint leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ a shainaithint go córasach, maille leis na bearta mionsonraithe agus na hacmhainní a bheidh ag teastáil chun iad a bhainistiú. Beidh gá le straitéisí um aistriú cóir den chineál sin chun tacaíocht a thabhairt d’oibrithe agus iad i mbun an aistrithe, chun oiliúint leordhóthanach, athsciliú agus uas‑sciliú a áirithiú agus chun poist mhalartacha ardcháilíochta a chruthú sna réigiúin sin. Tríd an idirphlé sóisialta agus trí ardáin na sochaí sibhialta, ba cheart ról cuí a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le straitéisí scileanna agus straitéisí gníomhacha don mhargadh saothair a fhorbairt.

3.6.4Creat nua rialachais a mholadh d’fhonn athruithe a bhaineann leis an aistriú glas i saol na hoibre a réamh‑mheas agus a bhainistiú. Le creat den sórt sin, ba cheart go ráthófaí ceart na n‑oibrithe chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle a mhéid a bhaineann le pleananna um aistriú cóir a cheapadh ina n‑áiteanna oibre agus ina réigiúin. Ó tharla go bhfuil sé bunaithe ar fhorfheidhmiú na gceart atá ann cheana, ba cheart freisin an t‑idirphlé sóisialta agus idirphlé níos leithne leis an tsochaí shibhialta a neartú tríd an gcreat.

3.6.5A ráthú go mbeidh na struchtúir Eorpacha atá ann cheana um an idirphlé sóisialta – amhail an Cruinniú Mullaigh Sóisialta Trípháirteach, Coistí um Idirphlé Sóisialta Earnála nó Comhairlí Oibreacha Eorpacha – rannpháirteach go cuí i bhforbairt na mbeartas faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus san fhaireachán orthu, agus i bhforbairt cónairí aistrithe d’éiceachórais thionsclaíocha agus pleananna téarnaimh.

3.6.6Na Ballstáit a spreagadh chun Coimisiúin thrípháirteacha um Aistriú Cóir a chur ar bun chun cur ar chumas na n‑údarás réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta moltaí a chur ar fáil agus pleananna náisiúnta agus réigiúnacha um aistriú cóir a chaibidliú. Tá ionchur na mBallstát, na réigiún, na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta ríthábhachtach chun freagairt leordhóthanach a áirithiú agus chun iontaoibh a chothú as an ngealltanas nár cheart aon duine a fhágáil ar lár.

3.7Beidh tionchar an‑mhór ag na beartais aeráide a bheidh ann amach anseo ar na saoránaigh uile, go háirithe a mhéid a bhaineann le sásraí praghsála carbóin. Is léir go mbeidh costais ag gabháil le spriocanna 2030 a bhaint amach, go háirithe i gcás na ndaoine sin a bhfuil an t‑ioncam is ísle acu. Caithfear na costais sin a mhíniú mar is ceart. Ní mór bearta speisialta/sóisialta a chur i bhfeidhm chun na saoránaigh is leochailí a chosaint agus chun tacú leo, óir is iadsan is mó a bheidh i mbaol ó thaobh na gcostas breise de. Má táthar chun aistriú rianúil a dhéanamh, beidh na bearta sin ríthábhachtach lena áirithiú go dtabharfaidh saoránaigh an tacaíocht atá ag teastáil chuige sin.

3.8Tá tuairim ar leith ullmhaithe ag CESE ina chuireann sé in iúl gur díol sásaimh dó gur bunaíodh an Ciste Aeráide Sóisialta a bhí beartaithe d’fhonn tionchar diúltach sóisialta agus eacnamaíoch na praghsála nua carbóin a mhaolú agus d’fhonn cistí a chur ar fáil do na Ballstáit chun tacú lena mbearta lena dtugtar aghaidh ar thionchar sóisialta na trádála astaíochtaí sin ar theaghlaigh, ar mhicrifhiontair agus ar úsáideoirí iompair atá níos laige ó thaobh airgeadais de. Faoi mar a rinne sé sa tuairim sin (TEN/759), tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit leas a bhaint as na sineirgí idir an Ciste Aeráide Sóisialta agus acmhainní airgeadais eile atá ar fáil agus leas a bhaint as ar an mbealach is éifeachtúla agus is féidir 4 .

3.9San am céanna, tugann CESE dá aire gur féidir sásraí margadhbhunaithe a úsáid chun an tAontas a chur go daingean ar an mbealach chuig athrú inbhuanaithe fadtéarmach lena n‑áiritheofar an fhorbairt eacnamaíoch agus cothromaíocht idir riachtanais shóisialta agus chomhshaoil tráth an aistrithe. Ní mór athruithe cultúrtha agus iompraíochta agus athruithe córasacha ar chleachtais earnálacha a bheith ag gabháil leo sin, agus is gá deireadh a chur le fóirdheontais a bhfuil tionchar díobhálach acu ar an gcomhshaol 5 .

3.10Tugann CESE le fios freisin nach bhféadfar dul i ngleic leis na mórdhúshláin atá romhainn agus na hathruithe móra inár ngeilleagar, athruithe sa chaoi a ndéileálaimid leis an dúlra agus leis an gcomhshaol, agus inár saol féin, nithe atá riachtanach chun domhan atá inbhuanaithe i ndáiríre a chruthú, mura bhfuil na saoránaigh, na hoibrithe agus a n‑eagraíochtaí rannpháirteach sa mhéid sin 6 .

Aistriú iomaíoch

3.11Glacann an pobal gnó go fonnmhar le dúshlán an athraithe aeráide agus tá sé ullamh na bearta is gá a dhéanamh chun an sprioc maidir le laghdú 55 % a dhéanamh ar astaíochtaí a bhaint amach. Tá an earnáil phríobháideach faoi réir chun a cuid féin a dhéanamh, chun infheistíocht ollmhór a dhéanamh sa bhonneagar agus sna teicneolaíochtaí is gá agus chun poist ardcháilíochta a chruthú. Mar sin féin, tá gá le creat infheistíochta rialála intuartha chuige sin. Ba cheart seiceáil a dhéanamh ar iomaíochas gach togra reachtach a chuirtear ar aghaidh faoi chuimsiú an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, i gcomhréir le prionsabail na Spriocanna Forbartha Inbhuanaihte, i dtreo go dtuigfear go maith na himpleachtaí uile a bheidh acu ar fhiontair.

3.12Deis uathúil atá sa Chomhaontú Glas chun todhchaí níos láidre agus níos inbhuanaithe a thógáil agus ní mór d’fhiontair na hEorpa a bheith mar dhlúthchuid d’aon réiteach i dtaca leis sin amach anseo. Ba cheart don Aontas oibriú ar mhaithe le cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach (astaíochtaí gás ceaptha teasa glan‑nialasacha), agus iomaíochas agus slándáil an tsoláthair fuinnimh ar chostas inacmhainne do ghnólachtaí agus do na saoránaigh á n‑áirithiú san am céanna.

3.13Ba cheart iomaíochas na hEorpa a áirithiú i gcomhthráth lena chinntiú go gcloíonn iomaitheoirí laistigh den Aontas agus lasmuigh de leis na caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta is airde. Ní mór a áirithiú leis an gcreat rialála gurb iad na gnólachtaí is iomaíche sna blianta beaga amach romhainn na chéad ghnólachtaí a bhainfidh úsáid as samhlacha gnó inbhuanaithe ísealcharbóin. Níor cheart do ghnólachtaí an t‑iomaíochas a úsáid mar leithscéal chun na ceanglais is íosta maidir le caighdeáin ghlasa a chomhlíonadh ar an margadh domhanda. Go deimhin, tá sé tábhachtach straitéis chomhtháite a bheith ann le honnmhairiú earraí agus seirbhísí ísealcharbóin ón Aontas chuig tríú tíortha a mhéadú.

3.14Mar sin féin, sa ghearrthéarma, is gá infheistíocht chaipitil ollmhór a dhéanamh i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin agus, i bhformhór na gcásanna, bíonn costais oibriúcháin airgeadais níos airde agus rioscaí teicneolaíochta níos mó ag baint leosan ná teicneolaíochtaí traidisiúnta. Ba cheart tacú leo siúd a ghlacann samhlacha nua gnó go luath d’fhonn a áirithiú nach mbeidh siad faoi mhíbhuntáiste san iomaíocht i ngeall ar a nuálaíocht. Ní mór an tacaíocht arna cur ar fáil a bheith i gcomhréir le prionsabail na rochtana cothroime ar uirlisí airgeadais FBManna agus a bheith bunaithe ar chuspóirí aeráide amháin.

3.15Chun an infheistíocht ollmhór atá de dhíth i leictreachas saor ó charbón a éascú, tá gá le hinfheictheacht i ndáil le comharthaí agus ionstraimí fadtéarmacha margaidh. Tá nósanna imeachta ceadaithe fada casta ar cheann de na baic is mó ar chur i bhfeidhm tionscadal fuinnimh inathnuaite. Tacaíonn CESE go láidir le hiarrachtaí an Choimisiúin i ndáil leis sin.

3.16Beidh gá le cinntí infheistíochta a dhéanamh roimh i bhfad chun spriocanna 2030 a bhaint amach, tráth a bhfuil geilleagar na hEorpa fós ag teacht chuige féin tar éis na géarchéime eacnamaíche a d’eascair as paindéim COVID‑19. Is den ríthábhacht, dá bhrí sin, go bhfaigheadh an tAontas an chothromaíocht cheart idir an Comhaontú Glas agus an Ciste Téarnaimh agus Athléimneachta chun infheistíochtaí a spreagadh i dteicneolaíocht agus i gcleachtais a bheidh dírithe ar an todhchaí. Ba cheart do lucht ceaptha beartais an Aontais a áirithiú freisin go mbainfear leas as an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus as an ionstraim téarnaimh Next Generation EU chun poist nua ardcháilíochta a chruthú agus chun leas a bhaint as an acmhainneacht fostaíochta in earnálacha straitéiseacha an aistrithe ghlais.

3.17Ní mór a áirithiú leis na tograí reachtacha go ndéanfar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa trí infheistíochtaí claochlaitheacha a spreagadh san Eoraip. Neartódh sé sin ceannaireacht na hEorpa sa chaibidlíocht idirnáisiúnta ar an athrú aeráide.

3.18Ba cheart aird a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an iarracht chun astaíochtaí CO2 a laghdú i mbeartais thionsclaíocha an Aontais agus i mbeartais thionsclaíocha náisiúnta. Ní mór cabhrú le hearnáil na tionsclaíochta agus le hoibrithe san aistriú ísealcharbóin, go háirithe in earnálacha a bhfuil sé deacair srian a chur leo, mar a thugtar orthu, a bhíonn san iomaíocht ar an leibhéail idirnáisiúnta, amhail tionscail dianfhuinnimh nó an earnáil na talmhaíochta. Ba cheart, dá bhrí sin, bearta a chur i bhfeidhm chun cosc éifeachtach a chur ar an mbaol go n‑athlonnófaí saoráidí táirgthe agus go n‑iompórtálfaí earraí diancharbóin. In éagmais gealltanais choibhéiseacha ó thríú tíortha, éilítear le spriocanna aeráide níos airde an Aontais gur gá an chosaint ó sceitheadh carbóin a neartú, ní hamháin chun an t‑iomaíochas tionsclaíoch a chaomhnú agus comhrac a chur ar an iomaíochas éagórach, ach freisin chun sláine chomhshaoil a áirithiú agus chun a ráthú go nglacfar le beartas aeráide an Aontais sa tsochaí.

3.19Mar a luadh roimhe seo, ba cheart straitéisí um aistriú cóir a chur le chéile – tríd an idirphlé sóisialta – chun athsciliú leordhóthanach na n‑oibrithe sna hearnálacha sin a ndéanfar an t‑aistriú difear dóibh agus aistrithe ó phost go post a áirithiú. Le linn an phróisis sin, beidh sé ríthábhachtach cosaint shóisialta leordhóthanach agus seirbhísí poiblí dea‑fheidhmiúla a ráthú chun tacú le hoibrithe atá i mbun aistrithe.

3.20Ní mór aird faoi leith a thabhairt ar na hearnálacha eacnamaíocha ina bhfuil FBManna thar a bheith gníomhach. Tá sé de chumas ag FBManna dlús a chur leis an nuálaíocht i dtáirgí agus i réitigh chun geilleagar na hEorpa a dhícharbónú. San am céanna, tá tacaíocht de dhíth orthu chun rochtain a fháil ar theicneolaíochtaí chun a bpróisis táirgthe, próiseála, athmhonaraithe agus dáileacháin a dhícharbónú.

3.21Is é an tAontas is cúis le 8 % de na hastaíochtaí ar fad. Ina ainneoin sin, tá sé ar thús cadhnaíochta maidir le dul i mbun gníomhaíochta chun geilleagar aeráidneodrach ó thaobh carbóin de a bhaint amach faoi 2050. Chun na críche sin, ní mór a áirithiú gur samhail rathúil a bheidh sa tsamhail a fhorbrófar trínar féidir fás a spreagadh agus poist ardcháilíochta a chruthú i ngnólachtaí, sochaí rathúil a chothú agus an comhshaol a athbhunú. Ach samhail rathúil a bheith ann, ráthófar go mbeidh ról ceannaireachta domhanda ag an Aontas. Dá mba rud é nach raibh rath iomlán ar an tsamhail, bheadh orainn sampla tíortha eile, amhail SAM nó an tSín, a leanúint. Creideann CESE go láidir go bhfuil saineolas teicniúil suntasach ag an Aontas a fhágann gur féidir leis an Eoraip a bheith ar thús cadhnaíochta ó thaobh tionscail de sa gheilleagar glas. Beidh ról tábhachtach ag gníomhaíocht sheachtrach nó taidhleoireacht aeráide an Aontais maidir le hardchaighdeáin chomhshaoil a chur chun cinn sa mhargadh domhanda.

3.22Ní mór don Eoraip leas a bhaint as an seasamh reatha atá aige mar cheannródaí an athraithe aeráide trí ghníomhú mar thiománaithe don nuálaíocht. Ba cheart iarrachtaí níos mó a dhéanamh agus acmhainní níos fearr a chur ar fáil chun tacú le cláir taighde, forbartha agus imlonnaithe ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta gan buaiteoirí a roghnú ag céim róluath ó tharla go bhfuil raon leathan teicneolaíochtaí agus foinsí fuinnimh ann chun tacú leis an aistriú ísealcharbóin. Chuige sin, bheadh sé réasúnta anailís a dhéanamh ar an gcóras cistiúcháin oideachais agus taighde atá ann faoi láthair chun réitigh a mholadh lena gcuirfí ar chumas na hEorpa dul in iomaíocht ar bhealach níos éifeachtaí le SAM agus leis an Áise.

3.23Tá rochtain ar fhoinsí fuinnimh ísealcharbóin amhail leictreachas agus hidrigin ar phraghsanna iomaíocha domhanda ríthábhachtach má táthar chun an tionscal déantúsaíochta a athrú ó bhonn go rathúil. Teastaíonn creat dlíthiúil tacúil agus forbairt thráthúil bonneagair leordhóthanaigh chuige sin.

3.24Faoi mar atá curtha in iúl ag an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh, is le teicneolaíochtaí atá ar fáil cheana sa lá atá inniu ann is féidir an chuid is mó de na laghduithe domhanda ar astaíochtaí CO2 a dhéanamh faoi 2030. Bíodh sin mar atá, faoi 2050, beidh gá le teicneolaíochtaí atá ag céim an taispeántais nó ag céim na fréamhshamhlacha faoi láthair a úsáid chun thart ar leath de na laghduithe a bhfuiltear ag súil leo a dhéanamh. Sa tionscal trom agus san iompar fad‑achair, is airde fós sciar na laghduithe astaíochtaí ó theicneolaíochtaí atá fós á bhforbairt sa lá atá inniu ann. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach rialacháin a cheapadh chun an bealach a réiteach d’fhorbairt agus glacadh teicneolaíochtaí nua sa mhargadh.

3.25Le linn na chéad chéime den aistriú, ar a laghad, beidh gá le bearta atá dírithe ar thaobh an éilimh chun margaí tosaigh a chruthú agus tomhaltas táirgí ísealcharbóin a dhreasú, ós rud é nach mbíonn siad chomh hiomaíoch céanna ó thaobh costais de ná táirgí traidisiúnta de ghnáth.

3.26Cuireann CESE i bhfios go láidir nach n‑éireoidh leis an aistriú glas mura bhfuil an lucht saothair oilte ag an Aontas atá ag teastáil má tá sé chun leanúint de bheith iomaíoch. San am céanna, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún na measúnuithe tionchair ar an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ a rinneadh cheana a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú go bhfuil na sonraí is déanaí agus is ábhartha iontu agus chun an léargas is cruinne a thabhairt ar an tionchar lena ngabhann.

Aistriú glas

3.27Ní mór dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide agus le géarchéim na bithéagsúlachta ag an am céanna. Ní féidir glacadh le réitigh aeráide a bhfuil tionchar diúltach acu ar an mbithéagsúlacht ná ar ghnáthóga mar chuid de phacáiste atá ceaptha chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí. Ní mór an pacáiste ‘Oiriúnach do 55 a nascadh leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus a bheith i gcomhréir leis na gealltanais a comhaontaíodh cheana i gClár Oibre 2030 agus le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.

3.28Ní mór na naoi dteorainn phláinéadacha 7 atá sainaitheanta ag eolaithe a bheith ina dtreoirphrionsabal maidir le faireachán a dhéanamh ar thionchar gníomhaíochtaí daonna, beartas eacnamaíoch agus gníomhaíochtaí ar son na haeráide.

3.29Ní mór an t‑athbhunú dúlra agus téarnamh práinneach na bithéagsúlachta a bheith mar chuid den acquis reachtach chun aistriú glas a áirithiú agus a bheith i gcroílár Dhlí an Aontais maidir leis an athchóiriú dúlra atá ar na bacáin. Níor cheart neamhaird a dhéanamh de ghnáthóga atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de atá ann cheana a chosaint ná a chothabháil.

3.30Ba cheart úsáid éiceachóras nádúrtha chun carbón a ghabháil agus a stóráil a cheangal le hairgeadas poiblí iomchuí i bhfoirm fóirdheontas, mar aon le samhlacha gnó glasa nua agus tá sé tábhachtach go bhfaighfeadh an t‑úinéir talún/bainisteoir talún/feirmeoir cuí na cistí sin. Is earraí poiblí iad stóráil carbóin, cosaint na bithéagsúlachta agus téarnamh na bithéagsúlachta. Ní mór an prionsabal sin a léiriú sa tionscnamh feirmeoireachta carbóin atá ar na bacáin.

Ba cheart togra le haghaidh Treoir maidir le hIthir a chur le chéile go práinneach nuair a fhoilseofar straitéis nua ithreach. Is gá díriú ar ithir ar mhaithe leis an mbithéagsúlacht agus le stóráil carbóin nádúrtha.

A áirithiú go mbainfear an t‑aistriú amach le sásraí lena gcuirtear chun cinn glacadh leathan leis agus tacaíocht dó i measc an phobail i gcoitinne

3.31Tá sé ríthábhachtach tacú le saoránaigh agus le grúpaí geallsealbhóirí chun go mbeidh ról gníomhach acu san aistriú chuig sochaí ísealcharbóin. Is féidir an eagla agus an imní a bhaineann leis na dúshláin a ghabhann leis an aistriú a mhaolú trí dhul i dteagmháil le geallsealbhóirí den uile chineál. Ba cheart tionscnamh taidhleoireachta aeráide comhordaithe a sheoladh ina gcuimseofar líonra taidhleoireachta aeráide na sochaí sibhialta.

3.32Ba cheart sásraí dáileacháin náisiúnta Ballstát‑sonracha don chiste aeráide sóisialta a shainaithint go soiléir trí phróiseas comhairliúcháin lena áirithiú go ndáilfear na costais a bhaineann leis an aistriú go cothrom agus go dtabharfar tacaíocht airgeadais dóibh siúd is mó a bhfuil gá acu léi. D’fhéadfadh CESE, lena líonra de thart ar 100 milliún saoránach, ról a imirt maidir le dearadh na sásraí sin a éascú.

3.33Ba cheart a chur in iúl go soiléir agus go comhleanúnach cé na tairbhí a bhaineann leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú, agus cé na buntáistí ilghnéitheacha a bhaineann le sochaí atá neodrach ó thaobh carbóin de d’fhonn cur i gcoinne tuairiscí bréagacha a chuireann le cláir oibre pobalacha.

3.34Chun an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ a chur chun feidhme, ní mór na geallsealbhóirí go léir a áireamh i gceapadh na mbeart oiriúnaithe. Ní mór é a aithint mar dhúshlán idirghlúine agus é a mheas mar dheis chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí inscne san áit oibre, i dtuarastail agus i ndeiseanna.

3.35Is den tábhacht treoir shoiléir a thabhairt maidir le dáileadh na spriocanna. Ba cheart a shainaithint le gealltanais dhaingne amhail na cinn a leagtar síos sa Dlí Aeráide na freagrachtaí atá ar na hearnálacha éagsúla trí sprioc cheangailteach a leagan síos ar an leibhéal náisiúnta do gach uile earnáil.

3.36Ba cheart spás faoi leith a chruthú ina ndéanfar sruthanna maoinithe a chuíchóiriú agus a shainaithint do thionscail agus do FBManna chun slógadh cistí a éascú.

An Bhruiséil, 9 Feabhra 2022

Peter Schmidt
Cathaoirleach na Rannóige um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

_____________

(1)    Insint Nua ar an Eoraip – Rún ó CESE maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, pointe 2.1, IO C 286, 16.7.2021, lch. 1 .
(2)    Insint Nua ar an Eoraip – Rún ó CESE maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, pointe 2.1, IO C 286, 16.7.2021, lch. 1 .
(3)    Insint Nua ar an Eoraip – Rún ó CESE maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, pointe 2.4, IO C 286, 16.7.2021, lch. 1 .
(4)     TEN/759 – Ciste Aeráide Sóisialta , tuairim ó CESE a glacadh ag an seisiún iomlánach an 8‑9 Nollaig 2021, pointí 1.1 agus 1.2.
(5)     Rinne an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ríomh ar fhóirdheontais breosla iontaise dhíreacha agus indíreacha ar fud an domhain (a foilsíodh i Meán Fómhair 2021), arb é a bhí iontu USD 6 trilliún in aghaidh na bliana, nach mór.
(6)    Rún ó CESE Ionchur Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i gclár oibre 2022 an Choimisiúin Eorpaigh, bunaithe ar obair an ghrúpa ad hoc maidir le hIonchur CESE i gclár oibre 2022 an Choimisiúin Eorpaigh, pointe 1.5, IO C 341, 24.8.2021, lch. 1 .
(7)     https://www.stockholmresilience.org/research/planetary-boundaries/the-nine-planetary-boundaries.html
Top