ECO/505
Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip
TUAIRIM
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Sustainable Europe Investment Plan
European Green Deal Investment Plan
[Plean Infheistíochta d'Eoraip Inbhuanaithe
Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip]
[COM(2020) 21 final]
Rapóirtéir: Carlos TRIAS PINTÓ
Comhrapóirtéir: Petr ZAHRADNÍK
|
Comhairliúchán
|
An Coimisiún Eorpach, 06/02/2020
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
|
|
|
Rannóg atá freagrach
|
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
13/05/2020
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
10/06/2020
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
552
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
220/1/8
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1San am i láthair, is í paindéim an choróinvíris an chéad tosaíocht don Eoraip. Dá bhrí sin, ní mór aghaidh a thabhairt ar éiginnteacht a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le hathrú suntasach ar fhócas agus leithdháileadh bhuiséad an Aontais. Molann CESE go láidir go dtreiseofaí an chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile agus go n-ardófaí uasteorainn chaiteachais an bhuiséid go 2 % ar bhonn sealadach, rud a chuirfeadh na hacmhainní fioscacha is gá ar fáil agus a d’fhéadfadh tacú le heisiúint bannaí comhphobail mar chuid de phlean téarnaimh cumhachtach.
1.2Is díol sásaimh don Choiste an comhaontú ar ar tháinig an Grúpa Euro le déanaí, lenar cuireadh EUR 540 billiún ar fáil chun tacú le hoibrithe, le gnólachtaí agus leis na Ballstáit agus ghlac an Grúpa, freisin, le breis solúbthachta i rialacha an Aontais maidir leis an gComhshocrú Fioscach Eorpach.
1.3Ba cheart do Chomhairle an Aontais Eorpaigh teacht ar chomhaontú maidir leis an gCiste Téarnaimh agus le CAI roimh shos an tsamhraidh, i gcomhréir leis an togra ón gCoimisiún Eorpach dar dáta an 27 Bealtaine, chun an bealach a réiteach le haghaidh théarnamh eacnamaíoch na hEorpa agus chun na haistrithe glasa agus digiteacha dá bhforáiltear faoin gComhaontú Glas don Eoraip a threisiú chomh maith.
1.4Is mór ag an gCoiste freisin an fhreagairt dlúthpháirtíochta thapa agus aontaithe ó institiúidí uile an Aontais lena mbaineann.
1.5Beidh mórthionchar diúltach ag ráig an choróinvíris ar ghnóthú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Ar an gcúis sin, tá CESE teann air gur gá aghaidh a thabhairt ar an mbagairt phráinneach sin a luaithe is féidir agus ár n‑iarrachtaí téarnaimh a dhíriú ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus ar an gComhaontú Glas gan aon mhoill mhíchuí.
1.6I dteannta na mbeart dlúthpháirtíochta sealadach, iarrann CESE go ndéanfar an Sásra Eorpach um Chobhsú Infheistíochtaí a chur i bhfeidhm arís, maille leis an Ionstraim Bhuiséadach um Chóineasú agus um Iomaíochas (BICC) a chur chun feidhme láithreach agus an méid a leithdháiltear uirthi in CAI 2021-2027 a mhéadú.
1.7Tá gá le comhshocrú nua glas agus sóisialta chun na saoránaigh a aontú ainneoin a n‑éagsúlachtaí, lena n-oibreoidh údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, comhpháirtithe sóisialta, an tsochaí shibhialta eagraithe agus an earnáil tionsclaíochta i ndlúthchomhar le hinstitiúidí agus comhlachtaí comhairliúcháin an Aontais.
1.8Is é an Plean Infheistíochta d'Eoraip Inbhuanaithe (SEIP) an chéad bheart beartais cuimsitheach ar éirigh leis spriocanna uaillmhianacha maidir le neodracht ó thaobh carbóin de a bhaint amach faoi 2050 a chomhlíonadh, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip.
1.9Cé go molann CESE spriocanna uaillmhianacha an Chomhaontaithe Ghlais, is cúis aiféala dó an easpa comhsheasmhachta atá ann ó thaobh leithdháileadh buiséadach de sa chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile, atá go mór faoi bhun 1.3 % d’ollioncam náisiúnta (OIN) na mBallstát, rud a d’iarr Parlaimint na hEorpa agus CESE chun a áirithiú gur féidir le gach gníomhaíocht ar leith barr a cumais a bhaint amach gan dochar a dhéanamh do bhearta eile.
1.10Cuireann CESE in iúl freisin go bhfuil amhras air faoi cé chomh héifeachtach agus a bheidh príomhshruthú an athraithe aeráide i gcláir uile an Aontais agus iarrann sé ar na Ballstáit eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhéanamh rannpháirteach in iarrachtaí chun a áirithiú go mbeidh caiteachas an Aontais seasmhach ó thaobh na haeráide de. I measc na bpríomhréimsí inar féidir le grúpaí comhshaoil agus grúpaí ceart sibhialta a bheith gníomhach tá na Pleananna Náisiúnta don Fhuinneamh agus don Aeráid (NECPanna) agus na Cláir Náisiúnta um Athchóiriú (CNAnna).
1.11Is díol sásaimh do CESE an Sásra um Aistriú Cóir (JTM) ach is trua leis neamhleorgacht shoiléir fhorálacha buiséadacha an Chiste um Aistriú Cóir (JTF) (EUR 7.5 billiún chun maoiniú ar fiú EUR 100 billiún a fháil). Is gá an neamhleorgacht sin a fhritháireamh le haistrithe ó CFRE/CSE+ agus le cómhaoiniú ó na Ballstáit, mar aon leis an infheistíocht mhór phríobháideach a bhfuiltear ag súil léi agus an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí le BEI.
1.12Tá rath sa réimse sin ag brath ar chomhghuaillíochtaí (Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 17 na Náisiún Aontaithe – Comhpháirtíocht do na Spriocanna) idir na hearnálacha príobháideacha agus poiblí ó thaobh maoinithe agus freagrachtaí comhroinnte de, mar a léirítear sa bhorradh i margadh na mbannaí glasa.
1.13Tacaíonn CESE leis an gcur chuige iomlánaíoch agus is geal leis na dreasachtaí le haghaidh infheistíocht agus maoiniú poiblí agus príobháideach, go háirithe le haghaidh soláthar poiblí glas agus an tacaíocht a bhfuiltear ag súil léi a bhuí le rialacha níos solúbtha maidir le státchabhair.
1.14Tacaíonn CESE freisin le rialachas fioscach an Aontais a fheabhsú trí rioscaí inbhuanaitheachta a chur san áireamh agus trí fhoghlaim ó dhea-chleachtais maidir le buiséadú glas agus pleananna fioscacha a scagadh. Ina theannta sin, tá gá le cóireáil chánach iomchuí do lucht slua-chistithe agus do dheontóirí chun an beartas spreagtha a chur i gcrích.
1.15Is gá freisin Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a chur i gcrích (an Conradh lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) a athchóiriú i gcomhthráth le BICC agus le Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT)) chun Aontas na Margaí Caipitil agus Aontas Baincéireachta a fhorbairt atá éifeachtúil agus comhtháite, lena gcuimseofar na Ballstáit uile agus a bheidh dírithe ar thuilleadh comhchuibhithe a bheith ann.
1.16Iarrann CESE go ndéanfaí próiseas an tSeimeastair Eorpaigh a bhaineann leis an gComhaontú Glas a fheabhsú trí na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur i gcroílár phróiseas ceaptha beartais an Aontais agus go mbeadh creat tacsanomaíochta an Aontais níos cuimsithí agus go n-ionchorprófaí an ghné shóisialta ann.
1.17Measann CESE gur cheart na caighdeáin chéanna a bheith ag na hearnálacha poiblí agus príobháideacha, ní hamháin ó thaobh tacsanomaíochta de ach i ndáil le faisnéis neamhairgeadais a nochtadh freisin. Is díol sásaimh do CESE an chéad athbhreithniú eile a dhéanfar ar an Treoir maidir leis an Tuairisciú Neamhairgeadais, athbhreithniú a bheidh domhain go leor chun cabhrú le cuideachtaí na tionchair mhóra atá acu a thuiscint. Ba cheart an t-athbhreithniú sin a bheith nasctha le cur chun feidhme na gclásal comhshaoil agus sóisialta caighdeánaithe i réimse an tsoláthair phoiblí.
1.18Iarrann CESE go mbainfí úsáid níos doimhne agus níos fearr as foinsí staidrimh poiblí, lena neartófaí ról Eurostat agus na gclárlann poiblí d’fhonn sonraí fónta a chur ar fáil a bhaineann le feidhmíocht “ó thaobh na hinbhuanaitheachta de”.
1.19Cuireann CESE i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé faisnéis chruinn atá so-rochtana a chur ar fáil do gach úsáideoir féideartha chun gur féidir cúnamh saincheaptha comhairleach agus teicniúil a éascú tuilleadh. Níor cheart éinne a fhágáil chun deiridh!
1.20Is den riachtanas iad na scileanna cearta a fhorbairt do phoist ghlasa chun an t-aistriú chuig geilleagar atá níos glaise agus cóir a chur i gcrích. Tá CESE i bhfách straitéisí soiléire a bheith ann i dtaca le fadbhreathnaitheacht ó thaobh scileanna de agus gairmoiliúint, a mbeidh treochláir ghaolmhara ag gabháil leo chun an lucht saothair a dhéanamh oiriúnach do na riachtanais a bheidh ann amach anseo i ngach earnáil agus a áirithiú go mbeidh sin amhlaidh i gcónaí.
1.21Molann CESE do na Ballstáit feabhas a chur ar chláir oideachais airgeadais trí mhaoiniú inbhuanaithe a áireamh agus riaracháin phoiblí ar gach leibhéal a spreagadh chun dreasachtaí cánach a thabhairt isteach do chuideachtaí agus do dhaoine aonair chun go n-infheisteoidh siad i dtionscnaimh ghlasa a bhfuil tionchar sóisialta ag baint leo.
2.Creat comhthéacsúil
2.1Is é Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, ar a dtugtar an Plean Infheistíochta d'Eoraip Inbhuanaithe (SEIP) freisin, an chéad fhreagairt bheartais nithiúil a thugann aird ar spriocanna uaillmhianacha maidir le neodracht ó thaobh carbóin de a bhaint amach, mar a shainmhínítear iad sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Ós amhlaidh atá, is é colún infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip é agus táthar ag súil go soláthróidh sé EUR 260 billiún d’infheistíochtaí breise in aghaidh na bliana faoi 2030, arb ionann é agus thart ar 1.5 % den Olltáirgeacht Intíre in 2018 ó thaobh infheistíochtaí bliantúla breise sa chóras fuinnimh agus iompair agus i mbonneagar gaolmhar idir 2020 agus 2030.
2.2Chun go mbeidh rath ar an gcoincheap sin, tá sé ríthábhachtach go mbeadh baint ag foinsí caipitil phríobháidigh leis. Go deimhin, is cineál nua conartha shóisialta é an coincheap sin idir an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí lena maoinítear tionscadail a bhfuil an-tábhacht ag baint leo agus a rachaidh chun leasa an phobail.
2.3Leagtar amach i gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 sprioc fhoriomlán 25 % maidir le gné na haeráide a phríomhshruthú i gcláir uile an Aontais. Ní mór dlús a choinneáil agus an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme i gceart agus go forleathan agus, leis an gComhaontú sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar an mórdhúshlán domhanda seo le huaillmhian pholaitiúil agus le hardleibhéal éifeachtúlachta teicniúla. Go deimhin, is féidir breathnú ar an gComhaontú Glas don Eoraip mar chnámh droma a bheidh ag samhail eacnamaíoch an Aontais amach anseo. D’fhéadfadh an Comhaontú sin a bheith ina chúis le hathrú bunúsach ar an tsamhail eacnamaíoch agus le cor cinniúnach inti. D’fhéadfadh sé a bheith ina shiombail den bhreisluach coiteann Eorpach agus de cheannaireacht dhomhanda an Aontais.
2.4Ní mór acmhainní airgeadais agus ionstraimí iomchuí a chur le chéile agus a chomhordú leis na Ballstáit agus le réigiúin agus cathracha na mBallstát sin agus iad a leathnú amach ar an leibhéal idirnáisiúnta. Chun na críche sin, áirítear i dTreochlár an Chomhaontaithe Ghlais príomhghníomhaíochtaí maidir leis an méid seo a leanas: an aeráid, fuinneamh, soghluaisteacht, straitéis tionsclaíochta le haghaidh geilleagar glan ciorclach, beartas talmhaíochta, bithéagsúlacht agus digiteáil, an inbhuanaitheacht a phríomhshruthú i gcláir uile an Aontais trí Phlean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus trí straitéis airgeadais inbhuanaithe athnuaite. Is gné bhunúsach den sásra é sin, lena bhfuil sé d’aidhm EUR 1 thrilliún d’infheistíochtaí inbhuanaithe príobháideacha agus poiblí a shlógadh faoi 2030, agus aird a thabhairt freisin ar na tionchair shóisialta a eascróidh as sin.
2.5Is é is aidhm don Sásra um Aistriú Cóir (JTM), lena n-áirítear an Ciste um Aistriú Cóir (JTF) dá dtugtar tús áite sa togra ón gCoimisiún maidir leis an gcéad CAI eile, EUR 100 billiún d’infheistíochtaí a shlógadh le linn 2021-2027. Ba cheart dó cuidiú le laghdú a dhéanamh ar an tionchar socheacnamaíoch, saothair agus comhshaoil a bheidh ag an aistriú chuig Aontas atá neodrach ó thaobh díobháil aeráide de ar an leibhéal réigiúnach.
2.6I ndáil leis an aistriú chuig Aontas atá neodrach ó thaobh díobháil aeráide de, maoineofar an Ciste Nuálaíochta agus an Ciste don Nuachóiriú freisin tríd an ioncam a fhaightear ó lamháltais charbóin (ar a laghad EUR 25 bhilliún sna deich mbliana atá amach romhainn); mar sin féin, ní dhéanfaidh an Ciste don Nuachóiriú difear ach do dheich mBallstát san Aontas.
3.Barúlacha ginearálta
3.1Tá éigeandáil sláinte agus eacnamaíoch san Eoraip faoi láthair de dheasca phaindéim an choróinvíris. Ní mór do na hinstitiúidí Eorpacha go léir a bhfreagairt don éigeandáil agus don phaindéim araon a chomhordú fad is atá gá leis.
3.2Is díol sásaimh do CESE na hacmhainní suntasacha arna gcur ar fáil chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sláinte agus eacnamaíoch, ar acmhainní iad a chuidíonn leis na Ballstáit na hacmhainní atá ceaptha a infheistiú a threisiú, leachtacht na gcuideachtaí a ráthú, poist a choinneáil agus daoine dífhostaithe a chosaint. Tar éis na mbeart ábhartha sin a dhéanamh, ba cheart an Scéim Eorpach Athárachais Dífhostaíochta a fhaomhadh.
3.3Tá an 20 milliún cuideachta san Eoraip ríthábhachtach chun rath sa réimse sin a áirithiú, ach ní mór scála na n-infheistíochtaí a slógadh a bheith comhréireach le scála na ndúshlán. Tá sé fíorthábhachtach i ndáil leis sin go mbeadh na Ballstáit agus institiúidí an Aontais ullamh chun na deighiltí atá eatarthu a shárú.
3.4Idir an dá linn, ba cheart maoiniú ón Aontas a struchtúrú chun dúbailt agus forluí a sheachaint, d’fhonn na tograí ón gCoimisiún a léiriú.
3.5Tá CESE in amhras faoi fhíor-acmhainneacht thogra an Choimisiúin maidir le CAI 2021-2027 chun freastal ar éilimh Phlean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Cé go luaitear go bhfuil EUR 2.6 trilliún “d’infheistíochtaí breise” de dhíth faoi 2030, ní leor an EUR 1 thrilliún a éilítear sa phlean sin chun an sprioc sin a bhaint amach. De dheasca easpa cruinnis cuid de na sásraí agus na cláir atá beartaithe, is deacair raon feidhme iarbhír an phlean a thuiscint.
3.6Molann CESE go gcuirfí tuilleadh sonraí ar fáil maidir le creat airgeadais SEIP. Mar shampla, tá gach ceann de thrí phríomhcholún JTM ag brath ar riachtanais uaillmhianacha, mar atá, JTF féin, mar aon leis an éifeacht ghiarála a mheastar a bheidh ag saoráid iasachta BEI ar an earnáil phoiblí.
3.7Iarrann CESE go ndéanfaí cur síos níos sonraí ar shocrú speisialta an Chomhaontaithe Ghlais atá beartaithe le haghaidh Chlár INvestEU.
3.8Is mór ag CESE na réamhchoinníollacha breise a cruthaíodh agus an simpliú a rinneadh chun go mbeadh infheistíochtaí príobháideacha níos láidre ann, go háirithe i leith na mbannaí glasa. Léirítear go soiléir in anailísí eimpíreacha go bhfuil bannaí ag éirí níos glaise le blianta beaga anuas. Cuireann úsáid na mbannaí glasa le clú an eisitheora (feasacht i leith saincheisteanna aeráide agus tiomantas don inbhuanaitheacht). Tá tóir ar bhannaí glasa i measc réimse leathan infheisteoirí – infheisteoirí intíre, infheisteoirí idirnáisiúnta agus infheisteoirí ESG (comhshaoil, sóisialta, rialachais). Ina theannta sin, tá spéis á léiriú ag bainc infheistíochta mhóra i dtuilleadh bannaí glasa a eisiúint agus, ar an gcaoi sin, táthar ag cur leis an meon glas.
3.9Is díol sásaimh do CESE tacar solúbtha rialacha maidir le státchabhair a bhaineann le hinfheistíochtaí mar gheall ar a mhéid a chuireann siad le gnóthú spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais agus molann sé raon feidhme níos mó a thabhairt do FBManna chun an t-aistriú chuig cuideachta chiorclach a éascú. I gcaitheamh thréimhse an téarnaimh tar éis ghéarchéim an choróinvíris, ba cheart don Aontas breithniú a dhéanamh ar uirlis shealadach a thabhairt isteach, a bhféadfaí “bunriail shóisialta agus ghlas” a thabhairt uirthi. Tríd an uirlis sin, d’fhéadfaí a dhíolmhú ó na rialacha fioscacha na hinfheistíochtaí sin atá dírithe ar éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú agus ar éagothromaíochtaí sóisialta agus an bhochtaineacht (nár tugadh aghaidh orthu mar is ceart ó tharla an Ghéarchéim Airgeadais) a laghdú. A bhuí leis sin, chuirfí borradh faoin infheistíocht a mbeidh géarghá léi le linn théarnamh eacnamaíoch iar-COVID-19 agus thabharfaí aghaidh, an tráth céanna, ar éifeachtaí an athraithe aeráide agus an chomhtháthaithe shóisialta ar fud an Aontais.
3.10Maidir le tiomantas an Choimisiúin maoiniú glas agus infheistíocht ghlas a shaothrú agus, san am céanna, aistriú cóir a áirithiú d’earnálacha agus do réigiúin atá buailte, ba cheart go rachadh an tiomantas sin chun sochair do gach cineál fiontair, agus ba cheart é a spreagadh agus é a bheith mar dheis ag údaráis áitiúla chun oibriú i gcomhpháirt le tionscnaimh phobail, amhail comharchumainn fuinnimh inathnuaite.
3.11Is é an uaillmhian chomhshaoil atá i dTreochlár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip tríú páirtithe an Aontais a spreagadh chun gnímh trína áirithiú go mbeadh inchomparáideacht na ngníomhaíochtaí i bhfoirm comhghuaillíocht tíortha atá ar son na haeráide agus a dhéanann, i gcomhréir le moltaí bhuaiteoirí Dhuais Nobel, Tirole (2017) agus Nordhaus (2018), tíortha a rangú de réir na ngás ceaptha teasa a astaíonn siad, d’fhonn brú a chur ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála chun bheith i bhfabhar taraif charbóin. D’fhéadfaí sásra maidir le “bonnphraghas carbóin” a chur chun feidhme trí scéim an Aontais i ndáil le trádáil astaíochtaí nó tríd an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh a bhfuil athbhreithniú le déanamh uirthi mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip.
4.Barúlacha sonracha
4.1Éifeachtacht an bhuiséid a áirithiú
4.1.1Chun paindéim COVID-19 a mhaolú, is mór ag CESE na bearta uile atá molta atá dírithe ar thacaíocht leachtachta a chur ar fáil d’earnálacha agus do chuideachtaí trí ionstraimí BEI atá bunaithe ar ráthaíochtaí agus a d’fhéadfadh tacú freisin le claochlú BEI go banc aeráide an Aontais.
4.1.2Ar cheann de na príomhcheachtanna a foghlaimíodh maidir leis an ngéarchéim urghnách dhaonna agus eacnamaíoch atá ann de dheasca phaindéim an choróinvíris, tá an gá le Sásra Eorpach treisithe um Chobhsú Infheistíochtaí, sásra a bheadh in ann infheistíocht phoiblí leordhóthanach a chur ar fáil chun dul i ngleic le dúshláin shonracha gach tíre ar leith. Tá gá le bearta freisin a chuideoidh leis na Ballstáit feabhas a chur ar úsáid a gcóras cánachais agus ar bhearta dreasachtaí poiblí ar mhaithe lena ngeilleagair a athbheochan.
4.1.3Cuireann CESE in iúl freisin gur cheart an t-athchóiriú atá beartaithe a dhéanamh ar an gConradh maidir leis an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) a dhéanamh i gcomhthráth le BICC agus le Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT). Tá iarrachtaí suntasacha déanta cheana féin ó thaobh laghdú rioscaí in earnáil na baincéireachta (iasachtaí neamhthuillmheacha a laghdú, íoscheanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a mhéadú, réimeas dócmhainneachta, etc.).
4.1.4Aontaíonn CESE go mór le ról an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) mar bhanc aeráide an Aontais, agus an tábhacht a bhaineann leis an gcomhar le hinstitiúidí airgeadais eile. De réir phrionsabal na comhréireachta, is gá dóthain leachtachta a áirithiú do gach banc a d’fhéadfadh a bheith páirteach in oibríochtaí an Chomhaontaithe Ghlais.
4.2Barr feabhais a chur ar fheidhmíocht na n-ionstraimí agus na n-uirlisí atá beartaithe agus a athdhíríonn próiseas an tSeimeastair Eorpaigh trí na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur i gcroílár phróiseas ceaptha beartais agus ghníomhaíochtaí an Aontais
4.2.1Tá gá le creat tacsanomaíochta fónta agus níos uaillmhianaí i dtaca le gníomhaíochtaí inbhuanaithe, lena n-áirítear gnéithe sóisialta, agus sineirgí a chruthú leis an dul chun cinn atá déanta ag na Náisiúin Aontaithe trí na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chomhtháthú go cuí sa Seimeastar Eorpach. Ba cheart cinntí maidir leis an gcaoi ar cheart cistí téarnaimh an Aontais a chaitheamh a threorú trí phróiseas tacsanomaíochta airgeadais ghlais uile-Aontais arb é is aidhm dó infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí glana a chúiteamh.
4.2.2Iarrann CESE go mbainfí úsáid níos doimhne agus níos fearr as foinsí staidrimh poiblí, lena neartófaí ról Eurostat maidir le sonraí fónta a chur ar fáil a bhaineann le feidhmíocht “ó thaobh na hinbhuanaitheachta de”. Ba cheart an nasc le táscairí feidhmíochta Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus le forálacha BEI a fheabhsú.
4.2.3Tá gá le réitigh theicneolaíocha chun “gráinneacht sonraí” d’fhoinsí éagsúla a bhaint amach (go dtí an suíomh geospásúil) agus chun oibriú ar an inchomparáideacht idir tíortha. San am céanna, dá ndéanfaí athbhreithniú ar an Treoir maidir leis an Tuairisciú Neamhairgeadais (2014/95/AE), d’fhéadfaí cur le nochtadh faisnéise caighdeánaithe ar ardcháilíocht atá níos iomláine, níos ábhartha agus níos inchomparáide a bhuí le modheolaíocht chomhchuibhithe, lena gcuirfí san áireamh na moltaí ón Tascfhórsa um Nochtaí Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid.
4.2.3.1Ba cheart nochtadh faisnéise neamhairgeadais a bheith oscailte do FBManna, lena gcuirfí cúnamh teicniúil ar fáil chun príomhshonraí atá éasca a fháil a ghabháil (chun príomhtháscairí feidhmíochta a fhothú).
4.2.4Creat dinimiciúil tacsanomaíochta de na gníomhaíochtaí inbhuanaithe: ba cheart cleachtais mhargaidh a ghabhann le táscairí láidre tionchair a luacháil agus a chomhtháthú. Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá tástálacha margaidh i dtaca le tionscadail oiriúnacha a roghnú.
4.2.4.1Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil géarghá le modheolaíochtaí níos cruinne a úsáid i gcás ina bhfuil siad ar fáil d’fhonn córais scórála a fhorbairt atá bunaithe ar fhaisnéis iontaofa arna soláthar ag cuideachtaí chun cloí le gach caighdeán táirgí airgeadais (lipéid, bannaí glasa, agus na tagarmharcanna inbhuanaitheachta) a ceapadh sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Maoiniú Inbhuanaithe.
4.2.4.2Tá aiseolas de dhíth maidir leis an bpróiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar ríomhanna tionchair a dhéanann grúpaí dréachtóireachta de chuid na Náisiún Aontaithe (go háirithe, maidir le cáin charbóin agus trádáil astaíochtaí carbóin, ar príomhghné iad sin chun tagarmharcanna inbhuanaithe iontaofa a áirithiú).
4.2.5Is díol sásaimh do CESE an plean tioncharmheasta chun spriocanna an Aontais i ndáil le laghduithe ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa do 2030 a mhéadú, atá le foilsiú faoi shamhradh 2020 agus ina bhfuil anailís ar na riachtanais infheistíochta. Thairis sin, tathantaíonn CESE go sonrófaí an tionchar a bhaineann leis an dul chun cinn i gcur chun feidhme Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.
4.2.6Ba cheart ról comhlántach a bheith ag institiúidí iniúchóireachta agus comhlachtaí poiblí faireacháin, amhail Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, maidir le faireachán a dhéanamh ar thionchair shóisialta na laghduithe thuasluaite.
4.2.7Leagann CESE béim ar acmhainneacht na mórshonraí agus na hintleachta saorga i ndáil le sainroghanna na n-infheisteoirí a ailíniú le ceann scríbe na n-infheistíochtaí. Ba cheart anailís a dhéanamh ar réitigh mheaisínfhoghlama freisin chun sreafaí infheistíochta a atreorú chuig earnálacha nó gníomhaíochtaí ar leith ina n-áirítear prionsabail Chomhshaoil, Shóisialta agus Rialachais (ESG).
4.3Cúnamh teicniúil
4.3.1Tá an fothú acmhainneachta a rinne an Coimisiún Eorpach agus an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht ina mbonn maith chun tionscadail inbhuanaithe nua a bhunú, ach ní mór modheolaíochtaí níos láidre a chur i bhfeidhm trínar féidir sreafaí airgeadais a atreorú chuig an ngeilleagar glas.
4.3.2Aontaíonn CESE le pointe iontrála aonair a sholáthar chun an rochtain ar mhaoiniú a éascú trí thionscnóirí tionscadail poiblí agus príobháideacha agus trí idirghabhálaithe airgeadais. I gcás FBManna, tacaíonn CESE le comhar struchtúrach idir é agus a eagraíochtaí ionadaíocha.
4.4An t-oideachas airgeadais (agus an cúnamh teicniúil le chéile)
4.4.1Do na saoránaigh; ó aois réamhscoile: tá méadú ag teacht ar líon na saoránach Eorpach atá ag iarraidh go mbeadh baint ag a gcoigilteas agus a n-infheistíochtaí le cuspóirí sóisialta agus comhshaoil. Is féidir leis an inniúlacht airgeadais (tuiscint níos doimhne ar an gcaoi a n-oibríonn maoiniú) na saoránaigh a chumhachtú agus iad a chur ar an eolas i gceart maidir le saincheisteanna airgeadais inbhuanaithe, lena n-áirítear ról iomchuí an mhaoinithe sa tsochaí a shainiú.
4.4.2Tá sé sin ábhartha do na comhlachtaí teicniúla uile atá rannpháirteach i bpróiseas an Chomhaontaithe Ghlais agus d’eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta.
4.5Inbhuanaitheacht scileanna do ghnólachtaí
4.5.1Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil scileanna i gcur i bhfeidhm, oiriúnú agus cothabháil teicneolaíochtaí riachtanach chun teicneolaíochtaí glana a ghlacadh agus a scaipeadh. Tá scileanna ríthábhachtach freisin do gheilleagair agus do ghnólachtaí, d’oibrithe agus d’fhiontraithe, chun gur féidir leo iad féin a oiriúnú go tapa do na hathruithe a eascraíonn as beartais chomhshaoil nó as an athrú aeráide. Is den riachtanas iad na scileanna cearta do phoist ghlasa chun an t-aistriú chuig geilleagar níos glaise a chur i gcrích.
4.5.2Cuireann CESE in iúl gurb é ceann de na príomhchuspóirí chun dul in oiriúint do phoist atá ag athrú agus do riachtanais poist ná gur cheart oibrithe a choinneáil ar an eolas faoi na scileanna nua atá ag teastáil sa gheilleagar glas. Ba cheart straitéis shoiléir maidir le fadbhreathnaitheacht ó thaobh scileanna de agus treochlár i dtaca le scileanna a bheith ann chun an lucht saothair a dhéanamh oiriúnach do na riachtanais thionsclaíocha a bheidh ann amach anseo agus a áirithiú go mbeidh sin amhlaidh i gcónaí. Dá bhrí sin, ba cheart an infheistíocht san oideachas agus san oiliúint, mar aon le cultúr foghlama ar feadh an tsaoil a neartú, a bheith ina mbunchloch don aistriú cóir ar an leibhéal réigiúnach.
4.6Soláthar poiblí atá freagrach ar bhonn sóisialta
4.6.1Is é an soláthar poiblí atá freagrach ar bhonn sóisialta an bonn leis an aistriú éiceolaíoch atá á dhéanamh ag lucht riaracháin agus leis an gcomhrac i gcoinne na héillitheachta, lena n-áirítear cleachtas freagrach a chur chun cinn trí sholáthraithe seirbhísí.
4.6.2Tacaíonn CESE le critéir ghlasa éigeantacha íosta nó spriocanna maidir leis an soláthar poiblí i dtionscnaimh earnála, sa mhaoiniú ón Aontas nó i reachtaíocht le haghaidh táirgí ar leith trí úsáid a bhaint as táscairí comhshaoil i bhfianaise dhul chun cinn chreat tacsanomaíochta an Aontais. I dtaca leis sin, tá gá le Scéimeanna maidir le Faisnéis Lipéadaithe Comhshaoil atá níos iomlánaí, níos trédhearcaí agus níos cuíchóirithe a chomhlíonann spriocanna inbhuanaithe diana.
4.7An Sásra um Aistriú Cóir
4.7.1Is díol sásaimh do CESE an Sásra um Aistriú Cóir (JTM) a bhfuil an-acmhainneacht aige ó thaobh an t-aistriú glas a éascú in earnálacha agus réigiúin ar leith. Tugann sé dá aire nár cheart JTM a theorannú don mhaoiniú le haghaidh dícharbónú agus gur cheart é a chur chun feidhme i gcomhthráth leis na sásraí cobhsaíochta ad hoc agus, ar an gcaoi sin, rachadh an méid sin chun sochair d’earnálacha agus do réigiúin eile atá thíos le drochdhálaí eacnamaíocha agus a bhfuil athchóirithe struchtúracha de dhíth orthu.
4.7.2Is éard atá i gceist le JTM comhcheangal cothrom idir fóirdheontais agus ionstraimí airgeadais, idir cláir a bhainistítear ar bhonn lárnach nó comhroinnte, idir cineálacha éagsúla foinsí airgeadais, mar aon le hinniúlachtaí agus freagrachtaí ar leibhéil éagsúla (leibhéal an Aontais, an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal bardasach). Dá bhrí sin, beidh leibhéal nua rialachais agus bainistíochta ag teastáil don chomhcheangal uathúil sin.
4.7.3A bhuí le JTM, ba cheart go gcruthófaí poist nua ar ardcháilíocht i réigiúin atá buailte. Cuireann CESE in iúl go bhfuil bearnaí scileanna tugtha faoi deara ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (ESI) mar bhac mór i roinnt earnálacha, amhail fuinneamh in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní, athchóiriú fuinnimh foirgneamh, tógáil atá neodrach ó thaobh fuinnimh, seirbhísí comhshaoil agus monarú.
4.7.4Iarrann CESE go mbeadh comhleanúnachas láidir ann idir an Plean Gníomhaíochta atá beartaithe don Gheilleagar Sóisialta in 2021 agus Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip chun infheistíochtaí sa gheilleagar sóisialta a áireamh i gcur chun feidhme an tSásra um Aistriú Cóir.
4.7.5Le JTM, ní mór na hiarrachtaí maidir le dícharbónú atá déanta ag gach tír agus a réigiúin ó 1990 i leith a mheas chun go mbeidh rochtain acu ar chistí agus nach ngearrfar pionós orthu as na hiarrachtaí sin a dhéanamh níos luaithe. Chuige sin, ba cheart do Eurostat feabhas a chur ar fhoilsiú a tháscairí cóineasaithe agus dibhéirseachta (lena n-áirítear meath ar an daonra agus an t-aosú) ionas gur féidir leis na críocha sin tairbhe a bhaint as sin freisin.
4.8Iarracht dhomhanda trí chomhar idirnáisiúnta
4.8.1Is díol sásaimh do CESE an tArdán Idirnáisiúnta maidir le Maoiniú Inbhuanaithe a bunaíodh le déanaí
, lena slógtar caipiteal príobháideach do mhaoiniú atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ar an leibhéal domhanda. Ba cheart an fóram sin a úsáid freisin chun dlús a chur le glacadh idirnáisiúnta an Chórais Trádála Astaíochtaí.
4.8.2Tugann CESE dá aire freisin go bhfuil gá le hinfheistíochtaí comhshaoil agus aeráide chun tacú le gníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas, go háirithe faoi chuimsiú na straitéise don Afraic.
4.8.3Faoi chuimsiú na Freagartha Domhanda ar an gCoróinvíreas, tacaíonn CESE go mór leis an bhfeachtas domhanda gealltanas airgid arb iarracht dhomhanda é chun cistí a bhailiú le haghaidh diagnóisic, cóireálacha agus vacsaíní a bhaineann leis an gcoróinvíreas.
An Bhruiséil, an 10 Meitheamh 2020
Luca Jahier
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
_____________