IARSCRÍBHINN
1.Réamhrá
San Iarscríbhinn seo a ghabhann leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le leas a bhaint as infheistíocht phríobháideach san éifeachtúlacht fuinnimh (an Moladh), soláthraítear mionsonraí maidir le bearta sonracha beartais agus maoiniúcháin chun infheistíochtaí príobháideacha um éifeachtúlacht fuinnimh a shlógadh. Sainaithnítear príomhchéimeanna inti agus soláthraítear samplaí de chásanna rathúla d’fhonn tacú leis na Ballstáit gníomhaíochtaí nithiúla agus scéimeanna maoiniúcháin a bhunú.
Leagadh na bearta sin amach ina dhá roinn de réir an dá spreagadh idirnasctha chun leas a bhaint as infheistíochtaí príobháideacha:
(1) an t‑éileamh ar infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a ghníomhachtú agus a chomhiomlánú;
(2) feabhas a chur ar an soláthar tairiscintí maoiniúcháin le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh, infheistíochtaí a dhí-rioscú agus deiseanna athmhaoiniúcháin.
Baineann roinn a haon le moltaí 2 go 6 den phríomhthéacs, agus baineann roinn a dó le moltaí 7 go 12. Tá moladh a haon maidir le creat tacaíochta maoiniúcháin phoiblí fadtéarmach a bhunú le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh ina réamhriachtanas chun gníomhaíochtaí breise a fhorbairt ar féidir leo dlús a chur le hinfheistíocht phríobháideach agus, ar an iomlán, cás gnó na héifeachtúlachta fuinnimh a shlógadh a thuilleadh.
I bhfianaise na ndifríochtaí rialála agus rialachais atá ann cheana idir na Ballstáit agus a gcleachtais mhaoiniúcháin éagsúla maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus forbairt tairiscintí maoiniúcháin phríobháidigh le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh, ní mór na moltaí san Iarscríbhinn seo a chur in oiriúint do chreat sonrach éifeachtúlacht fuinnimh náisiúnta agus réigiúnach gach Ballstáit agus dá chreat sonrach rialachais.
Chun an Moladh a fhorbairt, agus mar chuid den tuarascáil chomhpháirteach ghaolmhar maidir le maoiniú éifeachtúlachta fuinnimh san Eoraip – meastóireacht ar chaiteachas poiblí le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh, rinne an Coimisiún, le tacaíocht ó na húdaráis náisiúnta, níos mó ná 400 scéim maoinithe phoiblí a thacaíonn le hinfheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh ar fud 27 mBallstát an Aontais a shainaithint agus a mheasúnú, lena n‑áirítear scéimeanna arna gcómhaoiniú ag an Aontas. De réir na tuarascála comhpháirtí, is scéimeanna maoiniúcháin neamh-inaisíoctha a bhíonn in úsáid ag na Ballstáit den chuid is mó chun tacú le héifeachtúlacht fuinnimh. Ní bhíonn réitigh eile a dhíríonn ar scéimeanna maoiniúcháin inaisíoctha ar fusa dóibh infheistíocht phríobháideach a mhealladh chomh coitianta céanna. Tugtar ar aire sa tuarascáil chomhpháirteach gur infheistíocht bhliantúil EUR 370 billiún in aghaidh na bliana a theastaíonn chun spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh 2030 a bhaint amach le haghaidh na tréimhse 2021-2030 agus gur thart ar EUR 170 billiún in aghaidh na bliana a bhí sa bhearna infheistíochta réamh-mheasta chun na spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach. Ní mór é sin a áireamh i gcomhthéacs acmhainní buiséadacha an Aontais le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh, ar tháinig méadú 491 % orthu i gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 i gcomparáid leis an tréimhse 2014-2020, is é sin le rá méadú ó EUR 26,5 billiún go 156,6 billiún agus formhór mór an mhéadaithe sin ag teacht ón tsaoráid téarnaimh agus athléimneachta (‘STA’). Is é conclúid na tuarascála gur bunriachtanas le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh iad acmhainní buiséid phoiblí an Aontais agus na hacmhainní buiséid phoiblí náisiúnta cé nach gcumhdaítear leo ach sciar teoranta (14,4 %) den bhearna infheistíochta. Dá bhrí sin, ba cheart an leas is fearr is féidir a bhaint as éifeacht chatalaíoch an chistiúcháin phoiblí, trí chur lena éifeachtacht agus lena éifeachtúlacht chun coigilteas fuinnimh níos airde a bhaint amach agus caipiteal príobháideach breise a mhealladh.
2.An t‑éileamh ar infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a ghníomhachtú agus a chomhiomlánú
Is céim ríthábhachtach é gníomhachtú agus comhiomlánú an éilimh ar infheistíocht chun maoiniú príobháideach a shlógadh le haghaidh infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh. Dá bhrí sin, is gá foinsí láidre infheistíochta a fhorbairt agus an t‑éileamh ar éifeachtúlacht fuinnimh a spreagadh chun ionstraimí den sórt sin a dhéanamh níos tarraingtí d’infheisteoirí príobháideacha. Tá ról lárnach ag Ballstáit an Aontais maidir leis an éileamh ar infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh a ghníomhachtú agus a chomhiomlánú. Baineann an chaibidil thíos le moltaí 2 go 6 den phríomhthéacs.
2.1.Moladh 2: An Ciste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh nó saoráidí coibhéiseacha a bhunú nó a neartú
Tá sé ríthábhachtach sreafaí éagsúla maoinithe agus an cúnamh teicniúil agus airgeadais a chomhiomlánú i gciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh, nó i saoráid choibhéiseach, amhail na bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh, chun tacú le bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme agus chun rannchuidiú na mBallstát le spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh 2030 an Aontais a bhaint amach. Is féidir le ciste den sórt sin cuidiú leis an gcomhordú náisiúnta agus le tacaíocht chistiúcháin láraithe a fheabhsú, le saineolas maidir le maoiniú éifeachtúlachta fuinnimh a chomhthiomsú, agus cumasc scéimeanna maoiniúcháin éagsúla agus foinsí tacaíochta airgeadais poiblí éagsúla a éascú agus na foinsí infheistíochta a chomhiomlánú ar bhealach níos fearr, trí na rialacha maidir le hincháilitheacht, faireachán agus fíorú a ailíniú.
Is in Airteagal 30 den Treoir athmhúnlaithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh (TEF) a bhunaítear ról an chiste Náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh maidir le rannchuidiú le spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais. Déantar foráil freisin in Airteagal 30 TEF maidir leis an rogha cuid de na ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh a chomhlíonadh trí ranníocaíocht airgeadais leis an gciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh.
Ó 2024 ar aghaidh bhí ciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh nó eintiteas comhchosúil i bhfeidhm ag 16 Bhallstát as 27 mBallstát. Mar sin féin, tá éagsúlacht mhór idir na saoráidí cistiúcháin náisiúnta sin ó thaobh an mhéid maoinithe agus an chineáil tacaíochta cistiúcháin a chuirtear ar fáil, agus dealraíonn sé go bhfuil go leor díobh díomhaoin nó nach ndéantar ach tearcshaothrú orthu.
Is céim thábhachtach é ciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh, nó a leithéid, a bhunú nó a athsheoladh chun feabhas a chur ar an gcreat maoiniúcháin náisiúnta agus infheistíocht phríobháideach san éifeachtúlacht fuinnimh a scaoileadh. Is féidir le heintiteas tiomnaithe den sórt sin feabhas a chur ar chomhordú agus ar chomhiomlánú ionstraimí agus sásraí maoiniúcháin, trí acmhainní poiblí a chomhthiomsú agus réitigh mhaoiniúcháin chumaiscthe a chur in úsáid, agus an meascán de dheontais agus d’iasachtaí le haghaidh infheistíochtaí sonracha á ghiaráil. Thairis sin, trí shaineolas teicniúil agus airgeadais a chomhiomlánú, is féidir le ciste den sórt sin tacaíocht cúnaimh theicniúil a chur ar fáil do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh ar mórscála agus réitigh mhaoiniúcháin nuálacha le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh a phíolótú.
Príomhbhacainn amháin le maoiniú cumaiscthe a chur in úsáid le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh is ea an easpa comhordaithe idir cláir deontais agus ionstraimí airgeadais amhail iasachtaí fabhracha, ráthaíochtaí poiblí nó réitigh dhí-rioscaithe eile. Is minic a phlódaíonn deontais ionstraimí airgeadais eile amach, go háirithe nuair nach bhfuil idirdhealú soiléir idir sásraí tacaíochta neamh-inaisíoctha agus sásraí tacaíochta inaisíoctha. Trí acmhainní agus saineolas a chomhthiomsú in eintiteas amháin, eintiteas nua nó eintiteas atá ann cheana, ar an leibhéal náisiúnta, is féidir comhordú níos fearr a chumasú idir sreafaí maoinithe éagsúla, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí rialacha agus nósanna imeachta a ailíniú chun measúnú a dhéanamh ar incháilitheacht na mbeart, chun faireachán a dhéanamh agus chun an coigilteas fuinnimh a bhaintear amach a fhíorú. I roinnt mhaith cásanna, trí na creataí tacaíochta náisiúnta d’infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a fheabhsú agus a shimpliú, is féidir costais idirbheart a laghdú, cur leis an trédhearcacht agus infheictheacht fhadtéarmach a sholáthar do na páirtithe leasmhara tionscail agus d’institiúidí airgeadais sa mhargadh náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh, rud a fhágann go mbeidh cás gnó na héifeachtúlachta fuinnimh níos tarraingtí.
Ina theannta sin, trí shaineolas maoinithe éifeachtúlachta fuinnimh a chomhthiomsú i gciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh, is féidir bailiú sonraí maidir le hinfheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a chomhordú níos fearr agus cur le comhar le hinstitiúidí airgeadais príobháideacha. Is féidir go mbeidh sé ina chuidiú freisin chun aiseolas spriocdhírithe a sholáthar do lucht ceaptha beartas náisiúnta agus Eorpach maidir le dlús a chur le hinfheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh. Tá ról comhordaithe agus bailithe faisnéise an Chiste Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh fite fuaite le comhpháirtíochtaí ar an leibhéal náisiúnta a chur chun cinn idir údaráis phoiblí, institiúidí airgeadais agus tionscal na héifeachtúlachta fuinnimh chun gur fearr is féidir dreasachtaí poiblí agus scéimeanna tacaíochta a chomhordú le réitigh maoinithe phríobháidigh. Is féidir comhpháirtíochtaí den sórt sin a bheith ann freisin i gcomhthéacs na mol náisiúnta arna mbunú laistigh den Chomhghuaillíocht Eorpach um Maoiniú Éifeachtúlachta Fuinnimh.
I bhfianaise an mhéid sin, is iad seo a leanas na príomhghníomhaíochtaí chun tacú le comhiomlánú sreafaí cistiúcháin éifeachtúlachta fuinnimh agus saineolais maoinithe:
-Measúnú a dhéanamh ar staid na scéimeanna maoinithe éifeachtúlachta fuinnimh sa tír, chun a shuí an féidir costais idirbheart a laghdú le comhiomlánú méadaithe acmhainní maoinithe agus le comhordú tacaíochta maoiniúcháin phoiblí, agus tarraingteacht agus infheictheacht infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh d’infheisteoirí príobháideacha á méadú.
-Ciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh nó eintiteas comhchosúil a bhunú nó an ceann atá ann cheana a neartú. Ba cheart sainordú soiléir a thabhairt don chiste chun maoiniú éifeachtúlachta fuinnimh a shlógadh ar fud earnálacha éagsúla, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh chun an stoc tithíochta atá ann cheana a athchóiriú agus chun athrú cuspóra a chur ar fhoirgnimh le bheith ina dtionscadail tithíochta a bheidh tíosach ar fhuinneamh. Is féidir é sin a bhaint amach trí struchtúr tiomnaithe a chruthú ag a mbeidh sainordú sonrach chun infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh a shlógadh, laistigh de chomhlachtaí atá ann cheana a chuireann infheistíochtaí caipitil chun cinn nó lasmuigh díobh, chun tacaíocht mhaoiniúcháin phoiblí an Aontais agus tacaíocht maoiniúcháin phoiblí náisiúnta le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh a bhainistiú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an saineolas is gá ag foireann an struchtúir chun a shainordú a bhaint amach go héifeachtach.
-Caipitliú an chiste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a chinneadh, lena gcuirtear de chúram air cláir náisiúnta fhadtéarmacha éifeachtúlachta fuinnimh a mhaoiniú; réitigh mhaoiniúcháin chumaiscthe a fhorbairt; agus cúnamh teicniúil a sholáthar le haghaidh maoiniú éifeachtúlachta fuinnimh. Is féidir an ciste a chaipitliú ar bhealaí éagsúla, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh leis an mbuiséad poiblí agus cláir tacaíochta phoiblí an Aontais/náisiúnta; le hinfháltais óna ionstraimí airgeadais fadtéarmacha le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh; le hioncam ó cheantanna deimhnithe coigiltis fuinnimh faoi scéimeanna náisiúnta um oibleagáidí éifeachtúlachta fuinnimh; le lamháltais astaíochtaí faoi chóras trádála astaíochtaí an Aontais; le trádáil Deimhnithe Bána; nó trí chistiú príobháideach a ghiaráil i margaí caipitil, amhail infháltais coigiltis fuinnimh a aistriú chuig infheisteoirí institiúideacha atá gníomhach sa mhargadh tánaisteach.
-Ról an chiste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh nó eintitis chomhchosúil a ardú maidir le cúnamh teicniúil a sholáthar le haghaidh tionscadail infheistíochta ar mórscála; sonraí a bhailiú; measúnú a dhéanamh ar fhorbairt an mhargaidh éifeachtúlachta fuinnimh agus infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh; agus sainchomhairle a chur ar fáil maidir le hionstraimí airgeadais, réitigh mhaoiniúcháin nuálacha agus beartas, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí mhoil náisiúnta na Comhghuaillíochta Eorpaí um Maoiniú Éifeachtúlachta Fuinnimh.
I measc na samplaí rathúla de chistí náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh tá ALTUM sa Laitvia, a chomhiomlánaíonn tacaíocht agus saineolas cistiúcháin éifeachtúlachta fuinnimh laistigh de shaoráid náisiúnta atá ann cheana, agus Ciste Náisiúnta na Spáinne um Éifeachtúlacht Fuinnimh, a bunaíodh chun oibleagáidí náisiúnta coigiltis fuinnimh a bhaint amach agus a ngníomhaíochtaí á leathnú.
2.2.Moladh 3: Cur go mór le hionstraimí airgeadais fadtéarmacha agus réitigh mhaoiniúcháin chumaiscthe fhadtéarmacha
Mar chuid den tuarascáil maidir le maoiniú éifeachtúlachta fuinnimh san Eoraip, rinne an Coimisiún suirbhé ar leibhéal an mhaoinithe éifeachtúlachta fuinnimh ar fud Bhallstáit AE-27, agus rinne sé measúnú ar na scéimeanna maoinithe éifeachtúlachta fuinnimh atá ann cheana, arna gcistiú ag an Aontas agus go náisiúnta araon. As 426 scéim maoinithe éifeachtúlachta fuinnimh a sainaithníodh ar fud Bhallstáit AE-27 sa tréimhse 2014-2024, ní raibh ionstraimí airgeadais, lena n‑áirítear tacaíocht maoiniúcháin chumaiscthe lena gcomhcheanglaítear deontais agus iasachtaí in aon oibríocht amháin, in úsáid ach ag 25 % díobh. Scéimeanna neamh-inaisíoctha amhail deontais agus creidmheasanna cánach a bhí sa 75 % eile. Ní raibh ach dornán Ballstát ann ina raibh níos mó ná 30 % den tacaíocht chistiúcháin phoiblí le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh i gceist le hionstraimí airgeadais agus réitigh mhaoiniúcháin chumaiscthe.
Cé nach gá go gcuirfí cosc ar shlógadh infheistíochtaí príobháideacha le scéimeanna deontasbhunaithe, creidmheasanna cánach agus cineálacha eile fóirdheontas neamh-inaisíoctha, is minic fachtóirí giarála níos ísle ag baint leo agus rátaí déine deontais níos airde i gcomparáid le hionstraimí airgeadais agus réitigh mhaoiniúcháin chumaiscthe. D’fhéadfadh sé go bplódófaí caipiteal príobháideach amach as cistiú na héifeachtúlachta fuinnimh mar thoradh air. Thairis sin, is féidir gur cur chuige ‘stoptha agus imeachta’ a bheadh mar thoradh ar chláir deontas agus fóirdheontas a bhraitheann go mór ar acmhainneacht fhioscach na mBallstát agus ranníocaíochtaí ó bhuiséad an Aontais, lena gcuirfí bac ar fhorbairt mhargaidh rathúil éifeachtúlachta fuinnimh. Ina theannta sin, i gcomparáid le hionstraimí airgeadais agus réitigh mhaoiniúcháin chumaiscthe, ní dhéantar margaí caipitil ná rannpháirtíocht infheisteoirí príobháideacha a ghiaráil le cláir dheontasbhunaithe agus creidmheasanna cánach, ach is minic iad ag brath go hiomlán ar chómhaoiniú príobháideach ó acmhainní dílse agus ó choigilteas thairbhithe na ndeontas. Aisteach go leor, cruthaíonn an cineál maoinithe neamh-inaisíoctha bacainn ar rochtain dóibh siúd nach bhfuil acmhainní dílse leordhóthanacha acu chun an cómhaoiniú riachtanach a chumhdach, nó, i gcás scéimeanna creidmheasanna cánach, nach bhfuil ioncaim inchánach sách ard acu chun tairbhe a bhaint as an scéim. Is féidir go mbeadh tionchair chúlchéimnitheacha aige sin ar an mbeartas fioscach, i gcás ina méadaítear ar an rochtain ar fhóirdheontais phoiblí i gcomhréir le hioncam inchánach.
An tráth céanna, is minic riosca ard agus deacrachtaí leis an rochtain ar mhaoiniú a bheith ina mbac ar infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh. D’fhéadfadh sé sin tarlú i gcás codanna áirithe den mhargadh, amhail teaghlaigh ísealioncaim, foirgnimh ilárasán nó FBManna, nó le hinfheistíochtaí coigiltis fuinnimh níos uaillmhianaí nó cur in úsáid teicneolaíochtaí nua. Trí thacaíocht deontais a úsáid in éineacht le hiasachtaí, mar aon le bearta dí-rioscaithe eile, amhail ráthaíochtaí poiblí, is féidir na rioscaí a bhaineann leo a laghdú.
Dá bhrí sin, chun níos mó caipiteal príobháideach a mhealladh chuig an éifeachtúlacht fuinnimh agus rochtain leathan ar thacaíocht airgeadais fhadtéarmach á háirithiú, ba cheart do na Ballstáit cur le cur in úsáid ionstraimí airgeadais, go háirithe scéimeanna maoinithe cumaiscthe ar mórscála ina gcomhcheanglaítear deontais agus ionstraimí airgeadais, lena n‑áirítear iasachtaí agus ráthaíochtaí poiblí. Is féidir é sin a bhaint amach trí ionstraimí náisiúnta airgeadais fadtéarmacha a bhunú le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh chun deiseanna maoinithe fadtéarmacha a chur ar fáil, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí chistí imrothlacha a chur chun feidhme agus trí thacaíocht deontas a choigeartú chun freastal ar riachtanais na dtairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu.
Trí ionstraimí airgeadais fadtéarmacha a bhunú ar scála, beifear in ann comhoibriú le gníomhaithe margaidh freisin – institiúidí airgeadais, cuideachtaí seirbhísí fuinnimh, maoiniú tríú páirtí agus forbróirí tionscadail – agus ionchas cobhsaí fadtéarmach a chur ar fáil chun an teaglaim de ranníocaíochtaí poiblí agus príobháideacha a uasmhéadú. Ba cheart na hionstraimí sin a bheith ar fáil le haghaidh earnálacha éagsúla agus is féidir leo oibriú mar chistí imrothlacha, a athmhaoinítear go rialta trí chistí poiblí.
Ba cheart na hionstraimí sin a chomhcheangal freisin de thacaíocht thiomnaithe cúnaimh theicniúil, chun meáin airgeadais shonracha éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt, lena ngiarálfar rannpháirtíocht institiúidí airgeadais príobháideacha agus cuideachtaí seirbhísí fuinnimh, agus réitigh mhaoiniúcháin nuálacha, amhail conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh mar sheirbhís.
Chun ionstraimí airgeadais le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh a uas-scálú go héifeachtach, ba cheart iasachtaí inaisíoctha ar rátaí fabhracha agus ráthaíochtaí poiblí a chomhcheangal de thacaíocht thiomnaithe deontas, a shaincheapfar de réir critéir shonracha, amhail raon feidhme an fheabhsaithe ar éifeachtúlacht fuinnimh, an deighleog den daonra a bhfuiltear ag díriú uirthi, nó an cineál sócmhainne a bhfuiltear ag díriú air (e.g. na foirgnimh is neamhfheidhmiúla agus athchóirithe ar fhoirgnimh ilárasán). Ba cheart tús áite a thabhairt do réitigh mhaoiniúcháin chomhcheangailte a bhunú lena ndéanfar deontais phoiblí a ghiaráil chun rochtain ar chistiú a áirithiú agus infheistíochtaí níos uaillmhianaí a dhí-rioscú. Tá cistí náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh nó eintitis chomhchosúla in áit mhaith chun ionstraimí airgeadais fadtéarmacha den sórt sin a chur in úsáid, agus iasachtaí nó ráthaíochtaí le comhpháirteanna ar deontais iad á gcomhcheangal in aon oibríocht éifeachtúlachta fuinnimh amháin.
Mar shampla, laistigh de chistí an bheartais comhtháthaithe, d’fhorbair an Coimisiún agus ardán seirbhíse comhairlí fi-compass an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) samhail chruthaithe le haghaidh ionstraim airgeadais um éifeachtúlacht fuinnimh a bhfuil comhpháirt deontais ag gabháil léi, faoina soláthraíonn an comhlacht a chuireann an ionstraim airgeadais chun feidhme an iasacht agus an chomhpháirt den ionstraim airgeadais ar deontas í araon.
Breisluach tábhachtach amháin a bhaineann le hionstraimí airgeadais ina bhfuil comhcheangal d’iasachtaí, ráthaíochtaí, deontais agus cúnamh teicniúil is ea a bpoitéinseal mar chiste imrothlach agus a ndearcadh fadtéarmach. Trí úsáid na n‑ionstraimí airgeadais sin a uas-scálú, soláthraítear cobhsaíocht agus intuarthacht, a thacaíonn le margadh rathúil éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt. Cuirtear ar a gcumas don údarás airgeadais a bhainistíonn na hionstraimí airgeadais an méid inaisíoctha – lúide an tacaíocht deontais agus bearta dí-rioscaithe eile – a athinfheistiú in infheistíochtaí nua éifeachtúlachta fuinnimh. Cé go mbeidh athchaipitliú tréimhsiúil de dhíth ar an gciste poiblí lena soláthraítear acmhainní do na hionstraimí airgeadais, is féidir leis athinfheistiú go leanúnach i mbearta nua éifeachtúlachta fuinnimh, rud a fhágann gur samhail a bhfuil gealladh fúithi iad cistí imrothlacha chun infheistíochtaí príobháideacha a shlógadh.
I bhfianaise an mhéid sin, is iad seo a leanas na príomhghníomhaíochtaí chun tacú le cur in úsáid ionstraimí airgeadais agus réiteach maoiniúcháin chumaiscthe le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh:
Úsáid ionstraimí airgeadais poiblí a uas-scálú go mór chun infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a chistiú mar chuid den chreat maoiniúcháin náisiúnta agus laistigh den chiste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh, nó saoráid choibhéiseach, chun dearcadh fadtéarmach ar an infheistíocht a sholáthar don slabhra luacha náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh agus do thairbhithe a d’fhéadfadh a bheith ann.
Réitigh mhaoiniúcháin chumaiscthe a bhunú lena gcomhcheanglaítear iasachtaí, ráthaíochtaí poiblí agus tacaíocht deontais in aon oibríocht amháin. Bacainní a laghdú ar an rochtain ar thacaíocht mhaoiniúcháin le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh, trí ionstraimí airgeadais a bhunú a bhfuil comhpháirt deontais iontu, nó trí chomhcheangal de shreafaí maoinithe éagsúla a chumasú lena soláthraítear iasachtaí, ráthaíochtaí poiblí agus tacaíocht deontais don infheistíocht éifeachtúlachta fuinnimh chéanna.
Tacaíocht na ndeontas comhcheangailte a choigeartú chun an riosca agus na bacainní ar rochtain ar mhaoiniú a laghdú bunaithe ar thosca amhail leibhéal an ioncaim teaghlaigh, luach na sócmhainní spriocdhírithe nó méid na hinfheistíochta. Mar shampla, is féidir cur leis an tacaíocht deontais chomhcheangailte le haghaidh infheistíochtaí a dhírítear ar theaghlaigh ísealioncaim agus ar theaghlaigh leochaileacha, ar na foirgnimh is neamhfheidhmiúla, ar mhicrifhiontair agus ar FBManna, nó le haghaidh infheistíochtaí a dhírítear ar athchóiriú domhain fuinnimh a dhéanamh ar na foirgnimh is neamhfheidhmiúla nó ar chláir infheistíochta éifeachtúlachta fuinnimh ar mórscála as a dtiocfaidh coigilteas fuinnimh mór.
Gné na gcistí imrothlacha d’ionstraimí airgeadais um éifeachtúlacht fuinnimh a bhfuil comhpháirt deontas comhcheangailte acu a ghiaráil. Instealladh caipitil phoiblí tosaigh a sholáthar agus é a chur ar a chumas don údarás cistiúcháin aisíocaíochtaí a athinfheistiú i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh breise ar chostas breise íseal nó nialasach ar an mbuiséad poiblí, trí dhearcadh fadtéarmach a sholáthar don tsaoráid chistiúcháin.
Tacú le meáin airgeadais shonracha éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt, agus leas á bhaint as an gcomhar idir margadh na gcuideachtaí seirbhísí fuinnimh, institiúidí airgeadais agus úinéirí sócmhainní móra, amhail údaráis phoiblí, cuideachtaí poiblí, lena n‑áirítear soláthraithe tithíochta poiblí, agus cuideachtaí móra eastáit réadaigh.
Athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat maoinithe náisiúnta atá ann cheana agus deontais, iasachtaí agus ráthaíochtaí poiblí a chumasú ó shreafaí maoiniúcháin éagsúla a chuirfear le chéile in aon infheistíocht éifeachtúlachta fuinnimh amháin. Sa tslí sin cuirfear deireadh leis na bacainní le maoiniú atá ann cheana, amhail rialacha éagsúla a bheith ann maidir le hincháilitheacht agus íocaíochtaí agus comhordú inmheánach teoranta maidir le cláir thacaíochta um maoiniú éifeachtúlachta fuinnimh a chur in úsáid.
An leas is mó is féidir a bhaint as cistí buiséid agus cláir de chuid an Aontais chun ionstraimí airgeadais a chur in úsáid ar scála. Is fiú féachaint an bhféadfaí an Ciste Aeráide Sóisialta agus na hioncaim náisiúnta ó Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (ó CTA1 atá ann cheana agus ó CTA2 atá ar na bacáin) a úsáid chuige sin.
2.3.Moladh 4: Saoráidí cúnaimh forbartha tionscadail a chur in úsáid agus tacú le forbairt ‘comhbhailitheoirí’ tionscadal éifeachtúlachta fuinnimh
Príomhbhacainn le hinfheistíocht caipitil phríobháidigh san éifeachtúlacht fuinnimh a mhealladh go minic is ea tarraingteacht theoranta shruth na hinfheistíochta. Fágann méid réasúnta beag agus cineál ilroinnte na n‑infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh go mbíonn siad ábhairín casta agus nach mbíonn siad chomh tarraingteach céanna d’infheisteoirí príobháideacha i gcomparáid le hinfheistíochtaí eile.
Chun tuilleadh infheistíochtaí caipitil phríobháidigh a ghiaráil, tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar an éileamh ar infheistíocht agus feabhas a chur ar cháilíocht shruth na hinfheistíochta éifeachtúlachta fuinnimh. Ba cheart do na Ballstáit tacú le cur in úsáid (i) cúnaimh theicniúil chun ionstraimí airgeadais a dhearadh lena gcomhiomlánófar tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh ar mionscála agus athchóirithe fuinnimh agus (ii) cúnaimh thiomnaithe forbartha tionscadail chun cúnamh a thabhairt d’úinéirí sócmhainní, d’údaráis áitiúla, do chuideachtaí poiblí, d’eastát réadach tráchtála agus d’fhiontair maidir le tionscadail infheistíochta ar mórscála a dhearadh.
D’fhéadfadh lárú na tacaíochta cúnaimh theicniúil cuid mhór a dhéanamh chun infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a chomhiomlánú agus bailiú sonraí sonracha a chaighdeánú maidir lena bhfeidhmíocht fuinnimh agus airgeadais. D’fhéadfaí tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh níos tarraingtí d’infheisteoirí príobháideacha sa tslí sin, agus bheadh sé ina dhreasú d’athmhaoiniú agus urrúsú sa mhargadh tánaisteach freisin.
Bíonn ról lárnach ag an gcáil atá ar shaoráidí forbartha tionscadail agus cúnaimh theicniúil maidir le caipiteal príobháideach a mhealladh, agus cuidíonn sí le hinfheisteoirí príobháideacha a bheith níos muiníní as acmhainneacht creidmheasa infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh. Is féidir leis na saoráidí sin, in éineacht le hionaid ilfhreastail chomhairleacha, gníomhú mar ambasadóirí infheistíochta éifeachtúlachta fuinnimh ar an láthair, agus aghaidh á tabhairt ar bhunchúiseanna an éilimh ísil ar infheistíocht. Is féidir leo dul i dteagmháil le húdaráis phoiblí agus le fiontair áitiúla agus moladh a dhéanamh ar son maoiniú infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus sreafaí maoinithe éagsúla a chumasc in infheistíochtaí sonracha. Is féidir iad a bheith ina gcuidiú freisin chun cur i gcoinne na rioscaí infheistíochta a mheasann infheisteoirí príobháideacha a bheith ag baint le tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh a chómhaoiniú, a bhuí leis an muinín agus leis an dea-cháil arna soláthar ag an tsaoráid cúnaimh theicniúil atá páirteach in ullmhú an tionscadail. Ar an leibhéal náisiúnta, is féidir ról tábhachtach a bheith ag eintitis speisialaithe maoinithe éifeachtúlachta fuinnimh, amhail cistí náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh nó a leithéid, maidir le rátáil chreidmheasa tionscadal infheistíochta a ardú, cur le muinín infheisteoirí agus infheisteoirí trasteorann agus speisialaithe a mhealladh.
Luaitear príomhról an chúnaimh theicniúil agus na saoráidí cúnaimh forbartha tionscadail freisin in Airteagal 30(2) d’athmhúnlú TEF, lena gceanglaítear ar an gCoimisiún cúnamh a thabhairt do na Ballstáit maidir le saoráidí cúnaimh forbartha tionscadail a bhunú a bheidh in ann an sruth infheistíochta éifeachtúlachta fuinnimh a uas-scálú agus cur le muinín infheisteoirí príobháideacha as infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus le tarraingteacht na n‑infheistíochtaí sin. Cuireann an Coimisiún tacaíocht den sórt sin ar fáil trí bhíthin na saoráidí agus na dtionscnamh seo a leanas:
an tSaoráid Eorpach um Chúnamh Áitiúil i Réimse an Fhuinnimh arna cur chun feidhme ag BEI thar ceann an Choimisiúin, a dhéanann, i measc nithe eile, tacaíocht a chur ar fáil do na Ballstáit chun a saoráidí cúnaimh theicniúil féin a chur ar bun ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, bunaithe ar shamhail na saoráide Eorpaí um Chúnamh Áitiúil i Réimse an Fhuinnimh;
an fochlár don Aistriú chuig Fuinneamh Glan de chuid chlár LIFE, lena soláthraítear cúnamh teicniúil forbartha tionscadail d’fhorbróirí tionscadail poiblí agus príobháideacha chun saineolas teicniúil, eacnamaíoch agus dlíthiúil a fhorbairt chun sruthanna infheistíochta fuinnimh inbhuanaithe ar mórscála a sheoladh.
cuirtear saintacaíocht ar fáil do Bhallstáit, réigiúin agus údaráis áitiúla an Aontais leis an gComhtháthú le haghaidh Aistrithe (C4T), a chuidíonn leo infheistíochtaí an Bheartais Comhtháthaithe a chur chun feidhme faoi Chuspóir Beartais 2, lena n‑áirítear na cinn sin a dhírítear ar éifeachtúlacht fuinnimh. Áirítear ar na seirbhísí tacaíochta straitéisí a fhorbairt, faireachán a fheabhsú, dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara, deiseanna cistiúcháin a shainaithint, tacaíocht d’ullmhú glaonna agus forbairt acmhainneachta.
Tairgeann an t‑ardán comhairleach fi-compass cúnamh teicniúil d’údaráis bhainistíochta, chun cuidiú leo staidéir indéantachta, measúnuithe ex ante, cás-staidéir agus obair ullmhúcháin riachtanach eile a dhéanamh chun ionstraimí airgeadais a bhunú.
Cuireann an Mol Comhairleach InvestEU agus tionscnaimh amhail JASPERS cúnamh teicniúil ar fáil do thionscnóirí tionscadail (poiblí agus príobháideacha), chun cuidiú leo tionscadail athchóirithe iontaofa ó thaobh brabúis de a fhorbairt.
Ar an gcaoi chéanna, is féidir ról ríthábhachtach a bheith ag ionaid ilfhreastail le haghaidh athchóirithe tí agus éifeachtúlacht fuinnimh in FBManna maidir le cur go mór leis an éileamh ar infheistíocht éifeachtúlachta fuinnimh. Cuireann siad comhairle theicniúil, riaracháin agus airgeadais ar fáil do dhaoine aonair agus d’fhiontair, rud a chuidíonn leo tionscadail infheistíochta éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt, go háirithe athchóirithe fuinnimh. Le hAirteagal 22(6) TEF (athmhúnlú) agus le hAirteagal 18(1) TFFF (athmhúnlú), ceanglaítear ar na Ballstáit ionaid ilfhreastail a bhunú chun tacú le custaiméirí deiridh agus le húsáideoirí deiridh, go háirithe teaghlaigh, comhlachtaí poiblí, FBManna agus micrifhiontair agus iad ag plé le tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus athchóirithe foirgnimh. Chun tacú leis na Ballstáit i ndáil leis sin, tá moladh á eisiúint ag an gCoimisiún ina bhfuil treoir phraiticiúil maidir le hionaid ilfhreastail a bhunú agus a oibriú.
I bhfianaise an mhéid sin, is iad seo a leanas na príomhghníomhaíochtaí chun úsáid cúnaimh forbartha tionscadail a chur chun cinn chun an sruth infheistíochta a ghníomhachtú:
-Cúnamh teicniúil náisiúnta agus saoráidí cúnaimh forbartha tionscadail a bhunú nó saoráidí atá ann cheana a shlógadh chun tacú le forbairt infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh, feabhas a chur ar an sruth infheistíochta agus cur le muinín na margaí caipitil as éifeachtúlacht fuinnimh. Is féidir leis na Ballstáit saoráidí den sórt sin a bhunú ina gcistí Náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh nó in eintitis chomhchosúla, chun infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh ar mórscála agus ionstraimí airgeadais agus/nó sainmheáin airgeadais a fhorbairt lena gcomhiomlánófar líon mór infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh ar mionscála, mar shampla le haghaidh athchóirithe fuinnimh i bhfoirgnimh.
-Úsáid a bhaint as an Moladh ón gCoimisiún mar aon le treoir phraiticiúil maidir le hionaid ilfhreastail a bhunú agus a oibriú - seirbhísí comhairleacha agus cúnaimh le haghaidh athchóirithe tí, micrifhiontar agus FBManna, chun tacaíocht leanúnach agus cúnamh speisialaithe a áirithiú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí chun tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt agus a chur chun feidhme.
-An úsáid is mó is féidir a bhaint as tacaíocht ar leibhéal an Aontais, mar shampla tríd an tSaoráid Eorpach um Chúnamh Áitiúil i Réimse an Fhuinnimh agus tríd an bhfochlár don aistriú chuig fuinneamh glan de chuid Chlár LIFE, chun saoráidí náisiúnta cúnaimh theicniúil a bhunú, tacú le cúnamh forbartha tionscadail, agus scéimeanna maoinithe éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt lena gcomhiomlánófar tionscadail iomadúla ar mionscála.
2.4.Moladh 5: Páirt réamhghníomhach a ghlacadh sa Chomhghuaillíocht Eorpach um Maoiniú Éifeachtúlachta Fuinnimh chun comhar níos dlúithe agus éifeachtach le hinstitiúidí airgeadais a chur chun cinn
Tá an comhordú teoranta ar fud shlabhra luacha an mhaoinithe éifeachtúlachta fuinnimh idir údaráis phoiblí, institiúidí airgeadais, cuideachtaí seirbhísí fuinnimh agus soláthraithe teicneolaíochta éifeachtúlachta fuinnimh ina phríomhbhacainn le slógadh infheistíochtaí príobháideacha le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh. Le blianta beaga anuas, thacaigh an Coimisiún le tionscnaimh éagsúla chun an bhearna chomhordúcháin sin a dhúnadh, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh mar chuid den Fhóram Infheistíochta um Fhuinneamh Inbhuanaithe agus den chlár Fís 2020 agus den chlár LIFE-an tAistriú chuig Fuinneamh Glan, lenar cistíodh tionscadail chomhchéime um maoiniú náisiúnta.
Chun na hiarrachtaí sin a chomhthiomsú agus chun creat coiteann comhair a chur ar fáil, bhunaigh an Coimisiún Eorpach an Chomhghuaillíocht Eorpach um Maoiniú Éifeachtúlachta Fuinnimh. Is é is aidhm don Chomhghuaillíocht timpeallacht mhargaidh fhabhrach a chothú lena ndéanfar infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a uas-scálú, lena slógfar maoiniú príobháideach agus lena rachfar i dteagmháil le hinstitiúidí airgeadais. Comhordaíonn sí le hinstitiúidí airgeadais agus le rannpháirtithe eile margaidh chun úsáid éifeachtach a bhaint as acmhainní buiséid an Aontais agus as acmhainní buiséid náisiúnta, lena n‑éascófar cur chun feidhme ionstraimí airgeadais um éifeachtúlacht fuinnimh agus gníomhaíonn sí mar chatalaíoch chun infheistíocht phríobháideach a shlógadh. Ghlac an Chomhghuaillíocht an clár oibre le haghaidh 2025 ag an gcéad chomhthionól ginearálta a bhí aici an 20 Bealtaine 2025.
Déanfaidh moil náisiúnta atá le bunú sna Ballstáit ionadaíocht ar bhrainse oibríochtúil na Comhghuaillíochta. Is iad na húdaráis náisiúnta a leagfaidh síos cuspóirí agus gníomhaíochtaí na mol sin. Is é an sprioc atá ann sineirgí a chruthú idir cleachtais mhaoiniúcháin náisiúnta agus tionscal na héifeachtúlachta fuinnimh agus na seirbhísí fuinnimh chun cleachtais maoinithe éifeachtúlachta fuinnimh a fheabhsú agus infheistíochtaí príobháideacha a phlódú isteach.
Faoi láthair, is minic a thugtar neamhaird ar éifeachtúlacht fuinnimh mar thosaíocht shonrach agus a chaitear léi mar chuid de choincheap níos leithne an airgeadais inbhuanaithe. Is minic a chailltear an deis infheistíocht a dhéanamh i roinnt mhaith tionscadail coigiltis fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar an easpa trédhearcachta ar institiúidí airgeadais, ar chumarsáid chorparáideach agus ar na próisis díchill chuí. Tá an inbhuanaitheacht ar cheann de spriocanna creataí rialála amhail Tacsanomaíocht AE, ach tá an earnáil maoiniúcháin agus infheistíochta á coinneáil siar mar gheall ar éileamh íseal, castacht tionscadail agus easpa caighdeánaithe ar réimse na héifeachtúlachta fuinnimh.
Is é sprioc na Comhghuaillíochta an comhar le hinstitiúidí airgeadais a neartú chun tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh. Leis an gcomhar ba cheart díriú ar dheireadh a chur le bacainní rialála agus airgeadais chun borradh a chur faoin infheistíocht phríobháideach san éifeachtúlacht fuinnimh. Ba cheart institiúidí airgeadais a spreagadh leis freisin chun táirgí airgeadais saincheaptha a thairiscint, amhail morgáistí éifeachtúlachta fuinnimh agus iasachtaí le haghaidh athchóirithe, a chuireann béim ar na tairbhí a bhaineann le coigilteas fuinnimh.
Is féidir le bainc thráchtála tairbhe a bhaint as ról níos lárnaí a bheith acu sa mhargadh éifeachtúlachta fuinnimh, agus rochtain a áirithiú ar tháirgí neamh-idirdhealaitheacha iasachtaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil go forleathan lena gcuirtear an acmhainneacht coigiltis fuinnimh san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an riosca creidmheasa. Trína gcaidreamh le custaiméirí príobháideacha a ghiaráil, is féidir leis na bainc a dtairiscintí éifeachtúlachta fuinnimh a fhairsingiú. Tá línte creidmheasa éifeachtúlachta fuinnimh curtha ar bun cheana féin ag roinnt banc, go minic le tacaíocht ó institiúidí amhail BEI, BEAF nó bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh. Mar sin féin, tá gá le níos mó rannpháirtíochta ó institiúidí airgeadais chun rioscaí a mheastar a bheith ann a mhaolú agus chun costais idirbhirt a laghdú. Is féidir é sin a bhaint amach trí shaineolas inmheánach a fhorbairt, trí tháirgí tiomnaithe a chruthú lena gcuirtear tairbhí an choigiltis fuinnimh san áireamh, agus trí bhreithmheasanna tionscadail agus próisis iasachta a chaighdeánú chun freastal níos fearr ar an margadh éifeachtúlachta fuinnimh.
Soláthraíonn údaráis phoiblí ar leibhéal an Aontais agus laistigh de roinnt Ballstát araon ionstraimí ráthaíochta, línte creidmheasa a bhfuil tacaíocht phoiblí acu, agus cúnamh teicniúil chun cuidiú le bainc thráchtála costais idirbhirt a laghdú, an riosca a bhaineann le hinfheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a laghdú, agus tacú le comhiomlánú tionscadal níos lú a mhaoineofar le bannaí glasa.
I bhfianaise an mhéid sin, is iad seo a leanas na príomhghníomhaíochtaí chun dlúthchomhar maidir le maoiniú éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn idir údaráis náisiúnta agus institiúidí airgeadais:
Páirt ghníomhach a ghlacadh sa Chomhghuaillíocht Eorpach um Maoiniú Éifeachtúlachta Fuinnimh agus moil náisiúnta a spreagadh chun gníomhaíochtaí sonracha a shainaithint lena ndéanfar réitigh mhaoiniúcháin um éifeachtúlacht fuinnimh agus straitéisí chun infheistíochtaí príobháideacha a scaoileadh a chur chun cinn.
Comhoibriú chun feabhas a chur ar chreat an Aontais maidir le maoiniú éifeachtúlachta fuinnimh, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí (i) chláir agus ionstraimí airgeadais an Aontais agus cláir agus ionstraimí airgeadais náisiúnta a fheabhsú chun tacaíocht níos fearr a thabhairt d’uas-scálú infheistíochtaí príobháideacha agus (ii) feabhas a chur ar an gcreat rialála airgeadais chun institiúidí airgeadais a spreagadh chun infheistíocht a dhéanamh san éifeachtúlacht fuinnimh.
Comhpháirtíochtaí a bhunú chun cuidiú le bainc thráchtála giaráil níos fearr a dhéanamh ar thairbhí indíreacha airgeadais na n‑infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh, mar shampla coigilteas costais fuinnimh agus luachanna sócmhainní méadaithe, mar chuid de mheasúnuithe riosca creidmheasa. Áirítear leis sin cúnamh teicniúil tiomnaithe a chur ar fáil d’institiúidí airgeadais a bhainistíonn ionstraimí airgeadais le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh a bhfuil tacaíocht phoiblí acu.
Tacú le hinstitiúidí airgeadais agus iad a shireadh maidir le roghanna maoinithe atá fabhrach do chustaiméirí a thairiscint le haghaidh tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh, lena mbainfear leas as an tacaíocht maoiniúcháin phoiblí atá ar fáil, agus lena n‑áiritheofar rochtain leathan neamh-idirdhealaitheach ar tháirgí iasachtaithe éifeachtúlachta fuinnimh.
2.5.Moladh 6: An úsáid is fearr a bhaint as dreasachtaí fioscacha chun infheistíochtaí príobháideacha san éifeachtúlacht fuinnimh a shlógadh
Is féidir le huirlisí fioscacha aeráide agus fuinnimh, amhail oibleagáidí coigiltis fuinnimh, cánacha carbóin agus cánacha feithiclí, a dheartar go cúramach, tacú le straitéisí náisiúnta um maoiniú éifeachtúlachta fuinnimh, athrú iompraíochta a spreagadh agus an t‑aistriú fuinnimh agus infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a dhreasú.
Is féidir ról lárnach a bheith ag an gcóras cánach agus ag dreasachtaí fioscacha maidir le hinfheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a spreagadh trí luaíochtaí fioscacha agus pionóis fhioscacha a bhunú. Tá méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear as cánacha agus dreasachtaí cánach tairbhiúla chun tacú leis an aistriú glas agus fuinnimh, ach is dúshlán fós é cothromaíocht a bhaint amach idir a n‑éifeachtacht agus na himpleachtaí polaitiúla níos leithne a bhaineann leo. Is féidir le dreasachtaí fioscacha díobhálacha agus bearta cánach díobhálacha tionchar diúltach a imirt ar infheistíocht in éifeachtúlacht fuinnimh, amhail trí theicneolaíochtaí atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise agus atá neamhéifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a ghaibhniú, laghdú ar thomhaltas fuinnimh a dhídhreasú, nó tairbhí indíreacha eacnamaíocha na bhfeabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint.
Áirítear ar dhreasachtaí coiteanna cánach le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh faoisimh chánach (an t‑ioncam inchánach a laghdú) nó creidmheasanna cánach (na muirir fhioscacha dhlite a laghdú) ar ioncam, nó cáin chorparáide do dhaoine aonair nó do chuideachtaí a infheistíonn i bhfeabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh nó a fhaigheann teicneolaíocht fuinnimh éifeachtúil. Cé go dtéann faoisimh chánach agus creidmheasanna cánach chun tairbhe don earnáil chorparáideach, d’fhéadfadh sé nach mbeidís chomh tarraingteach céanna do shaoránaigh phríobháideacha, go háirithe do shaoránaigh ísealioncaim, toisc go bhféadfadh a n‑oibleagáidí cánach a bheith ró-íseal chun go dtairbheoidís go fóinteach de na dreasachtaí fioscacha sin.
I bhfianaise an mhéid sin, is iad seo a leanas na príomhghníomhaíochtaí chun an úsáid is fearr a bhaint as dreasachtaí fioscacha chun infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh a shlógadh:
-Cur le húsáid uirlisí fioscacha chun an t‑aistriú fuinnimh agus an éifeachtúlacht fuinnimh a dhreasú, agus an fhreagracht bhuiséadach agus fhioscach náisiúnta a ghiaráil chun timpeallacht chumasúcháin a bhunú le haghaidh infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh.
-Deireadh a chur le bearta fioscacha agus fóirdheontais lena ndéantar infheistíochtaí i bhfeabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh a dhídhreasú, amhail na cinn sin lena ngaibhnítear teicneolaíochtaí atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise agus teicneolaíochtaí atá neamhéifeachtúil ó thaobh fuinnimh de nó lena ndídhreasaítear tairbhí indíreacha eacnamaíocha na bhfeabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh le muirir fhioscacha níos airde.
-Dreasachtaí fioscacha dearfacha agus bearta cánach a thabhairt isteach chun infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a shlógadh, go háirithe chun tacú le hinfheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh san earnáil chorparáideach agus sa tionscal monaraíochta trí fhaoisimh chánach agus creidmheasanna cánach.
3.An soláthar tairiscintí maoiniúcháin le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, infheistíochtaí agus deiseanna athmhaoiniúcháin a dhí-rioscú.
Chun caipiteal príobháideach a shlógadh in infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh, tá sé ríthábhachtach tairiscintí maoiniúcháin phríobháidigh le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh a dhéanamh níos tarraingtí do shaoránaigh agus d’fhiontair. Ina theannta sin, chun cur le tarraingteacht infheistíochtaí caipitil phríobháidigh san éifeachtúlacht fuinnimh, tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar ilroinnt iomarcach an mhargaidh agus ar an easpa caighdeánaithe a bhaineann le tionscadail infheistíochta agus feabhas a chur ar shruth na hinfheistíochta agus ar chomhiomlánú punainne chun cur le deiseanna inscálaitheachta agus inmhacasamhlaitheachta. Is féidir ról lárnach a bheith ag údaráis na mBallstát maidir leis an margadh a spreagadh chun raon leathan táirgí agus seirbhísí príobháideacha maoinithe éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt agus a chur in úsáid, chun é a dhéanamh níos tarraingtí ó thaobh an gheilleagair de do shaoránaigh agus d’fhiontair infheistíocht a dhéanamh in éifeachtúlacht fuinnimh agus chun nach mbeidh sé chomh dian céanna orthu. Ach acmhainní dílse/coigiltis a fhágáil as an áireamh, is féidir éifeachtúlacht fuinnimh a mhaoiniú le caipiteal príobháideach trí chomhaontuithe creidmheasa – le hiasachtaí urraithe nó neamhurraithe – nó trí chomhaontuithe seirbhíse agus maoiniú tríú páirtí – go háirithe seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh agus léasú trealaimh fuinnimh.
Chun slógadh an mhaoinithe phríobháidigh in éifeachtúlacht fuinnimh a uasmhéadú, is gá freisin cur leis na deiseanna d’institiúidí airgeadais agus d’infheisteoirí tríú páirtí acmhainní caipitil a infheistiú in éifeachtúlacht fuinnimh, agus é a chur ar a gcumas do shaoránaigh agus fiontair na ceanglais stuamachta is gá a chomhlíonadh chun rochtain a fháil ar mhaoiniú príobháideach chun a dtionscadail a chistiú. Is féidir é sin a bhaint amach tríd an riosca a bhaineann le hinfheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a laghdú, trí chur le hacmhainneacht iasachtaíochta na saoránach agus na bhfiontar, agus trí fheabhas a chur ar choinníollacha athmhaoiniúcháin le haghaidh infheisteoirí éifeachtúlachta fuinnimh. Baineann an chaibidil thíos le moltaí 7 go 12 den phríomhthéacs.
3.1.Moladh 7: Forbairt agus glacadh táirgí tiomnaithe iasachtúcháin éifeachtúlachta fuinnimh agus maoiniú príobháideach a chur chun cinn trí bhíthin comhaontuithe creidmheasa
Chun slógadh caipitil phríobháidigh in infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a uas-scálú, tá sé ríthábhachtach d’údaráis na mBallstát tacú le hinstitiúidí airgeadais an margadh a fhorbairt agus glacadh táirgí tiomnaithe iasachtaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn. Ceanglaítear ar na Ballstáit le hAirteagal 30(3) d’athmhúnlú TEF go nglacfaidh siad bearta lena gcuirfear chun cinn táirgí iasachtúcháin éifeachtúlachta fuinnimh, amhail morgáistí glasa agus iasachtaí glasa, agus go n‑áiritheoidh siad go ndéanfaidh institiúidí airgeadais iad a thairiscint go forleathan agus go neamh-idirdhealaitheach agus go mbeidh siad infheicthe ag tomhaltóirí agus go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí orthu.
Is iasachtaí iad táirgí iasachtúcháin éifeachtúlachta fuinnimh lena gcumhdaítear costas infheistíochta tosaigh na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh, agus a chuidíonn leis an mbacainn a bhaineann le hacmhainní maoiniúcháin teoranta a shárú. Áirítear ar na táirgí sin gnáthiasachtaí le haghaidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh, morgáistí éifeachtúlachta fuinnimh, creidmheasanna glasa tomhaltóirí, agus iasachtaí le haghaidh athchóirithe. Is féidir iad a chomhcheangal de dhreasachtaí poiblí chun na hinfheistíochtaí a chómhaoiniú, rátaí úis a laghdú agus an rátáil chreidmheasa d’iasachtaithe a mhéadú.
Is féidir iasachtaí éifeachtúlachta fuinnimh a sholáthar trí bhíthin (1) línte creidmheasa arna dtairiscint ag bainc nó ag institiúidí maoiniúcháin eile chun bearta éifeachtúlachta fuinnimh a mhaoiniú, agus (2) cistí tiomnaithe a bhfuil sainordú sonrach acu infheistíocht a dhéanamh i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh, agus a dhíríonn go minic ar earnálacha sonracha e.g. foirgnimh nó an tionscal. San Aontas, tairgeann roinnt bainc thráchtála creidmheas glas tomhaltóirí agus morgáistí glasa agus bíonn straitéisí agus spriocanna acu le haghaidh punanna iasachtúcháin glasa roghnaithe. Mar sin féin, de réir an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh, níl in iasachtaí glasa faoi láthair ach sciar beag de chláir chomhardaithe fhoriomlána na n‑institiúidí creidmheasa, agus 4,5 % d’iomlán na n‑iasachtaí ar an meán. Tá sciar na n‑iasachtaí glasa beagán níos airde i bpunanna teaghlaigh (11 %) agus níos ísle i ndeighleoga neamh-mhiondíola FBManna agus NFC (thart ar 2 %). Úsáideann institiúidí creidmheasa roinnt roghanna chun iasachtaí glasa a shainiú, lena n‑áirítear caighdeáin inmheánacha, Tacsanomaíocht AE, Prionsabail Iasachtaí Glasa Chomhlachas Mhargadh na nIasachtaí, agus an Lipéad Morgáiste Éifeachtúlachta Fuinnimh arna fhorbairt ag an Tionscnamh um Morgáiste Éifeachtúlachta Fuinnimh.
Ba cheart do Bhallstáit an Aontais na dea-chleachtais agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó scéimeanna maoiniúcháin éifeachtúlachta fuinnimh a dhírítear ar fhoirgnimh a shainaithint agus a úsáid agus iad a uas-scálú. Thóg na cláir is rathúla san Aontas ar scéimeanna morgáiste atá ann cheana agus rinne siad iad a chomhcheangal de dhreasachtaí cánach láidre nó deontais le haghaidh uasghráduithe éifeachtúlachta fuinnimh. Tá rochtain ag úinéirí foirgneamh a bhfuil sé beartaithe acu cheana féin infheistíocht a dhéanamh ar na scéimeanna sin, agus áirithítear leo go n‑áireofar feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh ina gcinneadh infheistíochta.
I bhfianaise an mhéid sin, is iad seo a leanas na príomhghníomhaíochtaí chun glacadh iasachtaí éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn:
-Tacú le hinstitiúidí airgeadais táirgí iasachtaithe éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt, lena gcuirfear go mór le maoiniú príobháideach tiomnaithe le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh. Is féidir é sin a bhaint amach trí struchtúir eagraíochtúla a ghiaráil chun seirbhísí breise a sholáthar e.g. seirbhísí comhairleacha agus cúnta chun tacú leis na ceanglais agus na deiseanna a bhaineann le hiasachtaí glasa le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh. Ina theannta sin, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil d’institiúidí airgeadais chun raon feidhme a dtáirgí iasachtaithe a leathnú e.g. trí uirlisí dí-rioscaithe amhail ráthaíochtaí iasachta, tacaíocht forbartha tionscadail agus feachtais feasachta/faisnéise.
-Saoráidí a bhunú le haghaidh iasachtaí glasa poiblí nó saoráidí atá ann cheana a neartú. Déanann institiúidí poiblí iasachtaí glasa poiblí a thairiscint (nó a urrú go hindíreach) do theaghlaigh, do ghnólachtaí agus do thionóntaí chun costas tosaigh na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh a chumhdach. Is iondúil gur ‘iasachtaí boga’ iad, eadhon, bíonn rátaí úis ísle nó nialasacha ag gabháil leo nó tréimhsí aisíoca fabhracha. Is féidir le cistí náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh nó le heintitis chomhchosúla a chuireann infheistíocht chaipitil san éifeachtúlacht fuinnimh chun cinn na hiasachtaí glasa poiblí a sholáthar.
-Réitigh mhaoiniúcháin agus iasachtúcháin atá fabhrach do chustaiméirí a sholáthar le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh, trí fhorálacha Airteagal 30 d’athmhúnlú TEF a thrasuí agus a chomhlánú sa chreat reachtach náisiúnta. Ba cheart d’institiúidí airgeadais measúnú a dhéanamh ar leas a gcliant maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a sócmhainní a fheabhsú agus/nó maidir le trealamh éifeachtúlachta fuinnimh a fháil ionas go mbeidh siad in ann táirgí tiomnaithe iasachtaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chomhlíonann a leasanna a thairiscint dóibh. Moltar d’institiúidí airgeadais faisnéis a chur ar fáil dá gcustaiméirí faoi tháirgí éifeachtúlachta fuinnimh agus faoi na tairbhí iomadúla a bhaineann le hathchóiriú fuinnimh, chomh maith le faisnéis faoin gcoigilteas a mbeifear ag dréim leis ar an mbille fuinnimh.
-É a chur ar a gcumas do chomhlachais chomhúinéireachta iasachtaí a ghlacadh go comhpháirteach chun infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a mhaoiniú agus na cleachtais bhainistíochta chomhúinéireachta a shimpliú i bhfoirgnimh ilárasán chun infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh a éascú. Is féidir é sin a bhaint amach, mar shampla, (i) trí dheireadh a chur le riail na haontoilíochta maidir le hiasachtaí a thabhairt i gcrích le haghaidh athchóirithe fuinnimh nó (ii) trí dhul i dteagmháil le cuideachtaí bainistíochta réadmhaoine chun feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh agus conarthaí feidhmíochta fuinnimh a chur chun cinn ar chomhúinéirí.
-Cúnamh teicniúil agus comhairle theicniúil a chur ar fáil d’institiúidí maoiniúcháin chun aonaid inmheánacha forbartha tionscadail a fhorbairt, tacaíocht ionaid ilfhreastail a bhunú do chliaint, iniúchadh fuinnimh a thairiscint do chliaint (FBManna, cónaitheoirí), acmhainneacht oifigeach iasachta a fhothú chun fórsa díolacháin a fhorbairt le haghaidh táirgí éifeachtúlachta fuinnimh.
3.2.Moladh 8: An creat rialála is gá a chumasú agus tacú le scéimeanna nuálacha maoiniúcháin, amhail maoiniú inchánach agus maoiniú inbhille
Le scéimeanna maoinithe bunaithe ar réadmhaoin, amhail maoiniú inchánach agus maoiniú inbhille, cuirtear go leor buntáistí ar fáil maidir le hinfheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh a éascú agus caipiteal príobháideach a mhealladh. Tá dhá bhuntáiste leo: úsáideann siad bealaí malartacha aisíoca amhail billí fuinnimh agus cánacha maoine chun laghdú ar na costais idirbhirt a bhaineann le hiasachtaí le haghaidh feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh; agus scarann siad maoiniú ó úinéireacht, lena ndírítear ar dhúshlán na dtorthaí infheistíochta fadtéarmacha.
Is féidir leis an gcur chuige sin cuidiú leis an mbacainn a bhaineann le hacmhainní airgeadais teoranta a shárú, go háirithe le haghaidh teaghlach agus FBManna ísealioncaim, trí aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a bhaineann le torthaí airgeadais gearrthéarmacha teoranta agus tréimhsí aisíoca sínte le haghaidh feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh. Cé gur forbraíodh roinnt scéimeanna píolótacha maoinithe inchánach agus maoinithe inbhille ar fud Bhallstáit an Aontais, is minic an creat rialála is gá in easnamh. Le hAirteagal 30(3) d’athmhúnlú TEF, ceanglaítear ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun cur chun feidhme scéimeanna maoinithe inbhille agus scéimeanna maoinithe inchánach a éascú ina gcreataí náisiúnta.
Is féidir le scéimeanna maoinithe inbhille téarmaí tarraingteacha a thairiscint, amhail rátaí úis ísle agus aibíochtaí fada, agus is féidir rochtain leathan a bheith orthu, ar choinníoll go gcuirfear anailís láidir riosca agus bearta maolaithe i bhfeidhm. Chun na scéimeanna sin a chumasú agus a chur chun feidhme, is féidir leis na húdaráis náisiúnta úsáid a bhaint as an treochlár le haghaidh glacadh scéimeanna inbhille arna fhorbairt ag tionscadal RenOnBill.
I bhfianaise an mhéid sin, is iad seo a leanas na príomhghníomhaíochtaí maidir le maoiniú inbhille:
-Measúnú a dhéanamh an gceadaítear leis an gcreat náisiúnta scéimeanna inbhille a fhorbairt. Is iad seo a leanas na príomhghnéithe a bheidh le cur san áireamh: creat reachtach oiriúnach lena gceadaítear d’fhóntais gníomhú mar iasachtóirí; rialacha an Aontais maidir le méadrú daoine aonair agus cruinneas aonad aonair tomhaltais fuinnimh a chur chun feidhme go cuí agus go forleathan; forálacha lena gcosnaítear infheisteoirí ar mhainneachtain in aisíoc iasachta agus cosaint tomhaltóirí á coimeád ar bun; an deis a bheith ag fóntais agus ag institiúidí airgeadais taifid íoctha billí a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar phróifíl riosca na n‑úsáideoirí deiridh; agus dlíthe lena rialaítear an caidreamh idir úinéirí agus tionóntaí agus a thacaíonn le dáileadh cothrom na gcostas infheistíochta agus na n‑aisíocaíochtaí iasachta.
-An ceart a dheonú d’fhóntais fuinnimh maoiniú a sholáthar le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh. Maidir le scéimeanna arna maoiniú ag fóntais, d’fhéadfadh sé nár mhór do Bhallstáit an Aontais reachtaíocht maidir le creidiúnaithe a leasú chun a dheimhniú go bhfuil an ceart dlíthiúil ag fóntais creidmheas le haghaidh athchóirithe a sholáthar. Le réitigh maoinithe inbhille ceanglaítear ar fhóntas an caipiteal a sholáthar chun na hoibreacha éifeachtúlachta fuinnimh a chistiú, agus aisíocann an tomhaltóir trí íocaíochtaí rialta ar bhillí fóntais atá ann cheana.
-Sreabhadh airgid leordhóthanach a áirithiú in eintitis cur chun feidhme (e.g. fóntais, cuideachtaí seirbhísí fuinnimh), chun gur féidir méadú a bhaint amach, agus/nó cistí ráthaíochta agus tacaíochta náisiúnta nó áitiúla a bhunú. Mar shampla, d’fhéadfadh ciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh infháltais na scéime maoinithe inbhille a cheannach agus an dí-rioscú a áirithiú chun tacaíocht airgeadais a sholáthar do scéimeanna píolótacha (e.g. trí bhíthin ráthaíochtaí iasachta). Cistí ráthaíochta poiblí agus línte creidmheasa lenar féidir cur chun feidhme scéimeanna maoinithe inbhille ag fóntais agus ag institiúidí airgeadais a éascú. D’fhéadfaí na ráthaíochtaí sin a ghníomhachtú dá mainneodh úinéir tí ina iasacht, rud a laghdódh an riosca infheistíochta a bhraitheann iasachtóirí. D’fhéadfaí línte creidmheasa tacaíochta le haghaidh maoiniú tiomnaithe inbhille a chur in úsáid mar chuid den mhaoiniú poiblí le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh, amhail cistí náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh. D’fhéadfadh tacaíocht bhuiséadach phoiblí le haghaidh glacadh scéimeanna maoinithe inbhille a bheith i bhfoirm aisíocaíochtaí rátaí úis na n‑úsáideoirí deiridh a chumhdach, go páirteach nó go hiomlán, mar chuid dá mbillí fuinnimh, rud a chuirfeadh ar a gcumas leas a bhaint as tairbhí iomlána airgeadaíochta an choigiltis fuinnimh. Nó d’fhéadfadh sí a bheith i bhfoirm cómhaoiniú chun na costais infheistíochta fhoriomlána a laghdú le haghaidh tionscadail dhúshlánacha shonracha (athchóirithe doimhne, na foirgnimh is neamhfheidhmiúla, teaghlaigh leochaileacha).
Is éard atá i gceist le scéimeanna maoinithe inchánach go dtugtar deis do theaghlaigh nó do chuideachtaí fiachas a thabhú chun costas athchóirithe foirgneamh cónaithe nó tráchtála a chumhdach, fearais nó trealamh fuinneamhéifeachtúil a cheannach, nó feabhas a chur ar phróisis fuinnimh eile, agus cánacha sonracha agus/nó muirir eile a bhaineann leis an maoin a úsáid mar an meán aisíoca. Áirítear i scéimeanna maoinithe inchánach sásraí chun gur féidir an fiachas a chur ar aghaidh ó úinéirí na maoine roimhe sin go dtí na chéad úinéirí eile, gan é a bheith riachtanach é a leachtú. Bunaítear leis sin sásra simplí aistrithe fiachais lena sáraítear an dídhreasú d’úinéirí maoine infheistíocht a dhéanamh i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh a bhfuil tréimhse aisíoca fhada ag baint leo. Le scéimeanna maoinithe inchánach, tugtar deis d’úinéirí réadmhaoine feabhsuithe a chur chun feidhme gan íocaíocht mhór tosaigh in airgead tirim (i gcásanna áirithe bíonn maoiniú tosaigh 100 % i gceist) agus na costais a aisíoc thar thréimhse 10 mbliana nó 20 bliain trí bhíthin cánacha maoine nó muirir fhioscacha eile a bhaineann le foirgnimh. Is féidir le foinsí poiblí amhail rialtas bardasach nó cistí príobháideacha iad a sholáthar.
I measc na samplaí de scéimeanna maoinithe inchánach tá tionscadal EuroPACE sa Spáinn agus tionscadal FITHOME, a mhéadaigh ar chur chuige EuroPACE san Ísiltír, i gcomhar le húdaráis áitiúla agus institiúidí airgeadais.
I bhfianaise an mhéid sin, is iad seo a leanas na príomhghníomhaíochtaí maidir le maoiniú inchánach:
-A measúnú cibé an gceadaítear leis an gcreat náisiúnta scéimeanna maoinithe inchánach a fhorbairt. Áirítear leis sin anailís a dhéanamh ar na córais chánach, agus an gá atá le hathchóirithe rialála ar chánacha maoine agus muirir ghaolmhara eile ar fhoirgnimh a shainaithint, chun scéimeanna maoinithe inchánach a chumasú. I gceist leis freisin áirithítear gur féidir le húdaráis phoiblí áitiúla aisíocaíochtaí a bhailiú agus iad a aistriú chuig infheisteoirí príobháideacha, gan iad a chomhdhlúthú ina mbuiséad bardasach áitiúil. Is réamhriachtanas é cánacha maoine nó muirir fhioscacha chomhchosúla a bheith ar fhoirgnimh chun maoiniú inchánach a chur chun feidhme.
Nósanna imeachta a bhunú chun aisíocaíochtaí a áirithiú trí bhíthin cánacha a bhaineann le maoin agus aistriú fiachais mar aon le húinéireacht. Chun scéimeanna maoinithe inchánach a chur chun feidhme, tá gá le nósanna imeachta forfheidhmiúcháin éifeachtacha i gcás cánacha nach n‑íoctar nó i gcás éilimh roimhe sin ar aisíoc fiach eile roimh an maoiniú inchánach. Bíonn ról lárnach ag bardais maidir le haisíocaíochtaí a aistriú idir teaghlaigh agus infheisteoirí agus níor cheart go mbeadh orthu na gníomhaíochtaí sin a chomhdhlúthú sa bhuiséad bardasach.
Teagmháil a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara riachtanacha bunaithe ar an taithí a fuarthas ó thionscadail Eorpacha rathúla. Baineann maoiniú inchánach le páirtithe leasmhara iomadúla, lena n‑áirítear an rialtas náisiúnta agus áitiúil, institiúidí airgeadais, suiteálaithe agus úinéirí tí. Is féidir maoiniú inchánach le haghaidh athchóirithe fuinnimh a sholáthar trí iasachtaí ó institiúidí airgeadais, agus feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh á soláthar trí chonraitheoirí sonracha agus costais á n‑aisghabháil le cánacha maoine nó muirir fhioscacha eile.
3.3.Moladh 9: Deireadh a chur le bacainní agus maoiniú éifeachtúlachta fuinnimh a uas-scálú trí bhíthin comhaontuithe seirbhíse agus margadh le haghaidh seirbhísí fuinnimh a chothú
Is príomhéiceachóras é margadh na seirbhísí fuinnimh, go háirithe trí chonradh feidhmíochta fuinnimh, chun leas a bhaint as maoiniú príobháideach le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh agus cás gnó na héifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn. Braitheann margadh na gcuideachtaí seirbhísí fuinnimh ar chomhaontuithe seirbhíse agus léasa chun infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a chistiú, rud a ligfidh dóibh costais infheistíochta a aistriú ó chaiteachas caipitiúil go caiteachas oibríochtúil, agus tús áite á thabhairt do sholáthar feidhmíochta leanúnaí éifeachtúlachta fuinnimh le himeacht ama.
Chun fás na conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh agus margadh na gcuideachtaí seirbhísí fuinnimh a éascú, is den tábhacht é cláir mhóra éifeachtúlachta fuinnimh a chur in úsáid lenar féidir sruthanna infheistíochta a chaighdeánú agus a chomhiomlánú, go háirithe le haghaidh foirgnimh phoiblí agus thráchtála agus FBManna. Sna hearnálacha tionscail agus FBManna, is féidir le cuideachtaí seirbhísí fuinnimh tionscadail chasta fuinnimh a láimhseáil, trí shaineolas teicniúil agus maoiniú teicniúil a chur ar fáil i réimsí nach príomhghnó tionscail ar leith iad (e.g. aisghabháil agus athúsáid dramhtheasa).
Úsáidtear conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh nuair a gheallann contrapháirtí (e.g. cuideachta seirbhísí fuinnimh) an trealamh is gá a shuiteáil agus nuair a ráthaíonn sé feidhmíocht coigiltis fuinnimh shonraithe. Le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh, bunaítear téarmaí tosaigh agus scoilteanna na n‑íocaíochtaí leanúnacha, a bheartaítear a bheith níos lú ná an coigilteas airgeadais a réadaítear le coigilteas fuinnimh an tionscadail. Tairgeann an chonraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh conradh lándéanta ilfhreastail don chustaiméir, nach bhfuil aige ach aon chontrapháirtí amháin ar feadh ré an chonartha. Bainistíonn soláthraithe conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh na rioscaí feidhmíochta freisin agus ráthaíonn siad an coigilteas. Mar sin féin, áirítear sa chonraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh costais mhéadaithe idirbhirt, ceanglais arda chaipitil chun leanúnachas oibríochtaí a áirithiú, ós rud é go ndéantar cuideachtaí seirbhísí fuinnimh a athmhaoiniú le tráthchodanna fadtéarmacha ar luach beag, agus easpa creata chaighdeánaithe agus teimpléad chun faireachán agus fíorú a dhéanamh ar choigilteas. In éagmais scéimeanna ráthaíochta tiomnaithe nó cineálacha eile tacaíochta buiséadaí poiblí, is minic a bhíonn bearta éifeachtúlachta fuinnimh is fearr costas atá dírithe ar amanna aisíoca gearra mar thoradh ar na dúshláin sin, mar gheall ar neamhthoil soláthraithe conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh riosca fadtéarmach a sheasamh.
Tá conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh an‑oiriúnach chun feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh a dhéanamh san earnáil phoiblí, i gcás ina n‑áirithítear éifeachtacht na n‑infheistíochtaí leis an saineolas cuimsitheach agus leis an bhfeidhmíocht ráthaithe a thugann soláthraithe seirbhíse. Is ar an soláthraí seirbhíse atá an riosca teicniúil coigilteas fuinnimh a bhaint amach ar feadh ré iomlán an chonartha. Le maoiniú tríú páirtí, nuair a dhéantar an costas infheistíochta tosaigh a aisíoc trí bhíthin coigilteas costas fuinnimh, cuirtear ar a gcumas do thionscadail dul ar aghaidh fiú mura leor na cistí poiblí, agus leis an bhféidearthacht go gcaithfí le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh lasmuigh den chlár comhardaithe, is féidir leis na cuntais phoiblí fanacht i gcothromaíocht. Moltar do sholáthróirí poiblí measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé conarthaí feidhmíochta fuinnimh fadtéarmacha, lena soláthraítear coigilteas fuinnimh fadtéarmach, a thabhairt i gcrích nuair a bhíonn conarthaí seirbhíse a bhfuil luach mór fuinnimh iontu le soláthar acu (e.g. soláthar téimh). Chun úsáid na conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh in infheistíochtaí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach a éascú agus chun deireadh a chur le bacainní riaracháin, ba cheart do na Ballstáit samhailchonarthaí caighdeánacha a sholáthar, ar conarthaí iad nach mór, i gcás na hearnála poiblí, a bheith i gcomhréir le Treoir Eurostat maidir leis an gcaoi a gcaitear le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh lasmuigh den chlár comhardaithe sa chuntasaíocht phoiblí.
Is féidir le hacmhainní príobháideacha le haghaidh feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh teacht ó acmhainní dílse cuideachtaí seirbhísí fuinnimh, nó trí bhíthin maoiniú tríú páirtí, lena mbaineann institiúidí creidmheasa nó infheisteoirí príobháideacha eile, i bhfoirm maoiniú fiachais go minic. Faoin gcéad rogha, faigheann cuideachtaí seirbhísí fuinnimh na hacmhainní airgeadais is gá ar iasacht chun tionscadail a chur chun feidhme. Faoin dara rogha glacann an t‑úsáideoir/custaiméir fuinnimh le hiasacht ó institiúid airgeadais, le tacaíocht ó chomhaontú ráthaíochta coigiltis fuinnimh arna dhéanamh ag an gcuideachta seirbhísí fuinnimh. Leis an ráthaíocht coigiltis fuinnimh laghdaítear an bhraistint riosca don bhanc, rud a léiríonn go nginfidh an tionscadal sreabhadh deimhneach airgid, i.e. gur cinnte go gcumhdófar an aisíoc fiachais leis an gcoigilteas a bhainfear amach, agus go mbeidh dea-éifeachtaí aige ar na rátaí úis a caibidlíodh.
Cé go bhfuil úsáid na conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh agus an margadh le haghaidh cuideachtaí seirbhísí fuinnimh ann agus i seirbhís le haghaidh foirgnimh thráchtála agus phoiblí, tá acmhainneacht uas-scálaithe ann don tionscal, go háirithe le haghaidh FBManna agus a bpróisis mhonaraíochta, agus chun foirgnimh chónaithe phríobháideacha a athchóiriú. Chun tacú le cuideachtaí seirbhísí fuinnimh dul isteach sna margaí sin, beidh sé ríthábhachtach rioscaí agus éiginnteacht a laghdú maidir le cumas na gcliant maoiniú tosaigh a aisíoc agus maidir leis na cuideachtaí seirbhísí fuinnimh a chosaint ar mhainneachtain na gcliant, ar féidir le cistí ráthaíochta poiblí a leithdháiltear go sonrach ar an gconraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh agus ar mhaoiniú cuideachtaí seirbhísí fuinnimh a bheith tairbheach ina leith. An tráth céanna, ní hamháin go mbaineann na bacainní atá ann cheana le huas-scálú mhargadh na gcuideachtaí seirbhísí fuinnimh agus maoiniú príobháideach le próifíl riosca na gcustaiméirí ionchasacha, ach baineann siad freisin le leachtacht caipitil na gcuideachtaí seirbhísí fuinnimh féin agus lena gcumas cur lena n‑acmhainn rioscúil, agus ar an gcaoi sin oibríochtaí nua a shíniú. Ar na cúiseanna sin, príomhbhealach chun oibríochtaí cuideachtaí seirbhísí fuinnimh a uas-scálú atá i sásraí athmhaoinithe, amhail cistí fachtóireachta agus meáin airgeadais éifeachtúlachta fuinnimh shonracha, lena bhfaightear infháltais cuideachtaí seirbhísí fuinnimh le haghaidh urrúsú margaidh thánaistigh.
Is sampla an‑mhaith é an tionscadal FinEERGo-Dom den chaoi ar féidir conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh agus oibríochtaí cuideachtaí seirbhísí fuinnimh a ghiaráil.
I bhfianaise an mhéid sin, is iad seo a leanas na príomhghníomhaíochtaí chun an margadh le haghaidh seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh agus maoiniú cuideachtaí seirbhísí fuinnimh a uas-scálú:
-Tacaíocht bhuiséadach phoiblí an Aontais agus tacaíocht bhuiséadach phoiblí náisiúnta a úsáid chun margadh na gcuideachtaí seirbhísí fuinnimh a fhorbairt, trí mhaoiniú a éascú do chuideachtaí seirbhísí fuinnimh agus do mheáin shainchuspóireacha éifeachtúlachta fuinnimh, Cistí ráthaíochta a chur in úsáid le haghaidh conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh, saoráidí athmhaoiniúcháin agus scéimeanna fachtóireachta na gcuideachtaí seirbhísí fuinnimh d’fhonn tacú le hacmhainn rioscúil na gcuideachtaí seirbhísí fuinnimh, na hoibríochtaí atá acu cheana a dhí-rioscú agus cur lena n‑acmhainneacht maoinithe agus a ndul i bhfód ar an margadh.
-Ról cuideachtaí seirbhísí fuinnimh agus módúlachtaí conarthacha nua a chur chun cinn, amhail ‘fuinneamh mar sheirbhís’ agus conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh, mar cholún den bheartas náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh, Tá acmhainneacht mhór ag na samhlacha gnó sin maidir le haghaidh a thabhairt ar chostais infheistíochta tosaigh le haghaidh idirghabhálacha éifeachtúlachta fuinnimh agus teicneolaíochtaí glana leictriúcháin.
-Nuashonrú creataí reachtacha agus tairiscintí poiblí a chur chun cinn chun maoiniú cuideachtaí seirbhísí fuinnimh agus conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a aithint go sainráite agus a éascú. ‘Fuinneamh mar sheirbhís’ agus conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a aithint mar am phríomhshamhail ghnó chun rannpháirtíocht an mhargaidh phríobháidigh a mhealladh chun luach airgid a chur ar choigilteas fuinnimh mar thráchtearra intrádála.
-Comhpháirtíochtaí a fhorbairt idir soláthraithe teicneolaíochta, dáileoirí fuinnimh, cuideachtaí seirbhísí fuinnimh agus institiúidí airgeadais chun réitigh inbhuanaithe agus éifeachtúla fuinnimh, sásraí freagartha don éileamh agus solúbthacht an chórais fuinnimh a chur chun cinn. Is féidir le tairiscintí cuimsitheacha lena gcomhtháthaítear teicneolaíochtaí fuinneamhéifeachtúla, amhail teaschaidéil, le líonraí agus seirbhísí dáileacháin a bheith mar thoradh ar an gcomhar sin.
-Tacú le hardbhonneagar méadraithe a chur in úsáid, lena n‑áirítear eangacha cliste agus gréasáin fuinnimh lenar féidir faireachán uathoibríoch a dhéanamh ar shreafaí fuinnimh agus oiriúnú d’athruithe ar sholáthar agus éileamh fuinnimh. Trí mhéadair chliste a phéireáil le heangacha cliste, is féidir faisnéis fíor-ama maidir le húsáid fuinnimh a sholáthar do thomhaltóirí agus do sholáthraithe.
3.4.Moladh 10: Ráthaíochtaí poiblí agus uirlisí dí-rioscaithe eile a chur in úsáid chun cur leis an rochtain ar mhaoiniú príobháideach le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh
I gcás deighleoga margaidh amhail teaghlaigh ísealioncaim agus FBManna, is minic a chuireann ardriosca agus rochtain dheacair ar mhaoiniú bac ar fhorbairt infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh. Mar sin féin, le maoiniú príobháideach a fhaigheann tacaíocht ó ráthaíochtaí poiblí nó iasachtaí, is féidir bealach éifeachtach a chur ar fáil chun díriú ar na deighleoga sin. Trí ionstraimí agus uirlisí, amhail ráthaíochtaí poiblí, a dhí-rioscú, le húsáid inbhuanaithe deontas agus fóirdheontas, agus le caighdeánú, is féidir an riosca mainneachtana a laghdú agus an mhuinín as infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a fheabhsú.
Is féidir le ráthaíochtaí poiblí borradh a chur faoi infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh trí thionscadail d’iasachtóirí agus d’infheisteoirí a dhí-rioscú. Is féidir leo cur le hacmhainneacht creidmheasa úinéirí tí agus fiontar, cláir náisiúnta a chomhlánú, agus rochtain ar chómhaoiniú príobháideach a éascú. Is féidir le ráthaíochtaí poiblí costais infheistíochtaí a chumhdach freisin, go páirteach nó go hiomlán, i gcás nár seachadadh an coigilteas fuinnimh a rabhthas ag dréim leis, i gcás fadhbanna cur chun feidhme, nó mainneachtain iasachtaí. Ina theannta sin, is féidir leo tacú le rátaí úis ísle nó nialasacha ar iasachtaí éifeachtúlachta fuinnimh, agus le comhiomlánú agus caighdeánú tionscadal níos lú, rud a éascaíonn athmhaoiniú, urrúsú agus rannpháirtíocht sa mhargadh tánaisteach. Ina theannta sin, is féidir leo tacú le glacadh scéimeanna nuálacha maoiniúcháin le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh ar féidir leo rannpháirtíocht caipitil phríobháidigh a mhealladh ar bhealach níos éasca, trí mhodhanna amhail rannpháirtíocht cuideachtaí seirbhísí fuinnimh, maoiniú inchánach agus maoiniú inbhille. Is minic a bhíonn ráthaíochtaí poiblí de dhíth ar réitigh nuálacha mhaoiniúcháin, ní hamháin chun na rioscaí infheistíochta a laghdú, ach chun cur leis an muinín a chuireann daoine aonair agus fiontair phríobháideacha i gcineálacha cur chuige níos nuálaí a thacóidh leis an nglacadh éifeachtúlachta fuinnimh freisin.
Is príomhuirlisí dí-rioscaithe freisin iad cumasóirí idirbhirt amhail tacaíocht cúnaimh theicniúil agus comhbhailitheoirí tionscadal éifeachtúlachta fuinnimh eile. Trí thacú le forbairt sruthanna tionscadal éifeachtúlachta fuinnimh trí mheasúnú, cleachtais agus nósanna imeachta caighdeánaithe, cruthaíonn saoráidí cúnaimh theicniúil agus comhbhailitheoirí tionscadail cleachtais mhargaidh agus gineann siad muinín as infheisteoirí príobháideacha. Meastar go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le huirlisí dí-rioscaithe agus le cumasóirí idirbhirt i margaí nuaghinte mar gheall ar na rioscaí arda a mheastar a bheith ann, an easpa eolais laistigh d’institiúidí airgeadais, agus an easpa acmhainne forbartha laistigh d’earnáil na héifeachtúlachta fuinnimh. Ina theannta sin, uirlis chumhachtach dí-rioscaithe eile atá i gcomhartha soiléir margaidh ó rialtais náisiúnta maidir le tosaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh, lena soláthraítear dearcadh fadtéarmach agus lena gcothaítear muinín i measc infheisteoirí príobháideacha agus institiúideacha.
I bhfianaise an mhéid sin, is iad seo a leanas na príomhghníomhaíochtaí chun tacú le forbairt ionstraimí dí-rioscaithe agus scéimeanna ráthaíochta poiblí le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh:
-Saoráidí ráthaíochta poiblí fadtéarmacha a bhunú le haghaidh iasachtaí agus seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh, Ba cheart na saoráidí sin a chur in úsáid mar línte creidmheasa tiomnaithe agus mar chistí tiomnaithe in eagraíocht náisiúnta atá freagrach as infheistíochtaí caipitil, lena n‑áirítear bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh agus cistí náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh, i gcás inarb ann dóibh. Is féidir ráthaíochtaí poiblí a chur in úsáid mar chomhlánú ar chláir náisiúnta agus mar dhreasachtaí poiblí le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh chun cur leis an rochtain ar chaipiteal príobháideach nó chun tús áite a thabhairt d’iasachtú ó bhainc thráchtála.
-Rioscaí agus deacrachtaí tírshonracha a shainaithint maidir le rochtain a fháil ar mhaoiniú do rannpháirtithe margaidh amhail teaghlaigh ísealioncaim agus FBManna. Bíonn tionchair shóisialta dhearfacha ag beartais éifeachtúlachta fuinnimh lena ndírítear go sonrach, mar shampla, ar theaghlaigh ar ioncam íseal agus is féidir leo tairbhí iomadúla a sholáthar. Áirítear orthu sin iniúchtaí fuinnimh in éineacht le hionstraimí airgeadais arb é atá iontu iasachtaí agus deontais le haghaidh athchóirithe foirgneamh, nó feachtais feasachta thiomnaithe a bhunaítear ar thuiscint níos fearr ar dheiseanna éifeachtúlachta fuinnimh agus ar na costais agus na tairbhí a bhaineann leo.
-Úsáid a bhaint as ráthaíochtaí poiblí chun tacú le forbairt scéimeanna nuálacha maoiniúcháin le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh, lena n‑áirítear deiseanna maoiniúcháin trí éifeachtúlacht fuinnimh mar sheirbhís. Is féidir le ráthaíochtaí feidhmíochta fuinnimh, mar shampla, níos mó cuideachtaí seirbhísí fuinnimh a mhealladh, cur lena n‑inscálaitheacht margaidh, é a chur ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar mhargaí nua, agus tacú le tús a chur leis an margadh seirbhísí fuinnimh san earnáil chónaithe.
3.5.Moladh 11: Deiseanna athmhaoinithe a chur chun cinn agus forbairt an mhargaidh thánaistigh le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh a chothú
Trí fhorbairt an mhargaidh thánaistigh le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh a éascú, mar shampla trí bhíthin bannaí glasa, is féidir an líon tionscadal éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú agus feabhas mór a chur ar infhaighteacht caipitil d’infheisteoirí príobháideacha san éifeachtúlacht fuinnimh. Is le haghaidh sócmhainní fuinnimh, lena n‑áirítear an éifeachtúlacht fuinnimh, a eisítear bannaí glasa go príomha. Cumhdaítear le hearnáil na héifeachtúlachta fuinnimh foirgnimh nua agus athchóirithe, stóráil fuinnimh, téamh ceantair, eangacha cliste, fearais agus táirgí. Trí bhannaí glasa a eisiúint, soláthraítear comhthiomsú domhain mór maoinithe d’infheisteoirí agus ardéifeacht ghiarála, ní bhíonn aon ghá le cistiú poiblí, agus soláthraítear comharthaíocht láidir mhargaidh. D’fhéadfaí infheisteoirí nua a mhealladh agus béim a leagan ar an ngá atá le níos mó fócais ar thairseacha éifeachtúlachta fuinnimh agus ar phunanna athchóirithe doimhne d’fhoirgnimh.
Glacadh an Rialachán maidir le Caighdeán Deonach an Aontais maidir le Bannaí Glasa an 22 Samhain 2023. Chun bannaí glasa a eisiúint faoin gcaighdeán nua, ní mór Critéir Thacsanomaíochta an Aontais a chomhlíonadh go hiomlán le haghaidh na sócmhainní a mhaoinítear le banna glas.
Is minic forbairt margaidh thánaistigh le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh a bheith nasctha le bunú comhbhailitheoirí tionscadal agus saoráidí athmhaoinithe agus forghéillte éifeachtúlachta fuinnimh. Is éard atá i gceist le hathmhaoiniú le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh na cearta le haghaidh infháltais coigiltis fuinnimh (costais) agus/nó aisíocaíochtaí infheistíochta éifeachtúlachta fuinnimh ionchasacha a aistriú chuig institiúidí airgeadais nó infheisteoirí institiúideacha. I gcomhthéacs maoiniú cuideachta seirbhísí fuinnimh agus deimhniú feidhmíochta fuinnimh, is féidir le cuideachtaí seirbhísí fuinnimh nó leis an iasachtóir bunaidh cearta a aistriú chuig íocaíochtaí amach anseo ón deimhniú feidhmíochta fuinnimh, rud a chuireann ar a gcumas do chuideachtaí seirbhísí fuinnimh instealltaí caipitil agus leachtacht a fháil chun cur lena n‑oibríochtaí. Is minic a chruthaíonn cuideachtaí seirbhísí fuinnimh agus institiúidí airgeadais comhpháirtíochtaí tiomnaithe chun infháltais ó dheimhniú feidhmíochta fuinnimh a chuachadh le chéile ina mbannaí glasa tiomnaithe. Tá sárchuideachtaí seirbhísí fuinnimh tagtha chun cinn a thugann tús áite do chuachadh tionscadal agus gníomhaíonn siad mar idirghabhálaithe idir cuideachtaí seirbhísí fuinnimh agus infheisteoirí institiúideacha. I gcomhthéacs iasachtaí agus morgáistí éifeachtúlachta fuinnimh, is iondúil go ndéanann institiúidí airgeadais fiacha atá ann cheana atá nasctha le hiasachtaí agus morgáistí éifeachtúlachta fuinnimh a chuachadh le chéile ina mbannaí glasa, le cur ar an margadh tánaisteach. Is féidir le húdaráis náisiúnta agus idirghabháil phoiblí tacú le bunú saoráidí forghéillte agus athmhaoiniúcháin, mar shampla trí shaoráidí a bhunú lena dtugtar tús áite do chomhiomlánú tionscadal ó thionscnóirí iasachta éagsúla. Sampla den chineál sin tionscnaimh chomhoibríoch is ea ciste urrúsúcháin UCI sa Spáinn agus sa Phortaingéil.
I bhfianaise an mhéid sin, is iad seo a leanas na príomhghníomhaíochtaí le haghaidh Ballstát:
-Forbairt mhargadh na mbannaí glasa ina gcomhthéacs náisiúnta a spreagadh agus tacú léi, lena n‑áirítear bannaí glasa náisiúnta agus réigiúnacha a eisiúint, úsáid Chaighdeán deonach an Aontais maidir le Bannaí Glasa a chur chun cinn, agus/nó caighdeáin thiomnaithe a bhunú lena bhfreastalófar ar a sonraíochtaí agus a riachtanais mhargaidh.
-Idirphlé tiomnaithe a bhunú le hinstitiúidí airgeadais chun bailiú agus malartú dea-chleachtais a éascú maidir le forbairt na mbannaí glasa le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh, agus malartuithe maidir le forbairt margaidh thánaistigh le haghaidh infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a chothú.
-Tacú le bunú saoráidí tiomnaithe athmhaoinithe éifeachtúlachta fuinnimh, lena n‑áirítear scéimeanna fachtóireachta le haghaidh deimhniú feidhmíochta fuinnimh agus cruthú sárchuideachtaí seirbhísí fuinnimh, agus cistí urrúsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh mar thionscnaimh chomhoibríocha idir bainc le haghaidh spreagadh agus institiúidí airgeadais príobháideacha.
3.6.Moladh 12: Feabhas a chur ar bhailiú sonraí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena n‑áirítear sonraí maidir le feidhmíocht airgeadais infheistíochta in éifeachtúlacht fuinnimh agus chun tacú le bearta faireacháin agus fíoraithe coigiltis fuinnimh
Is dúshlán fós é rianú cuimsitheach córasach a dhéanamh ar shonraí infheistíochta éifeachtúlachta fuinnimh. Trí fheabhas a chur ar chórais tuairiscithe, mar aon le faireachán agus tagarmharcáil a dhéanamh ar fheidhmíocht fuinnimh agus airgeadais, is féidir feabhas a chur ar láimhseáil airgeadais na héifeachtúlachta fuinnimh.
Trí chleachtais faireacháin agus fíoraithe a chomhchuibhiú agus a shimpliú le haghaidh coigilteas fuinnimh ar fud na mBallstát agus na n‑infheisteoirí airgeadais, is féidir costais idirbhirt a laghdú, muinín as feidhmíocht airgeadais infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a chothú, tús áite a thabhairt don chomhtháthú margaidh le haghaidh seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh, agus cur leis an muinín as luach airgeadaíochta a bhaineann le coigilteas fuinnimh agus a chumas trádála.
Le hAirteagal 8 den Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh agus Iarscríbhinn V a ghabhann léi, bunaítear critéir choiteanna maidir le bearta fíoraithe agus rialaithe coigilte fuinnimh chun oibleagáidí bliantúla coigilte fuinnimh a chomhlíonadh. Ina theannta sin, is féidir le hinstitiúidí airgeadais agus infheisteoirí caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta a úsáid chun an fheidhmíocht coigiltis fuinnimh a bhaintear amach lena n‑oibríochtaí iasachtúcháin a thomhas agus a fhíorú.
I bhfianaise an mhéid sin, is iad seo a leanas na príomhghníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar bhailiú agus anailísiú sonraí agus chun tús áite a thabhairt do chomhchuibhiú beart faireacháin agus fíoraithe:
-Tacú le bearta faireacháin agus fíoraithe maidir le coigilteas fuinnimh a chomhchuibhiú, a chaighdeánú agus a shimpliú ar fud na mBallstát agus na n‑earnálacha eacnamaíocha. Ba cheart faireachán agus fíorú coigiltis fuinnimh a dhéanamh níos simplí agus a chomhchuibhiú ar fud na ngníomhaithe margaidh, ó chuideachtaí seirbhísí fuinnimh atá i gceannas ar fheidhmíocht fuinnimh na n‑infheistíochtaí a áirithiú go hinstitiúidí airgeadais atá freagrach as a n‑oibleagáidí maidir le nochtadh a chomhlíonadh, agus a bhféadfadh suim a bheith acu i dtrádáil na n‑infháltas infheistíochta ar an margadh tánaisteach. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar bhacainní amhail modheolaíochtaí ríofa éagsúla agus/nó róchasta ar fud na mBallstát agus na n‑earnálacha eacnamaíocha trí chomhchuibhiú trasteorann a chothú mar chuid de chomhar na mBallstát i bhfóraim choiteanna de chuid an Aontais maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh, amhail na Gníomhaíochtaí Comhbheartaithe nó na Grúpaí Saineolaithe maidir le TEF agus TFFF. Trí scéimeanna náisiúnta coigilte fuinnimh a bhunú (scéim oibleagáide soláthróirí fuinnimh, spriocanna coigilte fuinnimh do chuideachtaí móra dianfhuinnimh), is féidir caighdeánú réiteach éifeachtúlachta fuinnimh incháilithe agus nósanna imeachta tomhais agus fíoraithe coigilte fuinnimh a éascú.
-Cur i bhfeidhm caighdeán idirnáisiúnta a chur chun cinn mar uirlisí dí-rioscaithe chun measúnú agus tomhas a dhéanamh ar na tairbhí agus na tairbhí indíreacha fuinnimh agus comhshaoil a bhaineann le tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh. Trí chaighdeáin idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus tagairt dóibh, e.g. i nós imeachta díchill chuí agus frithgheallta institiúidí airgeadais, is féidir trédhearcacht agus inchomparáideacht roghanna éagsúla a chumasú chomh maith le cur le hábharthacht an tuairiscithe agus an nochta.