MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/68 ón gCoimisiún ceanglais maidir le córais choscánaithe a shuiteáil agus a úsáid ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta. Is é is aidhm dó sábháilteacht a fheabhsú trí chaighdeáin theicniúla aonfhoirmeacha a bhunú ar fud an Aontais. Sa rialachán, tá ceanglais maidir le córais phríomhchoscánaithe, córais choscánaithe éigeandála, agus coscáin láimhe, chomh maith le ceanglais maidir le comhoiriúnacht le leantóirí. Áirithítear leis an rialachán go gcomhlíonann feithiclí critéir chomhsheasmhacha feidhmíochta agus sábháilteachta, rud a éascaíonn oibríochtaí agus trádáil trasteorann níos rianúla laistigh den Aontas.
Is margadh nideoige ísealtoirte iad leathleantóirí talmhaíochta a úsáideann pionna cinn aise chun iad a chúpláil le cúigiú roth agus ní féidir a gcineálcheadú AE a dhéanamh faoi na rialacha atá ann faoi láthair. Éilíonn roinnt feidhmeanna talmhaíochta sonracha go n‑úsáidfí na leathleantóirí sin, dá bhrí sin is gá an rialachán a leasú chun ceanglais chomhchuibhithe a bheith ann atá inchomparáide le feithiclí atá á dtarraingt le barra tarraingthe docht a úsáideann cúpláin liathróide K80.
Chun coinneáil suas leis an dul chun cinn teicneolaíoch agus chun feabhas a chur ar shábháilteacht na gcóras coscánaithe, tugadh isteach ceanglas sa rialachán maidir le córais choscánaithe délíne. Ceadaítear leis an rialachán córais choscánaithe hiodrálacha aon-líne a úsáid i bhfeithiclí talmhaíochta atá á dtarraingt agus atá ann cheana ar feadh idirthréimhse go dtí 2025 chun am a thabhairt do mhonaróirí agus d’oibreoirí eacnamaíocha oiriúnú do na ceanglais délíne nua gan an trealamh atá ann cheana a chur as feidhm láithreach. Mar sin féin, tá líon suntasach feithiclí talmhaíochta atá á dtarraingt fós ag oibriú le coscáin aon-líne. A bhuí le forbairt theicniúil, is féidir le nascóirí a bhrath go huathoibríoch an bhfuil siad nasctha le líne choscáin aonair nó le délíne choscáin agus is féidir leo réiteach inmharthana a chur ar fáil lenar féidir leanúint d’úsáid a bhaint as feithiclí talmhaíochta atá á dtarraingt ag a bhfuil coscáin aon-líne. Is féidir leis na nascóirí cliste sin comharthaí coscánaithe tarracóirí nua-aimseartha ag a bhfuil córais délíne a oiriúnú chun oibriú le córais choscánaithe aon-líne ar fheithiclí talmhaíochta atá á dtarraingt atá ann cheana. Leis an gcumas sin, is féidir leanúint d’úsáid shábháilte a bhaint as an bhflít atá ann cheana agus aistriú chuig caighdeáin nua an tráth céanna, rud a éascóidh próiseas oiriúnaithe níos rianúla agus níos costéifeachtaí le haghaidh earnáil na talmhaíochta.
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/208 ón gCoimisiún bunaítear na ceanglais theicniúla mhionsonraithe agus na nósanna imeachta tástála maidir le sábháilteacht fheidhmiúil le haghaidh feithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta. Sonraítear ann bearta sábháilteachta chun a áirithiú go n‑oibríonn na feithiclí sin go hiontaofa agus go sábháilte faoi choinníollacha éagsúla. Cumhdaítear leis an rialachán dearadh, déanamh agus suiteáil comhpháirteanna feithiclí chun tionóiscí agus mífheidhmeanna a chosc, agus béim á leagan ar a thábhachtaí atá sé sábháilteacht fheidhmiúil a choinneáil ar bun ar feadh shaolré oibríochtúil na feithicle.
Ó foilsíodh an rialachán, glacadh roinnt rialachán nua CEE-NA (Uimh. 148, Uimh. 149 agus Uimh. 150) agus tá feidhm acu maidir le feithiclí talmhaíochta. Is é is aidhm don leasú na rialacháin nua CEE-NA sin a thabhairt isteach i gcreat reachtach an Aontais agus, ar an gcaoi sin, an próiseas ceadaithe a chomhchuibhiú agus a shimpliú tríd an ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú.
Tá an leictriú ag éirí níos tábhachtaí mar gheall ar laghduithe astaíochtaí, dícharbónú na talmhaíochta agus uathoibriú. Ní shainítear na ceanglais atá ann faoi láthair maidir le sábháilteacht córas leictreach ach amháin le haghaidh feithiclí uile-leictreacha i gcatagóirí T2, T3, C2 agus C3. Ba cheart na forálacha a leathnú chun feithiclí hibrideacha agus gach feithicil atá feistithe le córais leictreacha a chumhdach i gcás ina bhfuil údar maith leis na ceanglais a chomhlíonadh, lena n‑áirítear tarracóirí T1.
2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH
Cuireadh na leasuithe i láthair den chéad uair ag an 116ú cruinniú den Mheitheal um Tharracóirí Talmhaíochta (WGAT) an 29 Bealtaine 2024. Iarradh ar na Ballstáit agus ar pháirtithe leasmhara a dtuairimí a thabhairt faoin 12 Meitheamh. Sheol an Comhlachas Eorpach um Thionscal na bhFeithiclí Uile-thír-raoin, an Eilvéis, an Ghearmáin, an Iodáil agus an Ísiltír tuairimí. Rinneadh an dara comhairliúchán ag cruinniú WGAT an 26 Feabhra 2025.
I gcomhréir leis na rialacha maidir le Rialáil Níos Fearr, foilsíodh an dréachtghníomh tarmligthe ar an tairseach ‘Cloisimis Uait’ ar feadh tréimhse aiseolais 4 seachtaine idir an 9 Eanáir 2023 agus an 6 Feabhra 2025. San iomlán, thug 2 pháirtí leasmhar aiseolas. Rinne an Coimisiún na barúlacha go léir a cuireadh isteach a bhreithniú go cúramach agus thug sé dá aire iad.
3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE
(a) Bunús dlí
Is é is bunús dlí don ghníomh tarmligthe seo Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta.
(b) Rogha ionstraimí
Is é rialachán an ionstraim iomchuí chun an dá rialachán thuasluaite a leasú.
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN
an 3.4.2025
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/68 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/208 a mhéid a bhaineann le ceanglais choscánaithe feithiclí agus le ceanglais sábháilteachta feidhmiúla feithiclí le haghaidh feithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta, agus go háirithe Airteagal 17(5) agus Airteagal 49(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Chun gur féidir cúpláin pionna ceann aise a úsáid ar fheithiclí atá á dtarraingt le barra tarraingthe docht, is gá sábháilteacht fheidhmiúil na bhfeithiclí sin a áirithiú. Dá bhrí sin, is gá ceanglais choscánaithe a thabhairt isteach maidir leis na cónaisc sin de tharracóirí agus feithiclí atá á dtarraingt.
(2)Tá líon suntasach feithiclí atá á tarraingt ag a bhfuil cúpláin aon-líne fós in úsáid. Chun tionóiscí de bharr córais choscánaithe atá nasctha go mícheart a chosc agus chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh feithiclí atá á dtarraingt atá feistithe le córas aon-líne i gceart agus iad nasctha le tarracóirí atá feistithe le dhá líne rialaithe, ba cheart na ceanglais maidir le cónaisc den sórt sin a shonrú chun an leibhéal sábháilteachta is gá a áirithiú trí bhíthin ceanglais chineálcheadaithe.
(3)Le Rialachán Uimh. 148 ó na Náisiúin Aontaithe, comhcheanglaítear forálacha Rialacháin Uimh. 4, 6, 7, 23, 38, 50, 77, 87 agus 91 ó na Náisiúin Aontaithe in aon Rialachán amháin ó na Náisiúin Aontaithe chun na Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe maidir le soilsiú agus comharthaíocht solais a shimpliú agus chun an tsoiléireacht a mhéadú, chun castacht na gceanglas a chomhdhlúthú agus a chuíchóiriú tríd an líon Rialachán ó na Náisiúin Aontaithe a laghdú trí bhíthin cleachtadh eagarthóireachta gan aon cheann de na ceanglais theicniúla mhionsonraithe atá i bhfeidhm cheana a athrú go dtí dáta theacht i bhfeidhm Rialachán Uimh. 148 ó na Náisiúin Aontaithe. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Uimh. 148 ó na Náisiúin Aontaithe a chur le liosta na Rialachán is infheidhme ó na Náisiúin Aontaithe mar cheanglas malartach.
(4)Le Rialachán Uimh. 149 ó na Náisiúin Aontaithe, comhcheanglaítear forálacha Rialacháin Uimh. 19, 98, 112, 113, 119 agus 123 ó na Náisiúin Aontaithe in aon Rialachán amháin ó na Náisiúin Aontaithe chun na Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe maidir le soilsiú agus comharthaíocht solais a shimpliú agus chun an tsoiléireacht a mhéadú, chun castacht na gceanglas a chomhdhlúthú agus a chuíchóiriú tríd an líon Rialachán ó na Náisiúin Aontaithe a laghdú trí bhíthin cleachtadh eagarthóireachta gan aon cheann de na ceanglais theicniúla mhionsonraithe atá i bhfeidhm cheana a athrú go dtí dáta theacht i bhfeidhm Rialachán Uimh. 149 ó na Náisiúin Aontaithe. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Uimh. 149 ó na Náisiúin Aontaithe a chur le liosta na Rialachán is infheidhme ó na Náisiúin Aontaithe mar cheanglas malartach.
(5)Le Rialachán Uimh. 150 ó na Náisiúin Aontaithe, comhcheanglaítear forálacha Rialacháin Uimh. 3, 27, 69, 70 agus 104 ó na Náisiúin Aontaithe in aon Rialachán amháin ó na Náisiúin Aontaithe chun na Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe maidir le soilsiú agus comharthaíocht solais a shimpliú agus chun an tsoiléireacht a mhéadú, chun castacht na gceanglas a chomhdhlúthú agus a chuíchóiriú tríd an líon Rialachán ó na Náisiúin Aontaithe a laghdú trí bhíthin cleachtadh eagarthóireachta gan aon cheann de na ceanglais theicniúla mhionsonraithe atá i bhfeidhm cheana a athrú go dtí dáta theacht i bhfeidhm Rialachán Uimh. 150 ó na Náisiúin Aontaithe. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Uimh. 150 ó na Náisiúin Aontaithe a chur le liosta na Rialachán is infheidhme ó na Náisiúin Aontaithe mar cheanglas malartach.
(6)Baineann na leasuithe ar Rialachán (AE) 2015/68 agus ar Rialachán (AE) 2015/208 leis an tsábháilteacht agus léiríonn siad na forbairtí teicneolaíocha. Ar na cúiseanna sin, is iomchuí iad a ghlacadh in aon ghníomh amháin.
(7)Chun an dul chun cinn teicniúil a léiriú, is iomchuí ceanglais sábháilteachta leictrí a thabhairt isteach a forbraíodh cheana le haghaidh catagóirí feithiclí eile ag a bhfuil gléasra cumhachta leictreach agus tabharfar ceanglais eile isteach ina dhiaidh sin ó thaobh tionchair mheicniúla, marthanachta, cibearshlándála agus nuashonruithe bogearraí de.
(8)Ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/68 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/208 ón gCoimisiún a leasú dá réir sin.
(9)Léiríonn na hathruithe ar Airteagal 16 agus Airteagal 17 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/68 an fhorbairt theicniúil iarbhír. Chruthófaí ualach riaracháin nach bhfuil gá leis dá gceanglófaí ar mhonaróirí feithiclí coigeartú ar tháirgeadh a thabhairt isteach díreach ar feadh na tréimhse gairide sula bhfoilseofar an Rialachán seo. Tá údar maith, dá bhrí sin, leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm chomh tapa agus is féidir agus go cúlghabhálach,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/68
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/68 mar a leanas:
(1) In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 25:
‘(25) ciallaíonn ‘feithicil atá á tarraingt le barra tarraingthe docht’ feithicil atá á tarraingt de chatagóir R nó S ag a bhfuil acastóir amháin nó grúpa amháin acastóirí, agus atá feistithe le barra tarraingthe a tharchuireann ualach statach suntasach chuig an tarracóir mar gheall ar a dhéanamh, agus nach gcomhlíonann an sainmhíniú ar fheithicil atá á tarraingt le hacastóir láir; d’fhéadfadh roinnt gluaiseachtaí beaga ingearacha tarlú ag barra tarraingthe docht; meastar gur barra tarraingthe docht é barra tarraingthe altach atá inchoigeartaithe go hiodrálach.’;
(2)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:
‘Airteagal 16
Ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le gairis choscánaithe ar féidir leo naisc hiodrálacha den chineál aon-líne a dhéanamh agus maidir le feithiclí atá feistithe leo
1.Leagtar síos in Iarscríbhinn XIII na ceanglais feidhmíochta is infheidhme maidir le tarracóirí atá feistithe le gairis choscánaithe ar féidir leo naisc hiodrálacha den chineál aon-líne a dhéanamh.
2.Ní fheisteoidh monaróirí feithiclí córais choscánaithe ar tharracóirí nua nach bhfuil oiriúnach ach do naisc hiodrálacha den chineál aon-líne tar éis an 31 Nollaig 2024.’;
(3)in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú mír:
‘Le héifeacht ón 1 Eanáir 2025, cuirfidh na húdaráis náisiúnta toirmeasc ar tharracóirí nua a chur ar fáil ar an margadh, a chlárú nó a chur i seirbhís, ar tarracóirí iad atá feistithe le córais choscánaithe nach bhfuil oiriúnach ach do naisc hiodrálacha den chineál aon-líne.’;
(4)leasaítear Iarscríbhinn XIII i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/208
Leasaítear Iarscríbhinní I agus XXIV i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3.4.2025
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN