Válassza ki azokat a kísérleti funkciókat, amelyeket ki szeretne próbálni

Ez a dokumentum az EUR-Lex webhelyről származik.

Dokumentum C(2024)6218

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN maidir le nósanna imeachta chun fíoraitheoirí a chreidiúnú de bhun Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le breoslaí in athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE

C/2024/6218 final

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Rialachán (AE) 2023/1805 maidir le breoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE, foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é an 22 Meán Fómhair 2023 agus tháinig sé i bhfeidhm 20 lá ina dhiaidh sin.

Le hAirteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2023/1805, déantar foráil maidir le glacadh gníomhartha tarmligthe ag an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhodhanna agus critéir bhreise a bhunú le haghaidh creidiúnú fíoraitheoirí.

2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH

Bhunaigh an Coimisiún an Mheitheal um Chur Chun Feidhme Rialachán FuelEU Maritime, foghrúpa d’Fhóram Eorpach na Loingseoireachta Inbhuanaithe (ESSF), i mí an Mheithimh 2023. Chun an Rialachán Tarmligthe seo a ullmhú, bhí cruinniú ag an ngrúpa an 7 Samhain 2023. Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle freisin le Foghrúpa ESSF maidir le cumhacht mhalartach inbhuanaithe don loingseoireacht ag an gcruinniú a bhí aige an 26 Meán Fómhair 2023 maidir leis an dréachtleagan den Rialachán Tarmligthe seo.

Cuireadh na doiciméid a bhaineann leis na cruinnithe chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle araon, mar a fhoráiltear sa Chomhthuiscint maidir le Gníomhartha Tarmligthe atá i gceangal leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 1 . Cuireadh na barúlacha a thug an Grúpa Saineolaithe san áireamh agus an dréacht‑Rialachán Tarmligthe á ullmhú.

Thairis sin, bailíodh aiseolas ar líne maidir le téacs an Rialacháin Tharmligthe ar an Tairseach um Rialáil Níos Fearr ar feadh 4 seachtaine idir an 27/3/2024 agus an 24/4/2024. Cuireadh ceithre aighneacht isteach, ceann amháin ó shaoránaigh, ceann amháin ó chuideachtaí, ceann ar bith ó eagraíochtaí neamhrialtasacha, dhá cheann ó údaráis phoiblí, ceann ar bith ó chomhlachas gnó agus ceann ar bith thar ceann institiúidí acadúla. Níor léiríodh san aiseolas a fuarthas ach an gá atá le roinnt téarmaíochta a úsáidtear sa Rialachán Tarmligthe seo a ailíniú le gníomhartha tánaisteacha eile a bhaineann le FuelEU agus rinneadh é sin.

3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Le Rialachán (AE) 2023/1805 maidir le breoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE, leagtar síos forálacha maidir le fíoraitheoirí a chreidiúnú in Airteagal 14. 

Le hAirteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2023/1805, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán sin a fhorlíonadh trí mhodhanna agus critéir bhreise a bhunú chun fíoraitheoirí a chreidiúnú maidir leis na heilimintí seo a leanas ar a laghad: (i) iarraidh ar chreidiúnú gníomhaíochtaí fíorúcháin laistigh de raon feidhme an Rialacháin; (ii) measúnú na bhfíoraitheoirí ag na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta; (iii) gníomhaíochtaí faireachais a dhéanann na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta chun leanúnachas an chreidiúnaithe a dheimhniú; (iv) bearta riaracháin a bheidh le glacadh mura gcomhlíonann an fíoraitheoir ceanglais an Rialacháin; agus (v) ceanglais ar chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta chun bheith inniúil chun creidiúnú a sholáthar d’fhíoraitheoirí le haghaidh gníomhaíochtaí fíorúcháin laistigh de raon feidhme an Rialacháin, lena n‑áirítear tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe.

Tá na modhanna agus na critéir a shonraítear sa Rialachán Tarmligthe seo bunaithe ar na prionsabail maidir le fíorúchán dá bhforáiltear in Airteagail 11, 12 agus 13 de Rialachán (AE) 2023/1805, agus ar chaighdeáin ábhartha a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta.

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN

an 9.9.2024

maidir le nósanna imeachta chun fíoraitheoirí a chreidiúnú de bhun Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le breoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1805 maidir le breoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE 2 , agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) 2023/1805 maidir le breoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE, leagtar síos forálacha maidir le fíoraitheoirí a chreidiúnú in Airteagal 14.

(2)Le hAirteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2023/1805, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán sin a fhorlíonadh trí mhodhanna agus critéir bhreise a bhunú chun fíoraitheoirí a chreidiúnú maidir leis na heilimintí seo a leanas ar a laghad: (i) iarraidh ar chreidiúnú gníomhaíochtaí fíorúcháin laistigh de raon feidhme an Rialacháin; (ii) measúnú na bhfíoraitheoirí ag na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta; (iii) gníomhaíochtaí faireachais a dhéanann na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta chun leanúnachas an chreidiúnaithe a dheimhniú; (iv) bearta riaracháin a bheidh le glacadh mura gcomhlíonann an fíoraitheoir ceanglais an Rialacháin; agus (v) ceanglais ar chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta chun bheith inniúil chun creidiúnú a sholáthar d’fhíoraitheoirí le haghaidh gníomhaíochtaí fíorúcháin laistigh de raon feidhme an Rialacháin, lena n‑áirítear tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe.

(3)Luaitear in Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2023/1805 freisin go mbeidh na modhanna agus na critéir a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe sin bunaithe ar na prionsabail maidir le fíorúchán dá bhforáiltear in Airteagail 11, 12 agus 13 agus ar chaighdeáin ábhartha a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta.

(4)Tá forálacha in Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2023/1805 maidir le feidhmiú an tarmligin.

(5)Le Rialachán (AE) 2023/1805 maidir le breoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE, leagtar síos forálacha maidir le hoibleagáidí ginearálta agus le prionsabail ghinearálta d’fhíoraitheoirí (Airteagal 12) agus maidir le nósanna imeachta fíorúcháin (Airteagal 13). Cinntear leis an Rialachán freisin na gníomhaíochtaí fíorúcháin ábhartha, lena n‑áirítear measúnú ar an bplean faireacháin agus ar an bplean faireacháin modhnaithe (Airteagal 11), ríomhanna agus fíorúchán na tuarascála FuelEU (Airteagal 16), faisnéis a thaifeadadh i mbunachar sonraí FuelEU (Airteagal 19), úsáid sásraí solúbthachta a fhormheas (Airteagail 20 agus 21), agus doiciméad comhlíontachta FuelEU a eisiúint (Airteagal 22).

(6)Le Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin FuelEU, sonraítear thairis sin na rialacha maidir leis na gníomhaíochtaí fíorúcháin dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2023/1805.

(7)Ba cheart córas láidir trédhearcach faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin a chur i bhfeidhm chun comhlíontacht fhorálacha Rialachán (AE) 2023/1805 a rianú. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras sin ar bhonn neamh‑idirdhealaitheach maidir le gach long agus ba cheart gá a bheith le fíorúchán tríú páirtí chun cruinneas na sonraí a chuirtear isteach sa chóras sin a áirithiú.

(8)Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leagtar síos creat cuimsitheach maidir leis an gcreidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta a dhéanann gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta. De bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2023/1805, beidh feidhm ag na forálacha ábhartha de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, i gcás nach leagtar síos aon fhorálacha sonracha maidir le creidiúnú na bhfíoraitheoirí i Rialachán (AE) 2023/1805.

(9)Chun neamhchlaontacht agus éifeachtacht a áirithiú, ba cheart na fíoraitheoirí a bheith ina n‑eintitis dlí inniúla neamhspleácha agus ba cheart iad a bheith creidiúnaithe ag comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 3 . Ba cheart na hacmhainní agus an fhoireann atá i gcomhréir le méid an chabhlaigh a ndéanann siad gníomhaíochtaí fíorúcháin ina leith faoin Rialachán seo a bheith ag fíoraitheoirí. Leis an bhfíorúchán, ba cheart cruinneas agus iomláine faireacháin agus tuairiscithe arna ndéanamh ag cuideachtaí agus comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

(10)Ba cheart a thabhairt de chumhacht don chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe a cheaptar de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ráiteas údarásach a chreidiúnú agus a eisiúint maidir le hinniúlacht fíoraitheora na gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanamh de bhun an Rialacháin Cur Chun Feidhme maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin FuelEU, bearta riaracháin a ghlacadh, mar shampla fionraíocht nó tarraingt siar an chreidiúnaithe, agus faireachas a dhéanamh ar fhíoraitheoirí.

(11)Féachadh freisin le bheith comhsheasmhach idir an Rialachán Tarmligthe seo agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2917 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin, creidiúnú fíoraitheoirí agus formheas pleananna faireacháin ag údaráis riaracháin de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar, agus lena n‑aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2072 ón gCoimisiún 4 .

(12)Chun an Rialachán seo a ullmhú, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Meitheal um Chur Chun Feidhme Rialachán FuelEU Maritime a oibríonn mar fhoghrúpa d’Fhóram Eorpach na Loingseoireachta Inbhuanaithe (ESSF). Bunaíodh an grúpa sin i gcomhréir le gnáthchleachtas an Choimisiúin dul i gcomhairle le saineolaithe agus dréachtghníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú aige agus tugann sé saineolaithe ó na Ballstáit le chéile.

(13)Ina theannta sin, chuathas i gcomhairle le ESSF, lena n‑áirítear an tionscal agus eagraíochtaí ábhartha eile freisin, chomh maith leis an tsochaí shibhialta. Chuathas i gcomhairle freisin le Foghrúpa ESSF um chumhacht mhalartach inbhuanaithe don loingseoireacht maidir leis an dréachtleagan den Rialachán seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

CREIDIÚNÚ NA bhFÍORAITHEOIRÍ

Airteagal 1

CREIDIÚNÚ NA bhFÍORAITHEOIRÍ

1.I gcás nach leagtar síos forálacha sonracha maidir le creidiúnú fíoraitheoirí sa Rialachán seo ná i Rialachán (AE) 2023/1805, beidh feidhm ag forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

2.I ndáil leis na híoscheanglais maidir le creidiúnú agus na ceanglais maidir le comhlachtaí creidiúnaithe, beidh feidhm ag an gcaighdeán comhchuibhithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir le ceanglais ghinearálta do chomhlachtaí creidiúnaithe a thugann creidiúnú do chomhlachtaí measúnaithe comhréireachta 5 .

Airteagal 2

Raon feidhme an chreidiúnaithe

Cumhdófar le raon feidhme chreidiúnú na bhfíoraitheoirí na gníomhaíochtaí a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar phleananna faireacháin, fíorú a dhéanamh ar thuarascálacha FuelEU agus ar thuarascálacha páirteacha FuelEU, fíorú a dhéanamh ar chomhréireacht le ceanglais maidir le déine gás ceaptha teasa (GCT) trí ríomh a dhéanamh ar dhéine GCT an fhuinnimh a úsáidtear ar bord, ar an iarmhéid comhlíontachta, ar chuairteanna neamhchomhlíontacha ar chalafoirt agus doiciméad comhlíontachta FuelEU a eisiúint, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2023/1805.

Airteagal 3

Cuspóirí an phróisis um chreidiúnú

Le linn an phróisis um chreidiúnú agus an fhaireachais bhliantúil ar fhíoraitheoirí creidiúnaithe, i gcomhréir le hAirteagail 6 go 11, déanfaidh comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe measúnú lena fháil amach an gcomhlíonann an fíoraitheoir agus a fhoireann atá i mbun gníomhaíochtaí fíorúcháin na critéir seo a leanas:

(a)tá sé d’inniúlacht acu measúnú á dhéanamh ar na pleananna faireacháin, fíorú á dhéanamh ar thuarascálacha FuelEU agus ar thuarascálacha páirteacha FuelEU, fíorú a dhéanamh ar chomhréireacht le ceanglais maidir le déine GCT trí ríomh a dhéanamh ar dhéine GCT an fhuinnimh a úsáidtear ar bord, ar an iarmhéid comhlíontachta, ar chuairteanna neamhchomhlíontacha ar chalafoirt agus doiciméad comhlíontachta FuelEU a eisiúint, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2023/1805;

(b)cuireann siad modhanna fíorúcháin iomlána agus éifeachtacha i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh ar na pleananna faireacháin, fíorú á dhéanamh ar thuarascálacha FuelEU agus ar thuarascálacha páirteacha FuelEU, fíorú a dhéanamh ar chomhréireacht le ceanglais maidir le déine GCT trí ríomh a dhéanamh ar dhéine GCT an fhuinnimh a úsáidtear ar bord, ar an iarmhéid comhlíontachta, ar chuairteanna neamhchomhlíontacha ar chalafoirt agus doiciméad comhlíontachta FuelEU a eisiúint, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2023/1805;

(c)comhlíonann siad na ceanglais le haghaidh fíoraitheoirí dá dtagraítear i gCaibidil IV den Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin FuelEU, lena n‑áirítear na ceanglais sin maidir le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas.

Airteagal 4

Iarrataí ar chreidiúnú

1.Beidh an fhaisnéis a bhfuil gá léi ar bhonn an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) sna hiarrataí ar chreidiúnú.

2.Ina theannta sin, roimh thús an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 5, cuirfidh an t‑iarratasóir ar chreidiúnú (‘an t‑iarratasóir’) faisnéis ar fáil don chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe maidir leis na gnéithe seo a leanas:

(a)na nósanna imeachta agus na próisis dá dtagraítear in Airteagal 35(1) den Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin FuelEU agus an córas bainistíochta cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 35(3) den Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le gníomhaíochtaí fíoraithe FuelEU;

(b)na critéir inniúlachta dá dtagraítear in Airteagal 30(2), pointí (a) agus (b), den Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin FuelEU, torthaí an phróisis inniúlachta leanúnaigh dá dtagraítear san Airteagal sin agus doiciméadacht ábhartha eile maidir le hinniúlacht na foirne uile a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí fíorúcháin dá dtagraítear in Airteagail 32 agus 33;

(c)an próiseas chun neamhchlaontacht agus neamhspleáchas leanúnach a áirithiú, dá dtagraítear in Airteagal 38 den Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin FuelEU, lena n‑áirítear taifid ábhartha ar neamhchlaontacht agus neamhspleáchas an iarratasóra agus a fhoirne;

(d)na saineolaithe teicniúla agus an príomhphearsanra a bhfuil baint acu le measúnú a dhéanamh ar phleananna faireacháin, le fíorú a dhéanamh ar thuarascálacha FuelEU agus ar thuarascálacha páirteacha FuelEU, agus le fíorú a dhéanamh ar chomhréireacht leis na ceanglais maidir le déine GCT trí ríomh a dhéanamh ar dhéine GCT an fhuinnimh a úsáidtear ar bord, ar an iarmhéid comhlíontachta agus ar chuairteanna neamhchomhlíontacha ar chalafoirt;

(e)na nósanna imeachta agus na próisis chun fíorúchán iomchuí a áirithiú, lena n‑áirítear iad siúd maidir le doiciméadacht fíorúcháin inmheánach dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin FuelEU;

(f)taifid ábhartha, dá dtagraítear in Airteagal 37 den Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin FuelEU;

(g)gach faisnéis eile arna hiarraidh ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe.

Airteagal 5

Measúnú

1.Chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 3, déanfaidh an fhoireann measúnachta a cheapfar i gcomhréir le hAirteagal 12 an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)déanfaidh sí athbhreithniú ar na doiciméid agus ar na taifid ábhartha uile arna soláthar ag an iarratasóir de bhun Airteagal 4;

(b)déanfaidh sí cuairt ar an láthair chun athbhreithniú a dhéanamh ar shampla ionadaíoch den doiciméadacht fíorúcháin inmheánach agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme chóras bainistíochta cáilíochta an iarratasóra agus ar na nósanna imeachta nó na próisis le haghaidh gníomhaíochtaí fíorúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35 den Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin FuelEU;

(c)déanfaidh sí an fheidhmíocht agus inniúlacht a bheidh ag líon ionadaíoch d’fhoireann an iarratasóra a fhianú, ar foireann í atá páirteach sna nithe seo a leanas:

i. measúnú ar phleananna faireacháin;

ii. tuarascálacha FuelEU a fhíorú;

iii. fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le déine GCT trí ríomh a dhéanamh ar dhéine GCT an fhuinnimh a úsáidtear ar bord, ar an iarmhéid comhlíontachta agus ar chuairteanna neamhchomhlíontacha ar chalafoirt; agus

iv. doiciméad comhlíontachta FuelEU a eisiúint;

chun a áirithiú go mbeidh siad ag oibriú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.Déanfaidh an fhoireann measúnachta na gníomhaíochtaí a leagtar amach i mír 1 i gcomhréir le ceanglais an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

3.Déanfaidh an fhoireann measúnachta a torthaí agus aon neamhréireacht a thuairisciú don iarratasóir agus iarrfaidh sí freagra, i gcomhréir le ceanglais an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

4.Déanfaidh an t‑iarratasóir gníomhaíocht cheartaitheach chun aghaidh a thabhairt ar aon neamhréireacht arna tuairisciú de bhun mhír 3 agus sonróidh sé ina fhreagra cén ghníomhaíocht a rinne sé nó cén ghníomhaíocht a bhfuil sé beartaithe aige a dhéanamh laistigh d’am a shocróidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe chun na neamhréireachtaí a réiteach.

5.Déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe athbhreithniú ar an bhfreagra a chuirfidh an t‑iarratasóir isteach de bhun mhír 4.

6.I gcás ina gcinnfidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe go bhfuil freagra an iarratasóra nó an ghníomhaíocht a rinneadh neamh‑leordhóthanach nó neamhéifeachtach, iarrfaidh sé ar an iarratasóir tuilleadh faisnéise a chur isteach nó gníomhaíocht bhreise a dhéanamh.

7.Féadfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe fianaise a iarraidh freisin, nó measúnú leantach a dhéanamh, chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme iarbhír na gníomhaíochta ceartaithí.

Airteagal 6

Cinneadh maidir le creidiúnú agus an deimhniú creidiúnaithe

1.Agus an cinneadh á ullmhú agus á dhéanamh aige maidir le cé acu is ceart nó nár cheart creidiúnú iarratasóra a dheonú, a shíniú nó a athnuachan, cuirfidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe ceanglais an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) san áireamh.

2.I gcás ina gcinnfidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe creidiúnú iarratasóra a dheonú nó a athnuachan, eiseoidh sé deimhniú creidiúnaithe chuige sin. Deonófar an deimhniú creidiúnaithe do gach gníomhaíocht fíorúcháin de bhun Rialachán (AE) 2023/1805.

3.Beidh ar a laghad an fhaisnéis is gá ar bhonn an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) sa deimhniú creidiúnaithe.

4.Beidh an deimhniú creidiúnaithe bailí go ceann tréimhse nach faide ná 5 bliana tar éis an dáta a d’eisigh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe an deimhniú sin.

Airteagal 7

Faireachas bliantúil

1.Déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe faireachas bliantúil ar gach fíoraitheoir a bhfuil deimhniú creidiúnaithe eisithe aige dó. Cuimseofar san fhaireachas sin an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)cuairt ar an láithreán dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (b);

(b)an fheidhmíocht a fhianú agus measúnú a dhéanamh ar an inniúlacht a bheidh ag líon ionadaíoch d’fhoireann an fhíoraitheora i gcomhréir le hAirteagal 5(1), pointe (c).

2.Déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe an chéad fhaireachas ar fhíoraitheoir i gcomhréir le mír 1 laistigh de 12 mhí ón dáta a eisíodh a dheimhniú creidiúnaithe.

3.Ceadófar leis an bpleanáil faireachais don chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe samplaí ionadaíocha de ghníomhaíochtaí an fhíoraitheora faoi raon feidhme an deimhnithe creidiúnaithe agus na foirne a bhfuil baint aici leis na gníomhaíochtaí fíorúcháin a mheasúnú, i gcomhréir le ceanglais an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

4.Ar bhonn thorthaí an fhaireachais, cinnfidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe an ndeimhneoidh sé go leanfar den chreidiúnú.

5.I gcás ina ndéanann fíoraitheoir fíorúchán thar ceann cuideachta faoi chúram an Stáit riaracháin seachas Ballstát an chomhlachta náisiúnta chreidiúnaithe a bhfuil an fíoraitheoir creidiúnaithe aige, féadfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe a bhfuil an fíoraitheoir creidiúnaithe aige a iarraidh ar chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe an Stáit riaracháin gníomhaíochtaí faireachais a dhéanamh thar a cheann agus faoina chúram.

Airteagal 8

Athmheasúnú

1.Déanfaidh an fíoraitheoir iarratas ar chreidiúnú a athnuachan ionas gur féidir leis an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe athmheasúnú a dhéanamh ar an bhfíoraitheoir agus a chinneadh lena fháil amach an bhféadfar síneadh a chur leis an deimhniú roimh an dáta éaga.

2.Sula rachaidh deimhniú creidiúnaithe a d’eisigh sé in éag, déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe athmheasúnú ar an bhfíoraitheoir atá i gceist chun a chinneadh lena fháil amach an bhféadfar síneadh a chur le bailíocht an deimhnithe.

3.Áiritheoidh an phleanáil athmheasúnaithe go ndéanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe measúnú ar shampla ionadaíoch de ghníomhaíochtaí an fhíoraitheora a chumhdaítear leis an deimhniú.

4.Agus an t‑athmheasúnú á phleanáil agus á dhéanamh aige, comhlíonfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe ceanglais an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 9

Measúnú urghnách

1.Féadfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe measúnú urghnách a dhéanamh ar an bhfíoraitheoir tráth ar bith chun a áirithiú go leanann sé de cheanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

2.Chun é a chur ar a chumas don chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le measúnú urghnách, cuirfidh an fíoraitheoir an comhlacht sin ar an eolas láithreach faoi aon athrú suntasach is ábhartha dá chreidiúnú maidir le haon ghné dá stádas nó dá oibríocht.

3.Áireofar ar athruithe suntasacha athruithe a luaitear sa chaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 10

Bearta riaracháin

1.Féadfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe creidiúnú fíoraitheora a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i gcás nach gcomhlíonann an fíoraitheoir ceanglais an Rialacháin seo.

2.Déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe creidiúnú fíoraitheora a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i gcás ina n‑iarrann an fíoraitheoir amhlaidh.

3.Déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe nós imeachta a bhunú, a dhoiciméadú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun an creidiúnú a chur ar fionraí agus a tharraingt siar i gcomhréir leis an gcaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

4.Déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe creidiúnú fíoraitheora a chur ar fionraí i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas déanta ag an bhfíoraitheoir:

(a)go ndearna sé sárú tromchúiseach ar cheanglais an Rialacháin seo;

(b)nár chomhlíon sé arís agus arís eile agus go leanúnach ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh;

(c)gur sháraigh sé aon téarma agus coinníoll sonrach eile arna leagan síos ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe.

5.Déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe creidiúnú fíoraitheora a tharraingt siar i gcás an mhéid seo a leanas:

(a)nár leigheas an fíoraitheoir an foras le cinneadh an deimhniú creidiúnaithe a chur ar fionraí;

(b)go bhfuarthas comhalta d’ardbhainistíocht an fhíoraitheora nó d’fhoireann an fhíoraitheora a bhfuil baint aige le gníomhaíochtaí fíorúcháin faoin Rialachán seo ciontach i gcalaois;

(c)gur sholáthair an fíoraitheoir faisnéis bhréagach d’aon ghnó nó go bhfuil faisnéis folaithe aige d’aon ghnó.

6.I ndáil le cinntí a dhéanfaidh comhlacht náisiúnta creidiúnaithe creidiúnú a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i gcomhréir le míreanna 1, 4 agus 5, beidh siad faoi réir achomhairc i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna mbunú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 5(5) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

7.I dtaca le cinntí a dhéanfaidh comhlacht náisiúnta creidiúnaithe creidiúnú a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, beidh éifeacht acu nuair a thabharfar fógra don fhíoraitheoir fúthu. Breithneoidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe an tionchar a bheidh ar ghníomhaíochtaí a rinneadh roimh na cinntí sin i bhfianaise chineál na neamhchomhlíontachta.

8.Déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe fionraíocht an deimhnithe creidiúnaithe a fhoirceannadh i gcás ina bhfuil faisnéis shásúil faighte aige agus ina dtagann sé ar an gconclúid go gcomhlíonann an fíoraitheoir ceanglais an Rialacháin seo.

CAIBIDIL II

CEANGLAIS AR CHOMHLACHTAÍ NÁISIÚNTA CREIDIÚNAITHE

Airteagal 11

Ceanglais ar chomhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe

1.I gcás nach leagtar síos, sa Rialachán seo ná i Rialachán (AE) 2023/1805, forálacha sonracha maidir leis na ceanglais ar chomhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe, beidh feidhm ag forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

2.Chun críocha an Rialacháin seo, comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe a cheaptar de bhun Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, déanfaidh siad a ndualgais i gcomhréir le ceanglais an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 12

Foireann measúnachta

1.Ceapfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe foireann measúnachta le haghaidh gach measúnaithe a dhéanfar faoi cheanglais an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

2.Beidh foireann measúnachta comhdhéanta de phríomh‑mheasúnóir a bheidh freagrach as measúnú a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus, i gcás inar gá, de líon oiriúnach measúnóirí nó saineolaithe teicniúla a mbeidh eolas agus taithí ábhartha acu maidir le raon feidhme sonrach an chreidiúnaithe.

3.Áireofar ar an bhfoireann measúnachta duine amháin, ar a laghad, a mbeidh na scileanna seo a leanas aige:

(a)eolas leordhóthanach ar Rialachán (AE) 2023/1805 agus ar an reachtaíocht thánaisteach ghaolmhar, agus ar threoirlínte ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 32(2)(a) den Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin FuelEU;

(b)an inniúlacht agus an tuiscint a bhfuil gá leo chun measúnú a dhéanamh ar an bhfíorúchán agus ar an eolas ar shaintréithe na gcineálacha éagsúla soithí agus ar fhaireachán agus ar thuairisciú astaíochtaí gás ceaptha teasa, ídiú breosla agus faisnéis ábhartha eile de bhun Rialachán (AE) 2023/1805. 

Airteagal 13

Ceanglais inniúlachta le haghaidh measúnóirí

1.Beidh an inniúlacht ag measúnóirí na gníomhaíochtaí faoi Airteagail 5 go 10 a dhéanamh. Chuige sin, beidh an méid seo a leanas bainte amach ag an measúnóir:

(a)comhlíonfaidh sé ceanglais an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

(b)beidh eolas leormhaith acu ar iniúchóireacht sonraí agus faisnéise, dá dtagraítear in Airteagal 32(2), pointe (b), den Rialachán Cur Chun feidhme maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin FuelEU a fhaightear trí oiliúint, nó trí rochtain ar dhuine a bhfuil eolas agus taithí aige ar shonraí agus ar fhaisnéis den sórt sin;

(c)beidh eolas leormhaith acu ar an reachtaíocht ábhartha chomh maith leis na treoirlínte is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 32(2), pointe (a) den Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin FuelEU.

2.I dteannta na gceanglas inniúlachta a leagtar amach i mír 1, léireoidh príomh‑mheasúnóirí inniúlacht chun foireann measúnachta a threorú agus beidh siad freagrach as measúnú a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3.I dteannta na gceanglas inniúlachta a leagtar amach i mír 1, beidh eolas agus taithí leormhaith ag athbhreithneoirí inmheánacha agus ag daoine a dhéanann cinntí maidir le creidiúnú a dheonú, síneadh a chur leis nó a athnuachan chun meastóireacht a dhéanamh ar an gcreidiúnú.

Airteagal 14

Saineolaithe teicniúla

1.Féadfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe saineolaithe teicniúla a áireamh san fhoireann measúnachta chun faisnéis mhionsonraithe agus saineolas a sholáthar ar ábhar sonrach is gá chun tacú leis an bpríomh‑mheasúnóir nó leis an measúnóir.

2.Beidh an inniúlacht is gá ag saineolaí teicniúil chun tacú go héifeachtach leis an bpríomh‑mheasúnóir agus leis an measúnóir ar an ábhar ar ina leith a iarrtar eolas agus saineolas ar shaineolaí den sórt sin. Ina theannta sin, beidh an méid seo a leanas bainte amach ag an saineolaí teicniúil:

(a)beidh eolas leormhaith aige ar an reachtaíocht ábhartha chomh maith leis na treoirlínte is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 32(2), pointe (a) den Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin FuelEU;

(b)beidh tuiscint leormhaith aige ar ghníomhaíochtaí fíorúcháin.

3.Déanfaidh saineolaithe teicniúla cúraimí sonraithe faoi stiúir agus faoi lánchúram an phríomh‑mheasúnóra a bheidh i gceist.

Airteagal 15

Gearáin

I gcás ina bhfuil gearán maidir leis an bhfíoraitheoir faighte ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe ó údarás inniúil an Stáit riaracháin, ón gcuideachta loingseoireachta, ón Stát brataí maidir le longa a bhfuil bratach Bhallstáit ar foluain acu nó ó pháirtithe leasmhara eile, déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe an méid seo a leanas laistigh de thréimhse réasúnach ach tráth nach déanaí ná 3 mhí ón dáta a fuarthas é:

(a)cinneadh a dhéanamh maidir le bailíocht an ghearáin;

(b)a áirithiú go dtabharfar deis don fhíoraitheoir lena mbaineann a bharúlacha a chur isteach;

(c)gníomhaíochtaí iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an ngearán;

(d)an gearán agus an ghníomhaíocht a rinneadh a thaifeadadh;

(e)freagra a thabhairt don ghearánach.

Airteagal 16

Measúnú piaraí

1.I gcásanna ina bhfuil comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe faoi réir measúnú piaraí rialta i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, cuirfidh an comhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 critéir iomchuí maidir le measúnú piaraí agus próiseas measúnaithe piaraí neamhspleách chun feidhme d’fhonn measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

(a)an bhfuil na gníomhaíochtaí creidiúnaithe déanta ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe atá faoi réir an mheasúnaithe piaraí i gcomhréir le Caibidil I;

(b)an bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Chaibidil seo comhlíonta ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe atá faoi réir an mheasúnaithe piaraí.

2.Áireofar sna critéir ceanglais inniúlachta le haghaidh meastóirí piaraí agus foirne meastóireachta piaraí a bhaineann go sonrach le Rialachán (AE) 2023/1805.

3.Foilseoidh an comhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 toradh an mheasúnaithe piaraí ar chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh sé é sin in iúl don Choimisiún, do na húdaráis náisiúnta atá freagrach as na comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe sna Ballstáit, agus d’údarás inniúil an Stáit riaracháin nó don phointe teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 19 den Rialachán seo.

4.D’ainneoin Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, i gcás ina bhfuil measúnú piaraí déanta go rathúil ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe, arna eagrú ag an gcomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, beidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe díolmhaithe ó mheasúnú piaraí nua a dhéanamh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo más féidir leis comhréireacht leis an Rialachán seo a léiriú.

5.Chuige sin, cuirfidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe lena mbaineann iarraidh agus an doiciméadacht is gá faoi bhráid an chomhlachta a aithnítear faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

6.Déanfaidh an comhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 cinneadh ar comhlíonadh na coinníollacha chun díolúine a dheonú.

7.Beidh feidhm ag an díolúine go ceann tréimhse nach faide ná 3 bliana ón dáta a thabharfar fógra faoin gcinneadh don chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe.

Airteagal 17

Aitheantas frithpháirteach fíoraitheoirí

D’ainneoin Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, i gcás nach bhfuil an próiseas iomlán measúnaithe piaraí déanta ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe, glacfaidh na Ballstáit le deimhnithe creidiúnaithe fíoraitheoirí a chreidiúnaigh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe sin, ar choinníoll go bhfuil measúnú piaraí tosaithe ag an gcomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 don chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe sin agus ar choinníoll nár shainaithin an comhlacht sin neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo arna dhéanamh ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe.

Airteagal 18

Faireachán a dhéanamh ar sheirbhísí a sholáthraítear

1.I gcás ina bhfuil sé suite ag Ballstát, le linn cigireacht a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 31(4) de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nach bhfuil fíoraitheoir ag comhlíonadh an Rialacháin seo, tabharfaidh údarás inniúil an Stáit riaracháin nó comhlacht náisiúnta creidiúnaithe an Bhallstáit sin an méid sin le fios don chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe a bhfuil an fíoraitheoir creidiúnaithe aige.

2.An comhlacht náisiúnta creidiúnaithe a bhfuil an fíoraitheoir creidiúnaithe aige, déileálfaidh sé leis an teachtaireacht ina gcuirtear an fhaisnéis sin in iúl mar ghearán de réir bhrí Airteagal 15 agus glacfaidh sé beart iomchuí agus tabharfaidh sé freagra d’údarás inniúil an Stáit riaracháin nó don chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 22(3), an dara fomhír.

CAIBIDIL III

MALARTÚ FAISNÉISE

Airteagal 19

Malartú faisnéise agus pointí teagmhála

1.Cuirfidh na Ballstáit malartú éifeachtach faisnéise iomchuí agus comhar éifeachtach ar bun idir a chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe agus údarás inniúil an Stáit riaracháin.

2.I gcás ina n‑ainmnítear níos mó ná údarás amháin de bhun Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2023/1805 i mBallstát, údaróidh an Ballstát sin ceann de na húdaráis sin a bheith mar phointe teagmhála don mhalartú faisnéise, mar phointe teagmhála chun an comhar dá dtagraítear i mír 1 a chomhordú, agus do na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Chaibidil seo.

Airteagal 20

Clár oibre creidiúnaithe agus tuarascáil bhainistíochta

1.Faoin 31 Nollaig gach bliain, cuirfidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe clár oibre creidiúnaithe ar fáil d’údarás inniúil an Stáit riaracháin ina mbeidh liosta na bhfíoraitheoirí a chreidiúnaigh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe sin. Beidh an fhaisnéis seo a leanas i ndáil le gach fíoraitheoir sa chlár oibre creidiúnaithe:

(a)faisnéis faoi ghníomhaíochtaí atá beartaithe ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe don fhíoraitheoir sin, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí faireachais agus athmheasúnaithe;

(b)dátaí na n‑iniúchtaí fianaithe a mheastar a bheidh le déanamh ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe chun an fíoraitheoir a mheasúnú;

(c)faisnéis lena fháil amach ar iarr an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe ar an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe ó Bhallstát eile gníomhaíochtaí faireachais a dhéanamh de bhun Airteagal 7(5).

2.I gcás ina ndéantar athruithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe clár oibre nuashonraithe faoi bhráid údarás inniúil an Stáit riaracháin faoin 31 Eanáir gach bliain.

3.I ndiaidh an clár oibre creidiúnaithe a chur isteach i gcomhréir le mír 1, soláthróidh údarás inniúil an Stáit riaracháin gach faisnéis ábhartha, lena n‑áirítear aon reachtaíocht náisiúnta agus treoirlínte is infheidhme, don chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe.

4.Faoin 1 Meitheamh gach bliain, cuirfidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe tuarascáil bhainistíochta ar fáil d’údarás inniúil an Stáit riaracháin. Is é a bheidh sa tuarascáil bhainistíochta an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach fíoraitheoir a chreidiúnaigh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe:

(a)mionsonraí creidiúnaithe fíoraitheoirí a chreidiúnaigh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe den chéad uair;

(b)torthaí achoimrithe na ngníomhaíochtaí faireachais agus athmheasúnaithe a rinne an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe;

(c)torthaí achoimrithe ar mheasúnaithe urghnácha a rinneadh, lena n‑áirítear cúiseanna leis na measúnuithe sin a dhéanamh;

(d)aon ghearán a rinneadh in aghaidh an fhíoraitheora ó bhí an tuarascáil bhainistíochta dheireanach ann agus gníomhaíochtaí a rinne an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe;

(e)mionsonraí faoi ghníomhaíochtaí a rinne an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe mar fhreagairt ar an bhfaisnéis a roinneann údarás inniúil an Stáit riaracháin.

Airteagal 21

Malartú faisnéise maidir le bearta riaracháin

Má d’fhorchuir an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe bearta riaracháin ar an bhfíoraitheoir de bhun Airteagal 10 nó má foirceannadh fionraíocht an chreidiúnaithe nó má freaschuireadh, le cinneadh mar thoradh ar achomharc, cinneadh an chomhlachta náisiúnta creidiúnaithe chun bearta riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 10 a fhorchur, cuirfidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe údarás inniúil an Stáit riarachán agus comhlacht náisiúnta creidiúnaithe gach Ballstáit ar an eolas faoin méid sin.

Airteagal 22

Malartú faisnéise ag údarás inniúil an Stáit riaracháin

1.Aon uair a shainaithneofar neamh‑chomhréireachtaí nó easnaimh, déanfaidh údarás inniúil an Stáit riaracháin atá freagrach as cuideachtaí ar ina leith atá an fíoraitheoir ag déanamh fíorúcháin an méid seo a leanas ar a laghad a chur in iúl ar bhonn bliantúil don chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe a chreidiúnaigh an fíoraitheoir sin:

(a)torthaí ábhartha ì ngeall ar sheiceáil a dhéanamh ar an tuarascáil FuelEU, ar thuarascálacha páirteacha FuelEU, ar fhíorú a dhéanamh ar chomhréireacht le ceanglais maidir le déine GCT trí ríomh a dhéanamh ar dhéine GCT an fhuinnimh a úsáidtear ar bord, ar an iarmhéid comhlíontachta, ar chuairteanna neamhchomhlíontacha ar chalafoirt agus ar na tuarascálacha fíorúcháin i gcás ina ndearna údarás inniúil an Stáit riaracháin seiceálacha breise dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2023/1805;

(b)torthaí ó sheiceálacha breise na cuideachta loingseoireachta mar a leagtar amach in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2023/1805 i gcás ina bhfuil na torthaí sin ábhartha don chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe maidir le creidiúnú agus faireachas an fhíoraitheora nó i gcás ina n‑áirítear leis na torthaí sin aon saincheist sonraí a sainaithníodh nár chomhlíon na ceanglais faoi Rialachán (AE) 2023/1805, Treoir 2003/87/CE, Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin FuelEU nó faoin Rialachán seo;

(c)torthaí ón meastóireacht ar dhoiciméadacht fíorúcháin inmheánach an fhíoraitheora sin i gcás ina ndearnadh údarás inniúil an Stáit riaracháin meastóireacht ar an doiciméadacht;

(d)gearáin a fuair údarás inniúil an Stáit riaracháin faoin bhfíoraitheoir sin.

2.I gcás ina soláthraítear leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1 fianaise gur shainaithin an t‑údarás inniúil saincheisteanna sna sonraí a tuairiscíodh, ar saincheisteanna iad nár chomhlíon ceanglais faoi Rialachán (AE) 2023/1805, faoi Threoir 2003/87/CE agus faoin Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin FuelEU, measfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe an teachtaireacht maidir leis an bhfaisnéis sin a bheith ina gearán atá údarás inniúil an Stáit riaracháin a dhéanamh faoin bhfíoraitheoir sin de réir bhrí Airteagal 15.

3.Déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe gníomhaíocht iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin agus freagairt d’údarás inniúil an Stáit riaracháin laistigh de thréimhse réasúnach ama, ach tráth nach déanaí ná 3 mhí ón dáta a fhaightear é. Cuirfidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe údarás inniúil an Stáit riaracháin ar an eolas a fhreagra maidir leis an ngníomhaíocht a rinne sé agus, i gcás inarb ábhartha, na bearta riaracháin a forchuireadh ar an bhfíoraitheoir.

Airteagal 23

Malartú faisnéise maidir le faireachas

1.I gcás inar iarradh ar chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe an Bhallstáit atá freagrach as cuideachta ar ina leith a dhéanann an fíoraitheoir fíorúchán chun gníomhaíochtaí faireachais a dhéanamh de bhun Airteagal 7(5), tuairisceoidh sé a chuid torthaí don chomhlacht náisiúnta a chreidiúnaigh an fíoraitheoir, ach amháin mura gcomhaontaíonn an dá chomhlacht náisiúnta creidiúnaithe a mhalairt.

2.Cuirfidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe a chreidiúnaigh an fíoraitheoir na torthaí dá dtagraítear i mír 1 san áireamh nuair a dhéanfar measúnú lena fháil amach an gcomhlíonann an fíoraitheoir ceanglais an Rialacháin seo.

3.I gcás ina léirítear na torthaí dá dtagraítear i mír 1 fianaise nach bhfuil an fíoraitheoir ag comhlíonadh an Rialacháin seo, déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe a chreidiúnaigh an fíoraitheoir gníomhaíocht iomchuí de bhun an Rialacháin seo agus cuirfidh sé an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe a rinne na gníomhaíochtaí faireachais ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)cén ghníomhaíocht a rinne an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe a chreidiúnaigh an fíoraitheoir;

(b)i gcás inarb iomchuí, conas a réitigh an fíoraitheoir na torthaí;

(c)i gcás inarb ábhartha, cé na bearta a forchuireadh ar an bhfíoraitheoir.

Airteagal 24

Malartú faisnéise le Ballstát ina bhfuil an fíoraitheoir bunaithe

I gcás inar dheonaigh comhlacht náisiúnta creidiúnaithe creidiúnú d’fhíoraitheoir i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil fíoraitheoir bunaithe, cuirfear an clár oibre creidiúnaithe agus an tuarascáil bhainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 20 ar fáil freisin d’údarás inniúil an Stáit riaracháin ina bhfuil an fíoraitheoir bunaithe.

Airteagal 25

Bunachair sonraí fíoraitheoirí creidiúnaithe

1.Cuirfidh comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe bunachar sonraí ar bun a bheidh ar fáil go poiblí agus bainisteoidh siad é, sin é bunachar sonraí ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)ainm, uimhir chreidiúnaithe agus seoladh gach fíoraitheora arna chreidiúnú ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe sin;

(b)an dáta a deonaíodh an creidiúnú agus a dháta éaga;

(c)faisnéis maidir leis na bearta riaracháin a forchuireadh ar an bhfíoraitheoir.

2.Cuirfear aon athrú maidir le stádas na bhfíoraitheoirí in iúl don Choimisiún trí theimpléad caighdeánaithe ábhartha a úsáid.

3.Déanfaidh an comhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 rochtain ar na bunachair shonraí náisiúnta a éascú agus a chomhchuibhiú chun cumarsáid éifeachtúil agus costéifeachtach a chumasú idir comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe, fíoraitheoirí, cuideachtaí loingseoireachta agus údaráis inniúla an Stáit riaracháin. Féadfaidh an comhlacht na bunachair sonraí sin a chumasc in aon bhunachar sonraí láraithe amháin.

Airteagal 26

Fógra á thabhairt ag fíoraitheoirí

1.Chun críocha an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe a chumasú d’fhonn an clár oibre creidiúnaithe agus an tuarascáil bhainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 20 a dhréachtú, seolfaidh fíoraitheoir faoin 15 Samhain gach bliain, an fhaisnéis seo a leanas chuig an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe a chreidiúnaigh an fíoraitheoir sin:

(a)am agus áit phleanáilte na bhfíorúchán atá beartaithe ag an bhfíoraitheoir a dhéanamh;

(b)seoladh gnó agus sonraí teagmhála na gcuideachtaí loingseoireachta a bhfuil a bpleananna faireacháin, a dtuarascálacha FuelEU agus a dtuarascálacha páirteacha FuelEU faoi réir a fhíorúcháin;

(c)ainmneacha chomhaltaí na foirne fíorúcháin.

2.I gcás ina ndéanfar athrú ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an fíoraitheoir fógra don chomhlacht creidiúnaithe maidir leis na hathruithe sin laistigh de thráthchlár a comhaontaíodh leis an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe sin.

Airteagal 27

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9.9.2024

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)

DRAFT

DRAFT

(2)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
(3)    IO L 234, 22.9.2023, lch. 48.
(4)    Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93.
(5)    IO L 123, 19.5.2015, lch. 55.
(6)    ISO/IEC 17029:2019 maidir le Measúnú comhréireachta — Prionsabail agus ceanglais ghinearálta le haghaidh comhlachtaí bailíochtaithe agus fíoraithe, dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1835 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2020 maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le creidiúnú agus measúnú comhréireachta (IO L 408. 4.12.2020, lch. 6).
Az oldal tetejére