TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
lena gcuirtear síneadh leis an idirthréimhse dá bhforáiltear sna Treoirlínte maidir le státchabhair d’aerfoirt agus d’aerlínte a bhaineann le haerfoirt réigiúnacha
1.Sna Treoirlínte maidir le státchabhair d’aerfoirt agus d’aerlínte 1 (‘na Treoirlínte’) sonraítear na coinníollacha faoina bhféadfaidh maoiniú poiblí aerfort agus aerlínte a bheith ina státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus nuair is státchabhair é an maoiniú sin, na coinníollacha faoinar féidir a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.
2.I bprionsabal, is cineál cabhrach atá an‑saobhach í an chabhair oibriúcháin agus ní féidir í a údarú ach amháin in imthosca eisceachtúla. Measann an Coimisiún gur cheart go n‑íocfadh aerfoirt agus aerlínte a gcostais oibriúcháin féin de ghnáth. Mar sin féin, go stairiúil, is minic a bhí aerfoirt réigiúnacha ag brath ar thacaíocht phoiblí chun a n‑oibríochtaí a mhaoiniú. Dá bhrí sin, foráiltear leis na Treoirlínte gur féidir údar a thabhairt fós le catagóirí áirithe cabhrach oibriúcháin d’aerfoirt faoi choinníollacha áirithe ionas go mbeidh aerfoirt réigiúnacha in ann a samhail ghnó a choigeartú.
3.Dá bhrí sin, foráiltear leis na Treoirlínte d’idirthréimhse 10 mbliana ón 4 Aibreán 2014 inar féidir le haerfoirt ina bhfuil meántrácht bliantúil suas le 3 mhilliún paisinéir cabhair oibriúcháin a fháil. Faoi dheireadh na hidirthréimhse in 2024, ní mór cumhdach iomlán a gcuid costas oibriúcháin a bheith bainte amach ag gach aerfort agus measfar nach mbeidh aon chabhair oibriúcháin d’aerfoirt comhoiriúnach leis an margadh inmheánach tar éis an dáta sin, cé is moite de chabhair oibriúcháin a dheonaítear i gcomhréir le rialacha maidir le státchabhair chothrománach, amhail na rialacha is infheidhme maidir le maoiniú seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2 .
4.Aithnítear sna Treoirlínte go bhféadfadh deacrachtaí méadaithe a bheith ag aerfoirt ina bhfuil trácht bliantúil suas le 700 000 paisinéir maidir le cumhdach iomlán na gcostas a bhaint amach le linn na hidirthréimhse 10 mbliana. Dá bhrí sin, rinneadh foráil sna Treoirlínte maidir le córas sonrach le haghaidh na n‑aerfort sin ar feadh tréimhse tosaigh 5 bliana go dtí an 3 Aibreán 2019. Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le síneadh a chur leis an gcóras sonrach um chabhair oibriúcháin d’aerfoirt ina bhfuil suas le 700 000 paisinéir in aghaidh na bliana dá bhforáiltear sna Treoirlínte maidir le státchabhair d’aerfoirt agus d’aerlínte 3 a glacadh an 18 Nollaig 2018 (‘Teachtaireacht 2018’), cuireadh síneadh leis an gcóras sonrach sin go dtí deireadh na hidirthréimhse, i.e. go dtí an 3 Aibreán 2024.
5.Ó glacadh na Treoirlínte agus Teachtaireacht 2018, bhí ar earnáil na heitlíochta aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim mhór mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus ar ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Chuir an phaindéim agus na srianta sláinte agus taistil a d’eascair as sin isteach go mór ar earnáil na heitlíochta agus tháinig laghdú mór ar an trácht in aerfoirt an Aontais dá mbarr 4 . Ina theannta sin, chuir an ghéarchéim fuinnimh a d’eascair as ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine leis na hiarmhairtí diúltacha eacnamaíocha ar earnáil eitlíochta na hEorpa, go háirithe trí chostais fuinnimh oibreoirí aerfoirt a mhéadú go suntasach, go háirithe in 2022. Dá bhrí sin, tá ioncaim níos ísle agus costais níos airde ag aerfoirt, rud a raibh tionchar diúltach aige ar a mbrabúsacht agus a d’fhéadfadh dúnadh aerfort a bheith mar thoradh air. D’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige sin ar an nascacht san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart síneadh a chur leis an idirthréimhse ar lena linn a thugtar an deis do na haerfoirt réigiúnacha cumhdach iomlán a gcostas oibriúcháin a bhaint amach le cabhair oibriúcháin chun na tarluithe eisceachtúla a chur san áireamh, go háirithe géarchéim COVID-19.
6.Chun aghaidh a thabhairt ar an gcás sin, is iomchuí na Treoirlínte a leasú agus síneadh a chur leis na rialacha atá ann cheana maidir le cúnamh oibriúcháin d’aerfoirt réigiúnacha. Má chuirtear síneadh leis an idirthréimhse, soláthrófar leanúnachas agus deimhneacht dhlíthiúil maidir leis an gcaoi a gcaitear leis an gcineál sin cabhrach. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur gá síneadh go dtí an 3 Aibreán 2027 a chur leis an gcóras a leagtar amach i bpointí 13, 14, 17(d) agus 112 go 137 de na Treoirlínte mar aon leis an gcóras sonrach a bhfuil feidhm aige maidir le haerfoirt ina bhfuil suas le 700 000 paisinéir in aghaidh na bliana a leagtar amach i bpointe 130 de na Treoirlínte.
7.Ag féachaint don mhéid thuas, ba cheart na Treoirlínte a leasú mar a leagtar amach i bpointí (8) go (16) thíos.
8.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 17(d) de na Treoirlínte: ‘ar feadh idirthréimhse 13 bliana, féadfar a dhearbhú go bhfuil cabhair oibriúcháin d’aerfoirt réigiúnacha comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de bhun Airteagal 107(3)(c) den Chonradh’.
9.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 112 de na Treoirlínte: ‘Measfar go bhfuil cabhair oibriúcháin a dheonaítear d’aerfoirt mar chabhair aonair nó faoi scéim cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de bhun Airteagal 107(3)(c) den Chonradh ar feadh idirthréimhse 13 bliana ag tosú ón 4 Aibreán 2014 ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha carnacha i bpointe 79 mar a leagtar amach i bpointí 113 go 134.’
10.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 113 de na Treoirlínte: ‘Mar a luaitear i bpointe 13, chun am a thabhairt d’aerfoirt dul in oiriúint do dhálaí nua an mhargaidh agus chun aon chur isteach ar aerthrácht agus ar nascacht na réigiún a sheachaint, measfar go gcuideoidh cabhair oibriúcháin d’aerfoirt le cuspóir leasa choitinn a bhaint amach ar feadh idirthréimhse 13 bliana, más rud é:
(a)go méadaíonn sí soghluaisteacht shaoránaigh an Aontais agus nascacht na réigiún trí phointí rochtana a bhunú le haghaidh eitiltí laistigh den Aontas; nó
(b)go dtéann sí i ngleic leis an bplódú aerthráchta ag mol‑aerfoirt móra an Aontais; nó
(c)go n‑éascaíonn sí forbairt réigiúnach.’
11.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 121 de na Treoirlínte: ‘Chun dreasachtaí cuí a sholáthar ar mhaithe le bainistiú éifeachtúil aerfoirt, tá an méid cabhrach le bunú ex ante mar shuim sheasta, i bprionsabal, lena gcumhdófar an bhearna ionchasach sa chistiú oibriúcháin (a chinntear ar bhonn plean gnó ex ante) le linn idirthréimhse 13 bliana. Ar na cúiseanna sin, níor cheart, i bprionsabal, a mheas go bhfuil aon mhéadú ex post ar mhéid na cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Féadfaidh an Ballstát an méid socraithe ex ante a íoc mar chnapshuim roimh ré nó i dtráthchodanna, mar shampla ar bhonn bliantúil.’
12.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 128 de na Treoirlínte: ‘Ar aon chaoi, beidh méid foriomlán na cabhrach incheadaithe le linn na hidirthréimhse ar fad teoranta do 50 % den bhearna chistiúcháin tosaigh ar feadh tréimhse 13 bliana. Mar shampla, má tá an mheánbhearna chistiúcháin bhliantúil in aerfort ar leith thar an tréimhse 2009 go 2013 cothrom le EUR 1 mhilliún, is é EUR 6.5 milliún san iomlán thar 13 bliana (50 % x 1 milliún x 13) méid iomlán incheadaithe na cabhrach oibriúcháin a d’fhéadfadh an t‑aerfort a fháil mar shuim sheasta ex ante. Ní mheasfar go mbeidh aon chabhair oibriúcháin bhreise comhoiriúnach don aerfort sin.’
13.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta 93 de na Treoirlínte: ‘Comhfhreagraíonn an déine 50 % don bhearna chistiúcháin thar thréimhse 13 bliana d’aerfort a bhainfidh cumhdach iomlán na gcostas oibriúcháin amach tar éis 13 bliana, ag tosú leis an gcumhdach tosaigh ar na costais oibriúcháin ag tús na hidirthréimhse.’