Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C(2023)1151

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) /... ÓN gCOIMISIÚN lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara

C/2023/1151 final

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Le hAirteagal 1 de Rialachán (AE) 2019/1021 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (‘Rialachán POPanna’) bunaítear mar chuspóir an Rialacháin sin sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (‘POPanna’) trí shubstaintí atá faoi réir Choinbhinsiún Stócólm maidir le POPanna a thoirmeasc, a chéimniú amach a luaithe is féidir, nó srian a chur lena monarú, lena gcur ar an margadh agus lena n-úsáid.

Le Rialacháin Tarmligthe (AE) 2020/784 ón gCoimisiún, liostaítear aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 (‘iontráil PFOA’). De réir Airteagal 4(1)(b) den Rialachán maidir le POPanna, áirítear san iontráil PFOA in Iarscríbhinn I teorainneacha le haghaidh Rian-Éilleáin Neamhbheartaithe (UTC) maidir le PFOA, a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara i roinnt substaintí, meascán agus earraí. I gcomhréir le pointe 3 agus 4 den cheathrú colún d’iontráil PFOA, tá teorainneacha UTC den sórt sin faoi réir athbhreithniú.

In 2020, ghlac Coistí Eolaíocha ECHA tuairim 1 , lena n-áirítear an measúnú ar an dá theorainn UTC a socraíodh le haghaidh PFOA sna nithe seo a leanas: 

- micreaphúdair pholaiteitreafluaireitiléine (PTFE),

- idirmheánaigh a úsáidtear chun roghanna malartacha C6 a tháirgeadh.

Áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le POPanna teorainn UTC 1 mg/kg le haghaidh PFOA agus a shalainn i micreaphúdair PTFE, teorainn atá le hathbhreithniú faoin 5 Iúil 2022. Chinn Coistí ECHA gur forbraíodh próisis chun tiúchan PFOA a laghdú go dtí go mbeidh sé faoi bhun leibhéal cineálach UTC 0,025 mg/kg (25 ppb) a leagtar amach sa Rialachán maidir le POPanna. Tá na próisis sin curtha i bhfeidhm go rathúil ag an gcuid is mó de mhonaróirí micreaphúdair PTFE. Bheadh na monaróirí eile in ann an teorainn 0,025 mg/kg a chomhlíonadh faoin 5 Iúil 2022. Ar an gcúis sin, molann an Coimisiún gur cheart go rachadh teorainn shonrach UTC maidir le micreaphúdair PTFE in éag ar theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe seo.

Bheadh tionchar ag an athrú sin ar phróisis iompair agus chóireála chun micreaphúdair PTFE a chur i gcomhréir leis an teorainn 0,025 mg/kg. Tá iompar chuig suíomh éagsúil agus cóireáil ann ag teastáil le haghaidh monaróir micreaphúdair PTFE amháin ar a laghad.

In Airteagal 2, pointí 1 agus 6 den Rialachán maidir le POPanna, déantar tagairt d’Airteagal 3, pointí 12 agus 24 de Rialachán REACH chun ‘cur ar an margadh’ agus ‘úsáid’ a shainmhíniú. Cháileodh cóireáil micreaphúdair PTFE mar ‘úsáid’ agus cháileodh an t-aistriú chuig eintiteas dlíthiúil éagsúil le haghaidh cóireála mar ‘cur ar an margadh’. De bhun Airteagal 3(1) den Rialachán maidir le POPanna, maidir le PFOA agus a shalainn atá i micreaphúdair PTFE nach gcomhlíonann teorainn UTC nua 0,025 mg/kg, toirmiscfear iad a úsáid agus a chur ar an margadh.

Chun cás den sórt sin a sheachaint, molann an Coimisiún teorainn UTC 1 mg/kg a choinneáil chun monarú, cur ar an margadh agus úsáid a chumhdach i gcás micreaphúdair PTFE a iompar agus a chóireáil, agus chun na críche sin amháin, chun tiúchan PFOA a laghdú. Bheadh feidhm ansin ag teorainn chineálach UTC 0,025 mg/kg atá ann cheana maidir le PFOA agus a shalainn atá i micreaphúdair PTFE a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid deiridh.

Is ann do chomhdhúile PFOA-ghaolmhara mar eisíontas in idirmheánaigh aonraithe iompartha a úsáidtear i monarú fluaraiceimiceán a bhfuil fad slabhra sárfhluaracarbón acu atá cothrom le sé adamh nó níos giorra (‘roghanna malartacha C6’). Chun gur féidir na hidirmheánaigh aonraithe iompartha sin a tháirgeadh agus a úsáid, socraítear teorainn UTC 20 mg/kg (20 ppm) i bpointe 3 den cheathrú colún d’iontráil PFOA.

Tháinig Coistí ECHA ar an gconclúid gurb é an teorainnluach atá ann faoi láthair an teorainnluach is ísle is féidir a chomhlíonadh, agus na réitigh theicneolaíocha atá ar fáil á gcur san áireamh. Le cur chun feidhme coinníollacha dianrialaithe (mar a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán REACH agus a cheanglaítear freisin sa Rialachán maidir le POPanna de bhun phointe 3 den cheathrú colún d'iontráil PFOA in Iarscríbhinn I), ba cheart a áirithiú go n-íoslaghdófar scaoiltí a mhéid is féidir le linn mhonarú agus úsáid na substaintí.

Tá PFCAnna C9-C14 mar eisíontais sna hidirmheánaigh freisin. Leis an srian ar PFCAnna C9-C14 a glacadh le déanaí faoi REACH 2 , déantar foráil maidir le maolú lena n-úsáid mar idirmheánaigh i dtáirgeadh roghanna malartacha C6, agus déanfar athbhreithniú air sin tráth nach déanaí ná an 25 Lúnasa 2023. Molann an Coimisiún uainiú an athbhreithnithe ar theorainn UTC le haghaidh PFOA in idirmheánaigh a úsáidtear chun roghanna malartacha C6 a tháirgeadh faoin Rialachán maidir le POPanna a ailíniú leis an athbhreithniú dá bhforáiltear i srian REACH le haghaidh PFCAnna C9-C14.

In Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le POPanna tá díolúine maidir le PFOA a úsáid chun PTFE agus fluairíd pholaivinilídéine (PVDF) a tháirgeadh le haghaidh roinnt feidhmeanna (díolúine i bpointe 5e den cheathrú colún den iontráil PFOA).

Le linn an chomhairliúcháin phoiblí chun tuairim ECHA a ullmhú ar PFCAnna C9-C14 agus ar UTCanna maidir le PFOA, chuir roinnt páirtithe leasmhara barúlacha isteach freisin maidir leis an díolúine sin. D’fhorbair monaróirí fluarapholaiméirí roghanna malartacha ar PFOA agus áiseanna polaiméirithe fadshlabhra gaolmhara is féidir a úsáid chun gach cineál fluarapolaiméir a tháirgeadh, gan beann ar a bhfeidhm deiridh. Ina theannta sin, níl aon mhonaróir fluarapholaiméirí san Aontas a úsáideann PFOA mar áis pholaiméirithe fós.

I bhfianaise na faisnéise thuas, measann an Coimisiún nach bhfuil gá a thuilleadh leis an díolúine sin maidir le PFOA a úsáid chun PTFE agus PVDF a tháirgeadh i gcás roinnt feidhmeanna. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún an díolúine sin a scriosadh.

2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH

Rinneadh comhairliúchán le grúpa saineolaithe (an cruinniú de chuid na n-údarás inniúil maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha - an cruinniú ‘POP CA’) maidir leis an dréachtleasú an 23 Samhain 2021 agus cuireadh na barúlacha san áireamh. Tá an grúpa comhdhéanta de na páirtithe leasmhara ábhartha uile – ionadaithe ó na Ballstáit, ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, ó thionscal na gceimiceán agus ón tsochaí shibhialta.

Rinneadh comhairliúchán poiblí maidir leis an dréachtghníomh ón 17 Bealtaine go dtí an 14 Meitheamh 2022 agus cuireadh isteach 10 mbarúil. Thacaigh dhá pháirtí leasmhara leis na hathruithe atá beartaithe i dtaca le teorainn UTC maidir le micreaphúdair PTFE. D’iarr páirtí leasmhar amháin teorainn UTC níos airde agus tréimhse cairde le haghaidh táirgí atá i stoc cheana. Ós rud é gur féidir le formhór na dtáirgeoirí an teorainn nua a chomhlíonadh, mar a deimhníodh i dtuairim ECHA, deimhníonn an Coimisiún go mbeidh feidhm ag teorainn chineálach UTC 0,025 mg/kg maidir le micreaphúdair PTFE a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid deiridh. Chuir páirtí leasmhar in iúl go raibh imní air faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na hathruithe, go háirithe i gcás slabhraí soláthair casta. Chun go mbeidh táirgeoirí nár oiriúnaigh a bpróisis fós in ann na rialacha nua a chomhlíonadh, molann an Coimisiún go dtiocfaidh an gníomh tarmligthe i bhfeidhm 3 mhí tar éis a fhoilsithe. Thuairiscigh páirtí leasmhar go bhféadfaí micreaphúdair PTFE a onnmhairiú lasmuigh den Aontas le haghaidh cóireála, rud a d’fhágfadh go bhféadfadh astaíochtaí a bheith ann i dtíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad, agus d’iarr sé deireadh a chur de réir a chéile leis an teicneolaíocht ionradaíochta san Aontas. Tugann an Coimisiún dá aire nár tuairiscíodh cás den sórt sin le linn an chomhairliúcháin phoiblí chun tuairim ECHA a ullmhú agus nach ndearnadh measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag deireadh a chur leis an teicneolaíocht sin de réir a chéile. D’fhéadfaí an rogha sin a mheasúnú le linn athbhreithniú amach anseo ar iontráil PFOA. Ar deireadh, d’iarr roinnt saoránach deireadh a chur de réir a chéile le PFOA agus substaintí sárfhluarailcile agus pholafluarailcile (PFAS) i gcoitinne.

3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Leis an ngníomh tarmligthe, modhnaítear an iontráil atá ann cheana maidir le PFOA, a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 chun í a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Is é Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2019/1021 atá ina bhunús dlí leis an ngníomh tarmligthe atá beartaithe.

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN

an 24.2.2023

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha 3 , agus go háirithe Airteagal 15(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) 2019/1021, cuirtear chun feidhme gealltanais an Aontais faoi Choinbhinsiún Stócólm maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha 4 (‘an Coinbhinsiún’) agus faoin bPrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha 5 .

(2)In Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún tá liosta ceimiceán a gceanglaítear ar gach Páirtí sa Choinbhinsiún iad a thoirmeasc nó na bearta dlí agus riaracháin is gá a dhéanamh chun deireadh a chur lena dtáirgeadh, lena n-úsáid, lena n-allmhairiú agus lena n-onnmhairiú, agus na díolúintí sonracha is infheidhme a leagtar síos san Iarscríbhinn sin á gcur san áireamh.

(3)Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/784 ón gCoimisiún 6 , leasaíodh Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 chun aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara a áireamh.

(4)In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 tá teorainn 1 mg/kg le haghaidh Rian-Éilleáin Neamhbheartaithe (UTC) maidir le PFOA agus a shalainn i micreaphúdair pholaiteitreafluaireitiléine (PTFE), teorainn atá le hathbhreithniú faoin 5 Iúil 2022.

(5)Ghlac an Coiste um Measúnú Riosca agus Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) tuairim 7 (‘tuairim ECHA’), lena n-áirítear measúnú ar dhá theorainn UTC a socraíodh maidir le PFOA, a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara.

(6)Thángthas ar an gconclúid i dtuairim ECHA gur forbraíodh próisis chun tiúchan PFOA a laghdú go dtí leibhéal faoi bhun theorainn chineálach UTC 0,025 mg/kg a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1021. Chuir formhór na monaróirí micreaphúdair pholaiteitreafluaireitiléine (PTFE) na próisis sin i bhfeidhm go rathúil. Bheadh na monaróirí eile in ann an teorainn 0,025 mg/kg a chomhlíonadh faoin 5 Iúil 2022. Dá bhrí sin, níl gá a thuilleadh le teorainn shonrach UTC 1 mg/kg atá ann faoi láthair maidir le PFOA agus a shalainn i micreaphúdair PTFE agus ba cheart go rachadh sí in éag ar dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(7)In Rialachán (AE) 2019/1021 tagraítear d’Airteagal 3(12) agus (24) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 chun ‘cur ar an margadh’ agus ‘úsáid’ a shainmhíniú. Cháileodh cóireáil micreaphúdair PTFE mar ‘úsáid’ agus cháileodh an t-aistriú chuig eintiteas dlíthiúil éagsúil le haghaidh cóireála mar ‘cur ar an margadh’.

(8)I gcás amháin ar a laghad, is gá micreaphúdair PTFE a iompar chuig saoráid eile le haghaidh cóireála chun tiúchan PFOA agus a shalainn a laghdú chun teorainn UTC 0,025 mg/kg a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart teorainn shonrach UTC 1 mg/kg atá ann faoi láthair a choinneáil ar bun chun monarú, cur ar an margadh agus úsáid PFOA agus a shalann i micreaphúdair PTFE a chumhdach i gcás micreaphúdair PTFE a iompar agus a chóireáil amháin chun an tiúchan PFOA a laghdú.

(9)Is ann do chomhdhúile PFOA-ghaolmhara mar eisíontas in idirmheánaigh aonraithe iompartha a úsáidtear i monarú fluaraiceimiceán a bhfuil fad slabhra sárfhluaracarbón acu atá cothrom le sé adamh nó níos giorra. Chun gur féidir na hidirmheánaigh aonraithe iompartha sin a tháirgeadh agus a úsáid, leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/1021 teorainn UTC 20 mg/kg, a bheidh le hathbhreithniú tráth nach déanaí ná an 5 Iúil 2022.

(10)Thángthas ar an gconclúid i dtuairim ECHA gurb é leibhéal UTC atá ann faoi láthair an leibhéal is ísle is féidir a chomhlíonadh, agus na réitigh theicneolaíocha atá ar fáil á gcur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart an t-athbhreithniú ar theorainn UTC a chur siar.

(11)Is ann do PFCAnna C9-C14 freisin mar eisíontais in idirmheánaigh aonraithe iompartha a úsáidtear i monarú fluaraiceimiceán a bhfuil fad slabhra sárfhluaracarbóin acu atá cothrom le sé adamh nó níos giorra (‘roghanna malartacha C6’). Le Rialachán (AE) 2021/1297 ón gCoimisiún 9 , déantar foráil maidir le srian faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 lena leagtar síos teorainn ar a dtiúchan, atá le hathbhreithniú tráth nach déanaí ná an 25 Lúnasa 2023. Ba cheart uainiú an athbhreithnithe ar UTC le haghaidh comhdhúile PFOA-ghaolmhara in idirmheánaigh a úsáidtear chun roghanna malartacha C6 a tháirgeadh faoi Rialachán (AE) 2019/1021 a mhodhnú chun é a ailíniú leis an athbhreithniú dá bhforáiltear sa srian ar PFCAnna C9-C14 faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

(12)In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 tá díolúine chun PFOA, a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara a úsáid i monarú PTFE agus fluairíde polaivinilídéine (PVDF) chun roinnt táirgí a tháirgeadh.

(13)Le linn an chomhairliúcháin phoiblí chun tuairim ECHA a ullmhú, dúirt táirgeoirí fluarapholaiméirí nach n-úsáidtear PFOA, a shalainn ná a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara a thuilleadh chun PTFE agus PVDF a mhonarú san Aontas. Ar bhonn na faisnéise sin, níl gá leis an díolúine shonrach sin a thuilleadh agus ba cheart, dá bhrí sin, í a scriosadh.

(14)Ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar chun dóthain ama a thabhairt do na páirtithe leasmhara lena mbaineann oiriúnú a dhéanamh do na ceanglais nua.

(15)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = 90 lá tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24.2.2023

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)    
https://echa.europa.eu/documents/10162/13579/art77_3c_pfoa_pfca_derogations_compiled_rac_seac_opinions_en.pdf/6582d9a1-56b2-3e88-a70f-cdf3ab33d421  
(2)    Rialachán (AE) 2021/1297 ón gCoimisiún
(3)    IO L 169, 25.6.2019, lch. 45.
(4)    IO L 209, 31.7.2006, lch. 3.
(5)    IO L 81, 19.3.2004, lch. 37.
(6)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/784 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara a liostú (IO L 188 I, 15.6.2020, lch. 1).
(7)     https://echa.europa.eu/documents/10162/13579/art77_3c_pfoa_pfca_derogations_compiled_rac_seac_opinions_en.pdf/6582d9a1-56b2-3e88-a70f-cdf3ab33d421
(8)    Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
(9)    Rialachán (AE) 2021/1297 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haigéid shárfhluaracarbocsaileacha ina bhfuil 9 go 14 adamh carbóin sa slabhra (PFCAnna C9-C14), a salainn agus substaintí PFCA C9-C14-ghaolmhara (IO L 282, 5.8.2021, lch. 29)
Top

IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I, Cuid A, sa tábla, san iontráil ‘Aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara’, leasaítear an ceathrú colún mar a leanas:

(1)    i bpointe 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara habairte:

‘Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus measúnú ar an díolúine sin tráth nach déanaí ná an 25 Lúnasa 2023.’;

(2)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4:

‘4. Chun críocha na hiontrála seo, beidh feidhm ag Airteagal 4(1), pointe (b), maidir le tiúchain PFOA agus a shalainn atá cothrom le 1 mg/kg (0,0001 % de réir meáchain) nó faoina bhun sin i gcás ina bhfuil siad i micreaphúdair pholaiteitreafluaireitiléine (PTFE) a tháirgtear trí ionradaíocht ianúcháin nó trí dhíghrádú teirmeach agus i gcás ina bhfuil siad i meascáin agus earraí a bhfuil micreaphúdair PTFE iontu a bhfuiltear lena n-úsáid go tionsclaíoch agus go gairmiúil go dtí [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta = 90 lá tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Seachnófar gach astaíocht PFOA le linn monarú agus úsáid micreaphúdair PTFE agus, mura féidir sin, laghdófar iad a mhéid is féidir. Ní bheidh feidhm ag an teorainn 1 mg/kg (0,0001 % de réir meáchain) ach amháin maidir le PFOA agus a shalainn a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid i gcás ina bhfuil siad i micreaphúdair PTFE a iompraítear nó a chóireáiltear chun tiúchan PFOA agus a shalainn a laghdú faoi bhun na teorann 0,025 mg/kg (0,0000025 % de réir meáchain).’;

(3)    Scriostar fophointe (e) i bpointe (5).

Top