Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C(2022)2575

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) / ÓN gCOIMISIÚN lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 lena mbunaítear an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2022/2575 final

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) …/… ÓN gCOIMISIÚN

an 28.4.2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 lena mbunaítear an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2009/16/CE 1 , agus go háirithe Airteagal 16 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ceanglaítear le hAirteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ar úinéirí long a áirithiú nach ndéanfar longa atá le hathchúrsáil a athchúrsáil ach amháin i saoráidí athchúrsála long atá ar an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long (‘an Liosta Eorpach’) arna fhoilsiú de bhun Airteagal 16 den Rialachán sin.

(2)Leagtar amach an Liosta Eorpach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 ón gCoimisiún 2 .

(3)Chuir an Ísiltír in iúl don Choimisiún, go bhfuil DECOM Amsterdam B.V., saoráid athchúrsála long atá lonnaithe ina críoch, údaraithe ag an tsaoráid sin ón údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013. Chuir an Ísiltír an fhaisnéis uile is ábhartha i leith na saoráide sin ar fáil don Choimisiún, is é sin an fhaisnéis ábhartha a bhaineann lena cur ar an Liosta Eorpach. Ba cheart, dá bhrí sin, an Liosta Eorpach a thabhairt cothrom le dáta chun an tsaoráid sin a áireamh.

(4)Maidir leis an tsaoráid athchúrsála long Navalria - Docas, Construções e Reparações Navais atá lonnaithe sa Phortaingéil, chuaigh údarú na saoráide sin in éag an 31 Nollaig 2021 agus fuair an Coimisiún faisnéis ón bPortaingéil ina luaitear go bhfuil an próiseas chun an t‑údarú a athnuachan fós ar siúl. Dá bhrí sin, faoi láthair ní chomhlíonann an tsaoráid an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 13(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013. Ba cheart, dá bhrí sin, an Liosta Eorpach a thabhairt cothrom le dáta chun an tsaoráid sin a bhaint.

(5)Maidir leis an dá shaoráid athchúrsála long Grand Port Maritime de Bordeaux agus GARDET & DE BEZENAC Recycling atá lonnaithe sa Fhrainc, chuaigh údaruithe na saoráidí sin in éag an 21 Deireadh Fómhair 2021 agus an 30 Nollaig 2021 faoi seach. Fuair an Coimisiún faisnéis ón bhFrainc, i dtaca leis na húdaruithe a deonaíodh do na saoráidí sin chun athchúrsáil long a dhéanamh, go ndearnadh iad a athnuachan roimh dhul in éag dóibh, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013. Ba cheart, dá bhrí sin, dáta éaga áireamh na saoráidí sin sa Liosta Eorpach a thabhairt cothrom le dáta.

(6)Fuair an Coimisiún dhá iarratas, i gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, maidir le dhá shaoráid athchúrsála long, Dales Marine Services Ltd agus Kishorn Port Ltd, atá lonnaithe i gcodanna eile den Ríocht Aontaithe seachas Tuaisceart Éireann, a chur ar an Liosta Eorpach. Tar éis dó measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis agus ar an bhfianaise thacaíochta a cuireadh isteach nó a bailíodh i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán sin, measann an Coimisiún go gcomhlíonann na saoráidí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 13 den Rialachán sin maidir le hathchúrsáil long a dhéanamh agus lena gcur ar an Liosta Eorpach. Ba cheart, dá bhrí sin, an Liosta Eorpach a thabhairt cothrom le dáta chun na saoráidí sin a áireamh.

(7)Chuir an Spáinn an Coimisiún ar an eolas maidir le hathruithe a bhaineann le sonraí teagmhála na saoráide DESGUACE INDUSTRIAL Y NAVAL, S.L.U. (DINA), atá lonnaithe ina críoch agus maidir leis an modh athchúrsála a chuirtear i bhfeidhm ag an tsaoráid sin. Thairis sin, chuir sí an Coimisiún ar an eolas faoi athruithe maidir leis an bpróiseas chun pleananna athchúrsála long a fhormheas sa Spáinn. Ba cheart, dá bhrí sin, an Liosta Eorpach a thabhairt cothrom le dáta chun na hathruithe sin a léiriú.

(8)Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 a leasú dá réir.

(9)Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28.4.2022

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)    IO L 330, 10.12.2013, lch. 1.
(2)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2016 lena mbunaítear an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathchúrsáil long (IO L 345, 20.12.2016, lch. 119).
Top

GA

‘IARSCRÍBHINN

An Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Cuid A

Saoráidí athchúrsála long atá lonnaithe i mBallstát

Ainm na saoráide

An modh athchúrsála

Cineál agus méid na long is féidir a athchúrsáil

Aon teorainn nó aon choinníoll a bhaineann le hoibriú na saoráide athchúrsála long, lena n‑áirítear an méid a bhaineann le bainistiú dramhaíola guaisí

Mionsonraí maidir leis an nós imeachta sainráite nó intuigthe chun go ndéanfaidh an t‑údarás inniúil an plean athchúrsála long a fhormheas 1

An t-uas‑aschur athchúrsála long bliantúil, is é sin suim mheáchan na long arna shloinneadh in LDT a athchúrsáladh bliain ar leith sa tsaoráid sin 2

An dáta a rachaidh áireamh sa Liosta Eorpach in éag 3

AN BHEILG

NV Galloo Recycling Ghent

Scheepszatestraat 9

9000 Gent

An Bheilg

Teil. +32(0)9/251 25 21

R-phost: peter.wyntin@galloo.com

Beart le cé (beart fliuch), fána

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 265 mhéadar

Leithead: 37 méadar

Doimhneacht snámha: 12,5 méadar

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 30 lá

34 000 4

31 Márta 2025

AN DANMHAIRG

FAYARD A/S

Kystvejen 100

DK-5330 Munkebo

An Danmhairg

www.fayard.dk  

Teil. +45 7592 0000

R-phost: fayard@fayard.dk  

Duga tirim

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long: 
Fad: 415 mhéadar 
Leithead: 90 méadar 
Doimhneacht snámha: 7,8 méadar

Rialaítear an tsaoráid athchúrsála long de réir na reachtaíochta is infheidhme agus de réir na gcoinníollacha a leagtar amach i gCead Comhshaoil an 7 Samhain 2018 arna eisiúint ag Bardas Kerteminde. Ag gabháil leis an gCead Comhshaoil, tá coinníollacha maidir le huaireanta oibriúcháin, maidir le coinníollacha speisialta oibriúcháin, maidir le láimhseáil agus stóráil dramhaíola agus gabhann leis, freisin, coinníoll go gcaithfear an ghníomhaíocht a dhéanamh i nduga tirim.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 14 lá.

0 5

7 Samhain 2023

Fornæs ApS

Rolshøjvej 12-16

8500 Grenaa

An Danmhairg

www.fornaes.com  

Teil. +45 86326393

R-phost: recycling@fornaes.dk

Beart le cé, duga tirim

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 150 méadar

Leithead: 25 mhéadar

Doimhneacht snámha: 7 méadar

Olltonnáiste: 10 000

Tá sé de cheart ag bardas Nordjurs dramhaíl ghuaiseach a leithdháileadh ar shaoráidí glactha arna bhformheas maidir le neamhdhíobháil don chomhshaol.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 14 lá.

30 000 6

12 Bealtaine 2026

Jatob ApS

Langerak 12

9900 Frederikshavn

An Danmhairg

www.jatob.dk

Teil. +45 8668 1689

R-phost: post@jatob.dk mathias@jatob.dk  

Beart le cé, sleamhnán

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 150 méadar

Leithead: 30 méadar

Doimhneacht snámha: 6 mhéadar

Tugtar láimhseáil agus stóráil na gcodán dramhaíola trí bhíthin Údarú Comhshaoil. D’fhéadfadh sé go n‑úsáidfí an láithreán le haghaidh stóráil idirmheánach dramhaíola guaisí ar feadh tréimhse chomh fada le haon bhliain amháin.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 14 lá.

13 000 7

9 Márta 2025

Modern American Recycling Services Europe (M.A.R.S)

Sandholm 60

9900 Frederikshavn

An Danmhairg

www.modernamericanrecyclingservices.com/

R-phost: kim@mars-eu.dk  

Sleamhnán

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 290 méadar Leithead: 90 méadar Doimhneacht snámha: 14 mhéadar

Tá sainmhíniú ar na coinníollacha faoina n‑oibríonn an tsaoráid athchúrsála long i gCead Comhshaoil an 9 Márta 2018 arna eisiúint ag Bardas Frederikshavn.

Tá sé de cheart ag bardas Frederikshavn dramhaíl ghuaiseach a leithdháileadh ar shaoráidí glactha arna bhformheas maidir le neamhdhíobháil don chomhshaol.

Ní fhéadfaidh an tsaoráid dramhaíl ghuaiseach a stóráil ar feadh tréimhse is faide ná aon bhliain amháin.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 14 lá.

0 8

23 Lúnasa 2023

Smedegaarden A/S

Vikingkaj 5

6700 Esbjerg

An Danmhairg

www.smedegaarden.net

Teil. +45 75128888R-phost:

m@smedegaarden.net  

Beart le cé, sleamhnán

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 200 méadar*

Leithead: 48 méadar

Doimhneacht snámha: 7,5 méadar

(*Má tá an fad >170 méadar,

tá formheas ó

Bhardas Esbjerg

riachtanach)

Tá na coinníollacha faoina n‑oibríonn an tsaoráid athchúrsála long sainmhínithe i gCead Comhshaoil an 4 Meitheamh 2015 arna eisiúint ag Bardas Esbjerg.

Tá sé de cheart ag Bardas Esbjerg dramhaíl ghuaiseach a leithdháileadh ar shaoráidí glactha dramhaíola guaisí arna bhformheas maidir le neamhdhíobháil don chomhshaol.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 14 lá

20 000 9

11 Márta 2026

Stena Recycling A/S

Grusvej 6

6700 Esbjerg

An Danmhairg

www.stenarecycling.dk  

Teil. +45 20699190

R-phost: jakob.kristensen@stenarecycling.com

Duga tirim

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013.

Uastoisí na long: 
Fad: 40 méadar Leithead : 40 méadar Doimhneacht snámha: 10 méadar

Sainítear na coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid athchúrsála long i gCead Comhshaoil an 5 Deireadh Fómhair 2017 arna eisiúint ag Bardas Esbjerg.

Tá sé de cheart ag Bardas Esbjerg dramhaíl ghuaiseach a leithdháileadh ar shaoráidí glactha arna bhformheas maidir le neamhdhíobháil don chomhshaol, mar atá leagtha amach sa Chead Comhshaoil don tsaoráid athchúrsála long

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 14 lá

0 10

7 Feabhra 2024

AN EASTÓIN

BLRT Refonda Baltic OÜ

Kopli 103, 11712 Taillinn, An Eastóin

Teil. +372 610 2933

Facs: +372 610 2444

R-phost: refonda@blrt.ee

www.refonda.ee  

Ar snámh ag an gcé agus sa duga snámhach

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 197 méadar

Leithead: 32 mhéadar

Doimhneacht snámha: 9,6 méadar

Cead dramhaíola Uimh. KL-511809. Ceadúnas bainistíochta dramhaíola guaisí Uimh. 0546. Rialacha Chalafort Vene-Balti, Lámhleabhar maidir le hAthchúrsáil Long MSR-Refonda. Córas Bainistíochta Comhshaoil, Bainistiú dramhaíola PE 4.4.6-1-13

Ní ceadmhach don tsaoráid ach na hábhair ghuaiseacha dá bhfuil sí ceadúnaithe a athchúrsáil.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 30 lá.

24 364 11

15 Feabhra 2026

AN SPÁINN

DESGUACE INDUSTRIAL Y NAVAL, S.L.U. (DINA)

Vega de Tapia, s/n

48903 Barakaldo-Bizkaia

An Spáinn

 

Teil. +34 944 971 552

R-phost: dina@dinascrapping.com  

www.redena.es  

Beart le cé, rampa díchóimeála

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 120 méadar

Leithead: 20 méadar

Doimhneacht snámha: 6 mhéadar

Tá na teorainneacha san áireamh san údarú comhshaoil comhtháite.

Formheas intuigthe. Is é údarás comhshaoil an Phobail Fhéinrialaithigh ina bhfuil an tsaoráid lonnaithe an t‑údarás inniúil le haghaidh an chinnidh formheasa.

2 086 12

3 Márta 2026

DDR VESSELS XXI, S.L.

Calafort ‘El Musel’

Gijon

An Spáinn

Teil. +34 630 14 44 16

R-phost: abarredo@ddr-vessels.com

Beart le cé, rampa díchóimeála

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 169,9 méadar

(Maidir le longa os cionn na méide sin ar féidir leo iompú nialais nó gluaiseacht rampaí diúltach a oibriú, is féidir glacadh leo ag brath ar thoradh staidéir féidearthachta mhionsonraithe)

Leithead: 25 mhéadar

Tá na teorainneacha san áireamh san údarú comhshaoil comhtháite.

Formheas intuigthe. Is é údarás comhshaoil an Phobail Fhéinrialaithigh ina bhfuil an tsaoráid lonnaithe an t‑údarás inniúil le haghaidh an chinnidh formheasa.

3 600 13

28 Iúil 2025

AN FHRAINC

Démonaval Recycling

ZI du Malaquis

Rue François Arago

76580 LE TRAIT

Teil. (+33) (0)7 69 79 12 80

R-phost:

patrick@demonaval-recycling.fr

Beart le cé, duga tirim

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 140 méadar

Leithead: 25 mhéadar

Doimhneacht: 5 mhéadar

Sainmhínítear teorainneacha comhshaoil san údarú maorachta.

Formheas sainráite – Is é an t‑aire comhshaoil an t‑údarás inniúil le haghaidh an chinnidh formheasa

0 14

11 Nollaig 2022

GARDET & DE BEZENAC Recycling

/ Groupe BAUDELET ENVIRONNEMENT – GIE MUG

616, Boulevard Jules Durand

76600 Le Havre

An Fhrainc

Teil. +33(0)2 35 95 16 34

R-phost: infos@gardetbezenac.com

Duga snámhach agus sleamhnán

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 150 méadar

Leithead: 18 méadar

Doimhneacht: 7 méadar

LDT: 7 000

Sainmhínítear teorainneacha comhshaoil san údarú maorachta.

Formheas sainráite – Is é an t‑aire comhshaoil an t‑údarás inniúil le haghaidh an chinnidh formheasa.

7 730 15

29 Nollaig 2026

Grand Port Maritime de Bordeaux

152, Quai de Bacalan - CS 41320 - 33082 Bordeaux Cedex

An Fhrainc

Teil. +33(0)5 56 90 58 00

R-phost: maintenance@bordeaux-port.fr

Beart le cé, duga tirim

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 240 méadar

Leithead: 37 méadar

Doimhneacht: 17 méadar

Sainmhínítear teorainneacha comhshaoil san údarú maorachta.

Formheas sainráite – Is é an t‑aire comhshaoil an t‑údarás inniúil le haghaidh an chinnidh formheasa.

9 000 16

27 Meán Fómhair 2026

Recycleurs Bretons - Navaléo

170 rue Jacqueline Auriol

29470 Guipavas

An Fhrainc

Teil. +33(0)2 98 01 11 06

R-phost: navaleo@navaleo.fr

Beart le cé, duga tirim

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 225 mhéadar

Leithead: 34 mhéadar

Doimhneacht: 27 méadar

Sainmhínítear teorainneacha comhshaoil san údarú maorachta.

Formheas sainráite – Is é an t‑aire comhshaoil an t‑údarás inniúil le haghaidh an chinnidh formheasa.

15 000 17

19 Meitheamh 2025

AN IODÁIL

San Giorgio del Porto S.p.A.

Calata Boccardo 8

16128 – Genova –

An Iodáil

Teil. +39 (0)10 251561

R-phost:

segreteria@sgdp.it ;

sangiorgiodelporto@legalmail.it  

www.sgdp.it

Beart le cé, duga tirim

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 350 méadar

Leithead: 75 mhéadar

Doimhneacht: 16 mhéadar

Olltonnáiste: 130 000

Tá na teorainneacha agus na srianta san áireamh san údarú comhshaoil comhtháite.

Formheas sainráite

38 564 18

6 Meitheamh 2023

AN LAITVIA

‘Galaksis N’, Ltd.

Kapsedes street 2D,

Liepāja, LV – 3414

An Laitvia

Teil. +371 29410506

R-phost: galaksisn@inbox.lv  

Beart le cé (beart fliuch), duga tirim

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 165 mhéadar

Leithead:22 mhéadar

Doimhneacht: 7 méadar

Olltonnáiste: 12 000

Féach cead náisiúnta Uimh. LI12IB0053

Formheas sainráite – fógra i scríbhinn laistigh de 30 lá oibre

0 19

17 Iúil 2024

AN LIOTUÁIN

UAB APK

Minijos 180 (beart 133A), LT 93269, Klaipėda,

An Liotuáin

Teil. +370 (46) 365776

Facs: +370 (46) 365776

R-phost: uab.apk@gmail.com

Beart le cé (beart fliuch)

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 130 méadar

Leithead: 35 mhéadar

Doimhneacht: 10 méadar

Olltonnáiste: 3 500

Féach cead náisiúnta Uimh. TL-KL.1-15/2015

Formheas sainráite – fógra i scríbhinn laistigh de 30 lá oibre

1 500 20

12 Márta 2025

UAB Armar

Minijos 180 (beart 131A), LT 93269, Klaipėda,

An Liotuáin

Teil. +370 685 32607

R-phost: armar.uab@gmail.com ; albatrosas33@gmail.com

Beart le cé (beart fliuch)

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 80 méadar

Leithead: 16 mhéadar

Doimhneacht: 5 mhéadar

Olltonnáiste: 1 500

Féach cead náisiúnta Uimh. TL-KL.1-51/2017

Formheas sainráite – fógra i scríbhinn laistigh de 30 lá oibre

 

3 910 21

19 Aibreán 2022

UAB Demeksa

Nemuno g. 42A (beart 121), LT 93277 Klaipėda

An Liotuáin

Teil. +370 630 69903

R-phost: uabdemeksa@gmail.com

Beart le cé (beart fliuch)

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

 

Fad: 58 méadar

 

Leithead: 16 mhéadar

 

Doimhneacht: 5 mhéadar

 

Olltonnáiste: 3500

Féach cead náisiúnta Uimh. TL-KL.1-64/2019

Formheas sainráite – fógra i scríbhinn laistigh de 30 lá oibre

0 22

22 Bealtaine 2024

UAB Vakarų refonda

Minijos 180 (beartanna 129, 130, 131A, 131, 132, 133A), LT 93269, Klaipėda,

An Liotuáin

Teil. +370 (46) 483940 / 483891

Facs: +370 (46) 483891

R-phost: refonda@wsy.lt

Beart le cé (beart fliuch)

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 230 méadar

Leithead: 55 mhéadar

Doimhneacht: 14 mhéadar

Olltonnáiste: 70 000

Féach cead náisiúnta Uimh. (11.2)-30-161/2011/TL-KL.1-18/2015

Formheas sainráite – fógra i scríbhinn laistigh de 30 lá oibre

20 140 23

30 Aibreán 2025

AN ÍSILTÍR

Damen Verolme Rotterdam B.V.

Prof. Gerbrandyweg 25

3197 KK Rotterdam

An Ísiltír

Teil. +31 (0)181 23 4353

R-phost: MZoethout@damenverolme.com

Duga tirim

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 400 méadar

Leithead: 90 méadar

Doimhneacht: 12 mhéadar

Airde: 90 méadar

Tá cead chun oibriú ag an láithreán; cuimsíonn an cead sin teorainneacha agus coinníollacha maidir le hoibriú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

Formheas sainráite

0 24

21 Bealtaine 2026

DECOM Amsterdam B.V.

Siciliëweg 10 1045 AS Amstardam 
An Ísiltír

Teil. +31 23 558 1937

R-phost: info@decomamsterdam.eu  

Gníomhaíochtaí ullmhúcháin cois cé, arna iompar i dtír lena dhiúscairt

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 240 méadar

Leithead: 50 méadar

Doimhneacht snámha: 9 méadar

Tá cead chun oibriú ag an láithreán; cuimsíonn an cead sin teorainneacha agus coinníollacha maidir le hoibriú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

Formheas sainráite

17 500 25

5 Deireadh Fómhair 2026

Hoondert Services & Decommissioning B.V.

Spanjeweg 4

4455 TW Nieuwdorp

Teil. +31 113352510

R-phost: info@hsd.nl  

Gníomhaíochtaí ullmhúcháin cois cé, arna iompar i dtír lena dhiúscairt

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 175 mhéadar

Leithead: 40 méadar

Doimhneacht: 10 méadar

Tá cead chun oibriú ag an láithreán; cuimsíonn an cead sin teorainneacha agus coinníollacha maidir le hoibriú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

Formheas sainráite

30 000 26

26 Eanáir 2026

Sagro Aannemingsmaatschappij Zeeland B.V.

Estlandweg 10

4455 SV Nieuwdorp

An Ísiltír

Teil. +31 113 351 710

R-phost: slf@sagro.nl

Gníomhaíochtaí ullmhúcháin cois cé, arna iompar i dtír lena dhiúscairt

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 120 méadar

Leithead: 20 méadar

Doimhneacht: 6 mhéadar

Tá cead chun oibriú ag an láithreán; cuimsíonn an cead sin teorainneacha agus coinníollacha maidir le hoibriú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

Formheas sainráite

15 000 27

28 Márta 2024

Scheepssloperij Nederland B.V.

Havenweg 1

3295 XZ

s-Gravendeel

Postbus 5234

3295 ZJ

s-Gravendeel

An Ísiltír

Teil. +31 18 046 39 90

R-phost: gsnoek@sloperij-nederland.nl  

Múráil fhliuch agus sleamhnán

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 200 méadar

Leithead: 33 mhéadar

Doimhneacht: 5,5 méadar

Airde: 45 mhéadar (Botlekbridge)

Tá cead chun oibriú ag an láithreán; cuimsíonn an cead sin teorainneacha agus coinníollacha maidir le hoibriú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

Déantar gníomhaíochtaí ullmhúcháin cois cé, go dtí gur féidir an chabhail a tharraingt isteach ar an sleamhnán trí úsáid a bhaint as unlas ag a bhfuil cumas tarraingthe 2 000 tona aige.

Formheas sainráite

17 500 28

12 Bealtaine 2026

AN IORUA

ADRS Decom Gulen

Seoladh na saoráide:

Sløvågen 2,  
5960 Dalsøyra, 
An Iorua

Seoladh na hoifige:

Statsminister Michelsens vei 38, 
5230 Paradis, 
An Iorua

https://adrs.no/

Beart le cé, sleamhnán, duga tirim/fliuch

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013.

Uastoisí na long:

Fad: 360 méadar

Leithead: gan teorainn

Doimhneacht: gan teorainn

Féach cead náisiúnta Uimh. 2019.0501.T

Formheas sainráite

0 29

1 Deireadh Fómhair 2024

AF Offshore Decom

Raunesvegen 597,

5578 Nedre Vats

An Iorua

https://afgruppen.no/selskaper/af-offshore-decom/

Beart le cé

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 290 méadar

Leithead: gan teorainn

Doimhneacht: gan teorainn

Féach cead náisiúnta Uimh. 2005.0038.T

Formheas sainráite

31 000 30

28 Eanáir 2024

Green Yard AS

Angholmen,

4485 Feda,

An Iorua

www.greenyard.no  

Duga tirim (laistigh), sleamhnán

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 230 méadar

Leithead: 25 mhéadar

Doimhneacht: 20 méadar

Féach cead náisiúnta Uimh. 2018.0833.T

Ní mór móroibríochtaí díchóimeála a dhéanamh taobh istigh.

Na hoibríochtaí díchóimeála agus gearrtha amháin atá ceadaithe lasmuigh faoin spéir, is mionoibríochtaí iad is gá chun longa a chur in oiriúint don tsaoráid laistigh. Féach an cead chun tuilleadh sonraí a fháil.

Formheas sainráite

0 31

28 Eanáir 2024

Green Yard Kleven AS

6065 Ulsteinvik

An Iorua

 

www.kleven.no

Beart le cé, sleamhnán

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

 

Uastoisí na long:

Fad: 170 méadar

Leithead: 35 mhéadar

Doimhneacht: gan teorainn

Féach cead náisiúnta Uimh. 2021.0011.T

Formheas sainráite

0 32

9 Aibreán 2026

Fosen Gjenvinning AS

Stokksundveien 1432,

7177 Revsnes

An Iorua

Teil. +47 400 39 479 R-phost: knut@fosengjenvinning.no  

Beart le cé

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, seachas rigí nó soithí a úsáidtear chun hidreacarbóin a eastóscadh

Uastoisí na long:

Fad: 150 méadar

Leithead: 20 méadar

Doimhneacht: 7 méadar

Féach cead náisiúnta Uimh. 2006.0250.T

Formheas sainráite

8 000 33

9 Eanáir 2024

Aker Solutions AS (Stord)

Eldøyane 59

5411 Stord

An Iorua

www.akersolutions.com

Beart le cé (beart fliuch), sleamhnán

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 230 méadar

Leithead: gan teorainn

Doimhneacht: gan teorainn

Féach cead náisiúnta Uimh. 2013.0111.T

Formheas sainráite

43 000 34

28 Eanáir 2024

Lutelandet Industrihamn

Lutelandet Offshore AS

6964 Korssund,

An Iorua

www.lutelandetoffshore.com

Beart le cé

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: gan teorainn

Leithead: gan teorainn

Doimhneacht: gan teorainn

Féach cead náisiúnta

Uimh. 2014,0646.T

Formheas sainráite

14 000 35

28 Eanáir 2024

Norscrap West AS

Hanøytangen 122,

5310 Hauglandhella,

An Iorua

www.norscrap.no

Beart le cé, sleamhnán snámhach, duga tirim

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 150 méadar

Leithead: 34 mhéadar

Doimhneacht: gan teorainn

Féach cead náisiúnta Uimh. 2017.0864.T

8000 LDT ar a mhéad ar shleamhnán snámha. Ní mór longa atá níos mó ná 8000 LDT a laghdú sula ndéantar iad a tharraingt isteach chuig an sleamhnán

Formheas sainráite

4 500 36  

1 Márta 2024

AN FHIONLAINN

Turun Korjaustelakka Oy (Turku Repair Yard Ltd)

Navirentie, 21100 Naantali  
An Fhionlainn

Teil. +358 2 44 511

R-phost try@turkurepairyard.com

Beart le cé, duga tirim

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long: 
Fad: 250 méadar 
Leithead: 40 méadar 
Doimhneacht snámha: 7,9 méadar

 

Tá na teorainneacha san áireamh san údarú náisiúnta comhshaoil.

Formheas sainráite

20 000 37

1 Deireadh Fómhair 2023

AN RÍOCHT AONTAITHE - TUAISCEART ÉIREANN

Harland and Wolff (Belfast) Ltd

Oileán na Banríona

Béal Feirste

BT3 9DU

Teil. +44(0)2890534189 Facs +44(0)2890458515

R-phost Eoghan.Rainey@harland-wolff.com  

Duga tirim agus beart fliuch

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 556 mhéadar

Leithead: 93 mhéadar

Doimhneacht snámha: 7,5 méadar

DWT: 550 000

Údaraítear an láithreán trí bhíthin ceadúnas bainistithe dramhaíola, uimhir údaraithe LN/20/11 a chuireann teorainn leis na hoibríochtaí agus a chuireann coinníollacha ar oibreoir na saoráide.

Formheas sainráite

12 000 38

16 Meitheamh 2025



Cuid B

Saoráidí athchúrsála long atá lonnaithe i dtríú tír

Ainm na saoráide

An modh athchúrsála

Cineál agus méid na long is féidir a athchúrsáil

Aon teorainn nó aon choinníoll a bhaineann le hoibriú na saoráide athchúrsála long, lena n-áirítear an méid a bhaineann le bainistiú dramhaíola guaisí

Mionsonraí maidir leis an nós imeachta sainráite nó intuigthe chun go ndéanfaidh an t‑údarás inniúil an plean athchúrsála long a fhormheas 39

An t‑uas-aschur athchúrsála long bliantúil, a ríomhtar mar shuim mheáchan na long á sloinneadh i LDT a athchúrsáladh in aon bhliain ar leith sa tsaoráid sin 40

An dáta a rachaidh áireamh sa Liosta Eorpach in éag 41

AN TUIRC

Avsar Gemi Sokum San. Dis Tic. Ltd. Sti.

Gemi Söküm Tesisleri,  
Parcel 5 Aliağa  
İzmir 35800, 
An Tuirc

Teil. +90 232 618 21 07 – 08 - 09  
R-phost:  info@avsargemiltd.com

Tabhairt i dtír

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, seachas rigí

Uastoisí na long:

Fad: gan teorainn  
Leithead: 50 méadar  
Doimhneacht snámha: 15 mhéadar

Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, arna eisiúint ag an Aireacht Comhshaoil agus Pleanála Uirbí, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, arna eisiúint ag an Aireacht Iompair agus Bonneagair, ina sonraítear teorainneacha agus coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 15 lá

Tá an plean athchúrsála long (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n-údarás inniúil d’fhonn cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách.

54 224 42

2 Nollaig 2025

Isiksan Gemi Sokum Pazarlama Ve Tic. A.Ş

Gemi Söküm Tesisleri,  
Parcel 22 Aliağa  
İzmir 35800, 
An Tuirc

Teil. +90 232 618 21 65  
R-phost: info@isiksanship.com

 

www.isiksanship.com

 

Tabhairt i dtír

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: gan teorainn  
Leithead: 75 mhéadar  
Doimhneacht snámha: 17 méadar

Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, arna eisiúint ag an Aireacht Comhshaoil agus Pleanála Uirbí, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, arna eisiúint ag an Aireacht Iompair agus Bonneagair, ina sonraítear teorainneacha agus coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 15 lá

Tá an plean athchúrsála long (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n‑údarás inniúil d’fhonn cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách.

91 851 43

7 Iúil 2024

EGE CELIK SAN. VE TIC. A.S.

Gemi Söküm Tesisleri,

Parcel 10 Aliağa,

Izmir 35800,

An Tuirc

Teil. +90 232 618 21 62

R-phost:  pamirtaner@egecelik.com  

Tabhairt i dtír

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: gan teorainn 
Leithead: 50 méadar 
Doimhneacht snámha: 15 mhéadar

Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, arna eisiúint ag an Aireacht Comhshaoil agus Pleanála Uirbí, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, arna eisiúint ag an Aireacht Iompair agus Bonneagair, ina sonraítear teorainneacha agus coinníollacha faoina n‑oibríonn an tsaoráid.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 15 lá

Tá an plean athchúrsála long (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n‑údarás inniúil d’fhonn cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách.

55 503 44

12 Feabhra 2025

LEYAL GEMİ SÖKÜM SANAYİ ve TİCARET

LTD.

Gemi Söküm Tesisleri,

Parcel 3-4 Aliağa,

Izmir 35800,

An Tuirc

Teil. +90 232 618 20 30

R-phost:  info@leyal.com.tr  

Tabhairt i dtír

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: gan teorainn 
Leithead: 100 méadar 
Doimhneacht snámha: 15 mhéadar

Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, arna eisiúint ag an Aireacht Comhshaoil agus Pleanála Uirbí, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, arna eisiúint ag an Aireacht Iompair agus Bonneagair, ina sonraítear teorainneacha agus coinníollacha faoina n‑oibríonn an tsaoráid.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 15 lá

Tá an plean athchúrsála long (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n‑údarás inniúil d’fhonn cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách.

55 495 45

9 Nollaig 2023

LEYAL-DEMTAŞ GEMİ SÖKÜM SANAYİ ve TİCARET A.Ş.

Gemi Söküm Tesisleri,

Parcel 25 Aliağa,

Izmir 35800,

An Tuirc

Teil. +90 232 618 20 65

R-phost: demtas@leyal.com.tr  

Tabhairt i dtír

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: gan teorainn 
Leithead: 63 mhéadar 
Doimhneacht snámha: 15 mhéadar

Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, arna eisiúint ag an Aireacht Comhshaoil agus Pleanála Uirbí, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, arna eisiúint ag an Aireacht Iompair agus Bonneagair, ina sonraítear teorainneacha agus coinníollacha faoina n‑oibríonn an tsaoráid.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 15 lá

Tá an plean athchúrsála long (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n‑údarás inniúil d’fhonn cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách.

50 350 46

9 Nollaig 2023

ÖGE GEMİ SÖKÜM İTH. İHR. TİC. SAN.AŞ.

Gemi Söküm Tesisleri,

Parcel 23 Aliağa,

Izmir 35800,

An Tuirc

Teil. +90 232 618 21 05

R-phost:  oge@ogegemi.com  

www.ogegemi.com  

Tabhairt i dtír

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: gan teorainn 
Leithead: 70 méadar 
Doimhneacht snámha: 15 mhéadar

Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, arna eisiúint ag an Aireacht Comhshaoil agus Pleanála Uirbí, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, arna eisiúint ag an Aireacht Iompair agus Bonneagair, ina sonraítear teorainneacha agus coinníollacha faoina n‑oibríonn an tsaoráid.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 15 lá

Tá an plean athchúrsála long (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n‑údarás inniúil d’fhonn cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách.

62 471 47

12 Feabhra 2025

Simsekler Gida Gemi Sokum Insaat Sanayi Tic. Ltd.Sti

Gemi Söküm Tesisleri,

Parcel 11-12 Aliağa,

Izmir 35800,

An Tuirc

Teil. +90 232 618 20 36

R-phost:  shipyard@simseklergroup.com.tr  

Tabhairt i dtír

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: gan teorainn 
Leithead: 95 mhéadar 
Doimhneacht snámha: 15 mhéadar

Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, arna eisiúint ag an Aireacht Comhshaoil agus Pleanála Uirbí, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, arna eisiúint ag an Aireacht Iompair agus Bonneagair, ina sonraítear teorainneacha agus coinníollacha faoina n‑oibríonn an tsaoráid.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 15 lá

Tá an plean athchúrsála long (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n‑údarás inniúil d’fhonn cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách.

51 569 48

2 Nollaig 2025

Sök Denizcilik Tic. Ltd. Sti

Gemi Söküm Tesisleri,

Parcel 8-9 Aliağa,

Izmir 35800,

An Tuirc

Teil. +90 232 618 2092

R-phost:  info@sokship.com  

Tabhairt i dtír

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: gan teorainn 
Leithead: 90 méadar 
Doimhneacht snámha: 15 mhéadar

Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, arna eisiúint ag an Aireacht Comhshaoil agus Pleanála Uirbí, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, arna eisiúint ag an Aireacht Iompair agus Bonneagair, ina sonraítear teorainneacha agus coinníollacha faoina n‑oibríonn an tsaoráid.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 15 lá

Tá an plean athchúrsála long (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n‑údarás inniúil d’fhonn cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách.

66 167 49

12 Feabhra 2025

AN RÍOCHT AONTAITHE

Dales Marine Services Ltd

Imperial Dry Dock

Leith

Dún Éideann

EH6 7DR

Teil. + 44 (0)131 454 3380; + 44 (0)770 380 6067

R-phost: b.robertson@dalesmarine.co.uk  

Duga tirim agus beart fliuch

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, seachas rigí

Uastoisí na long:

Fad: 165 mhéadar 
Leithead: 20 méadar 
Doimhneacht snámha: 7,7 méadar

Údaraítear an láithreán trí bhíthin ceadúnas bainistithe dramhaíola, uimhir údaraithe WML/L/1157331 a chuireann teorainn leis na hoibríochtaí agus a chuireann coinníollacha ar oibreoir na saoráide.

Formheas sainráite

5 019 50

[Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá 5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh leasaithigh seo]

Kishorn Port Ltd

Kishorn Base

Kishorn

Strathcarron

IV54 8XA

An Ríocht Aontaithe

Teil. +44 (0)139 777 3840

R-phost: enquiries@kishornportltd.com

alasdair@kishornportltd.com  

Duga tirim

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 140 méadar 
Leithead: 100 méadar 
Doimhneacht snámha: 12 mhéadar

Údaraítear an láithreán trí bhíthin ceadúnas bainistithe dramhaíola, uimhir údaraithe WML/L/1175043 a chuireann teorainn leis na hoibríochtaí agus a chuireann coinníollacha ar oibreoir na saoráide.

Formheas sainráite

1 200 51

[Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá 5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh leasaithigh seo]

STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ

International Shipbreaking Limited L.L.C

18601 R.L Ostos Road Brownsville TX, 78521 
Na Stáit Aontaithe

Teil. 956-831-2299 
R-phost: chris.green@internationalshipbreaking.com

robert.berry@internationalshipbreaking.com  

Beart le cé (beart fliuch), fána

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 366 mhéadar Leithead : 48 méadar Doimhneacht snámha: 9 méadar

Sainmhínítear na coinníollacha faoina n‑údaraítear an tsaoráid a oibriú i gceadanna, i ndeimhnithe agus in údaruithe arna n‑eisiúint chuig an tsaoráid ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú an Chomhshaoil, Coimisiún Texas um Cháilíocht Comhshaoil, Oifig Ghinearálta Talún Texas agus Garda Cósta na Stát Aontaithe.

Le hAcht na Stát Aontaithe um Rialú Substaintí Tocsaineacha cuirtear toirmeasc ar allmhairiú isteach sna Stáit Aontaithe soithí faoi bhratach eachtrach a bhfuil tiúchan défheinile polaclóirínithe ar mó í ná 50 cuid in aghaidh an mhilliúin.

Tá ag an tsaoráid dhá shleamhnán le rampaí le haghaidh athchúrsáil deiridh soithí (an Sleamhnán Thoir agus an Sleamhnán Thiar). Is ar rampa an tSleamhnáin Thoir amháin a dhéanfar longa atá faoi bhratach Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a athchúrsáil.

Faoi láthair níl aon nós imeachta i ndlí na Stát Aontaithe a bhaineann le pleananna athchúrsála long a fhormheas

120 000 52

9 Nollaig 2023

(1)    Dá dtagraítear in Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 maidir le hathchúrsáil long
(2)    Dá dtagraítear in Airteagal 32(1)(a), an tríú habairt, de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013
(3)    Comhfhreagraíonn dáta éaga an áirimh sa Liosta Eorpach do dháta éaga an cheada nó an údaraithe a deonaíodh don tsaoráid sa Bhallstát.
(4)    De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 50 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(5)      De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 30 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(6)    De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 50 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(7)      De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 30 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(8)      De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 200 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(9)    De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 50 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(10)      De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 45 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(11)    De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 36 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(12)      De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 6000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(13)    De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 60 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(14)      De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 15 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(15)    De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 12 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(16)    De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 23 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(17)    De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 40 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(18)      De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 60 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(19)      De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 10 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(20)    De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 30 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.
(21)    De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 6 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.
(22)      De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 10 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.
(23)    De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 45 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.
(24)    De réir an cheada atá ag an tsaoráid, is é 100 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(25)      De réir an cheada atá ag an tsaoráid, is é 47 500 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(26)      De réir an cheada atá ag an tsaoráid, is é 100 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(27)      De réir an cheada atá ag an tsaoráid, is é 100 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(28)    De réir an cheada atá ag an tsaoráid, is é 40 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(29)

     De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 75 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana

(30)      De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 75 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.
(31)      De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 30 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.
(32)      De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 30 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.
(33)      De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 10 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.
(34)      De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 85 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.
(35)      De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 200 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.
(36)      De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 100 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana
(37)      De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 40 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long
(38)      De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 300 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.
(39)    Dá dtagraítear in Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 maidir le hathchúrsáil long
(40)    Dá dtagraítear in Airteagal 32(1)(a), an tríú habairt, de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013
(41)    Tá áireamh saoráide athchúrsála long atá lonnaithe i dtríú tír sa Liosta Eorpach bailí ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh Cur Chun Feidhme ábhartha ón gCoimisiún lena bhforáiltear go n‑áireofar an tsaoráid sin, mura sonrófar a mhalairt.
(42)      Is é 60 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(43)      Is é 120 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(44)      Is é 60 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(45)      Is é 80 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(46)      Is é 60 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(47)      Is é 90 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(48)      Is é 70 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(49)      Is é 100 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.
(50)      De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 7 275 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.
(51)      De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 40 165 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.
(52)      Is é 120 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.’
Top