Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C(2021)6325

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an modheolaíocht agus leis an gcur i láthair is bonn taca le cásanna feidhmíochta, cur i láthair costas agus an modheolaíocht chun táscairí achomair costais a ríomh, cur i láthair agus inneachar na faisnéise maidir le feidhmíocht roimhe seo agus cur i láthair na gcostas de réir táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) ina dtairgtear raon roghanna infheistíochta agus ailíniú an tsocraithe eatramhaigh le haghaidh monaróirí PRIIPanna a thairgeann aonaid cistí dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar roghanna bunúsacha infheistíochta leis an socrú eatramhach buan a leagtar síos san Airteagal sin

C/2021/6325 final

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Ceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh 1286/2014 1 go ndéanfaidh monaróirí ‘Táirgí Infheistíochta Miondíola Pacáistithe agus Táirgí Infheistíochta atá Árachas-bhunaithe’ (PRIIPanna) ‘Doiciméid Faisnéise Bunriachtanaí’ a tharraingt suas le haghaidh na dtáirgí sin sula gcuirtear ar fáil d’infheisteoirí miondíola iad, agus iad sin a dhíolann na táirgí sin nó a thugann comhairle maidir leo chun na Doiciméid Faisnéise Bunriachtanaí a chur ar fáil d’infheisteoirí miondíola in am trátha sula gceannaíonn siad na táirgí sin.

Le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 tugtar de chumhacht don Údarás Baincéireachta Eorpach a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 2 , don Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 3 agus don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 4 (ÚMEanna le chéile) chun caighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt go comhpháirteach.

Ba cheart na nithe seo a leanas a shonrú sna caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha agus a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún 5 :

·cur i láthair agus inneachar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí, lena n‑áirítear na modheolaíochta chun na rioscaí, na luacha saothair agus na costais laistigh den doiciméad faisnéise bunriachtanaí a ríomh agus a chur i láthair (Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014),

·athbhreithniúchán, athbhreithniú agus foilsiú an doiciméid faisnéise bunriachtanaí (Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014); agus

·na coinníollacha maidir leis an gceanglas chun an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar in am trátha don infheisteoir miondíola a chomhlíonadh (Airteagal 13(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014).

Leasaítear leis an rialachán tarmligthe seo Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 maidir le caighdeáin theicniúla rialála trí na nithe seo a leanas a leagan amach, go háirithe:

·modheolaíochtaí nua atá mar bhonn chun cásanna feidhmíochta iomchuí a ríomh agus cur i láthair athbhreithnithe na gcásanna sin, chun a áirithiú nach mbeidh ionchais mhíchuí ag infheisteoirí miondíola maidir leis an toradh ionchais a d’fhéadfaidís a fháil ar a n‑infheistíocht;

·táscairí achomair costais athbhreithnithe agus athruithe ar inneachar agus ar chur i láthair na faisnéise maidir le costais PRIIPanna chun cuidiú le hinfheisteoirí miondíola tuiscint níos fearr a fháil ar na cineálacha difriúla struchtúr costais, chomh maith leis an úsáid a bhaineann daoine a bhíonn ag díol PRIIPanna nó ag tabhairt comhairle maidir leo as an bhfaisnéis sin a éascú;

·modheolaíocht mhodhnaithe atá mar bhonn taca chun na costais idirbhirt a ríomh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin phraiticiúla a tháinig chun cinn le linn na rialacha agus na saincheisteanna atá ann cheana a bheith á gcur i bhfeidhm maidir le cur i bhfeidhm cineálacha áirithe infheistíochtaí bunúsacha;

·rialacha modhnaithe le haghaidh PRIIPanna lena dtairgtear raon roghanna i gcomhair infheistíochta chun soiléireacht níos mó a áirithiú maidir leis an bhfaisnéis ar a n‑impleachtaí costais.

Leagtar síos freisin sa rialachán tarmligthe seo na caighdeáin theicniúla rialála maidir le faisnéis ar fheidhmíocht roimhe seo, a sholáthróidh cineálacha áirithe gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna), cistí infheistíochta malartacha miondíola (CIManna), agus táirgí infheistíochta atá árachas‑bhunaithe.

Tá leasuithe ar Threoir 2009/65/CE 6 ag gabháil leis an rialachán tarmligthe seo chun nach bhfaigheadh infheisteoirí dhá dhoiciméad nochta réamh-chonarthacha, ón 1 Iúil 2022, i.e. doiciméid faisnéise bunriachtanaí na PRIIPanna agus ‘faisnéis bhunriachtanach d’infheisteoirí’ a cheanglaítear leis an Treoir sin. Déanfar é sin trína shoiléiriú má rinne GCUInna doiciméid faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas, a sholáthar, a athbhreithniú agus a aistriú cheana féin, go ndéantar na ceanglais maidir le ‘faisnéis bhunriachtanach d’infheisteoirí’ mar a leagtar amach in Airteagail 78 go 82, agus Airteagal 94 den Treoir sin a chomhlíonadh dá dheasca sin.

Tá leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 7 ag gabháil leis an rialachán tarmligthe seo freisin chun síneadh 6 mhí, i.e. go dtí an 30 Meitheamh 2022, a chur leis an socrú eatramhach le haghaidh cistí infheistíochta áirithe a leagtar síos in Airteagal 32 den rialachán sin. Chuige sin, leagtar síos sa rialachán tarmligthe seo socrú eatramhach faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 atá comhsheasmhach leis an socrú eatramhach fadaithe i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014. Ceadaítear leis do mhonaróirí PRIIPanna a thairgeann cistí infheistíochta mar na roghanna bunúsacha infheistíochta amháin, nó in éineacht le roghanna eile infheistíochta, leanúint de bheith ag úsáid, ar mhaithe le doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas, doiciméid faisnéise bunriachtanaí d’infheisteoirí GCUI a tharraingítear suas i gcomhréir le hAirteagail 78 go 81 de Threoir 2009/65/CE i leith cistí den sórt sin.

Áiritheoidh sé sin leanúnachas i gcur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 go dtí go nglactar leis na leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653, trí dhátaí uile an chur i bhfeidhm a shioncrónú.

Beidh feidhm ag an rialachán tarmligthe seo ón 1 Iúil 2022.

2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH

An 16 Deireadh Fómhair 2019 sheol na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha comhairliúchán poiblí ar leasuithe ionchasacha ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653, a bhfuair na ÚMEanna 100 freagairt san iomlán ina leith, faoin am ar cuireadh deireadh leis an 13 Eanáir 2020.

D’úsáid na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha na torthaí ón tástáil bhunaidh tomhaltóirí chun treoir a thabhairt dá dtuairim maidir leis na cineálacha cur chuige is éifeachtaí d’infheisteoirí miondíola. Bhain go leor cineálacha cur chuige difriúla maidir le faisnéis a chur i láthair ar riosca, luaíochtaí agus costais fhéideartha leis an staidéar tástála tomhaltóirí a rinneadh mar chuid den iarracht chun inneachar reatha an doiciméid faisnéise bunriachtanaí a fhorbairt in 2014 agus 2015 8 . Áiríodh leo sin inter alia an úsáid a bhaintear as graif, táblaí agus cineálacha éagsúla teicnící físe. Ag glacadh le raon na roghanna a tástáladh agus doimhneacht an staidéir, tá sé fós ábhartha nuair a smaoinítear ar conas a d’fhéadfadh an doiciméid faisnéise bunriachtanaí a athrú.

Measadh áfach go bhféadfadh tástáil bhreise tomhaltóirí cur leis an léargas maidir le héifeachtacht an doiciméid faisnéise bunriachtanaí reatha agus an luach a d’fhéadfadh a bheith ag aon athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh. Rinne an Coimisiún dá bhrí sin i gcomhar leis na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha staidéar tástála tomhaltóirí spriocdhírithe ina ndearnadh anailís ar na modhanna difriúla a bhain le faisnéis feidhmíochta a chur i láthair. Foilsíodh torthaí na tástála an 27 Feabhra 2020 9 . Bhí siad ina mbonn faisnéise do chinntí na n‑údarás maoirseachta Eorpach maidir leis na hathbhreithnithe ar chur i láthair na faisnéise sin.

D’iarr na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Bhailigh siad aiseolas freisin maidir le costais go háirithe Cruinniú Comhchéime le saineolaithe tomhaltóirí a bhí ar siúl i mí na Nollag 2019.

D’ullmhaigh na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha measúnú costais is tairbhe le gabháil leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála.

3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE

An 3 Feabhra 2021, chuir na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha dréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoi bhráid an Choimisiúin, ag cónascadh caighdeáin theicniúla rialála a forbraíodh faoi Airteagal 8(5) agus faoi Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014. Leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 leis an Rialachán Tarmligthe seo.

Áiríonn Airteagal 1(1) in Airteagal 1 den rialachán tarmligthe maidir leis an roinn ‘Faisnéis ghinearálta’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí ceanglais bhreise faisnéise, eadhon i gcás ina bhfuil monaróir PRIIP mar chuid de ghrúpa, sonraíocht an ghrúpa sin, agus de réir GCUI nó CIM, a n‑urranna nó a n‑aicmí scaireanna, agus cuideachtaí bainistíochta, trí rialacha oiriúnaithe áirithe atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 583/2010 ón gCoimisiún 10 a áireamh.

Ionsánn Airteagal 1(2) isteach sa roinn ‘Cad é an táirge seo’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí in Airteagal 2 den rialachán tarmligthe ceanglais maidir le faisnéis a mhéid a bhaineann le gnéithe riachtanacha de GCUInna nó CIManna, trí rialacha oiriúnaithe áirithe a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 583/2010 ón gCoimisiún a áireamh.

Cuireann Airteagal 1(3) le hAirteagal 5 den rialachán tarmligthe sa roinn ‘Cad iad na costais?’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí foláireamh go bhféadfaidh na daoine a bheidh ag tabhairt comhairle maidir leis an PRIIP, nó á dhíol, costais bhreise a fhorchur agus athraítear na ceanglais maidir leis an tábla ‘Comhdhéanamh na gcostas’.

Ionsáitear le hAirteagal 1(4) mír nua 3 in Airteagal 8 den rialachán tarmligthe ar an roinn ‘Faisnéis ábhartha eile’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí. Leagtar síos an oibleagáid ar GCUInna, ar CIManna áirithe agus ar tháirgí infheistíochta áirithe atá árachas‑bhunaithe, mar a shainmhínítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an rialachán tarmligthe, chun nasc a áireamh chuig an suíomh gréasáin, nó tagairt do dhoiciméad, maidir leis an bhfaisnéis faoi fheidhmíocht roimhe seo a foilsíodh i gcomhréir leis an Iarscríbhinn VIII sin.

Athraítear teideal Chaibidil II den rialachán tarmligthe le hAirteagal 1(5) go dtí ‘Forálacha sonracha ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí ag PRIIPanna a thairgeann raon roghanna i gcomhair infheistíochta’.

Leasaítear Airteagal 10 den rialachán tarmligthe le hAirteagal 1(6) i dtaca le PRIIPanna a thairgeann raon roghanna i gcomhair infheistíochta nach bhfuil in ann faisnéis a sholáthar maidir leis na roghanna bunúsacha infheistíochta sin laistigh de dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí aonair, beacht, neamhspleách amháin chun soiléiriú a thabhairt ar an gcineál faisnéise bunriachtanaí a sholáthrófar don infheisteoir.

Scriosann Airteagal 1(7) agus (8) forálacha in Airteagail 11 agus 12 den rialachán tarmligthe i leith táisc ina bhfuil an fhaisnéis shonrach maidir le gach rogha bhunúsach infheistíochta suite; coinnítear an ceanglas sin ar bun le hAirteagal 10 leasaithe. Ina theannta sin, scriostar le hAirteagal 1(8) mír 2 d’Airteagal 12 den rialachán tarmligthe i ngeall ar an deireadh atá curtha leis an díolúine ama le haghaidh GCUInna agus CIManna ábhartha a leagtar síos in Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014.

Cuirtear Airteagal 1(9) in ionad Airteagal 13 den rialachán tarmligthe maidir leis an roinn ‘Cad iad na costais?’ sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí ginearálta. Cumhdaítear an dá chás in Airteagal 13 nua i gcás inar féidir costais an PRIIP seachas costais na roghanna bunúsacha infheistíochta a sholáthar i bhfigiúr aonair agus i gcás nach féidir é sin a dhéanamh. I gcás an chéad chinn, foráiltear leis freisin go gcuirtear na costais sin i láthair ar leithligh ó chostais na roghanna bunúsacha infheistíochta.

Cuirtear Airteagal 1(9) in ionad Airteagal 14 den rialachán tarmligthe freisin maidir le ‘Faisnéis shonrach maidir le gach rogha bhunúsach infheistíochta’. Ceanglaítear leis an Airteagal 14 nua ar mhonaróirí PRIIP soiléiriú a thabhairt ar cibé a áirítear leis an bhfaisnéis shonrach costais uile an PRIIP agus, i gcás inarb ábhartha, cibé atá siad comhsheasmhach leis an gceanglas a leagtar síos in Airteagal 8(3) den rialachán tarmligthe maidir le faisnéis ar fheidhmíocht roimhe seo. Forlíontar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí ginearálta leis an bhfaisnéis shonrach. Trí Airteagal 13 agus Airteagal 14 den rialachán tarmligthe a ionadú, scriosann Airteagal 1(9) agus Airteagal 1(10) forálacha ina dtugtar aghaidh ar chásanna ina dtairgeann PRIIPanna GCUInna agus CIManna miondíola ábhartha mar roghanna i gcomhair infheistíochta, i ngeall ar an deireadh a cuireadh leis an díolúine ama le haghaidh GCUInna agus CIManna miondíola ábhartha a leagtar síos in Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014.

Ionsáitear le hAirteagal 1(10) Caibidil IIa nua sa rialachán tarmligthe ina leagtar amach ceanglais shonracha don doiciméad faisnéise bunriachtanaí le haghaidh GCUInna agus CIManna áirithe. Cumhdaítear iontu sin urrainn infheistíochta, aicmí scaireanna, ciste cistí, struchtúir mháistir-fothaire agus cistí struchtúracha. Áirítear rialacha oiriúnaithe áirithe a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 583/2010 ón gCoimisiún i gCaibidil IIa.

Cuireann Airteagal 1(11) critéar nua le hAirteagal 15(2) den rialachán tarmligthe maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí má tá na cásanna feidhmíochta bunaithe ar thagarmharcanna ionadaíocha nó ar ionadaithe.

Ionsáitear le hAirteagal 1(12) Caibidil IVa nua ina bhfuil Airteagal 17a aonair maidir le húsáid a bhaint as crostagairtí d’fhoinsí eile faisnéise.

Ailínítear le hAirteagal 1(13) an sprioc-am le haghaidh iarratas a leagtar síos sa tríú mír d’Airteagal 18 leis an deireadh a cuireadh leis an díolúine sealadach a leagtar síos in Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014.

Le hAirteagal 1(14) cuirtear an téacs in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 maidir le ‘Teimpléad an Doiciméid Faisnéise Bunriachtanaí’. Cuireann sé, go háirithe, faisnéis leis maidir le húdarú i leith theimpléad an doiciméid faisnéise bunriachtanaí, i gcás inarb infheidhme agus ceannteideal le haghaidh téarma nó aibíocht an PRIIP.

Leagtar síos in Airteagal 1(15) go leasaítear le forálacha in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo Iarscríbhinn II maidir leis an ‘Modheolaíocht chun riosca a chur i láthair’ a ghabhann leis an rialachán tarmligthe. Go háirithe, soiléirítear leis an sannadh a dhéantar ar aicmí de bhearta riosca margaidh agus ceadaítear leis do mhonaróirí PRIIP chun uimhir an táscaire achomair riosca (SRI) a mhéadú má mheasann siad nach dtugann an táscaire achomair riosca léiriú leordhóthanach ar na rioscaí a bhaineann leis an PRIIP.

Leagtar síos in Airteagal 1(16) go leasaítear leis an téacs in Iarscríbhinn C a ghabhann leis an rialachán seo Iarscríbhinn III maidir le ‘Ar chur i láthair SRI’ a ghabhann leis an rialachán tarmligthe. Tugtar cur síos mionsonraithe nua isteach leis faoi bhun an teimpléid formáide ina gcuirtear i láthair an táscaire achomair riosca sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí, cuirtear in oiriúint na coinníollacha maidir le foláirimh a chuimsiú agus tugtar aghaidh freisin ar PRIIPanna Chatagóir 1 nach bhfuil aon suim infheistíochta tosaigh ag gabháil leo.

Le hAirteagal 1(17) cuirtear an téacs in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an rialachán seo in ionad Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an rialachán tarmligthe maidir le ‘Cásanna feidhmíochta’. Leagtar síos modheolaíocht nua in Iarscríbhinn IV a bheidh mar bhonn taca chun cásanna feidhmíochta a ríomh le haghaidh GCUInna agus CIManna, ach amháin GCUInna struchtúracha agus CIManna struchtúracha agus PRIIPanna eile de chuid Chatagóir 2, amhail táirgí infheistíochta aonadnasctha atá árachas‑bhunaithe. Faoin modheolaíocht nua, taispeánann cásanna feidhmíochta neamhfhabhracha, measartha, agus fabhracha raon torthaí don todhchaí mar mheastachán ó dháileadh torthaí de chuid an PRIIP roimhe seo nó tagarmharc ábhartha. Déantar measúnú sa ríomh ar phointí difriúla laistigh de pharaiméadair áirithe, lena n‑áirítear na sonraí ionchuir ar feadh 10 mbliana ar a laghad (nó an tréimhse shealbhaíochta mholta móide 5 bliana i gcás PRIIPanna lena ngabhann tréimhse shealbhaíochta mholta níos faide ná 5 bliana). Coinníonn an modheolaíocht nua an modheolaíocht le haghaidh ríomhanna cásanna struis faoin rialachán tarmligthe mar tháscaire ábhartha de theagmhais mhargaidh an-díobhálach. Maidir le PRIIPanna eile, cuirtear an modheolaíocht a leagtar síos sa rialachán tarmligthe in oiriúint in Iarscríbhinn IV trína cheadú do mhonaróirí PRIIP torthaí níos coimeádaí a thaispeáint trí úsáid a bhaint as peircintílí níos ísle den dáileadh measta ar thorthaí todhchaíochta a úsáidtear chun na cásanna a ghiniúint, ar choinníoll go dtagann cásanna de riosca ábhartha a bhfuil bonn cirt leo go bhféadfadh ionchais mhíchuí teacht chun cinn de bharr na gcásanna.

Le hAirteagal 1(18) cuirtear an téacs in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an rialachán seo in ionad Iarscríbhinn V a ghabhann leis an rialachán tarmligthe maidir leis an ‘Modheolaíocht chun cásanna feidhmíochta a chur i láthair’. Tugtar isteach le hIarscríbhinn V, i measc nithe eile, teimpléid choigeartaithe chun cásanna feidhmíochta a chur i láthair le haghaidh PRIIPanna infheistíochta nó príomh‑PRIIPanna aonair agus tráthrialta chomh maith le teimpléad nua le haghaidh PRIIPanna a d’fhéadfaí a ghairm nó a chur ar ceal go huathoibríoch roimh dheireadh na tréimhse sealbhaíochta molta má chomhlíontar coinníollacha réamhshainithe áirithe. In éineacht leis na nochtaí maidir le cásanna feidhmíochta ag leath na tréimhse sealbhaíochta molta agus na tréimhse sealbhaíochta molta iomlán, coinníonn na teimpléid seo gnáth‑thréimhse shealbhaíochta bliain amháin chun gnáthphointe comparáide a sholáthar thar PRIIPanna le tréimhsí sealbhaíochta molta difriúla, chomh maith leis an tionchar a bhainfeadh leis an infheistíocht a scor go luath a léiriú.

Leagtar síos in Airteagal 1(19) go leasaíonn an téacs in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an rialachán tarmligthe maidir leis an ‘Modheolaíocht chun costais a ríomh’. Coinnítear le hIarscríbhinn VI, inter alia, an táscaire den laghdú ar thorthaí mar an modh bunúsach chun an príomh‑tháscaire achomair costais foriomlán a ríomh le roinnt coigeartuithe ar an toimhde maidir leis an toradh a úsáideadh, tugann sé aghaidh ar chostais idirbhirt a d’fhéadfadh a bheith diúltach tríd an modheolaíocht praghais teachta a chur in oiriúint lena n‑áirítear le haghaidh PRIIPanna nach ngineann dóthain idirbheart chun gluaiseacht an mhargaidh a fhágáil as an áireamh le dóthain cinnteachta staidrimh.

Le hAirteagal 1(20) cuirtear an téacs in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an rialachán tarmligthe maidir le ‘Cur i láthair na gcostas’. Leagtar amach in Iarscríbhinn VII, i measc nithe eile, struchtúr dhá thábla ar leithligh, agus ní thaispeántar sa chéad tábla ach amháin figiúirí comhiomlánaithe i dtéarmaí airgeadaíochta agus céatadáin, agus taispeántar sa dara ceann miondealú in aghaidh an chineáil costas, ceanglaítear tuairisc nua maidir leis an laghdú ar an toradh, agus miondealuithe sonracha de chostais de réir PRIIPanna a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/65/AE 11 agus de réir na dtáirgí infheistíochta atá árachas‑bhunaithe.

Leagtar síos in Airteagal 1(21) go ndéanann an téacs in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an rialachán seo Iarscríbhinn VIII nua maidir le ‘Inneachar agus cur i láthair faisnéise maidir le feidhmíocht roimhe seo’ a ionsá sa rialachán tarmligthe. Sonraítear in Iarscríbhinn VIII an modheolaíocht agus na rialacha chun nochtaí maidir le feidhmíocht roimhe seo a chur i láthair. Sonraítear ann freisin na cineálacha PRIIPanna a bhfuil nochtaí den sórt sin éigeantach ina leith. Áirítear in Iarscríbhinn VIII nua a ghabhann leis an rialachán tarmligthe rialacha oiriúnaithe áirithe a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 583/2010 ón gCoimisiún.

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN

an 7.9.2021

lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an modheolaíocht agus leis an gcur i láthair is bonn taca le cásanna feidhmíochta, cur i láthair costas agus an modheolaíocht chun táscairí achomair costais a ríomh, cur i láthair agus inneachar na faisnéise maidir le feidhmíocht roimhe seo agus cur i láthair na gcostas de réir táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) ina dtairgtear raon roghanna infheistíochta agus ailíniú an tsocraithe eatramhaigh le haghaidh monaróirí PRIIPanna a thairgeann aonaid cistí dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar roghanna bunúsacha infheistíochta leis an socrú eatramhach buan a leagtar síos san Airteagal sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) 12 , agus go háirithe Airteagal 8(5) agus Airteagal 10(2) de sin,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Thaispeáin an taithí a fuarthas i rith chéad bhlianta chur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún 13 nach mór gnéithe áirithe de chur i láthair agus d’inneachar na ndoiciméad faisnéise bunriachtanaí a athbhreithniú. Tá gá le hathbhreithniú den sórt sin lena áirithiú go leantar de sholáthar faisnéise iomchuí d’infheisteoirí miondíola thar an raon de chineálacha difriúla táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (‘PRIIPanna’), gan beann ar imthosca áirithe an mhargaidh, go háirithe le linn tréimhse leanúnach feidhmíochta dearfaí ar an margadh.

(2)Chun faisnéis intuigthe, nach bhfuil míthreorach, agus ábhartha le haghaidh cineálacha difriúla PRIIPanna a sholáthar, níor cheart do chásanna feidhmíochta a thaispeántar sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí tuar ródheimhneach a sholáthar le haghaidh torthaí ionchasacha sa todhchaí. Tá feidhmíocht infheistíochtaí bunúsacha agus feidhmíocht cistí infheistíochta neamh‑struchtúracha agus PRIIPanna comhchosúla eile nasctha go díreach. Ba cheart an modheolaíocht atá mar bhonn taca chun cásanna feidhmíochta a chur i láthair a chur in oiriúint dá bhrí sin ionas nach mbeifear ag brath ar mhodh staidrimh ina gcruthaítear cásanna feidhmíochta a d’fhéadfadh torthaí breathnaithe a fhairsingiú. Ba cheart an modheolaíocht atá mar bhonn taca do chur i láthair na gcásanna feidhmíochta a chur in oiriúint lena áirithiú go mbeidh na cásanna sin bunaithe ar thréimhse níos faide torthaí breathnaithe, ag gabháil an dá thréimhse d’fhás dearfach agus diúltach, rud lena soláthraítear dá bhrí sin cásanna feidhmíochta níos cobhsaí le himeachta aimsire agus lena n‑íoslaghdaítear torthaí comhthimthriallacha. Léiríodh cumas na modheolaíochta chun cásanna feidhmíochta a chur i láthair chun meastacháin réamhbhreathnaitheacha iomchuí a sholáthar trí chúltástáil ina ndearnadh comparáid idir torthaí na modheolaíochta sin agus feidhmíocht bhreathnaithe iarbhír na PRIIPanna.

(3)Ionas nach meastar cásanna feidhmíochta mar réamhaisnéisí den mheastachán is fearr, is gá foláirimh níos feiceálaí a fhorchur maidir leis na cásanna sin. Ba cheart an nochtadh, i dtéarmaí simplí, maidir le sonraí breise ar na toimhdí ar a bhfuil na cásanna sin bunaithe an riosca maidir le hionchais mhíchuí ar thorthaí féideartha sa todhchaí a laghdú freisin.

(4)Tá faisnéis maidir le costais tábhachtach d’infheisteoirí miondíola nuair a bhítear ag cur PRIIPanna difriúla i gcomparáid lena chéile. D’fhonn é a chur ar a gcumas d’infheisteoirí miondíola tuiscint níos fearr a fháil ar na cineálacha difriúla struchtúr costais sna PRIIPanna difriúla agus ábharthacht na struchtúr sin lena n‑imthosca aonair, ba cheart go n‑áireofaí tuairisc ar na príomhghnéithe de na costais san fhaisnéis sna doiciméid faisnéise bunriachtanaí. Ina theannta sin, d’fhonn an chomhairle a thugtar maidir le PRIIPanna agus maidir le díol PRIIPanna a éascú, ba cheart na táscairí le haghaidh gnéithe costais aonair a ailíniú le faisnéis a nochtar faoi reachtaíocht earnála an Aontais, go háirithe Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 14 agus Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 . An tráth céanna, is gá comparáideacht a áirithiú thar gach cineál PRIIP maidir le costais iomlána. Ba cheart soiléiriú a thabhairt ar an mbrí atá le táscairí achomair costais i ndoiciméid faisnéise bunriachtanaí, ionas go mbeidh infheisteoirí miondíola in ann tuiscint níos fearr a fháil ar tháscairí achomair costais den sórt sin.

(5)Chun gnéithe eacnamaíocha aicmí sócmhainní áirithe a chur san áireamh ar bhealach níos fearr agus na PRIIPanna sin nach ngineann dóthain idirbheart chun gluaiseachtaí margaidh a dhíothú le dóthain cinnteachta staidrimh, ba cheart go n‑úsáidfí cur chuige níos difreálaí agus níos comhréire sa mhodheolaíochta athbhreithnithe chun costais idirbhirt a ríomh. Ba cheart go bhfágfaí as an áireamh freisin sa mhodheolaíocht sin costais idirbhirt dhiúltacha a d’fhéadfadh tarlú ionas nach gcuirfí mearbhall ar infheisteoirí miondíola.

(6)I gcás PRIIPanna lena dtairgtear raon roghanna i gcomhair infheistíochta, ba cheart cur i láthair coigeartaithe maidir leis an bhfaisnéis ar chostais a leagan síos chun feabhas a chur ar an tuiscint atá ag infheisteoirí miondíola ar impleachtaí costais na roghanna infheistíochta difriúla sin.

(7)Chun gur féidir le hinfheisteoirí miondíola breathnú, tuiscint agus comparáid a dhéanamh idir an luaineacht a bhaineann le torthaí na PRIIPanna líneacha agus na roghanna bunúsacha infheistíochta líneacha chomh maith le feidhmíocht roimhe seo in imthosca margaidh ar leith, is gá ceanglais áirithe a leagan síos maidir le hinneachar agus cur i láthair caighdeánaithe na feidhmíochta roimhe seo i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653, trí rialacha áirithe atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 583/2010 ón gCoimisiún 16 a ionchorprú agus a oiriúnú. Ba cheart d’inneachar agus do chur i láthair na feidhmíochta roimhe seo an fhaisnéis arna soláthar ag cásanna feidhmíochta a chomhlánú. Sna doiciméid faisnéise bunriachtanaí maidir leis na PRIIPanna líneacha sin agus roghanna bunúsacha infheistíochta líneacha ba cheart go mbeadh sa roinn dar teideal ‘Faisnéis ábhartha eile’ crostagairtí do dhoiciméid nó do shuíomhanna gréasáin ar leithligh le faisnéis maidir le feidhmíocht roimhe seo.

(8)De bhun Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, maidir le cuideachtaí bainistíochta, cuideachtaí infheistíochta agus daoine a thugann comhairle i dtaobh aonaid de GCUInna nó a dhíolann iad, tá díolúine acu ó na hoibleagáidí faoin Rialachán sin go dtí an 31 Nollaig 2021. Nuair a chuireann Ballstát rialacha i bhfeidhm maidir le formáid agus inneachar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí, a leagtar síos in Airteagail 78 go 81 de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 , ar chistí neamh-GCUInna a thairgtear d’infheisteoirí miondíola, beidh feidhm ag an díolúine a leagtar síos in Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 maidir le cuideachtaí bainistíochta, cuideachtaí infheistíochta agus daoine a thugann comhairle maidir le haonaid de chistí den sórt sin le hinfheisteoirí miondíola nó a dhíolann iad. Chun córas dlí eatramhach comhsheasmhach a sholáthar do na cistí sin, ceadaítear le hAirteagal 14(2) de Rialachán Tarmligthe 2017/653, a bheidh i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán Tarmligthe sin, go dtí 31 Nollaig 2021, do mhonaróirí táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe (‘monaróirí PRIIP’) leanúint de bheith ag úsáid doiciméad den sórt sin arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagail 78 go 81 de Threoir 2009/65/CE, i gcás gurb ionann ceann amháin ar a laghad de na roghanna bunúsacha infheistíochta agus ciste GCUI nó neamh‑GCUI. Leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, beartaítear síneadh ama a chur leis na socruithe idirthréimhseacha dá dtagraítear in Airteagal 32 de go dtí an 30 Meitheamh 2022. Is gá go mbeidh monaróirí PRIIP in ann leanúint de dhoiciméid arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagail 78 go 81 de Threoir 2009/65/CE a úsáid chomh fada agus a fhanfaidh na socruithe idirthréimhseacha sin i bhfeidhm.

(9)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 a leasú dá réir sin.

(10)Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde, agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (na ‘hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha’) faoi bhráid an Choimisiúin.

(11)Reáchtáil na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne siad anailís ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, agus d’iarr comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 , ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 , agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 .

(12)Toisc go bhfuil dlúthcheangal ag na caighdeáin theicniúla rialála lena chéile agus chun a áirithiú go bhfuil na ceanglais a tugadh isteach leo comhsheasmhach go hiomlán, is iomchuí é gníomh dlí aonair a ghlacadh lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653.

(13)Chun dóthain ama a thabhairt do mhonaróirí PRIIP, agus do dhaoine a dhíolann nó a thugann comhairle maidir le PRIIPanna, ullmhú don oibleagáid maidir le doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas i gcomhréir le ceanglais nua ba cheart go mbeadh an Rialachán seo i bhfeidhm ón 1 Iúil 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)sa chéad mhír, cuirtear pointí (f) go (i) seo a leanas leis:

‘(f)    i gcás inarb infheidhme, i gcásanna ina bhfuil an monaróir PRIIP mar chuid de ghrúpa cuideachtaí chun críocha dlíthiúla, riaracháin nó margaíochta, ainm an ghrúpa sin;

(g)    i gcás ina bhfuil an PRIIP i bhfoirm gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) nó i bhfoirm ciste infheistíochta malartaí (CIM), beidh aitheantas an GCUI nó CIM lena n‑áirítear an aicme scaireanna nó an urrann infheistíochta de sin, luaite go soiléir;

(h)    tuairisc maidir le húdarú, i gcás inarb infheidhme;

(i)    i gcás ina bhfuil an PRIIP i bhfoirm GCUI nó CIM agus i gcásanna ina bhfuil GCUI á bhainistiú ag cuideachta bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE nó i gcás inar cuideachta infheistíochta é dá dtagraítear in Airteagal 27 den Treoir sin (‘cuideachta bainistíochta GCUI’ go comhchoiteann) atá ag feidhmiú i leith an GCUI sin cearta faoi Airteagal 16 den Treoir sin, nó i gcásanna ina bhfuil CIM á bhainistiú ag bainisteoir cistí infheistíochta malartacha (BCIM) atá ag feidhmiú i leith an CIM sin cearta faoi Airteagail 31, 32 agus 33 de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, áireofar ráiteas breise maidir leis sin.

________________________

*    Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).’,

(b)cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘Chun críocha na chéad mhíre, pointe (g), i gcás urrainn infheistíochta nó aicme scaireanna, leanfaidh ainm an GCUI nó an CIM ainm na hurrainne nó na haicme scaireanna. I gcás gurb ann do chóduimhir lena sainaithnítear an GCUI nó an CIM, an urrann infheistíochta nó an aicme scaireanna, beidh sé mar chuid d’aitheantas an GCUI nó CIM.’;

(2)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)cuirtear isteach an mhír 2a, an mhír 2b agus an mhír 2c seo a leanas:

‘2a.    I gcás ina mbeidh an PRIIP i bhfoirm GCUI nó CIM, san fhaisnéis sa roinn dar teideal ‘Cad é an táirge seo?’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí cumhdófar na gnéithe riachtanacha sin de GCUI nó CIM a gcuirfear infheisteoir miondíola ar an eolas maidir leo, fiú mura bhfuil na gnéithe sin mar chuid den tuairisc ar na cuspóirí agus ar an mbeartas infheistíochta i réamheolaire GCUI dá dtagraítear in Airteagal 68 de Threoir 2009/65/CE nó den tuairisc ar an straitéis infheistíochta agus ar chuspóirí an CIM dá dtagraítear in Airteagal 23(1), de Threoir 2011/61/AE, lena n‑áirítear:

(a)príomh‑chatagóirí na n‑ionstraimí airgeadais incháilithe is ábhar don infheistíocht;

(b)an fhéidearthacht go bhféadfaidh an t‑infheisteoir miondíola aonaid de GCUI nó CIM a fhuascailt ar éileamh, ag cáiliú an ráitis sin le tásc maidir le minicíocht na ndéileálacha in aonaid, nó i gcás inarb infheidhme ráiteas nach bhfuil aon fhéidearthacht ann chun aonaid a fhuascailt ar éileamh;

(c)cibé atá sprioc áirithe ag an GCUI nó CIM i ndáil le haon earnáil thionsclaíoch, geografach nó earnálacha eile den mhargadh nó aicmí sonracha sócmhainní;

(d)cibé a cheadaíonn an GCUI nó CIM le haghaidh roghanna lánroghnacha i dtaca leis na hinfheistíochtaí áirithe atá le déanamh, agus cibé a áirítear leis an gcur chuige sin nó go dtuigtear tagairt leis do thagarmharc agus más amhlaidh atá, cén ceann;

(e)cibé a dhéantar ioncam ó dhíbhinní a dháileadh nó a athinfheistiú.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), i gcás ina dtuigtear tagairt do thagarmharc leis, tabharfar le fios cé mhéid saoirse a bheidh ar fáil i ndáil leis an tagarmharc sin, agus i gcás ina bhfuil cuspóir rianúcháin innéacs ag GCUI nó CIM, luafar é sin.

2b.    Áireofar é seo a leanas leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2a, i gcás inarb ábhartha:

(a)i gcás ina n‑infheistíonn GCUI nó CIM in urrúis fiachais, tásc maidir le cibé a eisíonn comhlachtaí corparáideacha, rialtais nó eintitis eile na hurrúis fiachais sin, agus, i gcás inarb infheidhme, aon íoscheanglas rátála;

(b)i gcás inar ciste infheistíochta struchtúrach é an GCUI nó CIM, míniú i dtéarmaí simplí ar gach gné is gá le haghaidh tuiscint cheart ar an eis‑íocaíocht agus na sonraí a mheastar a chinnfidh feidhmíocht, lena n‑áirítear tagairtí, i gcás inar gá, do na mionsonraí maidir leis an algartam agus a oibreacha a bhíonn le feiceáil i réamheolaire an GCUI nó sa tuairisc ar straitéis infheistíochta agus ar chuspóirí an CIM;

(c)i gcás ina mbíonn treoir ag an rogha sócmhainní ó chritéir shonracha, míniú ar na critéir sin, amhail ‘fás’, ‘luach’ nó ‘díbhinní arda’;

(d)i gcás ina n‑úsáidtear teicnící bainistíochta sócmhainní sonracha, ina bhféadfaí fálú, arbatráiste nó giaráil a áireamh, míniú i dtéarmaí simplí ar na tosca a mheastar a chinnfidh feidhmíocht an GCUI nó CIM.

2c.    An fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2a agus 2b déanfar idirdhealú inti idir na catagóirí leathana infheistíochtaí mar a shonraítear i mír 2a, pointí (a) agus (c), agus mír 2b, pointe (a), agus an cur chuige maidir leis na hinfheistíochtaí sin a ghlacfaidh cuideachta bainistíochta GCUI nó BCIM mar a shonraítear i mír 2a, pointe (d) agus i mír 2b, pointí (b), (c) agus (d).

Sa roinn dar teideal ‘Cad é an táirge seo?’ féadfaidh gnéithe eile seachas iad sin atá liostaithe i míreanna 2a agus 2b a bheith sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí, lena n‑áirítear an tuairisc ar an GCUI nó ar straitéis infheistíochta an CIM, i gcás ina bhfuil gá leis na gnéithe sin chun tuairisc leordhóthanach a thabhairt ar chuspóirí agus ar bheartas infheistíochta an GCUI nó an CIM.’;

(b)cuirtear an mhír 6 agus an mhír 7 seo a leanas leis:

‘6.    I gcás ina bhfuil an PRIIP i bhfoirm GCUI nó CIM, beidh sainaithint agus míniú ar na rioscaí dá dtagraítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann leis an Rialachán seo comhsheasmhach leis an bpróiseas inmheánach chun an riosca arna ghlacadh ag cuideachta bainistíochta GCUI a shainaithint, a thomhas, a bhainistiú agus a fhaire i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE nó ag BCIM i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE. I gcás ina mbainistínn cuideachta bainistíochta níos mó ná GCUI amháin nó i gcás ina mbainistíonn BCIM níos mó ná CIM amháin, déanfar na rioscaí a shainaithint agus a mhíniú ar bhealach comhsheasmhach.

7.    I gcás ina bhfuil an PRIIP i bhfoirm GCUI nó CIM, sa roinn dar teideal ‘Cad é an táirge seo?’ beidh an fhaisnéis seo a leanas sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí le haghaidh gach Ballstáit ina ndéantar an GCUI nó CIM a mhargú:

(a)ainm na taisclainne;

(b)cá háit agus cén chaoi le tuilleadh faisnéise a fháil faoin GCUI nó CIM, cóipeanna de réamheolaire GCUI nó cóipeanna den tuairisc ar straitéis agus ar chuspóirí infheistíochta CIM, an tuarascáil bhliantúil is déanaí agus aon tuarascáil leathbhliantúil ina dhiaidh sin maidir leis an GCUI dá dtagraítear in Airteagal 68(1), pointe (b) agus (c), de Threoir 2009/65/CE, nó an tuarascáil bhliantúil is déanaí den CIM dá dtagraítear in Airteagal 22 de Threoir 2011/61/AE, á lua cén teanga nó teangacha ina bhfuil na doiciméid sin ar fáil, agus go bhféadfar iad a fháil saor in aisce;

(c)cá háit agus cén chaoi faisnéis phraiticiúil eile a fháil, lena n‑áirítear cá bhfaighfear na praghsanna aonad is déanaí.’;

(3)Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)i mír 2, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

‘Cuirfear foláireamh feiceálach isteach, i gcás inarb infheidhme, maidir leis na costais bhreise a fhéadfaidh daoine a bheidh ag tabhairt comhairle maidir leis an PRIIP, nó á dhíol, a fhorchur.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.    Sa tábla ‘Comhdhéanamh na gcostas’ sa roinn dar teideal ‘Cad iad na costais?’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí, sonróidh na monaróirí PRIIP na táscairí achomair de na cineálacha costas seo a leanas:

(a)aon chostas aonuaire, amhail costais iontrála agus costais scoir;

(b)aon chostas athfhillteach, ag deighilt costais idirbhirt punainne agus costais eile athfhillteacha;

(c)aon chostas teagmhasach, amhail táillí feidhmíochta nó ús iompartha.’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.    Tabharfaidh monaróirí PRIIP tuairisc ar na costais difriúla a bheidh áirithe sa tábla ‘Comhdhéanamh na gcostas’ sa roinn dar teideal ‘Cad iad na costais?’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí, i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII, agus sonróidh siad cá háit agus conas a d’fhéadfadh difear a bheith idir na costais sin agus na costais iarbhír a d’fhéadfadh an t‑infheisteoir miondíola a thabhú, agus cá háit agus conas a d’fhéadfadh costais den sórt sin a bheith ag brath ar cibé a fheidhmíonn nó nach bhfeidhmíonn an t‑infheisteoir miondíola roghanna áirithe.’;

(4)in Airteagal 8, cuirtear an mhír 3 seo a leanas isteach:

‘3.    Maidir le GCUInna mar a shainmhínítear i bpointe 1(a) d’Iarscríbhinn VIII, áireofar in CIManna mar a shainmhínítear i bpointe 1(b) den Iarscríbhinn sin, nó táirgí infheistíochta aonadnasctha atá árachas‑bhunaithe mar a shainmhínítear i bpointe 1(c) den Iarscríbhinn sin, sa roinn dar teideal ‘Faisnéis ábhartha eile’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí:

(a)nasc chuig an suíomh gréasáin, nó tagairt do dhoiciméad, i gcás ina gcuirtear an fhaisnéis maidir le feidhmíocht roimhe seo arna foilsiú ag an monaróir PRIIP i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII ar fáil;

(b)an líon blianta dá gcuirtear na sonraí maidir le feidhmíocht roimhe seo i láthair.

I gcás PRIIPanna dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, Cuid 1, pointe 5, ar cistí iata iad, nó PRIIPanna eile atá oscailte i gcomhair suibscríbhinne, déanfar ríomhanna maidir le cás feidhmíochta roimhe seo a fhoilsiú ar bhonn míosúil agus luafar sa roinn dar teideal ‘Faisnéis ábhartha eile’ cá háit ar féidir na ríomhanna sin a aimsiú.’;

(5)cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil II:

‘CAIBIDIL II

FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS NA DOICIMÉID FAISNÉISE BUNRIACHTANAÍ DE RÉIR PRIIPanna A THAIRGEANN RAON ROGHANNA I gCOMHAIR INFHEISTÍOCHTA’;

(6)in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a)    doiciméad faisnéise bunriachtanaí maidir le gach rogha bhunúsach infheistíochta laistigh den PRIIP, i gcomhréir le Caibidil I, lena n‑áirítear faisnéis maidir leis an PRIIP ina iomláine, agus gach doiciméad faisnéise bunriachtanaí ag léiriú nach n‑infheistíonn an t‑infheisteoir miondíola ach i rogha infheistíochta amháin;

(b)    doiciméad faisnéise bunriachtanaí ginearálta ina dtugtar tuairisc ar an PRIIP i gcomhréir le Caibidil I, mura sonraítear a mhalairt in Airteagail 11 go 14, lena n‑áirítear tuairisc ar cá háit ar féidir an fhaisnéis shonrach maidir le gach rogha bhunúsach infheistíochta a aimsiú.’;

(7)in Airteagal 11, scriostar pointe (c).

(8)Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)scriostar pointe (d) i mír 1;

(b)scriostar mír 2;

(9)cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 13 agus Airteagal 14:

‘Airteagal 13

An roinn ‘Cad iad na costais?’ sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí ginearálta

Sa roinn dar teideal ‘Cad iad na costais?’, de mhaolú ar Airteagal 5(1), pointe (b), sonróidh monaróirí PRIIP iad seo a leanas:

(a)i gcás nach féidir costais an PRIIP seachas costais na rogha bunúsaí infheistíochta a sholáthar i bhfigiúr aonair, lena n‑áirítear i gcás ina mbíonn éagsúlacht ag baint leis na costais sin ag brath ar an rogha bhunúsach infheistíochta a roghnaítear:

(i)    raon na gcostas le haghaidh an PRIIP sna táblaí ‘Costais thar thréimhse ama’ agus ‘Comhdhéanamh na gcostas’ a leagtar amach in Iarscríbhinn VII;

(ii)    ráiteas ina dtugtar le fios go mbíonn éagsúlacht ag baint leis na costais don infheisteoir miondíola ar bhonn na roghanna bunúsacha infheistíochta;

(b)i gcás ina féidir na costais le haghaidh an PRIIP seachas costais na roghanna bunúsacha infheistíochta a sholáthar i bhfigiúr aonair:

(i)    na costais sin a thaispeántar ar leithligh ó raon na gcostas le haghaidh na roghanna bunúsacha infheistíochta arna dtairiscint ag an PRIIP sna táblaí ‘Costais thar thréimhse ama’ agus ‘Comhdhéanamh na gcostas’ a leagtar amach in Iarscríbhinn VII;

(ii)    ráiteas ina dtugtar le fios go gcuimsítear leis na costais iomlána ar an infheisteoir miondíola teaglaim de na costais ar na roghanna bunúsacha infheistíochta a roghnaíodh agus costais eile an PRIIP agus bíonn siad éagsúil ar bhonn na roghanna bunúsacha infheistíochta.

Airteagal 14

Faisnéis shonrach maidir le gach rogha bhunúsach infheistíochta

Soláthrófar an fhaisnéis shonrach maidir le gach rogha bhunúsach infheistíochta, dá dtagraítear in Airteagal 10, pointe (b), i ndoiciméad faisnéise sonrach lena bhforlíontar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí ginearálta. Áireoidh monaróirí PRIIP le haghaidh gach rogha bhunúsach infheistíochta gach ceann díobh seo a leanas:

(a)foláireamh cuimsitheach, i gcás inarb ábhartha;

(b)na cuspóirí infheistíochta, na bealaí chun iad a bhaint amach, agus an spriocmhargadh beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus (3);

(c)táscaire achomair riosca agus cur síos mionsonraithe, agus cásanna feidhmíochta, dá dtagraítear in Airteagal 3;

(d)cur i láthair na gcostas, i gcomhréir le hAirteagal 5, lena n‑áirítear ráiteas maidir le cibé a áirítear leis na costais sin costais uile an PRIIP i gcás ina n‑infheistíonn an t‑infheisteoir miondíola sa rogha infheistíochta shonrach sin amháin;

(e)le haghaidh roghanna bunúsacha infheistíochta arb ionann iad agus GCUI mar a shainmhínítear i bpointe 1(a) d’Iarscríbhinn VIII, CIManna mar a shainmhínítear i bpointe 1(b) den Iarscríbhinn sin, nó táirgí infheistíochta aonadnasctha atá árachas-bhunaithe mar a shainmhínítear i bpointe 1(c) den Iarscríbhinn sin, faisnéis maidir le feidhmíocht roimhe seo arna cheangal le hAirteagal 8(3).

Leanfaidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) den mhír seo struchtúr na gcodanna ábhartha den teimpléad atá leagtha síos in Iarscríbhinn I.’;

(10)cuirtear isteach an Chaibidil IIa seo a leanas:

‘CAIBIDIL IIa

FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS NA DOICIMÉID FAISNÉISE BUNRIACHTANAÍ DE RÉIR GCUInna agus CIManna ÁIRITHE

Airteagal 14a

Urrann infheistíochta de chuid GCUInna nó CIManna

1.I gcás ina gcuimsítear dhá urrann infheistíochta nó níos mó le GCUInna nó CIManna, táirgfear doiciméad faisnéise bunriachtanaí ar leithligh le haghaidh gach urrainne aonair.

2.Beidh i ngach doiciméad faisnéise bunriachtanaí dá dtagraítear i mír 1, sa roinn dar teideal ‘Cad é an táirge seo?’, an fhaisnéis seo a leanas:

(a)ráiteas go dtugtar tuairisc sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí ar urrann de chuid GCUI nó CIM, agus, i gcás inarb infheidhme, go ndéantar réamheolaire an GCUI nó an tuairisc ar straitéis agus ar chuspóirí infheistíochta an CIM agus na tuarascálacha tréimhsiúla a ullmhú don GCUI nó CIM iomlán a ainmnítear ag tús an doiciméid faisnéise bunriachtanaí;

(b)cibé atá nó nach bhfuil sócmhainní agus dliteanais gach urrainne deighilte de réir dlí agus an difear a d’fhéadfadh sé sin a dhéanamh don infheisteoir;

(c)cibé atá nó nach bhfuil sé de cheart ag an infheisteoir miondíola a infheistíocht a mhalartú in aonaid in urrann amháin ar aonaid in urrann eile, agus más amhlaidh atá, cá háit a gheofar an fhaisnéis faoi conas an ceart sin a fheidhmiú.

3.I gcás ina socraíonn an chuideachta bainistíochta GCUI nó an BCIM muirear don infheisteoir miondíola chun a infheistíocht a mhalartú i gcomhréir le mír 2, pointe (c), agus go bhfuil difear idir an muirear sin agus an muirear caighdeánach chun aonaid a cheannach nó a dhíol, luafar an muirear sin ar leithligh sa roinn dar teideal ‘Cad iad na costais?’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí.

Airteagal 14b

Aicmí scaireanna den GCUI nó CIManna

1.I gcás ina bhfuil níos mó ná aicme amháin aonad nó scaireanna i gceist le GCUI nó CIM, ullmhófar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí le haghaidh gach aicme aonad nó scaireanna.

2.Féadfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a bhaineann le dhá aicme nó níos mó den GCUI nó CIM céanna a chomhcheangal in aon doiciméad faisnéise bunriachtanaí amháin, ar choinníoll go gcomhlíonann an doiciméad a tháirgfear dá bharr gach ceanglas maidir le fad, teanga agus cur i láthair an doiciméid faisnéise bunriachtanaí.

3.Féadfaidh an chuideachta bainistíochta GCUI nó BCIM aicme a roghnú chun ionadaíocht a dhéanamh ar aicme amháin nó níos mó den GCUI nó CIM, ar choinníoll go bhfuil an rogha cothrom, soiléir agus nach bhfuil sí míthreorach d’infheisteoirí miondíola ionchais sna haicmí eile sin. I gcásanna den sórt sin, beidh sa roinn dar teideal ‘Cad iad na rioscaí agus cad a d’fhéadfainn a fháil i gcomaoin orthu?’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí an míniú ar an riosca ábhartha is infheidhme maidir le haon cheann de na haicmí eile ar a ndéantar ionadaíocht. Féadfar doiciméad faisnéise bunriachtanaí bunaithe ar an aicme ionadaíoch a sholáthar d’infheisteoirí miondíola sna haicmí eile.

4.Ní dhéanfar aicmí difriúla a chomhcheangal in aicme ionadaíoch ilchodach dá dtagraítear i mír 3.

5.Coimeádfaidh cuideachta bainistíochta GCUI nó BCIM taifead de na haicmí eile ar a ndéanann an aicme ionadaíoch dá dtagraítear i mír 3 ionadaíocht orthu agus na forais a bheidh mar údar ag an rogha sin.

6.I gcás inarb infheidhme, déanfar an roinn dar teideal ‘Cad é an táirge seo?’ sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí a fhorlíonadh trí thásc maidir le cén aicme a roghnaíodh mar aicme ionadaíoch, ag úsáid an téarma faoina ndéantar é a ainmniú i réamheolaire GCUI nó sa tuairisc ar straitéis agus ar chuspóirí infheistíochta an CIM.

7.Tabharfar le fios freisin sa roinn sin cá háit ar féidir le hinfheisteoirí miondíola faisnéis a fháil maidir leis na haicmí eile den GCUI nó CIM a mhargaítear ina mBallstát féin.

Airteagal 14c

GCUI nó CIManna mar chistí cistí

1.I gcás ina n‑infheistíonn GCUI cuid shubstaintiúil dá shócmhainní in GCUInna eile nó i ngnóthais chomhinfheistíochta eile dá dtagraítear in Airteagal 50(1), pointe (e), de Threoir 2009/65/CE, áireofar leis an tuairisc ar chuspóirí agus ar bheartas infheistíochta an GCUI sin sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí míniú gairid ar conas a roghnófar na gnóthais chomhinfheistíochta eile ar bhonn leanúnach. I gcás inar ciste de chistí fálaithe é an GCUI áireofar sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí faisnéis maidir le ceannach CIManna neamh‑AE nach bhfuil faoi mhaoirseacht.

2.I gcás ina n‑infheistíonn an CIM cuid shubstaintiúil dá shócmhainní in GCUInna nó CIManna eile, beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 mutatis mutandis.

Airteagal 14d

Fothaire GCUI

1.Maidir le fothaire GCUI, mar a shainmhínítear in Airteagal 58 de Threoir 2009/65/CE, beidh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí, sa roinn dar teideal ‘Cad é an táirge seo?’ an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann go sonrach leis an bhfothaire GCUI:

(a)ráiteas go bhfuil réamheolaire an mháistir GCUI, an doiciméad faisnéise bunriachtanaí, agus na tuarascálacha agus na cuntais thréimhsiúla ar fáil d’infheisteoirí miondíola den fhothaire GCUI arna iarraidh, conas a d’fhéadfaí iad a fháil, agus an teanga(cha) ina mbeidh siad;

(b)cibé atá na míreanna atá liostaithe i bpointe (a) den mhír seo ar fáil i gcóipeanna páipéir amháin nó i meáin mharthanacha eile, agus cibé atá aon táille iníoctha ar mhíreanna nach bhfuil faoi réir saor sheachadta i gcomhréir le hAirteagal 63(5) de Threoir 2009/65/CE;

(c)i gcás ina bhfuil an máistir GCUI bunaithe i mBallstát difriúil don fhothaire GCUI, agus i gcás ina bhféadfadh sé sin difear a dhéanamh do chóireáil cánach an fhothaire GCUI, ráiteas maidir leis sin;

(d)faisnéis maidir leis an gcion de shócmhainní fothaire GCUI atá infheistithe sa mháistir GCUI;

(e)tuairisc ar chuspóirí agus ar bheartas infheistíochta an mháistir GCUI, arna bhforlíonadh, de réir mar is iomchuí, ag ceachtar díobh seo a leanas:

(i)    tásc go mbeidh torthaí infheistíochta an fhothaire GCUI a n‑chosúil leo sin atá sa mháistir GCUI; nó

(ii)    míniú ar conas agus cén fáth go bhféadfadh difear a bheith idir torthaí infheistíochta an fhothaire agus an mháistir GCUI.

2.I gcás ina bhfuil difear idir próifíl riosca agus luaíochta an fhothaire GCUI in aon ghné ábhartha agus próifíl riosca agus luaíochta an mháistir GCUI, déanfar é sin agus an chúis atá leis a mhíniú sa roinn dar teideal ‘Cad iad na rioscaí agus cad a d’fhéadfainn a fháil i gcomaoin orthu?’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí.

3.Déanfar aon riosca leachtachta agus an gaol idir socruithe ceannacháin agus fuascailte le haghaidh an mháistir GCUI agus an fhothaire GCUI a mhíniú sa roinn dar teideal ‘Cad iad na rioscaí agus cad a d’fhéadfainn a fháil i gcomaoin orthu?’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí.

Airteagal 14e

GCUI nó CIM struchtúrach

Is ionann cistí infheistíochta struchtúracha agus GCUI nó CIManna a sholáthraíonn eisíocaíochtaí bunaithe ar algartam d’infheisteoirí miondíola, ar dhátaí réamhchinntithe áirithe, atá nasctha le feidhmíocht, nó le réadú athruithe ar phraghsanna nó ar choinníollacha eile, de shócmhainní airgeadais, innéacsanna nó punann infheistíochta GCUInna nó CIManna lena mbaineann gnéithe den chineál céanna.’;

(11)in Airteagal 15, mír 2, cuirtear an pointe (d) seo a leanas leis:

‘(d)    i gcás ina bhfuil cásanna feidhmíochta bunaithe ar thagarmharcanna nó ar ionadaithe iomchuí, comhsheasmhacht an tagarmhairc nó an ionadaí le cuspóirí an PRIIP.’;

(12)Cuirtear an Caibidil IVa seo a leanas isteach:

‘CAIBIDIL IVa

CROSTAGAIRTÍ

Airteagal 17a

Úsáid as crostagairtí d’fhoinsí eile faisnéise

Gan dochar d’Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, féadfar crostagairtí d’fhoinsí eile faisnéise, lena n‑áirítear an réamheolaire agus tuarascálacha bliantúla nó tuarascálacha leathbhliantúla, a áireamh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis go léir atá bunúsach maidir le tuiscint na n‑infheisteoirí miondíola ar na heilimintí riachtanacha den infheistíocht áirithe sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí.

Ceadófar crostagairtí do shuíomh gréasáin an PRIIP nó an mhonaróra PRIIP, lena n‑áirítear cuid d’aon suíomh gréasáin den sórt sin ina bhfuil an réamheolaire agus na tuarascálacha tréimhsiúla.

Na crostagairtí dá dtagraítear sa chéad fomhír, treoróidh siad an t‑infheisteoir miondíola chuig an roinn shonrach den fhoinse faisnéise ábhartha. Féadfar roinnt crostagairtí difriúla a úsáid laistigh den doiciméad faisnéise bunriachtanaí ach ní bheidh iontu ach an laghad agus is féidir.’;

(13)in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír: ‘Beidh feidhm ag Airteagal 14(2) go dtí an 30 Meitheamh 2022.’;

(14)Cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I;

(15)Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(16)Leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo;

(17)Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn IV.

(18)Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn V;

(19)Leasaítear Iarscríbhinn VI i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo;

(20)Cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VII;

(21)déantar an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII den Rialachán seo a chur isteach mar Iarscríbhinn VIII.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2022. Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe 13 ón 1 Eanáir 2022, áfach.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7.9.2021

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)    Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas‑bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(3)    Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
(4)    Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(5)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún an 8 Márta 2017 lena bhforlíontar Rialachán Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid faisnéise bunriachtanaí i gcomhair táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) trí chaighdeáin theicniúla rialála a leagan síos maidir le cur i láthair, ábhar, athbhreithniúchán agus leasú doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus maidir leis na coinníollacha chun an ceanglas maidir le doiciméid den sórt sin a sholáthar, a chomhlíonadh (IO L 100, 12.04.2017, lch. 1).
(6)    Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) a chomhordú (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(7)    Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas‑bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).
(8)    Staidéar tástála tomhaltóirí d’fhormáid agus inneachar nua féideartha nochtaí miondíola na dtáirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus na dtáirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe, a foilsíodh an 10 Samhain 2015.
(9)    Seirbhísí tástála tomhaltóirí - Rogha thosaíochta na n‑infheisteoirí miondíola maidir le cásanna feidhmíochta agus faisnéis ar fheidhmíocht roimhe seo laistigh den Doiciméad Faisnéise Bunriachtanaí faoin gcreat PRIIPanna
(10)    Rialachán (AE) Uimh. 583/2010 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2010 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir agus coinníollacha atá le comhlíonadh agus faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir nó an réamheolaire á soláthar i meán marthanach seachas páipéar nó trí shuíomh gréasáin (IO L 176, 10.7.2010, lch. 1).
(11)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(12)    IO L 352, 9.12.2014, lch. 1.
(13)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún an 8 Márta 2017 lena bhforlíontar Rialachán Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid faisnéise bunriachtanaí i gcomhair táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) trí chaighdeáin theicniúla rialála a leagan síos maidir le cur i láthair, ábhar, athbhreithniú agus leasú doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus maidir leis na coinníollacha chun an ceanglas a chomhlíonadh maidir le doiciméid den sórt sin a sholáthar (IO L 100, 12.4.2017, lch. 1).
(14)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(15)    Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).
(16)    Rialachán (AE) Uimh. 583/2010 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2010 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir agus coinníollacha atá le comhlíonadh agus faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir nó an réamheolaire á soláthar i meán marthanach seachas páipéar nó trí shuíomh gréasáin (IO L 176, 10.7.2010, lch. 1).
(17)    Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) a chomhordú (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(18)    COM(2021)397.
(19)    Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(20)    Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
(21)    Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
Top

IARSCRÍBHINN I

‘Iarscríbhinn I

TEIMPLÉAD I gCOMHAIR AN DOICIMÉID FAISNÉISE BUNRIACHTANAÍ

Comhlíonfaidh monaróirí PRIIPanna ord na roinne agus na teidil a leagtar amach sa teimpléad, rud nach socraítear paraiméadair leis áfach maidir le fad na rann aonair ná socrú na mbristeacha idir leathanaigh, agus beidh an doiciméad faoi réir uasmhéid fhoriomlán trí thaobh de pháipéar ar mhéid A4 nuair a dhéanfar é a phriontáil.

Doiciméad Faisnéise Bunriachtanaí

Cuspóir

Tugtar faisnéis bhunriachtanach duit sa doiciméad seo faoin táirge infheistíochta seo. Ní ábhar margaíochta é. Ceanglaítear leis an dlí an fhaisnéis a thabhairt chun cuidiú leat an cineál táirge atá ann, agus na rioscaí, na costais, na gnóthachain agus na caillteanais fhéideartha a bhaineann leis an táirge seo a thuiscint agus chun cuidiú leat comparáid a dhéanamh idir é agus táirgí eile.

Táirge

[Ainm an Táirge]

[Ainm an mhonaróra PRIIP] (i gcás inarb infheidhme) [ISIN nó UPI] [suíomh gréasáin don mhonaróir PRIIP]

[Glaoigh ar [uimhir theileafóin] le haghaidh tuilleadh eolais]

[[Ainm an Údaráis Inniúil] atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar [Ainm an Mhonaróra PRIIP] i ndáil leis an Doiciméad Faisnéise Bunriachtanaí seo]

(i gcás inarb infheidhme) [Údaraítear an PRIIP seo in [ainm an Bhallstáit]]

(i gcás inarb infheidhme) tá [[Ainm na cuideachta bainistíochta GCUI] údaraithe in [ainm an Bhallstáit] agus rialaithe ag [céannacht an údaráis inniúil]

(i gcás inarb infheidhme) tá [ainm an BCIM] is údaraithe in [ainm an Bhallstáit] agus rialaithe ag [céannacht an údaráis inniúil]

[dáta táirgthe an doiciméid faisnéise bunriachtanaí]

[Foláireamh (i gcás inarb infheidhme) Tá tú ar tí táirge nach bhfuil simplí a cheannach agus d’fhéadfadh sé a bheith deacair an táirge a thuiscint]

Cad é an táirge seo?

Cineál na gCuspóirí Téarma

Infheisteoir miondíola beartaithe

[Sochair agus costais árachais]

Cad iad na rioscaí agus cad a d’fhéadfainn a fháil i gcomaoin orthu?

Riosca    Tuairisc ar an bpróifíl riosca-luaíochta

Táscaire    Táscaire Achomair Riosca

Teimpléad Táscaire Achomair Riosca agus insintí mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn III, lena n‑áirítear maidir le huaschaillteanas féideartha: an bhféadfaidh mé an caipiteal infheistithe uile a chailleadh? An dtitfidh ualach an riosca orm maidir le hoibleagáidí nó le gealltanais bhreise airgeadais? An bhfuil cosaint chaipitil ann in aghaidh riosca margaidh?

Feidhmíocht    Teimpléid agus insintí maidir le Cásanna Feidhmíochta mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn V

Cásanna    Cásanna lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi na coinníollacha maidir le torthaí

d’infheisteoirí miondíola nó uasteorainneacha feidhmíochta ionsuite, agus ráiteas go

bhféadfadh reachtaíocht chánach Bhallstát baile an infheisteora miondíola tionchar a imirt ar an eisíocaíocht iarbhír

Cad a tharlaíonn mura bhfuil [ainm an mhonaróra PRIIP] in ann an íocaíocht a thabhairt?

Faisnéis faoi cibé acu atá nó nach bhfuil scéim ráthaíochta ann, ainm an rathóra nó oibreoir na scéime cúitimh d’infheisteoirí, lena n‑áirítear na rioscaí a chumhdaítear agus nach gcumhdaítear.

Cad iad na costais?

Cur síos mionsonraithe ar fhaisnéis le cur san áireamh i gcostais díola eile

Costais thar Thréimhse Ama    Teimpléad agus insintí de réir Iarscríbhinn VII

Comhdhéanamh na gCostas    Teimpléad agus insintí de réir Iarscríbhinn VI

Cén fhad ar cheart dom é a choimeád agus an féidir liom mo chuid airgid a tharraingt siar go luath? Tréimhse shealbhaíochta [íosta a éilítear] mholta: [x]

Faisnéis faoin gcumas aon dí‑infheistiú a dhéanamh roimh aibíocht, agus na coinníollacha a ghabhfaidh leis sin, lena n‑áirítear na táillí agus na pionóis uile is infheidhme, más ann dóibh. Faisnéis faoi na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith i gceist le scor ar airgead sula mbeidh deireadh leis an téarma nó leis an tréimhse shealbhaíochta mholta.

Conas is féidir liom gearán a dhéanamh?

Faisnéis ábhartha eile

I gcás inarb infheidhme, scríobh cur síos gearr ar an bhfaisnéis a foilsíodh faoin bhfeidhmíocht roimhe seo

’;

IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 mar a leanas:

(1)Leasaítear Cuid 1 mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

‘2. Déanfar aicme de bhearta riosca margaidh a shannadh ar an PRIIP i gcomhréir leis an tábla seo a leanas:

Aicme de bhearta riosca margaidh

Luaineacht i gcoibhéis luach faoi riosca (VEV)

1

< 0,5 %

2

≥ 0,5 % agus <5,0 %

3

≥ 5,0 % agus <12 %

4

≥ 12 % agus <20 %

5

≥ 20 % agus <30 %

6

≥ 30 % agus <80 %

7

≥ 80 %

’;

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 13:

‘13. Tugtar an VEV mar a leanas:

𝑉𝐸𝑉 = {√(3,842 − 2 ∗ (𝑉𝑎𝑅SPÁS TORTHAIDH)) − 1,96} /√𝑇

i gcás inarb ionann T agus fad na tréimhse sealbhaíochta molta i mblianta.’;

(c) cuirtear an méid seo a leanas ionad phointe 17:

‘17. Tugtar an VEV mar a leanas:

𝑉𝐸𝑉 = {√(3,842 − 2 ∗ 𝐼𝑛(𝑉𝑎𝑅SPÁS 𝑃RAGHAIS)) − 1,96} /√𝑇

i gcás inarb ionann T agus fad na tréimhse sealbhaíochta molta i mblianta. Is i gcásanna ina nglaoitear an táirge nó ina gcuirtear an táirge ar ceal roimh dheireadh na tréimhse sealbhaíochta molta de réir an ionsamhlaithe, agus sna cásanna sin amháin, a úsáidtear an tréimhse i mblianta go dtí go n‑úsáidtear an glao nó an cealú sa ríomh.’;

(d) i bpointe 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(ix):

‘(ix) na torthaí a réamh‑mheas chuig na trí phríomh‑dhualveicteoir arna ríomh sa chéim roimhe tríd an maitrís torthaí NxM a fuarthas i bpointe (v) a iolrú faoin maitrís dualveicteoirí Mx3 a fuarthas i bpointe (viii);’;

(2)i gCuid 3, cuirtear isteach an pointe 52a seo a leanas:

‘52a. I gcás ina measann an monaróir PRIIP nach dtugann uimhir an táscaire achomair riosca arna sannadh i ndiaidh riosca margaidh agus riosca creidmheasa a chomhiomlánú i gcomhréir le pointe 52 léiriú leordhóthanach ar rioscaí an PRIIP, féadfaidh an monaróir PRIIP sin cinneadh a dhéanamh an uimhir sin a mhéadú. Déanfar an próiseas cinnteoireachta le haghaidh méadú dá leithéid a dhoiciméadú.’.

IARSCRÍBHINN III

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 mar a leanas:

(1)cuirtear an méid a leanas in ionad phointe 1:

‘ 1. Bainfidh monaróirí PRIIP úsáid as an bhformáid thíos chun an SRI a chur i láthair sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí. Déanfar an uimhir ábhartha a aibhsiú mar a thaispeántar ag brath ar an SRI don PRIIP.

Riosca is ísle

Riosca is airde

(2)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

‘3. Díreach faoin SRI, sonrófar tráthchlár na tréimhse sealbhaíochta molta. Ina theannta sin, cuirfear rabhadh san áireamh díreach faoin SRI mar a leagtar amach sa teimpléad thuas sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás go meastar go bhfuil riosca an PRIIP i bhfad níos airde má tá an tréimhse shealbhaíochta difriúil;

(b)i gcás go meastar go mbaineann riosca leachtachta atá ábhartha go sonrach le PRIIP, cibé is de chineál conarthach é sin nó nach ea;

(c)i gcás go meastar go bhfuil PRIIP neamhleachtach, cibé is de chineál conarthach é sin nó nach ea;

(3)cuirtear isteach an pointe 6a seo a leanas:

‘6a. Maidir le PRIIPanna Chatagóir 1 mar a shainmhínítear iad i bpointe 4(b) d’Iarscríbhinn II, déanfar an téarmaíocht a úsáidtear do na mínithe ar insintí a ghabhann leis an SRI a choigeartú, i gcás inarb iomchuí, chun gnéithe sonracha an PRIIP a léiriú, amhail easpa méid infheistíochta tosaigh.’

IARSCRÍBHINN IV

‘IARSCRÍBHINN IV

CÁSANNA FEIDHMÍOCHTA

An líon cásanna

1.Seo a leanas na cásanna feidhmíochta faoin Rialachán seo a bhfuil raon éagsúil torthaí féideartha ag gabháil leo:

(a)cás fabhrach;

(b)cás measartha;

(c)cás mífhabhrach;

(d)cás struis.

2.Sa chás struis, leagfar amach tionchair mhífhabhracha shuntasacha an PRIIP nach gcumhdaítear sa chás mífhabhrach dá dtagraítear i bpointe 1(c) den Iarscríbhinn seo. Sa chás struis, taispeánfar tréimhsí idirmheánacha i gcás go dtaispeántar na tréimhsí sin do na cásanna feidhmíochta faoi phointe 1(a) go (c) den Iarscríbhinn seo.

3.Déanfar cás breise le haghaidh táirgí infheistíochta árachas‑bhunaithe a bhunú ar an gcás measartha dá dtagraítear i bpointe 1(b) den Iarscríbhinn seo, i gcás go mbeidh an fheidhmíocht ábhartha i leith an toraidh a bheidh ar an infheistíocht.

4.Taispeánfar an toradh íosta ar an infheistíocht freisin, gan a thabhairt san áireamh nach mbeadh sé d’acmhainn ag an monaróir PRIIP nó an páirtí atá faoi cheangal íocaíochtaí ábhartha a dhéanamh leis an infheisteoir miondíola, go díreach nó go hindíreach, na híocaíochtaí sin a dhéanamh.

Luachanna cásanna mífhabhracha, measartha agus fabhracha a ríomh don tréimhse shealbhaíochta mholta le haghaidh PRIIPanna Chatagóir 2

Cás 1: PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VIII a bhfuil sonraí stairiúla leordhóthanacha ag gabháil leo

5.Beidh na rialacha seo a leanas i bhfeidhm maidir leis na PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VIII, i gcás go sásófar na critéir a leanas an tráth a dhéanfar an ríomh, i ndáil le fad na luachanna stairiúla bliantúla comhleantacha don PRIIP:

(a)tá sé níos faide ná 10;

(b)tá sé cúig bliana níos faide ná fad thréimhse shealbhaíochta mholta an PRIIP.

6.I gcás gur cúig bliana nó níos giorra atá sa tréimhse shealbhaíochta mholta, ríomhfar na cásanna mífhabhracha, measartha agus fabhracha thar na 10 mbliana dheireanacha ón tráth a dhéantar an ríomh. I gcás gur faide ná cúig bliana atá sa tréimhse shealbhaíochta, ríomhfar na cásanna mífhabhracha, measartha agus fabhracha thar thréimhse ama

a bheidh comhionann leis an tréimhse shealbhaíochta mholta móide cúig bliana ón tráth a dhéantar an ríomh.

7.Beidh na céimeanna seo a leanas sa ríomh a dhéantar ar na cásanna mífhabhracha, measartha agus fabhracha:

(a)laistigh den tréimhse ama a shonraítear i bpointe 6 den Iarscríbhinn seo, sainaithint gach fo-eatraimh fholuitigh atá comhionann ina n‑aonar ó thaobh faid de leis an tréimhse shealbhaíochta mholta, agus a thosaíonn nó a chríochnaíonn i ngach ceann de na míonna, nó ag gach ceann de na dátaí luachála le haghaidh PRIIPanna lena ngabhann minicíocht luachála mhíosúil, atá laistigh den tréimhse sin;

(b)maidir le PRIIPanna lena ngabhann tréimhse shealbhaíochta mholta níos faide ná bliain, sainaithint gach fo-eatraimh fholuitigh atá comhionann ina n‑aonar nó níos giorra ó thaobh faid de leis an tréimhse shealbhaíochta mholta, ach atá comhionann le bliain nó níos faide, agus a chríochnaíonn ag deireadh na tréimhse ama a shainaithnítear i bpointe 6 den Iarscríbhinn seo;

(c)maidir le gach fo-eatramh dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), feidhmíocht an PRIIP a ríomh i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(I)bunaithe ar fheidhmíocht an PRIIP i rith fhad beacht gach fo-eatraimh;

(II)glanmhéid gach costas is infheidhme;

(III)ar an mbonn go bhfuil aon ioncam indáilte ón PRIIP athinfheistithe;

(IV)trí thrasfhoirmiú líneach a úsáid chun an fheidhmíocht a fháil i bhfo-eatraimh atá níos giorra ná an tréimhse shealbhaíochta mholta, d’fhonn gach fo-eatramh ar fhad inchomparáide a chur ar fáil;

(d)na fo-eatraimh a shainaithnítear i gcomhréir le pointe (a) a rangú de réir na feidhmíochta a ríomhtar i gcomhréir le pointe (c), chun na fo-eatraimh mheánacha agus na fo-eatraimh is fearr, i dtéarmaí feidhmíochta, a shainaithint laistigh de na fo-eatraimh sin;

(e)na fo-eatraimh a shainaithnítear i gcomhréir le pointí (a) agus (b) a rangú le chéile de réir na feidhmíochta a ríomhtar i gcomhréir le pointe (c), chun na fo-eatraimh is measa, i dtéarmaí feidhmíochta, a shainaithint ó laistigh de na fo-eatraimh sin.

8.Tabharfaidh an cás mífhabhrach léiriú ar an bhforbairt is measa ar luach an PRIIP i gcomhréir le i bpointe 7(e) den Iarscríbhinn seo.

9.Tabharfaidh an cás measartha léiriú ar an bhforbairt mheánach ar luach an PRIIP i gcomhréir le pointe 7(d) den Iarscríbhinn seo.

10.Tabharfaidh an cás fabhrach léiriú ar an bhforbairt is fearr ar luach an PRIIP i gcomhréir le pointe 7(d) den Iarscríbhinn seo.

11.Déanfar na cásanna a ríomh ar a laghad ar bhonn míosúil.

Cás 2: PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VIII nach bhfuil sonraí stairiúla leordhóthanacha ann ina leith agus a bhféadfar pointe cóimheasa a úsáid ina leith

12.Maidir leis na PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VIII, ríomhfar na cásanna mífhabhracha, measartha agus fabhracha mar a shonraítear i bpointí 6 go 11 den Iarscríbhinn seo, agus sonraí ó phointe cóimheasa á n‑úsáid chun luachanna don PRIIP lúide gach costas is infheidhme a fhorlíonadh, i gcás:

(a)nach gcomhlíonann fad luachanna an PRIIP na critéir a leagtar amach i bpointe 5 den Iarscríbhinn seo;

(b)go bhfuil an pointe cóimheasa iomchuí chun meastachán a thabhairt ar chásanna feidhmíochta i gcomhréir leis na critéir a shonraítear i bpointe 16 den Iarscríbhinn seo; agus

(c)go bhfuil sonraí stairiúla ann don phointe cóimheasa a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i bpointe 5 den Iarscríbhinn seo.

I gcás go ndéantar tagairt san fhaisnéis faoi chuspóirí an PRIIP do phointe cóimheasa, bainfear úsáid as an bpointe cóimheasa sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha sa chéad fhomhír.

Cás 3: PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VIII nach bhfuil sonraí stairiúla leordhóthanacha acu, nach bhfuil pointe cóimheasa acu nó a bhfuil pointe cóimheasa acu gan sonraí stairiúla leordhóthanacha aige, nó aon PRIIP Chatagóir 2 eile

13.Maidir le PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VIII nach gcumhdaítear le cás 1 nó le cás 2 thuas ná le haon PRIIP Chatagóir 2 eile, ríomhfar na cásanna mífhabhracha, measartha agus fabhracha mar a shonraítear i bpointí 6 go 11 den Iarscríbhinn seo trí úsáid a bhaint as tagarmharcanna arna rialú le Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle9. Tugann na tagarmharcanna sin léiriú ar na cineálacha sócmhainní a ndéanann an PRIIP infheistíocht iontu nó ar na hinfheistíochtaí bunúsacha a bhfuil nochtadh ag an PRIIP ina leith, chun na luachanna don PRIIP nó an tagarmharc dá dtagraítear i bpointe 12 den Iarscríbhinn seo a fhorlíonadh. Breithneofar gach cineál sócmhainne a d’fhéadfadh an PRIIP níos mó ná 25 % dá shócmhainní a infheistiú ann nó infheistíochtaí bunúsacha arb ionann iad agus níos mó ná 25 % den risíocht. I gcás nach ann do phointe cóimheasa den sórt sin, bainfear úsáid as difríocht iomchuí.

14.I gcás go ndéanann an PRIIP infheistíocht i gcineálacha sócmhainní difriúla nó go dtairgeann risíocht ar chineálacha difriúla infheistíochtaí bunúsacha agus gur sainaithníodh níos mó ná tagarmharc amháin dá dtagraítear i bpointe 13 den Iarscríbhinn seo, ríomhfar na cásanna trí ‘thagarmharc ilchodach’ a úsáid, agus aird á tabhairt ar thosca ualúcháin na hinfheistíochta measta i ngach cineál sócmhainne nó infheistíochta bunúsaí.

15.Maidir le PRIIPanna Chatagóir 2 nach bhfuil tagarmharc iomchuí ná difríocht ann ina leith a bhfuil sonraí stairiúla leordhóthanacha acu a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i bpointe 5 den Iarscríbhinn seo don PRIIP, ríomhfar cásanna feidhmíochta i gcomhréir le pointí 21 go 27 den Iarscríbhinn seo, agus 15 bliana de thorthaí stairiúla an PRIIP nó tagarmharc nó difríocht iomchuí á n‑úsáid.

9Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in

ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).

Cásanna 2 agus 3: Tagarmharcanna nó difríochtaí iomchuí a úsáid

16.D’fhonn measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil sé iomchuí tagarmharc nó difríocht áirithe a úsáid chun meastachán a thabhairt ar na cásanna feidhmíochta, bainfidh monaróirí PRIIP úsáid as na critéir seo a leanas, ar choinníoll go bhfuil na critéir sin comhsheasmhach le cuspóirí an PRIIP agus na cineálacha sócmhainní a ndéanann an PRIIP infheistíocht iontu nó na hinfheistíochtaí bunúsacha dá dtairgeann an PRIIP risíocht agus atá ábhartha don PRIIP:

(a)próifíl riosca agus luaíochta i gcás ina bhfuil an tagarmharc nó an difríocht agus an PRIIP sa chatagóir chéanna SRI nó luaineacht agus toradh ionchasach nó an dá rud;

(b)toradh ionchasach;

(c)imshocraíocht an leithdháilte sócmhainní (i gcás ina léiríonn imshocraíocht sócmhainní an PRIIP innéacs ilchodach, déanfaidh an tagarmharc tagartha nó an difríocht chun críche cásanna feidhmíochta a ríomh tosca ualúcháin an innéacs ilchodaigh a léiriú go comhsheasmhach);

(d)sócmhainní féideartha a ndéanann an PRIIP infheistiú iontu, comhsheasmhach leis an mbeartas infheistíochta;

(e)risíocht ar chineálacha sócmhainní bunúsacha;

(f)risíochtaí geografacha;

(g)risíochtaí earnála;

(h)dáileadh ioncaim an PRIIP;

(i)bearta leachtachta (e.g.: méideanna laethúla trádála, na raonta difríochta idir tairiscint agus iarraidh etc.);

(j)fad tréimhse;

(k)catagóir rátála creidmheasa;

(l)luaineacht nó stair luaineachta nó an dá rud.

Féadfaidh monaróirí PRIIP úsáid a bhaint as critéir sa bhreis ar na cinn atá liostaithe sa chéad fhomhír ar choinníoll go léiríonn siad go bhfuil na critéir bhreise sin ábhartha i dtéarmaí cuspóirí an PRIIP agus an cineál sócmhainní a ndéanann an PRIIP infheistíocht iontu nó an cineál infheistíochta bunúsaí dá dtairgeann an PRIIP risíocht.

17.Beidh monaróirí PRIIP ábalta comhsheasmhacht na dtagarmharcanna le cuspóirí an PRIIP a léiriú agus déanfaidh siad a gcinneadh a dhoiciméadú, lena n‑áirítear réasúnú soiléir don tagarmharc a úsáidfear.

Ríomh an cháis struis le haghaidh PRIIPanna Chatagóir 2

18.Maidir le PRIIPanna Chatagóir 2, beidh na céimeanna seo a leanas i ríomh an cháis struis:

(a)fo-eatramh w ar fhad a shainaithint a chomhfhreagraíonn do na heatraimh seo a leanas:

1 bhliain

> 1 bhliain

Praghsanna laethúla

21

63

Praghsanna seachtainiúla

8

16

Praghsanna míosúla

6

12

(b)na torthaí lognormalacha stairiúla rt a shainaithint le haghaidh gach fo-eatramh atá w ar fhad, sa chás go mbeidh

t=t1, t2, …, tw;

(c)an luaineacht a thomhas bunaithe ar an bhfoirmle seo a leanas, ag tosú ó ti = t1 ag rolladh go dtíti = t−+1 i gcás inar bé H an líon breathnóireachtaí stairiúla le linn na tréimhse:

I gcás gurb é M


an líon breathnóireachtaí a comhaireadh san fho-eatramh agus +−1

w     1

meán na dtorthaí lognormalacha stairiúla ar fad san fho-eatramh comhfhreagrach.

(d)cuir an luach a chomhfhreagraíonn don 99ú peircintíl maidir le bliain amháin agus don 95ú peircintíl maidir leis na tréimhsí sealbhaíochta eile in iúl; is é an luaineacht struis a bheidh sa luach sin .

19.Maidir le PRIIPanna Chatagóir 2, seo a leanas a bheidh sna luachanna ionchasacha ag deireadh na tréimhse sealbhaíochta molta maidir leis an gcás struis:

I gcás:

(a)Gurb é N an líon tréimhsí trádála sa tréimhse shealbhaíochta mholta, agus i gcás go sainmhínítear na téarmaí eile i bpointe 12 d’Iarscríbhinn II;

(b)Is luach roghnaithe ceart den PRIIP é zα  ag an bpeircintíl fhoircneach a chomhfhreagraíonn do 1 % maidir le bliain amháin agus 5 % maidir leis na tréimhsí sealbhaíochta eile.

20.Ní bheidh luach an cháis struis a thaispeántar níos fearr ná luach an cháis mhífhabhraigh.

Luachanna cásanna a ríomh don tréimhse shealbhaíochta mholta le haghaidh PRIIPanna áirithe Chatagóir 1, PRIIPanna Chatagóir 3 agus PRIIPanna Chatagóir 4

21.Is é luach an PRIIP ag an 90ú peircintíl de dháileadh measta torthaí thar an tréimhse shealbhaíochta mholta lúide na costais infheidhme ar fad a bheidh i gceist leis an gcás fabhrach.

22.Is é luach an PRIIP ag an 50ú peircintíl de dháileadh measta torthaí thar an tréimhse shealbhaíochta mholta lúide na costais infheidhme ar fad a bheidh i gceist leis an gcás measartha.

23.Is é luach an PRIIP ag an 10ú peircintíl de dháileadh measta torthaí thar an tréimhse shealbhaíochta mholta lúide na costais infheidhme ar fad a bheidh i gceist leis an gcás mífhabhrach.

24.I gcás ina measann an monaróir PRIIP go bhfuil riosca ábhartha ann go bhféadfadh na cásanna sin ionchais mhíchuí a thabhairt d’infheisteoirí miondíola faoi na torthaí a d’fhéadfadh siad a fháil, féadfaidh siad peircintílí níos ísle ná na cinn a shonraítear i bpointí 21, 22 agus 23 den Iarscríbhinn seo a úsáid.

25.Maidir le PRIIPanna Chatagóir 3, beidh an modh chun dáileadh measta torthaí na PRIIPanna thar an tréimhse shealbhaíochta mholta a fháil díreach mar an gcéanna leis an modh a shonraítear i bpointí 19 go 23 d’Iarscríbhinn II. Mar sin féin, is é an toradh a bhreathnófar thar an tréimhse arna ríomh gan an fheidhmíocht ionchasach a lascainiú agus an fachtóir lascainithe saor ó riosca á úsáid, a bheidh i gceist le toradh ionchasach gach sócmhainne.

26.Maidir le PRIIPanna Chatagóir 3, déanfar na coigeartuithe seo a leanas chun an cás struis a ríomh i gcomparáid leis an ríomh le haghaidh PRIIPanna Chatagóir 2:

(a)cuir an luaineacht struis WσS in iúl bunaithe ar an modheolaíocht a shainítear i bpointí 18 (a),

(b)agus (c) den Iarscríbhinn seo;

(b)déan torthaí stairiúla rt a athscálú, bunaithe ar an bhfoirmle seo a leanas:

(c)déan brógstrapáil ar radjmar a tuairiscítear i bpointe 22 d’Iarscríbhinn II;

(d)déan an toradh le haghaidh gach conartha a ríomh trí thorthaí ó thréimhsí roghnaithe a shuimiú agus na torthaí sin a cheartú lena áirithiú go mbeidh an toradh ionchasach arna thomhas ó dháileadh an toraidh ionsamhlaithe mar a leanas:

∗[



] = −0.52

i gcás gurb éE∗[] an meán ionsamhlaithe nua.

27.Maidir le PRIIPanna Chatagóir 3, is é luach an PRIIP ag an bpeircintíl fhoircneach zα a bheidh i gceist leis an gcás struis mar a shainmhínítear i bpointe 19 den Iarscríbhinn seo den dáileadh ionsamhlaithe mar a leagtar amach i bpointe 26 den Iarscríbhinn seo.

28.Maidir le PRIIPanna Chatagóir 4, bainfear úsáid as an modh a leagtar amach i bpointe 27 d’Iarscríbhinn II i leith na bhfachtóirí sin nach mbreathnaítear sa mhargadh, in éineacht leis an modh le haghaidh PRIIPanna Chatagóir 3. Bainfear úsáid as na modhanna ábhartha le haghaidh PRIIPanna Chatagóir 2 a leagtar amach i bpointí 5 go 20 den Iarscríbhinn seo agus as na modhanna ábhartha le haghaidh PRIIPanna Chatagóir 3 a leagtar amach i bpointí 21 go 27 den Iarscríbhinn seo do na comhpháirteanna ábhartha den PRIIP i gcás go mbeidh an PRIIP comhdhéanta de chomhpháirteanna difriúla. Is éard a bheidh i gceist leis na cásanna feidhmíochta

meánaibíocht ualaithe de na comhpháirteanna ábhartha. Cuirfear gnéithe táirgí agus ráthaíochtaí caipitil san áireamh sna ríomhanna feidhmíochta.

29.Maidir le PRIIPanna Chatagóir 1 mar a shainmhínítear i bpointe 4(a) d’Iarscríbhinn II, agus PRIIPanna Chatagóir 1 mar a shainmhínítear i bpointe 4(b) d’Iarscríbhinn II nach ndéantar iad a thrádáil i margadh rialáilte nó i margadh tríú tíre a mheastar é a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte i gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, ríomhfar cásanna feidhmíochta i gcomhréir le pointí 21 go 27 den Iarscríbhinn seo.

Luachanna cásanna mífhabhracha, measartha agus fabhracha a ríomh don tréimhse shealbhaíochta mholta le haghaidh PRIIPanna Chatagóir 1

30.Maidir le PRIIPanna Chatagóir 1 ar todhchaíochtaí, céadroghanna ar cheannach agus céadroghanna ar dhíol iad arna dtrádáil i margadh rialáilte nó i margadh tríú tíre a mheastar é a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte i gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, taispeánfar cásanna feidhmíochta i bhfoirm ghraif de struchtúr deathoraidh. Cuirfear graf san áireamh chun feidhmíocht a thaispeáint maidir le gach cás le haghaidh na leibhéal difriúla den luach bunúsach. Taispeántar praghsanna féideartha éagsúla an luacha bhunúsaigh ar an ais chothrománach den ghraf agus taispeántar an brabús nó caillteanas ar phraghsanna difriúla an luacha foluitigh ar an ais cheartingearach. Taispeánfar an brabús nó caillteanas a bhíonn mar thoradh ar gach praghas den luach bunúsach ar an ngraf agus an praghas den luach foluiteach arb é nialas a bheidh sa bhrabús nó caillteanas ina leith.

31.Maidir le PRIIPanna Chatagóir 1 mar a shainmhínítear i bpointe 4(c) d’Iarscríbhinn II, soláthrófar meastachán is fearr a bheidh réasúnach agus coimeádach ar na luachanna ionchasacha do na cásanna feidhmíochta a leagtar amach i bpointí 1(a), (b) agus (c) den Iarscríbhinn seo ag deireadh na tréimhse sealbhaíochta a molta.

Beidh na cásanna a roghnófar agus a thaispeánfar comhsheasmhach agus comhlántach leis an bhfaisnéis eile sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí, lena n‑áirítear próifíl riosca foriomlán an PRIIP. Cinnteoidh an monaróir PRIIP go mbeidh na cásanna comhsheasmhach le conclúidí rialachais táirgí inmheánacha, lena n‑áirítear, i measc cinn eile, aon tástáil struis arna déanamh ag an monaróir PRIIP, agus na sonraí agus an anailís arna n‑úsáid chun críocha an fhaisnéis eile sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tháirgeadh.

Roghnófar na cásanna éagsúla chun cur i láthair cothromaithe a thabhairt maidir le torthaí féideartha an PRIIP, i dtéarmaí coinníollacha fabhracha agus mífhabhracha araon, ach ní thaispeánfar ach cásanna is féidir a bheith ag súil leo go réasúnach. Ní roghnófar na cásanna ar bhealach a thabharfadh suntasacht mhíchuí do thorthaí fabhracha agus a d’fhágfadh cásanna mífhabhracha faoi mhíbhuntáiste.

Luachanna cásanna a ríomh do thréimhsí sealbhaíochta idirmheánacha

32.Maidir le PRIIPanna lena ngabhann tréimhse shealbhaíochta mholta idir bliain amháin agus 10 mbliana, taispeánfar feidhmíocht ag dhá thréimhse shealbhaíochta dhifriúla: ag deireadh na chéad bhliana agus ag deireadh na tréimhse sealbhaíochta molta.

33.Maidir le PRIIPanna lena ngabhann tréimhse shealbhaíochta mholta de 10 mbliana nó níos mó, taispeánfar feidhmíocht ag trí thréimhse shealbhaíochta dhifriúla: ag deireadh na chéad bhliana, i ndiaidh leath den

tréimhse shealbhaíochta mholta slánaithe suas go deireadh na bliana is gaire, agus ag deireadh na tréimhse sealbhaíochta molta.

34.Maidir le PRIIPanna lena ngabhann tréimhse shealbhaíochta mholta de bhliain amháin nó níos giorra, ní thaispeánfar aon chás feidhmíochta do thréimhsí sealbhaíochta idirmheánacha.

35.Maidir le PRIIPanna Chatagóir 2, ríomhfar na luachanna atá le taispeáint do na tréimhsí idirmheánacha le haghaidh na gcásanna mífhabhracha, measartha agus idirmheánacha i gcomhréir le pointí 5 go 14 den Iarscríbhinn seo, agus úsáid á baint as an tréimhse ama a shonraítear i bpointe 6, ach bunaithe ar na torthaí a baineadh amach le linn na tréimhse sealbhaíochta idirmheánaí.

36.Maidir le PRIIPanna Chatagóir 2, ríomhfar na luachanna atá le taispeáint do na tréimhsí idirmheánacha don chás struis agus úsáid á baint as na foirmlí i bpointí 18 agus 19 den Iarscríbhinn seo, agus an N sainmhínithe mar an líon tréimhsí trádála ón dáta tosaigh go dtí an dáta deiridh den tréimhse idirmheánach. Beidh feidhm ag pointe 20 den Iarscríbhinn seo maidir leis na tréimhsí idirmheánacha freisin.

37.Maidir le PRIIPanna dá dtagraítear i bpointí 15 agus 29 den Iarscríbhinn seo, PRIIPanna Chatagóir 3 agus PRIIPanna Chatagóir 4, ach amháin sa chás go mbeidh feidhm ag pointe 38 den Iarscríbhinn seo, tabharfaidh an monaróir PRIIP meastachán ar na luachanna cáis atá le taispeáint don tréimhse shealbhaíochta idirmheánach ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis an meastachán ag deireadh na tréimhse sealbhaíochta molta.

38.Maidir le PRIIPanna Chatagóir 1 ar todhchaíochtaí, céadroghanna ar cheannach agus céadroghanna ar dhíol iad arna dtrádáil i margadh rialáilte nó i margadh tríú tíre i gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, nó maidir le PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe 90(d) d’Iarscríbhinn VI, féadfar cásanna feidhmíochta a thaispeáint ag deireadh na tréimhse sealbhaíochta molta agus sin amháin.

Ceanglais Ghinearálta

39.Déanfar cásanna feidhmíochta an PRIIP a ríomh mar ghlanmhéid ar gach costas is infheidhme i gcomhréir le hIarscríbhinn VI don chás agus don tréimhse shealbhaíochta atá á gcur i láthair.

40.Déanfar cásanna feidhmíochta a ríomh agus úsáid á baint as méideanna atá comhsheasmhach leo siúd a úsáidtear chun costais a ríomh, mar a shonraítear i bpointí 90 agus 91 d’Iarscríbhinn VI.

41.Maidir leis na PRIIPanna sin ar conarthaí réamhcheaptha, conarthaí todhchaíochtaí, conarthaí difríochta nó babhtála iad, ríomhfar cásanna feidhmíochta ag glacadh leis gurb é an méid a shonraítear i bpointe 40 an méid barúlach.

42.Cuirfear cásanna feidhmíochta i láthair in aonaid airgeadaíochta. Slánófar figiúirí go dtí an 10 EUR (nó airgeadra ábhartha) is gaire mar réamhshocrú, ach amháin i gcás go bhfuil coinníollacha sonracha i gceist leis an eisíocaíocht, a d’fhágfadh go bhféadfadh sé a bheith míthreorach na figiúirí a shlánú go dtí an 10 EUR is gaire, agus sa chás sin, féadfaidh an monaróir PRIIP figiúirí a chur i láthair ag an Euro is gaire. Gan dochar do phointe 7 den Iarscríbhinn seo, taispeánfar sna figiúirí airgeadaíochta suim na méideanna a bhfaigheadh an t‑infheisteoir miondíola (glan ó chostais) i rith na tréimhse sealbhaíochta, lena gcumhdaítear:

(a)na híocaíochtaí a bheadh dlite ag deireadh na tréimhse sealbhaíochta, lena n‑áirítear an caipiteal aisíoctha;

(b)na cúpóin nó na méideanna eile a bhfaighfí roimh dheireadh na tréimhse sealbhaíochta, gan glacadh leis go ndéanfaí na méideanna sin a athinfheistiú.

43.Maidir leis na PRIIPanna sin ar conarthaí réamhcheaptha, conarthaí todhchaíochtaí, conarthaí difríochta nó babhtála iad, taispeánfar an brabús nó caillteanas a fuarthas le linn na tréimhse sealbhaíochta i gcásanna feidhmíochta in aonaid airgeadaíochta.

44.Cuirfear cásanna feidhmíochta i láthair i dtéarmaí céatadáin, mar an meántoradh bliantúil ar an infheistíocht. Déanfar an figiúr sin a ríomh agus luach an cháis a bhreithniú mar uimhreoir agus méid na hinfheistíochta tosaigh nó an praghas a íocadh mar ainmneoir i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

(luach an cháis/ infheistíocht tosaigh)^(1/T) – 1, i gcás ina bhfuil T > 1. I gcás inarb ionann T agus fad na tréimhse sealbhaíochta molta i mblianta

45.Maidir le tréimhsí sealbhaíochta níos giorra ná bliain amháin, léireoidh cásanna feidhmíochta i dtéarmaí céatadáin an toradh réamh‑mheasta le linn na tréimhse sin, agus é neamh‑bhliantúlaithe.

46.Maidir leis na PRIIPanna sin ar conarthaí réamhcheaptha, conarthaí todhchaíochtaí, conarthaí difríochta nó babhtála iad, ríomhfar an toradh céatadáin agus méid barúlach an chonartha á bhreithniú agus cuirfear fonóta leis chun a ríomh sin a mhíniú. Seo a leanas an fhoirmle don ríomh:

(glanbhrabús nó glanchaillteanas / Méid Barúlach)^(1/T) -1, i gcás go bhfuil T>1.

Tabharfar le tuiscint san fhonóta go ríomhtar an toradh ionchasach mar chéatadán thar an méid barúlach.

47.Maidir le táirgí infheistíochta árachas‑bhunaithe, beidh feidhm ag an méid seo a leanas i dteannta na modhanna dá dtagraítear thuas, lena n‑áirítear faoi phointe 28 den Iarscríbhinn seo, agus na cásanna feidhmíochta á ríomh i leith na hinfheistíochta:

(a)cuirfear roinnt an bhrabúis amach anseo san áireamh;

(b)beidh toimhdí maidir le roinnt an bhrabúis amach anseo comhsheasmhach leis an toimhde maidir le rátaí toraidh bliantúla na sócmhainní bunúsacha;

(c)Beidh toimhdí maidir leis an tslí a roinnfear brabúis amach anseo idir an monaróir PRIIP agus an t‑infheisteoir miondíola agus toimhdí eile maidir le comhroinnt bhrabúis amach anseo réadúil agus i gcomhréir le cleachtas gnó reatha agus le straitéis ghnó an mhonaróra PRIIP. I gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach ann go n‑athróidh an gnóthas a chleachtais nó a straitéis, beidh na toimhdí maidir le comhroinnt bhrabúis amach anseo comhsheasmhach leis na cleachtais nó an straitéis athraithe. Maidir le hárachóirí saoil laistigh de raon feidhme Threoir 2009/138/EC, beidh na toimhdí sin comhsheasmhach leis na toimhdí maidir le gníomhartha bainistíochta amach anseo a úsáidtear chun forálacha teicniúla ar an gclár comhardaithe ‘Sócmhainneacht II’ a luacháil;

(d)i gcás ina mbaineann comhpháirt den fheidhmíocht le roinnt an bhrabúis atá iníoctha ar bhonn lánroghnach, ní dhéanfar toimhde maidir leis an gcomhpháirt sin ach amháin sna cásanna feidhmíochta fabhracha;

(e)ríomhfar na cásanna feidhmíochta ar bhonn na méideanna infheistíochta a leagtar amach i bpointe 40 den Iarscríbhinn seo.’;

IARSCRÍBHINN V

‘IARSCRÍBHINN V

MODHEOLAÍOCHT MAIDIR LE CÁSANNA FEIDHMÍOCHTA A CHUR I LÁTHAIR, CUID 1

Sonraíochtaí ginearálta maidir le cur i láthair

1.Déanfar na cásanna feidhmíochta a chur i láthair ar bhealach atá cruinn, cothrom, soiléir agus nach bhfuil míthreorach, agus ar bhealach a fhágfaidh gur dócha go dtuigfidh an gnáth‑infheisteoir miondíola iad.

2.I ngach cás, cuirfear na mínithe insinte seo a leanas as Cuid 2 den Iarscríbhinn seo san áireamh:

(a)gné A;

(b)gné B, a bheidh le feiceáil go soiléir os cionn thábla nó ghraf an cháis feidhmíochta.

3.Maidir le gach PRIIP seachas PRIIPanna Chatagóir 1 dá dtagraítear bpointe 30 d’Iarscríbhinn IV:

(a)beidh gné C i gCuid 2 den Iarscríbhinn seo le feiceáil go soiléir os cionn thábla nó ghraf an cháis feidhmíochta;

(b)Sonrófar faisnéis faoin toradh íosta ar infheistíocht laistigh de thábla an cháis feidhmíochta agus cuirfear gné G i gCuid 2 den Iarscríbhinn seo san áireamh i gcás inarb iomchuí. I gcás ina rathaítear toradh íosta, sonrófar an toradh íosta sin i méideanna airgeadaíochta do na tréimhsí sealbhaíochta a bhfuil feidhm ag an ráthaíocht ina leith. I gcás nach rathaítear toradh íosta, nó i gcás nach mbeidh an ráthaíocht infheidhme ach do thréimhsí sealbhaíochta áirithe, agus ní do gach ceann díobh, cuirfear insint san áireamh do na tréimhsí sealbhaíochta ábhartha, ina sonrófar go bhféadfaidh infheisteoirí miondíola roinnt den mhéid infheistithe nó an méid ar fad a chailleadh, nó, i gcás inarb infheidhme, go bhféadfaidh infheisteoirí miondíola níos mó ná an méid a d’infheistigh siad a chailleadh, mar a leagtar amach i gCuid 3 den Iarscríbhinn seo.

4.I gcás ina dtaispeántar cás struis, cuirfear gné insinte D i gCuid 2 den Iarscríbhinn seo san áireamh.

5.Maidir le PRIIPanna Chatagóir 2, seachas na cinn dá dtagraítear i bpointe 15 d’Iarscríbhinn IV, cuirfear mínithe insinte san áireamh le haghaidh na gcásanna mífhabhracha, measartha agus fabhracha agus úsáid á baint as gné E i gCuid 2 den Iarscríbhinn seo.

6.Maidir le PRIIPanna Chatagóir 1 seachas na cinn dá dtagraítear i pointe 30 d’Iarscríbhinn IV, PRIIPanna Chatagóir 2 dá dtagraítear i bpointe 15 d’Iarscríbhinn IV, PRIIPanna Chatagóir 3 agus PRIIPanna Chatagóir 4, cuirfear míniú achomair, de 300 carachtar ar a mhéid, i dteanga simplí, ar na cásanna a thaispeántar.

7.Cuirfear gnéithe H, I, J agus K i gCuid 2 den Iarscríbhinn seo san áireamh freisin i gcás PRIIPanna Chatagóir 1 dá dtagraítear i bpointe 30 d’Iarscríbhinn IV.

8.Taispeánfar tréimhsí sealbhaíochta idirmheánacha i gcomhréir le pointí 32, 33 agus 34 d’Iarscríbhinn IV. Féadfaidh na tréimhsí sealbhaíochta a bheith difriúil óna chéile ag brath ar fhad na tréimhse sealbhaíochta molta.

9.Maidir le PRIIPanna nach dtaispeánann cásanna feidhmíochta ag tréimhsí sealbhaíochta idirmheánacha, cuirfear gné insinte F i gCuid 2 den Iarscríbhinn seo san áireamh, sa chás inarb ábhartha.

10.Mura sonraítear a mhalairt, maidir le gach PRIIP ach amháin PRIIPanna Chatagóir 1 dá dtagraítear i bpointe 30 d’Iarscríbhinn IV, bainfidh monaróirí PRIIP úsáid as na teimpléid a leagtar amach i gCuid 3 den Iarscríbhinn seo chun na cásanna feidhmíochta a chur i láthair, ag brath ar cibé is infheistíocht aonair nó príomh‑PRIIP, gnáth‑íocaíocht nó príomh‑PRIIP atá i gceist, nó PRIIP dá dtagraítear i bpointe 76c d’Iarscríbhinn VI.

11.Bainfear úsáid as an téarma ‘scor’ i dtábla an cháis feidhmíochta chun deireadh na hinfheistíochta a léiriú, ach amháin sa chás go mbeadh an téarma sin míthreorach maidir le cineálacha sonracha PRIIPanna, agus sa chás sin féadfar téarma eile a úsáid, amhail ‘foirceannadh’ nó ‘géilleadh’.

12.Maidir le PRIIPanna Chatagóir 1 mar a shainmhínítear iad i bpointe 4(b) d’Iarscríbhinn II, déanfar an téarmaíocht a úsáidtear a choigeartú, i gcás inarb iomchuí, chun gnéithe sonracha an PRIIP a léiriú, amhail chun tagairt a dhéanamh do mhéid barúlach an PRIIP.

13.Maidir le táirgí infheistíochta árachas‑bhunaithe, cuirtear rónna breise san áireamh i leith na préimhe riosca bithmhéadraigh agus cás le haghaidh na sochar árachais, mar a léirítear i dteimpléid A agus B i gCuid 3 den Iarscríbhinn seo. Ní thaispeánfar torthaí don chás sin ach amháin i dtéarmaí airgeadaíochta.

14.Maidir le PRIIPanna a bhaineann le préimheanna nó íocaíochtaí tráthrialta, cuirfear faisnéis faoin méid carntha infheistíochta agus faoin bpréimh riosca bithmhéadraigh charntha san áireamh, i gcás inarb infheidhme, mar a léirítear i dteimpléad B i gCuid 3 den Iarscríbhinn seo.

15.Maidir le PRIIPanna a bheartaítear iad a choimeád ar feadh an tsaoil, féadfar a thabhairt le tuiscint leis an tréimhse shealbhaíochta mholta a shonraítear sna cásanna feidhmíochta go mbeartaítear an PRIIP a choimeád ar feadh an tsaoil agus féadfar an líon blianta a úsáideadh mar shampla don ríomh a shonrú.

16.Maidir le PRIIPanna ar blianachtaí láithreacha iad nó maidir le PRIIPanna eile nach mbeartaítear íocaíocht amach a dhéanamh ina leith ach amháin i gcás go dtarlaíonn an t‑imeacht árachaithe, léireofar an méid seo a leanas i dtábla an cháis feidhmíochta, de réir mar is iomchuí:

(a)léireofar an méid carntha íocaíochtaí a rinneadh leis an infheisteoir miondíola sna cásanna marthanais ag an tréimhse shealbhaíochta mholta;

(b)i gcás go gcuirtear cásanna marthanais idirmheánacha san áireamh, léireofar leo na luachanna géillte agus an méid carntha íocaíochtaí a rinneadh leis an infheisteoir miondíola an tráth sin;

(c)Taispeánfar sna cásanna imeachta árachais, amhail i gcás báis, an íocaíocht cnapshuime a fuair na tairbhithe an tráth sin.

17.I gcás go nglaoitear nó go gcealaítear an PRIIP roimh dheireadh na tréimhse sealbhaíochta molta de réir an ionsamhlaithe, déanfar cur i láthair na gcásanna feidhmíochta a choigeartú dá réir sin, mar a léirítear i dteimpléad C i gCuid 3 den Iarscríbhinn seo, agus cuirfear nóta míniúcháin leis, ar bhealach a shoiléireoidh cibé acu atá nó nach bhfuil glao nó cealú luath san áireamh i gcás áirithe agus nár cuireadh aon toimhde athinfheistíochta i bhfeidhm. I gcásanna

ina nglaoitear nó ina gcealaítear an PRIIP go huathoibríoch, taispeánfar an figiúr sa cholún ‘I gcás go scoireann tú ag glao nó aibíocht’ i dteimpléad C i gCuid 3 den Iarscríbhinn seo. Beidh na tréimhsí ama a thaispeántar do na tréimhsí sealbhaíochta idirmheánacha mar an gcéanna do na cásanna feidhmíochta difriúla agus bunófar iad ar an tréimhse shealbhaíochta mholta sa chás nach nglaoitear an PRIIP, a bhfuiltear ag súil go mbeidh sé ailínithe lena haibíocht. Ní thaispeánfar figiúirí le haghaidh tréimhsí sealbhaíochta idirmheánacha ach amháin sa chás nár glaodh an PRIIP fós nó nár cealaíodh é roimh an tréimhse shealbhaíochta idirmheánach sin nó ag deireadh na tréimhse sealbhaíochta idirmheánaí sin agus beidh aon chostas scoir a bheadh infheidhme an tráth sin san áireamh sna figiúirí. Sa chás go nglaofaí an PRIIP roimh an tréimhse shealbhaíochta idirmheánach sin nó ag deireadh na tréimhse sealbhaíochta idirmheánaí sin, bunaithe ar an ionsamhlú, ní thaispeánfar aon fhigiúr an tráth sin.

CUID 2

Gnéithe insinte forordaithe

[Gné A] Áirítear leis na figiúirí a thaispeántar costais iomlána an táirge féin, (i gcás inarb infheidhme) [ach d’fhéadfadh nach n‑áirítear leo na costais a íocann tú le do chomhairleoir nó le do dháileoir / agus áirítear leo costais do chomhairleora nó do dháileora]. Ní chuirtear do chúrsaí cánach pearsanta san áireamh leis na figiúirí sin, rud a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar an méid a gheobhaidh tú ar ais.

[Gné B] Braitheann an méid a gheobhaidh tú ón táirge seo ar fheidhmíocht an mhargaidh amach anseo. Baineann éiginnteacht le forbairt margaidh amach anseo agus ní féidir í a thuar go cruinn.

[Gné C] [Is léirithe iad na cásanna mífhabhracha, measartha agus fabhracha a thaispeántar agus úsáideann siad an fheidhmíocht is measa, an mheán‑fheidhmíocht agus an fheidhmíocht is fearr a bhí ag [an táirge / tagarmharc oiriúnach] le [x] (m)b(h)liain/(m)bliana anuas.] (maidir le PRIIPanna Chatagóir 2 seachas na cinn dá dtagraítear i bpointe 15 d’Iarscríbhinn IV) [Is léirithe iad na cásanna a thaispeántar agus tá siad bunaithe ar thorthaí ón am atá caite agus ar thoimhdí áirithe] (maidir le cineálach eile PRIIPanna). D’fhéadfadh forbairt teacht ar mhargaí ar bhealach thar a bheith difriúil amach anseo.

[Gné D] Taispeánann an cás struis an méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i gcúinsí margaidh foircneacha.

[Gné E] Tharla cás den chineál seo d’infheistíocht [cuir isteach tagairt do thagarmharc i gcás inarb infheidhme] idir [cuir isteach dátaí i mblianta].

[Gné F] Ní féidir an táirge seo a scor ar airgead [go héasca]. I gcás go scorann tú ón infheistíocht níos luaithe ná an tréimhse shealbhaíochta mholta [níl ráthaíocht agat](i gcás nach bhfuil ráthaíocht ann ach amháin ag an tréimhse shealbhaíochta mholta) [agus beidh/ [seans go mbeidh ort costais bhreise a íoc] (i gcás ina bhfuil costais scoir ann).

[Gné G] Ní ráthaítear toradh ach amháin sa chás [tabhair tuairisc ar choinníollacha ábhartha nó déan tagairt don áit a bhfuil tuairisc ar na coinníollacha sin sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí, amhail na mínithe insinte a chuirtear ar fáil i gcomhréir le hIarscríbhinn III].

[Gné H] Léirítear sa ghraf seo an fheidhmíocht a d’fhéadfadh a bheith ag d’infheistíocht. Féadfaidh tú í a chur i gcomparáid le graif dheathoraidh ionstraimí díorthacha eile.

[Gné I] Tugtar raon torthaí féideartha sa ghraf a chuirtear i láthair agus ní tásc cruinn é ar an méid a d’fhéadfá a fháil ar ais. Braithfidh an méid a gheobhaidh tú ar an tslí a bhforbróidh an t‑urrús bunúsach. Maidir le gach luach den urrús bunúsach, taispeántar ar an ngraf an méid a bheadh i mbrabús nó

i gcaillteanas an táirge. Taispeántar praghsanna féideartha éagsúla an luacha bhunúsaigh amhail an dáta éaga ar an ais chothrománach agus taispeántar an brabús nó caillteanas ar an ais cheartingearach.

[Gné J] Ach an táirge seo a cheannach, glactar leis go gceapann tú go dtiocfaidh [méadú/laghdú] ar an bpraghas foluiteach.

[Gné K] An caillteanas uasta a bheadh agat ná go gcaillfeá d’infheistíocht iomlán (an phréimh íoctha).

CUID 3

Teimpléid

Teimpléad A: Infheistíocht aonair nó préimh aonair íoctha

An tréimhse shealbhaíochta mholta:

Sampla d’infheistíocht:

(I gcás inarb infheidhme) Préimh árachais:

[ ]

[EUR 10 000]

[méid airgeadaíochta]

I gcás ina [scorann] tú tar éis bliain amháin (i gcás inarb infheidhme)

I gcás go [scorann] tú i ndiaidh [ ]

(i gcás inarb infheidhme)

I gcás go [scorann] tú i ndiaidh [na tréimhse sealbhaíochta molta]

Cásanna [Marthanais]

Íosmhéid

[Méid airgeadaíochta] nó [Ní rathaítear aon toradh íosta [i gcás go [scorann] tú roimh […bliain/mí/lá]] (i gcás inarb infheidhme). D’fhéadfá roinnt de d’infheistíocht nó í ar fad a chailleadh [nó d’fhéadfadh go mbeadh ort íocaíochtaí breise a dhéanamh chun caillteanas a chumhdach] (i gcás inarb infheidhme)]

Strus

An méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i ndiaidh costas

[ ] EUR

[ ] EUR

[ ] EUR

Meántoradh gach bliain

[ ] %

[ ] %

[ ] %

Mífhabhrach

An méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i ndiaidh costas

[ ] EUR

[ ] EUR

[ ] EUR

Meántoradh gach bliain

[ ] %

[ ] %

[ ] %

Measartha

An méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i ndiaidh costas

[ ] EUR

[ ] EUR

[ ] EUR

Meántoradh gach bliain

[ ] %

[ ] %

[ ] %

Fabhrach

An méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i ndiaidh costas

[ ] EUR

[ ] EUR

[ ] EUR

Meántoradh gach bliain

[ ] %

[ ] %

[ ] %

(I gcás inarb infheidhme) Cás [Báis]

[Imeacht árachaithe]

An méid a d’fhéadfadh do thairbhithe a fháil ar ais i ndiaidh costas

[ ] EUR

[ ] EUR

[ ] EUR

Teimpléad B: Infheistíochtaí tráthrialta nó préimheanna íoctha

An tréimhse shealbhaíochta a mholta:

Sampla d’infheistíocht:

(I gcás inarb infheidhme) Préimh árachais:

[ ]

[EUR 1 000] in aghaidh na bliana [méid airgeadaíochta] in aghaidh na bliana

I gcás ina [scorann] tú tar éis bliain amháin (i gcás inarb infheidhme)

I gcás go [scorann] tú i ndiaidh [ ]

(i gcás inarb infheidhme)

I gcás go [scorann] tú i ndiaidh [na tréimhse sealbhaíochta molta]

Cásanna [Marthanais]

Íosmhéid

[Méid airgeadaíochta] nó [Ní rathaítear aon toradh íosta [i gcás go [scorann] tú roimh […bliain/mí/lá]] (i gcás inarb infheidhme). D’fhéadfá roinnt de d’infheistíocht nó í ar fad a chailleadh [nó d’fhéadfadh go mbeadh ort íocaíochtaí breise a dhéanamh chun caillteanas a chumhdach] (i gcás inarb infheidhme)]

Strus

An méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i ndiaidh costas

[ ] EUR

[ ] EUR

[ ]EUR

Meántoradh gach bliain

[ ] %

[ ] %

[ ] %

Mífhabhrach

An méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i ndiaidh costas

[ ] EUR

[ ] EUR

[ ] EUR

Meántoradh gach bliain

[ ] %

[ ] %

[ ]%

Measartha

An méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i ndiaidh costas

[ ] EUR

[ ] EUR

[ ] EUR

Meántoradh gach bliain

[ ] %

[ ]%

[ ] %

Fabhrach

An méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i ndiaidh costas

[ ] EUR

[ ] EUR

[ ] EUR

Meántoradh gach bliain

[ ] %

[ ] %

[ ] %

Méid infheistithe thar thréimhse ama

[ ] EUR

[ ] EUR

[ ] EUR

(I gcás inarb infheidhme) Cás [Báis]

[Imeacht árachaithe]

An méid a d’fhéadfadh do thairbhithe a fháil ar ais i ndiaidh costas

[ ] EUR

[ ] EUR

[ ] EUR

Préimh árachais tógtha thar thréimhse ama

[ ] EUR

[ ] EUR

[ ] EUR

Teimpléad C: PRIIPanna dá dtagraítear i pointe 76c d’Iarscríbhinn VI (Táirgí arna nGlaoch go hUathoibríoch)

An tréimhse shealbhaíochta mholta:

Sampla d’infheistíocht:

Go dtí go nglaoitear an táirge nó go dtagann sé in aibíocht

D’fhéadfadh sin a bheith difriúil i ngach cás agus léirítear sin sa tábla

[EUR 10 000]

I gcás ina [scorann] tú tar éis bliain amháin (i gcás inarb infheidhme)

I gcás go [scorann] tú i ndiaidh [ ]

(i gcás inarb infheidhme)

I gcás go [scorann] tú ag glao nó ar aibíocht

Cásanna

Íosmhéid

[Méid airgeadaíochta] nó [Ní ráthaítear aon toradh íosta [i gcás go [scorann] tú roimh […bliain/mí/lá]] (i gcás inarb infheidhme). D’fhéadfá roinnt de d’infheistíocht nó í ar fad a chailleadh [nó d’fhéadfadh go mbeadh ort íocaíochtaí breise a dhéanamh chun caillteanas a chumhdach] (i gcás inarb infheidhme)]

Strus

An méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i ndiaidh costas

[ ] EUR

[ ] EUR

[ ] EUR

(tagann deireadh le táirge

i ndiaidh [ ])

Meántoradh gach bliain

[ ] %

[ ] %

[ ] %

Mífhabhrach

An méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i ndiaidh costas

[ ] EUR

[ ] EUR

[ ] EUR

(tagann deireadh le táirge

i ndiaidh [ ])

Meántoradh gach bliain

[ ] %

[ ] %

[ ] %

Measartha

An méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i ndiaidh costas

[ ] EUR

[ ] EUR

[ ] EUR

(tagann deireadh le táirge

i ndiaidh [ ])

Meántoradh gach bliain

[ ] %

[ ] %

[ ] %

Fabhrach

An méid a d’fhéadfá a fháil ar ais i ndiaidh costas

[ ] EUR

[ ] EUR

[ ] EUR

(tagann deireadh le táirge

i ndiaidh [ ])

Meántoradh gach bliain

[ ] %

[ ] %

[ ] %

’;

IARSCRÍBHINN VI

Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 mar a leanas:

(1)i bpointe 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) táille dháileacháin, a mhéid atá an méid ar eolas ag cuideachta bainistíochta GCUI nó ag BCIM; I gcás nach bhfuil an méid iarbhír ar eolas ag cuideachta bainistíochta GCUI nó BCIM, taispeánfar uasmhéid na gcostas díola féideartha arb eol don PRIIP sonrach;’;

(2)leasaítear pointe 5 mar a leanas:

(a)i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i): ‘(I) an chuideachta bainistíochta GCUI nó BCIM;’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g) aon chostas díola nó margaíochta, a mhéid a bhfuil an méid ar eolas ag an gcuideachta bainistíochta GCUI nó BCIM; i gcás nach bhfuil an méid iarbhír ar eolas ag an gcuideachta bainistíochta GCUI nó BCIM, taispeánfar uasmhéid na gcostas díola féideartha arb eol don PRIIP sonrach;’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad phointe (j) agus phointe (k):

‘(j) íocaíochtaí le tríú páirtithe chun na costais a thabhaítear i dtaca le héadáil nó diúscairt aon sócmhainne i bpunann an chiste a ghlanadh (lena n‑áirítear costais idirbheart dá dtagraítear i bpointí 7 go 23c den Iarscríbhinn seo);

(k) luach na n‑earraí nó na seirbhísí a fhaigheann an chuideachta bainistíochta GCUI nó BCIM nó aon duine gaolmhar mar mhalairt ar orduithe déileála a thabhairt;’;

(d)i bpointe (l), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i) i gcás inar GCUI nó CIM é an t‑urrús bunúsach, bainfear úsáid as an bhfigiúr is déanaí atá ar fáil dá tháscaire achomair costais, agus é coigeartaithe i gcás inar gá sin chun an táille dháileacháin iarbhír a tabhaíodh a thaispeáint; beidh an figiúr sin bunaithe ar an bhfigiúr arna fhoilsiú ag an GCUI nó ag an CIM nó a oibreoir, nó ag an gcuideachta bainistíochta GCUI nó BCIM, nó ar fhigiúr arna ríomh ag foinse iontaofa tríú páirtí i gcás go bhfuil sé níos cothroime le dáta ná an figiúr foilsithe;’;

(e)i bpointe (m), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i) cuirfear an táscaire achomair costais is déanaí atá ar fáil don PRIIP bhunúsaigh san áireamh sa ríomh, agus é coigeartaithe i gcás inar gá sin chun an táille iontrála iarbhír a tabhaíodh a thaispeáint;

(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (q):

‘(q) costais intuigthe a tabhaíodh ag cistí infheistíochta struchtúrtha dá dtagraítear in Roinn II den Iarscríbhinn seo, agus go háirithe pointí 36 go 46 den iarscríbhinn seo;’;

(3)i bpointe 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) táille feidhmíochta is iníoctha leis an gcuideachta bainistíochta GCUI nó leis an BCIM nó le comhairleoir infheistíochta ar bith, lena n‑áirítear táillí feidhmíochta dá dtagraítear i bpointe 24 den Iarscríbhinn seo;’;

(4)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 7 agus 8:

‘7. Déanfar costais idirbheart a ríomh ar bhonn bliantúlaithe, bunaithe ar mheánmhéid na gcostas idirbhirt a thabhaigh an PRIIP sna trí bliana roimhe sin i gcás ina ríomhtar an meánmhéid ó na hidirbhearta ar fad. I gcás ina bhfuil an PRIIP i mbun oibríochta ar feadh níos giorra ná trí bliana, ríomhfar costais idirbheart ag úsáid an mhodheolaíocht a leagtar amach i bpointí 21, 22 agus 23 den Iarscríbhinn seo.

8. Déanfar costais idirbheart chomhiomlánaithe do PRIIP a ríomh mar shuim na gcostas idirbheart mar arna ríomh i gcomhréir le pointí 8a go 23a den iarscríbhinn seo i mbunairgeadra an PRIIP le haghaidh gach idirbhirt aonair arna dhéanamh ag an PRIIP sa tréimhse shonraithe. Déanfar an tsuim sin a aistriú ina céatadán trí í a roinnt ar ghlansócmhainní meánacha an PRIIP thar an tréimhse céanna.’;

(5)cuirtear isteach an pointe 8a seo a leanas:

‘8a. Déanfar íosmhéid de chostais idirbheart sainráite, dá dtagraítear i bpointe 11a den Iarscríbhinn seo, a nochtadh.’;

(6)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 10:

‘10. Bainfear úsáid as meastacháin ar chostais idirbheart ag úsáid an mhodheolaíocht a dtugtar tuairisc uirthi thíos i bpointí 19 agus 20 den Iarscríbhinn seo le haghaidh infheistíochtaí in ionstraimí nó i sócmhainní eile. Déanfar costais idirbheart a bhaineann le sócmhainní neamhairgeadais i gcomhréir le pointe 20a den Iarscríbhinn seo.’;

(7)i bpointe 11 cuirtear isteach an pointe (c) seo a leanas:

‘(c) Ní chuirfear an sochar frithchaolúcháin san áireamh ach amháin a mhéid nach cuireann an sochar méid iomlán na gcostas idirbheart faoi bhun na gcostas idirbheart sainráite.’;

(8)cuirtear na pointí 11a agus 11b seo a leanas isteach:

‘11a. Áirítear le costais shainráite costais agus táillí a thabhaíonn an PRIIP agus a íoctar as infheistíocht airgeadais infheisteoirí miondíola sa PRIIP, d’fhonn sócmhainní bunúsacha an PRIIP a fháil nó a dhiúscairt, amhail, ach ní teoranta do, choimisiúin a íoctar le bróicéirí nó le hidirghabhálaithe eile, dleacht stampála nó cánacha margaidh, táillí conartha agus táillí forghníomhaithe le haghaidh díorthaigh OTC, i gcás inarb ábhartha.

11b. Déanfar costais shainráite chomhiomlánaithe a ríomh mar shuim na gcostas a tabhaíodh ó gach idirbheart a rinne an PRIIP sna trí bliana roimhe. Déanfar an tsuim sin a aistriú ina céatadán trí í a roinnt ar ghlansócmhainní meánacha an PRIIP thar an tréimhse chéanna. Déanfar na costais shainráite íosta atá le nochtadh a ríomh ar bhonn bliantúlaithe, bunaithe ar mheánmhéid na gcostas sainráite a thabhaigh an PRIIP sna trí bliana roimhe sin, agus an meánmhéid ríofa ó na hidirbhearta ar fad.”;

(9)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 14 agus 15:

‘14. Cinnfear an praghas teachta mar phraghas lár-mhargaidh na hinfheistíochta an tráth a tarchuireadh an t‑ordú chun idirbheart a dhéanamh ar aghaidh chuig duine éigin eile. Maidir le horduithe a dhéantar ar lá nach é an lá a tarchuireadh an t‑ordú ar aghaidh chuig duine éigin eile ar dtús, cinnfear an praghas teachta mar phraghas oscailte na hinfheistíochta ar lá an idirbhirt nó, i gcás nach mbeidh fáil ar an bpraghas oscailte, mar an bpraghas scoir roimhe sin. I gcás nach mbeidh praghas ar fáil tráth a chuirtear ordú chun idirbheart a dhéanamh ar aghaidh chuig duine éigin eile, cinnfear gurb é an praghas teachta an praghas is déanaí atá ar fáil nó, i gcás nach mbeidh an praghas is déanaí ar fáil, cinnfear gur phraghas neamhspleách, inchosanta é, nó i gcás nach mbeidh praghas neamhspleách, inchosanta ar fáil, cinnfear gurb é an praghas oscailte lá an idirbhirt é, nó i gcás nach bhfuil an praghas oscailte ar fáil, cinnfear gurb é an praghas scoir roimhe sin é. I gcás go ndéanfar ordú gan é a chur ar aghaidh chuig duine éigin eile, cinnfear an praghas teachta mar phraghas lár-mhargaidh na hinfheistíochta an tráth a tarchuireadh an t‑ordú chun idirbheart a dhéanamh ar aghaidh chuig duine éigin eile.

15. I gcás nach mbeidh faisnéis faoin am a gcuirtear ordú chun idirbheart a dhéanamh ar aghaidh chuig duine éigin eile ar fáil (nó ar fáil ar leibhéal cruinnis leordhóthanach), nó i gcás nach bhfuil faisnéis faoin bpraghas amhail an t‑am sin ar fáil, féadtar praghas neamhspleách inchosanta a úsáid mar an bpraghas teachta, nó i gcás nach bhfuil praghas neamhspleách inchosanta ar fáil, praghas oscailte na hinfheistíochta amhail an lá a rinneadh an t‑idirbheart, nó i gcás nach mbeidh an praghas oscailte ar fáil, an praghas scoir roimhe sin.’;

(10)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 18:

‘18. Agus na costais a bhaineann le horduithe a iontráiltear i gceant ar dtús á ríomh, ríomhfar an praghas teachta mar an meánphraghas díreach roimh an gceant. Agus na costais a bhaineann le horduithe a dhéantar ag am réamh‑shainaitheanta á ríomh, ríomhfar an praghas teachta ag an am réamh‑shainaitheanta sin, fiú amháin i gcás gur tarchuireadh an t‑ordú ar aghaidh lena dhéanamh roimh an am sin.’;

(11)cuirtear an ceannteideal agus pointe 18a seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 18:

‘Idirbhearta a dhéantar ar bhonn thar an gcuntar

18a. De mhaolú ar phointí 12 go 16 den Iarscríbhinn seo maidir le hidirbhearta a rinneadh ar bhonn thar an gcuntar, ríomhfar na costais idirbheart iarbhír mar seo a leanas:

(a)i gcás go ndéantar idirbheart i ndiaidh praghsanna tairgthe agus praghsanna tairisceana a fháil ó níos mó ná contrapháirtí féideartha amháin, cinnfear an praghas teachta mar:

(I)an lárphointe idir an praghas tairgthe is fearr agus an praghas tairisceana is fearr, i gcás go mbeidh an praghas tairgthe is fearr faoi bhun an phraghais tairisceana is fearr;

(II)an praghas tairgthe is fearr i gcás díolacháin nó an praghas tairisceana is fearr i gcás ceannaigh, i gcás go mbeidh an praghas tairgthe is fearr níos airde ná an praghas tairisceana is fearr;

(b)i gcás go ndéantar idirbheart gan praghsanna tairgthe agus praghsanna tairisceana araon a bheith faighte, ríomhfar an costas idirbhirt ach líon na n‑aonad a ndearnadh idirbheart ina leith a iolrú faoi leath luach an raoin idir praghas tairgthe agus praghas tairisceana na hionstraime, agus ríomhfar luach an raoin sin ar an mbonn seo a leanas:

(I)ó chumasc de luachaintí tairgthe/tairisceana margaidh beo, i gcás ina mbeidh fáil air sin;

(II)i gcás nach mbeidh luachaintí tairgthe/tairisceana margaidh beo ar fáil, gheofar iad trí thagairt do raonta ó:

-idirbhearta a rinneadh roimhe maidir le sócmhainní a bhfuil saintréithe comhchosúla acu (fad, aibíocht, cúpón, cumas glaoite/díola) agus leachtacht, agus úsáid á baint as idirbhearta a rinne an monaróir PRIIP roimhe sin; nó

-sonraí a d’fhíoraigh tríú páirtí neamhspleách nó luacháil sócmhainní ó thríú páirtí neamhspleách.’;

(12)cuirtear isteach an pointe 20a seo a leanas:

‘20a. Agus na costais a bhaineann le sócmhainní neamhairgeadais á ríomh, ríomhfar na costais idirbheart mar lánsuim na gcostas iarbhír a bhaineann go díreach leis an idirbheart sin, lena n‑áirítear gach muirear, coimisiún, cáin agus íocaíocht eile (amhail tobhaigh frithchaolúcháin ), i gcás ina bhfaightear na sócmhainní sin ó shócmhainní an PRIIP. I gcás dímheas ar chostas thar thréimhse ama a shonraítear i mbeartas cuntasaíochta an PRIIP, beidh costais iarbhír cothrom leis na méideanna costais ar tháinig dímheas orthu sna trí bliana roimhe sin.’;

(13)cuirtear an ceannteideal agus pointe 23a seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 23: ‘Líon íseal idirbheart agus cásanna comhchosúla eile

23a. De mhaolú ar phointí 12 go 18a den Iarscríbhinn seo, féadfar costais idirbheart a ríomh ag úsáid an mhodheolaíocht a leagtar amach i bpointe 21(b) den Iarscríbhinn seo i gcás go gcomhlíonfar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:

(a)Rinne PRIIP líon an‑íseal idirbheart sna trí bliana roimhe sin;

(b)is ionann luach iomlán na n‑idirbheart ar fad a rinneadh sna trí bliana roimhe sin agus céatadán an‑íseal de ghlanluach sócmhainní an PRIIP;

(c)níl an meastachán ar iomlán na gcostas idirbheart suntasach i gcomparáid leis an meastachán ar iomlán na gcostas.’;

(14)cuirtear an ceannteideal agus pointí 23b agus 23c seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 23a:

‘Úsáid sonraí roimh 31 Nollaig 2024’

23b. Go dtí an 31 Nollaig 2024, féadfar costais idirbheart a ríomh ag úsáid an mhodheolaíocht a leagtar amach i bpointe 21 den Iarscríbhinn seo maidir le PRIIPanna ar GCUInna nó CIManna iad ar chuir Ballstát rialacha chun feidhme orthu faoin 31 Nollaig 2021, maidir le formáid agus inneachar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí, arna leagan síos in Airteagal 78 go dtí Airteagal 81 de Threoir 2009/65/CE.

23c. Go dtí an 31 Nollaig 2024, i gcás go ndéanann táirge infheistíochta árachas‑bhunaithe infheistiú i GCUI nó i CIM dá dtagraítear i bpointe 23b den Iarscríbhinn seo, féadfar costais idirbheart na n‑infheistíochtaí sin a ríomh ag úsáid an mhodheolaíocht a leagtar amach i bpointe 21 den Iarscríbhinn seo.’;

(15)cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal I i gCuid 2:

‘I. FIGIÚIRÍ COSTAIS CHOMHIOMLÁNAITHE LE CUR SAN ÁIREAMH I dTÁBLA 1 ‘COSTAIS THAR THRÉIMHSE AMA’;

(16)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 61 agus 62:

‘61. Beidh na costais fhoriomlána comhdhéanta de na costais ar fad atá ar eolas ag an monaróir PRIIP, lena n‑áirítear costais scoir i gcás inarb infheidhme, don tréimhse shealbhaíochta ábhartha agus ríomhfar iad mar seo a leanas:

(a)maidir le cistí infheistíochta, suim na gcostas dá dtagraítear i bpointí 1 agus 2 den Iarscríbhinn seo móide suim na gcostas dá dtagraítear i bpointí 4 agus 6 den Iarscríbhinn seo;

(b)maidir le PRIIPanna nach cistí infheistíochta iad, seachas PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe 30 d’IARSCRÍBHINN IV, suim na gcostas dá dtagraítear i bpointí 27 agus 28 den Iarscríbhinn seo móide suim na gcostas dá dtagraítear i bpointí 31 agus 32 den Iarscríbhinn seo;

(c)maidir le PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe 30 d’IARSCRÍBHINN IV, suim na gcostas dá dtagraítear i bpointí 34 agus 35 den Iarscríbhinn seo;

(d)maidir le táirgí infheistíochta árachas‑bhunaithe, suim na gcostas dá dtagraítear i bpointí 47 agus 48 móide suim na gcostas dá dtagraítear i bpointí 50 agus 51 den Iarscríbhinn seo.

62. Beidh táscairí costais achoimre comhiomlánaithe an PRIIP san áireamh sa tábla ‘Costais thar Thréimhse Ama’ freisin, arna ríomh mar laghdú ar an toradh de bharr na gcostas iomlán i gcomhréir le pointí 70, 71 agus 72 den Iarscríbhinn seo.’;

(17)scriostar an ceannteideal i ndiaidh phointe 62;

(18)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 63:

‘63. I gcás go mbeidh toimhde ar fheidhmíocht an PRIIP de dhíth chun na figiúirí costais a ríomh (le haghaidh figiúirí i dtéarmaí airgeadaíochta nó céatadáin), cinnfear feidhmíocht an PRIIP a úsáidtear sa ríomh i gcomhréir le pointe 71 den Iarscríbhinn seo.’;

(19)cuirtear an ceannteideal II de Chuid 2 agus an fo-cheannteideal seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 63:

‘II. TÁSCAIRÍ COSTAIS ACHOIMRE IN AGHAIDH AN CHINEÁIL COSTAIS ATÁ LE CUR SAN ÁIREAMH I dTÁBLA 2 ‘COMHDHÉANAMH NA gCOSTAS’

Costais aonuaire agus táscairí costas aonuaire’;

(20)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 64:

‘64. Chun na táscairí costas iontrála agus scoir a ríomh, is iad na costais a shainaithneofar mar chostais iontrála nó scoir i gcomhréir le Cuid 1 den Iarscríbhinn seo a bheidh i gceist leis na costais le breithniú. Maidir le táirgí infheistíochta árachas‑bhunaithe, is é an laghdú ar an toradh bliantúil de bharr costais iontrála agus scoir i gcás go gcoimeádtar an PRIIP go dtí an tréimhse shealbhaíochta mholta, arna ríomh i gcomhréir le pointí 70, 71 agus 72 den Iarscríbhinn seo, a bheidh i gceist le táscairí chostais iontrála agus scoir an PRIIP. Maidir le PRIIPanna, is iad na costais in aonaid airgeadaíochta i gcás go gcoimeádtar an táirge ar feadh bliain amháin (nó don tréimhse shealbhaíochta mholta más giorra sin), arna ríomh ag glacadh le glanfheidhmíocht 0 %, a bheidh i gceist leis na táscairí chostais iontrála agus scoir.’;

(21)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil i ndiaidh phointe 64 agus phointí 65, 66 agus 67:

‘Táscairí costas athfhillteach: Costais idirbheart agus costais athfhillteacha eile

65.Ríomhfar táscairí costas athfhillteach an PRIIP mar seo a leanas:

(a)maidir le táirgí infheistíochta árachas‑bhunaithe, de réir an laghdaithe ar an toradh bliantúil de bharr na gcostas sin i gcás go gcoimeádtar an PRIIP go dtí an tréimhse shealbhaíochta mholta, arna ríomh i gcomhréir le pointí 70, 71 agus 72 den Iarscríbhinn seo;

(b)maidir le PRIIPanna, de réir mhéid na gcostas leanúnach in aonaid airgeadaíochta i gcás go gcoimeádtar an táirge ar feadh bliana (nó ar feadh na tréimhse sealbhaíochta molta más giorra sin), arna ríomh ag glacadh leis go bhfuil glanfheidhmíocht 0 % ann.

66.Chun an táscaire costas idirbhirt a ríomh, breithneofar na costais seo a leanas:

(a)maidir le cistí infheistíochta, na costais idirbhirt dá dtagraítear i bpointí 7 go 23c den Iarscríbhinn seo;

(b)maidir le PRIIPanna nach cistí infheistíochta iad, seachas PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe 30 d’Iarscríbhinn IV, na costais dá dtagraítear i bpointe 29(c) den Iarscríbhinn seo;

(c)maidir le táirgí infheistíochta árachas‑bhunaithe, na costais dá dtagraítear i bpointe 52(h) den Iarscríbhinn seo.

67.Chun táscaire na gcostas athfhillteach eile (dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII mar ‘táillí bainistíochta agus costais oibriúcháin nó costais riaracháin eile’) a ríomh, is iad na costais atá le breithniú ná an difríocht idir na costais iomlána de bhun phointe 61 den Iarscríbhinn seo agus suim tháscaire na gcostas aonuaire, de bhun phointe 64 den Iarscríbhinn seo, móide táscaire na gcostas idirbheart, de bhun phointe 66 den Iarscríbhinn seo, móide táscairí na gcostas teagmhasach, de bhun phointí 68 agus 69 den Iarscríbhinn seo.’;

(22)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil i ndiaidh phointe 67 agus phointí 68 agus 69:

‘Costais theagmhasacha agus táscairí chostais theagmhasacha (táillí feidhmíochta agus ús iompartha)

68.Ríomhfar táscaire chostais theagmhasacha an PRIIP mar seo a leanas:

(a)maidir le táirgí infheistíochta árachas‑bhunaithe, mar an laghdú ar an toradh bliantúil de bharr tháillí feidhmíochta nó ús iompartha nó an dá rud, i gcás go gcoimeádtar an PRIIP go dtí an tréimhse shealbhaíochta mholta, i gcomhréir le pointí 70, 71 agus 72 den Iarscríbhinn seo;

(b)maidir le PRIIPanna, mar na costais in aonaid airgeadaíochta i gcás go gcoimeádtar an PRIIP ar feadh bliain amháin (nó don tréimhse shealbhaíochta mholta, más giorra sin), arna ríomh ag glacadh le glanfheidhmíocht de 0 %.

69.Chun na táillí feidhmíochta a ríomh, breithneofar na costais de bhun phointe 6(a) den Iarscríbhinn seo maidir le cistí infheistíochta. Chun an t‑ús iompartha a ríomh, breithneofar na costais de bhun phointe 6(a) den Iarscríbhinn seo maidir le cistí infheistíochta.’;

(23)cuirtear an ceannteideal leanas isteach i ndiaidh phointe 69: ‘III. NA FIGIÚIRÍ COSTAIS A RÍOMH’;

(24)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 70 agus 71:

‘70. Ríomhfar an laghdú ar an toradh a luadh i gcodanna I agus II den Iarscríbhinn seo agus úsáid á baint as méideanna a bheidh comhsheasmhach leis na cinn arna sonrú i bpointí 90 agus 91 den Iarscríbhinn seo. Ríomhfar é mar an difríocht idir dhá chéatadán i agus r i gcás gurb ér an ráta toraidh inmheánach bliantúil i leith ollíocaíochtaí ag an infheisteoir miondíola agus íocaíochtaí sochair mheasta leis an infheisteoir miondíola don tréimhse shealbhaíochta ábhartha, agus i gcás gurb é i an ráta toraidh inmheánach bliantúil don chás saor ó chostas faoi seach.

71. Beidh an meastachán ar íocaíochtaí sochair amach anseo chun costais a ríomh de bhun phointe 70 den Iarscríbhinn seo bunaithe ar na toimhdí seo a leanas:

(a)maidir le PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe 30 d’Iarscríbhinn IV, agus maidir le gach PRIIP do na táscairí costais a thaispeánann an cás go gcoimeádtar an PRIIP ar feadh bliain amháin nó níos giorra, glacfar le glanfheidhmíocht caighdeánaithe de 0%;

(b)ach amháin sa chás go mbeidh feidhm ag pointe (a), ríomhfar feidhmíocht an PRIIP tríd an modheolaíocht agus an hipitéis bhunúsach a chur i bhfeidhm a úsáidtear chun meastachán a dhéanamh ar an gcás measartha sa roinn faoi chásanna feidhmíochta sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí;

(c)déanfar na híocaíochtaí sochair a mheas ag glacadh leis go mbainfear na costais ar fad a áirítear sna costais iomlána de bhun phointe 61 den Iarscríbhinn seo.’;

(25)cuirtear an ceannteideal seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 75:

‘Ceanglais shonracha le haghaidh PRIIPanna lena ngabhann tréimhse shealbhaíochta mholta níos giorra ná bliain amháin’;

(26)i ndiaidh phointe 76, scriostar an ceannteideal ‘Cóimheasa a ríomh’;

(27)cuirtear isteach an pointe 76a a seo a leanas:

‘76a. Ríomhfar na táscairí costais i dtéarmaí céatadáin agus breithniú á dhéanamh ar an gcostas comhiomlánaithe sa tréimhse roinnte ar méid na hinfheistíochta agus cuirfear fonóta leis chun an ríomh sin a mhíniú agus chun rabhadh a thabhairt faoin easpa inchomparáideachta leis na táscairí costais bhliantúla i dtéarmaí céatadáin a thaispeántar do PRIIPanna eile.’;

(28)cuirtear an ceannteideal seo a leanas agus pointe 76b isteach i ndiaidh phointe 76a:

‘Ceanglais shonracha do PRIIPanna ar conarthaí réamhcheaptha, conarthaí todhchaíochtaí, conarthaí difríochta nó babhtála iad

76b. Ríomhfar na táscairí costais i dtéarmaí céatadáin agus breithniú á dhéanamh ar mhéid barúlach an chonartha agus cuirfear fonóta leis chun an ríomh sin a mhíniú.’;

(29)cuirtear an ceannteideal seo a leanas agus pointe 76c isteach i ndiaidh phointe 76b:

‘Ceanglais shonracha do PRIIPanna a d’fhéadfaí iad a ghlao nó a chealú go huathoibríoch roimh dheireadh na tréimhse sealbhaíochta molta i gcás go gcomhlíontar coinníollacha réamhshainithe áirithe

76c. Taispeánfar figiúirí costais ag glacadh le dhá chás dhifriúla:

(a)glaoitear an PRIIP ar an gcéad dáta is féidir;

(b)baineann an PRIIP aibíocht amach.

Ríomhfar na figiúirí costais ag glacadh le feidhmíocht atá comhleanúnach le gach cás.’;

(30)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 78, 79 agus 80:

‘78. Slánófar na figiúirí costais i méideanna airgeadaíochta go dtí an euro is gaire. Sloinnfear na táscairí costais i dtéarmaí céatadáin go dtí ionad deachúlach amháin.

79.Ríomhfar na figiúirí costais ar a laghad uair sa bhliain.

80.Bunófar na figiúirí costais ar na ríomhanna costais is déanaí arna gcinneadh ag an monaróir PRIIP. Gan dochar do phointe 77 den Iarscríbhinn seo, déanfar na costais a mheas ar bhonn ‘gach cáin san áireamh’.

Maidir le cistí infheistíochta, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)déanfar ríomh ar leithligh do gach aicme scaireanna, ach i gcás go mbeidh aonaid dhá aicme nó níos mó pari passu, féadfar ríomh aonair a dhéanamh dóibh;

(b)i gcás ciste ar bratchiste é, caithfear le gach urrann chomhpháirte nó fochiste ar leithligh chun críche na hIarscríbhinne seo, ach déanfar aon mhuirear is inchurtha i leith an chiste ina iomláine a chionroinnt i measc na bhfochistí ar fad ar bhonn a bheidh cothrom do na hinfheisteoirí ar fad.’;

(31)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 82:

‘82. Bunófar na figiúirí ex-post ar ríomhanna costais le déanaí a chinn an monaróir PRIIP, ar fhorais réasúnta, gur iomchuí chun na críche sin iad. Féadfar na figiúirí a bhunú ar na costais a leagtar amach i ráiteas oibríochtaí an PRIIP a foilsíodh ina thuarascáil bhliantúil nó leathbhliantúil is déanaí, i gcás go bhfuil sí sách nua-aimseartha. I gcás nach bhfuil sí sách nua-aimseartha, bainfear úsáid as ríomh inchomparáide bunaithe ar na costais a gearradh i rith tréimhse 12 mhí is déanaí ina háit.”;

(32)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 84:

‘84. I gcás go mbeidh na costais is inchurtha i leith GCUI bunúsach nó CIM le cur san áireamh, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)déanfar táscaire costais gach GCUI bunúsach nó gach CIM a roinnt go comhréireach i gcomhréir leis an gcion de ghlanluach sócmhainní an PRIIP a ndéanann an GCUI nó ciste infheistíochta malartach sin ionadaíocht air amhail an dáta ábhartha, eadhon an dáta ar a dtógtar figiúirí an PRIIP;

(b)cuirfear na figiúirí uile arna roinnt go comhréireach le figiúir chostas iomlán an PRIIP infheistíochta féin, agus cuirfear méid iomlán amháin ar fáil dá bharr.‘;

(33)scriostar ceannteideal II de Chuid 2;

(34)cuirtear an méid a leanas in ionad phointe 90:

‘90. Tabharfar léiriú ar na costais is eol don mhonaróir PRIIP i téarmaí airgeadaíochta agus céatadáin don chás a infheistíonn an t‑infheisteoir miondíola sna táblaí dá dtagraítear in Airteagal 5, 10 000 EUR sa PRIIP (maidir le gach PRIIP seachas

na cinn ar táirgí préimhe nó íocaíochta tráthrialta iad), nó 1 000 EUR sa bhliain (maidir le PRIIPanna préimhe nó íocaíochta tráthrialta) faoi seach. Taispeánfar na figiúirí costais le haghaidh tréimhsí sealbhaíochta difriúla, lena n‑áirítear an tréimhse shealbhaíochta mholta, mar seo a leanas:

(a)maidir le PRIIPanna lena ngabhann tréimhse shealbhaíochta mholta de bhliain amháin nó níos giorra, ní thaispeánfar ach costais i gcás scor ag deireadh na tréimhse sealbhaíochta molta;

(b)maidir le PRIIPanna lena ngabhann tréimhse shealbhaíochta mholta níos faide ná bliain amháin agus níos giorra ná 10 mbliana, taispeánfar costais agus breithniú á dhéanamh ar scor ag deireadh na chéad bhliana agus ag deireadh na tréimhse sealbhaíochta molta;

(c)maidir le PRIIPanna lena ngabhann tréimhse shealbhaíochta mholta de 10 mbliana nó níos faide, taispeánfar tréimhse shealbhaíochta bhreise ina nochtfar figiúirí costais i gcás scor ag leath na tréimhse sealbhaíochta molta slánaithe chuig deireadh na bliana is gaire;

(d)i gcás nach gceadaíonn PRIIP scor roimh an tréimhse shealbhaíochta mholta, nó i gcás go meastar nach bhfuil saoráid leachtachta mhalartach ag PRIIP arna chur chun cinn ag an monaróir PRIIP nó ag tríú páirtí, nó i gcás ina bhfuil easpa socruithe leachtachta, nó i gcás na PRIIPanna sin dá dtagraítear i bpointe 30 d’Iarscríbhinn IV, ní fhéadfar costais a thaispeáint ach ag deireadh na tréimhse sealbhaíochta molta agus sin amháin.’;

(35)scriostar pointí 92, 93 agus 94.;

IARSCRÍBHINN VII

‘IARSCRÍBHINN VII

COSTAIS A CHUR I LÁTHAIR

Díreach thíos faoi cheannteideal na roinne dar teideal ‘Cad iad na costais?’, cuirfear an rabhadh seo a leanas san áireamh, ach amháin i gcás gur eol don mhonaróir PRIIP nach ngearrfaidh an duine a bhfuil comhairle faoin PRIIP á tabhairt aige nó atá á dhíol, aon chostas breise:

‘Féadfaidh an duine a chuireann comhairle faoin táirge seo ort nó a dhíolann an táirge seo leat costais eile a ghearradh ort. Más amhlaidh an scéal, cuirfidh an duine sin faisnéis ar fáil duit faoi na costais sin agus faoin tslí a ndéanfaidh siad difear do d’infheistíocht.’

Sna táblaí costais a leagtar amach thíos, bainfear úsáid as an téarma ‘scoir’ chun deireadh na hinfheistíochta a chur in iúl. I gcás go mbeadh an téarma sin míthreorach maidir le cineálacha áirithe PRIIPanna, féadfar téarma eile a úsáid, amhail ‘foirceannadh’ nó ‘géilleadh’.

Tábla 1 le haghaidh na PRIIPanna ar fad seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagail 13, pointe (b) agus i bpointe 76c d’Iarscríbhinn VI (Táirgí arna nGlaoch go hUathoibríoch)

Cuirfidh an monaróir PRIIP na ceannteidil agus insintí seo a leanas san áireamh, chomh maith leis an tábla 1 ina dtaispeántar na figiúirí costais chomhiomlánaithe i dtéarmaí airgeadaíochta agus céatadáin a shonraítear i bpointí 61 agus 62 d’Iarscríbhinn VI leis na tréimhsí sealbhaíochta dá dtagraítear i bpointe 90 den Iarscríbhinn sin:

‘Costais thar thréimhse ama

Taispeántar sna táblaí na méideanna a thógtar as d’infheistíocht chun cineálacha difriúla costas a chumhdach. Braitheann na méideanna sin ar an méid a infheistíonn tú, ar an achar a choimeádann tú an táirge [agus ar cé chomh maith a éiríonn leis an táirge (i gcás i gcás inarb infheidhme)]. Is léirithe iad na méideanna a thaispeántar anseo bunaithe ar shampla de mhéid infheistíochta agus ar thréimhsí infheistíochta féideartha difriúla.

Ghlacamar leis:

-[Sa chéad bhliain] go bhfaighfeá ar ais an méid a d’infheistigh tú (toradh bliantúil 0 %). [Maidir leis na tréimhsí sealbhaíochta eile, ghlacamar leis go bhfeidhmeoidh an táirge mar a thaispeántar sa chás measartha]

-Déantar [EUR 10 000 / 1 000 in aghaidh na bliana] a infheistiú’

I gcás ina [scorann] tú tar éis bliain amháin

(i gcás inarb infheidhme)

I gcás ina [scorann] tú tar éis [leath den tréimhse shealbhaíochta mholta]

(i gcás inarb infheidhme)

I gcás go [scorann] tú i ndiaidh [na tréimhse sealbhaíochta molta]

Costas iomlán

[ ] EUR

[ ] EUR

[ ] EUR

Tionchar bliantúil ar chostais (*)

[ ] %

[ ] % gach bliain

[ ] % gach bliain

(*) ‘Léirítear leis seo an tslí a laghdaíonn costais do thoradh gach bliain thar an tréimhse shealbhaíochta. Mar shampla, taispeánann sé, sa chás go scorann tú ag an tréimhse shealbhaíochta mholta, go réamh‑mheastar go mbeidh do mheántoradh in aghaidh na bliana [ ] % roimh chostais agus [ ] % i ndiaidh costas.’

[i gcás inarb infheidhme]: ‘Féadfaimid cuid de na costais a roinnt leis an duine a dhíolann an táirge leat chun na seirbhísí a chuireann siad ar fáil duit a chumhdach. (I gcás inarb infheidhme) [Cuirfidh siad an méid in iúl duit].’

(i gcás inarb infheidhme): ‘Áirítear ar na figiúirí sin an táille dháileacháin uasta a fhéadfaidh an duine a dhíolann an táirge leat a ghearradh ([ ] % den mhéid infheistithe / [ ] EUR). Cuirfidh an duine sin an táille dháileacháin iarbhír in iúl duit.’;

Tábla 1 le haghaidh PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagail 13

Cuirfidh an monaróir PRIIP na ceannteidil agus insintí seo a leanas san áireamh, chomh maith leis an tábla 1 ina dtaispeántar na figiúirí costais chomhiomlánaithe i dtéarmaí airgeadaíochta agus céatadáin a shonraítear i bpointí 61 agus 62 d’Iarscríbhinn VI leis na tréimhsí sealbhaíochta dá dtagraítear i bpointe 90 den Iarscríbhinn sin agus lena soláthraítear deighilt idir costais an PRIIP seachas costais na roghanna bunúsacha infheistíochta (‘conradh árachais’) agus raon costas na roghanna bunúsacha infheistíochta (‘roghanna infheistíochta’):

‘Costais thar thréimhse ama

Taispeántar sna táblaí na méideanna a thógtar as d’infheistíocht chun cineálacha difriúla costas a chumhdach. Braitheann na méideanna sin ar an méid a infheistíonn tú, ar an achar a choimeádann tú an táirge [agus ar cé chomh maith a éiríonn leis an táirge (i gcás inarb infheidhme)]. Is léirithe iad na méideanna a thaispeántar anseo bunaithe ar shampla de mhéid infheistíochta agus ar thréimhsí infheistíochta féideartha difriúla.

Ghlacamar leis:

-Sa chéad bhliain, go bhfaighfeá ar ais an méid a d’infheistigh tú (toradh bliantúil 0 %). Maidir leis na tréimhsí sealbhaíochta eile, ghlacamar leis go bhfeidhmeoidh an táirge mar a thaispeántar sa chás measartha

-Déantar [EUR 10 000 / 1 000 in aghaidh na bliana] a infheistiú

[Ráiteas ina dtugtar le fios go gcuimsítear leis na costais iomlána ar an infheisteoir miondíola teaglaim de chostais an PRIIP seachas costais na roghanna bunúsacha infheistíochta agus costais an rogha infheistíochta agus go mbíonn siad éagsúil ar bhonn na roghanna bunúsacha infheistíochta.]’

I gcás ina [scorann] tú tar éis bliain amháin

(i gcás inarb infheidhme)

I gcás ina [scorann] tú tar éis [leath den tréimhse shealbhaíochta mholta]

(i gcás inarb infheidhme)

I gcás go [scorann] tú i ndiaidh [na tréimhse sealbhaíochta molta]

Costas iomlán

-Conradh árachais

-Roghanna infheistíochta

[ ] EUR

[ ] – [ ] EUR

[ ] EUR

[ ] – [ ] EUR

[ ] EUR

[ ] – [ ] EUR

Tionchar bliantúil ar chostais (*)

-Conradh árachais

-roghanna infheistíochta

[ ] %

[ ] – [ ] %

[ ] % gach bliain

[ ] – [ ] % gach bliain

[ ] % gach bliain

[ ] – [ ] % gach bliain

(*) ‘Léirítear leis seo an tslí a laghdaíonn costais do thoradh gach bliain thar an tréimhse shealbhaíochta. Mar shampla, taispeánann sé, sa chás go scorann tú ag an tréimhse shealbhaíochta mholta, go réamh‑mheastar go mbeidh do mheántoradh in aghaidh na bliana [ ] % roimh chostais agus [ ] % i ndiaidh costas.’

[i gcás inarb infheidhme]: ‘Féadfaimid cuid de na costais a roinnt leis an duine a dhíolann an táirge leat chun na seirbhísí a chuireann siad ar fáil duit a chumhdach. (I gcás inarb infheidhme) [Cuirfidh siad an méid in iúl duit.]’

[i gcás inarb infheidhme]: ‘Áirítear ar na figiúirí sin an táille dháileacháin uasta a fhéadfaidh an duine a dhíolann an táirge leat a ghearradh ([ ] % den mhéid infheistithe / [ ] EUR). Cuirfidh an duine sin an táille dháileacháin iarbhír in iúl duit.’

Tábla 1 le haghaidh PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe 76c d’Iarscríbhinn VI (Táirgí arna nGlaoch go hUathoibríoch)

Maidir le PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe 76c d’Iarscríbhinn VI, is iad seo a leanas a bheidh sa cheannteideal, san insint agus i dTábla 1 ‘Costais thar Thréimhse Ama’:

‘Costais thar thréimhse ama

Taispeántar sna táblaí na méideanna a thógtar as d’infheistíocht chun cineálacha difriúla costas a chumhdach. Braitheann na méideanna sin ar an méid a infheistíonn tú, ar an achar a choimeádann tú an táirge [agus ar cé chomh maith a éiríonn leis an táirge (i gcás i gcás inarb infheidhme)]. Is léirithe iad na méideanna a thaispeántar anseo bunaithe ar shampla de mhéid infheistíochta agus ar thréimhsí infheistíochta féideartha difriúla.

Tá fad an táirge seo éiginnte mar d’fhéadfadh sé foirceannadh ag amanna difriúla ag brath ar an bhforbairt a thiocfaidh ar an margadh. Breithnítear dhá chás dhifriúla (glao luath agus aibíocht) sna méideanna a thaispeántar anseo. I gcás go gcinneann tú scor sula dtiocfaidh deireadh leis an táirge, d’fhéadfadh go mbeadh feidhm ag costais scoir sa bhreis ar an méid a thaispeántar anseo.

Ghlacamar leis:

-Déantar [EUR 10 000 / 1 000 in aghaidh na bliana] a infheistiú

-feidhmíocht táirge atá comhsheasmhach le gach tréimhse shealbhaíochta a thaispeántar.

I gcás go nglaoitear an táirge ar an gcéad dáta is féidir [ ]

I gcás go mbaineann an táirge aibíocht amach

Costas iomlán

[ ] EUR

[ ] EUR

Tionchar bliantúil ar chostais (*)

[ ] %

[ ] % gach bliain

‘(*) Léirítear leis seo an tslí a laghdaíonn costais do thoradh gach bliain thar an tréimhse shealbhaíochta. Mar shampla, taispeánann sé, sa chás go scorann tú amhail aibíocht an táirge go réamh‑mheastar go mbeidh do mheántoradh in aghaidh na bliana [ ]

% roimh chostais agus [ ] % i ndiaidh costas.’

[i gcás inarb infheidhme]: ‘Féadfaimid cuid de na costais a roinnt leis an duine a dhíolann an táirge leat chun na seirbhísí a chuireann siad ar fáil duit a chumhdach. (i gcás inarb infheidhme) [Cuirfidh siad an méid in iúl duit.]’

[i gcás inarb infheidhme]: ‘Áirítear ar na figiúirí sin an táille dháileacháin uasta a fhéadfaidh an duine a dhíolann an táirge leat a ghearradh ([ ] % den mhéid infheistithe / [ ] EUR). Cuirfidh an duine sin an táille dháileacháin iarbhír in iúl duit.’

Tábla 2 le haghaidh na PRIIPanna ar fad seachas na cinn dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 13

Cuirfidh an monaróir PRIIP miondealú ar chostais san áireamh, de réir an aicmithe dá dtagraítear i bpointí 64 go 69 d’Iarscríbhinn VI, agus úsáid á baint as na ceannteidil agus tábla 2 thíos.

Cuirfear tuairisc an‑ghearr ar chineál gach saghas costais san áireamh. Áireofar leis sin táscaire uimhriúil (méid airgeadaíochta nó céatadán) agus an bonn a úsáidtear don ríomh i gcás gur féidir sin a chur i láthair i dtéarmaí simplí ar dócha go dtuigfidh an cineál infheisteora miondíola a bhfuil sé beartaithe an PRIIP a mhargú lena aghaidh. Bunófar an tuairisc ar cheann amháin nó níos mó de na samplaí a áirítear sa tábla thíos, ach amháin i gcás nach bhfuil siad infheidhme.

‘Comhdhéanamh na gCostas

Costais aonuaire ar iontráil nó scor

(PRIIPanna): I gcás ina [scorann] tú tar éis [bliain amháin /na tréimhse sealbhaíochta molta (más lú ná bliain amháin í)] (Táirgí infheistíochta árachas‑bhunaithe): Tionchar bliantúil ar chostais i gcás go [scorann] tú i ndiaidh [na tréimhse sealbhaíochta molta]

Costais iontrála

[Tabhair tuairisc ar chineál i líon nach mó ná 300 carachtar. Samplaí:

-‘[ ] % den mhéid a íocann tú ar an infheistíocht seo a iontráil’

-‘[ ] % den chéad [ ] préimh/phréimh/bpréimh a íocann tú’

-‘Tá na costais sin san áireamh [sa phraghas / sna préimheanna] a

íocann tú cheana féin’

-‘Áirítear leis sin costais dháileacháin de [[ ] % den mhéid infheistithe / [

] EUR]. [Is é seo an t‑uasmhéid a ghearrfar ort]. [An duine a dhíolfaidh

an táirge leat a chuirfidh an muirear iarbhír in iúl duit]’

-‘Ní ghearraimid táille iontrála ort’]

[Chomh hard le] [ ] EUR (PRIIPanna) nó [ ] % (táirgí infheistíochta árachas‑bhunaithe)

Costais scoir

[Tabhair tuairisc ar chineál i líon nach mó ná 300 carachtar. Samplaí:

-‘[ ] % de d’infheistíocht sula n‑íoctar amach leat í’

-‘Ní ghearraimid táille scoir ar an táirge seo, [ach d’fhéadfadh an duine

a dhíolann an táirge leat sin a dhéanamh]’

(I gcás nach bhfuil feidhm ag costais scoir ach i gcúinsí sonracha) – ‘Ní bhíonn feidhm ag na costais seo ach amháin (mínigh na cúinsí nó tabhair sampla i líon nach mó ná 200 carachtar)’

Maidir le táirgí infheistíochta árachas‑bhunaithe i gcás nach bhfuil feidhm ag costais scoir ach amháin roimh scor ag an tréimhse shealbhaíochta mholta, sloinnfear ‘N/A’ sa cholún ar dheis agus cuirfear an ráiteas seo a leanas san áireamh sa cholún seo i na tuairiscí thuas: ‘Sloinntear costais scoir mar ‘N/A’ sa chéad cholún eile mar níl feidhm acu i gcás go gcoimeádann tú an táirge go dtí an tréimhse shealbhaíochta mholta’

[ ] EUR (PRIIPanna) nó [ ] % (táirgí infheistíochta árachas‑bhunaithe)

Costais leanúnacha [a thógtar gach bliain]

Táillí bainistíochta agus costais oibriúcháin nó riaracháin eile

[Tabhair tuairisc ar an mbonn i líon nach mó ná 150 carachtar. Sampla:

‘[ ] % de luach d’infheistíochta in aghaidh na bliana’].

Is meastachán é seo atá bunaithe ar na costais iarbhír le linn na bliana deiridh.

[ ] EUR (PRIIPanna) nó [ ] % (táirgí infheistíochta árachas‑bhunaithe)

Costais idirbhirt

[ ] % de luach d’infheistíochta in aghaidh na bliana. Is meastachán é seo ar na costais a thabhaítear nuair a cheannaímid agus nuair a dhíolaimid na hinfheistíochtaí bunúsacha don táirge. Beidh éagsúlacht i gceist leis an méid iarbhír ag brath ar an méid a cheannaímid agus a dhíolaimid.

[ ] EUR (PRIIPanna) nó [ ] % (táirgí infheistíochta árachas‑bhunaithe)

Costais theagmhasacha a thógtar faoi choinníollacha sonracha

Táillí feidhmíochta [agus ús iompartha]

[[Tabhair tuairisc i líon nach mó ná 300 carachtar]. Beidh éagsúlacht i gceist leis an méid iarbhír ag brath ar cé chomh maith a éiríonn le d’infheistíocht. Tá an meánmhéid sna 5 bliana deireanacha san áireamh sa mheastachán thuas ar chostas comhiomlánaithe.] nó [Níl aon táille feidhmíochta i gceist leis an táirge seo].

[ ] EUR (PRIIPanna) nó [ ] % (táirgí infheistíochta árachas‑bhunaithe)

(i gcás inarb infheidhme): ‘Bíonn feidhm ag costais dhifriúla ag brath ar mhéid na hinfheistíochta [mínigh cúinsí nó úsáid sampla i líon nach mó ná 150 carachtar]’

Maidir le PRIIPanna a thairgeann raon roghanna infheistíochta, bainfidh monaróirí PRIIP úsáid as tábla 1 agus tábla 2 den Iarscríbhinn seo agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad le gach PRIIP seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagal 13, pointe (b) agus i bpointe 76c d’Iarscríbhinn VI chun na costais a chur i láthair, agus taispeánfar raon na gcostas le haghaidh na bhfigiúirí i ngach tábla, de réir mar is ábhartha.

Maidir le PRIIPanna lena ngabhann tréimhse shealbhaíochta níos giorra ná bliain amháin, in áit ‘tionchar bliantúil ar chostais’, is ‘tionchar ar chostais’ a bheidh mar lipéad ar an gcóimheas costais i dtéarmaí céatadáin i dtábla 1 agus i dtábla 2, agus sloinnfear an méid seo a leanas san fhonóta faoi thábla 1 ‘Léirítear leis seo éifeacht na gcostas thar thréimhse shealbhaíochta níos giorra ná bliain amháin. Ní féidir an céatadán seo a chur i gcomparáid go díreach leis na figiúirí tionchar ar chostais a chuirtear ar fáil do PRIIPanna eile’.

Maidir le PRIIPanna ina ríomhtar cóimheasa costais agus úsáid á baint as luach barúlach, cuirfear an fonóta seo a leanas isteach faoin tábla: ‘Léirítear leis seo costais i ndáil le luach barúlach an PRIIP’.

Tábla 2 le haghaidh PRIIPanna dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagail 13

Cuirfidh an monaróir PRIIP miondealú ar chostais san áireamh, de réir an aicmithe dá dtagraítear i bpointí 64 go 69 d’Iarscríbhinn VI, agus úsáid á baint as na ceannteidil agus tábla 2 thíos. I gcás inarb infheidhme don chineál costais, taispeánfar deighilt costas idir costais an PRIIP seachas costais na roghanna bunúsacha infheistíochta (‘conradh árachais’) agus raon costas na roghanna bunúsacha infheistíochta (‘roghanna infheistíochta’).

Cuirfear tuairisc an‑ghearr ar chineál gach saghas costais san áireamh. Áireofar leis sin táscaire uimhriúil (méid seasta nó céatadán) agus an bonn a úsáidtear don ríomh i gcás gur féidir sin a chur i láthair i dtéarmaí simplí ar dócha go dtuigfidh an cineál infheisteora miondíola a bhfuil sé beartaithe an PRIIP a mhargú lena aghaidh. Bunófar an tuairisc ar cheann amháin nó níos mó de na samplaí a áirítear sa tábla thíos, ach amháin i gcás nach bhfuil siad infheidhme.

‘Comhdhéanamh na gCostas

Costais aonuaire ar iontráil nó scor

Tionchar bliantúil ar chostais i gcás go [scorann] tú i ndiaidh [na tréimhse sealbhaíochta molta]

Costais iontrála

[Tabhair tuairisc ar chineál i líon nach mó ná 300 carachtar. Samplaí:

-‘[ ] % den mhéid a íocann tú ar an infheistíocht seo a iontráil’

-‘[ ] % den chéad [ ] préimh/phréimh/bpréimh a íocann tú’

-‘Tá na costais sin san áireamh [sa phraghas / sna préimheanna] a

íocann tú cheana féin’

-‘Áirítear leis sin costais dháileacháin de [[ ] % den mhéid infheistithe / [

] EUR]. [Is é seo an t‑uasmhéid a ghearrfar ort]. [An duine a dhíolfaidh

an táirge leat a chuirfidh an muirear iarbhír in iúl duit]’

-‘Ní ghearraimid táille iontrála ort’]

‘[ ] %’ nó

‘Conradh árachais [ ] % Rogha infheistíochta [ ] – [ ] %’

Costais scoir

[Tabhair tuairisc ar chineál i líon nach mó ná 300 carachtar. Samplaí:

-‘[ ] % de d’infheistíocht sula n‑íoctar amach leat í’.

-‘Ní ghearraimid táille scoir ar an táirge seo, [ach d’fhéadfadh an duine

a dhíolann an táirge leat sin a dhéanamh]’.

(I gcás nach bhfuil feidhm ag costais scoir ach i gcúinsí sonracha) – ‘Ní bhíonn feidhm ag na costais seo ach amháin (mínigh na cúinsí nó tabhair sampla i líon nach mó ná 200 carachtar)’

Maidir le táirgí infheistíochta árachas‑bhunaithe i gcás nach bhfuil feidhm ag costais scoir ach amháin roimh scor ag an tréimhse shealbhaíochta mholta, sloinnfear ‘N/A’ sa cholún ar dheis agus cuirfear an ráiteas seo a leanas san áireamh sa cholún seo in éineacht leis na tuairiscí thuas: ‘Sloinntear costais scoir mar ‘N/A’ sa chéad cholún eile mar níl feidhm acu i gcás go gcoimeádann tú an táirge go dtí an tréimhse shealbhaíochta mholta’

‘[ ] %’ nó

‘Conradh árachais [ ] % Rogha infheistíochta [ ] – [ ] %’

Costais leanúnacha a thógtar gach bliain

Táillí bainistíochta agus costais oibriúcháin nó riaracháin eile

[Tabhair tuairisc ar an mbonn i líon nach mó ná 150 carachtar. Sampla:

‘[ ] % de luach d’infheistíochta in aghaidh na bliana’].

Is meastachán é seo atá bunaithe ar na costais iarbhír le linn na bliana deiridh.

‘[ ] %’ nó

‘Conradh árachais [ ] % Rogha infheistíochta [ ] – [ ] %’

Costais idirbhirt

[ ] % de luach d’infheistíochta in aghaidh na bliana. Is meastachán é seo ar na costais a thabhaítear nuair a cheannaímid agus nuair a dhíolaimid na hinfheistíochtaí bunúsacha don táirge. Beidh éagsúlacht i gceist leis an méid iarbhír ag brath ar an méid a cheannaímid agus a dhíolaimid.

‘[ ] %’ nó

‘Conradh árachais [ ] % Rogha infheistíochta [ ] – [ ] %’

Costais theagmhasacha a thógtar faoi choinníollacha sonracha

Táillí feidhmíochta [agus ús iompartha]

[[Tabhair tuairisc i líon nach mó ná 300 carachtar]. Beidh éagsúlacht i gceist leis an méid iarbhír ag brath ar cé chomh maith a éiríonn le d’infheistíocht. Tá an meánmhéid sna 5 bliana deireanacha san áireamh sa mheastachán thuas ar chostas comhiomlánaithe.] nó [Níl aon táille feidhmíochta i gceist leis an táirge seo].

‘[ ] %’ nó

‘Conradh árachais [ ] % Rogha infheistíochta [ ] – [ ] %’

(I gcás inarb infheidhme): ‘Bíonn feidhm ag costais dhifriúla ag brath ar mhéid na hinfheistíochta [mínigh cúinsí nó úsáid sampla i líon nach mó ná 150 carachtar]’

Iarscríbhinn VIII

‘IARSCRÍBHINN VIII

INNEACHAR AGUS CUR I LÁTHAIR FAISNÉISE FAOI FHEIDHMÍOCHT ROIMHE SEO

Sainmhínithe

1.Chun críche faisnéis faoi fheidhmíocht roimhe seo a chur i láthair, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn ‘GCUI’ GCUI arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2009/65/CE:

(I)ar PRIIP Chatagóir 2 é mar a leagtar amach i bpointe 5 d’Iarscríbhinn II; agus

(II)nach soláthraíonn eisíocaíochtaí bunaithe ar algartam d’infheisteoirí miondíola, ar dhátaí réamhchinntithe áirithe, atá nasctha le feidhmíocht, nó le réadú athruithe ar phraghsanna nó ar choinníollacha eile, de shócmhainní airgeadais, innéacsanna nó punann infheistíochta nó lena mbaineann gnéithe den chineál céanna;

(b)ciallaíonn ‘CIM’ CIM mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe a de Threoir 2011/61/AEU:

(I)ar PRIIP Chatagóir 2 é mar a leagtar amach i bpointe 5 d’Iarscríbhinn II;

(II)ar CIM neamhiata é dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 694/2014 ón gCoimisiún10; agus

(III)nach soláthraíonn eisíocaíochtaí bunaithe ar algartam d’infheisteoirí miondíola, ar dhátaí réamhchinntithe áirithe, atá nasctha le feidhmíocht, nó le réadú athruithe ar phraghsanna nó ar choinníollacha eile, de shócmhainní airgeadais, innéacsanna nó punann infheistíochta nó lena mbaineann gnéithe den chineál céanna;

(c)ciallaíonn ‘táirge infheistíochta árachas‑bhunaithe aonadnasctha’ táirge infheistíochta árachas‑bhunaithe aonadnasctha:

(I)ar PRIIP Chatagóir 2 é mar a leagtar amach i bpointe 5 d’Iarscríbhinn II;

(II)a bhfuil féidearthachtaí luathscoir nó fuascailte aige roimh an tréimhse shealbhaíochta mholta nach bhfuil faoi réir ag coinníollacha suntasacha teorantacha;

(III)a sholáthraíonn sochair atá nasctha go díreach le luach na sócmhainní a roinntear ina n‑aonaid iad; agus

10 Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 694/2014 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2013 lena bhforlíontar Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun cineálacha bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha a chinneadh (IO L 183, 24.6.2014, lch. 18).

(IV)nach soláthraíonn eisíocaíochtaí bunaithe ar algartam d’infheisteoirí miondíola, ar dhátaí réamhchinntithe áirithe, atá nasctha le feidhmíocht, nó le réadú athruithe ar phraghsanna nó ar choinníollacha eile, de shócmhainní airgeadais, innéacsanna nó punann infheistíochta nó lena mbaineann gnéithe den chineál céanna.

Feidhmíocht GCUInna nó CIManna roimhe seo a ríomh

2.Beidh ríomh na bhfigiúirí feidhmíochta roimhe seo bunaithe ar luach glansócmhainní na GCUInna nó na CIManna, agus ríomhfar iad ar an mbonn go bhfuil aon ioncam indáilte ón gciste athinfheistithe.

Sonraí ‘ionsamhlaithe’ a úsáid le haghaidh feidhmíocht roimhe seo maidir le GCUInna nó CIManna

3.Ní cheadófar taifead feidhmíochta ionsamhlaithe don tréimhse sula raibh sonraí ar fáil ach amháin sna cásanna seo a leanas, ar choinníoll go mbainfear úsáid chothrom, shoiléir as agus nach mbeidh sé míthreorach:

(a)féadfaidh aicme scaireanna nua de chuid GCUI nó CIM atá ann cheana féin nó urrann infheistíochta a fheidhmíocht nó a feidhmíocht a ionsamhlú trí fheidhmíocht aice eile a thógáil, ar choinníoll nach bhfuil difríocht ábhartha idir an dá aicme maidir le méid a rannpháirtíochta i sócmhainní an GCUI nó an CIM;

(b)féadfaidh fothaire GCUI nó CIM a fheidhmíocht nó a feidhmíocht a ionsamhlú trí fheidhmíocht a mháistir-GCUI nó a mháistir-CIM a thógáil, ar choinníoll go gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas;

(I)ní cheadaíonn straitéis ná cuspóirí fhothaire GCUI nó CIM dó sócmhainní a bheith i seilbh aige seachas aonaid an mháistir GCUI nó CIM agus sócmhainní leachtacha coimhdeacha;

(II)níl saintréithe an fhothaire GCUI nó CIM difriúil go hábhartha ó chinn an mháistir-GCUI nó an mháistir-CIM.

Ríomh ar fheidhmíocht roimhe seo le haghaidh táirgí infheistíochta árachas‑bhunaithe aonadnasctha

4.Beidh ríomh ar fheidhmíocht roimhe seo mar a dtugtar tuairisc air i bpointe 2 den Iarscríbhinn seo i bhfeidhm mutatis mutandis le táirgí infheistíocht árachas‑bhunaithe aonadnasctha. Beidh an ríomh comhsheasmhach leis an míniú ar thionchar na préimhe riosca bithmhéadraigh nó cuid costais na préimhe riosca bithmhéadraigh ar an toradh infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 2(4).

Cur i láthair fheidhmíocht roimhe seo le haghaidh GCUInna nó CIManna

5.Cuirfear an fhaisnéis faoi fheidhmíocht na GCUInna nó an CIM roimhe seo i láthair i mbarrachairt a chuimseoidh feidhmíocht na GCUInna nó an CIM le 10 mbliana anuas. Beidh an bharrachairt sách mór le bheith inléite.

6.Maidir le GCUInna nó CIManna a bhfuil feidhmíocht níos giorra ná cúig bliana féilire iomlána acu, bainfear úsáid as cur i láthair a chumhdaíonn na cúig bliana deireanacha agus sin amháin.

7.Taispeánfar bliain ar bith nach bhfuil ar fáil mar bhliain fholamh gan aon anótáil ann ina leith seachas an dáta.

8.Maidir le GCUInna nó CIManna nach bhfuil sonraí feidhmíochta le haghaidh bliain féilire iomlán ann maidir leo fós, cuirfear ráiteas san áireamh ina míneofar nach bhfuil sonraí leordhóthanacha ann chun táscaire áisiúil ar fheidhmíocht roimhe seo a chur ar fáil d’infheisteoirí miondíola.

9.Beidh na ráitis seo a leanas, a bheidh le feiceáil go soiléir, mar fhorlíonadh ag leagan amach na barrachairte:

(a)rabhadh faoin luach teoranta atá ag feidhmíocht roimhe seo mar threoir um fheidhmíocht amach anseo, agus úsáidfear an ráiteas seo a leanas i gcló trom:

‘Ní léiriú í feidhmíocht roimhe seo ar fheidhmíocht amach anseo. D’fhéadfadh forbairt teacht ar mhargaí ar bhealach thar a bheith difriúil amach anseo.

Féadfaidh sé cabhrú leat measúnú a dhéanamh ar an tslí ar bainistíodh an ciste roimhe seo’;

(b)Insint a mhíníonn an méid a thaispeántar a chuirfear san áireamh os cionn na barrachairte agus a sloinnfidh i gcló trom:

‘Taispeántar sa chairt seo feidhmíocht an chiste mar chéatadán den chaillteanas nó den ghnóthachan in aghaidh na bliana le [x] (m)b(h)liain/(m)bliana anuas.’;

(c)Más infheidhme, rabhadh a bhaineann go sonrach leis an táirge faoin easpa ionadaíochta ar an am atá caite, i gcomhréir le pointe 15 den Iarscríbhinn seo, nó cúiseanna eile más ábhartha, i líon nach mó ná 150 carachtar de theanga shimplí;

(d)míniú gearr ar na muirir agus táillí a áirítear nó nach n‑áirítear sa ríomh ar fheidhmíocht roimhe seo, más ábhartha. Ní bheidh feidhm aige sin maidir le GCUInna nó CIManna nach mbaineann muirir iontrála nó scoir leo. [Insint shamplach:

‘Taispeántar feidhmíocht i ndiaidh asbhaint muirear leanúnach. Tá aon mhuirear iontrála agus scoir eisiata ón ríomh.’];

(e)léiriú ar an mbliain inar tháinig an ciste, an urrann nó an aicme scaireanna ar an bhfód;

(f)más ábhartha, léiriú ar an airgeadra inar ríomhadh feidhmíocht roimhe seo.

10.Ní bheidh aon taifead feidhmíochta roimhe seo i gcuid ar bith den bhliain féilire reatha san áireamh san fhaisnéis.

Tagarmharc a úsáid le cois na feidhmíochta roimhe seo

11.I gcás go ndéantar tagairt do thagarmharc sa roinn dar teideal ‘Cad é an táirge seo?’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí, cuirfear barra a thaispeánann feidhmíocht an tagarmhairc sin san áireamh sa chairt le cois gach barra a thaispeánann feidhmíocht roimhe seo ag an GCUI nó

ag an CIM. Beidh feidhm aige sin maidir le GCUInna nó CIManna a rianaíonn tagarmharc, chomh maith le do na cinn a bhainistítear mar thagairt do thagarmharc. Meastar go bhfuil GCUI nó CIM á bhainistiú mar thagairt do thagarmharc i gcás go bhfuil ról ag innéacs an tagarmhairc i mbainistiú an GCUI nó an CIM, amhail maidir le comhdhéanamh punainne agus/nó bearta feidhmíochta.

12.Maidir le GCUInna nó CIManna nach bhfuil sonraí faoi fheidhmíocht roimhe seo acu do na cúig bliana nó do na 10 mbliana á éilítear, ní thaispeánfar an tagarmharc do na blianta nárbh ann don GCUI nó don CIM.

13.I gcás go mbainistítear an GCUI nó an CIM mar thagairt do thagarmharc dá dtagraítear i bpointe 11 den Iarscríbhinn seo, cuirfear forlíonadh leis na hinsintí i bpointe 9 den Iarscríbhinn seo mar seo a leanas i gcló trom:

‘Taispeántar sa chairt seo feidhmíocht an chiste mar chéatadán den chaillteanas nó den ghnóthachan in aghaidh na bliana le [x] (m)b(h)liain/(m)bliana anuas in aghaidh a thagarmhairc.’

‘Féadfaidh sé cabhrú leat measúnú a dhéanamh ar an tslí ar bainistíodh an ciste roimhe seo agus comparáid a dhéanamh lena thagarmharc.’

Cur i láthair na barrachairte

14.Comhlíonfaidh an bharrachairt lena gcuirtear feidhmíocht roimhe seo i láthair na critéir seo a leanas:

(a)beidh scála y-ais na barrachairte líneach agus ní logartamach;

(b)Cuirfear an scála in oiriúint do réise na mbarraí a thaispeántar agus ní chomhbhrúfar na barraí ar fhaitíos go mbeadh sé níos deacra luaineachtaí i dtorthaí a fheiceáil;

(c)socrófar an x-ais ar an leibhéal feidhmíochta 0 %;

(d)cuirfear lipéad le gach barra lena léireofar an toradh, mar chéatadán, a baineadh amach;

(e)slánófar figiúirí na feidhmíochta roimhe seo go dtí ionad deachúlach amháin.

Tionchar agus cóireáil athruithe ábhartha

15.I gcás go dtagann athrú ábhartha ar chuspóirí an GCUI nó an CIM agus ar an mbeartas infheistíochta i rith na tréimhse a thaispeántar sa bharrachairt dá dtagraítear i bpointí 5 go 10 den Iarscríbhinn seo, leanfar d’fheidhmíocht an GCUI nó an CIM roimhe seo sular tharla an t‑athrú ábhartha sin.

16.Léireofar an tréimhse roimh an athrú ábhartha dá dtagraítear i bpointe 15 den Iarscríbhinn seo ar an mbarrachairt agus cuirfear lipéad uirthi le rabhadh soiléir gur baineadh an fheidhmíocht sin amach i gcúinsí nach bhfuil feidhm leo a thuilleadh.

Sonraí ‘ionsamhlaithe’ a úsáid le haghaidh feidhmíochta roimhe seo

17.I ngach cás ina ndearnadh feidhmíocht a ionsamhlú i gcomhréir le pointe 3 den Iarscríbhinn seo, nochtfar go soiléir ar an mbarrachairt gur ionsamhlaíodh an fheidhmíocht.

18.Maidir le GCUI nó CIM atá ag athrú a stádais dhlíthiúil ach atá ag fanacht ar bun sa Bhallstát céanna, ní choimeádfaidh sé a thaifead ar fheidhmíocht ach amháin sa chás go measann údarás inniúil an Bhallstáit sin go réasúnta nach mbeadh tionchar ag an athrú stádais ar fheidhmíocht an GCUI nó CIM.

19.I gcás cumasc dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (p)(i) agus (iii),) de Threoir 2009/65/CE, ní choimeádfar ach feidhmíocht roimhe seo an GCUI glactha.

20.Cuirfidh pointe 19 den Iarscríbhinn seo mutatis mutandis i bhfeidhm i gcás chumasc CIManna.

Cur i láthair fheidhmíocht fothairí GCUInna nó CIManna roimhe seo

21.Bainfidh cur i láthair fheidhmíocht fothairí GCUInna nó CIManna roimhe seo go sonrach leis na fothairí GCUInna nó CIManna agus ní atáirgfear taifead feidhmíochta an mháistir-GCUI ná an mháistir-CIM.

22.Ní bheidh feidhm ag pointe 21 den Iarscríbhinn seo sna cásanna seo a leanas:

(a)taispeánann an fothaire GCUInna nó CIM feidhmíocht roimhe seo a mháistir-GCUI nó a mháistir-CIM mar thagarmharc; nó

(b)seoladh an fothaire mar fhothaire GCUI nó CIM ar dháta níos déanaí ná an máistir-GCUI nó an máistir-CIM, agus i gcás go gcomhlíontar coinníollacha phointe 3 den Iarscríbhinn seo, agus go dtaispeántar feidhmíocht ionsamhlaithe do na blianta sula raibh an fothaire ar an bhfód, bunaithe ar fheidhmíocht an mháistir-GCUI nó an mháistir-CIM roimhe seo; nó

(c)tá taifead feidhmíochta ag an bhfothaire GCUI ó roimh an dáta ar ar thosaigh sé ag feidhmiú mar fhothaire, agus a thaifead féin á choimeád sa bharrachairt do na blianta ábhartha, agus lipéad ar an athrú ábhartha mar a éilítear i bpointe 16 den Iarscríbhinn seo.

Cur i láthair fheidhmíocht roimhe seo maidir le táirgí infheistíochta árachas‑bhunaithe aonadnasctha

23.Cuirfidh pointí 5 go 16 den Iarscríbhinn seo mutatis mutandis i bhfeidhm i gcás táirgí infheistíochta árachas‑bhunaithe aonadnasctha. Beidh an cur i láthair comhsheasmhach leis an tuairisc ar thionchar na préimhe riosca bithmhéadraigh nó cuid costais na préimhe riosca bithmhéadraigh ar an toradh infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 2(4).’

Top