(19)ceangal idirlín: ceangal líne seasta d’aon saghas a úsáidtear
(20)cianchruinnithe a reáchtáil
(21)cianrochtain (trí ríomhairí nó gléasanna iniompartha amhail fóin chliste) na ndaoine fostaithe ar chóras ríomhphoist an fhiontair
(22)cianrochtain (trí ríomhairí nó gléasanna iniompartha amhail fóin chliste) na ndaoine fostaithe ar dhoiciméid de chuid an fhiontair (amhail comhaid, scarbhileoga, cuir i láthair, cairteacha, grianghraif)
(23)cianrochtain (trí ríomhairí nó gléasanna iniompartha amhail fóin chliste) na ndaoine fostaithe ar fheidhmchláir ghnó nó bogearraí de chuid an fhiontair (amhail rochtain ar chuntasaíocht, díolacháin, orduithe, bainistíocht ar chaidreamh le custaiméirí (seachas feidhmchláir a úsáidtear le haghaidh cumarsáid inmheánach))
(24)díolacháin ghréasáin earraí nó seirbhísí trí shuíomhanna gréasáin nó trí fheidhmchláir (lena n-áirítear eislíonta) an fhiontair, le linn na bliana féilire roimhe sin
(25)díolacháin ghréasáin earraí nó seirbhísí trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir margaidh ríomhthráchtála a úsáideann roinnt fiontar chun earraí nó seirbhísí a thrádáil, le linn na bliana féilire roimhe sin
(26)díolacháin earraí nó seirbhísí ar díolacháin de chineál Idirmhalartaithe Leictreonaigh Sonraí (EDI) iad (orduithe a fháil trí theachtaireachtaí EDI), le linn na bliana féilire roimhe sin
(27)bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: fíordheimhniú trí phasfhocal láidir (amhail fad íosta an phasfhocail, úsáid uimhreacha agus carachtar speisialta, an pasfhocal a athrú go tráthrialta)
(28)bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: fíordheimhniú trí mhodhanna bithmhéadracha a úsáidtear chun rochtain a fháil ar chóras TFC an fhiontair (amhail fíordheimhniú bunaithe ar mhéarloirg, guth, aghaidh)
(29)bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: fíordheimhniú bunaithe ar theaglaim de dhá mheicníocht fíordheimhniúcháin ar a laghad (i.e. teaglaim de phasfhocal atá sainithe ag an úsáideoir, pasfhocal aonuaire (OTP), cód a ghintear trí cheadchomhartha slándála nó a fhaightear trí fhón cliste, modh bithmhéadrach (bunaithe ar mhéarloirg, guth, aghaidh, mar shampla));
(30)bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: sonraí, doiciméid nó ríomhphoist a chriptiú
(31)bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: cúltaca sonraí a chóipeáil go suíomh ar leithligh (lena n-áirítear iad a chóipeáil go dtí an néal)
(32)bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: rialú ar rochtain ar an líonra (bainistiú chearta na n-úsáideoirí i líonra an fhiontair)
(33)bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: VPN (Líonra Príobháideach Fíorúil a chuireann an líonra príobháideach i bhfeidhm thar líonra poiblí chun gur féidir sonraí a mhalartú ar bhealach slán thar líonra poiblí);
(34)bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: córas faireacháin slándála TCF trínar féidir gníomhaíocht amhrasach sna córais TFC a bhrath agus foláireamh a thabhairt don fhiontar ina leith, seachas bogearraí neamhspleácha frithvíreas
(35)bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: comhaid loga a choinneáil chun gur féidir anailís a dhéanamh tar éis teagmhais slándála TFC
(36)bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: measúnú riosca TFC, i.e. measúnú tráthrialta ar dhóchúlacht agus ar iarmhairtí teagmhais slándála TFC
(37)bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: tástálacha slándála TFC (amhail tástálacha bréagionsaí, an córas foláirimh a thástáil, na córais chúltaca a thástáil)
(38)daoine fostaithe a chur ar an eolas faoina gcuid oibleagáidí ó thaobh cúrsaí slándála TFC de trí oiliúint dheonach nó trí fhaisnéis atá ar fáil go hinmheánach (amhail faisnéis ar an inlín)
(39)daoine fostaithe a chur ar an eolas faoina gcuid oibleagáidí ó thaobh cúrsaí slándála TFC de trí chúrsaí oiliúna éigeantacha nó trí ábhar féachana éigeantach
(40)daoine fostaithe a chur ar an eolas faoina gcuid oibleagáidí ó thaobh cúrsaí slándála TFC de trí bhíthin conartha (amhail conradh fostaíochta)
(41)doiciméid a bheith ar fáil ar bhearta, cleachtais nó nósanna imeachta um shlándáil TFC, amhail doiciméid maidir le slándáil TFC agus rúndacht sonraí a chuimsíonn oiliúint le haghaidh fostaithe ar úsáid TFC, bearta slándála TFC, measúnú ar bhearta slándála TFC agus pleananna chun doiciméid maidir le slándáil TFC a thabhairt cothrom le dáta
(42)teagmhais slándála a bhaineann le TFC a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: seirbhísí TFC gan bheith ar fáil i ngeall ar chliseadh crua-earraí nó bogearraí
(43)teagmhais slándála a bhaineann le TFC a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: seirbhísí TFC gan bheith ar fáil i ngeall ar ionsaí seachtrach amhail ionsaithe bogearraí éirice, ionsaithe Diúltaithe Seirbhíse
(44)teagmhais slándála a bhaineann le TFC a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: sonraí a scriosadh nó a éillíodh i ngeall ar chliseadh crua-earraí nó bogearraí
(45)teagmhais slándála a bhaineann le TFC a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: sonraí a scriosadh nó a éillíodh i ngeall ar ionfhabhtú ó bhogearraí mailíseacha nó ionradh neamhúdaraithe
(46)teagmhais slándála a bhaineann le TFC a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: sonraí rúnda a nochtadh i ngeall ar ionradh, atreorú mailíseach, ionsaí fioscaireachta, nó gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag fostaithe an fhiontair d’aon ghnó
(47)teagmhais slándála a bhaineann le TFC a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: sonraí rúnda a nochtadh i ngeall ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ag fostaithe an fhiontair nár gníomhaíochtaí a rinneadh d’aon ghnó iad
(48)gníomhaíochtaí a bhaineann le slándáil TCF amhail tástáil slándála, oiliúint TCF maidir le slándáil, teagmhais slándála TCF a réiteach (seachas uasghrádú bogearraí réamhphacáistithe) arna ndéanamh ag fostaithe an fhiontair féin (lena n-áirítear daoine atá fostaithe i máthairghnóthais nó i bhfiontair chleamhnaithe)
(49)gníomhaíochtaí TCF amhail tástáil slándála, oiliúint TCF maidir le slándáil, teagmhais slándála TFC a réiteach (seachas uasghrádú bogearraí réamhphacáistithe) arna ndéanamh ag soláthróirí seachtracha
(50)árachas i gcoinne teagmhais slándála TFC a bheith ann
|