RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) .../... ÓN gCOIMISIÚN
an 12.3.2021
lena gcinntear luachanna tagarmhairc athbhreithnithe maidir le lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2025 de bhun Airteagal 10a(2) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle 1 , agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 10a(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Cinneadh 2011/278/AE ón gCoimisiún 2 rinneadh 54 thagarmharc a chinneadh, ar tagarmharcanna iad a úsáidtear mar bhunús le leithdháileadh saor in aisce (na ‘tagarmharcanna’), agus rinneadh luachanna na dtagarmharcanna sin a chinneadh le haghaidh na tréimhse ó 2013 go 2020. Rinneadh Cinneadh 2011/278/AE a aisghairm agus a ionadú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún 3 ón 1 Eanáir 2021 agus leagadh síos sa Rialachán céanna túsphointí comhionanna le haghaidh chinneadh na rátaí laghdaithe bliantúla maidir le gach uasdátú ar luach tagarmhairc le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2030.
(2)A mhéid ab fhéidir, rinneadh na 54 luach tagarmhairc i gCinneadh 2011/278/AE a chinneadh ar bhonn sonraí maidir le héifeachtúlacht na suiteálacha aonair i ndáil le gáis ceaptha teasa, ar sonraí iad a chuir na comhlachais Eorpacha earnála faoi seach ar fáil de réir rialacha arna sainiú ag an gCoimisiún le treoirpháipéar agus ‘leabhair rialacha earnála’, mar a thugtar orthu. I bhfianaise chineál deonach an bhailithe sonraí, níor chumhdaigh an tacar sonraí na suiteálacha uile lena mbaineann. Bunaíodh 14 luach tagarmhairc táirge ar shonraí ó shuiteálacha aon táirge, toisc nár measadh go raibh sé indéanta astaíochtaí a shannadh do tháirgí aonair ag na suiteálacha iltáirge lena mbaineann laistigh den tréimhse ama a bhí ceadaithe. De bharr easpa sonraí ó shuiteálacha aonair, bunaíodh cúig luach tagarmhairc táirge, chomh maith leis na luachanna tagarmhairc teasa agus breosla, ar fhaisnéis ó Dhoiciméid Tagartha na Teicníochtaí is Fearr atá ar Fáil (BREFanna) nó ar litríocht eile. Bunaíodh ceithre luach tagarmhairc táirge ar luachanna tagarmhairc táirge eile chun cothrom iomaíochta a áirithiú do tháirgeoirí na dtáirgí céanna nó táirgí comhchosúla.
(3)Tá na luachanna tagarmhairc athbhreithnithe le cinneadh ar bhonn faisnéis fíoraithe maidir le héifeachtúlacht gás ceaptha teasa suiteálacha arna tuairisciú de bhun Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE le haghaidh na mblianta 2016 agus 2017. I gcás gach tagarmhairc, tá meánfheidhmíocht an 10 % de na suiteálacha is éifeachtúla in 2016 agus 2017 le ríomh. Ar bhonn comparáid idir na luachanna sin agus na luachanna tagarmhairc a leagtar amach i gCinneadh 2011/278/AE, a bhí bunaithe ar shonraí feidhmíochta le haghaidh na mblianta 2007 agus 2008, tá na rátaí laghdaithe bliantúla le cinneadh maidir le gach tagarmharc le haghaidh na tréimhse 9 mbliana ó 2007/2008 go 2016/2017. Tá na rátaí laghdaithe bliantúla sin le húsáid ansin chun na laghduithe comhfhreagracha ar na luachanna tagarmhairc a ríomh, trí bhíthin eachtarshuímh, le haghaidh na tréimhse 15 bliana ó 2007/2008 go 2022/2023. I gcomhréir le hAirteagal 10a(2) de Threoir 2003/87/CE, níor cheart an laghdú a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh na tréimhse 15 bliana a bheith níos lú ná 3 % ná níos airde ná 24 %. Tá feidhm ag forálacha sonracha chun na luachanna tagarmhairc a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh comhdhúile aramatacha, hidrigine, gás sintéiseach agus miotal te.
(4)An liosta de na suiteálacha ina bhfuil faisnéis is ábhartha maidir le lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce, chuir na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin é faoin 30 Meán Fómhair 2019 i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Threoir 2003/87/CE. Chun a áirithiú go bhfuil na luachanna tagarmhairc bunaithe ar shonraí cearta, rinne an Coimisiún grinnseiceálacha ar iomláine agus ar chomhsheasmhacht na sonraí is ábhartha maidir le lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce, agus úsáid á baint as uirlisí uathoibrithe freisin. I gcás inarbh iomchuí, d’iarr an Coimisiún soiléirithe agus ceartúcháin ar na húdaráis inniúla lena mbaineann. Mar thoradh ar an nós imeachta sin, fuair an Coimisiún tacar sonraí a bhí cruinn, comhsheasmhach agus inchomparáide maidir le héifeachtúlachtaí gáis cheaptha teasa na suiteálacha do-aistrithe go léir a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE. Úsáideadh an tacar sonraí ardcháilíochta sin chun na luachanna tagarmhairc athbhreithnithe a chinneadh le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2025 i gcás gach ceann de na 54 thagarmharc. Úsáideadh sonraí ó na foshuiteálacha uile a thagann faoi shainiú tagarmhairc shonraigh, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún, chun meánfheidhmíocht an 10 % de na suiteálacha is éifeachtúla sna blianta 2016 agus 2017 a chinneadh, mar a bhunaítear in Airteagal 10a(2) de Threoir 2003/87/CE agus in aithris (11) de Threoir (AE) 2018/410 4 .
(5)Bunaítear le hAirteagal 27 de Threoir 2003/87/CE go gceadaítear do na Ballstáit, faoi choinníollacha áirithe, suiteálacha a eisiamh ó EU ETS a thuairiscigh astaíochtaí níos lú ná 25 000 tona de choibhéis dé-ocsaíde carbóin agus, i gcás ina ndéanann siad gníomhaíochtaí dócháin, a bhfuil ionchur teirmeach rátaithe acu faoi bhun 35 MW, gan astaíochtaí ó bhithmhais a chur san áireamh. Bunaítear le hAirteagal 27a de Threoir 2003/87/CE go gceadaítear do na Ballstáit suiteálacha a eisiamh ó EU ETS freisin a thuairiscigh astaíochtaí níos lú ná 2 500 tona de choibhéis dé-ocsaíde carbóin, gan astaíochtaí ó bhithmhais a chur san áireamh. Bunaithe ar na forálacha sin, chinn roinnt Ballstát suiteálacha a eisiamh ó EU ETS le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2025. Níor cheart na suiteálacha sin a chur san áireamh agus na luachanna tagarmhairc athbhreithnithe á gcinneadh.
(6)Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 rialacha maidir le hastaíochtaí a chinneadh ar leibhéal na foshuiteála chun a áirithiú go gcaithfear go comhsheasmhach le hastaíochtaí a bhaineann le hallmhairiú, le honnmhairiú agus le táirgeadh inmheánach teasa intomhaiste, dramhghás ina bhfuil carbón agus CO2 aistrithe. Chun na críche sin, rinneadh na fachtóirí ábhartha astaíochta a chinneadh trí úsáid a bhaint as na luachanna tagarmhairc teasa agus breosla a tugadh cothrom le dáta ar a seal trí na rátaí laghdaithe bliantúla arna gcinneadh a chur i bhfeidhm. I gcás allmhairí teasa ag a bhfuil fachtóirí astaíochta nach eol nó nár sainíodh go soiléir agus i gcás onnmhairí teasa, úsáideadh luach 53,3 coibhéis tona CO2/TJ. Fuarthas an luach sin trí ráta laghdaithe bliantúil 1,6 % a chur i bhfeidhm ar luach an tagarmhairc teasa le haghaidh na tréimhse 9 mbliana ó 2007/2008 go 2016/2017. I gcás onnmhairí dramhgháis, rinneadh luach 37,4 coibhéis tona CO2/TJ a dhealú ó fhachtóir astaíochta iarbhír an dramhgháis. Comhfhreagraíonn an luach sin d’fhachtóir astaíochta an gháis nádúrtha (56,1 coibhéis tona CO2/TJ) arna iolrú faoi fhachtóir 0,667 lena dtugtar cuntas san éagsúlacht in éifeachtúlachtaí idir úsáid an dramhgháis agus úsáid ghás nádúrtha an bhreosla tagartha. I gcás allmhairí dramhgháis, úsáideadh luach 48,0 coibhéis tona CO2/TJ. Fuarthas an luach sin trí ráta laghdaithe bliantúil 1,6 % a chur i bhfeidhm ar luach an tagarmhairc breosla le haghaidh na tréimhse 9 mbliana ó 2007/2008 go 2016/2017.
(7)I gcás foshuiteálacha lena n‑allmhairítear táirgí idirmheánacha a bhfuil a dtáirgeadh faoi chumhdach theorainneacha córais an tagarmhairc táirge ábhartha agus i gcás nárbh indéanta na hastaíochtaí ceaptha teasa a chinneadh a bhaineann le táirgeadh na dtáirgí idirmheánacha sin bunaithe ar na sonraí a cuireadh isteach, níor cheart éifeachtúlachtaí gás ceaptha teasa na bhfoshuiteálacha lena mbaineann a chur san áireamh agus na luachanna tagarmhairc athbhreithnithe á gcinneadh. Baineann sé seo leis na nuashonruithe ar an luach tagarmhairc le haghaidh táirgí scaglainne, miotal te, dolaimít shintéaraithe, amóinia, hidrigine agus luaith shóide. I gcás foshuiteálacha lena n‑onnmhairítear táirgí idirmheánacha, agus i gcás nárbh indéanta na hastaíochtaí ceaptha teasa a chinneadh a bhaineann leis na próisis ina dhiaidh sin bunaithe ar na sonraí a cuireadh isteach, níor cheart éifeachtúlachtaí gás ceaptha teasa na bhfoshuiteálacha lena mbaineann a chur san áireamh agus na luachanna tagarmhairc athbhreithnithe á gcinneadh. Baineann sé seo leis an luach tagarmhairc a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh táirgí scaglainne, agus miotal te.
(8)An mhodheolaíocht chun astaíochtaí a shannadh d’fhoshuiteálacha éagsúla a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, d’fhéadfadh éifeachtúlachtaí diúltacha gás ceaptha teasa a bheith mar thoradh uirthi i gcásanna ina ndéantar an teas a tháirgtear agus úsáid á baint as breosla a bhfuil fachtóir astaíochta íseal aige a onnmhairiú chuig foshuiteálacha nó chuig suiteálacha eile. I gcásanna den sórt sin, ba cheart éifeachtúlacht gás ceaptha teasa na foshuiteála lena mbaineann a shocrú ag nialas chun na luachanna tagarmhairc athbhreithnithe a chinneadh.
(9)Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Athrú Aeráide,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: