Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C(2021)1442

TREOIR TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tréimhse bhailíochta díolúine maidir le mearcair a úsáid i nascóirí rothlacha leictreacha a úsáidtear i gcórais íomháithe ultrafhuaime ionsoithíche

C/2021/1442 final

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Chun coinneáil in oiriúint don dul chun cinn teicniúil, leasaítear leis an Treoir Tharmligthe seo ón gCoimisiún Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (athmhúnlú) 1 (RoHS) a mhéid a bhaineann le díolúine le haghaidh feidhmeanna sonracha ina bhfuil mearcair.

Le RoHS cuirtear srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach, mar a fhoráiltear in Airteagal 4 de. Tháinig sé i bhfeidhm an 21 Iúil 2011.

Is iad seo a leanas na substaintí a bhfuil srian orthu faoi láthair, mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le RoHS: luaidhe, mearcair, caidmiam, cróimiam heicsifhiúsach, défheinil pholabróimínithe (PBB), éitir dhéfheiníle pholabróimínithe (PBDE), bios(2-eitilheicsil) taláit (DEHP), taláit bhúitilbeinsile (BBP), taláit débhúitile (DBP) agus taláit dé-iseabúitile (DIBP). Liostaítear in Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann le RoHS ábhair agus comhpháirteanna trealaimh leictrigh agus leictreonaigh (TLL) le haghaidh feidhmeanna sonracha atá díolmhaithe ón srian ar shubstaintí in Airteagal 4(1) RoHS.

Déantar foráil in Airteagal 5 le haghaidh Iarscríbhinní III agus IV a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil (cuimsiú, athnuachan, leasuithe agus cúlghairm díolúintí). De bhun Airteagal 5(1)(a), níltear le díolúintí a áireamh in Iarscríbhinní III agus IV ach amháin mura lagóidh an t‑áireamh sin an chosaint don chomhshaoil agus don tsláinte a thugtar le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (REACH) 2 agus má chomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas: is dodhéanta go heolaíoch nó go teicniúil iad a dhíothú nó iad a ionadú trí athruithe ar an dearadh, nó trí ábhair agus chomhpháirteanna nach bhfuil aon cheann de na hábhair nó substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn II ag teastáil lena n‑aghaidh; ní áirithítear iontaofacht na n‑ionadach; nó is dócha gur mó na tionchair dhiúltacha iomlána don chomhshaol, don tsláinte agus do shábháilteacht an tomhaltóra a bheadh ann mar thoradh an ionadaithe ná na tairbhí don chomhshaol, don tsláinte agus do shábháilteacht an tomhaltóra.

Thairis sin, tá infhaighteacht na n‑ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe le cur san áireamh sna cinntí maidir le díolúintí, agus fad na ndíolúintí sin; agus cuirfear aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar an nuálaíocht san áireamh sna cinntí maidir le fad na ndíolúintí. Beidh smaointeoireacht saolré ar thionchar foriomlán an díolúine i bhfeidhm, i gcás inarb ábhartha.

Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 5(1) go n‑áireoidh an Coimisiún Eorpach (an Coimisiún) ábhair agus comhpháirteanna TLL le haghaidh feidhmeanna sonracha sna liostaí atá in Iarscríbhinní III agus IV trí bhíthin gníomhartha tarmligthe aonair i gcomhréir le hAirteagal 20. Le hAirteagal 5(3) agus Iarscríbhinn V, bunaítear an nós imeachta maidir le hiarratais a chur isteach i leith díolúine a dheonú, a athnuachan nó a chúlghairm.

2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH

Ó foilsíodh Treoir RoHS, tá a lán 3 iarrataí faighte ag an gCoimisiún ó oibreoirí eacnamaíocha, de réir na bhforálacha in Airteagal 5(3) agus Iarscríbhinn V, maidir le díolúintí nua a dheonú agus díolúintí atá ann cheana a athnuachan.

Le díolúine 42 atá in Iarscríbhinn IV faoi láthair, ceadaítear mearcair a úsáid i nascóirí rothlacha leictreacha a úsáidtear i gcórais íomháithe ultrafhuaime ionsoithíche a bhfuil ar a gcumas oibriú i modhanna oibriúcháin d’ardmhinicíocht (> 50 MHz).

Fuair an Coimisiún iarratas amháin ar athnuachan na díolúine sin i mí Dheireadh Fómhair 2017. Cé go raibh dáta éaga an 30 Meitheamh 2019 ag díolúine 42, i gcomhréir leis na ceanglais i dTreoir RoHS (Airteagal 5(5), an dara fomhír), leanfaidh sí d’fheidhm a bheith aici go dtí go bhfuil cinneadh maidir leis an iarratas ar athnuachan déanta ag an Coimisiún.

D'fhonn an t‑iarratas ar dhíolúine a mheas, sheol an Coimisiún staidéar chun an measúnú teicniúil agus eolaíoch is gá a dhéanamh, lena n‑áirítear comhairliúchán oscailte 7 seachtaine ar líne 4 leis na páirtithe leasmhara maidir leis an iarratas. Ní dhearnadh aon aighneacht maidir leis an gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara.

Foilsíodh an tuarascáil chríochnaitheach ina raibh an measúnú ar an iarratas 5 ; tugadh fógra do na páirtithe leasmhara.

Ina dhiaidh sin, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le grúpa saineolaithe na mBallstát maidir le gníomhartha tarmligthe faoi RoHS le linn cruinniú saineolaithe an 21 Deireadh Fómhair 2019. D’aontaigh na saineolaithe leis an dréacht a cuireadh i láthair, agus d’fhan grúpa mór saineolaithe ina dtost. Rinneadh na céimeanna uile is gá a bhaineann le díolúintí ón srian ar shubstaintí de bhun Airteagail 5(3) go 5(7) 6 . I gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, foilsíodh an dréacht‑Treoir Tharmligthe ar an Tairseach um Rialáil Níos Fearr ar feadh tréimhse 4 seachtaine le haghaidh aiseolas poiblí. Ní bhfuarthas aon bharúil. Tugadh fógra don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa faoi gach gníomhaíocht.

Sa tuarascáil chríochnaitheach leagadh béim go háirithe ar an bhfaisnéis theicniúil agus ar an measúnú seo a leanas:

·Is éard is íomháú ultrafhuaime ionsoithíche (IVUS) ann teicníc a astaíonn fuinneamh fuaime ó thrasduchtóir atá ag barr cataitéar beag a threoraítear isteach in artairí corónacha an chroí. Glacann an trasduchtóir le fuaimthonnta arna bhfrithchaite ó fhíocháin shoithíocha agus seoltar iad chuig consól an chórais, áit a dtaispeántar íomhá thrasghearrthach i bhfíor-am. Cuireann an teicníc IVUS léirshamhlú in vivo ar fáil de lúman an artaire chorónaigh, moirfeolaíocht bhalla an artaire chorónaigh, agus feistí (amhail steintíní) atá ar bhalla an artaire chorónaigh nó gar dá dhromchla. Úsáidtear mearcair i sciorrfháinní a sholáthraíonn conair na seoltachta leictrí idir an trasduchtóir rothlach agus an trealamh leictreonach suite. De thoradh an mhearcair, is féidir, inter alia, oibriúcháin ar mhinicíocht níos airde a dhéanamh as a mbaintear íomháú ar thaifeach níos airde, rud a théann chun tairbhe na n‑othar.

·Faoi láthair, tá sé dodhéanta go teicniúil mearcair a ionadú sna feidhmeanna lena mbaineann.

Léirítear i dtorthaí na meastóireachta nach lagóidh an díolúine sonrach an chosaint don chomhshaoil agus don tsláinte a thugtar le Rialachán REACH, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2011/65/AE. Thairis sin, comhlíontar ceann amháin ar a laghad de na critéir ábhartha a shonraítear in Airteagal 5(1)(a) leis an iarraidh ar dhíolúine: Ós rud é, i gcás na bhfeidhmeanna lena mbaineann, nach bhfuil aon rogha iontaofa eile ar fáil sa lá atá inniu ann nó nach dócha go dtiocfaidh sé ar an margadh go luath, tá údar maith leis an díolúine a dheonú agus uastréimhse bhailíochta aici go dtí an 30 Meitheamh 2026. Ós rud é nach bhfuil ionadaigh iontaofa ar fáil go fóill, ní mheastar go mbeidh aon tionchar diúltach socheacnamaíoch ag an ionadú don tréimhse seo. Ní mheastar go mbeidh drochthionchair ag an tréimhse bhailíochta a dheonófar ar an nuálaíocht ach oiread.

3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Leis an Treoir Tharmligthe deonaítear síneadh ar thréimhse bhailíochta díolúine a liostaítear in Iarscríbhinn IV de Threoir 2011/65/AE, chun mearcair a úsáid le haghaidh feidhmeanna sonracha.

Is Treoir Tharmligthe í an ionstraim, dá bhforáiltear i dTreoir 2011/65/AE, agus lena gcomhlíontar ceanglais ábhartha Airteagal 5(1)(a) di go háirithe.

Is é is cuspóir don Treoir Tharmligthe cuidiú le sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint agus na forálacha maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i réimse an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a chomhfhogasú, trí úsáid substaintí a bhfuil toirmeasc orthu seachas sin a cheadú i gcomhair feidhmeanna sonracha, i gcomhréir le forálacha RoHS agus faoi choinníollacha RoHS agus an nós imeachta atá bunaithe inti chun Iarscríbhinní III agus IV a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

Níl aon impleacht ag an treoir tharmligthe maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh.

TREOIR TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN

an 8.3.2021

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tréimhse bhailíochta díolúine maidir le mearcair a úsáid i nascóirí rothlacha leictreacha a úsáidtear i gcórais íomháithe ultrafhuaime ionsoithíche

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach 7 , agus go háirithe Airteagal 5(1)(a) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Treoir 2011/65/AE ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Ní bhaineann an srian sin le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a bhaineann go sonrach le feistí leighis agus uirlisí faireacháin agus rialaithe agus a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)Is substaint é Mearcair a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)Le Treoir Tharmligthe (AE) 2015/574 8 , dheonaigh an Coimisiún díolúine maidir le mearcair a úsáid i gcórais íomháithe ultrafhuaime ionsoithíche (‘an díolúine’), tríd an bhfeidhm sin a áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 30 Meitheamh 2019, i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 5(2) den Treoir sin.

(5)Fuair an Coimisiún iarratas ar athnuachan na díolúine (‘an iarraidh ar athnuachan’) an 6 Deireadh Fómhair 2017 atá laistigh den teorainn ama a leagadh síos in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE. I gcomhréir leis an bhforáil sin, beidh an díolúine bailí go dtí go mbeidh cinneadh glactha ar an iarraidh ar athnuachan.

(6)Áiríodh le meastóireacht na hiarrata ar athnuachan comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(7)Úsáidtear mearcair i nascóirí rothlacha leictreacha na gcóras íomháithe ultrafhuaime ionsoithíche a sholáthraíonn conair na seoltachta leictrí idir an trasduchtóir rothlach agus an trealamh leictreonach suite. De thoradh an mhearcair, is féidir, inter alia, oibriúcháin ar mhinicíocht níos airde a dhéanamh as a mbaintear íomháú ar thaifeach níos airde, rud a théann chun tairbhe na n‑othar.

(8)De dheasca easpa roghanna eile, is dodhéanta go heolaíoch agus go teicniúil mearcair a ionadú nó a dhíothú faoi láthair i gcás na bhfeidhmeanna lena mbaineann. Tá an díolúine i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 , agus ar an gcaoi sin ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi.

(9)Dá bhrí sin, is iomchuí an athnuachan ar an díolúine a dheonú.

(10)Ba cheart an díolúine a athnuachan ar feadh na tréimhse uasta 7 mbliana go dtí 30 Meitheamh 2026, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) agus an tríú fomhír d’Airteagal 5(2) de Threoir 2011/65/AE. I bhfianaise thorthaí na n‑iarrachtaí leanúnacha chun teacht ar ionadú iontaofa, ní dócha go mbeidh drochthionchair ag tréimhse na díolúine ar an nuálaíocht.

(11)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [lá deireanach den 12ú mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón [lá deireanach den 12ú mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo + 1 lá].

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8.3.2021

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)    IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.
(2)    IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.
(3)    Tá an liosta ar fáil ag: http://ec.europa.eu/environment/waste/rohs_eee/adaptation_en.htm
(4)     An tréimhse chomhairliúcháin : ón 31 Deireadh Fómhair 2018 go dtí an 19 Nollaig 2018.
(5)

    https://op.europa.eu/en/publication‑detail/-/publication/7e6bf135-f0b9-11e9-a32c-01aa75ed71a1/language-en/format‑PDF/source-120742148  

(6)    Tá liosta de na céimeanna riaracháin is gá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin . Is féidir féachaint ar chéim reatha an nós imeachta maidir le gach dréachtghníomh tarmligthe i gClárlann Idirinstitiúideach na nGníomhartha Tarmligthe ag https://webgate.ec.europa.eu/regdel/#/home.
(7)    IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.
(8)    Treoir Tharmligthe (AE) 2015/574 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2015 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine maidir le mearcair a úsáid i gcórais íomháithe ultrafhuaime ionsoithíche (IO L 94, 10.4.2015, lch. 6).
(9)    Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
Top

IARSCRÍBHINN

In iontráil 42 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

‘Rachaidh an díolúine in éag an 30 Meitheamh 2026.’

Top