Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document Ares(2026)2953592

Framework for the promotion and use of energy from renewable sources

GLAO AR FHIANAISE

LE hAGHAIDH MEASÚNÚ TIONCHAIR

Teideal an tionscnaimh

Creat Fuinnimh in‑athnuaite a leagan amach le haghaidh na 10 mbliana amach romhainn

Príomh-AS (an taonad atá freagrach)

An Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh, PLAN/2025/1953

Aonad C1: Beartas maidir le Foinsí Fuinnimh In‑Athnuaite agus Comhtháthú Córas Fuinnimh

Aonad C2: Dícharbónú agus Inbhuanaitheacht Foinsí Fuinnimh

An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann

Beart reachtach

Amchlár táscach

R4-2026

Eolas breise

https://energy.ec.europa.eu/topics/renewable-energy_ga

Is ar mhaithe le heolas a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air anseo, an t‑amchlár san áireamh.

A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta

An comhthéacs polaitiúil

Clár Oibre 2026 an Choimisiúin a fógraíodh chun an Eoraip a choimeád ar an mbóthar ceart chun a spriocanna aeráide a bhaint amach agus chun creat cumasúcháin a chur chun cinn freisin le haghaidh na 10 mbliana amach romhainn lena ndaingneofar iomaíochas agus inbhuanaitheacht na hEorpa, cuir i gcás, tríd an gcreat éifeachtúlachta fuinnimh a bhunú. Rannchuideoidh glacadh méadaithe foinsí fuinnimh in‑athnuaite le slándáil agus neamhspleáchas fuinnimh, inacmhainneacht fuinnimh, iomaíochas agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a chinntiú. Beidh gá le fás mór ar fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite chun astaíochtaí GCT an Aontais a laghdú 90 % faoi 2040, bunaithe ar an leasú ar an Dlí Aeráide Eorpach arna chomhaontú go sealadach ag na comhreachtóirí. Beidh gá freisin le foinsí fuinnimh in‑athnuaite a chomhtháthú go héifeachtach in earnáil na cumhachta, agus le leictriú costéifeachtach úsáidí deiridh ar fud earnálacha éilimh a fheabhsú chun a dtairbhí a thabhairt do shaoránaigh, don earnáil tionsclaíochta agus do ghnólachtaí, FBManna san áireamh. Cuireann an tionscnamh seo leis an gCompás Iomaíochais agus leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus tá dlúthbhaint aige leis an athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Rialachas, le Dlí Aeráide 2040, leis an gcreat éifeachtúlachta fuinnimh arna thabhairt cothrom le dáta, leis an bPlean Gníomhaíochta um an Leictriúchán atá ar na bacáin agus leis an Straitéis um Théamh agus Fuarú chomh maith le próisis athbhreithnithe le haghaidh Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais agus na spriocanna náisiúnta tar éis 2030 i gcreat beartais aeráide an Aontais.

An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi

Tá foinsí fuinnimh in‑athnuaite i measc na bhfoinsí leictreachais is iomaíche, agus tá siad lárnach don tslándáil fuinnimh agus don inacmhainneacht fuinnimh. Bhí thart ar 1,8 milliún post in earnáil na bhfoinsí fuinnimh in‑athnuaite san Aontas in 2024, méadú ó 1,2 milliún in 2015. Laistigh de 13 bliana, tá méadú faoi dhó tagtha ar sciar na bhfoinsí fuinnimh in‑athnuaite i meascán fuinnimh an Aontais agus fásann sé níos mó ná 3 % in aghaidh na bliana, ach tá dúshláin fós ann, go háirithe in earnálacha an téimh agus an fhuaraithe agus an iompair. Ní leor an ráta fáis atá ann faoi láthair maidir le foinsí fuinnimh in‑athnuaite chun an sciar ard foinsí fuinnimh in‑athnuaite is gá a bhaint amach in 2040, i gcomparáid leis an sciar atá ann faoi láthair, arb é atá ann 25,2 % (2024). D’ainneoin an dul chun cinn a rinneadh le blianta beaga anuas, in earnáil an leictreachais den chuid is mó, tá na príomhfhadhbanna seo a leanas roimh ghlacadh méadaithe foinsí fuinnimh in‑athnuaite:

·Tá srianta ar an gcóras leictreachais maidir le dul i bhfód ard giniúna foinsí fuinnimh in‑athnuaite a ionsú, rud a bhaineann le hacmhainneacht na heangaí agus le heaspa solúbthachta.

·Mar gheall ar an ardú ar uaireanta an chloig de phraghsanna ísle agus diúltacha sna margaí leictreachais, a eascraíonn as giniúint inathraitheach neamh-inseolta foinsí fuinnimh in‑athnuaite, mar shampla, an ghaoth nó an ghrian, ní bhíonn infheistíochtaí breise chomh tarraingteach céanna.

·Uaireanta cuirtear i gcoinne tionscadail um fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite ar an leibhéal áitiúil.

·Níl dul chun cinn á dhéanamh maidir le leictriú an éilimh, rud a thabharfadh giniúint foinsí fuinnimh in‑athnuaite chuig earnálacha éilimh breise.

·Baineann costais tosaigh arda le téamh agus fuarú a thiontú go foinsí fuinnimh in‑athnuaite nó bíonn sé casta do thomhaltóirí, d’ainneoin na hacmhainneachta coigilte costais.

·Iomaíochas praghsanna breoslaí áirithe ó fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite a bhfuil gá leo chun earnálacha a bhfuil sé deacair srian a chur leo a dhícharbónú, cuireann sé bac ar a nglacadh.

·Le forbairt bhithgheilleagar an Aontais, d’fhéadfadh an bhithmhais éirí níos teirce agus níos teirce le haghaidh úsáidí bithfhuinnimh.

·D’fhéadfadh glacadh teicneolaíochtaí nuálacha a bhaineann le foinsí fuinnimh in‑athnuaite agus cineálacha nuálacha cur in úsáid a bheith níos tapúla. 

·Tá an phleanáil agus an ceadú le haghaidh tionscadail um fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite fós mall (go dtí go gcuirfear na rialacha maidir le ceadú chun feidhme go hiomlán sa Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite, go nglacfar agus go gcuirfear chun feidhme eangacha, foinsí fuinnimh in‑athnuaite agus bearta luasghéaraithe maidir le cur in úsáid stórála sa Phacáiste um na hEangacha Eorpacha agus go nglacfar agus go gcuirfear chun feidhme an Rialachán atá beartaithe maidir le dlús a chur le measúnuithe comhshaoil).

An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta)  

Bunús dlí

Airteagal 194(2), agus, más iomchuí, Airteagal 192(1) agus Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 

An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE

Chun feabhas a chur ar shlándáil fuinnimh agus ar iomaíochas an Aontais trí fhorbairt chostéifeachtúil luathaithe foinsí fuinnimh in‑athnuaite, mar aon le bearta maidir le comhtháthú córas fuinnimh agus leictriú úsáidí deiridh, tá gá le cur chuige comhordaithe chun leas iomlán a bhaint as na buntáistí a bhaineann le barainneachtaí scála agus leis an gcomhar teicneolaíoch san Aontas, agus leis an margadh inmheánach fuinnimh. Thairis sin, is dúshlán trasteorann é an aeráidneodracht a bhaint amach nach féidir a réiteach le gníomhaíocht náisiúnta amháin. Le gníomhaíocht AE, seachnaítear cur chuige ilroinnte trí aghaidh a thabhairt ar aistriú an chórais fuinnimh ar bhealach comhordaithe, lena gcinntítear laghdú ar astaíochtaí GCT agus ar thruailliú, lena gcosnaítear an bhithéagsúlacht agus lena mbaintear leas as tairbhí an mhargaidh inmheánaigh, rud a thugann cinnteacht d’infheisteoirí i gcreat rialála uile-Aontais.

B. Na cuspóirí agus na roghanna beartais

Ba cheart gurbh iad na cuspóirí uileghabhálacha iomaíochas agus athléimneacht an Aontais a neartú trí fhuinneamh iontaofa, dúchasach, inacmhainne agus dícharbónaithe a chinntiú do shaoránaigh, don earnáil tionsclaíochta agus do ghnólachtaí na hEorpa (FBManna san áireamh), agus a chinntiú go rannchuideoidh foinsí fuinnimh in‑athnuaite leis an sprioc maidir le laghdú 90 % ar GCT a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Sa chomhthéacs sin, is éard a bheadh i gcuspóirí straitéiseacha an chreata nuashonraithe dlús a chur le hinfheistíochtaí i bhfoinsí fuinnimh in‑athnuaite ar bhealach costéifeachtach; an creat cumasúcháin a neartú chun foinsí fuinnimh in‑athnuaite a chomhtháthú in earnáil an leictreachais; feabhas a chur ar chomhtháthú an chórais fuinnimh agus an leictriú a éascú ar fud na n‑earnálacha éilimh; glacadh breoslaí agus teicneolaíochtaí in‑athnuaite nach bhfuil iomaíoch ó thaobh costais de go fóill a dhreasú, agus iomaíochas an gheilleagair á chaomhnú an tráth céanna, agus an nuálaíocht a spreagadh; feabhas a chur ar an gcreat bithfhuinnimh; intuarthacht agus cinnteacht chonair an aistrithe fuinnimh a chinntiú; agus an creat foriomlán agus na nósanna imeachta rialála agus riaracháin a chuíchóiriú.

Ba cheart measúnú a dhéanamh freisin ar an bhféidearthacht na rialacha agus na bearta a chuíchóiriú ar fud na réimsí fócais éagsúla. Ba cheart breithniú a dhéanamh sa chreat ar an laghdú ar linn aistrithe carbóin an Aontais, mar a luaitear i dTuarascáil 2025 an Aontais ar Dhul Chun Cinn maidir le Gníomhú ar son na hAeráide, agus féachaint ar roghanna chun úsáid níos éifeachtúla agus níos spriocdhírithe bithmhaise inbhuanaithe le haghaidh fuinnimh a chinntiú.

I measc na roghanna beartais tá na nithe seo a leanas: an fócas a aistriú chuig tacaíocht, faireachán agus treoraíocht ar leibhéal an Aontais; idirdhealú a dhéanamh idir teicneolaíochtaí aibí atá iomaíoch ó thaobh costais de cheana féin agus teicneolaíochtaí agus breoslaí atá ag teacht chun cinn a bhfuil dreasachtaí rialála níos spriocdhírithe ag teastáil ina leith; feabhas a chur ar an gcreat atá ann faoi láthair, ar bhearta na mBallstát agus ar oibleagáidí oibreoirí eacnamaíocha agus iad a chuíchóiriú.

C. Na tionchair is dócha a bheidh ann

Is dócha go mbeidh tionchair dhearfacha eacnamaíocha ag an tionscnamh, rud a chuirfidh dlús le hinfheistíochtaí i nginiúint agus i stóráil foinsí fuinnimh in‑athnuaite, a chuirfidh borradh faoi shreafaí fuinnimh trasteorann, a laghdóidh costais an chórais agus a threiseoidh an tslándáil fuinnimh.

Le héifeachtúlacht mhéadaithe an chórais fuinnimh, cuirfear teorainn le costais le haghaidh na dtomhaltóirí uile agus, dá bhrí sin, rannchuideofar leis an gcuspóir fuinneamh inacmhainne a chinntiú agus cur leis an iomaíochas foriomlán.

I dtéarmaí na dtionchar ar an gcomhshaol, trí fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite inbhuanaithe a chur in ionad breoslaí iontaise, laghdófar astaíochtaí GCT agus truailleán aeir, agus ar an gcaoi sin rachfar i ngleic le dhá phríomhchúis le cailliúint na bithéagsúlachta. Déanfar fo-éifeachtaí féideartha ar an gcomhshaol a mheas agus, i gcás inar gá, tabharfar aghaidh orthu trí bhearta maolaithe.

Ó thaobh tionchair shóisialta de, ba cheart go mbeadh tionchar dearfach ag an tionscnamh seo ar inacmhainneacht fuinnimh, ar chruthú post agus ar an tslándáil fuinnimh.

D. Ionstraimí maidir le Rialáil Níos Fearr

Measúnú tionchair

Tá measúnú tionchair á dhéanamh chun tacú le hullmhú an tionscnaimh seo.

An straitéis chomhairliúcháin

Foilseoidh an Coimisiún an glao seo ar fhianaise agus seolfaidh sé comhairliúchán poiblí ar an tairseach ‘Cloisimis uait’. Ina theannta sin, seoladh an glao ar fhianaise i ndáil leis an Athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide an 18 Nollaig 2025. 

Leis an gcomhairliúchán, lorgófar aiseolas maidir leis an gcur chun feidhme faoi láthair agus tionchar chreat rialála an Aontais d’fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite agus fiosrófar an gá atá le gníomhaíocht agus réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann. Baileofar ionchur sa chomhairliúchán freisin maidir le sainiú na faidhbe, roghanna beartais féideartha agus na tionchair is dócha a bheidh acu chomh maith leis na féidearthachtaí le haghaidh bearta um fheabhsú éifeachtúlachta agus um shimpliú. 

Sa bhreis ar an nglao seo ar fhianaise agus ar an gcomhairliúchán poiblí, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara in imeacht amháin nó i roinnt imeachtaí leo.

Foilseofar tuarascáil achomair fhíorasach ar leathanach an chomhairliúcháin tar éis dheireadh an chomhairliúcháin phoiblí.

Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn?

Is é is aidhm don chomhairliúchán seo fianaise, faisnéis, sonraí agus aiseolas a bhailiú maidir leis an gcaoi a bhféadfaí foinsí fuinnimh in‑athnuaite a chur chun cinn sa tréimhse tar éis 2030 d’fhonn a chinneadh cén ghníomhaíocht AE bhreise is gá chun cuspóirí 2040 agus cuspóirí ina dhiaidh sin a bhaint amach.

An spriocphobal

Tá fáilte roimh gach duine aonair agus gach eagraíocht páirt a ghlacadh sa ghlao seo ar fhianaise agus freagra a thabhairt ar an gcomhairliúchán poiblí.

Is dócha gurb iad na páirtithe leasmhara seo a leanas is mó a mbeidh suim acu sa tionscnamh seo: rialtais - rialtais ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil san áireamh; tionscnóirí tionscadal um fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite; táirgeoirí fuinnimh agus comhlachais tionscail i réimse na bhfoinsí fuinnimh in‑athnuaite; Oibreoirí Córais Tarchurtha agus Dáileacháin; tionscail dianfhuinnimh; soláthraithe bithmhaise, tionscail bhithgheilleagair; eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí tomhaltóirí san áireamh; an lucht acadúil agus meithleacha machnaimh; pobail áitiúla; agus institiúidí airgeadais. Iarraimid freisin ar thaighdeoirí agus ar chomhlachais eolaíochta taighde, anailísí agus sonraí ábhartha, bíodh siad foilsithe nó réamhchlóite, a chur isteach. Tá suim ar leith againn in aighneachtaí ina ndéantar staid reatha an eolais i réimsí ábhartha a shintéisiú.

Top