Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document Ares(2025)7630047

Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Region on the Five-year European migration and asylum Strategy

GLAO AR FHIANAISE

LE hAGHAIDH TIONSCNAIMH (gan measúnú tionchair)

Teideal an tionscnaimh

Imirce agus tearmann – Straitéis Eorpach 5 bliana maidir le himirce agus tearmann

Príomh‑AS – an t‑aonad atá freagrach

AS HOME – Aonad A.1

An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún

Amchlár táscach

R4-2025

Eolas breise

an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann

Is ar mhaithe le heolas a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air sa doiciméad seo, an t‑amchlár san áireamh.

A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta

An comhthéacs polaitiúil

Mar a leagtar amach i dTreoirlínte Polaitiúla an Uachtaráin von der Leyen 2024-2029 agus i litir mhisin an Choimisinéara Brunner, is dúshlán Eorpach í an imirce nach mór aghaidh a thabhairt uirthi le réiteach Eorpach. Is é is aidhm do phacáiste reachtach an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann a glacadh in 2024 cosaint a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil gá acu léi, teorainneacha an Aontais a chosaint, próisis chothroma éifeachtúla a chinntiú agus an imirce a bhainistiú ar bhealach ordúil a bhfuil an dlúthpháirtíocht ina chroílár.

Leagtar amach cur chuige cuimsitheach maidir leis an imirce agus an tearmann sa Chomhshocrú. Cuimsítear leis sin béim leanúnach ar ghné inmheánach an Aontais, gné atá bunaithe ar an ullmhacht maidir le teacht i bhfeidhm an chreata dhlíthiúil nua i mí an Mheithimh 2026 den chuid is mó, mar aon le béim ar an ngné sheachtrach, ina n‑iarrtar go neartófaí comhpháirtíochtaí cuimsitheacha le príomhthíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus comhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta ar an leibhéal réigiúnach agus domhanda.

San am céanna, is próiseas dinimiciúil seachas próiseas aonuaire é cur chun feidhme an Chomhshocraithe agus ní mór dearcadh straitéiseach a bheith mar bhonn leis lena ndéantar na gnéithe agus leasanna éagsúla i mbeartas imirce agus tearmainn an Aontais Eorpaigh a chothromú sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Mar a cheanglaítear le hAirteagal 7 den Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce 1 , tá a straitéisí náisiúnta um bainistiú tearmainn agus imirce ullmhaithe ag na Ballstáit agus tarchurtha chuig an gCoimisiún acu.

Ar an mbonn sin, tá sé de chúram ar an gCoimisiún an chéad straitéis Eorpach fhadtéarmach um bainistiú tearmainn agus imirce a tharraingt suas le haghaidh na 5 bliana amach romhainn. Beidh sí ina creat dár bhfís réamhbhreathnaitheach chun cur chun feidhme comhsheasmhach na straitéisí náisiúnta a chinntiú agus leagfar amach inti an treo le haghaidh na chéad chéimeanna eile ar an leibhéal Eorpach ionas go mbainfear lánacmhainneacht an Chomhshocraithe amach.

An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi

Le hAirteagal 78 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunaíodh an comhbheartas maidir le tearmann, cosaint choimhdeach agus cosaint shealadach, agus le hAirteagal 79 bunaíodh comhbheartas inimirce. Cuimsíonn sé raon leathan réimsí ina bhfuil creat dlíthiúil agus/nó comhar oibríochtúil bunaithe ag an Aontas trí thacaíocht mhór airgeadais a thabhairt do na Ballstáit. Cumhdaítear leis: (i) an comhchóras Eorpach tearmainn; (ii) an imirce neamhrialta a chosc agus an smuigleáil imirceach a chomhrac; (iii) filleadh agus athligean isteach; (iv) imirce dhleathach agus bealaí dlíthiúla chun cosanta; agus (v) lánpháirtiú.

Tá nasc idir beartas imirce agus tearmainn an Aontais Eorpaigh le bunú limistéir gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha. Tá beartas an Aontais um bainistiú teorainneacha bunaithe ar Airteagal 77 CFAE, ar dá réir a fhorbróidh an tAontas beartas chun ‘(i) a chinntiú nach mbeidh aon rialú ar dhaoine, cibé náisiúntacht atá acu, agus iad ag trasnú teorainneacha inmheánacha; (ii) seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine agus faireachán éifeachtúil a dhéanamh ar thrasnú teorainneacha seachtracha; agus (iii) a chinntiú go dtabharfar córas comhtháite bainistithe le haghaidh teorainneacha seachtracha isteach de réir a chéile’.

Is ábhar mór íogaireachta polaitiúla é beartas an Aontais um imirce, tearmann agus bainistiú teorainneacha. I bpobalbhreitheanna, bíonn an imirce i measc phríomhábhair imní na saoránach den Aontas Eorpach go tráthrialta. Dar leo gur cheart don Aontas bearta a dhéanamh sa mheántéarma i réimse na slándála agus na cosanta (39%), agus ina dhiaidh sin sa gheilleagar (29%), i réimse na himirce (24%), agus i réimse na haeráide agus an chomhshaoil (24%) 2 . Measann Eorpaigh óga go bhfuil an imirce neamhrialta (29%) ar cheann de na dúshláin is mó atá roimh an Aontas. Creideann 26 % díobh gur cheart go mbeadh an imirce ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Aontais 3 .

An 1 Eanáir 2024, bhí 29 milliún náisiúnach tríú tír ina gcónaí san Aontas, is é sin 6.4% de dhaonra iomlán an Aontais. Is méadú mór tapa é sin i gcomparáid leis an 1 Eanáir 2022 (23.8 milliún, 5.3%) agus is é is cúis leis sin an líon ard daoine easáitithe ón Úcráin a bhfuil a bhformhór ag tairbhiú de chosaint shealadach san Aontas faoi láthair. An 25 Meitheamh 2025, bhí 4.5 milliún clárúchán cosanta sealadaí gníomhach de dhaoine easáitithe ón Úcráin san Aontas.

In 2024, d’eisigh na Ballstáit 3.7 milliún cead cónaithe céaduaire, ar eisíodh beagnach dhá thrian díobh ar chúiseanna oibre agus teaghlaigh, agus 9.7 milliún víosa ghearrthéarmach Schengen. Tá ról tábhachtach ag an imirce lucht saothair in iomaíochas an Aontais, i bhfianaise na ndúshlán déimeagrafach agus na mbearnaí scileanna a cheanglaíonn défhócas: acmhainneacht an lucht saothair intíre a uasmhéadú, agus tallann á mhealladh. Meastar go dtiocfaidh laghdú ar an daonra in aois oibre ó 265 milliún in 2022 go 258 milliún in 2030 4 . Ghéaródh sé sin ar na ganntanais lucht saothair atá roimh an Aontas. Tá beagnach 3 % de na poist ar fud an Aontais fós folamh, fiú amháin tar éis iarrachtaí chun an lucht saothair intíre a uas‑sciliú, a athsciliú agus a ghníomhachtú. Thairis sin, tá ganntanais scileanna i gcás ar a laghad ról poist amháin ina ngnólachtaí roimh trí cheathrú (74%) de ghnólachtaí beaga san Eoraip.

Chláraigh an tAontas thart ar 240 286 trasnú teorann neamhrialta in 2024, líon atá i bhfad níos lú ná an 1.8 milliún trasnú a cláraíodh in 2015 ag buaic ghéarchéim na ndídeanaithe.

In 2024, taisceadh 996 805 iarratas ar chosaint idirnáisiúnta san Aontas, líon atá 12% níos lú ná mar a taisceadh in 2023 (1.1 milliún), agus ba é sin an líon ab airde iarratas ó bhí an bhuaic ann in 2015/2016. In 2024, 42% a bhí ar ráta glactha an Aontais le haghaidh cinntí céadchéime.

Tá ráta fillidh íseal ar an iomlán os comhair an Aontais maidir le náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil an ceart fanachta acu. In 2024, 24% a bhí ar an ráta fillidh éifeachtach (cion na ndaoine sin a cuireadh ar ais go héifeachtach agus na ndaoine sin ar ordaíodh dóibh an tAontas a fhágáil).

I bhfianaise na ndúshlán agus na ndeiseanna ilghnéitheacha sin mar aon le tírdhreach geopholaitiúil atá ag éirí níos casta, ní mór don Aontas dlús a chur lena iarrachtaí cur chuige cuimsitheach a chur chun feidhme chun sreabha imirce rialta agus neamhrialta i dtreo an Aontais a bhainistiú. Céim thábhachtach sa treo sin ab ea glacadh an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann in 2024.

Chun go mbainfear acmhainneacht iomlán an Chomhshocraithe amach sa chleachtas, tá gá le hinfheistíochtaí fadtéarmacha chun córas bainistithe tearmainn agus imirce atá éifeachtúil agus athléimneach a fhorbairt agus comhpháirtíochtaí le tíortha comhpháirtíochta nach Ballstáit den Aontas iad a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh. Tá sé d’aidhm ag an straitéis Eorpach fhadtéarmach um bainistiú tearmainn agus imirce an cur chuige cuimsitheach a fhorbairt a thuilleadh, lena leagtar síos an treo le haghaidh na chéad 5 bliana eile ar an leibhéal Eorpach.

An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta)

Bunús dlí

Le hAirteagal 8 den Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, ceanglaítear go nglacfar an chéad straitéis Eorpach fhadtéarmach um bainistiú tearmainn agus imirce faoin 12 Nollaig 2025.

An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE

Tá gá le straitéis uile-Aontais um bainistiú tearmainn agus imirce chun treoshuíomhanna straitéiseacha a leagan síos maidir le beartas imirce an Aontais.

B. Aidhm an tionscnaimh agus conas a chuirfear i gcrích í

Tá sé d’aidhm ag an straitéis Eorpach um bainistiú tearmainn agus imirce go gcuirfear leis an gcur chuige cuimsitheach i leith na himirce a d’fhorbair an Coimisiún le blianta beaga anuas. Cinnteoidh sé sin go mbainfidh an creat dlíthiúil nuaghlactha maidir le himirce agus tearmann a lánacmhainneacht amach i gcomhréir le Treoirlínte Polaitiúla an Uachtaráin von der Leyen le haghaidh 2024-2029 agus le litir mhisin an Choimisinéara Brunner.

Ar bhonn léiriú staide ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, leagfar amach príomhthosaíochtaí le linn na chéad tréimhse 5 bliana eile sa straitéis. Cuimseofar cuspóirí meántéarmacha agus fadtéarmacha inti, agus sainaithneofar príomhthionscnaimh léi a rannchuideoidh le cur chun feidhme éifeachtúil an Chomhshocraithe, agus tionscnaimh bhreise chun é a chomhlánú ar bhealach cuimsitheach á meas san am céanna. Réiteoidh sí an bealach freisin i ndáil le húsáid an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile agus ról gníomhaireachtaí de chuid an Aontais (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais). Thairis sin, ba cheart go gcuirfeadh an straitéis leis na straitéisí náisiúnta atá glactha ag na Ballstáit agus an cur chuige comhtháite ceaptha beartas/uile-rialtais a léiriú freisin.

Mar a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5 den Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, cuimseofar gnéithe a bhaineann leis an méid seo a leanas i gcuspóirí na straitéise:

1.Gnéithe inmheánacha:

oBainistiú teorainneacha: Feabhas a chur ar bhainistiú theorainneacha seachtracha an Aontais chun an tslándáil agus an imirce ordúil a chinntiú.

oUrraim don dlí idirnáisiúnta: Comhlíontacht oibleagáidí idirnáisiúnta agus oibleagáidí an Aontais a chinntiú, go háirithe i gcás daoine aonair a tarrtháladh ar muir.

oPróisis chosanta: Rochtain phras chothrom ar phróisis cosanta idirnáisiúnta a éascú d’iarrthóirí tearmainn.

oLeithdháileadh freagrachta: A shainiú go soiléir cén Ballstát atá freagrach as iarratas ar thearmann a phróiseáil.

oGluaiseachtaí tánaisteacha: Bearta a chur chun feidhme chun gluaiseacht neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír ar fud na mBallstát a dhíspreagadh agus a chosc.

oCoinníollacha glactha: A chinntiú go mbeidh rochtain ag iarratasóirí ar shaoráidí glactha leormhaithe.

oNósanna imeachta um fhilleadh: Filleadh daoine nach bhfuil an ceart fanachta dlíthiúil acu a bhainistiú go héifeachtúil.

oTacaíocht um lánpháirtiú: Lánpháirtiú na ndaoine sin a dtugtar cosaint idirnáisiúnta dóibh a spreagadh.

oAn dúshaothrú a chosc: Dul i ngleic leis an dúshaothrú agus an fhostaíocht neamhdhleathach a laghdú.

2.Gnéithe seachtracha:

oBealaí dlíthiúla imirce: Bealaí dlíthiúla imirce a chur chun cinn le haghaidh na daoine sin a bhfuil cosaint de dhíth orthu agus do dhaoine eile atá ag lorg áit chónaithe.

oTacaíocht do thíortha óstacha: Cuidiú le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad a óstálann pobail mhóra imirceach agus dídeanaithe a n‑inniúlachtaí bainistithe a neartú agus cearta an duine á n‑urramú san am céanna.

oAn inimirce neamhrialta a chosc: Smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí, agus iarratais dhlisteanacha ar chosaint idirnáisiúnta a cheadú.

oAghaidh a thabhairt ar chúiseanna imirce: Dul i ngleic le na bunchúiseanna atá leis an imirce neamhrialta agus leis an easáitiú éigeantach.

oFilleadh agus ath‑imeascadh: Bearta éifeachtacha um fhilleadh, athligean isteach agus ath‑imeascadh éifeachtach a neartú.

oCur chun feidhme bheartas víosaí an Aontais: A chinntiú go gcuirfí an comhbheartas víosaí chun feidhme go comhsheasmhach.

Beidh an straitéis bunaithe ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta mar a leagtar amach in Airteagal 80 de CFAE. Is é an aidhm atá ann feidhmiú éifeachtach bheartais an Aontais um imirce, tearmann agus bainistiú, le leas coiteann na mBallstát ar fad.

Na tionchair is dócha a bheidh ann

Feidhmeoidh straitéis 5 bliana an Aontais Eorpaigh um bainistiú tearmainn agus imirce mar chreat straitéiseach, lena dtreorófar forbairt agus cur chun feidhme bheartas imirce agus tearmainn an Aontais Eorpaigh sna blianta atá le teacht. Is éard a bheidh inti Teachtaireacht ón gCoimisiún agus ní bheidh modhnuithe ar reachtaíocht atá ann cheana ná ar reachtaíocht nua inti. Mar sin féin, is dócha go mbeidh tionchar mór ag na moltaí agus na gníomhaíochtaí atá beartaithe, má chuirtear chun feidhme iad, ar pháirtithe leasmhara éagsúla.

An faireachán a dhéanfar amach anseo

Is doiciméad straitéiseach í straitéis Eorpach 5 bliana an Aontais um bainistiú tearmainn agus imirce, agus déantar faireachán ar a dul chun cinn agus a héifeachtacht ar bhonn chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá beartaithe. 

C. Rialáil níos fearr

Measúnú tionchair

Leagfar amach sa straitéis atá beartaithe aidhmeanna leathana beartais agus tairbheoidh sí den anailís ón gCoimisiún a leagtar amach sa Teachtaireacht uaidh an 11 Meitheamh maidir le staid na himeartha i dtaca le cur chun feidhme an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann 5 agus sa tuarascáil bhliantúil uaidh maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe atá beartaithe do mhí Dheireadh Fómhair 2025. Malartuithe leanúnacha leis na Ballstáit maidir le staid chur chun feidhme a bpleananna náisiúnta chun an Comhshocrú a chur chun feidhme agus a riachtanais an méid sin a dhéanamh go héifeachtach agus go rathúil, beidh siad mar bhonn leis an straitéis freisin. Is tionscnamh neamhreachtach é. Níl gá le measúnú tionchair ag an gcéim seo.

An straitéis chomhairliúcháin

In Airteagal 8 den Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, déantar foráil gur cheart an méid seo a leanas a chur san áireamh sa straitéis: (a) cur chun feidhme straitéisí náisiúnta um bainistiú tearmainn agus imirce na mBallstát agus a mhéid a chomhlíonann siad dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta; (b) eolas ábhartha a bhailíonn an Coimisiún de bhun Mholadh (AE) 2020/1366 maidir le sásra an Aontais maidir le hullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna a bhaineann leis an imirce; (c) eolas a bhailíonn an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht um Thearmann faoi chur chun feidhme acquis tearmainn an Aontais; (d) eolas a bhailíonn an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, go háirithe tuarascálacha ón nGníomhaireacht um Thearmann, ó Frontex agus ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha; (e) aon eolas ábhartha eile, mar shampla eolas ó na Ballstáit, ó údaráis faireacháin, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus ó chomhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí nó eagraíochtaí ábhartha eile.

Tríd an nglao seo ar fhianaise a fhoilsiú ar an tairseach ‘Cloisimis Uait’, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara maidir leis na dúshláin thuasluaite agus le dearadh na straitéise fadtéarmaí Eorpaí um bainistiú tearmainn agus imirce le haghaidh na 5 bliana amach romhainn. Is é is aidhm don chomhairliúchán seo eolas, saineolas agus tuairimí a bhailiú ó na páirtithe leasmhara uile chun bonn eolais a chur faoi ullmhú na straitéise. I measc na bpáirtithe leasmhara tá:

- Saoránaigh den Aontas Eorpach, náisiúnaigh ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad;

- eagraíochtaí sochaí sibhialta;

- an saol acadúil, comhlachais ghnó, údaráis phoiblí.

(1)  Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, IO L, 2024/1351, 22.5.2024.
(2)   Eorabharaiméadar Caighdeánach 103 – Earrach 2025 – suirbhé Eorabharaiméadair .
(3)

  Dúshláin agus tosaíochtaí an Aontais: tuairimí na nEorpach óg - Márta 2025 - Suirbhé Eorabharaiméadair .

(4)   Employment and social developments in Europe 2023 - Publications Office of the EU [Fostaíocht agus Forbairtí Sóisialta san Eoraip 2023 - Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh .
(5)   COM/2025/319 final .
Top