Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22026D1903

Cinneadh Uimh. 1/2025 ón gComhairle Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc an 22 Nollaig 2025 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1/98 ón gComhairle Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc maidir leis an gcóras trádála i gcás táirgí talmhaíochta, trí Phrótacal 3 a ghabhann leis an gCinneadh sin, a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin, a ionadú [2026/1903]

ST/4806/2024/INIT

IO L, 2026/1903, 31.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1903/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1903/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1903

31.7.2026

CINNEADH UIMH. 1/2025 ÓN gCOMHAIRLE COMHLACHAIS IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN TUIRC

an 22 Nollaig 2025

lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1/98 ón gComhairle Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc maidir leis an gcóras trádála i gcás táirgí talmhaíochta, trí Phrótacal 3 a ghabhann leis an gCinneadh sin, a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin, a ionadú [2026/1903]

Tá AN CHOMHAIRLE COMHLACHAIS IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN TUIRC,

Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 1/98 ón gComhairle Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc an 25 Feabhra 1998 maidir leis an gcóras trádála i gcás táirgí talmhaíochta (1), agus go háirithe Airteagal 39 de Phrótacal 3 a ghabhann leis, a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus modhanna comhair riaracháin,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 4 de Chinneadh Uimh. 1/98 ón gComhairle Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc maidir leis an gcóras trádála i gcás táirgí talmhaíochta (‘an Cinneadh’), tagraítear do Phrótacal 3 a ghabhann leis an gCinneadh sin (‘an bunleagan de Phrótacal 3’), lena leagtar síos na rialacha tionscnaimh.

(2)

Le Cinneadh Uimh. 3/2006 ón gComhairle Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc, cuireadh prótacal nua in ionad an bhunleagain de Phrótacal 3 (2) (‘Prótacal 3’).

(3)

Foráiltear le hAirteagal 39 de Phrótacal 3 go bhféadfaidh an Chomhairle Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíoch na hEorpa agus an Tuirc (3) (‘an Chomhairle Comhlachais’) a chinneadh forálacha Phrótacal 3 a leasú.

(4)

Is é is aidhm don Choinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (4) (‘an Coinbhinsiún’) na córais dhéthaobhacha um rialacha tionscnaimh atá ann cheana agus a bunaíodh le comhaontuithe saorthrádála déthaobhacha a tugadh i gcrích idir Páirtithe Conarthacha an Choinbhinsiúin, a thrasuí ionas go mbeidh na córais sin faoi chuimsiú creat iltaobhach, gan dochar do na prionsabail a leagtar síos sna comhaontuithe déthaobhacha sin.

(5)

Shínigh an tAontas agus Poblacht na Tuirce (‘an Tuirc’) an Coinbhinsiún an 15 Meitheamh 2011 agus an 4 Samhain 2011, faoi seach.

(6)

Rinne an tAontas agus an Tuirc a n-ionstraimí glactha a thaisceadh le taiscí an Choinbhinsiúin an 26 Márta 2012 agus an 4 Nollaig 2013, faoi seach. Dá bhrí sin, agus i gcomhréir le hAirteagal 10(3) den Choinbhinsiún, tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm i ndáil leis an Aontas agus an Tuirc an 1 Bealtaine 2012 agus an 1 Feabhra 2014, faoi seach.

(7)

Leasaíodh an Coinbhinsiún le Cinneadh Uimh. 1/2023 ó Chomhchoiste an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara an 7 Nollaig 2023 (5).

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart prótacal nua lena n-áirítear tagairt dhinimiciúil don Choinbhinsiún a chur in ionad Phrótacal 3, ionas go mbeidh tagairt ann i gcónaí don leagan is déanaí den Choinbhinsiún atá i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a chur in ionad Phrótacal 3 a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1/98 ón gComhairle Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc maidir leis an gcóras trádála i gcás táirgí talmhaíochta a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus modhanna comhair riaracháin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón gcéad lá den chéad mhí tar éis an dáta a gheofar an ceann deireanach de na fógraí i scríbhinn trí bhealaí taidhleoireachta, lena gcuirfidh na Páirtithe in iúl dá chéile go bhfuil a nósanna imeachta inmheánacha curtha i gcrích acu.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Nollaig 2025.

Thar ceann na Comhairle Comhlachais

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)   IO CE L 86, 20.3.1998, lch. 1.

(2)  Cinneadh Uimh. 3/2006 ón gComhairle Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc an 19 Nollaig 2006 lena leasaítear Prótacal 3 a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1/98 ón gComhairle Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc an 25 Feabhra 1998 maidir leis an gcóras trádála i gcás táirgí talmhaíochta (féach doiciméad CE-TR 108/05 http://register.consilium.europa.eu

(3)   IO CE L 361, 31.12.1977, lch. 29.

(4)   IO AE L 54, 26.2.2013, lch. 4.

(5)  Cinneadh Uimh. 1/2023 ó Chomhchoiste an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara an 7 Nollaig 2023 maidir leis an leasú ar an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara [2024/390](IO AE L, 2024/390, 19.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/390/oj).


IARSCRÍBHINN

‘PRÓTACAL 3

A BHAINEANN LE SAINMHÍNIÚ AN CHOINCHEAPA “TÁIRGÍ TIONSCNAIMH” AGUS LE MODHANNA COMHAIR RIARACHÁIN

Airteagal 1

Rialacha tionscnaimh

1.   Chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme, beidh feidhm ag Foscríbhinn I agus ag na forálacha ábhartha d’Fhoscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (1) (“an Coinbhinsiún”), arna leasú go deireanach agus arna bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Gach tagairt don “chomhaontú ábhartha” i bhFoscríbhinn I agus sna forálacha ábhartha d’Fhoscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, déanfar iad a fhorléiriú mar thagairtí don Chinneadh seo.

Airteagal 2

Réiteach díospóidí

1.   I gcásanna ina n-éireoidh díospóidí i ndáil leis na nósanna imeachta fíorúcháin a leagtar amach in Airteagail 34 agus 35 d’Fhoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, ar díospóidí iad nach féidir a réiteach idir na húdaráis chustaim a iarrann an fíorú agus na húdaráis chustaim atá freagrach as an bhfíorú sin a chur i gcrích, cuirfear faoi bhráid na Comhairle Comhlachais iad.

2.   I ngach cás, i dtaca le díospóidí idir an t-allmhaireoir agus údaráis chustaim na tíre is allmhaireoir a réiteach, is faoi reachtaíocht na tíre sin a réiteofar na díospóidí sin.

Airteagal 3

Leasuithe ar an bPrótacal

Féadfaidh an Chomhairle Comhlachais a chinneadh forálacha an Phrótacail seo a leasú.

Airteagal 4

Tarraingt siar ón gCoinbhinsiún

1.   I gcás ina dtabharfaidh an Comhphobal Eorpach nó an Tuirc fógra i scríbhinn do thaiscí an Choinbhinsiúin go bhfuil sé beartaithe acu tarraingt siar as an gCoinbhinsiún i gcomhréir le hAirteagal 9 de, rachaidh an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc i mbun tús a chur láithreach lena gcuid nósanna imeachta féin le rialacha tionscnaimh chun an Cinneadh a chur chun feidhme.

2.   Go dtí go dtiocfaidh rialacha tionscnaimh den sórt sin a d’aontófaí as an nua i bhfeidhm, na rialacha a áirítear i bhFoscríbhinn I agus, i gcás inarb iomchuí, na forálacha ábhartha d’Fhoscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, ar rialacha agus forálacha iad is infheidhme tráth na tarraingthe siar, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu maidir leis an gCinneadh. Mar sin féin, ó thráth na tarraingthe siar, déanfar na rialacha tionscnaimh i bhFoscríbhinn I agus, i gcás inarb iomchuí, forálacha ábhartha Fhoscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a fhorléiriú sa chaoi nach gceadófar an carnadh déthaobhach ach amháin idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc.’


(1)   IO AE L 54, 26.2.2013, lch. 4.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1903/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top