Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D1902

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1902 ón gComhairle an 28 Iúil 2026 lena n-údaraítear Éire chun rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le húsáid tráchtála gás-ola ag oibreoirí áirithe iompair de bhóthar a úsáidtear mar thiomántán, de bhun Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE

ST/11652/2026/INIT

IO L, 2026/1902, 31.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1902/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1902/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1902

31.7.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1902 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Iúil 2026

lena n-údaraítear Éire chun rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le húsáid tráchtála gás-ola ag oibreoirí áirithe iompair de bhóthar a úsáidtear mar thiomántán, de bhun Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Chomhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (1), agus go háirithe Airteagal 19(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sna seachtainí roimh ghlacadh an Chinnidh seo, na forbairtí geopholaitiúla sa Mheánoirthear, a raibh tionchar acu ar shlabhraí soláthair ola agus táirgí ola ar fud an domhain, spreag siad méaduithe géara leanúnacha ar phraghsanna mórdhíola agus miondíola táirgí fuinnimh. Bhí éifeachtaí díobhálacha móra ag na méaduithe sin ar theaghlaigh, go háirithe ar thomhaltóirí leochaileacha, agus ar ghnóthais, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus ar an gcaoi sin tá riosca tromchúiseach ag baint leo don chomhtháthú sóisialta, don chobhsaíocht eacnamaíoch agus d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(2)

Sna conclúidí uaithi an 19 Márta 2026, d’aithin an Chomhairle Eorpach cineál urghnách na staide sa mhargadh fuinnimh agus na himpleachtaí maicreacnamaíocha a bhaineann leis. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún oibriú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun bearta náisiúnta sealadacha spriocdhírithe a cheapadh, chun tionchair mhóra na breoslaí agus comhpháirteanna costais gaolmhara ar chostais ghiniúna leictreachais a mhaolú, agus chuir sí i dtábhacht go háirithe an gá atá le freagairt chomhordaithe ós rud é go bhfuil tionchar láithreach ag an gcoinbhleacht sa Mheánoirthear ar phraghsanna fuinnimh i gcás saoránach agus ghnólachtaí na hEorpa.

(3)

Dleachtanna máil, arna mbunú le Treoir 2003/96/CE, cuireann siad le costas deiridh na dtáirgí fuinnimh a sholáthraítear laistigh den Aontas. Le laghdú ar dhleachtanna máil faoi bhun na n-íosleibhéal cánachais a leagtar amach sa Treoir sin, is féidir cuid de na harduithe ar chostais fuinnimh atá ag na Ballstáit faoi láthair a mhaolú.

(4)

Leis na solúbthachtaí dá bhforáiltear i dTreoir 2003/96/CE, cuirtear ar a gcumas do na Ballstáit, laistigh de theorainneacha sainithe, an t-ualach cánach ar tháirgí sonracha fuinnimh a laghdú ar bhealach spriocdhírithe sealadach. I bhfianaise chineál eisceachtúil agus práinneach na staide reatha, is gá foráil a dhéanamh maidir le solúbthachtaí sonracha a bhfuil teorainn ama leo, arb é is aidhm shainráite dóibh tionchar shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh a mhaolú.

(5)

Le laghduithe sealadacha ar an gcánachas ar tháirgí fuinnimh spriocdhírithe, is féidir faoiseamh tapa a thabhairt do theaghlaigh agus do ghnóthais trí phraghsanna a laghdú go díreach le haghaidh úsáideoirí deiridh. Sa staid reatha, is ionstraim oiriúnach agus riachtanach iad na laghduithe urghnácha sin chun aghaidh a thabhairt ar an suaitheadh eacnamaíoch tromchúiseach a eascraíonn as an suaitheadh i bpraghsanna fuinnimh.

(6)

Le litreacha dar dáta an 20 Bealtaine 2026 agus an 1 Iúil 2026, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE, d’iarr údaráis na hÉireann údarú chun rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm, i bhfoirm aisíocaíochtaí, maidir le gás-ola tráchtála a úsáidtear mar thiomántán le haghaidh úsáidí tráchtála go sonrach in earnálacha an tarlaithe de bhóthar agus na bpaisinéirí bus.

(7)

Trí na haisíocaíochtaí sin, arb aisíocaíochtaí iad a dhéanfadh Éire trí bhíthin a scéime lacáiste díosail a bunaíodh chun na críche sin, thitfeadh an ráta máil éifeachtach le haghaidh gás-ola tráchtála a úsáidtear mar thiomántán do oibreoirí cáilitheacha iompair de bhóthar go EUR 0,25185 in aghaidh an lítir go dtí an 31 Lúnasa 2026 agus go EUR 0,31689 in aghaidh an lítir ón 1 Meán Fómhair 2026 go dtí an 30 Meán Fómhair 2026. Titeann na rátaí éifeachtacha sin faoi bhun na n-íosleibhéal cánachais is infheidhme maidir le breosla d’fheithiclí dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2003/96/CE.

(8)

De réir údaráis na hÉireann, is é is aidhm do chur i bhfeidhm na rátaí laghdaithe dleachta máil sin maolú a dhéanamh ar thionchar an ardaithe praghsanna gás-ola a d’eascair as an staid gheopholaitiúil agus a dhéanann difear go díreach do theaghlaigh agus do chuideachtaí araon nó a dhéanann difear go hindíreach dóibh trí éifeachtaí indíreacha.

(9)

Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an údarú a iarradh, agus meastar nach dócha go gcuirfeadh sé bac ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. I bhfianaise a fhaid ghearr, agus na n-imthosca eisceachtúla a bhaineann leis an staid gheopholaitiúil, mar aon leis an bpraghas margaidh an-ard ar ola, meastar go bhfuil an maolú a iarradh leordhóthanach agus comhréireach agus aird á tabhairt ar an ngá atá le cothromaíocht a bhaint amach idir na cuspóirí beartais sonracha a liostaítear in Airteagal 19(1), an tríú fomhír, de Threoir 2003/96/CE, agus go háirithe beartas comhshaoil an Aontais, agus an riachtanas éigeandála inacmhainneacht fuinnimh a áirithiú do ghnólachtaí agus do theaghlaigh.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Éire a údarú chun rátaí laghdaithe dleachta máil atá faoi bhun íosleibhéil cánachais san Aontas a chur i bhfeidhm go sealadach maidir le gás-ola a bhíonn in úsáid mar bhreosla d’fheithiclí ag daoine nó eintitis a cháilíonn d’aisíocaíochtaí faoi scéim lacáiste díosail na hÉireann.

(11)

De bhun Airteagal 19(2) de Threoir 2003/96/CE, tá gach údarú a dheonaítear faoi mhír 1 den Airteagal sin le bheith teoranta go docht ó thaobh ama de. Mar sin féin, chun nach ndéanfar dochar d’fhorbairtí a dhéanfar amach anseo ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana, is iomchuí a fhoráil, i gcás ina ndéanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) nó ar bhonn aon fhoráil ábhartha eile de CFAE, íosleibhéil nua chánachais dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2003/96/CE a thabhairt isteach le haghaidh gás-ola a úsáidtear mar bhreosla mótair nach mbeadh an t-údarú sin oiriúnach leo, gur cheart don údarú sin scor d’fheidhm a bheith aige an dáta a thiocfaidh na híosleibhéil nua chánachais sin chun bheith infheidhme.

(12)

An tráth céanna, bíonn costais fhioscacha mhóra i gceist le laghduithe cánach neamh-spriocdhírithe agus is gnách go méadaíonn siad an t-éileamh ar bhreoslaí iontaise, rud a chuireann leis an éagothroime idir soláthar agus éileamh. Dá bhrí sin, an t-údarú a deonaíodh leis an gCinneadh seo, ba cheart é a bheith teoranta go docht ó thaobh ama de.

(13)

Tá an Cinneadh seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear Éire chun na laghduithe seo a leanas ar na rátaí faoi bhun na n-íosleibhéal cánachais dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2003/96/CE a chur i bhfeidhm maidir le hoibreoirí iompair de bhóthar a úsáideann gás-ola tráchtála a úsáidtear mar thiomántán, mar a shainmhínítear i mír 3 den Airteagal sin:

(a)

EUR 0,25185 in aghaidh an lítir gás-ola, le haghaidh na tréimhse idir an dáta a thugtar fógra faoin gCinneadh seo agus an 31 Lúnasa 2026;

(b)

EUR 0,31689 in aghaidh an lítir gás-ola, le haghaidh na tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2026 agus an 30 Meán Fómhair 2026.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 30 Meán Fómhair 2026.

Mar sin féin, i gcás ina ndéanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 CFAE nó aon fhoráil ábhartha eile de CFAE, íosleibhéil nua chánachais dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2003/96/CE a thabhairt isteach le haghaidh gás-ola a úsáidtear mar bhreosla mótair nach ndéanfaí an t-údarú a deonaíodh in Airteagal 1 den Chinneadh seo a oiriúnú ina leith, scoirfidh an Cinneadh seo d’fheidhm a bheith aige ar an dáta a thiocfaidh na híosleibhéil nua chánachais sin chun bheith infheidhme.

Airteagal 3

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.

Airteagal 4

Is chuig Éirinn a dhírítear an Cinneadh seo..

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Iúil 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. BYRNE


(1)   IO L 283, 31.10.2003, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/96/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1902/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top