Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D1882

Cinneadh (CBES) 2026/1882 ón gComhairle an 30 Iúil 2026 lena ndéantar athbhreithniú ar liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a chumhdaítear le Cinneadh (CBES) 2026/455 maidir le bearta sriantacha chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac

ST/11183/2026/INIT

IO L, 2026/1882, 30.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1882/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1882/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1882

30.7.2026

CINNEADH (CBES) 2026/1882 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Iúil 2026

lena ndéantar athbhreithniú ar liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a chumhdaítear le Cinneadh (CBES) 2026/455 maidir le bearta sriantacha chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 26 Feabhra 2026, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2026/455 (1). Leis an gCinneadh sin, atáirgtear substaint Airteagail 1, 2, 3 agus 3a de Chomhsheasamh 2001/931/CBES (2), a leanfar dá gcur i bhfeidhm i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(2)

Tar éis don Chomhairle athbhreithniú a dhéanamh, áiríodh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2026/455 liosta nuashonraithe na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na ngrúpaí nó na n-eintiteas a dhéanann gníomhartha sceimhlitheoireachta nó a fhéachann lena ndéanamh, nó a ghlacann páirt i ndéanamh gníomhartha sceimhlitheoireachta, nó a éascaíonn a ndéanamh.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Chinneadh (CBES) 2026/455, is gá athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar ainmneacha na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na ngrúpaí nó na n-eintiteas atá ar an liosta chun a áirithiú go bhfuil forais ann lena gcoimeád ar an liosta.

(4)

Leagtar amach sa Chinneadh seo toradh an athbhreithnithe a rinne an Chomhairle i leith daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2026/455.

(5)

D’fhíoraigh an Chomhairle go bhfuil údaráis inniúla, dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus (3) de Chinneadh (CBES) 2026/455, tar éis cinntí a dhéanamh i dtaca le gach duine nádúrtha nó dlítheanach, gach grúpa agus gach eintiteas atá ar an liosta go raibh baint acu le gníomhartha sceimhlitheoireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1) de.

(6)

Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar ainmneacha na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na ngrúpaí nó na n-eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2026/455, chinn an Chomhairle freisin gur cheart leanúint de na bearta a leagtar amach in Airteagal 2(1) agus (5) den Chinneadh sin a chur i bhfeidhm maidir leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na grúpaí nó na heintitis sin.

(7)

Is gá, dá bhrí sin, ainmneacha na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na ngrúpaí nó na n-eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2026/455 a choinneáil,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na ngrúpaí nó na n-eintiteas in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2026/455.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Iúil 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. BYRNE


(1)  Cinneadh (CBES) 2026/455 ón gComhairle an 26 Feabhra 2026 maidir le bearta sriantacha chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, lena n-aisghairtear Airteagail 2, 3 agus 3a de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2025/1577 agus Cinneadh (CBES) 2026/421 (IO L, 2026/455, 26.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/455/oj).

(2)  Comhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 344, 28.12.2001, lch. 93, ELI: http://data.europa.eu/eli/compos/2001/931/oj).


IARSCRÍBHINN

Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na ngrúpaí, agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagail 2(1) de Chinneadh (CBES) 2026/455 ón gComhairle

A.   Daoine nádúrtha

1.

ABDOLLAHI, Hamed (ar a dtugtar freisin Mustafa Abdullahi), a rugadh an 11.8.1960 san Iaráin. Pasuimhir: D9004878.

2.

AL-DIN Hasan Izz (ar a dtugtar freisin Garbaya Ahmed, ar a dtugtar freisin. Sa’id, ar a dtugtar freisin Salwwan Samir), an Liobáin, a rugadh in 1963 sa Liobáin, saoránach den Liobáin.

3.

AL-NASSER Abdelkarim Hussein Mohamed, a rugadh in Al Ihsa (an Araib Shádach), saoránach den Araib Shádach.

4.

AL-YACOUB Ibrahim Salih Mohammed, a rugadh an 16.10.1966 in Tarut (an Araib Shádach), saoránach den Araib Shádach.

5.

ARBABSIAR Manssor (ar a dtugtar freisin Mansour Arbabsiar), a rugadh an 6.3.1955 nó an 15.3.1955 san Iaráin. Náisiúnach de chuid na hIaráine agus de chuid SAM, pasuimhir: C2002515 (an Iaráin); pasuimhir: 477845448 (SAM). Uimhir aitheantais náisiúnta: 07442833, dáta éaga an 15.3.2016 (ceadúnas tiomána SAM).

6.

ASSADI Assadollah (ar a dtugtar freisin Assadollah Asadi), a rugadh an 22.12.1971 in Tehran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas taidhleoireachta Iaránaigh: D9016657.

7.

BOUYERI Mohammed (ar a dtugtar freisin Abu Zubair, ar a dtugtar freisin Sobiar, ar a dtugtar freisin Abu Zoubair), a rugadh an 8.3.1978 in Amstardam (an Ísiltír).

8.

HASHEMI MOGHADAM Saeid, a rugadh an 6.8.1962 in Tehran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Pasuimhir: D9016290, bailí go dtí an 4.2.2019.

9.

HASSAN EL HAJJ Hassan, a rugadh an 22.3.1988 in Zaghdraiya, Sidon, an Liobáin, saoránach de chuid Cheanada. Pasuimhir: JX446643 (Ceanada).

10.

MELIAD Farah, a rugadh an 5.11.1980 in Sydney (an Astráil), saoránach de chuid na hAstráile. Pasuimhir: M2719127 (an Astráil).

11.

MOHAMMED Khalid Sheikh (ar a dtugtar freisin Ali Salem, ar a dtugtar freisin Bin Khalid Fahd Bin Abdallah, ar a dtugtar freisin Henin Ashraf Refaat Nabith, ar a dtugtar freisin Wadood Khalid Abdul), a rugadh an 14.4.1965 nó an 1.3.1964 sa Phacastáin, pasuimhir: 488555.

12.

SHAHLAI Abdul Reza (ar a dtugtar freisin Abdol Reza Shala’i, ar a dtugtar freisin Abd-al Reza Shalai, ar a dtugtar freisin Abdorreza Shahlai, ar a dtugtar freisin Abdolreza Shahla’i, ar a dtugtar freisin Abdul-Reza Shahlaee, ar a dtugtar freisin Hajj Yusef, ar a dtugtar freisin Haji Yusif, ar a dtugtar freisin Hajji Yasir, ar a dtugtar freisin Hajji Yusif, ar a dtugtar freisin Yusuf Abu-al-Karkh), a rugadh thart ar 1957 san Iaráin. Seoltaí: (1) Kermanshah, an Iaráin, (2) Mehran Military Base, Ilam Province, an Iaráin.

13.

SHAKURI Ali Gholam, a rugadh thart ar 1965 in Tehran na hIaráine.

B.   Daoine dlítheanacha, grúpaí agus eintitis

1.

‘Abu Nidal Organisation’ – ‘ANO’ (ar a dtugtar freisin ‘Fatah Revolutionary Council’, ar a dtugtar freisin ‘Arab Revolutionary Brigades’, ar a dtugtar freisin ‘Black September’, ar a dtugtar freisin ‘Revolutionary Organisation of Socialist Muslims’).

2.

‘Al-Aqsa Martyrs’ Brigade’.

3.

‘Al-Aqsa e.V’.

4.

‘Babbar Khalsa’.

5.

‘Communist Party of the Philippines’, lena n-áirítear ‘New People’s Army’ – ‘NPA’, na hOileáin Fhilipíneacha.

6.

Directorate for Internal Security of the Iranian Ministry for Intelligence and Security (Stiúrthóireacht na Slándála Inmheánaí in Aireacht Faisnéise agus Slándála na hIaráine).

7.

‘Gama’a al-Islamiyya’ (ar a dtugtar freisin ‘Al-Gama’a al-Islamiyya’) (‘Islamic Group’ – ‘IG’).

8.

‘İslami Büyük Doğu Akıncılar Cephesi’ — ‘IBDA-C’ (‘Great Islamic Eastern Warriors Front’).

9.

‘Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)’.

10.

‘Hamas’, lena n-áirítear ‘Hamas-Izz al-Din-al-Qassem’.

11.

‘Hizballah Military Wing’ (ar a dtugtar freisin ‘Hezbollah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hizbullah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hizbollah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hezballah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hisbollah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hizbu’llah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hizb Allah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Jihad Council’ (agus gach aonad a thuairiscíonn dó, lena n-áirítear an Eagraíocht Slándála Seachtraí)).

12.

‘Hizbul Mujahideen’ – ‘HM’.

13.

‘Khalistan Zindabad Force’ – ‘KZF’.

14.

‘Kurdistan Workers’ Party’ – ‘PKK’ (ar a dtugtar freisin ‘KADEK’, ar a dtugtar freisin ‘KONGRA-GEL’).

15.

‘Liberation Tigers of Tamil Eelam’ – ‘LTTE’.

16.

‘Ejército de Liberación Nacional’ (‘an tArm um Shaoradh Náisiúnta’).

17.

‘Palestinian Islamic Jihad’ – ‘PIJ’.

18.

‘Popular Front for the Liberation of Palestine’ – ‘PFLP’.

19.

‘Popular Front for the Liberation of Palestine – General Command’ (ar a dtugtar freisin ‘PFLP – General Command’).

20.

‘Devrimci Halk Kurtuluș Partisi-Cephesi’ – ‘DHKP/C’ (ar a dtugtar freisin ‘Devrimci Sol’ (‘Revolutionary Left’), ar a dtugtar freisin ‘Dev Sol’) (‘Revolutionary People’s Liberation Army/Front/Party’).

21.

‘Sendero Luminoso’ – ‘SL’ (‘Shining Path’).

22.

‘Teyrbazen Azadiya Kurdistan’ – ‘TAK’ (ar a dtugtar freisin ‘Kurdistan Freedom Falcons’, ar a dtugtar freisin ‘Kurdistan Freedom Hawks’).

23.

‘The Base’.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1882/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top