This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R1880
Council Implementing Regulation (EU) 2026/1880 of 28 July 2026 implementing Article 9(1) of Regulation (EC) No 1183/2005 concerning restrictive measures in view of the situation in the Democratic Republic of the Congo
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1880 ón gComhairle an 28 Iúil 2026 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9(1) / (5) de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1880 ón gComhairle an 28 Iúil 2026 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9(1) / (5) de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó
ST/12069/2026/INIT
IO L, 2026/1880, 28.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1880/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1880 |
28.7.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1880 ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Iúil 2026
lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9(1) / (5) de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle an 18 Iúil 2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (1), agus go háirithe Airteagal 9(1) agus (5) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 18 Iúil 2005, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005. |
|
(2) |
An 14 Iúil 2026, chuir an Coiste de chuid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) arna bhunú de bhun Rún 1533 (2004) ó CSNA, seisear agus dhá eintiteas leis an liosta de dhaoine agus d’eintitis atá faoi réir bearta sriantacha. Ba cheart beirt dhaoine aonair agus eintiteas amháin a chur leis an liosta mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Iúil 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. BYRNE
(1) IO L 193, 23.7.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/1183/oj.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear na daoine seo a leanas isteach faoin gceannteideal ‘(a) Liosta de dhaoine dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 2a’: ‘45. Sebastien UWIMBABAZI (ar a dtugtar freisin: (a) Gilbert Kimenyi (b) Nyembo Kimenyi) Ainmniúchán: Briogáidire-Ghinearál agus Ceannaire Democratic Forces for the Liberation of Rwanda (FDLR) (Fórsaí Daonlathacha na Saoirse i Ruanda). Dáta breithe: 1968. Áit bhreithe: Gatoki Cell, Murunda Sector, Rutsiro Commune, Kibuye Prefecture, Ruanda. Náisiúntacht: Ruanda. Seoladh: Rutshuru, North Kivu, Poblacht Dhaonlathach an Chongó. Inscne: fireann. Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 14 Iúil 2026. Faisnéis eile: Bíonn Sebastien Uwimbabazi ag gabháil do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de shíocháin, de chobhsaíocht agus de shlándáil Phoblacht Dhaonlathach an Chongó agus leanann sé de bheith ag tacú leis na gníomhaíochtaí sin. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL – Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals. 46. Muhammed LUMISA (ar a dtugtar freisin: (a) Muhamad LUMISA (b) L. KATO (c) LUMINSA (d) LUMWINSA (e) MUKADE (f) MUKAKE) Ainmniúchán: Ceannasaí, dochtúir agus ceann lóistíochta seachtraí Allied Democratic Forces (ADF) (na Comhfhórsaí Daonlathacha). Dáta breithe: Idir 1959 agus 1965. Áit bhreithe: Kampala District, Central Region, Uganda Náisiúntacht: Uganda. Seoladh: Poblacht Dhaonlathach an Chongó. Inscne: fireann. Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 14 Iúil 2026. Faisnéis eile: Mar dhuine de cheannasaithe Allied Democratic Forces (ADF) (na Comhfhórsaí Daonlathacha), tá baint ag MUHAMMED LUMISA le gníomhaíochtaí an mhílíste a phleanáil, a chur chun cinn agus tacú leo. Déanann sé maoirseacht freisin ar lóistíocht sheachtrach an ghrúpa. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL – Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals.’ |
|
(2) |
Cuirtear an t-eintiteas seo a leanas isteach faoin gceannteideal ‘(b) Liosta na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 2a’: ‘10. TWIRWANEHO Seoladh: Hauts Plateaux, South Kivu, Poblacht Dhaonlathach an Chongó. Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 14 Iúil 2026. Faisnéis eile: Grúpa armtha an Chongó. Bunaíodh an grúpa idir 2008 agus tús 2010. Bhí baint ag TWIRWANEHO le hainghníomhartha i gcúige South-Kivu Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, lena n-áirítear sibhialtaigh a mharú, leanaí a earcú, agus gníomhaíochtaí a chuireann síocháin agus slándáil mhuintir Phoblacht Dhaonlathach an Chongó i mbaol. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL – Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Entities.’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1880/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)