Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R1865

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1865 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2026 maidir le húdarú bláthola tíme ó Thymus vulgaris L. agus/nó Thymus zygis L. mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch

C/2026/5313

IO L, 2026/1865, 30.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1865/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force., Date of effect: 19/08/2026

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1865/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1865

30.7.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1865 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Iúil 2026

maidir le húdarú bláthola tíme ó Thymus vulgaris L. agus/nó Thymus zygis L. mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. Le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin foráiltear maidir le hathmheastóireacht a dhéanamh ar bhreiseáin a údaraíodh de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2).

(2)

Rinneadh an tsubstaint bláthola tíme ó Thymus vulgaris L. agus/nó Thymus zygis L. a údarú gan teorainn ama, i gcomhréir le Treoir 70/524/CEE, mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Ina dhiaidh sin cuireadh an tsubstaint sin isteach i gClár na mBreiseán Beathaithe mar tháirge a bhí ann cheana, i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas maidir le bláthola tíme ó Thymus vulgaris L. agus/nó Thymus zygis L. a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, agus iarradh an breiseán sin a aicmiú sa chatagóir breiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas.

(4)

D’iarr an t-iarratasóir an breiseán a údarú lena úsáid in uisce óil freisin. Mar sin féin, le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ní cheadaítear ‘comhdhúile blaistithe’ a údarú lena n-úsáid in uisce óil. Dá bhrí sin, níor cheart úsáid an bhreiseáin seo in uisce óil a cheadú.

(5)

Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 18 Samhain 2025 (3) go bhfuil bláthola tíme ó Thymus vulgaris L. agus/nó Thymus zygis L. sábháilte suas le tiúchain uasta áirithe, rud a shonraítear a thuilleadh sa tuairim sin le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Thairis sin, tháinig sé ar an gconclúid, maidir le húsáid bláthola tíme ó Thymus vulgaris L. agus/nó Thymus zygis L. i mbeatha ainmhithe, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe, go bhfuil an úsáid sin sábháilte do thomhaltóirí agus don chomhshaol. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur cheart bláthola tíme ó Thymus vulgaris L. agus/nó Thymus zygis L. a mheas mar ghreannaitheoir craicinn agus súl, agus mar íogróir deirmeach agus riospráide. Chuir an tÚdarás in iúl go meastar go bhfuil riosca i gceist le nochtadh úsáideoirí leis an mbreiseán ar bhealach ar bith. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin, ós rud é go bhfuil duilleoga Thymus vulgaris L. agus Thymus zygis L. agus ullmhóidí díobh aitheanta mar bhlastáin bhia agus ós rud é go mbeadh an fheidhm chéanna acu i mbeatha, go bunúsach, is atá acu i mbia, nach raibh gá le haon léiriú éifeachtúlachta breise. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh anailíse ar na breiseáin bheathaithe i mbeatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(6)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann \bláthola tíme ó Thymus vulgaris L. agus/nó Thymus zygis L. na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin a údarú mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Measann an Coimisiún gur gá uaschion don bhreiseáin beathaithe sin a shocrú in ábhar beatha iomlán mar gheall ar láithreacht tíomóil ag 35-60 % i mbláthola tíme ó Thymus vulgaris L. agus/nó Thymus zygis, ar substaint é atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de de réir Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún (4). Measann sé freisin nach n-úsáidfear bláthola tíme ó Thymus vulgaris L. agus/nó Thymus zygis L. in éineacht le foinsí eile tíomóil. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc.

(7)

Ós rud é nach gá na modhnuithe ar choinníollacha údaraithe na substainte lena mbaineann a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do pháirtithe leasmhara ionas gur féidir leo iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as an údarú a chomhlíonadh.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú

An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn, ar substaint í a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Bearta idirthréimhseacha

1.   An breiseán beathaithe bláthola tíme ó Thymus vulgaris L. agus/nó Thymus zygis L. mar a údaraítear de bhun Threoir 70/524/CEE, agus réamh-mheascáin a bhfuil an breiseán sin iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 19 Feabhra 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 19 Lúnasa 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.

2.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 19 Lúnasa 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 19 Lúnasa 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.

3.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 19 Lúnasa 2028 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 19 Lúnasa 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Iúil 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)  Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha

(IO L 270, 14.12.1970, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1970/524/oj).

(3)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2025, 23(12), e9691. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9691.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus lena n-aicmiú i dtaca leis na huasteorainneacha iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch (IO L 15, 20.1.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/37(1)/oj).


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an

bhreiseáin

Ainm an bhreiseáin

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhíoch

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údarúcháin

mg de bhreiseán/kg de bheatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe

2b456-eo

Bláthola tíme

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Bláthola ó na codanna aeir bláthacha de Thymus vulgaris L. agus/nó Thymus zygis L.

Foirm leachtach

Saintréithriú na substainte gníomhaí

Bláthola tíme:

Bláthola, mar atá sainmhínithe ag An Chomhairle Eorpach (1), a fhaightear ó na codanna aeir bláthacha de Thymus vulgaris L. agus/NÓ Thymus zygis L. trí ghaldriogadh agus comhdhlúthú breise na gcomhábhar luaineach agus trína scaradh ón bpas uiscí trí scinceáil.

Uimhreacha CE: 284-535-7 (2)/ 285-397-0 (3)

Uimhreacha CAS: 8007-46-3 (2)/ 84929-51-1 (2)/ 85085-75-2 (3)

Uimhreacha FEMA: 3064/3065

Uimhreacha Chomhairle na hEorpa: 456/457

Sonraíochtaí:

Tíomól: 35-60 %

p-Ciméin (1-iseapróipil-4-meitilbeinséin): 13-28 %

γ-Teirpinéin: 4-13 %

Lionaló-ól: 0,5-6,5 %

Camfar: uasmhéid 0,7 %

Modh anailíse  (4)

Maidir le tíomól (marcóir fíticheimiceach) sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:

Crómatagrafaíocht gháis cúpláilte le brath ianúcháin lasrach (ISO 19817)

Turcaithe lena ramhrú

64

1.

Déanfar an breiseán a ionchorprú sa bheatha i bhfoirm réamh-mheascáin.

2.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

3.

Ní úsáidfear an breiseán le foinsí eile tíomóil.

4.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú a oiread is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann, do na súile agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

an 19 Lúnasa 2036

Sicíní lena ramhrú agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú

48

Gach éanlaith chlóis a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin

48

Éin ornáideacha

48

Gach speiceas éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga agus le haghaidh pórúcháin

72

Muca lena ramhrú

100

Muca de mhionspeicis Suidae lena ramhrú

86

Bainbh (diúil agus scoite) de gach Suidae

86

Gach Suidae le haghaidh atáirgthe

100

Laonna lena ramhrú

6 mhí

100

Caoirigh agus gabhair

100

Eallaí lena ramhrú; athchogantaigh eile lena ramhrú seachas caoirigh, gabhair agus laonna lena ramhrú suas le 6 mhí; Camelidae lena ramhrú

100

Gach athchogantach eile;

gach Camelidae eile

100

Equidae

100

Leporidae

76

Salmainidí agus mionéisc eite

100

Madraí

100

Cait

38

Éisc ornáideacha

100

 

 

 

Speicis agus catagóirí eile

38

 

 

(1)  Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán – Tuarascáil Uimh. 2] (2007).

(2)  Ní thagraíonn sé anseo ach do bhláthola tíme ó na codanna aeir bhláthacha de Thymus vulgaris L.

(3)  Ní thagraíonn sé anseo ach do bhláthola tíme ó na codanna aeir bhláthacha de Thymus zygis L.

(4)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1865/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top