Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D1780

Cinneadh (CBES) 2026/1780 ón gComhairle an 17 Iúil 2026 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

ST/11487/2026/INIT

IO L, 2026/1780, 17.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1780/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1780/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1780

17.7.2026

CINNEADH (CBES) 2026/1780 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Iúil 2026

lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

(2)

Sna conclúidí uaithi an 18 agus an 19 Meitheamh 2026, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach a tacaíocht dhaingean leanúnach bhuanseasmhach do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha mar a aithnítear go hidirnáisiúnta iad. Chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go leanfaidh an tAontas Eorpach, i gcomhar le comhpháirtithe agus comhghuaillithe a bhfuil an dearcadh céanna acu, de thacaíocht chuimsitheach pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta a thabhairt don Úcráin agus do mhuintir na hÚcráine. Cháin an Chomhairle Eorpach go láidir an géarú tromchúiseach a rinne an Rúis le déanaí, lena n-áirítear ionsaithe mórscála diúracán agus drón ar shibhialtaigh san Úcráin. Chuir an Chomhairle Eorpach in iúl freisin go bhfuil an tAontas faoi réir i gcónaí chun tuilleadh brú a chur ar an Rúis, lena n-áirítear trí smachtbhannaí breise a ghlacadh.

(3)

I bhfianaise an fhogha leanúnaigh atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, agus go háirithe a feachtas míleata brúidiúil le déanaí lena ndírítear d’aon ghnó ar bhonneagar sibhialtach, lena n-áirítear saoráidí fuinnimh, uisce agus sláinte, arb é is cúis le fulaingt thromchúiseach an phobail shibhialta agus a fhéachann leis an mbonn a bhaint d’athléimneacht na hÚcráine, measann an Chomhairle gur gá bearta sriantacha breise a ghlacadh.

(4)

Measann an Chomhairle gur cheart duine amháin agus cúig eintiteas a chur le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Iúil 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. BYRNE


(1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/145(1)/oj).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine agus na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES:

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘2105.

Irina Vladimirovna KHARISOVA

Rúisis: Ирина Владимировна ХАРИСОВА

Feidhm: Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí ABS Electro

Dáta breithe: an 20.1.1980

Náisiúntacht: Rúiseach

Insnce: baineann

Uimhir aitheantais chánach: 771412568133

Tá Irina Kharisova ina Cathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí ghrúpa cuideachtaí ABS Electro, agus ina Stiúrthóir ar chuideachtaí éagsúla sa ghrúpa sin. Tá baint ag cuideachtaí ABS Electro group le comhpháirteanna leictreonacha agus raidió-leictreonacha a fhorbairt agus a mhonarú. Meastar go bhfuil earnáil na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide straitéiseach i dtéarmaí fhás eacnamaíoch.

Ceann de phríomhtháirgí ABS Electro is ea aeróg Kometa a d’fhorbair JSC VNIIR-Progress, ceann dá chuideachtaí. Tá an córas seo deartha chun cur isteach ar chumarsáid trí chur isteach ar mhinicíochtaí raidió, satailíte agus radair agus chun frithsheasmhacht in aghaidh trasnaíocht leictreonach a fheabhsú. Úsáidtear an t-athraitheach Kometa-M, aeróg de chineál Kometa, i bhfeistí mar atá aerfheithicil gan foireann Shahed agus Geran agus pacáistí buama treoraithe. Úsáidtear go forleathan airm ina bhfuil aeróga Kometa arna monarú ag JSC VNIIR-Progress i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Tá Irina Kharisova ina Stiúrthóir freisin ar an gCuideachta faoi Dhliteanas Teoranta “Asset Automation” agus ina Ceann ar Bhord Stiúrthóirí a fochuideachta Cuideachta Comhstoic “ABS ZEIM Automation”. Is cuideachta Rúiseach é Cuideachta Comhstoic “ABS ZEIM Automation” a tháirgeann córais rialaithe uathoibrithe do chuideachtaí tionsclaíocha, go háirithe san earnáil fuinnimh. Ceann de phríomhghníomhaíochtaí na Cuideachta Comhstoic “ABS ZEIM Automation” is ea trealamh a sholáthar do shaoráidí scagtha ola agus gáis, stórála nó iompair arna n-oibriú ag mórchuideachtaí ola agus gáis na Rúise. Cuireann an earnáil fuinnimh, go háirithe an earnáil ola agus gáis, cuid mhór ioncaim ar fáil do Rialtas Chónaidhm na Rúise.

Dá bhrí sin, tá Irina Kharisova ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tá sí rannpháirteach freisin in earnáil eacnamaíoch atá ina foinse shuntasach ioncaim do rialtas Chónaidhm na Rúise, arb é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

17.7.2026’;

Eintitis

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘988.

Cuideachta Comhstoic “ABS ZEIM Automation”

ar a dtugtar freisin JSC “ABS ZEIM Automation”

Rúisis: Акционерное общество “АБС ЗЭИМ Автоматизация”

Seoladh: I.Yakovleva ave., 1, Cheboksary, 428003, Chuvash Republic, Cónaidhm na Rúise

Cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: an 12.8.1992

Uimhir chlárúcháin: 1022101130314

Uimhir aitheantais chánach: 2128006240

Is cuideachta Rúiseach é Cuideachta Comhstoic “ABS ZEIM Automation” a tháirgeann córais rialaithe uathoibrithe do chuideachtaí tionsclaíocha, go háirithe san earnáil fuinnimh. Ceann de phríomhghníomhaíochtaí na Cuideachta Comhstoic “ABS ZEIM Automation” is ea trealamh a sholáthar do shaoráidí scagtha ola agus gáis, stórála nó iompair arna n-oibriú ag mórchuideachtaí ola agus gáis na Rúise. Cuireann an earnáil fuinnimh, go háirithe an earnáil ola agus gáis, cuid mhór ioncaim ar fáil do Rialtas Chónaidhm na Rúise.

Tá an Chuideachta Comhstoic “ABS ZEIM Automation” mar chuid de ghrúpa cuideachtaí ABS Electro freisin, a bhfuil baint aige le comhpháirteanna leictreonacha agus raidió-leictreonacha a fhorbairt agus a mhonarú. Go háirithe, tá an Chuideachta Comhstoic “ABS ZEIM Automation” faoi úinéireacht na Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta “Asset Automation”, a bhfuil an trádmharc aici faoina n-oibríonn grúpa cuideachtaí ABS Electro, agus tá sí faoi úinéireacht na Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta “Asset Electro” tríd an gCuideachta Comhstoic Oscailte “All-Russian Scientific Research, Design and Technological Institute of Relay Construction with pilot production”.

Áirítear ar ABS Electro group JSC VNIIR-Progress, cuideachta Rúiseach a tháirgeann an aeróg Kometa a úsáidtear i bhfeistí ar nós aerfheithicil gan foireann Shahed agus Geran agus pacáistí buama treoraithe chun a bhfrithsheasmhacht in aghaidh trasnaíocht leictreonach a fheabhsú. Tá an seoladh céanna ag JSC “Sokol Asset”, ar leis JSC VNIIR-Progress, agus atá ag an gCuideachta faoi Dhliteanas Teoranta “Asset Electro”.

Dá bhrí sin, tá an Chuideachta Comhstoic “ABS ZEIM Automation” rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch atá ina foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, arb é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine. Tá sí comhlachaithe freisin le JSC VNIIR-Progress.

17.7.2026

989.

An Chuideachta faoi Dhliteanas Teoranta “Asset Automation”

ar a dtugtar freisin LLC “Asset Automation”

ar a dtugtar freisin LLC “Scientific and Production Enterprise ‘ABS Electro’”

ar a dtugtar freisin LLC “NPP ‘ABS Electro’”

ar a dtugtar freisin “ABS Electro Group”

Rúisis: Общество с ограниченной ответственностью “Эссет Автоматизация”

Seoladh: 121471, City of Moscow, Municipal District of the Intracity Territory, Mozhaysky, 2nd Peter Alekseev lane, building 2, structure 1; 109028, Moscó, Serebryanichaya Embankment, 29

Cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: an 27.4.2012

Uimhir chlárúcháin: 1122130005502

Uimhir aitheantais chánach: 2130102938

Is cuideachta Rúiseach í an Chuideachta faoi Dhliteanas Teoranta “Asset Automation” agus tá sí mar chuid de ghrúpa cuideachtaí ABS Electro freisin agus a bhfuil baint aici le comhpháirteanna leictreonacha agus raidió-leictreonacha a fhorbairt agus a mhonarú. Go háirithe, tá an trádmharc faoina n-oibríonn grúpa cuideachtaí ABS Electro ag an gCuideachta faoi Dhliteanas Teoranta “Asset Automation”.

Ceann de phríomhtháirgí ABS Electro is ea aeróg Kometa a d’fhorbair JSC VNIIR-Progress, ceann dá cuideachtaí. Tá an córas seo deartha chun cur isteach ar chumarsáid trí chur isteach ar mhinicíochtaí raidió, satailíte agus radair agus chun frithsheasmhacht in aghaidh trasnaíocht leictreonach a fheabhsú. Úsáidtear an t-athraitheach Kometa-M, aeróg de chineál Kometa, i bhfeistí mar atá aerfheithicil gan foireann Shahed agus Geran agus pacáistí buama treoraithe. Úsáidtear go forleathan airm ina bhfuil aeróga Kometa arna monarú ag JSC VNIIR-Progress i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Is leis an gCuideachta faoi Dhliteanas Teoranta “Asset Automation” freisin é an Chuideachta Comhstoic “ABS ZEIM Automation” atá ina cuideachta Rúiseach a tháirgeann córais rialaithe uathoibrithe do chuideachtaí tionsclaíocha, go háirithe san earnáil fuinnimh. Ceann de phríomhghníomhaíochtaí na Cuideachta Comhstoic “ABS ZEIM Automation” is ea trealamh a sholáthar do shaoráidí scagtha ola agus gáis, stórála nó iompair arna n-oibriú ag mórchuideachtaí ola agus gáis na Rúise. Cuireann an earnáil fuinnimh, go háirithe an earnáil ola agus gáis, cuid mhór ioncaim ar fáil do Rialtas Chónaidhm na Rúise.

Tá an Chuideachta faoi Dhliteanas Teoranta “Asset Automation”, dá bhrí sin, ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tá an Chuideachta faoi Dhliteanas Teoranta “Asset Automation” rannpháirteach freisin in earnáil eacnamaíoch atá ina foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, arb é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine. Tá sí comhlachaithe freisin le JSC VNIIR-Progress.

17.7.2026

990.

Cuideachta Comhstoic Oscailte “All-Russian Scientific Research, Design and Technological Institute of Relay Construction with pilot production”

ar a dtugtar freisin JSC VNIIR

Rúisis: Открытое акционерное общество “Всероссийский научно-исследовательский, проектно-конструкторский и технологический институт релестроения с опытным производством”

ar a dtugtar freisin АО “Вниир”

Seoladh: 4 I.Yakovleva Ave., Cheboksary, 428027, Chuvash Republic, Cónaidhm na Rúise

Cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: an 19.6.1996

Uimhir chlárúcháin: 1022101131580

Uimhir aitheantais chánach: 2128001516

Is cuideachta Rúiseach í an Chuideachta Comhstoic “All-Russian Scientific Research, Design and Technological Institute of Relay Construction with pilot production” atá mar chuid de ghrúpa cuideachtaí ABS Electro agus a bhfuil baint aici le comhpháirteanna leictreonacha agus raidió-leictreonacha a fhorbairt agus a mhonarú. Tá an Chuideachta Comhstoic Oscailte “All-Russian Scientific Research, Design and Technological Institute of Relay Construction with pilot production” faoi úinéireacht an LLC “Assets Electro”, cuideachta a bhfuil an struchtúr bainistíochta agus úinéireachta céanna aici agus atá ag an gCuideachta faoi Dhliteanas Teoranta “Asset Automation”, an chuideachta a bhfuil an trádmharc aici faoina n-oibríonn grúpa cuideachtaí ABS Electro. Mar aon leis an gCuideachta faoi Dhliteanas Teoranta “Asset Automation”, tá scaireanna ag an gCuideachta Comhstoic Oscailte “All-Russian Scientific Research, Design and Technological Institute of Relay Construction with pilot production” freisin in LLC “ABS ZEIM Automation”. Áirítear ar ABS Electro group freisin JSC VNIIR-Progress, institiúid taighde agus forbartha Rúiseach a tháirgeann an aeróg Kometa a úsáidtear i bhfeistí ar nós aerfheithicil gan foireann Shahed agus Geran agus pacáistí buama treoraithe chun a bhfrithsheasmhacht in aghaidh trasnaíocht leictreonach a fheabhsú.

Tá an seoladh céanna ag JSC VNIIR-Progress agus atá ag an gCuideachta Comhstoic Oscailte “All-Russian Scientific Research, Design and Technological Institute of Relay Construction with pilot production”. Tá JSC VNIIR-Progress agus an Chuideachta Comhstoic Oscailte “Asset Automation” faoi réir bhearta sriantacha an Aontais.

Dá bhrí sin, tá an Cuideachta Comhstoic Oscailte “All-Russian Scientific Research, Design and Technological Institute of Relay Construction with pilot production” comhlachaithe leis an gCuideachta faoi Dhliteanas Teoranta “Asset Automation” agus le JSC VNIIR-Progress.

17.7.2026

991.

An Chuideachta faoi Dhliteanas Teoranta “Asset Electro”

ar a dtugtar freisin LLC “Asset Electro”

ar a dtugtar freisin LLC “Esset Electro”

ar a dtugtar freisin LLC “NPP ‘ABS Electro’”

Rúisis: Общество с ограниченной ответственностью “Эссет Электро”

Seoladh: 109028, Moscó, Serebryanichaya Embankment, 29

Cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: an 23.4.2012

Uimhir chlárúcháin: 1127746315762

Uimhir aitheantais chánach: 7710911530

Is cuideachta Rúiseach í an Chuideachta faoi Dhliteanas Teoranta “Asset Electro” agus tá sí mar chuid de ghrúpa cuideachtaí ABS Electro freisin agus a bhfuil baint aici le comhpháirteanna leictreonacha agus raidió-leictreonacha a fhorbairt agus a mhonarú. Tá an struchtúr bainistíochta agus úinéireachta céanna aici agus atá ag an gCuideachta faoi Dhliteanas Teoranta “Asset Automation”, arb é an chuideachta é a bhfuil an trádmharc aici faoina n-oibríonn grúpa cuideachtaí ABS Electro. Is amhlaidh a áirítear ar ABS Electro group JSC VNIIR-Progress, institiúid taighde agus forbartha Rúiseach a tháirgeann an aeróg Kometa a úsáidtear i bhfeistí ar nós aerfheithicil gan foireann Shahed agus Geran agus pacáistí buama treoraithe chun a bhfrithsheasmhacht in aghaidh trasnaíocht leictreonach a fheabhsú. Tá an seoladh céanna ag JSC “Sokol Asset”, ar leis JSC VNIIR-Progress, agus atá ag an gCuideachta faoi Dhliteanas Teoranta “Asset Electro”. Tá JSC VNIIR-Progress agus an Chuideachta Comhstoic Oscailte “Asset Automation” faoi réir bhearta sriantacha an Aontais.

Tá an Chuideachta faoi Dhliteanas Teoranta “Asset Electro” comhlachaithe, dá bhrí sin, le “LLC Asset Automation” agus le JSC VNIIR-Progress.

17.7.2026

992.

An Chuideachta Comhstoic “Sokol Asset”

ar a dtugtar freisin JSC “Sokol Asset”

ar a dtugtar freisin JSC “Sokol Essets”

Rúisis: Акционерное общество “Сокол Эссет”

Seoladh: 109028, Moscó, Municipal District Of The Intracity Territory Of Tagansky, Serebryanicheskaya Embankment, Building 29, Cónaidhm na Rúise

Cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: an 11.4.2023

Uimhir chlárúcháin: 1237700271423

Uimhir aitheantais chánach: 9710112971

Is cuideachta Rúiseach é Cuideachta Comhstoic “Sokol Asset” a bhfuil JSC VNIIR-Progress faoin húinéireacht. Is institiúid taighde agus forbartha Rúiseach í JSC VNIIR Progress is speisialaí i dtáirgeadh ardchóras cogaíochta leictreonaí, go háirithe teicneolaíochtaí le haghaidh trasnaíocht comharthaí agus bailiú faisnéise. Is cuid den ghrúpa cuideachtaí “ABS Electro” í.

Ceann dá príomhtháirgí is ea an aeróg de chineál Kometa, atá deartha chun cur as don chumarsáid trí chur isteach ar mhinicíochtaí raidió, satailíte agus radair agus chun frithsheasmhacht in aghaidh trasnaíocht leictreonach a fheabhsú. Úsáidtear an t-athraitheach Kometa-M, aeróg de chineál Kometa, i bhfeistí mar atá aerfheithicil gan foireann Shahed agus Geran agus pacáistí buama treoraithe. Úsáidtear go forleathan airm ina bhfuil aeróga Kometa arna monarú ag JSC VNIIR-Progress i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Chomhoibrigh JSC VNIIR-Progress go mór freisin le hAireacht Chosanta na Rúise, rud a mhéadaigh go mór ar tháirgeadh córas loingseoireachta agus leictreach le haghaidh trealamh míleata.

Tá an Chuideachta Comhstoic “Sokol Asset”, dá bhrí sin, ag tacú le rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Ina theannta sin, tá sí ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

17.7.2026’


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1780/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top