Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D1771

Cinneadh (AE) 2026/1771 ón gComhairle an 10 Iúil 2026 maidir le foirceannadh an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Libéire i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid i dtaca le foraoisí chuig an Aontas Eorpach

ST/14569/2025/INIT

IO L, 2026/1771, 21.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1771/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1771/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1771

21.7.2026

CINNEADH (AE) 2026/1771 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Iúil 2026

maidir le foirceannadh an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Libéire i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid i dtaca le foraoisí chuig an Aontas Eorpach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 21 Bealtaine 2003, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa dar teideal Forest Law Enforcement, Governance and Trade (FLEGT) – Proposal for an EU Action Plan [Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT) – Togra le haghaidh Plean Gníomhaíochta AE] arb é is aidhm di rannchuidiú leis na hiarrachtaí domhanda chun dul i ngleic leis an lománaíocht neamhdhleathach agus leis an trádáil a ghabhann léi. Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le plean gníomhaíochta FLEGT an 13 Deireadh Fómhair 2003 agus ghlac Parlaimint na hEorpa rún ar an ábhar an 11 Iúil 2005 (2).

(2)

Gné lárnach den phlean gníomhaíochta ba ea tabhairt i gcrích comhaontuithe comhpháirtíochta deonaí le tíortha táirgthe adhmaid chun a áirithiú gur táirgeadh agus go bhfuarthas go dleathach adhmad agus táirgí adhmaid a onnmhairíodh chuig an Aontas.

(3)

I gcomhréir le Cinneadh 2011/475/AE ón gComhairle (3), síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas agus Poblacht na Libéire (CCD) i ndáil le forfheidhmiú an dlí agus rialachas i dtaca le foraoisí, agus trádáil táirgí adhmaid isteach san Aontas an 27 Iúil 2011.

(4)

I gcomhréir le Cinneadh 2012/373/AE ón gComhairle (4), tugadh an CCD i gcrích thar ceann an Aontais agus, tar éis do Phoblacht na Libéire é a thabhairt i gcrích, tháinig sé i bhfeidhm an 1 Nollaig 2013.

(5)

Tá tréimhse éiginnte leis an CCD, dá bhforáiltear in Airteagal 28 de. Foráiltear le hAirteagal 29, d’ainneoin Airteagal 28, gur féidir le ceachtar Páirtí an CCD a fhoirceannadh trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí eile. Scoirfidh an CCD d’fheidhm a bheith aige 12 mhí tar éis dháta an fhógra sin.

(6)

D’ainneoin an iliomad síntí a beartaíodh a chur leis na hamchláir don chur chun feidhme, níor baineadh amach croíchuspóir an CCD, is é sin scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú agus a oibríochtú arb é is aidhm di a fhíorú agus a fhianú, trí bhíthin ceadúnas FLEGT, go dtáirgtear nó go bhfaightear go dleathach adhmad agus táirgí díorthaithe a onnmhairítear chuig an Aontas. I bhfianaise staid agus dul chun cinn chur chun feidhme an CCD ó tháinig sé i bhfeidhm an 1 Nollaig 2013, is beag seans go ndéanfar scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú agus a oibríochtú go hiomlán laistigh de thréimhse ama réasúnta. Dá bhrí sin, creideann an Coimisiún nach bhfágann an CCD go mbeidh adhmad agus táirgí adhmaid ó Phoblacht na Libéire in ann tairbhiú d’fhorálacha Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus, ón 30 Nollaig 2025 ar aghaidh, d’Airteagal 10(3), i gcomhar le hAirteagal 3, pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(7)

Is iomchuí, dá bhrí sin, an CCD le Poblacht na Libéire a fhoirceannadh. Chuige sin, i gcomhréir le hAirteagal 29 den CCD, ba cheart don Aontas Eorpach fógra i scríbhinn a thabhairt do Phoblacht na Libéire faoina chinneadh an CCD a fhoirceannadh.

(8)

Ba cheart foirceannadh an CCD a fhormheas thar ceann an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais Eorpaigh, foirceannadh an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Libéire i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid i dtaca le foraoisí chuig an Aontas Eorpach.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Iúil 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. HARRIS


(1)  Toiliú an 17 Meitheamh 2026 (Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)

(2)   IO C 157 E, 6.7.2006, lch. 482.

(3)  Cinneadh 2011/475/AE ón gComhairle an 22 Iúil 2011 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Libéire i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach i dtaca le foraoisí (IO L 196, 28.7.2011, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/475/oj).

(4)  Cinneadh 2012/373/AE ón gComhairle an 14 Bealtaine 2012 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Libéire i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach i dtaca le foraoisí (IO L 191, 19.7.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2012/373/oj).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 295, 12.11.2010, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/995/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 206, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1115/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1771/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top