This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R1768
Regulation (EU) 2026/1768 of the European Parliament and of the Council of 14 July 2026 amending Regulation (EU) 2021/2115 as regards a specific type of intervention to provide exceptional temporary support under the European Agricultural Fund for Rural Development (EAFRD) and the possibility to adapt direct payments allocations for calendar year 2027 and Regulation (EU) 2021/2116 as regards more flexible rules on payments of advances in response to the increased fertiliser prices due to the Middle East crisis
Rialachán (AE) 2026/1768 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2026 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 a mhéid a bhaineann le cineál sonrach idirghabhála chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an fhéidearthacht leithdháiltí íocaíochtaí díreacha a oiriúnú don bhliain féilire 2027 agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le rialacha níos solúbtha maidir le réamhíocaíochtaí a íoc mar fhreagairt ar an méadú ar phraghsanna leasacháin mar gheall ar an ngéarchéim sa Mheánoirthear
Rialachán (AE) 2026/1768 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2026 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 a mhéid a bhaineann le cineál sonrach idirghabhála chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an fhéidearthacht leithdháiltí íocaíochtaí díreacha a oiriúnú don bhliain féilire 2027 agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le rialacha níos solúbtha maidir le réamhíocaíochtaí a íoc mar fhreagairt ar an méadú ar phraghsanna leasacháin mar gheall ar an ngéarchéim sa Mheánoirthear
PE/43/2026/REV/1
IO L, 2026/1768, 21.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1768/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1768 |
21.7.2026 |
RIALACHÁN (AE) 2026/1768 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Iúil 2026
lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 a mhéid a bhaineann le cineál sonrach idirghabhála chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an fhéidearthacht leithdháiltí íocaíochtaí díreacha a oiriúnú don bhliain féilire 2027 agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le rialacha níos solúbtha maidir le réamhíocaíochtaí a íoc mar fhreagairt ar an méadú ar phraghsanna leasacháin mar gheall ar an ngéarchéim sa Mheánoirthear
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Mar thoradh ar an ngéarchéim sa Mheánoirthear le déanaí agus ar dhúnadh de facto Chaolas Hormuz, tá méaduithe móra tagtha ar phraghsanna domhanda ola, gáis agus leasachán. Mar gheall ar chineál domhanda na margaí dá ndéantar difear, bíonn tionchar mór ar phraghsanna i roinnt earnálacha de gheilleagar an Aontais ar fud na mBallstát. |
|
(2) |
Tá tionchar díreach ag an méadú mór ar phraghsanna leasacháin ar earnáil na talmhaíochta ós rud é go bhfuil leasacháin fíor-riachtanach do tháirgiúlacht talmhaíochta, d’inmharthanacht feirmeacha agus do shlándáil bia. Tá ceannacháin leasachán ar cheann de na costais ionchuir is airde d’fheirmeoirí. Sa bhreis ar leibhéal na bpraghsanna, bíonn neamhchosaint ar leith ag feirmeoirí an Aontais mar thoradh ar luaineacht sa mhargadh. D’fhéadfadh costais leasachán atá ag méadú iallach a chur ar fheirmeoirí gearradh siar orthu, rud a chruthaíonn riosca soiléir do cháilíocht agus táirgeacht. D’fhéadfadh feirmeoirí an limistéar a shaothraíonn siad a laghdú freisin, rud a dhéanfadh difear do tháirgeadh talmhaíochta an Aontais. |
|
(3) |
Chun aghaidh a thabhairt go tapa ar leochaileachtaí i gcóras bia an Aontais de dheasca na géarchéime sin agus chun cúnamh a thabhairt d’fheirmeoirí a bhfuil fadhbanna leachtachta acu, is iomchuí tacaíocht eisceachtúil shealadach a cheadú trí chineál nua idirghabhála le haghaidh tacaíocht ghéarchéime dá bhforáiltear tríd an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) a thabhairt isteach i Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus trí níos mó solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit maidir le réamhíocaíochtaí a íoc le haghaidh íocaíochtaí díreacha i Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Níor cheart méadú ar na teorainneacha ar úsáid leasachán ar an talamh mar a chinntear sna cláir ghníomhaíochta faoi Threoir 91/676/CEE ón gComhairle (4) a bheith mar thoradh ar an gcineál nua idirghabhála sin a thabhairt isteach. |
|
(4) |
Ba cheart an tacaíocht atá ar fáil faoin gcineál nua idirghabhála a dhíriú ar na feirmeoirí gníomhacha is mó a ndéanann praghsanna arda leasacháin difear dóibh agus ba cheart í a dheonú le haghaidh na gcostas breise a bhaineann le leasacháin arna dtabhú ag feirmeoirí mar thoradh ar mhéaduithe ar phraghsanna a tharlaíonn ón 1 Márta 2026 ar aghaidh. Níl sa dáta sin ach an dáta tagartha chun an praghas leasacháin is airde a chinneadh agus níl sé le nascadh le hincháilitheacht na n-íocaíochtaí leis na tairbhithe. Ba cheart é a bheith indéanta luach saothair a thabhairt d’fheirmeoirí atá faoi ghealltanais limistéarbhunaithe cheana chun an úsáid a bhaineann siad as leasacháin a laghdú le rátaí tacaíochta níos airde. Thairis sin, ba cheart rochtain ar eolas ábhartha a chur ar fáil do thairbhithe tacaíochta faoin idirghabháil den chineál sin, chomh maith le faisnéis maidir le conas úsáid leasachán a laghdú. Chun a áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtúil as tacaíocht phoiblí agus go ndáilfear an tacaíocht sin ar bhealach níos cothroime i measc feirmeoirí incháilithe, ba cheart do na Ballstáit teorainn a chur leis an uastacaíocht in aghaidh an tairbhí nó leis an uaslíon heicteár a dtugtar tacaíocht ina leith. Mar gheall ar chineál práinneach, sealadach agus eisceachtúil na tacaíochta seo agus an gá atá leis na híocaíochtaí comhfhreagracha a eisíoc go tapa, ba cheart dáta deiridh a shocrú le haghaidh na n-íocaíochtaí leis na tairbhithe. |
|
(5) |
Chun bainistiú fónta airgeadais chistí an Aontais a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh róchúiteamh ná cistiú dúbailte mar thoradh ar an tacaíocht iomlán a fhaigheann an feirmeoir faoin gcineál nua idirghabhála, in éineacht le hionstraimí tacaíochta náisiúnta eile nó ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais atá ceaptha chun freagairt do thionchar na bpraghsanna arda leasacháin. |
|
(6) |
Chun úsáid ionstraimí airgeadais le haghaidh na tacaíochta arna soláthar faoin gcineál nua idirghabhála a dhreasú, níor cheart feidhm a bheith ag uasrátaí tacaíochta i gcás ina ndeonaítear tacaíocht i bhfoirm caipitil oibre neamhspleách. |
|
(7) |
Chun moilleanna ar íocaíochtaí le feirmeoirí a bhfuil fadhbanna leachtachta acu a sheachaint, ba cheart foráil a dhéanamh go mbeidh an caiteachas arna mhaoiniú ag CETFT le haghaidh an chineáil nua idirghabhála incháilithe ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus sula ndéanfaidh na Ballstáit iarraidh ar leasú straitéiseach ar an bPlean Straitéiseach CBT lena dtugtar isteach an idirghabháil sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
(8) |
Ba cheart maoiniú tacaíochta faoin gcineál nua idirghabhála a chlársceidealú le ráta ranníocaíochta CETFT suas le 65 % den chaiteachas poiblí incháilithe. |
|
(9) |
Chun a áirithiú go ndéanfar an cineál nua idirghabhála dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chistiú go leordhóthanach gan cuspóirí eile na bPleananna Straitéiseacha CBT agus na méideanna arna bhforchoimeád le haghaidh íocaíochtaí géarchéime a chur i mbaol, ba cheart sciar uasta de ranníocaíocht an Aontais leis an gcineál nua idirghabhála a shocrú. |
|
(10) |
Mar gheall ar chineál speisialta an chineáil nua idirghabhála, níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid rannchuidiú leis na táscairí toraidh a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 maidir leis an gcineál nua idirghabhála. |
|
(11) |
Agus an cineál nua idirghabhála sin á thabhairt isteach i bPleananna Straitéiseacha CBT, níor cheart an iarraidh sin ar leasú straitéiseach a áireamh i dtreo na n-iarrataí uasta féideartha ar leasuithe straitéiseacha in aghaidh na bliana. |
|
(12) |
Chun cothrom iomaíochta a áirithiú, ba cheart an t-uasmhaoiniú náisiúnta breise le haghaidh na n-idirghabhálacha faoin gcineál nua idirghabhála a theorannú do 200 % de chistiú CETFT le haghaidh an chineáil sin idirghabhála. |
|
(13) |
Ba cheart táscaire aschuir breise le haghaidh an chineáil nua idirghabhála a chur le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115. |
|
(14) |
Ba cheart teideal Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 a leasú chun a léiriú go n-áirítear ar theorainneacha airgeadais na tacaíochta maoiniú le haghaidh an chineáil nua idirghabhála. |
|
(15) |
Le hAirteagal 103(1) de Rialachán (AE) 2021/2115, tugtar an tsolúbthacht do na Ballstáit a leithdháiltí le haghaidh íocaíochtaí díreacha a choigeartú trí chistí a aistriú chuig a leithdháiltí le haghaidh CETFT agus óna leithdháiltí le haghaidh CETFT le haghaidh na mblianta féilire 2023 go 2026. Chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit leanúint de na straitéisí náisiúnta faoi seach atá mar bhonn taca lena bPleananna Straitéiseacha CBT a chur chun feidhme go rathúil, lena n-áirítear straitéisí chun déileáil le géarchéimeanna gan choinne amhail tionchar praghsanna arda leasacháin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit na leithdháiltí le haghaidh íocaíochtaí díreacha a choigeartú freisin le haghaidh na bliana féilire 2027 suas go dtí uasteorainn ar leith, ar bhonn na dteorainneacha aistrithe is infheidhme i leith na mblianta féilire 2023 go 2026, chomh maith leis a bPleananna Straitéiseacha CBT a leasú dá réir. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht sintrí fhoráil nua a thabhairt isteach i dTeideal IV de Rialachán (AE) 2021/2115 agus Iarscríbhinn chomhfhreagrach nua ina leagtar amach uasmhéideanna méadaithe agus uasmhéideanna laghdaithe in aghaidh an Bhallstáit. Is gá freisin Airteagal 87(2) de Rialachán (AE) 2021/2115 a leasú chun an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh lena leasaítear leithdháiltí na mBallstát a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus IX den Rialachán sin chun na coigeartuithe ar leithdháiltí na n-íocaíochtaí díreacha a chur san áireamh. Ina theannta sin, is gá leasú a dhéanamh ar Airteagal 112(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2115 chun na coigeartuithe sa tábla forléargais den phlean airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 107(1), pointe (e), den Rialachán sin a áireamh, agus leasú a dhéanamh ar Airteagal 119(2), pointe (c), den Rialachán sin chun na coigeartuithe sa liosta de leasuithe straitéiseacha ar na Pleananna Straitéiseacha CBT a áireamh. Ina theannta sin, is gá leasú a dhéanamh ar Airteagal 119(7), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115 chun a fhoráil nach n-áireofar an iarraidh ar leasú straitéiseach a eascraíonn as na coigeartuithe i leith an uasmhéid iarratas is féidir ar leasuithe straitéiseacha in aghaidh na bliana. Thairis sin, is gá leasú a dhéanamh ar Airteagal 121, an dara mír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2115 chun na coigeartuithe sin a áireamh i liosta na leasuithe ar fhorálacha sonracha nach n-áireofar an tréimhse chun an gníomh tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 87(2) den Rialachán sin i leith na teorann ama don Choimisiún gníomhú dá dtagraítear in Airteagal 121, an chéad fhomhír, den Rialachán sin. |
|
(16) |
I bhfianaise na géarchéime sa Mheánoirthear agus an mhéadaithe ar phraghsanna leasacháin agus neamhchosaint feirmeoirí ar riosca airgeadais mar thoradh air sin, ní leor an leibhéal réamhíocaíochta atá ann faoi láthair a thuilleadh. Chun tacú le feirmeoirí a bhfuil fadhbanna leachtachta acu, agus ós rud é gur rídhócha go leanfaidh éifeachtaí na géarchéime sin ar aghaidh i rith na bliana 2026, is iomchuí na huasrátaí le haghaidh réamhíocaíochtaí a athrú i Rialachán (AE) 2021/2116, ionas go mbeifear in ann ráta níos airde a íoc le haghaidh na bliana féilire sin. Is iomchuí uasráta na réamhíocaíochtaí le haghaidh íocaíochtaí díreacha a mhéadú ó 70 % go 75 %, laistigh den teorainn a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
|
(17) |
Tá cead ag na Ballstáit faoi láthair réamhíocaíochtaí a íoc le feirmeoirí sa tréimhse ón 16 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Samhain den bhliain féilire. Chun tacú le feirmeoirí a bhfuil fadhbanna leachtachta acu mar thoradh ar phraghsanna arda leasacháin, is iomchuí níos mó solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit maidir le huainiú na réamhíocaíochtaí le haghaidh íocaíochtaí díreacha agus cead a thabhairt na híocaíochtaí sin a dhéanamh níos luaithe sa bhliain, díreach tar éis an iarratais ar thacaíocht. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil réamhíocaíochtaí le haghaidh íocaíochtaí díreacha arna n-íoc ag na Ballstáit le feirmeoirí in aon bhliain féilire amháin le haisíoc ag an gCoimisiún leis na Ballstáit ó bhuiséad na bliana ina dhiaidh sin, agus ón mbuiséad sin amháin, i gcás íocaíochtaí díreacha arna n-íoc le tairbhithe roimh an 16 Deireadh Fómhair 2026, ba cheart a mheas go ndearnadh iad le linn mhí na Samhna 2026 agus ba cheart do na Ballstáit a dhearbhú go n-aisíocfaí iad leis an dearbhú a bhaineann leis an mí sin ionas go n-aisíocfaidh an Coimisiún iad ag tús na bliana 2027. |
|
(18) |
Le hAirteagal 59 de Rialachán (AE) 2021/2116 tugtar solúbthacht do na Ballstáit agus a gcórais bhainistithe agus rialaithe á mbunú. Moltar do na Ballstáit a gcórais bhainistithe agus rialaithe a choigeartú chun a áirithiú go gcumasófar tacaíocht thráthúil agus éifeachtach d’fheirmeoirí leis an tsolúbthacht bhreise maidir le huainiú agus méid na réamhíocaíochtaí dá bhforáiltear leis an Rialachán seo. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit a chinneadh cé na fíoruithe nach mór dóibh a thabhairt chun críche sula n-eisíocfar réamhíocaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha leachtachta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh freisin go bhféadfaidís aon réamhíocaíocht a íocadh go míchuí a aisghabháil agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint sula ndéanfaí an íocaíocht deiridh. Tráth na n-íocaíochtaí deiridh, ba cheart don Bhallstát measúnú a dhéanamh ar an riosca neamhchomhlíonta, agus úsáid á baint as roghanna amhail seiceálacha ar incháilitheacht agus ar neamhchomhlíonadh a d’fhéadfadh a bheith ann agus méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil. Nuair a bheidh córas éifeachtúil bainistithe agus rialaithe i bhfeidhm, lena n-áirítear maidir le bainistiú fiachais, ní dócha go dtiocfaidh easnaimh thromchúiseacha chun cinn. |
|
(19) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) 2021/2115 agus (AE) 2021/2116 a leasú dá réir. |
|
(20) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon aghaidh a thabhairt go tapa ar leochaileachtaí i gcóras bia an Aontais de dheasca na géarchéime sa Mheánoirthear agus chun cúnamh a thabhairt d’fheirmeoirí a bhfuil fadhbanna leachtachta acu, a ghnóthú go leordhóthanach, agus, de bharr na nasc idir an Rialachán seo agus ionstraimí eile CBT agus an bealach a bhfuil an Rialachán seo nasctha go dlúth le gnóthú phríomhthosaíochtaí an Aontais, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(21) |
I bhfianaise phráinn an ghá atá ann ligean d’fheirmeoirí cinntí infheistíochta a dhéanamh go tráthúil agus, dá bhrí sin, an riosca go dtiocfaidh laghdú ar tháirgeadh bia a íoslaghdú, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a agairt. |
|
(22) |
Ós rud é gur gá beart a dhéanamh láithreach, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/2115
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 69, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
; |
|
(2) |
i dTeideal III, Caibidil IV, Roinn 1, cuirtear an tAirteagal seo a leanas leis: ‘Airteagal 78b Tacaíocht d’fheirmeoirí atá thíos leis an méadú mór ar phraghsanna leasacháin mar gheall ar an ngéarchéim sa Mheánoirthear 1. Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil d’fheirmeoirí gníomhacha a ndéanann an méadú mór ar phraghsanna leasacháin difear dóibh. Beidh aon tacaíocht den sórt sin a sholáthraítear faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a shonraíonn na Ballstáit a thuilleadh ina bPleananna Straitéiseacha CBT. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndíreofar an tacaíocht faoin Airteagal seo ar na feirmeoirí sin is mó atá thíos leis an méadú mór ar phraghsanna leasacháin. Déanfaidh siad amhlaidh trí choinníollacha incháilitheachta a chinneadh ar bhonn na fianaise atá ar fáil. 3. Leis an tacaíocht faoin Airteagal seo, cumhdófar cuid de na costais bhreise a bhaineann le leasacháin arb iad forbairtí sa mhargadh a d’eascair as an ngéarchéim sa Mheánoirthear sa tréimhse dar tús an 1 Márta 2026 is cúis leo. Ríomhfar na costais bhreise mar an difríocht idir praghas ionadaíoch ar leasacháin agus praghas tagarmhairc ar leasacháin. Ar bhonn toimhdí réasúnta, saineoidh na Ballstáit an praghas tagarmhairc bunaithe ar an meánphraghas ar leasacháin thar 3 mhí as a chéile ar a laghad sa tréimhse idir an 1 Eanáir 2025 agus an 28 Feabhra 2026, agus an praghas ionadaíoch bunaithe ar an bpraghas ar leasacháin le linn tréimhse arna cinneadh ag an mBallstát, nach dtosóidh roimh an 1 Márta 2026. Beidh an tacaíocht faoin Airteagal seo i bhfoirm costas aonaid in aghaidh an heicteáir arna ríomh ar bhonn meántomhaltas bliantúil leasachán in aghaidh an limistéir, arna ndifreáil de réir earnálacha nó córas táirgthe. De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit an tacaíocht faoin Airteagal seo a bhunú ar na costais iarbhír a thabhaíonn gach tairbhí, agus úsáid á baint as an bpraghas tagarmhairc céanna a dtugtar tuairisc air sa mhír seo. 4. Bunóidh na Ballstáit na rátaí tacaíochta is infheidhme chun suas le 50 % de na costais bhreise ar leasacháin a chumhdach. Féadfar na rátaí sin a mhéadú suas le huasmhéid 80 % i gcás feirmeoirí atá faoi réir na ngealltanas dá dtagraítear in Airteagail 31 agus 70, nó ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 72, chun úsáid leasachán a laghdú. Maidir le hionstraimí airgeadais i bhfoirm caipitil oibre neamhspleách, beidh feidhm ag Airteagal 80(4). 5. Socróidh na Ballstáit uasmhéid tacaíochta in aghaidh an tairbhí nó uaslíon heicteár ar féidir tacaíocht in aghaidh an tairbhí a fháil ina leith. 6. Íocfar an tacaíocht faoin Airteagal seo leis an bhfeirmeoir faoin 30 Meitheamh 2027. 7. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag feirmeoirí a fhaigheann tacaíocht faoin Airteagal seo ar an eolas agus ar an bhfaisnéis ábhartha chun go mbeidh siad in ann úsáid inbhuanaithe leasachán a bharrfheabhsú. 8. Agus tacaíocht á deonú faoin Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go seachnófar róchúiteamh mar thoradh ar an meascán idirghabhála faoin Airteagal seo agus ionstraimí tacaíochta náisiúnta eile nó ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais.’ |
|
(3) |
leasaítear Airteagal 80 mar a leanas:
|
|
(4) |
in Airteagal 86(3), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: ‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, i gcásanna de chineál idirghabhála de bhun Airteagal 78b, féadfar a fhoráil sa Phlean Straitéiseach CBT go bhféadfar incháilitheacht an chaiteachais arna mhaoiniú ag CETFT a bhaineann le leasuithe ar an bPlean Straitéiseach CBT a thosú roimh an dáta a chuirfear an iarraidh ar leasú faoi bhráid an Choimisiúin ach ní roimh an 22 Iúil 2026.’ ; |
|
(5) |
in Airteagal 87(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: ‘2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 152 lena leasaítear leithdháiltí na mBallstát arna leagan amach in Iarscríbhinní V agus IX chun na forbairtí a bhaineann le huasmhéid iomlán na n-íocaíochtaí díreacha a d’fhéadfaí a dheonú a chur san áireamh, lena n-áirítear na haistrithe dá dtagraítear in Airteagal 17 agus Airteagal 103, coigeartú na leithdháiltí íocaíochtaí díreacha dá dtagraítear in Airteagal 103a, aistrithe na leithdháiltí dá dtagraítear in Airteagal 88(5) agus aon asbhaint atá ag teastáil chun cineálacha idirghabhála a mhaoiniú in earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 88(6).’ |
|
(6) |
in Airteagal 91(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
; |
|
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 96a: ‘Airteagal 96a Leithdháiltí airgeadais uasta le haghaidh íocaíochtaí géarchéime le feirmeoirí dá dtagraítear in Airteagal 78a agus tacaíocht d’fheirmeoirí dá dtagraítear in Airteagal 78b 1. An t-uasmhéid i gcás gach Ballstáit a fhéadfar a fhorchoimeád le haghaidh na n-íocaíochtaí géarchéime le feirmeoirí tar éis tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide nó teagmhais thurraingeacha dá dtagraítear in Airteagal 78a agus le haghaidh tacaíocht d’fheirmeoirí atá thíos leis an méadú mór ar phraghsanna leasacháin mar gheall ar an ngéarchéim sa Mheánoirthear dá dtagraítear in Airteagal 78b, beidh sé teoranta do na méideanna bliantúla a leagtar amach in Iarscríbhinn XV. 2. Féadfar uasmhéid 25 % de na méideanna bliantúla a leagtar amach in Iarscríbhinn XV a fhorchoimeád chun an tacaíocht d’fheirmeoirí dá dtagraítear in Airteagal 78b a mhaoiniú. 3. An caiteachas CETFT iomlán ar na híocaíochtaí géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 78a agus ar an tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 78b, ní sháróidh sé suim na leithdháiltí táscacha airgeadais le haghaidh na gcineálacha sin idirghabhála le haghaidh na mblianta airgeadais 2026 agus 2027, mar atá leagtha amach ag na Ballstáit ina bpleananna airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 112(2), pointe (a), agus mar atá formheasta ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 119. Uasteorainn airgeadais arna socrú le dlí an Aontais a bheidh san uasteorainn airgeadais sin.’ |
|
(8) |
i dTeideal IV, cuirtear an tAirteagal seo a leanas leis: ‘Airteagal 103 Leithdháiltí íocaíochtaí díreacha le haghaidh na bliana féilire 2027 Faoin 31 Lúnasa 2026, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh a leithdháiltí le haghaidh íocaíochtaí díreacha a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus IX le haghaidh na bliana féilire 2027 a mhéadú nó a laghdú faoi mhéid nach mó ná an t-uasmhéadú nó an t-uaslaghdú a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI in aghaidh an Bhallstáit, mar chuid d’iarraidh ar leasú straitéiseach ar a bPleananna Straitéiseacha CBT faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 119.’ |
|
(9) |
in Airteagal 111, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: ‘Ní bheidh feidhm ag pointe (e) den chéad mhír maidir leis an gcineál idirghabhála in earnáil na beachadóireachta dá dtagraítear in Airteagal 55(1), pointe (a) agus pointí (c) go (g), idirghabhálacha faoin gcineál idirghabhála in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 58(1), pointí (h) go (k), na gníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun cinn le haghaidh scéimeanna cáilíochta faoin gcineál idirghabhála le haghaidh comhair dá dtagraítear in Airteagal 77, idirghabhálacha faoin gcineál idirghabhála le haghaidh íocaíochtaí géarchéime le feirmeoirí tar éis tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide nó teagmhais thurraingeacha dá dtagraítear in Airteagal 78a agus idirghabhálacha faoin gcineál idirghabhála le haghaidh tacaíocht d’fheirmeoirí a ndéanann an méadú mór ar phraghsanna leasacháin difear dóibh dá dtagraítear in Airteagal 78b.’ ; |
|
(10) |
in Airteagal 112(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
; |
|
(11) |
leasaítear Airteagal 119 mar a leanas:
|
|
(12) |
in Airteagal 121, an dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
; |
|
(13) |
in Airteagal 146 cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: ‘Féadfaidh na Ballstáit maoiniú náisiúnta breise suas le 200 % de mhaoiniú CETFT a leithdháiltear sa Phlean Straitéiseach CBT a sholáthar le haghaidh tacaíochta faoi Airteagal 78b.’ ; |
|
(14) |
leasaítear Iarscríbhinní I agus XV i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(15) |
cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo leis mar Iarscríbhinn XVI. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/2116
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/2116 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 21(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: ‘2. Déanfar íocaíochtaí míosúla le gach Ballstát ar an tríú lá oibre den dara mí tar éis na míosa ina ndéantar an caiteachas, nó roimhe sin, agus na laghduithe nó fionraíochtaí ag a bhfuil feidhm faoi Airteagail 39 go 42 nó aon cheartúchán eile á gcur san áireamh. Caiteachas arna dhéanamh ag na Ballstáit idir an 1 agus an 15 Deireadh Fómhair, measfar gur i mí Dheireadh Fómhair a rinneadh é. Caiteachas arna dhéanamh idir an 16 agus an 31 Deireadh Fómhair, measfar gur i mí na Samhna a rinneadh é. Caiteachas arna dhéanamh ag na Ballstáit chun réamhíocaíochtaí a íoc roimh an 16 Deireadh Fómhair sa bhliain féilire 2026 de bhun Airteagal 44(2), an dara fomhír, pointe (a), measfar gur i mí na Samhna a rinneadh é agus dearbhófar é sa dearbhú a bhaineann leis an mí sin.’ |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 35: ‘Airteagal 35 An bhliain airgeadais talmhaíochta Gan dochar do na forálacha speisialta maidir le dearbhuithe caiteachais agus ioncaim a bhaineann le hidirghabháil phoiblí arna leagan síos ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 47(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus maidir le dearbhuithe caiteachais a bhaineann le réamhíocaíochtaí arna n-íoc roimh an 16 Deireadh Fómhair sa bhliain féilire 2026 de bhun Airteagal 44(2), an dara fomhír, pointe (a), cumhdófar leis an mbliain airgeadais caiteachas arna íoc agus ioncam arna fháil agus arna iontráil ag na gníomhaireachtaí íocaíochta i gcuntais CERT agus CETFT i leith na bliana airgeadais N dar tús an 16 Deireadh Fómhair den bhliain N-1 agus dar críoch an 15 Deireadh Fómhair den bhliain N.’ |
|
(3) |
in Airteagal 44(2), an dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Iúil 2026.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. BYRNE
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Iúil 2026.
(2) Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj).
(3) Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj).
(4) Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/676/oj).
(5) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinní I agus XV a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn I, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach sa tábla ‘Faireachán – ASCHUR – Cineálacha idirghabhála agus a dtáscairí aschuir’ i ndiaidh na hiontrála ‘Íocaíochtaí géarchéime le haghaidh feirmeoirí tar éis tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide nó teagmhais thurraingeacha (Airteagal 78a)’:
|
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Iarscríbhinn XV: ‘IARSCRÍBHINN XV An t-uasmhéid in aghaidh an Bhallstáit is féidir a fhorchoimeád le haghaidh íocaíochtaí géarchéime le feirmeoirí dá dtagraítear in Airteagal 78a agus tacaíocht d’fheirmeoirí dá dtagraítear in Airteagal 78b’. |
IARSCRÍBHINN II
‘IARSCRÍBHINN XVI
Uasmhéídeanna dá dtagraítear in Airteagal 103a
Uasmhéid an mhéadaithe ar leithdháiltí le haghaidh íocaíochtaí díreacha i gcomhair na bliana féilire 2027 in aghaidh an Bhallstáit
|
|
EUR (praghsanna reatha) |
|
an Bheilg |
20 700 224 |
|
an Bhulgáir |
84 648 793 |
|
an tSeicia |
64 796 927 |
|
an Danmhairg |
18 983 515 |
|
an Ghearmáin |
273 089 935 |
|
an Eastóin |
26 404 994 |
|
Éire |
77 910 157 |
|
an Ghréig |
139 238 400 |
|
an Spáinn |
324 114 848 |
|
an Fhrainc |
364 860 018 |
|
an Chróit |
74 326 850 |
|
an Iodáil |
337 480 344 |
|
an Chipir |
5 942 629 |
|
an Laitvia |
35 248 552 |
|
an Liotuáin |
58 648 549 |
|
Lucsamburg |
3 077 661 |
|
an Ungáir |
104 217 287 |
|
Málta |
4 996 124 |
|
an Ísiltír |
18 317 092 |
|
an Ostair |
130 006 188 |
|
an Pholainn |
396 000 462 |
|
an Phortaingéil |
162 165 186 |
|
an Rómáin |
290 114 968 |
|
an tSlóivéin |
27 542 548 |
|
an tSlóvaic |
77 723 373 |
|
an Fhionlainn |
106 364 987 |
|
an tSualainn |
63 566 922 |
Uasmhéid an laghdaithe ar leithdháiltí le haghaidh íocaíochtaí díreacha i gcomhair na bliana féilire 2027 in aghaidh an Bhallstáit
|
|
EUR (praghsanna reatha) |
|
an Bheilg |
123 731 481 |
|
an Bhulgáir |
207 943 425 |
|
an tSeicia |
213 736 824 |
|
an Danmhairg |
215 591 819 |
|
an Ghearmáin |
1 228 923 865 |
|
an Eastóin |
51 254 687 |
|
Éire |
296 570 499 |
|
an Ghréig |
472 915 011 |
|
an Spáinn |
1 209 271 990 |
|
an Fhrainc |
1 821 250 134 |
|
an Chróit |
93 692 559 |
|
an Iodáil |
907 132 289 |
|
an Chipir |
11 911 885 |
|
an Laitvia |
91 120 936 |
|
an Liotuáin |
153 178 204 |
|
Lucsamburg |
8 186 957 |
|
an Ungáir |
310 796 291 |
|
Málta |
1 148 505 |
|
an Ísiltír |
179 345 582 |
|
an Ostair |
169 395 462 |
|
an Pholainn |
796 492 035 |
|
an Phortaingéil |
159 948 413 |
|
an Rómáin |
507 398 799 |
|
an tSlóivéin |
32 882 513 |
|
an tSlóvaic |
103 868 686 |
|
an Fhionlainn |
131 201 466 |
|
an tSualainn |
171 704 104 ’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1768/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)