This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document E2026C1748
EFTA Surveillance Authority Decision No 064/2026/COL of 8 April 2026 concerning an exemption from the CO2 tax on LPG and natural gas for undertakings covered by the EU ETS (Norway) [2026/1748]
CINNEADH Ó ÚDARÁS FAIREACHAIS CSTE Uimh. 064/2026/COL an 8 Aibreán 2026 maidir le díolúine ón gcáin CO2 ar GPL agus ar ghás nádúrtha do ghnóthais a chumhdaítear le CTA AE (an Iorua) [2026/1748]
CINNEADH Ó ÚDARÁS FAIREACHAIS CSTE Uimh. 064/2026/COL an 8 Aibreán 2026 maidir le díolúine ón gcáin CO2 ar GPL agus ar ghás nádúrtha do ghnóthais a chumhdaítear le CTA AE (an Iorua) [2026/1748]
IO L, 2026/1748, 16.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1748/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1748 |
16.7.2026 |
CINNEADH Ó ÚDARÁS FAIREACHAIS CSTE Uimh. 064/2026/COL
an 8 Aibreán 2026
maidir le díolúine ón gcáin CO2 ar GPL agus ar ghás nádúrtha do ghnóthais a chumhdaítear le CTA AE (an Iorua) [2026/1748]
TÁ ÚDARÁS FAIREACHÁIN CSTE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), go háirithe Airteagail 61 agus 62,
Ag féachaint do Phrótacal 26 a ghabhann le Comhaontú LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú (‘an Comhaontú Faireacháin agus Cúirte’), go háirithe Airteagal 24,
Ag féachaint do Phrótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú Faireacháin agus Cúirte (‘Prótacal 3 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte’), go háirithe Airteagal 1(2) de Chuid I agus Airteagal 8(2) de Chuid II,
De bharr an mhéid seo a leanas:
I. FÍORAIS
1 Nós imeachta
|
(1) |
An 29 Feabhra 2024, thug údaráis na hIorua fógra i) faoi dhíolúine ón dleacht mháil ar loscadh dramhaíola do ghnóthais atá faoi réir Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (‘Beart 1’) agus ii) faoi dhíolúine ón gcáin CO2 le haghaidh gás peitriliam leachtaithe (‘GPL’) agus gás nádúrtha don tionscal próiseála do ghnóthais atá faoi réir Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (‘Beart 2’), de bhun Airteagal 1(3) de Chuid I de Prótacal 3 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte (1) (‘an fógra’). |
|
(2) |
Le Cinneadh Uimh. 039/24/COL an 27 Márta 2024 (‘an Cinneadh Tosaigh’) (2), thionscain Údarás Faireacháin CSTE an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil. An 30 Aibreán 2024 (3), chuir údaráis na hIorua a mbarúlacha isteach maidir leis an gCinneadh Tosaigh. |
|
(3) |
Foilsíodh an Cinneadh Tosaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus i bhForlíonadh LEE a ghabhann leis (4). Fuair Údarás Faireacháin CSTE barúlacha ó pháirtithe leasmhara maidir le Beart 1 (5). An 14 Meitheamh 2024 (6), chuir Údarás Faireacháin CSTE iad sin ar aghaidh chuig údaráis na hIorua. An 21 Meitheamh 2024 (7), chuir údaráis na hIorua a mbarúlacha isteach maidir leis na barúlacha ó na páirtithe leasmhara. |
|
(4) |
An 18 Feabhra 2025 (8), d’iarr Údarás Faireacháin CSTE faisnéis bhreise ar údaráis na hIorua. An 27 Feabhra 2025, tionóladh cruinniú idir Údarás Faireacháin CSTE agus údaráis na hIorua. An 18 Márta 2025 (9), thug údaráis na hIorua freagra ar an iarraidh ar fhaisnéis an 18 Feabhra 2025. An 19 Bealtaine 2025, tionóladh cruinniú eile idir Údarás Faireacháin CSTE agus údaráis na hIorua, agus an 28 Bealtaine 2025 (10), sheol Údarás Faireacháin CSTE ceisteanna leantacha chuig údaráis na hIorua. Chuir údaráis na hIorua freagraí ar cheisteanna Údarás Faireacháin CSTE isteach an 1 Iúil 2025 (11). Tionóladh cruinnithe breise idir Údarás Faireacháin CSTE agus údaráis na hIorua an 25 Lúnasa 2025 agus an 4 Meán Fómhair 2025. Trí chomhaontú idir Údarás Faireacháin CSTE agus údaráis na hIorua agus de bhun Airteagal 7(6) de Chuid II de Phrótacal 3 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte, cuireadh síneadh leis an teorainn ama chun cinneadh a ghlacadh tar éis an imscrúdaithe fhoirmiúil go dtí an 31 Nollaig 2025. Tionóladh cruinnithe breise idir Údarás Faireacháin CSTE agus údaráis na hIorua an 10 Deireadh Fómhair 2025, an 14 Samhain 2025 agus an 21 Samhain 2025. |
|
(5) |
Le Cinneadh Uimh. 202/25/COL, chuir Údarás Faireacháin CSTE clabhsúr ar an imscrúdú foirmiúil i ndáil le Beart 1, agus chinn sé nár státchabhair a bhí i mBeart 1 de réir bhrí Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE (12). |
|
(6) |
Trí chomhaontú idir Údarás Faireacháin CSTE agus údaráis na hIorua agus de bhun Airteagal 7(6) de Chuid II de Phrótacal 3 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte, an teorainn ama chun cinneadh a ghlacadh i ndáil le Beart 2 tar éis an imscrúdaithe fhoirmiúil, cuireadh síneadh leis an teorainn ama sin go dtí an 8 Iúil 2026. |
|
(7) |
Le litir dar dáta an 1 Márta 2026, tharraing údaráis na hIorua siar an fógra faoi Bheart 2. |
2 Tuairisc ar an mbeart
|
(8) |
De réir an fhógra a tarraingíodh siar, ina thogra buiséid an 12 Deireadh Fómhair 2021, mhol Rialtas na hIorua cáin CO2 a thabhairt isteach ar ghás nádúrtha agus GPL a úsáidtear i laghdú ceimiceach nó i leictrealú, i bpróisis mhiotalóireachta agus mhianreolaíocha (‘cáin CO2 ar an tionscal próiseála’). |
|
(9) |
Tugadh isteach Acht na hIorua um Chuótaí Aeráide (‘an tAcht um Chuótaí Aeráide’) (13) chun oibleagáidí na hIorua a chur chun feidhme de bhun Threoir an Aontais maidir le Córas Trádála Astaíochtaí (‘Treoir CTA’) (14). Laistigh dá raon feidhme, forchuirtear leis an Acht um Chuótaí Aeráide oibleagáid ar ghnóthais lamháltais astaíochtaí a thabhairt suas mar a shonraítear san Acht um Chuótaí Aeráide. |
|
(10) |
De réir an fhógra a tarraingíodh siar, chun nach mbeadh gnóthais faoi réir na cánach CO2 ar an tionscal próiseála agus na hoibleagáide lamháltais astaíochtaí a thabhairt suas de bhun an Achta um Chuótaí Aeráide, bheartaigh údaráis na hIorua Beart 2 a thabhairt isteach. I gcás ina bhformheasfadh Údarás Faireacháin CSTE é, bheadh astaíochtaí a chumhdaítear leis an Acht um Chuótaí Aeráide díolmhaithe go hiomlán ag Beart 2 ón gcáin CO2 ar an tionscal próiseála (15). |
3 Measúnú
|
(11) |
Ós rud é gur tharraing an Iorua siar an fógra faoi Bheart 2, an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a tionscnaíodh i leith Bheart 2, ní bhaineann sé le hábhar a thuilleadh. |
4 Conclúid
|
(12) |
An nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 1(2) de Chuid I de Phrótacal 3 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte, ní bhaineann sé le hábhar a thuilleadh mar gur tharraing an Iorua siar an fógra faoi Bheart 2 agus cuirfear clabhsúr air. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ós rud é gur tharraing an Iorua siar an fógra faoin nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil faoi Airteagal 1(2) de Chuid I de Phrótacal 3 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte a tionscnaíodh an 27 Márta 2024 i leith na díolúine ar tugadh fógra faoi ón gcáin CO2 ar an tionscal próiseála, i.e. Beart 2, ní bhaineann an nós imeachta sin le hábhar a thuilleadh agus leis seo, cuirfear clabhsúr air i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Chuid II de Phrótacal 3 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte.
Airteagal 2
Is ar Ríocht na hIorua atá an cinneadh seo dírithe.
Airteagal 3
Is é an leagan Béarla den chinneadh seo amháin atá barántúil.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Aibreán 2026.
Thar ceann Údarás Faireacháin CSTE
Arne RØKSUND
Uachtarán
Comhalta Coláiste Freagrach
Árni Páll ÁRNASON
Comhalta Coláiste
Nuscha WIECZOREK
Comhalta Coláiste
Thar ceann Melpo-Menie JOSÉPHIDÈS
Ag comhshíniú mar Stiúrthóir,
Gnóthaí Dlíthiúla agus Feidhmiúcháin
(1) Doiciméid Uimh. 1439561, 1439563 agus 1439565.
(2) Cinneadh Uimh. 039/24/COL, ó Údarás Faireacháin CSTE, lena n-osclaítear imscrúdú foirmiúil ar na díolúintí ó dhleacht mháil ar loscadh dramhaíola agus ar an gcáin CO2 ar GPL agus ar ghás nádúrtha do ghnóthais a chumhdaítear le CTA.
(3) Doiciméid Uimh. 1453310, 1453306, 1453308, agus 1453304.
(4) Cinneadh Uimh. 039/24/COL an 27 Márta 2024 maidir le himscrúdú foirmiúil a oscailt ar dhíolúintí ón dleacht mháil ar loscadh dramhaíola agus ar an gcáin CO2 ar GPL agus ar ghás nádúrtha do ghnóthais a chumhdaítear le CTA — Cuireadh chun barúlacha a chur isteach maidir le saincheisteanna státchabhrach de bhun Airteagal 4(4) de Chuid II agus Airteagal 1(2) de Chuid I de Phrótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú i ndáil leis na bearta thuasluaite (IO C, C/2024/3127, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3127/oj, agus Forlíonadh LEE Uimh. 38, 8.5.2024, lch. 1).
(5) Doiciméad Uimh. 1509369.
(6) Doiciméad Uimh. 1463157.
(7) Doiciméid Uimh. 1465942 agus 1465940.
(8) Doiciméad Uimh. 1509413.
(9) Doiciméid Uimh. 1525019 agus 1525021.
(10) Doiciméad Uimh. 1539541.
(11) Doiciméid Uimh. 1552680 agus 1552681.
(12) Cinneadh Uimh. 202/25/COL ó Údarás Faireacháin CSTE, lena gcuirtear clabhsúr ar an imscrúdú foirmiúil a bhaineann le díolúintí ón dleacht mháil ar loscadh dramhaíola do ghnóthais a chumhdaítear le CTA AE.
(14) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj), an t-acht dá dtagraítear i bpointe 21al d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE, arna leasú.
(15) Prop. , 1 LS (2021-2022), Skatter, avgifter og toll 2022, Proposal for Parliamentary decision [Togra le haghaidh Cinneadh ón bParlaimint] lch. 333.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1748/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)