This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1733
Council Implementing Decision (EU) 2026/1733 of 10 July 2026 suspending the application of certain provisions of Regulation (EC) No 810/2009 of the European Parliament and of the Council in respect of Guinea
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1733 ón gComhairle an 10 Iúil 2026 lena gcuirtear ar fionraí cur i bhfeidhm forálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i leith na Guine
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1733 ón gComhairle an 10 Iúil 2026 lena gcuirtear ar fionraí cur i bhfeidhm forálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i leith na Guine
ST/11169/2026/INIT
IO L, 2026/1733, 15.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1733/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1733 |
15.7.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1733 ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Iúil 2026
lena gcuirtear ar fionraí cur i bhfeidhm forálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i leith na Guine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (1), agus go háirithe Airteagal 25a(5), pointe (a) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tar éis measúnú a dhéanamh de bhun Airteagal 25a(2) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, measann an Coimisiún nach leor an comhar leis an nGuine maidir le hathligean isteach imirceach neamhrialta. Tá gá le feabhsuithe móra ar an gcomhar le linn an phróisis um athligean isteach, lena n-áirítear chun a áirithiú go gcomhoibreoidh an Ghuine go héifeachtach maidir le sainaithint imircigh neamhrialta, le heisiúint doiciméad taistil éigeandála agus le hoibríochtaí um fhilleadh a eagrú ar bhealach tráthúil intuartha, i gcomhréir leis an socrú um athligean isteach. |
|
(2) |
Tá dúshláin leanúnacha fós ann a mhéid a bhaineann le náisiúnaigh den Ghuine atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch na mBallstát a shainaithint agus a fhilleadh.Tá na dúshláin sin ann mar gheall ar easpa freagartha agus easpa obair leantach ó údaráis na Guine ar iarrataí ar athligean isteach i gcásanna doiciméadaithe agus neamhdhoiciméadaithe araon, deacrachtaí maidir le doiciméid taistil éigeandála a eisiúint, doiciméid nach gcuirtear ar fáil go minic fiú i gcás inar deimhníodh an náisiúntacht cheana féin, agus eagrú na n-oibríochtaí um fhilleadh ar eitiltí sceidealaithe nó cairtfhostaithe. Thairis sin, is iad Guinigh an t-ochtú náisiúntacht shainaitheanta is mó ó thaobh teacht isteach neamhrialta chuig an Aontas i measc na dtíortha a ndéantar measúnú orthu faoi Airteagal 25a(2) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, agus cruthaíodh riaráiste nach beag de chásanna um athligean isteach ina leith. |
|
(3) |
Agus na céimeanna éagsúla a ghlac an Coimisiún go dtí seo chun feabhas a chur ar an leibhéal comhair ón nGuine i réimse an athligean isteach agus ar chaidreamh foriomlán an Aontais leis an tríú tír sin á gcur san áireamh, measann an Coimisiún nach leor an comhar leis an nGuine agus go bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta dá bhrí sin. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart cur i bhfeidhm forálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 a chur ar fionraí maidir le náisiúnaigh den Ghuine atá faoi réir an cheanglais víosa de bhun Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Is é is cuspóir don fhionraí sin an Ghuine a spreagadh chun na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun feabhas a chur ar an gcomhar maidir le hathligean isteach. |
|
(5) |
Ba cheart gurb iad na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 25a(5), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, eadhon: an fhéidearthacht na ceanglais a tharscaoileadh i ndáil leis an bhfianaise dhoiciméadach atá le cur isteach ag iarratasóirí ar víosa dá dtagraítear in Airteagal 14(6); leis an tréimhse phróiseála ghinearálta 15 lá féilire dá dtagraítear in Airteagal 23(1), dá gcuirfí ar fionraí í, d’eisiafaí, mar thoradh air sin, cur i bhfeidhm na rialach lena gceadaítear síneadh suas le 45 lá ar a mhéad a chur leis an tréimhse sin i gcásanna aonair amháin, rud a chiallaíonn gur 45 lá a bheadh ina tréimhse chaighdeánach phróiseála; le heisiúint víosaí dul isteach iolrach i gcomhréir le hAirteagal 24(2) agus (2c); agus i ndáil le tarscaoileadh roghnach na táille víosa le haghaidh sealbhóirí pasanna taidhleoireachta agus seirbhíse i gcomhréir le hAirteagal 16(5), pointe (b). |
|
(6) |
Níor cheart aon difear a dhéanamh leis an gCinneadh seo do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), lena leathnaítear an ceart chun saorghluaiseachta chuig baill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais, gan beann ar a náisiúntacht, nuair a bhíonn siad ag taisteal chun dul chomh fada leis an saoránach den Aontas nó ag taisteal in éineacht leis an saoránach den Aontas. Níor cheart, dá réir sin, feidhm a bheith ag an gCinneadh seo maidir le baill teaghlaigh le saoránach den Aontas a bhfuil feidhm ag an Treoir sin maidir leo ná le baill teaghlaigh le náisiúnach tríú tír a bhfuil ceart saorghluaiseachta aige atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus an tríú tír sin. Níor cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo maidir le baill teaghlaigh le náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe ar tairbhithe iad den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (4) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), ar choinníoll go bhfuil na baill teaghlaigh lena mbaineann i dteideal dul chomh fada leis an tairbhí den Chomhaontú um Tharraingt Siar sa Stát óstach agus go ndéanann siad iarratas ar víosa chun na críche sin. |
|
(7) |
Ba cheart an Cinneadh seo a bheith gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoin dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear a n-oibleagáidí mar thíortha óstacha d’eagraíochtaí idir-rialtasacha idirnáisiúnta nó do chomhdhálacha idirnáisiúnta arna dtionól ag na Náisiúin Aontaithe nó ag eagraíochtaí idir-rialtasacha idirnáisiúnta eile agus atá á n-óstáil ag na Ballstáit. Dá réir sin, níor cheart feidhm a bheith ag an bhfionraíocht maidir le náisiúnaigh den Ghuine a dhéanann iarratas ar víosa i gcás inar gá sin chun go gcomhlíonfaidh Ballstáit na hoibleagáidí sin. |
|
(8) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Cinneadh seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an gCinneadh seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é. |
|
(9) |
Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (5); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(10) |
Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen (6) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (7). |
|
(11) |
Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (8) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (9). |
|
(12) |
Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (10) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (11). |
|
(13) |
Maidir leis an gCipir, is gníomh atá sa Chinneadh seo lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis Schengen de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir le náisiúnaigh den Ghuine atá faoi réir an cheanglais víosa de bhun Rialachán (AE) 2018/1806.
2. Ní bheidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir le náisiúnaigh den Ghuine atá díolmhaithe ón gceanglas víosa faoi Airteagal 4 nó Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2018/1806.
3. Ní bheidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir le náisiúnaigh den Ghuine a dhéanann iarratas ar víosa:
|
(a) |
ar baill teaghlaigh iad le saoránach den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis nuair a thionlacann sé saoránach den Aontas nó nuair a théann sé in éineacht leis an saoránach sin; |
|
(b) |
ar baill teaghlaigh iad le náisiúnach tríú tír a bhfuil ceart saorghluaiseachta aige atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus an tríú tír sin; nó |
|
(c) |
ar baill teaghlaigh iad le náisiúnach den Ríocht Aontaithe ar tairbhí den Chomhaontú um Tharraingt Siar é, ar choinníoll go bhfuil na baill teaghlaigh lena mbaineann i dteideal dul chomh fada leis an tairbhí den Chomhaontú um Tharraingt Siar sa Stát óstach agus iarratas a dhéanamh ar víosa chun na críche sin. |
4. Beidh an Cinneadh seo gan dochar do chásanna ina mbeidh Ballstát faoi cheangal ag oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta, go háirithe i gcás ina ngníomhóidh sé:
|
(a) |
mar thír óstach d’eagraíocht idir-rialtasach idirnáisiúnta; |
|
(b) |
mar thír óstach do chomhdháil idirnáisiúnta arna tionól ag na Náisiúin Aontaithe nó faoina gcoimirce nó ag eagraíochtaí idir-rialtasacha idirnáisiúnta eile atá á n-óstáil ag Ballstát nó faoina gcoimirce sin; |
|
(c) |
faoi chomhaontú iltaobhach lena dtugtar pribhléidí agus díolúintí; |
|
(d) |
de bhun Chonradh Idir-Réitigh 1929 (Comhaontú na Lataráine) a tugadh i gcrích idir an Suí Naofa (Stát Chathair na Vatacáine) agus an Iodáil, arna leasú go deireanach. |
Airteagal 2
Cuirfear cur i bhfeidhm na bhforálacha seo a leanas de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ar fionraí go sealadach i leith na Guine:
|
(a) |
Airteagal 14(6); |
|
(b) |
Airteagal 16(5), pointe (b); |
|
(c) |
Airteagal 23(1); |
|
(d) |
Airteagal 24(2) agus (2c). |
Airteagal 3
Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra ina leith.
Airteagal 4
Dírítear an Cinneadh seo chuig Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cróite, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, an Ungáir, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, agus Ríocht na Sualainne.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Iúil 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. HARRIS
(1) IO L 243, 15.9.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/810/oj.
(2) Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, 28.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1806/oj).
(3) Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus ag baill dá dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí a dhéanamh faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2004/38/oj).
(4) IO L 29, 31.1.2020, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/withd_2020/sign.
(5) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2002/192/oj).
(6) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1999/439(1)/oj.
(7) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1999/437/oj).
(8) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2008/178(1)/oj.
(9) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/146/oj).
(10) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/prot/2011/350/oj.
(11) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a mhéid a bhaineann le deireadh a chur le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/350/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1733/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)