This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1723
Council Decision (CFSP) 2026/1723 of 13 July 2026 amending Decision (CFSP) 2020/1999 concerning restrictive measures against serious human rights violations and abuses
Cinneadh (CBES) 2026/1723 ón gComhairle an 13 Iúil 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantachain in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
Cinneadh (CBES) 2026/1723 ón gComhairle an 13 Iúil 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantachain in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
ST/10517/2026/INIT
IO L, 2026/1723, 13.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1723/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1723 |
13.7.2026 |
CINNEADH (CBES) 2026/1723 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Iúil 2026
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantachain in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1999 (1). |
|
(2) |
An 8 Nollaig 2020, trí bhíthin an Dearbhaithe ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an ‘tArdionadaí’) thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir le córas domhanda smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh i ndáil le cearta an duine, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit gurb é a dtiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Le córas domhanda smachtbhannaí an Aontais i ndáil le cearta an duine, leagtar béim ar a mheáite atá an tAontas feabhas a chur ar a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine ar fud an domhain. Is sprioc straitéiseach ag an Aontas é teachtadh éifeachtach chearta an duine ag an uile dhuine a bhaint amach. Is bunluach de chuid an Aontais agus de chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais é meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine. |
|
(3) |
Sna conclúidí uaithi an 23 Márta 2023, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach nach mór an dlí daonnúil idirnáisiúnta a urramú go hiomlán, lena n-áirítear na rialacha lena rialaítear an chaoi a ndéileáiltear le príosúnaigh chogaidh, agus cháin sí go láidir an foréigean gnéasach agus an foréigean inscnebhunaithe i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Leag sí béim ar a tiomantas daingean cuntasacht iomlán a áirithiú i leith coireanna cogaidh agus i leith na gcoireanna eile is tromchúisí a rinneadh i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. |
|
(4) |
Sa ráiteas uaidh os comhair Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Cruinniú ar fhoirmle Arria maidir le ‘Sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta i gcoinne príosúnach cogaidh agus sibhialtach de chuid na hÚcráine’ an 13 Eanáir 2025, cháin an tAontas go láidir céasadh, drochíde fhisiciúil agus marú príosúnach cogaidh Úcránach agus sibhialtach atá á gcoinneáil, d’iarr sé rochtain gan bhac do Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge ar gach duine atá á gcoinneáil, agus d’athdhearbhaigh sé gur gá cuntasacht a áirithiú maidir le sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta. |
|
(5) |
Sa chomhthéacs sin, ba cheart ochtar agus aon eintiteas amháin a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2020/1999 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Iúil 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Cinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1999/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n eintiteas agus na gcomhlachtaí faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:
|
|
(2) |
cuirtear an iontráil seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí faoin gceannteideal ‘B Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1723/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)