This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1561
Council Decision (EU) 2026/1561 of 29 June 2026 on the establishment of the Research Programme of the Research Fund for Coal and Steel, the multiannual technical guidelines for that programme, the multiannual financial guidelines for managing the assets of the Research Fund for Coal and Steel, and repealing Decisions 2003/77/EC and 2008/376/EC
Cinneadh (AE) 2026/1561 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2026 maidir le bunú Chlár Taighde an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach, na treoirlínte teicniúla ilbhliantúla le haghaidh an chláir sin, na treoirlínte airgeadais ilbhliantúla le haghaidh bhainistiú shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach, agus lena n-aisghairtear Cinntí 2003/77/CE agus 2008/376/CE
Cinneadh (AE) 2026/1561 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2026 maidir le bunú Chlár Taighde an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach, na treoirlínte teicniúla ilbhliantúla le haghaidh an chláir sin, na treoirlínte airgeadais ilbhliantúla le haghaidh bhainistiú shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach, agus lena n-aisghairtear Cinntí 2003/77/CE agus 2008/376/CE
ST/9507/2026/INIT
IO L, 2026/1561, 17.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1561/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1561 |
17.7.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1561 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Meitheamh 2026
maidir le bunú Chlár Taighde an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach, na treoirlínte teicniúla ilbhliantúla le haghaidh an chláir sin, na treoirlínte airgeadais ilbhliantúla le haghaidh bhainistiú shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach, agus lena n-aisghairtear Cinntí 2003/77/CE agus 2008/376/CE
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 37 maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 2, an dara mír, de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun críocha Phrótacal Uimh. 37 maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus maidir leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2026/1545 ón gComhairle (2) , tá an Coimisiún leis an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC) a bhainistiú faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a bhainistiú (dá ngairtear le chéile ‘na sócmhainní’). |
|
(2) |
Le Cinneadh 2008/376/CE ón gComhairle (3), glacadh Clár Taighde an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach (‘an Clár’). Leis an gClár Taighde, ba cheart rannchuidiú leis an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach i dtaighde agus infheistíocht sna Ballstáit a mhéadú, agus ar an gcaoi sin, cuideofar le méid sprioc fhoriomlán na hinfheistíochta i réimse an taighde agus na forbartha a ardú go 3 %, ar a laghad, d’olltáirgeacht intíre an Aontais. |
|
(3) |
Chuige sin, agus i gcomhréir le cuspóirí an Chláir Taighde ba cheart breithniú cuí a dhéanamh sna cláir oibre ar na riachtanais bheartais atá ag teacht chun cinn agus ar thosaíochtaí an Aontais mar a shainaithnítear iad sna Teachtaireachtaí ón gCoimisiún dar teideal ‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach’, ‘An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú’, ‘Plean Gníomhaíochta Eorpach maidir le Cruach agus Miotail’ agus ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’. |
|
(4) |
Chun aistriú cóir a chothú, leis an gClár Taighde ba cheart rannchuidiú le hathbheochan shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil na réigiún guail agus cruach a ndéanann aistriú na n-earnálacha guail agus cruach difear mór dóibh. |
|
(5) |
Is gá iomlán na sócmhainní atá ar fáil a ghealladh laistigh de 8 mbliana chun tarraingteacht agus tionchar an Chláir Taighde a fheabhsú, chun infheistíocht phríobháideach sa taighde agus sa nuálaíocht a ghiaráil agus dlús a chur léi, chun borradh a chur faoin iomaíochas agus chun dlús a chur le claochlú tionsclaíoch na n-earnálacha cruach agus guail i dtreo an aistrithe ghlais agus an dícharbónaithe i gcomhthéacs dúshlánach geopholaitiúil agus eacnamaíoch. |
|
(6) |
I dtimpeallacht eacnamaíoch agus airgeadais atá ag athrú, is léir ón taithí a fuarthas le déanaí go bhfuil gá le níos mó solúbthachta agus le creat airgeadais agus teicniúil atá níos tarraingtí chun an Clár Taighde a chur chun feidhme. Leis na treoirlínte teicniúla ilbhliantúla (‘treoirlínte teicniúla’) don Chlár Taighde, ba cheart cur chuige níos solúbtha a chumasú ina chur chun feidhme agus, ar an gcaoi sin, ba cheart rochtain ar chistiú faoin gclár sin a shimpliú tuilleadh agus éifeachtacht agus tionchar an chistithe sin a uasmhéadú. |
|
(7) |
Is gá Cinneadh 2008/376/CE a ionadú chun tírdhreach chláir chistiúcháin an Aontais a shimpliú, go háirithe tríd an gClár Taighde a ailíniú leis na hionstraimí a úsáidtear faoi Chlár Réime Fís Eorpach an Aontais Eorpaigh um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus leis na hionstraimí sin a úsáidfear faoi chomharba an Chláir Réime sin. Tá gá le hailíniú, inter alia, i ndáil leis na rátaí cistiúcháin idir na cláir, rud a fhágfaidh go mbeidh comhlántachtaí ann idir cláir éagsúla sna hearnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach, lena gcuirfear conair rianúil ar fáil d’iarratasóirí idir na cláir, i gcás inarb ábhartha. Mar thoradh ar athruithe ar bhainistiú corparáideach uirlisí cistiúcháin chomh maith leis an ‘leabhar rialacha aonair’ a tugadh isteach le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) bhí gá leis na treoirlínte teicniúla don Chlár Taighde a ailíniú. Leis na hathruithe sin, in éineacht leis na hathruithe ar chur chun feidhme an Chláir Taighde chun a chuspóirí infheistíochta a bhaint amach, déantar an cás maidir le Cinneadh 2008/376/CE a ionadú a neartú tuilleadh. |
|
(8) |
Leis an gClár Taighde, ba cheart gníomhaíochtaí a mhaoiniú ar bhonn glaonna oscailte. Ba cheart na gníomhaíochtaí a bheith i bhfoirm tionscadal taighde go príomha, tionscadail lena gcumhdaítear an raon iomlán de Leibhéil na hUllmhachta Teicneolaí, ó íseal go hard, rud a d’fhágfadh go mbeadh an tionscal, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus eintitis phoiblí agus acadúla, níos rannpháirtí. |
|
(9) |
Chun an riosca a chumhdach don Choimisiún agus do thairbhithe eile a bhaineann le suimeanna dlite nach ngnóthaítear ó thairbhithe, agus chun laghdú a dhéanamh ar an ualach atá ar iarratasóirí maidir le ráthaíochtaí bainc a sholáthar, is iomchuí úsáid an tsásra árachais fhrithpháirtigh arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/695 a leathnú chuig an gClár Taighde. |
|
(10) |
Le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), rinneadh foráil maidir le lárionad nuálaíochta um chlaochlú tionsclaíoch agus um astaíochtaí tionsclaíocha (‘an lárionad nuálaíochta’) a bhunú. Trí fhaisnéis faoi theicnící nuálacha a bhailiú agus a anailísiú, rannchuidíonn an lárionad, inter alia, le truailliú a íoslaghdú, le dícharbónú, le héifeachtúlacht acmhainní agus le geilleagar ciorclach ina n-úsáidtear níos lú ceimiceán nó ceimiceáin atá níos sábháilte agus atá ábhartha do na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Treoir sin. Chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn teicneolaíoch agus measúnú a dhéanamh ar thairbhí comhshaoil agus ar chomhbhabhtálacha le haghaidh claochlú tionsclaíoch san Aontas, ba cheart tuarascálacha tréimhsiúla de na tionscadail taighde faoi chuimsiú an Chláir Taighde a roinnt leis an lárionad nuálaíochta, chun críoch faisnéise. |
|
(11) |
Chun a áirithiú go ngealltar na sócmhainní uile atá ar fáil laistigh de 8 mbliana, ba cheart cuspóirí infheistíochta na n-oibríochtaí bainistíochta sócmhainní a nuashonrú. Ba cheart na sócmhainní a infheistiú d’fhonn a luach a chaomhnú agus, i gcás inar féidir, a fheabhsú chun freastal ar na riachtanais leachtachta a eascraíonn as glaonna ar chistiú. Ba cheart na gnéithe eile de na hoibríochtaí bainistíochta sócmhainní a choigeartú chun iad a ailíniú leis na cuspóirí infheistíochta nuashonraithe. |
|
(12) |
Leis na treoirlínte airgeadais ilbhliantúla (‘treoirlínte airgeadais’), ba cheart cur chuige solúbtha a bheith ann a mhéid a bhaineann leis na gnéithe teicniúla den chur chun feidhme agus ba cheart na hionstraimí infheistíochta iomchuí a shonrú chun na cuspóirí infheistíochta a bhaint amach. Is rialacha teicniúla iad na rialacha a bhaineann leis an gcaoi a ndéantar infheistíochtaí, eadhon na rialacha sin a bhaineann le prionsabail leithdháilte sócmhainní, infheistíochtaí incháilithe agus breithnithe comhshaoil, sóisialta agus rialachais. I gcás punanna eile arna mbainistiú ag an gCoimisiún, chinnfí iad i bprionsabal i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarmligean na gcumhachtaí cur chun feidhme buiséid dá dtagraítear i Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh raon feidhme na n-infheistíochtaí incháilithe a mhéadú chun cineálacha sócmhainní agus oibríochtaí infheistíochta eile a áireamh atá comhsheasmhach leis an straitéis infheistíochta agus leis na cuspóirí infheistíochta, chomh maith le hairgeadraí geilleagar sárfhorbartha eile, mar atá liostaithe ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus faoi réir fhálú an riosca airgeadra, i gcomhréir leis na rialacha sin. Thairis sin, chun na treoirlínte airgeadais is infheidhme maidir le hinfheistíochtaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais a ailíniú leis na rialacha is infheidhme maidir leis na punanna eile a bhainistíonn sé, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún treoirlínte airgeadais mionsonraithe a shocrú freisin. |
|
(13) |
Chun trédhearcacht airgeadais a áirithiú, ba cheart tuarascáil bhliantúil a sholáthar do na Ballstáit ina mbeidh faisnéis maidir le hoibríochtaí bainistíochta sócmhainní a dhéantar faoi na treoirlínte airgeadais, lena n-áirítear faisnéis maidir le leithdháileadh sócmhainní ar na cineálacha difriúla sócmhainní, agus míniú a thabhairt ar aon mhórathrú ar an leithdháileadh straitéiseach sócmhainní. |
|
(14) |
Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 maidir leis an gClár Taighde. |
|
(15) |
Chun freastal ar mhodhanna ranníocaíochta éagsúla na rannpháirtithe, go háirithe i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, ba cheart a bheith in ann ranníocaíochtaí comhchineáil ó thríú páirtithe a dhearbhú mar chostais incháilithe, de mhaolú ar Airteagal 193(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. Chun luachshocrú na dtorthaí a dhreasú, níor cheart ioncam a ghintear leis an luachshocrú sin a mheas mar ioncam ón ngníomhaíocht, de mhaolú ar Airteagal 195(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. |
|
(16) |
I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 (8), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (9) agus (AE) 2017/1939 (10) ón gComhairle, déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n-áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, is féidir leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a fháil amach ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, tá Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) inniúil chun calaois agus cionta coiriúla eile, lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, tá aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas le comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus, de réir mar is iomchuí, do OIPE, agus le háirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. |
|
(17) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann le cinntí áirithe maidir leis an gcistiú le haghaidh tionscadail taighde a fhormheas. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). |
|
(18) |
Ba cheart Cinneadh 2003/77/CE ón gComhairle (13) agus Cinneadh 2008/376/CE a aisghairm. |
|
(19) |
Is iomchuí na treoirlínte teicniúla agus airgeadais a chumasc ar mhaithe le simpliú. |
|
(20) |
Chun cur chun feidhme comhsheasmhach an Chláir Taighde a áirithiú in 2026, ba cheart do Chinneadh 2008/376/CE leanúint d’fheidhm a bheith aige maidir le maoiniú gníomhaíochtaí a eascraíonn as tograí arna gcur isteach le haghaidh glaonna arna bhfoilsiú go dtí an 31 Nollaig 2026. |
|
(21) |
Ar mhaithe le soiléireacht maidir leis na rialacha is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí, is iomchuí cur i bhfeidhm an Chinnidh seo a chur siar go dtí an 1 Eanáir 2027, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
Airteagal 1
Ábhar
Leis an gCinneadh seo, bunaítear Clár Taighde an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach (‘an Clár Taighde’) agus leagtar síos cuspóirí an chláir sin agus a bhuiséid agus na treoirlínte teicniúla ilbhliantúla (‘treoirlínte teicniúla’) lena aghaidh agus na treoirlínte airgeadais ilbhliantúla (‘treoirlínte airgeadais’) maidir leis an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC) a bhainistiú faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach (dá ngairtear le chéile ‘na sócmhainní’).
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘gual’ aon cheann díobh seo a leanas:
|
|
(2) |
ciallaíonn ‘eintiteas dlítheanach’ aon cheann díobh seo a leanas:
|
|
(3) |
ciallaíonn ‘toradh gníomhaíochta’ aon toradh inláimhsithe nó doláimhsithe de chuid gníomhaíochta ar leith, amhail sonraí, saineolas nó faisnéis, neamhspleách ar a foirm nó ar a cineál agus cibé acu is féidir í a chosaint nó nach féidir, mar aon le haon cheart atá ag gabháil léi, lena n-áirítear cearta maoine intleachtúla; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘cruach’ aon cheann díobh seo a leanas:
|
|
(5) |
ciallaíonn ‘luachshocrú’ torthaí gníomhaíochta a úsáid i ngníomhaíochtaí seachas na gníomhaíochtaí sin a chumhdaítear leis an ngníomhaíocht lena mbaineann, lena n-áirítear cur in úsáid. |
Airteagal 3
Cuspóirí an Chláir
1. Leis an gClár Taighde, tacófar le hiomaíochas na n-earnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach trí thacaíocht a thabhairt do thaighde comhoibríoch a bheidh dírithe ar an tionscal sna hearnálacha sin, lena n-áirítear maidir le feidhmeanna dé-úsáide.
2. Leis an gClár Taighde, soláthrófar tacaíocht do theicneolaíochtaí ceannródaíocha maidir le cruach ghlan, lena rannchuideofar le cuspóirí na haeráidneodrachta san Aontas agus lena dtreiseofar uathriail straitéiseach an Aontais ar fud an tslabhra luacha cruach. Soláthrófar tacaíocht leis an gClár Taighde freisin do thionscadail taighde chun bainistiú a dhéanamh ar aistriú cóir mianach guail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo nó mianaigh ghuail atá i bpróiseas a ndúnta agus do bhonneagar gaolmhar agus do na réigiúin ina bhfuil siad lonnaithe, go háirithe iad siúd a bhfuil dúshláin shuntasacha shóisialta, eacnamaíocha nó chomhshaoil rompu a eascraíonn as aistriú na n-earnálacha guail agus cruach.
3. Leis an gClár Taighde, cuirfear luachshocrú agus nuálaíocht chun cinn, lena n-áirítear modhanna nua a thástáil agus a phíolótú, chun ábharthacht margaidh na dtorthaí taighde a fheabhsú agus chun tacú lena n-acmhainneacht maidir le cur in úsáid inscálaithe. Cuirfidh sé réitigh atá inmharthana ó thaobh na tráchtála de agus inscálaithe go tionsclaíoch chun cinn freisin.
4. Beidh an Clár Taighde comhsheasmhach le cuspóirí polaitiúla, eolaíocha agus teicneolaíocha an Aontais, agus comhlánóidh leis na gníomhaíochtaí a dhéantar sna Ballstáit.
5. Leis an gClár Taighde, tacófar le sineirgí le cláir ábhartha eile agus le hionstraimí cistiúcháin darb aidhm dlús a chur leis an bhforbairt theicneolaíoch go stádas imlonnaithe.
6. Leis an gClár Taighde, tacófar le tionscadail taighde atá dírithe ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 maidir le gual agus in Airteagal 5 maidir le cruach.
Airteagal 4
Cuspóirí taighde do ghual
1. Beidh sé d’aidhm ag tionscadail taighde dlús a chur leis an aistriú, faoi 2050, i dtreo geilleagar aeráidneodrach san Aontas, agus é mar chuspóirí leo tacú le deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise, go háirithe gual, agus tacú le hathbheochan shóisialta, eacnamaíoch agus éiceolaíoch na réigiún guail, gníomhaíochtaí malartacha a fhorbairt ar iar-láithreáin mhianaigh agus an damáiste don chomhshaol ó mhianaigh ghuail atá i bpróiseas a ndúnta a sheachaint nó aghaidh a thabhairt air, agus mianaigh ghuail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo agus na réigiúin ina bhfuil mianaigh ghuail lonnaithe.
2. Tabharfar aird ar leith ar cheannaireacht an Aontais a neartú maidir le bainistiú a dhéanamh ar aistriú, agus ar athrú cuspóra, na mianach guail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo agus ar aistriú bonneagair a bhaineann le gual trí réitigh theicneolaíocha agus neamhtheicneolaíocha, agus tacófar freisin le haistriú teicneolaíochta agus neamhtheicneolaíochta. Gníomhaíochtaí taighde a bhfuil na cuspóirí sin acu, cuirfear ar fáil leo tairbhí nithiúla aeráide agus comhshaoil i gcomhréir le cuspóir na haeráidneodrachta faoi 2050.
3. Cuirfear san áireamh sna tionscadail taighde saincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht i mianaigh ghuail atá i bpróiseas a ndúnta agus i mianaigh ghuail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo d’fhonn feabhas a chur ar dhálaí oibre, ar shábháilteacht agus sláinte ceirde, agus ar shaincheisteanna comhshaoil atá dochrach don tsláinte chomh maith.
4. Le tionscadail taighde féachfar le deireadh a chur le tionchar na mianach guail atá i bpróiseas a ndúnta agus tionchar na mianach a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo ar an aeráid, ar an atmaisféar, ar uisce agus ar ithreacha.
5. Le tionscadail taighde, déanfar an méid seo a leanas a mheas:
|
(a) |
teicneolaíochtaí nua agus feabhsaithe chun truailliú an chomhshaoil a sheachaint, amhail sceitheadh meatáin agus astaíochtaí gás ceaptha teasa gaolmhara agus éilliú maoschlár, mianaigh ghuail atá i bpróiseas a ndúnta, mianaigh a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo agus a dtimpeallachtaí, (ena n-áirítear an t-atmaisféar, an talamh, ithreacha agus uisce; |
|
(b) |
réitigh chun dramhaíl mhianadóireachta a bhainistiú agus a athúsáid, ciorclaíocht a fheabhsú agus an comhshaol a athbhunú; agus |
|
(c) |
teicneolaíochtaí chun láithreáin a athchóiriú agus a chosaint ar éifeachtaí fadtéarmacha. |
Airteagal 5
Cuspóirí taighde do chruach
1. Beidh sé d’aidhm ag tionscadail taighde próisis déanta agus bailchríche cruach ísealcharbóin a fhorbairt, a léiriú agus a fheabhsú d’fhonn cáilíocht táirgí a ardú, táirgiúlacht a mhéadú agus spleáchais straitéiseacha a laghdú.
2. Díreofar tionscadail taighde ar tháirgí cruach ardfhorbartha, inbhuanaithe agus ísealcharbóin a fhorbairt agus ar mhargaí tosaigh gaolmhara a fhorbairt, ar táirgí agus margaí iad a chomhlíonann riachtanais na n-úsáideoirí cruach agus a laghdaíonn astaíochtaí agus tionchair ar an gcomhshaol an tráth céanna, i gcomhréir le cuspóirí Threoir 2003/87/CE (14), Threoir 2010/75/AE agus Rialachán (AE) 2024/1781 (15) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
3. Maidir le táirgeadh cruach agus úsáid cruach araon, cumasófar leis na tionscadail taighde caomhnú acmhainní, caomhnú éiceachóras agus an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach agus saincheisteanna sábháilteachta.
4. Le tionscadail taighde, tabharfar aird ar leith ar fhorbairt leanúnach scileanna atá oiriúnaithe d’éabhlóid na hearnála i dtreo próisis nua ghlan-nialasacha carbóin, ar dhálaí oibre a fheabhsú agus ar ardchaighdeáin sláinte agus sábháilteachta agus slite beatha inbhuanaithe a chur chun cinn.
5. Cuirfidh tionscadail taighde dlús le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha, lena n-áirítear an intleacht shaorga agus an mheaisínfhoghlaim, i dtáirgeadh agus in úsáid cruach.
Airteagal 6
Buiséad
1. Beidh na nithe seo a leanas in imchlúdach airgeadais an Chláir Taighde don tréimhse ón 1 Eanáir 2027 go dtí an 31 Nollaig 2034:
|
(a) |
aon mhéid den leithdháileadh bliantúil a cuireadh ar fáil don Chiste Taighde um Ghual agus Cruach de thoradh chealú na ngealltanas buiséadach; |
|
(b) |
aon sócmhainn atá fágtha agus aon bhrabús a ghintear leis na sócmhainní atá fágtha; agus |
|
(c) |
méideanna na leithdháiltí bliantúla roimhe sin nár cuireadh isteach sa bhuiséad go fóill. |
2. Déanfar gealltanas maidir le himchlúdach airgeadais an Chláir Taighde ina iomláine trí cheithre chlár oibre lena gcumhdófar na blianta 2027 agus 2028, 2029 agus 2030, 2031 agus 2032, agus 2033 agus 2034. Déanfar foráil sna cláir oibre maidir le glaonna bliantúla ar thograí i gcomhréir le hAirteagal 10.
Airteagal 7
Incháilitheacht
1. Féadfaidh aon eintiteas dlítheanach atá bunaithe laistigh de chríoch Ballstáit a bheith rannpháirteach sa Chlár Taighde agus iarratas a dhéanamh ar chúnamh airgeadais.
2. Féadfaidh aon eintiteas dlítheanach atá bunaithe i dtír is iarrthóir a bheith rannpháirteach sa Chlár Taighde gan aon ranníocaíocht airgeadais a fháil, mura bhforáiltear a mhalairt faoi na Comhaontuithe Eorpacha ábhartha agus a bPrótacail nó i gcinntí na gComhairlí Comhlachais faoi seach.
3. Féadfaidh aon eintiteas dlítheanach atá bunaithe i dtríú tír a bheith rannpháirteach sa Chlár Taighde ar bhonn tionscadail aonair gan aon ranníocaíocht airgeadais a fháil, ar choinníoll go bhfuil an rannpháirtíocht sin chun leas an Aontais.
Airteagal 8
Cur chun feidhme agus ranníocaíocht airgeadais
1. Cuirfear an Clár Taighde chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, faoi bhainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún, trí ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin.
2. Soláthrófar cistiú faoin gClár Taighde i bhfoirm deontas i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, cé is moite de chistiú na ngníomhaíochtaí is gá chun an Clár Taighde a bhainistiú go fónta agus go héifeachtach, amhail meastóireacht agus roghnú tograí, faireachán agus measúnú, staidéir, braisliú agus líonrú tionscadal taighde arna gcistiú.
Airteagal 9
Slándáil do thionscadail taighde dé-úsáide
1. Comhlíonfaidh tionscadail taighde dé-úsáide a dhéantar faoin gClár Taighde na rialacha slándála náisiúnta is infheidhme lena n-áirítear rialacha maidir le faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais a chosaint ar nochtadh neamhúdaraithe, agus comhlíonfaidh siad aon dlí ábhartha eile de chuid an Aontais agus aon dlí ábhartha náisiúnta eile.
2. I gcás inar gá, áireofar ar thograí féinmheasúnú slándála lena sainaithneofar aon saincheisteanna slándála agus lena sonrófar an dóigh a dtabharfar aghaidh ar na saincheisteanna sin chun dlí ábhartha an Aontais agus an dlí náisiúnta ábhartha a chomhlíonadh.
3. I gcás inar gá, déanfaidh an Coimisiún nós imeachta grinnscrúdaithe slándála a chur i gcrích maidir le tograí a bhfuil saincheisteanna slándála ag baint leo. Na heintitis dhlítheanacha atá rannpháirteach i dtionscadal taighde dé-úsáide, áiritheoidh siad go dtabharfar cosaint ar nochtadh neamhúdaraithe aon fhaisnéise rúnaicmithe de chuid an Aontais a úsáidtear leis an ngníomhaíocht nó a ghintear leis an ngníomhaíocht. Soláthróidh siad cruthúnas ar imréiteach pearsanta slándála nó imréiteach slándála saoráide ó na húdaráis slándála náisiúnta ábhartha, sula gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann.
4. Má bhíonn ar shaineolaithe seachtracha neamhspleácha déileáil le faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais, beidh gá leis an imréiteach slándála iomchuí sula gceapfar na saineolaithe sin.
5. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún seiceálacha slándála a dhéanamh.
6. Tograí nó gníomhaíochtaí nach gcomhlíonfaidh na rialacha slándála faoin Airteagal seo, déanfar iad a dhiúltú nó a fhoirceannadh tráth ar bith. Cuirfear na Ballstáit ar an eolas faoi fhoirceannadh na dtionscadal taighde dé-úsáide nach gcomhlíonann na rialacha sin.
CAIBIDIL II
Treoirlínte teicniúla
Airteagal 10
Glaonna ar thograí
1. Foilseofar glaonna ar thograí dhá uair sa bhliain. Beidh ábhar agus foilsiú na nglaonna ar thograí i gcomhréir le hAirteagal 197 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.
2. Bainfidh tograí leis na cuspóirí taighde a leagtar síos in Airteagail 4 agus 5, agus i gcás inarb infheidhme, leis na cuspóirí tosaíochta a liostaítear i gcoinníollacha an ghlao ar thograí.
3. Chun an slabhra luacha iomlán a chumhdach, dearfar na cláir oibre chun aghaidh a thabhairt ar an raon iomlán de Leibhéil na hUllmhachta Teicneolaí, ó íseal go hard, agus áireofar iontu taighde ón mbun aníos agus tionscadail ar scálaí éagsúla chun rannpháirtíocht raon leathan páirtithe leasmhara a áirithiú.
4. Tarlóidh na nósanna imeachta roghnúcháin, dámhachtana agus meastóireachta le haghaidh tograí i gcomhréir le hAirteagail 201, 202 agus 203, faoi seach, de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.
5. Chun críocha Airteagal 153(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, beidh an coiste meastóireachta comhdhéanta de shaineolaithe seachtracha neamhspleácha, cé is moite de chásanna a bhfuil údar cuí leo.
Airteagal 11
Deontais
1. Beidh tionscadail atá bunaithe ar thograí roghnaithe ina n-ábhar do chomhaontú deontais. Beidh comhaontuithe deontais i gcomhréir le samhail-chomhaontuithe deontais corparáideacha arna dtarraingt suas ag an gCoimisiún, agus cineál na ngníomhaíochtaí á gcur san áireamh de réir mar is iomchuí.
2. Cuirfidh na tairbhithe gníomhaíochtaí chun feidhme i gcomhréir leis na coinníollacha agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Chinneadh seo, i Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 agus sa chomhaontú deontais.
Airteagal 12
Rátaí cistiúcháin
1. Beidh feidhm ag ráta cistiúcháin aonair in aghaidh na gníomhaíochta maidir le gach gníomhaíocht arna cistiú ag an ngníomhaíocht sin. Socrófar an t-uasráta cistiúcháin in aghaidh na gníomhaíochta faoin gClár Taighde i gcoinníollacha an ghlao.
2. Féadfar suas le 100 % de chostais incháilithe gníomhaíochta faoin gClár Taighde a aisíoc.
Mar sin féin, i gcás eintitis dhlítheanacha ar eintitis bhrabúsacha iad de réir a bhfoirme dlíthiúla nó a bhfuil sé mar chuspóir dlíthiúil nó reachtúil acu brabúis a dháileadh ar a scairshealbhóirí nó ar a gcomhaltaí aonair, féadfar suas le 70 % de na costais incháilithe iomlána in aghaidh na gníomhaíochta faoin gClár Taighde a aisíoc.
D’ainneoin na chéad fhomhíre agus an dara fomhír, i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide, féadfar suas le 100 % de na costais incháilithe iomlána in aghaidh na gníomhaíochta faoin gClár Taighde a aisíoc.
Airteagal 13
Costais indíreacha
1. Is é a bheidh i gcostais incháilithe indíreacha 25 % de na costais incháilithe dhíreacha iomlána, seachas na costais incháilithe dhíreacha le haghaidh fochonraitheoireachta, tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe agus aon chostas aonaid nó cnapshuim a bhfuil costais indíreacha san áireamh leo.
I gcás inarb iomchuí, déanfar costais incháilithe indíreacha a áirítear i gcostais aonaid nó cnapshuimeanna a ríomh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.
2. D’ainneoin mhír 1, má dhéantar foráil maidir leis i gcoinníollacha an ghlao, féadfar costais incháilithe indíreacha a dhearbhú i bhfoirm cnapshuime nó i bhfoirm costais aonaid.
Airteagal 14
Costais incháilithe
1. De mhaolú ar Airteagal 193(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, na costais acmhainní a chuireann tríú páirtithe ar fáil trí bhíthin ranníocaíochtaí comhchineáil, beidh siad incháilithe suas le costais incháilithe dhíreacha iomlána an tríú páirtí.
2. De mhaolú ar Airteagal 195(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, ní mheasfar ioncam arna ghiniúint ag an luachshocrú a bheith ina ioncam a ghintear leis an ngníomhaíocht.
Airteagal 15
Torthaí gníomhaíochta a bhainistiú
Bainisteoidh tairbhithe torthaí a ngníomhaíochta i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar amach i gcoinníollacha an ghlao ar thograí agus sa chomhaontú deontais.
Airteagal 16
Úsáid an tsásra árachais fhrithpháirtigh
Le ranníocaíochtaí leis an sásra árachais fhrithpháirtigh arna bhunú le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) 2021/695, cumhdófar an riosca a bhaineann le gnóthú na suimeanna atá dlite ag tairbhithe agus measfar go gcomhlíonann siad ceanglais ráthaíochta Airteagal 155 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. Ní ghlacfar le haon ráthú nó urrús breise ó thairbhithe ná ní fhorchuirfear orthu iad.
Airteagal 17
Tuarascálacha teicniúla
1. Maidir le gach tionscadal taighde, déanfaidh na tairbhithe tuarascálacha teicniúla tréimhsiúla a tharraingt suas. Tabharfar tuairisc sna tuarascálacha sin ar an dul chun cinn teicniúil arna dhéanamh le linn na tréimhse tagartha. Roinnfear iad leis an lárionad nuálaíochta um chlaochlú tionsclaíoch agus um astaíochtaí tionsclaíocha arna bhunú de bhun Airteagal 27a de Threoir 2010/75/AE, chun críoch faisnéise.
2. Nuair a bheidh an obair críochnaithe, cuirfidh na tairbhithe tuarascáil theicniúil chríochnaitheach ar fáil don Choimisiún ina mbeidh measúnú ar thionchar agus ar shaothrú an tionscadail taighde. Foilseoidh an Coimisiún an tuarascáil sin ina hiomláine nó i bhfoirm achoimrithe ag brath ar ábharthacht straitéiseach an tionscadail taighde.
Airteagal 18
Athbhreithniú deiridh ar ghníomhaíocht
1. Tar éis an Clár Taighde a thabhairt chun críche, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú deiridh ar ghníomhaíochtaí agus cuirfidh sé a thorthaí i láthair i dtuarascáil. Cuirfear an tuarascáil sin chuig an gCoiste um Ghual agus Cruach.
2. Féadfaidh an Coimisiún saineolaithe neamhspleácha ardcháilithe a cheapadh chun cabhrú leis an athbhreithniú deiridh ar ghníomhaíochtaí.
CAIBIDIL III
Treoirlínte airgeadais
Airteagal 19
Treoirlínte airgeadais
1. Bainisteofar na sócmhainní chun íocaíochtaí bliantúla nó leathbhliantúla a sholáthar laistigh de theorainneacha na leithdháiltí bliantúla chun taighde comhoibríoch sna hearnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach a mhaoiniú. Maoineofar na híocaíochtaí bliantúla nó leathbhliantúla leis an nglanioncam ó na hinfheistíochtaí agus leis na méideanna airgid arna nginiúint trí chuid de na sócmhainní a dhíol, suas le méid na leithdháiltí bliantúla.
2. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Airteagail 20 go 26 i gcás ina measann sé gurb iomchuí sin. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún athmheasúnú ar oibriú agus ar éifeachtacht na dtreoirlínte airgeadais agus molfaidh sé leasuithe orthu i gcás ina measfaidh sé gurb iomchuí sin.
Airteagal 20
Úsáid cistí
1. Úsáidfear sócmhainní CEGC faoi leachtú, lena n-áirítear a phunann iasachta agus a infheistíochtaí, de réir mar is gá chun na hoibleagáidí atá fágtha ag CEGC faoi leachtú a chomhlíonadh, ar oibleagáidí iad a bhaineann lena iasachtaí gan íoc, lena ghealltanais a eascraíonn as buiséid oibriúcháin roimhe seo, agus le haon dliteanas nárbh fhéidir a thuar.
2. Déanfaidh an Coimisiún na sócmhainní nach bhfuil gá leo chun na hoibleagáidí atá fágtha ag CEGC faoi leachtú a chomhlíonadh a infheistiú go stuama, i gcomhréir leis an tréimhse infheistíochta ionchasach roghnaithe dá dtagraítear in Airteagal 21, agus úsáidfear iad chun taighde a chistiú in earnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach.
Airteagal 21
Tréimhse infheistíochta ionchasach, cuspóir infheistíochta agus lamháltas riosca
1. Déanfar na sócmhainní a infheistiú agus é mar chuspóir luach na sócmhainní sin a chaomhnú, agus i gcás inar féidir, a fheabhsú, chun na riachtanais leachtachta a eascraíonn as na glaonna cistiúcháin a chomhlíonadh (‘an cuspóir infheistíochta’). Déanfar an cuspóir infheistíochta a shaothrú thar an tréimhse infheistíochta ionchasach, agus déanfar é a chomhlíonadh le leibhéal ard muiníne.
2. Déanfar na sócmhainní a bhainistiú i gcomhréir le rialacha stuamachta agus prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta arna leagan amach ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus le creat bainistíochta riosca an Choimisiúin.
3. Saothrófar an cuspóir infheistíochta trí straitéis stuama infheistíochta a chur chun feidhme arna bunú ar éagsúlú thar chineálacha sócmhainní incháilithe, limistéir gheografacha, eisitheoirí agus aibíochtaí (‘an straitéis infheistíochta’). Cuirfear san áireamh sa straitéis infheistíochta an tréimhse infheistíochta ionchasach agus méid na sócmhainní atá fágtha agus áiritheofar léi go mbeidh na cistí is gá ar fáil i bhfoirm leachtach a dóthain de réir mar is gá agus nuair is gá.
4. Cuirfear an straitéis infheistíochta in iúl i bhfoirm leithdháileadh straitéiseach sócmhainní, lena leagfar amach na sprioc-leithdháiltí táscacha ar chatagóirí éagsúla sócmhainní airgeadais incháilithe.
5. Léireoidh an Coimisiún an leithdháileadh straitéiseach sócmhainní i dtagarmharc straitéiseach (‘an tagarmharc’), agus cuirfear feidhmíocht na sócmhainní i gcomparáid leis an tagarmharc sin.
6. Is é an Coimisiún a chinnfidh an straitéis infheistíochta agus an tagarmharc i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarmligean na gcumhachtaí cur chun feidhme buiséid dá dtagraítear in Airteagal 60 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. I gcás nach n-infheisteofar na sócmhainní ach i gcuntais reatha bhainc agus i dtaiscí téarma, ní bheidh gá le tagarmharc infheistíochta ná straitéis infheistíochta.
7. Féadfaidh an Coimisiún an straitéis infheistíochta agus an tagarmharc a mhodhnú sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
athrú ar dhálaí eacnamaíocha a léirítear go cuí le doiciméadacht ábhartha; |
|
(b) |
athrú substaintiúil ar riachtanais agus staid na n-ionstraimí ranníocaíochta; nó |
|
(c) |
athrú suntasach ar mheastacháin insreafa nó eis-sreafa. |
Beidh an nós imeachta maidir leis an straitéis infheistíochta a mhodhnú mar an gcéanna leis an nós imeachta maidir lena cinneadh tosaigh.
8. Bunófar an straitéis infheistíochta agus an tréimhse infheistíochta ionchasach agus lamháltas riosca na sócmhainní á gcur san áireamh.
Airteagal 22
Na prionsabail maidir le sócmhainní a leithdháileadh agus infheistíochtaí incháilithe
1. Áiritheofar éagsúlú leordhóthanach i measc na gcineálacha sócmhainní ar fad agus laistigh díobh chun rioscaí infheistíochta a laghdú. I bprionsabal, dá mhéad riosca nó leachtacht a bhaineann le sócmhainn, is ea is lú dlúithe na neamhchosanta.
2. Féadfaidh na sócmhainní neamhchosaint ar na cineálacha difriúla sócmhainní agus éagsúlú a bhaint amach trí infheistíochtaí i ngnóthais chomhinfheistíochta nó táirgí arna dtrádáil ar an malartán.
3. Ní infheisteofar na sócmhainní ach amháin sna cineálacha sócmhainní seo a leanas, a ainmneofar in euro:
|
(a) |
sócmhainní margaidh airgid; |
|
(b) |
urrúis ioncaim sheasta; |
|
(c) |
comhinfheistíochtaí rialáilte i bhfiachas agus cothromas. |
4. Bainfidh na sócmhainní neamhchosaint amach ar na cineálacha sócmhainní dá dtagraítear i mír 3 trí infheistíocht a dhéanamh sna hionstraimí seo a leanas nó trí ghabháil do na hoibríochtaí seo a leanas:
|
(a) |
taiscí; |
|
(b) |
ionstraimí margaidh airgid agus cistí margaidh airgid, lena dtugtar leachtacht laethúil, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16); |
|
(c) |
ionstraimí fiachais, amhail bannaí, billí, agus nótaí, agus ionstraimí urrúsaithe i gcomhréir leis na critéir shimplí, thrédhearcacha agus chaighdeánaithe a bhunaítear le Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17); |
|
(d) |
gnóthais chomhinfheistíochta a chumhdaítear le Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), lena n-áirítear cistí arna dtrádáil ar an malartán a infheistítear in ionstraimí cothromais nó fiachais i gcás nach féidir le huaschaillteanais a bheith níos mó ná na méideanna arna n-infheistiú; |
|
(e) |
comhaontuithe athcheannaigh i gcomhréir leis an bprionsabal a bunaíodh le hAirteagal 215(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509; |
|
(f) |
comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais; |
|
(g) |
oibríochtaí iasachta urrús lena ngabhann córais imréitigh aitheanta, lena n-áirítear Clearstream agus Euroclear, nó le príomhinstitiúidí airgeadais a shainfheidhmíonn sa chineál seo oibríochta. |
5. Díorthaigh, i bhfoirm conarthaí todhchaíochtaí, conarthaí réamhcheaptha agus babhtálacha, ní úsáidfear iad ach chun punanna a bhainistiú go héifeachtúil, agus ní úsáidfear iad chun críoch amhantraíochta ná chun seasaimh a ghiaráil. Féadfar na díorthaigh sin a úsáid chun an fad a choigeartú, chun creidmheas nó riosca ábhartha eile a mhaolú nó le haghaidh athruithe i leithdháileadh na sócmhainní atá comhsheasmhach leis an straitéis infheistíochta.
6. Féadfar na sócmhainní a infheistiú i sócmhainní margaidh airgid leachtaigh agus bannaí arna n-ainmniú i ndollair na Stát Aontaithe arna n-eisiúint ag eintitis cheannasacha agus fhornáisiúnta ar choinníoll go ndéantar iad a infheistiú chun críocha éagsúlaithe agus neamhchosanta ar chuar ráta úis eile agus chun na gcríoch sin amháin. Déanfar aon riosca airgeadra a fhálú trí úsáid iomchuí a bhaint as babhtálacha nó ionstraimí eile le haghaidh fálú airgeadra eachtraigh, i gcomhréir le mír 5.
7. Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarmligean na gcumhachtaí cur chun feidhme buiséid dá dtagraítear in Airteagal 60 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, raon feidhme na n-infheistíochtaí incháilithe a mhéadú chun cineálacha sócmhainní agus oibríochtaí infheistíochta eile a áireamh atá comhsheasmhach leis an straitéis infheistíochta agus leis na cuspóirí infheistíochta, chomh maith le hairgeadraí geilleagar sárfhorbartha eile, mar a liostaíonn an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta iad agus faoi réir fhálú an riosca airgeadra. Aon chinneadh cineálacha nua sócmhainní nó oibríochtaí nua infheistíochta nó airgeadraí nua geilleagar sárfhorbartha a chur san áireamh, tacófar leis le réasúnú réasúnaithe de réir cineál sócmhainní, oibríochta nó airgeadra maidir leis an gcaoi a bhfeabhsóidh na féidearthachtaí leathnaithe infheistíochta feidhmíocht riosca agus toraidh na sócmhainní. Sa réasúnú sin áireofar measúnú ar na hinniúlachtaí oibríochtúla lena mbeidh gá chun tacú leis na féidearthachtaí nua infheistíochta sin.
Airteagal 23
Breithnithe comhshaoil, sóisialta agus rialachais
1. Cuirfear an straitéis infheistíochta chun feidhme trí thús áite a thabhairt d’infheistíochtaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais nuair a bheidh siad ar fáil agus nuair is féidir, ar choinníoll go mbeidh siad i gcomhréir le critéir bainistithe riosca.
2. Féadfaidh an Coimisiún na treoirlínte mionsonraithe is infheidhme maidir le hinfheistíochtaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais a leagan amach, i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarmligean cumhachtaí cur chun feidhme buiséid dá dtagraítear in Airteagal 60 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.
Airteagal 24
An t-aistriú chuig buiséad ginearálta an Aontais chun oibleagáidí íocaíochta an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a chomhlíonadh
Déanfar an glanioncam ó infheistíochtaí na sócmhainní agus na méideanna airgid thirim arna nginiúint trí chuid de na sócmhainní sin nó trí iomlán na sócmhainní sin a dhíol a aistriú ó CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, ó shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach nuair is gá sin chun na hoibleagáidí íocaíochta a chomhlíonadh ón líne bhuiséid atá dírithe ar chláir thaighde d’earnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach.
Airteagal 25
Na méideanna atá fágtha
Aon mhéid nár caitheadh nó aon mhéid aisghafa a bheidh fágtha tar éis chur chun feidhme an ghlao dheireanaigh ar thograí, cuirfear ar fáil don Chiste Taighde um Ghual agus Cruach iad agus úsáidfear go heisiach iad le haghaidh taighde sna hearnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach.
Airteagal 26
Nósanna imeachta cuntasaíochta agus bainistíochta
1. Cuirfear bainistiú na gcistí san áireamh sna cuntais bhliantúla do CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, sna cuntais bhliantúla le haghaidh shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach. Bunófar na cuntais sin ar na rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 80 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, agus cuirfear i láthair iad i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta sin, agus cineál sonrach CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach á gcur san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún na cuntais a fhormheas agus déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí scrúdú orthu. Fostóidh an Coimisiún gnólachtaí seachtracha chun iniúchadh bliantúil a dhéanamh ar a chuntais.
2. I ndáil le CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach, déanfaidh an Coimisiún na hoibríochtaí bainistíochta dá dtagraítear in Airteagail 20 go 26 faoi rialacha agus nósanna imeachta inmheánacha an Choimisiúin.
3. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil mhionsonraithe bhliantúil ar na hoibríochtaí bainistíochta a dhéanfar faoi Airteagal 20 go hAirteagal 26 agus seolfaidh sé chuig na Ballstáit í. Sa tuarascáil bhliantúil sin, áireoidh an Coimisiún faisnéis faoi úsáid na gcineálacha éagsúla sócmhainní, na cúiseanna leis an rogha infheistíocht a dhéanamh i gcineálacha sonracha sócmhainní agus feidhmíocht bhreathnaithe gach cineál sócmhainní.
CAIBIDIL IV
Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha
Airteagal 27
Cinneadh maidir le cistiú tionscadal taighde áirithe a fhormheas
Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme maidir le cistiú tionscadal taighde a fhormheas, i gcás ina mbeidh méid measta ranníocaíocht an Aontais faoin gClár Taighde cothrom le EUR 5 mhilliún nó níos mó;
Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(3).
Airteagal 28
Bainistiú an Chláir Taighde agus an nós imeachta coiste
1. Déanfaidh an Coimisiún an Clár Taighde a bhainistiú. Tabharfaidh grúpaí teicniúla agus comhairleacha a bhfuil an saineolas ábhartha acu, arna mbunú le cinneadh ón gCoimisiún, cúnamh dó.
2. Tabharfaidh an Coiste um Ghual agus Cruach cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
4. I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.
Airteagal 29
Aisghairm agus bearta idirthréimhseacha
Aisghairtear Cinntí 2003/77/CE agus 2008/376/CE.
Mar sin féin, leanfaidh Cinneadh 2008/376/CE d’fheidhm a bheith aige maidir le maoiniú gníomhaíochtaí a eascraíonn as tograí arna gcur isteach le haghaidh glaonna ar thograí arna bhfoilsiú go dtí an 31 Nollaig 2026.
I gcás inar gá, is é an Coiste um Ghual agus Cruach dá dtagraítear in Airteagal 28 den Chinneadh seo a thabharfaidh faoi aon chúram eile de chuid an Choiste um Ghual agus Cruach a bunaíodh le Cinneadh 2008/376/CE a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa dara fomhír den Airteagal seo.
Airteagal 30
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2027.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 29 Meitheamh 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. MOUSHOUTTAS
(1) Tuairim an 19 Bealtaine 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Cinneadh (AE) 2026/1545 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2026 lena leagtar síos na bearta is gá chun Prótacal Uimh. 37 maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag a chur chun feidhme agus leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2003/76/CE (IO L 2026/1545, 17.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1545/oj).
(3) Cinneadh 2008/376/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2008 maidir le glacadh Chlár Taighde an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach agus maidir leis na treoirlínte teicniúla le haghaidh an chláir sin (IO L 130, 20.5.2008, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/376/oj).
(4) Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/695/oj).
(5) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
(6) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha agus tógála beostoic (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/75/oj).
(7) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/883/oj).
(8) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1995/2988/oj).
(9) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.96, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/2185/oj).
(10) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj).
(11) Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/1371/oj).
(12) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
(13) Cinneadh 2003/77/CE ón gComhairle an 1 Feabhra 2003 lena leagtar síos treoirlínte airgeadais ilbhliantúla maidir le sócmhainní CEGC faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, Sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a bhainistiú (IO L 29, 5.2.2003, lch. 25, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2003/77(1)/oj).
(14) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj).
(15) Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE (IO L, 2024/1781, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1781/oj).
(16) Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid (IO L 169, 30.6.2017, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1131/oj).
(17) Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2011/61/AE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2402/oj).
(18) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais chomhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/65/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1561/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)