This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026D1532
Decision of the EEA Joint Committee No 155/2026 of 30 April 2026 amending Annex XXI (Statistics) to the EEA Agreement [2026/1532]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 155/2026 an 30 Aibreán 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1532]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 155/2026 an 30 Aibreán 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1532]
IO L, 2026/1532, 23.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1532/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1532 |
23.7.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 155/2026
an 30 Aibreán 2026
lena leasaítear Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1532]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán (AE) 2021/1901 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le caiteachas ar chúram sláinte agus maoiniú cúraim sláinte (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 18of (Rialachán (AE) 2022/2294 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘18og. |
32021 R 1901: Rialachán (AE) 2021/1901 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le caiteachas ar chúram sláinte agus maoiniú cúraim sláinte (IO L 387, 3.11.2021, lch. 110). Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá an Rialachán oiriúnaithe mar a leanas: Cuirtear an mhír seo a leanas isteach in Airteagal 3: “Tá Lichtinstéin díolmhaithe ó na sraitheanna sonraí seo a leanas a sholáthar ar leithligh: cúram leigheasach lae (HC.1.2) agus cúram athshlánúcháin lae (HC.2.2) agus cúram fadtéarmach othar lae (HC.3.2). Cuimsítear cúram leigheasach lae (HC.1.2) i gcúram leigheasach othar seachtrach (HC.1.3), cuimsítear cúram athshlánúcháin lae (HC.2.2) i gcúram athshlánúcháin othar seachtrach (HC.2.3) agus cuimsítear cúram fadtéarmach othar lae (HC.3.2) i gcúram fadtéarmach othar seachtrach (HC.3.3). Tá Lichtinstéin díolmhaithe ó shraith sonraí HF.2.3 (Scéimeanna maoinithe fiontar) a sholáthar.”.’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2021/1901 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Aibreán 2026.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L 387, 3.11.2021, lch. 110.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1532/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)